BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Ceathrú Dlísheomra)

an 7 Aibreán 2022 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Téarmaí éagothroma i gconarthaí tomhaltóra – Treoir 93/13/CEE – Prionsabal na héifeachtachta – Prionsabal an chomhionannais – Imeachtaí breithiúnacha chun nádúr éagórach téarma chonarthaigh a shuíomh – Cumhacht athbhreithnithe as a stuaim féin ag an gcúirt náisiúnta – Nós imeachta náisiúnta um measúnú costas – Costais in‑aisíoctha maidir le táillí dlíodóirí)

I gCás C‑385/20,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Juzgado de Primera Instancia n.o 49 de Barcelona (Cúirt Chéadchéime Uimh. 49, Barcelona, an Spáinn), trí bhreith an 7 Iúil 2020, a fuarthas ag an gCúirt an 12 Lúnasa 2020, sna himeachtaí idir

EL,

TP

v

Caixabank SA,

Tugann AN CHÚIRT (an Ceathrú Dlísheomra),

Agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Jürimäe, Uachtarán an Tríú Dlísheomra, ag gníomhú mar Uachtarán den Cheathrú Dlísheomra, S. Rodin (Rapóirtéir) agus N. Piçarra, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: H. Saugmandsgaard Øe,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

EL agus TP, ag P. Gabeiras Vázquez, abogada,

Caixabank SA, ag J. Gutiérrez de Cabiedes Hidalgo de Caviedes, abogado,

Rialtas na Spáinne, ag J. Rodríguez de la Rúa Puig agus S. Centeno Huerta, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire,

an Coimisiún Eorpach, ag N. Ruiz García agus J. Baquero Cruz, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 6 Deireadh Fómhair 2021

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh seo ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO 1993 L 95, lch. 29).

2

Rinneadh an iarraidh in imeachtaí idir EL agus TP, ar thaobh amháin, agus Caixabank SA, ar an taobh eile, maidir le costais inghnóthaithe i leith táillí dlíodóirí is iníoctha tar éis imeachtaí breithiúnacha chun nádúr éagórach téarma chonarthaigh a shuíomh.

Comhthéacs dlí

Dlí an Aontais Eorpaigh

3

Sonraítear sa cheathrú haithris is fiche de Threoir 93/13 nach mór do ‘chúirteanna nó údaráis riaracháin na mBallstát modhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha a bheith ar fáil dóibh chun cosc a chur ar chur i bhfeidhm téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra’. [Aistriúchán neamhoifigiúil]

4

Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 4 den Treoir sin:

‘1.   Gan dochar d’Airteagal 7, déanfar éagothroime téarma chonarthaigh a mheasúnú, ag cur san áireamh cineál na n‑earraí nó na seirbhísí ar tugadh an conradh i gcrích ina leith agus trí thagairt a dhéanamh, tráth thabhairt i gcrích an chonartha, do na himthosca go léir maidir le tabhairt i gcrích an chonartha agus do théarmaí eile uile an chonartha nó conartha eile ar a bhfuil sé ag brath.

2.   Ní bhainfidh measúnú ar chineál éagórach na dtéarmaí leis an sainmhíniú ar phríomhábhar an chonartha ná le leordhóthanacht an phraghais agus an luacha saothair, ar thaobh amháin, i gcomparáid leis na seirbhísí nó na hearraí arna soláthar mar mhalairt air sin, ar an taobh eile, sa mhéid go bhfuil na téarmaí seo i dteanga shimplí intuigthe.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5

Foráiltear le hAirteagal 6(1) den Treoir sin:

‘Déanfaidh na Ballstáit foráil nach mbeidh téarmaí éagóracha a úsáidtear i gconradh arna chur i gcrích le tomhaltóir ag díoltóir nó ag soláthróir ina gceangal ar an tomhaltóir, amhail dá bhforáiltear faoina ndlí náisiúnta, agus go leanfaidh an conradh de bheith ina cheangal ar na páirtithe de réir na dtéarmaí sin más féidir leis leanúint de bheith ann gan na téarmaí éagóracha.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6

De réir Airteagal 7(1) de Threoir 93/13:

‘Áiritheoidh na Ballstáit, ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí agus na n‑iomaitheoirí, gurb ann do mhodhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha chun cosc a chur ar úsáid leanúnach a bhaint as téarmaí éagóracha i gconarthaí arna dtabhairt i gcrích ag díoltóirí nó ag soláthraithe le tomhaltóirí.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7

Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 8 den Treoir sin:

‘Féadfaidh na Ballstáit na forálacha is déine atá comhoiriúnach leis an gConradh sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a ghlacadh nó a choinneáil, chun an leibhéal is mó cosanta a chinntiú don tomhaltóir.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí na Spáinne

8

Foráiltear le hAirteagal 243(1) de Ley 1/2000 de Enjuiciamiento Civil (Dlí 1/2000 maidir leis an gCód um Nós Imeachta Sibhialta) an 7 Eanáir 2000 (BOE Uimh. 7, an 8 Eanáir 2000, lch. 575; ‘LEC’) go mbeidh na costais le ríomh, inter alia, ag an gcláraitheoir atá freagrach as forghníomhú an bhreithiúnais. Laghdóidh an cláraitheoir sin méid na dtáillí a ghearrfaidh dlíodóirí agus gairmithe eile nach bhfuil faoi réir scála sonrach costas i gcás ina sáraíonn méid na dtáillí sin an teorainn dá dtagraítear in Airteagal 394(3).

9

Foráiltear le hAirteagal 251(1) agus (8) de LEC:

‘Déanfar luach an éilimh a shocrú ar bhonn ús airgeadais an éilimh, a ríomhfar de réir na rialacha seo a leanas:

1.   Má éilítear suim shonraithe airgid, déanfar luach an éilimh a léiriú leis an tsuim sin, agus mura sonraítear aon suim, fiú amháin i dtéarmaí coibhneasta, measfar an t‑éileamh a bheith ar mhéid neamhshonraithe.

[…]

8.   In imeachtaí a bhaineann le hionstraim fiachais a bheith ann, lena bailíocht nó lena héifeachtúlacht, déanfar luach na hionstraime sin a léiriú leis an méid iomlán a bheidh dlite, fiú má dhéantar íocaíocht i dtráthchodanna. Beidh feidhm ag an riail luachála sin in imeachtaí a bhaineann le hionstraim fiachais nó fiachais aonair a chruthú, a leasú nó a mhúchadh, ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag riail eile atá leagtha síos san Airteagal seo.’

10

De réir Airteagal 253 de LEC:

‘1.   Léireoidh an t‑iarratasóir luach an éilimh san iarratas lena dtionscnófar imeachtaí agus tabharfaidh sé údar maith leis. Déanfar an luach sin a ríomh, ar aon chuma, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sna forálacha roimhe seo.

Ní bheidh aon athrú ar luach an éilimh nó ar an gcineál imeachtaí mar thoradh ar athrú ar luach na maoine is ábhar don díospóid, a tharlóidh tar éis don chaingean a bheith tionscanta.

2.   Léireofar luach an éilimh go soiléir agus go beacht. Féadfar, áfach, a chur in iúl i dtéarmaí coibhneasta má chruthaíonn an t‑iarratasóir go cuí go bhfuil leas airgeadais an éilimh comhionann ar a laghad leis an luach íosta a fhreagraíonn don ghnáthnós imeachta nó mura sáraíonn sé an t‑uasmhéid atá socraithe don nós imeachta achomair (juicio verbal). Ní fhéadfaidh an t‑iarratasóir in imthosca ar bith ach an cineál nós imeachta atá le leanúint a chur in iúl ná an cúram de luach an éilimh a shonrú a fhágáil don chosantóir le déanamh.

3.   Mura bhfuil an t‑iarratasóir ábalta méid an éilimh a ríomh, fiú i dtéarmaí coibhneasta, toisc nach bhfuil aon ús airgeadais ag baint le hábhar na caingne ós rud é nach féidir an t‑ús sin a ríomh de réir aon cheann de na rialacha reachtúla maidir le méid an éilimh a shonrú, nó toisc, cé go bhfuil riail um ríomh infheidhme ann, nach bhféadfaí an méid sin a chinneadh an tráth a taisceadh an chaingean, seolfar an chaingean i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le gnáthimeachtaí.’

11

Foráiltear le hAirteagal 394(3) de LEC:

‘Más rud é, faoi mhír 1 den Airteagal seo, go n‑ordaítear don pháirtí nár éirigh leis na costais a íoc, beidh de cheangal ar an bpáirtí sin an chuid de na costais a chomhfhreagraíonn do luach saothair dlíodóirí nó gairmithe eile nach bhfuil faoi réir scála costas nó táillí a íoc, gan ach suim iomlán nach mó ná trian den mhéid a bheidh i gceist sna himeachtaí, i leith gach páirtí sna himeachtaí a fuair ordú den sórt sin. Chun na gcríoch sin amháin, déanfar éilimh nach bhféadtar a méid a mheas a luacháil ag EUR 18000 mura n‑ordóidh an chúirt a mhalairt mar gheall ar chastacht an cháis.’

12

Is mar a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 411 de LEC:

‘Ní athróidh athruithe a tharlóidh tar éis imeachtaí a thionscnamh i ndáil le sainchónaí na bpáirtithe, leis an maoin atá faoi dhíospóid nó le hábhar na caingne, dlínse nó inniúlacht a chinnfear de réir na faisnéise a thabharfar ag tús na n-imeachtaí.’

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú

13

An 25 Aibreán 2008, chuir na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí agus Caixabank comhaontú iasachta i gcrích, arna urrú ag morgáiste, le haghaidh méid de EUR 159000 ainmnithe in airgeadra eachtrach.

14

In 2016, rinne na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí iarratas chuig an gcúirt a rinne an tarchur ag lorg dearbhú maidir le neamhniú páirteach an chomhaontaithe sin, ag éileamh go raibh na téarmaí maidir le haisíocaíocht in airgeadra eachtrach éagórach.

15

San iarratas sin, d’áitigh na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, cé gurbh é EUR 127 269.15 an t‑iarmhéid gan íoc ar an dáta a ndearnadh an t‑iarratas, ba cheart a mheas méid an iarratais sin a bheith mar mhéid neamhshonraithe. Ós rud é gur lorgaíodh san iarratas i gceist na téarmaí a bhaineann le haisíoc na hiasachta a chur ar neamhní, ní fhéadfaí méid iarbhír na hiasachta sin a ríomh ach amháin ag an gcéim forghníomhaithe de chinneadh trína seasann leis an iarratas sin.

16

Le breithiúnas an 29 Samhain 2018, sheas an chúirt a rinne an tarchur le hiarratas na n‑iarratasóirí sna príomhimeachtaí, ag cinneadh go raibh téarmaí an chonartha a bhain le haisíocaíocht in airgeadra eachtrach ar neamhní agus d’ordaigh sí go ndéanfaí an t‑iarmhéid gan íoc a athríomh agus an méid á chur san áireamh a bheadh íoctha cheana féin ag na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí dá mbeadh na híocaíochtaí míosúla a íocadh cheana féin íoctha in euro, agus ní in airgeadra eachtrach. Ós rud é nár éirigh le Caixabank, ordaíodh dó na costais a íoc.

17

Le cinneadh an 1 Deireadh Fómhair 2019, shocraigh an cláraitheoir luach an éilimh, maidir le costais, ag EUR 30000 chun críocha táillí dlíodóirí a ríomh, i gcomhréir le critéar 15 de threoirchritéir Bharra Barcelona (an Spáinn), agus EUR 18000 chun costais na ngníomhairí cúirte a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 394(3) de LEC. Ina theannta sin, faoin bhforáil deiridh sin, ní fhéadfar méid iomlán na dtáillí dlíodóirí a fhéadfar a mhuirearú ar an bpáirtí a ordaítear dó na costais a íoc a bheith níos mó ná aon trian de mhéid na n‑imeachtaí, is é sin le rá, sa chás seo EUR 10000, agus na gníomhairí, as a gcuid féin, faoi réir scála sonrach.

18

Thionscain na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí caingean chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh an chláraitheora an 1 Deireadh Fómhair 2019, agus is sa chomhthéacs sin a rinne an chúirt a rinne an tarchur an tarchur seo i gcomhair réamhrialú, toisc go bhfuil amhras uirthi cibé an gcomhlíontar nó nach gcomhlíontar Treoir 93/13 le reachtaíocht na Spáinne maidir le ríomh na gcostas.

19

Luann an chúirt a rinne an tarchur breithiúnas an 15 Feabhra 2011 de chuid Audiencia Provincial de Barcelona (an Chúirt Chúige, Barcelona, an Spáinn), a thagraíonn do chásdlí ábhartha an Tribunal Constitucional (an Chúirt Bhunreachtúil, an Spáinn) agus an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach, an Spáinn).

20

De réir an bhreithiúnais sin, ar an gcéad dul síos, is léir ó chásdlí socair an Tribunal Constitucional (an Chúirt Bhunreachtúil) nach féidir luach an éilimh, mar atá socraithe san iarratas, a athrú ina dhiaidh sin, lena n‑áirítear ag céimeanna ina dhiaidh sin.

21

Ar an dara dul síos, de réir an bhreithiúnais chéanna, is léir ó chásdlí socair an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach) go bhfuil luach an éilimh, in éagmais aon díospóid idir na páirtithe, le socrú go cinntitheach san iarratas agus sa chosaint, ionas nach bhféadfaidh na páirtithe an luach sin a athrú a thuilleadh i gcás caingne nó i gcás ina gcuireann siad i gcoinne ríomh na gcostas.

22

De réir na cúirte a rinne an tarchur, i gcinneadh an chláraitheora an 1 Deireadh Fómhair 2019 cuireadh cásdlí socair an Tribunal Constitucional (an Chúirt Bhunreachtúil) agus é sin den Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach) i bhfeidhm.

23

Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, áfach, go bhfuil líne eile réasúnaíochta sa chásdlí náisiúnta nach mór, dá réir, beag beann ar luach an éilimh, táillí dlíodóirí a ríomh ar bhonn a luacha airgeadais iarbhír agus an obair a dhéantar ag an ngairmí lena mbaineann. Luann sí, ina leith sin, breithiúnas ón Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach) an 5 Deireadh Fómhair 2001 (ES:TS:2001:7567).

24

Sna himthosca sin, chinn an Juzgado de Primera Instancia n.o 49 de Barcelona (an Chúirt Chéadchéime Uimh. 49, Barcelona, an Spáinn) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhair réamhrialú:

‘(1)

An bhfuil an léiriú ar Airteagail 251, 394(3) agus 411 de [LEC] atá leagtha amach i gcinneadh réasúnaithe an 1 Deireadh Fómhair 2019, arb ionann an méid atá i gceist sna himeachtaí agus leas airgeadais na díospóide agus, dá bharr sin, go laghdaítear na táillí a d’íoc an tomhaltóir lena dhlíodóir nó lena dlíodóir, ar bhonn suime seasta (EUR 18000), arna bunú sa dlí ach amháin maidir le méid nach bhféadtar a mheas agus ní méid atá neamhshonraithe, contrártha le hAirteagail 6(1) agus 7(1) de [Treoir 93/13], ós rud é nach bhféadtar leis an tomhaltóir a chur ar ais chuig an seasamh fíorasach agus dlíthiúil ina mbeadh sé nó sí mura mbeadh an téarma sin ann, cé go bhfuil, i bhfabhar an tomhaltóra, dearbhú breithiúnach go bhfuil an téarma éagórach, agus ós rud é nach gcuireann sé deireadh le ceanglas míréasúnta nós imeachta a bhaineann le teorannú costais i gcás ina n‑áiritheodh baint den sórt sin go mbeadh na modhanna an is oiriúnaí agus is éifeachtaí ag an tomhaltóir chun a chearta nó a cearta a fheidhmiú go dlisteanach?

(2)

An bhfuil Airteagal 394(3) den LEC ann féin contrártha le hAirteagail 6(1) agus 7(1) de [Treoir 93/13] agus an bhfuil sé dodhéanta nó ródheacair de bharr sin na cearta lena dtugtar do thomhaltóirí leis an treoir a fheidhmiú sa chúirt, ós rud é go gciallaíonn an teorannú a fhorchuirtear leis an airteagal sin ar thomhaltóirí, sa chiall go gcaithfidh siad cuid dá gcostais nós imeachta féin a iompar, nach bhféadtar an tomhaltóir a chur ar ais sa suíomh fíorasach agus dlíthiúil ina mbeadh sé nó sí, mura mbeadh an téarma sin ann, cé go bhfuil, i bhfabhar an tomhaltóra, dearbhú breithiúnach go bhfuil an téarma éagórach, agus ós rud é nach gcuireann sé deireadh le ceanglas míréasúnta nós imeachta a bhaineann le teorannú costais i gcás ina n‑áiritheodh baint den sórt sin go mbeadh na modhanna an is oiriúnaí agus is éifeachtaí ag an tomhaltóir chun a chearta nó a cearta a fheidhmiú go dlisteanach?’

Breithniú ar na ceisteanna a tharchuirtear

Dlínse na Cúirte

25

Cuireann Caixabank agus Rialtas na Spáinne i gcoinne dhlínse na Cúirte rialú a dhéanamh ar an dá cheist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú. Áitíonn siad, go bunúsach, nach bhfuil Treoir 93/13 is infheidhme ós rud é go bhfuil an nós imeachta maidir le scrúdú a dhéanamh ar an téarma conarthach atá i gceist sna príomhimeachtaí tugtha i gcrích cheana féin trí bhreithiúnas inar cinneadh gurb é an téarma conarthach atá i gceist sna príomhimeachtaí éagórach agus go ndéantar an iarraidh seo ar réamhrialú i gcomhthéacs imeachtaí teagmhasacha i gcomhair cánachas ar chostais agus ina dtagann an ríomh de faoi raon feidhme na reachtaíochta náisiúnta amháin.

26

Is fíor gur imeachtaí sonracha os comhair na gcúirteanna náisiúnta í an scéim um chánachas ar chostais atá i gceist sna príomhimeachtaí agus go bhfuil sí, i bprionsabal, á rialú ag dlí nós imeachta na Spáinne.

27

Mar sin féin, is léir ón ordú tarchuir go bhfuil baint intreach ag na himeachtaí um chánachas ar chostais, sa chomhthéacs ina ndearnadh an iarraidh seo ar réamhrialú, leis na himeachtaí breithiúnacha as ar tháinig cinneadh go raibh téarma conarthach éagórach, agus go bhfuil siad teagmhasach leo. Mar sin, ní féidir le Caixabank ná le Rialtas na Spáinne a mhaíomh nach bhfuil Treoir 93/13 infheidhme ós rud é gur gá a aimsiú nach bhfuil an scéim um chánachas ar chostais atá i gceist sna príomhimeachtaí de chineál a dhíspreagfaidh tomhaltóirí an ceart chun cosaint éifeachtach a fheidhmiú, lena gceanglaítear le hAirteagal 7 den Treoir sin maidir le téarmaí éagóracha conartha, mar gheall ar na costais a bheadh i gceist le caingean dlí dóibh (féach, de réir analaí, breithiúnas an 16 Iúil 2020, Caixabank agus Banco Bilbao Vizcaya Argentaria, C‑224/19 agus C‑259/19, EU:C:2020:578, míreanna 44 agus 45).

28

Sna himthosca sin, ní mór a chinneadh go bhfuil dlínse ag an gCúirt rialú a dhéanamh ar an iarraidh ar réamhrialú.

Inghlacthacht

29

Áitíonn Caixabank agus Rialtas na Spáinne freisin nach bhfuil na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú inghlactha.

30

Sa chéad áit, áitíonn siad, go bunúsach, nach bhfuil san ordú tarchuir an t‑ábhar fíorasach nó dlíthiúil is gá chun go dtabharfaidh an Chúirt freagra úsáideach ar na ceisteanna a tarchuireadh. Cuireann siad leis nach léirítear san ordú tarchuir an méid i leith táillí a d’éiligh na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí nó an tsuim a d’íoc siad go hiarbhír ina leith sin. Ós rud é gur aontaigh Caixabank suim de EUR 7018 a íoc, is é sin le rá níos mó ná an tsuim sheasta de EUR 1200 dá bhforáiltear sa chomhaontú táillí, ba cheart a mheas, dá bhrí sin, go ndearnadh na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí a aisíoc ina n‑iomláine as a gcuid costas agus ba cheart na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú a mheas mar cheisteanna hipitéiseacha.

31

Sa dara háit, áitíonn Caixabank agus Rialtas na Spáinne go bhfuil bréagnú ann maidir leis an méid a úsáidtear mar bhonn chun táillí an dlíodóra a ríomh a bhféadfaidh na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí aisíocaíocht a lorg ina leith. Chuige sin, tá difríocht idir foclaíocht na chéad cheiste agus ábhar an ordaithe tarchuir.

32

Sa tríú háit, áitíonn Rialtas na Spáinne nach bhfuil an chéad cheist inghlactha a mhéid a bhaineann sé le léiriú ar Airteagal 411 de LEC.

33

Ag an tús, ba cheart a mheabhrú gur faoin gcúirt náisiúnta amháin atá sé, ar tugadh an díospóid os a comhair agus nach mór di freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach atá le déanamh, measúnú a dhéanamh, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, ar an ngá atá leis agus ábharthacht na gceisteanna a chuireann sí faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais. Dá bhrí sin, i gcás ina mbaineann na ceisteanna a cuireadh isteach le léiriú dhlí an Aontais, tá an Chúirt faoi cheangal, i bprionsabal, rialú a dhéanamh (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, Sumal, C‑882/19, EU:C:2021:800, mír 27 agus an cásdlí dá dtagraítear).

34

Leanann sé as sin go bhfuil toimhde ábharthachta ag ceisteanna faoi léiriú ar dhlí an Aontais arna dtarchur ag cúirt náisiúnta sa chomhthéacs reachtach agus fíorasach a bhfuil an chúirt sin freagrach as a shainiú, agus nach faoin gCúirt atá sé a gcruinneas a fhíorú. Ní fhéadfaidh an Chúirt diúltú do bhreithiúnas a thabhairt ar cheist arna tarchur ag cúirt náisiúnta ach amháin nuair is léir go follasach nach bhfuil aon bhaint le fírinne nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí ag an léiriú a lorgaíodh ar dhlí an Aontais, i gcás inar fadhb hipitéiseach í, nó i gcás nach bhfuil an t‑ábhar fíorasach nó dlíthiúil ag an gCúirt is gá chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh faoina bráid (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, Sumal, C‑882/19, EU:C:2021:800, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear).

35

Ina theannta sin, i bhfianaise mheon an chomhair bhreithiúnaigh lena rialaítear an caidreamh idir cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais i gcomhthéacs imeachtaí um réamhrialú, ní gá go gciallaíonn an fíoras nach ndearna an chúirt a rinne an tarchur cinntí tosaigh áirithe go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú neamh-inghlactha, más rud é, in ainneoin na n‑easnamh sin, go measann an Chúirt, i bhfianaise na faisnéise atá sa cháschomhad, go bhfuil sí ábalta freagra úsáideach a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur (breithiúnas an 17 Deireadh Fómhair 2019, Comida paralela 12, C‑579/18, EU:C:2019:875, mír 21).

36

Sa chás seo, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, gur ardaigh an chúirt a rinne an tarchur ina cuid ceisteanna le haghaidh réamhrialú an bunús fíorasach go bhfuil na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí sa seasamh gur gá dóibh cuid de na táillí a d’éiligh a ndlíodóir a íoc, ar méid é a sháraíonn méid na dtáillí a d’aisíoc Caixabank. Dá réir sin, ní cosúil go bhfuil na ceisteanna a tharchuirtear hipitéiseach.

37

Ina theannta sin, cé nach bhfuil an fhianaise ar fad dá dtagraíonn Caixabank curtha in iúl ag an gcúirt náisiúnta, is leor an cur síos ar na fíorais atá leagtha amach san ordú tarchuir ionas go bhféadfaidh an Chúirt freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú. Mar sin, sonraíonn an chúirt sin, inter alia, an dochar airgeadais a d’fhulaing na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí tríd an scéim um chánachas ar chostas atá i gceist sna príomhimeachtaí a chur i bhfeidhm.

38

Ina theannta sin, mar a shonraítear i mír 34 den bhreithiúnas láithreach, ní mór don Chúirt a chur san áireamh, faoin deighilt dlínse idir Cúirteanna an Aontais agus na cúirteanna náisiúnta, an comhthéacs fíorasach agus reachtach mar atá leagtha amach san ordú tarchuir na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú. Dá bhrí sin, beag beann ar an gcáineadh a rinne Caixabank agus Rialtas na Spáinne ar na cinntí fíorasacha de chuid na cúirte a rinne an tarchur, ní mór scrúdú a dhéanamh ar an tarchur láithreach i gcomhair réamhrialú a scrúdú ar bhonn na gcinntí sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Márta 2020, A.P. (Bearta promhaidh), C‑2/19, EU:C:2020:237, mír 27 agus an cásdlí dá dtagraítear).

39

Ar an dara dul síos, cé go bhfuil bréagnú ann maidir leis an méid atá mar bhonn chun táillí na ndlíodóirí a ríomh ar féidir leis na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí aisíocaíocht a fháil ina leith, níl an méid sin cinntitheach chun an cheist a fhreagairt maidir le cibé ar gá Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar chur i bhfeidhm na scéime um chánachas ar chostais atá i gceist sna príomhimeachtaí.

40

Ar an tríú dul síos, maidir leis na hargóintí a chuir Rialtas na Spáinne mar thaca le doghlacthacht na chéad cheiste a mhéid a bhaineann sé le hAirteagal 411 de LEC, is cosúil, mar a shonraigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 28 dá Thuairim, go mbaineann siad leis an tsubstaint agus ní le hinghlacthacht.

41

I bhfianaise an mhéid thuasluaite, ní mór a chinneadh go bhfuil na ceisteanna a tharchuirtear i gcomhair réamhrialú inghlactha.

Substaint an cháis

An dara ceist

42

Lena dara ceist, arb iomchuí í a scrúdú ar dtús, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na héifeachtúlachta, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena ndéantar foráil, i gcomhthéacs cánachas ar chostais a bhaineann le caingean maidir le héagothroime téarma chonarthaigh, d’uasteorainn is infheidhme maidir le táillí na ndlíodóirí atá inghnóthaithe ag tomhaltóir ar éirigh leis ar thuillteanas ón díoltóir nó ón soláthróir ar ordaíodh dó na costais a íoc.

43

Mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú nach mór a mheas nach raibh téarma conarthach ar cinneadh gur téarma éagórach, i bprionsabal, riamh ann, ionas nach mbeidh aon éifeacht aige ar an tomhaltóir. Dá bhrí sin, ní mór go mbeadh de thoradh ar chinneadh cúirte go bhfuil téarma den sórt sin éagórach, i bprionsabal, go gcuirfí an tomhaltóir ar ais chuig an staid dhlíthiúil agus fhíorasach ina mbeadh sé nó sí mura mbeadh an téarma éagórach sin ann (breithiúnas an 21 Nollaig 2016, Gutiérrez Naranjo agus páirtithe eile, C‑154/15, C‑307/15 agus C‑308/15, EU:C:2016:980, mír 61).

44

Ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcás na bpríomhimeachtaí, gur dearbhaíodh gur éagórach é téarma an chonartha a bhaineann le haisíocaíocht na hiasachta in airgeadra eachtrach ar iarr na tomhaltóirí lena mbaineann a chur ar neamhní, agus gur ordaíodh don bhanc i gceist an t‑iarmhéid gan íoc a athríomh, ag cur san áireamh an méid a bheadh íoctha acu cheana féin dá mbeadh na híocaíochtaí míosúla a íocadh cheana féin íoctha in euro, agus ní in airgeadra eachtrach. Dá bhrí sin, maidir leis an iasacht a thug na tomhaltóirí lena mbaineann i gcrích, féadfar a mheas, de réir bhrí chásdlí na Cúirte, gur tugadh ar ais na tomhaltóirí sin don staid dhlíthiúil agus fhíorasach ina mbeidís ann in éagmais an téarma a bheith dearbhaithe mar théarma éagórach.

45

Sa chás seo, áfach, is maidir le cánachas ar chostais, atá ina ábhar d’imeachtaí teagmhasacha, a fhiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur cibé an bhfuil an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir le hAirteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13 comhoiriúnach leis an treoir sin.

46

Ba cheart a thabhairt faoi deara, chuige sin, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 51 dá Thuairim, gur rialacha nós imeachta iad na rialacha a bhaineann le cánachas ar chostais in imeachtaí sibhialta, maidir le costais a bhaineann le himeachtaí ina n‑iarrtar dearbhú go bhfuil téarma conarthach éagórach, nach bhfuil leagtha síos i dTreoir 93/13.

47

Chuige sin, chinn an Chúirt, in éagmais reachtaíocht shonrach AE sa réimse seo, gur ábhar iad na rialacha lena gcuirtear chun feidhme cosaint tomhaltóirí, dá bhforáiltear in Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13, le haghaidh ord dlíthiúil intíre na mBallstát, i gcomhréir le prionsabal uathriail nós imeachta na mBallstát sin. Mar sin féin, ní fhéadfadh na rialacha sin a bheith níos lú fabhar ná iad siúd lena rialaítear caingne náisiúnta comhchosúla (prionsabal na coibhéise) ná ní fhéadfar iad a chumadh ar bhealach a bhfágann go mbeadh sé dodhéanta nó ródheacair na cearta a thugtar le dlí an Aontais a fheidhmiú (prionsabal na héifeachtachta). Dá réir sin, tagann dámhachtain chostais imeachtaí breithiúnacha os comhair na gcúirteanna náisiúnta faoi uathriail nós imeachta na mBallstát, faoi réir prionsabail na coibhéise agus na héifeachtúlachta a chomhlíonadh (breithiúnas an 16 Iúil 2020, Caixabank agus Banco Bilbao Vizcaya Argentaria, C‑224/19 agus C‑259/19, EU:C:2020:578, míreanna 83 agus 95 agus an cásdlí dá dtagraítear).

48

Maidir le prionsabal na héifeachtachta, atá ann féin i gceist sna príomhimeachtaí, chinn an Chúirt cheana féin nach mór anailís a dhéanamh ar gach cás ina n‑eascraíonn an cheist i dtaobh an bhfágann foráil nós imeachta náisiúnta go mbeadh sé dodhéanta nó ródheacair dlí an Aontais a chur i bhfeidhm trí thagairt a dhéanamh do ról na forála sin sa nós imeachta ina iomláine, do sheoladh an nós imeachta sin agus dá ghnéithe sonracha, arna meas ina n‑iomláine, os comhair na gcúirteanna agus na n‑údarás éagsúil náisiúnta. Sa chomhthéacs sin, is gá a chur san áireamh, i gcás inarb ábhartha, na prionsabail atá mar bhunús leis an gcóras dlí náisiúnta, amhail cearta na cosanta a chosaint, prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus seoladh cuí na n‑imeachtaí (breithiúnas an 26 Meitheamh 2019, Addiko Bank, C‑407/18, EU:C:2019:537, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear).

49

Sa chás seo, le Treoir 93/13 tugtar an ceart do thomhaltóirí iarratas a dhéanamh chuig cúirt chun téarma conarthach a dhearbhú a bheith éagórach agus neamhfheidhmithe. Mar sin féin, chinn an Chúirt gur dócha go ndíspreagfaí tomhaltóirí ón gceart sin a fheidhmiú má dhéantar cinneadh maidir le costais a dhámhachtain in imeachtaí den sórt sin ag brath go heisiach ar an méid a íocadh go míchuí agus nach mór a aisíoc, i bhfianaise na gcostas a bheadh i gceist le caingean dlí. Bhain sí de thátal as nach mór Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) den Treoir sin agus prionsabal na héifeachtachta a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar chóras trína bhféadfar a fhorchur ar an tomhaltóir cuid de chostais na n‑imeachtaí a íoc ag brath ar leibhéal na suimeanna míchuí ar íocadh go míchuí a aisíoctar leis nó léi tar éis cinneadh a dhéanamh go bhfuil téarma conarthach ar neamhní mar gheall go bhfuil sé éagórach, ós rud é go gcruthaítear le córas den sórt sin bac substaintiúil ar dóigh dó go ndíspreagfaí tomhaltóirí an ceart a fheidhmiú chun athbhreithniú breithiúnach éifeachtach ar an éagothroime féideartha de théarmaí conarthacha amhail na téarmaí a thugtar leis an Treoir sin (breithiúnas an 16 Iúil 2020, Caixabank agus Banco Bilbao Vizcaya Argentaria, C‑224/19 agus C‑259/19, EU:C:2020:578, míreanna 98 agus 99 agus an cásdlí dá dtagraítear).

50

Mar sin féin, is gá idirdhealú a dhéanamh idir an staid dhlíthiúil sin agus an staid, amhail sa chás sna príomhimeachtaí ina n‑íocann an díoltóir nó an soláthróir a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích aige leis an tomhaltóir a fuair an neamhniú de théarma éagórach na costais go heisiach, ach le teorainn, arna chinneadh ag luach na díospóide, ar uasmhéid na gcostas a fhéadfaidh an tomhaltóir sin a fháil ón bpáirtí eile sa chonradh.

51

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 52 dá Thuairim, ní chuirtear cosc le prionsabal na héifeachtachta, go ginearálta, ar thomhaltóir costais áirithe dlí a thabhú nuair a thionscnaíonn sé nó sí imeachtaí maidir le dearbhú go bhfuil téarma conarthach éagórach. Ina theannta sin, is doshéanta gurb ionann táillí dlíodóirí go ginearálta agus cuid mhór de na costais arna dtabhú ag an tomhaltóir i gcomhthéacs imeachtaí cúirte (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Iúil 2016, United Video Properties, C‑57/15, EU:C:2016:611, mír 22).

52

Dá bhrí sin, i bprionsabal, níl sé contrártha le prionsabal na héifeachtachta mura n‑aisíocann an páirtí nár éirigh leis an tomhaltóir ar éirigh leis, as táillí uile an dlíodóra a d’íoc sé nó sí.

53

Ós rud é gur roghnaigh an tomhaltóir an dlíodóir a bhfuil a chosaint nó a cosaint faoina chúram, agus gur chomhaontaigh sé leis nó léi na táillí a bheadh sé nó sí i dteideal a fháil, ní fhéadtar a chur as an áireamh go bhféadfadh na táillí cúirte sin a bheith iomarcach mar gheall ar tháillí arda neamhghnácha idir an páirtí rathúil agus a dhlíodóir nó dlíodóir. Sa chomhthéacs sin, d’aithin an Chúirt go bhféadfaí, i bprionsabal, go mbeadh údar maith le reachtaíocht lena ndéantar foráil maidir le ráta comhréidh ar tháillí dlíodóir a aisíoc, ar choinníoll go bhfuil sé beartaithe réasúntacht na gcostas atá le haisíoc a áirithiú, agus fachtóirí á gcur san áireamh, amhail ábhar na n‑imeachtaí, an tsuim atá i gceist, nó an obair atá le déanamh chun ionadaíocht a dhéanamh don chliant lena mbaineann (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Iúil 2016, United Video Properties, C‑57/15, EU:C:2016:611, mír 25).

54

Chuige sin, ba cheart a chur in iúl, mar sin féin, go bhféadfaí de bharr socruithe nós imeachta as a n‑eascraíonn costais ró-ard ar an tomhaltóir go ndíspreagfaí an tomhaltóir sin ó imeachtaí dlí a thionscnamh, ag féachaint do na costais a bheadh i gceist le himeachtaí dlí i ndáil le méid an fhiachais atá faoi dhíospóid, nó cosaint chuí dá chearta nó dá cearta os comhair na cúirte ar thug an díoltóir nó an soláthraí imeachtaí os a comhair (féach, chuige sin, breithiúnais an 13 Meán Fómhair 2018, Profi Credit Polska, C‑176/17, EU:C:2018:711, mír 69, agus an 3 Aibreán 2019, Aqua Med, C‑266/18, EU:C:2019:282, mír 54).

55

Ní mór, dá bhrí sin, gurb ionann na táillí cúirte nach mór don tomhaltóir ar éirigh leis a bheith ábalta aisíocaíocht a fháil ina leith, ón bpáirtí nár éirigh leis, agus méid leordhóthanach i ndáil le costas iomlán na n‑imeachtaí cúirte ionas nach mbeidh aon éifeacht dhíspreagthach ann don tomhaltóir sin dul i muinín cosaint dhlíthiúil a thugtar dó nó di le Treoir 93/13.

56

Is faoi na Ballstáit, dá bhrí sin, a leagan amach, i gcomhthéacs a n‑uathrialach nós imeachta, scéim chun táillí dlíodóirí a aisíoc, lena n‑áirítear teorainn leis an méid atá le híoc ag an díoltóir nó ag an soláthróir ar ordaíodh dó na costais a íoc, teorainn lena ligtear don tomhaltóir na costais a thabhaigh sé nó sí a aisíoc suas go dtí méid réasúnta atá comhréireach le costas na n‑imeachtaí dlí a bhaineann le héagothroime téarma chonarthaigh.

57

Is faoin gcúirt náisiúnta atá sé a aimsiú an amhlaidh atá sa chás sna príomhimeachtaí.

58

I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, is é an freagra ar an dara ceist nach mór Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na héifeachtúlachta, a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc ar reachtaíocht lena bhforáiltear, i gcomhthéacs cánachas costas i ndáil le himeachtaí a bhaineann le héagothroime téarma chonarthaigh, d’uasteorainn is infheidhme maidir le táillí dlíodóirí inghnóthaithe ag an tomhaltóir ar éirigh leis sa chás ón díoltóir nó ón soláthróir ar ordaíodh dó na costais a íoc, ar choinníoll go gceadaítear leis an uasteorainn sin don tomhaltóir, ina leith sin, méid réasúnach comhréireach a fháil ar ais maidir leis na costais a bhí air nó uirthi a thabhú go hoibiachtúil chun caingean den sórt sin a thionscnamh.

An chéad cheist

59

Lena céad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na héifeachtúlachta, le léiriú sa chaoi go gcuirtear bac ar reachtaíocht náisiúnta nach mór faoina gcaithfear luach an éilimh, arb é an bonn chun na costais atá inghnóthaithe ag an tomhaltóir a n‑éireoidh leis i gcaingean a bhaineann le téarma éagórach conarthach a ríomh, a chinneadh san iarraidh nó, mar mhalairt air sin, atá socraithe leis an reachtaíocht sin, gan é a bheith indéanta an fhaisnéis sin a mhodhnú ina dhiaidh sin.

60

Ba cheart a thabhairt faoi deara, sa chéad áit, de réir an chomhaid atá ar fáil don Chúirt, sonraítear sna rialacháin náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, nach féidir leis an méid atá le haisíoc, go háirithe maidir le táillí dlíodóirí, ón bpáirtí ar ordaíodh dó na costais a íoc, a bheith níos mó ná aon trian de luach an éilimh. Faoi Airteagal 253 de LEC, ní mór an méid sin a lua san iarraidh lena dtionscnaítear imeachtaí. Ina theannta sin, leanann sé ó Airteagal 251 de LEC, má éilítear suim airgid, go measfar, mura bhfuil an tsuim sin sonraithe, luach an éilimh a bheith ar mhéid neamhshonraithe. Ar deireadh, foráiltear le hAirteagal 394(3) de LEC, chun críocha an tsuim a ríomh a cheanglófar ar an bpáirtí, ar ordaíodh dó na costais a íoc, a íoc ach amháin i leith táillí dlíodóra, go ndéanfar éilimh nach féidir a méid a mheas a luacháil ag EUR 18000 mura n‑ordaíonn an chúirt a mhalairt mar gheall ar chastacht an cháis.

61

Maidir leis an bhforáil dheiridh sin, ní mór a thabhairt faoi deara, dá bhrí sin, nach cosúil go bhfuil luach an éilimh socraithe ós rud é go bhféadfaidh cláraitheoir na cúirte inniúla agus leis an mbreitheamh atá freagrach ar deireadh as cáin a ghearradh ar chostais é a mhodhnú, de bharr chastacht an cháis atá i gceist. Chuige sin, is léir ón bhfaisnéis san ord tarchuir, cé nár luaigh na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí luach an éilimh ina n‑iarratas, gur socraíodh ina dhiaidh sin, sna himeachtaí um chánachas teagmhasach ar chostais, ag EUR 30000.

62

Sa dara háit, mar atá curtha in iúl cheana i mír 48 den bhreithiúnas seo, déantar measúnú ar chosaint na gceart arna bhfáil ag an tomhaltóir ó Threoir 93/13 i bhfianaise phrionsabal na héifeachtachta, agus déantar anailís ar urramú na cosanta sin ag na Ballstáit, inter alia, agus prionsabal na deimhneachta dlíthiúla á chur san áireamh.

63

Is dealraitheach go bhfuil luach an éilimh, arna chinneadh a luaithe a thaisctear an t‑iarratas lena dtionscnaítear imeachtaí, i gcomhréir le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla sa mhéid is, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 76 dá Thuairim, go gcuirtear ar chumas na bpáirtithe sna himeachtaí le cinneadh den sórt sin a aimsiú, a luaithe a dhéanfar an t‑iarratas sin, costas airgeadais ionchasach na n‑imeachtaí.

64

Ina theannta sin, maidir le méid na gcostas a bhféadfaidh an tomhaltóir aisíocaíocht a lorg ina leith, maidir leis na táillí dlíodóirí arna dtabhú, ón bpáirtí nár éirigh leis, ní dhealraíonn sé go bhfuil sé contrártha le prionsabal na héifeachtachta, i gcomhréir le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, go bhforáiltear leis an reachtaíocht náisiúnta nach bhféadfar luach an éilimh a athrú le linn na n‑imeachtaí cúirte, ós rud é go bhfuil sé riachtanach ag deireadh na n‑imeachtaí a áirithiú go n‑aisíocfar go hiarbhír na costais a thabhaíonn an tomhaltóir, ag cur san áireamh méid na dtáillí a fhéadfaidh an tomhaltóir, i bhfianaise an luacha a shanntar don éileamh, a lorg ar aisíocaíocht ón díoltóir nó ón soláthróir ar ordaíodh dó na costais a íoc.

65

Chuige sin, tá sé curtha in iúl cheana féin i míreanna 62 agus 64 den bhreithiúnas seo nach mór éifeachtacht na cosanta atá beartaithe le Treoir 93/13 a ráthú trína áirithiú go n‑aisíoctar tomhaltóirí as na costais a thabhaigh siad suas go dtí méid réasúnta atá comhréireach le costas táillí dlíodóirí in imeachtaí breithiúnacha ina n‑iarrtar cinneadh go bhfuil téarma conarthach éagórach. Is faoin gcúirt náisiúnta, dá bhrí sin, atá freagrach ar deireadh as cánachas ar chostais a dheimhniú di féin nach bhfágann na rialacha náisiúnta atá i gceist go bhfuil sé dodhéanta nó ródheacair do thomhaltóirí a gcearta a fheidhmiú faoin Treoir sin.

66

Sa chás seo, is gnách go léiríonn socrú luach na díospóide ag EUR 30000 agus costais á measúnú go bhfuil an lánrogha is gá ag cláraitheoir na cúirte inniúla, faoi rialú an bhreithimh atá freagrach ar deireadh, chun measúnú a dhéanamh ar luach an éilimh lena mbaineann agus an teorainn reachtúil do na costais in‑aisghabhála mar aon trian den luach sin á cur san áireamh. Is faoin mbreitheamh náisiúnta atá freagrach ar deireadh as cánachas ar chostas a dheimhniú di féin, agus na ríomhanna sin á ndéanamh aici, go gcomhfhreagraíonn na costais nach mór a aisíoc go hiarbhír i bhfianaise na teorann reachtúla sin do mhéid réasúnach atá comhréireach leis na táillí dlíodóirí a bhí ar an tomhaltóir a thabhú go hoibiachtúil chun an chaingean i gceist a thionscnamh.

67

I bhfianaise na mbreithnithe thuasluaite, is é an freagra ar an gcéad cheist nach mór Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na héifeachtúlachta, a léiriú sa chaoi nach gcuirtear bac ar reachtaíocht náisiúnta nach mór faoina gcaithfear luach an éilimh, arb é an bonn chun na costais atá inghnóthaithe ag an tomhaltóir a n‑éireoidh leis i gcaingean a bhaineann le téarma éagórach conarthach a ríomh, a chinneadh san iarraidh nó, mar mhalairt air sin, atá socraithe leis an reachtaíocht sin, gan é a bheith indéanta an fhaisnéis sin a mhodhnú ina dhiaidh sin, ar choinníoll go bhfanann an chúirt atá freagrach, sa deireadh, as na costais a ghearradh saor chun fíorluach na díospóide a chinneadh don tomhaltóir trína chinntiú go mbainfidh sé leas as an gceart chun méid réasúnach comhréireach a aisíoc i ndáil leis na costais a bhí air a thabhú go hoibiachtúil chun caingean den sórt sin a thionscnamh.

Costais

68

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Ceathrú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Ní mór Airteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na héifeachtachta, a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc ar reachtaíocht lena bhforáiltear, i gcomhthéacs cánachas costas i ndáil le himeachtaí a bhaineann le héagothroime téarma chonarthaigh, d’uasteorainn is infheidhme maidir le táillí dlíodóirí inghnóthaithe ag an tomhaltóir ar éirigh leis sa chás ón díoltóir nó ón soláthróir ar ordaíodh dó na costais a íoc, ar choinníoll go gceadaítear leis an uasteorainn sin don tomhaltóir, ina leith sin, méid réasúnach comhréireach a fháil ar ais maidir leis na costais a bhí air nó uirthi a thabhú go hoibiachtúil chun caingean den sórt sin a thionscnamh.

 

2.

Ní mór Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na héifeachtúlachta, a léiriú sa chaoi nach gcuirtear bac ar reachtaíocht náisiúnta nach mór faoina gcaithfear luach an éilimh, arb é an bonn chun na costais atá inghnóthaithe ag an tomhaltóir a n‑éireoidh leis i gcaingean a bhaineann le téarma éagórach conarthach a ríomh, a chinneadh san iarraidh nó, mar mhalairt air sin, atá socraithe leis an reachtaíocht sin, gan é a bheith indéanta an fhaisnéis sin a mhodhnú ina dhiaidh sin, ar choinníoll go bhfanann an chúirt atá freagrach, sa deireadh, as na costais a ghearradh saor chun fíorluach na díospóide a chinneadh don tomhaltóir trína chinntiú go mbainfidh sé leas as an gceart chun méid réasúnach comhréireach a aisíoc i ndáil leis na costais a bhí air a thabhú go hoibiachtúil chun caingean den sórt sin a thionscnamh.

 

[Sínithe]


( *1 ) Teanga an cháis: an Spáinnis.