BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

20 Meán Fómhair 2022 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú — Margadh aonair le haghaidh seirbhísí airgeadais — Drochúsáid mhargaidh — Déileáil chos istigh — Treoir 2003/6/CE — Airteagal 12(2)(a) agus (d) — Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 — Airteagal 23(2)(g) agus (h) — Cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin an Autorité des marchés financiers (AMF) — Cuspóir leasa ghinearálta maidir le sláine na margaí airgeadais agus muinín an phobail sna hionstraimí airgeadais a chosaint — An deis ag AMF sonraí tráchta atá i seilbh oibreora seirbhísí cumarsáide leictreonaí a éileamh — Sonraí pearsanta a phróiseáil san earnáil cumarsáide leictreonaí — Treoir 2002/58/CE — Airteagal 15(1) — Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh — Airteagail 52(1), 7, 8 agus 11— Rúndacht na cumarsáide — Teorainneacha — Reachtaíocht lena bhforáiltear do shonraí tráchta a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ag oibreoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí — An deis ag cúirt náisiúnta teorainn a chur leis na héifeachtaí ama ar dhearbhú go bhfuil reachtaíocht náisiúnta ar neamhréir le dlí an Aontais neamhbhailí — Toirmeasc)

I gCásanna Uamtha C‑339/20 agus C‑397/20,

IARRATAÍ ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Cour de cassation (an Chúirt Achomhairc, an Fhrainc), trí bhreitheanna an 1 Aibreán 2020, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais an 24 Iúil 2020 agus an 20 Lúnasa 2020 faoi seach, sna himeachtaí coiriúla i gcoinne

VD (C‑339/20),

SR (C‑397/20),

tugann an CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, S. Rodin, I. Jarukaitis agus I. Ziemele, Uachtaráin ar Dhlísheomra, T. von Danwitz, M. Safjan, F. Biltgen, P. G. Xuereb (Rapóirtéir), N. Piçarra, L. S. Rossi agus M. A. Kumin, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Campos Sánchez-Bordona,

Cláraitheoir: R. Şereş, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 14 Meán Fómhair 2021,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

VD, ag D. Foussard agus F. Peltier, avocats,

SR, ag M. Chavannes agus P. Spinosi, avocats,

Rialtas na Fraince, ag A. Daniel, E. De Moustier, D. Dubous, J. Illouz agus T. Stéhelin, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Danmhairge, ag N. Holst‑Christensen, N. Lykkegaard agus M. Søndahl Wolff, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na hEastóine, ag A. Kalbus agus M. Kriisa, i gcáil Gníomhairí,

Éire, ag M. Browne, A. Joyce agus J. Quaney, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó D. Fennelly, BL,

Rialtas na Spáinne, ag L. Aguilera Ruiz, i gcáil Gníomhaire,

Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire,

Rialtas na Portaingéile, ag P. Barros da Costa, L. Inez Fernandes, L. Medeiros agus I. Oliveira i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag S. L. Kalėda, H. Kranenborg, T. Scharf agus F. Wilman, i gcáil Gníomhairí,

Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí, ag A. Buchta, M. M. Guglielmetti, C.-A. Mamier agus D. Nardi, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 18 Samhain 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann na hiarrataí ar réamhrialú, go bunúsach, le léiriú ar Airteagal 12(2)(a) agus (d) de Threoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (drochúsáid mhargaidh) (IO 2003 L 96, lch. 16) agus ar Airteagal 23(2)(g) agus (h) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an Rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO 2014 L 173, lch. 1), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint phríobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO 2002 L 201, lch. 37), arna leasú ag Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 (IO 2009 L 337, lch. 11) (“Treoir 2002/58”), arna léamh i bhfianaise Airteagail 52(1), 7, 8 agus 11 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”).

2

Rinneadh na hiarrataí in imeachtaí coiriúla idir VD agus SR maidir le déileáil chos istigh, le déileáil chos istigh a cheilt, le comhpháirteachas, le héilliú agus le sciúradh airgid.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

Treoir 2002/58

3

Leagtar amach in aithrisí 2, 6, 7 agus 11 de Threoir 2002/58:

“(2)

Leis an Treoir seo, féachtar leis na cearta bunúsacha a urramú agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe [sa Chairt]. Go háirithe, leis an Treoir seo féachtar le hurraim iomlán do na cearta atá leagtha amach in Airteagail 7 agus 8 [den Chairt] a áirithiú.

[...]

(6)

Tá struchtúir thraidisiúnta an mhargaidh á dtiontú bun os cionn ag an Idirlíon trí bhonneagar coiteann domhanda a chur ar fáil chun réimse leathan seirbhísí leictreonacha a sholáthar. Tá deiseanna nua d’úsáideoirí ann mar thoradh ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí ach tá rioscaí ann freisin maidir lena sonraí pearsanta agus a bpríobháideachas.

(7)

I gcás líonraí cumarsáide poiblí, ba cheart forálacha sonracha dlíthiúla, rialála agus teicniúla a dhéanamh d’fhonn cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha agus leasanna dlisteanacha daoine dlítheanacha a chosaint, go háirithe i ndáil le hacmhainn na stórála uathoibrithe agus na próiseála sonraí a bhaineann le síntiúsóirí agus úsáideoirí.

[...]

(11)

Amhail Treoir [95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO 1995 L 281, lch. 31)], ní thugann an Treoir seo aghaidh ar shaincheisteanna maidir le cosaint na gceart agus saoirsí bunúsacha a bhaineann le gníomhaíochtaí nach rialaítear faoi dhlí an Chomhphobail. Dá bhrí sin, ní athraíonn sí an chothromaíocht reatha idir ceart an duine aonair chun saol príobháideach agus an fhéidearthacht do na Ballstáit na bearta dá dtagraítear in Airteagal 15(1) den Treoir seo a dhéanamh, bearta atá riachtanach maidir leis an tslándáil phoiblí, an chosaint, slándáil an Stáit (lena n‑áirítear rathúnas eacnamaíoch an Stáit nuair a bhaineann na gníomhaíochtaí le hábhair slándála an Stáit) agus forfheidhmiú an dlí choiriúil a chosaint. Dá bharr sin, ní imrítear tionchar leis an Treoir seo ar chumas na mBallstát idircheapadh dleathach a dhéanamh ar chumarsáid leictreonach nó bearta eile a dhéanamh, más gá chun na gcríoch sin agus i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint [arna shíniú sa Róimh an4 Samhain 1950, arna léiriú ag na rialuithe ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine. Ní mór bearta den sórt sin a bheith cuí, go hiomlán comhréireach leis an gcuspóir atá beartaithe agus riachtanach laistigh de shochaí dhaonlathach agus ba cheart dóibh a bheith faoi réir cosaintí leordhóthanacha i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4

Foráiltear le hAirteagal 1 de Threoir 2002/58, dar teideal “Raon feidhme agus aidhm” [Aistriúchán neamhoifigiúil]:

“1.   Comhchuibhítear leis an Treoir seo na forálacha sin de chuid na mBallstát is gá chun leibhéal coibhéiseach cosanta do chearta agus do shaoirsí bunúsacha a áirithiú, go háirithe an ceart chun saol príobháideach, maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil in earnáil na cumarsáide leictreonaí agus saorghluaiseacht na sonraí den sórt sin agus trealamh agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a áirithiú sa Chomhphobal.

2.   Sonrú agus comhlánú ar Threoir [95/46] atá i bhforálacha na Treorach seo chun na gcríoch a luaitear i mír 1. Thairis sin, déantar foráil leo do chosaint leasanna dlisteanacha síntiúsóirí ar daoine dlítheanacha iad.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le gníomhaíochtaí atá lasmuigh de raon feidhme [CFAE], amhail iad siúd a chumhdaítear faoi Theideal V agus Teideal VI den Chonradh ar an [Aontas], agus le gníomhaíochtaí, i gcás ar bith, a bhaineann le slándáil phoiblí, cosaint, slándáil Stáit (lena n‑áirítear rathúnas eacnamaíoch an Stáit nuair a bhaineann na saincheisteanna le cúrsaí slándála an Stáit) agus gníomhaíochtaí an Stáit i réimsí an dlí choiriúil.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5

Foráiltear mar a leanas sa dara fomhír d’Airteagal 2(b) den Treoir sin, dar teideal “Sainmhínithe” [Aistriúchán neamhoifigiúil]:

“Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas […]:

[...]

(b) ciallaíonn “sonraí tráchta” aon sonraí a dhéantar a phróiseáil chun cumarsáid a iompar ar líonraí cumarsáide leictreonaí nó chun críoch billeála.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6

De réir Airteagal 5 den Treoir chéanna, dar teideal “Rúndacht na cumarsáide” [Aistriúchán neamhoifigiúil]:

“1.   Áiritheoidh na Ballstáit rúndacht na cumarsáide agus na sonraí gaolmhara tráchta trí mheán líonra cumarsáide poiblí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal, trí reachtaíocht náisiúnta. Go háirithe, cuirfidh siad toirmeasc ar éisteacht, cúléisteacht, stóráil nó cineálacha eile idircheaptha nó faireachais ar chumarsáid agus na sonraí gaolmhara tráchta ag daoine seachas na húsáideoirí, gan toiliú ó na húsáideoirí lena mbaineann, ach amháin nuair a údaraítear déanamh amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 15(1). Ní chuirfidh an mhír seo cosc ar stóráil theicniúil atá riachtanach chun cumarsáid a iompar gan dochar do phrionsabal na rúndachta.

2.   Ní dhéanfaidh mír 1 difear d’aon taifeadadh arna údarú go dlíthiúil ar chumarsáid agus ar na sonraí tráchta lena mbaineann, sa chás ina dhéanfar a leithéid mar chuid de chleachtas gnó dleathach, ar mhaithe le fianaise idirbhearta tráchtála nó fianaise cumarsáide tráchtála eile a sholáthar.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit nach gceadófar stóráil faisnéise, nó rochtain ar fhaisnéis atá stóráilte cheana, i dtrealamh teirminéil an úsáideora ach amháin ar choinníoll go bhfuil toiliú tugtha ag an síntiúsóir nó an úsáideoir tar éis dó faisnéis shoiléir, chuimsitheach, i gcomhréir le Treoir [95/46], a fháil inter alia faoi chuspóirí na próiseála. Ní chuirfí cosc leis sin ar stóráil nó ar rochtain theicniúil chun tarchur cumarsáide a dhéanamh nó a éascú thar líonraí cumarsáide leictreonaí, nó de réir mar is gá d’fhonn seirbhís na sochaí faisnéise arna hiarraidh go sainráite ag an síntiúsóir nó ag an úsáideoir a sholáthar, agus ar an mbonn sin amháin.”

7

Foráiltear mar a leanas in Airteagal 6 de Threoir 2002/58, dar teideal “Sonraí tráchta” [Aistriúchán neamhoifigiúil]:

“1.   Ní mór sonraí tráchta a bhaineann le síntiúsóirí agus úsáideoirí arna stóráil ag soláthraí líonra cumarsáide poiblí nó seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal a scriosadh nó a choinneáil anaithnid nuair nach bhfuil gá leo a thuilleadh chun cumarsáid a tharchur gan dochar do mhíreanna 2, 3 agus 5 den Airteagal seo agus d’Airteagal 15(1).

2.   Féadfar próiseáil a dhéanamh ar shonraí tráchta atá riachtanach chun críoch billeála nó íocaíochtaí idirnaisc ón síntiúsóir. Ceadaítear próiseáil den chineál sin go dtí deireadh na tréimhse lena linn ar féidir agóid a dhéanamh i gcoinne an bhille nó íocaíocht a shaothrú lena linn.

3.   D’fhonn seirbhísí cumarsáide leictreonaí a mhargú nó seirbhísí breisluacha a sholáthar, féadfaidh soláthraí seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a phróiseáil a mhéid is gá do sheirbhísí nó margú den chineál sin agus ar feadh na tréimhse sin, má tá toiliú tugtha ag an síntiúsóir nó ag an úsáideoir lena mbaineann na sonraí. Tabharfar an deis d’úsáideoirí nó do shíntiúsóirí a dtoiliú chun sonraí a phróiseáil a tharraingt siar aon am.

[...]

5.   Ní mór próiseáil sonraí tráchta, i gcomhréir le míreanna 1, 2, 3 agus 4 a shrianadh do dhaoine a ghníomhaíonn faoi údarás soláthraithe líonraí cumarsáide poiblí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí atá freagrach as cúrsaí billeála, bainistíocht tráchta, ceisteanna ó chustaiméirí a fhreagairt, seirbhísí cumarsáide leictreonaí a mhargú nó seirbhís breisluacha a sholáthar; ní mór an phróiseáil sin a shrianadh don mhéid is gá chun críoch gníomhaíochtaí den chineál sin.

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8

Foráiltear mar a leanas in Airteagal 9(1) den Treoir sin, dar teideal “Sonraí suímh seachas sonraí tráchta” [Aistriúchán neamhoifigiúil]:

“I gcásanna inar féidir sonraí suímh seachas sonraí tráchta, a bhaineann le húsáideoirí nó síntiúsóirí líonraí cumarsáide poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, a phróiseáil, ní féidir sonraí den chineál sin a phróiseáil ach amháin má dhéantar anaithnid iad, nó le toiliú na n‑úsáideoirí nó na síntiúsóirí a mhéid is gá chun seirbhís breisluacha a sholáthar agus ar feadh na tréimhse sin. Ní mór don soláthraí seirbhíse na húsáideoirí nó na síntiúsóirí a chur ar an eolas, sula bhfaigheann siad toiliú uathu, maidir le cineál na sonraí suímh seachas sonraí tráchta a phróiseálfar, cuspóirí agus tréimhse na próiseála agus cé acu an dtarchuirfear na sonraí chuig tríú páirtí chun an tseirbhís breisluacha a sholáthar. [...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9

Leagtar amach an méid seo a leanas in Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, dar teideal “Forálacha áirithe i dTreoir [95/46] a chur i bhfeidhm” [Aistriúchán neamhoifigiúil]:

“Féadfaidh na Ballstáit bearta reachtacha a ghlacadh chun raon feidhme na gceart agus na n‑oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 5 agus 6, in Airteagail 8(1), (2), (3) agus (4) agus 9 den Treoir seo a shrianadh nuair is beart riachtanach, iomchuí, comhréireach é srianadh den chineál sin laistigh de shochaí dhaonlathach chun an tslándáil náisiúnta (i.e. slándáil an Stáit), an chosaint agus an tslándáil phoiblí a shlánchoimeád nó chun cionta coiriúla nó úsáid neamhúdaraithe an chórais cumarsáide leictreonaí, dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Threoir [95/46], a chosc, a fhiosrú, a bhrath agus a ionchúiseamh. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit, inter alia, bearta reachtacha a ghlacadh ina bhforáiltear do shonraí a stóráil ar feadh tréimhse shrianta le bonn cirt ar na forais a leagtar síos sa mhír seo. Beidh gach beart dá dtagraítear sa mhír seo i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Chomhphobail, lena n‑áirítear iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) [CAE].”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Treoir 2003/6

10

Léitear aithrisí 1, 2, 12, 37, 41 agus 44 de Threoir 2003/6 mar a leanas:

“(1)

Tá fíormhargadh aonair le haghaidh seirbhísí airgeadais ríthábhachtach i gcomhair an fháis eacnamaíoch agus chun poist a chruthú sa Chomhphobal.

(2)

Éilítear le margadh airgeadais comhtháite agus éifeachtúil sláine an mhargaidh. Is réamhriachtanais ar son an fháis eacnamaíoch agus an rathúnais iad feidhmiú cothrom na margaí urrús agus iontaoibh an phobail i margaí. Déanann drochúsáid mhargaidh dochar do shláine na margaí airgeadais agus d’iontaoibh an phobail in urrúis agus i ndíorthaigh.

[...]

(12)

Clúdaítear leis an gcoincheap de dhrochúsáid mhargaidh déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh. Is ionann cuspóir na reachtaíochta chun déileáil chos istigh a chomhrac agus cuspóir na reachtaíochta i gcoinne cúbláil mhargaidh: sláine margaí airgeadais an Chomhphobail a áirithiú agus muinín infheisteoirí sna margaí sin a mhéadú. [...]

[...]

(37)

Cinnteofar go mbeidh maoirseacht éifeachtach ann trí shraith íosta cumhachtaí agus modhanna gníomhaíochta éifeachtacha a thabharfar d’údaráis inniúla na mBallstát go léir. Ba cheart do ghnóthais sa mhargadh agus na hoibreoirí eacnamaíocha go léir cur le sláine an mhargaidh ar a leibhéal féin. [...]

[...]

(41)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an ghnímh atá beartaithe, eadhon, drochúsáid mhargaidh i bhfoirm déileála cos istigh agus cúblála margaidh a chosc, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur féidir, de bharr a fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 [CAE]. Ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin.

(44)

Urramaítear leis an Treoir seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail arna n-aithint go háirithe [leis an gCairt], go háirithe le hAirteagal 11 di, agus le hAirteagal 10 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine [agus Saoirsí Bunúsacha] [a Chosaint].[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

11

Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 11 den Treoir sin:

“Gan dochar d'inniúlachtaí na n‑údarás breithiúnach, ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil riaracháin amháin d’fhonn a áirithiú go gcuirfear na forálacha arna nglacadh i gcomhréir leis an Treoir seo i bhfeidhm.

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

12

De réir Airteagal 12 den Treoir sin:

“1.   Beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin go léir ag an údarás inniúil chun a chuid dualgas a chomhlíonadh. [...]

2.   Gan dochar d’Airteagal 6(7), déanfar na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fheidhmiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus áireofar iontu ar a laghad an ceart chun:

(a)

rochtain a fháil ar dhoiciméad ar bith i bhfoirm ar bith, agus cóip de a fháil;

[...]

(d)

taifid de thrácht teileafóin atá ann cheana agus taifid de thrácht sonraí atá ann cheana a éileamh;

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Rialachán Uimh. 596/2014

13

Rinneadh Rialachán Uimh. 596/2014 a aisghairm agus cuireadh Treoir 2003/6 ina ionad le héifeacht ón 3 Iúil 2016.

14

Léitear aithrisí 1, 2, 7, 24, 44, 62, 65, 66, 77 agus 86 den Rialachán seo mar seo a leanas:

“(1)

Tá fíormhargadh inmheánach le haghaidh seirbhísí airgeadais ríthábhachtach i gcomhair an fháis eacnamaíoch agus chun poist a chruthú san Aontas.

(2)

Teastaíonn sláine mhargaidh ó mhargadh airgeadais atá comhtháite, éifeachtach agus trédhearcach. Is réamhriachtanais ar son an fháis eacnamaíoch agus an rathúnais iad feidhmiú cothrom na margaí urrús agus iontaoibh an phobail i margaí. Déanann drochúsáid mhargaidh dochar do shláine na margaí airgeadais agus d’iontaoibh an phobail in urrúis agus i ndíorthaigh.

[...]

(7)

Is í drochúsáid mhargaidh an coincheap a chuimsíonn iompraíocht neamhdhleathach sna margaí airgeadais agus, chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart go dtuigfí gurbh é atá ann ná déileáil chos istigh, faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go neamhdhleathach agus cúbláil mhargaidh. Cuireann iompraíochtaí den saghas seo cosc ar thrédhearcacht iomlán cheart an mhargaidh, atá ina réamhriachtanas trádála do na gníomhaithe eacnamaíocha go léir i margaí comhtháite airgeadais.

[...]

(24)

Nuair a gheobhaidh nó nuair a dhiúscróidh duine dlíthiúil nó nádúrtha atá i seilbh na faisnéise ón taobh istigh ionstraimí airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis sin, nó nuair a fhéachfaidh sé go díreach nó go hindíreach leis na hionstraimí sin a fháil nó a dhiúscairt, ar a chuntas féin nó ar chuntas tríú páirtí, ba cheart toimhde a bheith ann go ndearna an duine sin an fhaisnéis sin a úsáid. Tá an toimhde sin gan dochar do chearta na cosanta. Maidir leis an gceist ar sháraigh duine an toirmeasc ar dhéileáil chos istigh nó ar fhéachaint le déileáil chos istigh ba cheart í a anailísiú i bhfianaise chríoch an Rialacháin seo, is é sin chun sláine an mhargaidh airgeadais a chosaint agus cur le muinín infheisteoirí, atá bunaithe, ina dhiaidh sin, ar an dearbhú go gcuirfear infheisteoirí ar comhchéim agus go gcosnófar iad ó mhí-úsáid na faisnéise ón taobh istigh.

[...]

(44)

Déantar praghsáil ar roinnt mhaith ionstraimí airgeadais trí thagairt do thagarmharcanna. Is féidir tionchar tromchúiseach a bheith ag cúbláil iarbhír nó ag iarracht chúblála ar thagarmharcanna, lena n‑áirítear rátaí tairisceana idirbhainc, ar mhuinín an mhargaidh agus d’fhéadfadh caillteanais mhóra d’infheisteoirí agus saobhadh ar an bhfíorgheilleagar a bheith mar thoradh uirthi. [...]

(62)

Tugtar ráthú go mbeidh maoirseacht éifeachtach ann trí shraith uirlisí agus cumhachtaí agus acmhainní éifeachtacha i gcomhair an údaráis inniúil i ngach Ballstát. Dá réir sin, foráiltear leis an Rialachán seo go háirithe do shraith íosta cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin ar cheart go gcuirfí de chúram ar údaráis inniúla na mBallstát faoin dlí náisiúnta. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú, i gcás ina gceanglóidh an dlí náisiúnta amhlaidh, trí iarratas a dhéanamh chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla. [...]

[...]

(65)

Is ionann taifid atá ann cheana de chomhráite teileafóin agus de thrácht sonraí ó ghnólachtaí infheistíochta, institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais a dhéanann idirbhearta agus a dhoiciméadaíonn déanamh na n‑idirbheart, chomh maith le taifid atá ann cheana de thrácht teileafóin agus de thrácht sonraí ó oibreoirí teileachumarsáide agus fianaise thábhachtach chun déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh a chruthú agus a bhrath. D’fhéadfadh sé go ndéanfadh taifid de thrácht teileafóin agus de thrácht sonraí céannnacht duine a shuíomh atá freagrach as faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a scaipeadh, nó go raibh daoine i dteagmháil tráth áirithe, agus go bhfuil caidreamh idir beirt nó níos mó daoine. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis inniúla a bheith ábalta a cheangal ar thaifid ar chomhráite teileafóin, ar chumarsáidí leictreonacha agus ar thrácht sonraí atá ann cheana féin atá i seilbh gnólacht infheistíochta, institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO 2014 L 173, lch. 349)]. Tá rochtain ar thaifid sonraí agus teileafóin riachtanach chun fianaise agus treoracha imscrúdúcháin ar dhéileáil fhéideartha chos istigh nó ar chúbláil mhargaidh a chur ar fáil, agus dá bhrí sin chun drochúsáid mhargaidh a bhrath agus pionóis a fhorchur ina leith. Chun deis chothrom iomaíochta a thabhairt isteach san Aontas i ndáil le rochtain ar thaifid atá ann cheana ar thrácht teileafóin agus ar thrácht sonraí atá i seilbh oibreoir teileachumarsáide nó na taifid atá ann cheana féin ar chomhráite teileafóin agus ar shonraí tráchta atá i seilbh gnólacht infheistíochta, institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais ba cheart do na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a bheith ábalta taifid atá ann cheana de thrácht teileafóin agus de thrácht sonraí atá i seilbh oibreoir teileachumarsáide a mhéid a cheadaítear faoin dlí náisiúnta atá ann cheana féin agus taifid ar chomhráite teileafóin chomh maith le trácht sonraí atá i seilbh gnólacht infheistíochta a éileamh, sna cásanna ina bhfuil amhras réasúnach ann, go bhféadfadh na taifid sin a bhaineann le hábhar na cigireachta nó an imscrúdaithe a bheith ábhartha chun déileáil chos istigh nó cúbláil mhargaidh de sháru ar an Rialachán seo nó an Treoir seo a chruthú. Ní chuimsítear inneachar cumarsáide gutha ar an teileafón i rochtain ar na taifid ar thrácht teileafóin agus ar thrácht sonraí atá i seilbh oibreoir teileachumarsáide.

(66)

Cé go sonraítear leis an Rialachán seo sraith íosta cumhachtaí ar cheart a bheith ag údaráis inniúla, feidhmeofar na cumhachtaí sin laistigh de chóras iomlán an dlí náisiúnta a ráthaíonn an meas ar chearta bunúsacha, lena n‑áirítear an ceart chun príobháideachta. Maidir le feidhmiú na gcumhachtaí sin, a d’fhéadfadh a bheith ina chur isteach tromchúiseach ar an gceart go n‑urramófar saol, baile agus cumarsáid ó thaobh na príobháideachta agus an teaghlaigh, ba cheart go mbeadh cosaintí leordhóthanacha agus éifeachtacha i bhfeidhm ag na Ballstáit i gcoinne aon drochúsáid, mar shampla, ceanglas údarú roimh ré a fháil ó údaráis bhreithiúnacha Ballstáit lena mbaineann, i gcás inarb iomchuí. Ba cheart go gceadódh na Ballstáit go bhféadfadh údaráis inniúla na cumhachtaí ionsáite sin a fheidhmiú a mhéid is gá chun cásanna tromchúiseacha a imscrúdú go cuí i gcás nach bhfuil aon mhodh coibhéiseach ann chun an toradh céanna a bhaint amach go héifeachtach.

[...]

(77)

Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail arna n‑aithint [sa Chairt]. Ba cheart, dá réir sin, an Rialachán seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus leis na prionsabail sin. [...]

[...]

(86)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon, drochúsáid mhargaidh i bhfoirm déileála cos istigh, nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh agus cúblála margaidh a chosc, a bhaint amach go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 [CAE]. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo níos faide ná mar is gá chun an cuspóir sin a chur i gcrích.”

15

De réir Airteagal 1 den Rialachán sin:

“Bunaítear leis an Rialachán seo comhchreat rialála maidir le déileáil chos istigh, le faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go neamhdhleathach, le cúbláil mhargaidh (“drochúsáid mhargaidh”) mar aon le bearta chun drochúsáid mhargaidh a chosc d’fhonn sláine na margaí airgeadais san Aontas a áirithiú agus d’fhonn cosaint infheisteoirí agus muinín sna margaí sin a fheabhsú.”

16

Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 3(1)(27) den Rialachán céanna, dar teideal “Sainmhínithe”:

“Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

(27)

ciallaíonn “taifid sonraí tráchta” taifead de “shonraí tráchta” mar a shainmhínítear iad i bpointe (b) den dara mír d’Airteagal 2 de [Threoir 2002/58]”.

17

De réir Airteagal 14 de Rialachán Uimh. 596/2014, dar teideal “Déileáil chos istigh agus faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go neamhdhleathach a thoirmeasc”:

“Ní foláir nó nach ndéanfar seo a leanas:

(a)

gabháil do dhéileáil chos istigh, nó iarracht a dhéanamh ar ghabháil do dhéileáil chos istigh;

(b)

a mholadh go mbeadh duine eile ag gabháil do dhéileáil chos istigh nó duine eile a spreagadh le gabháil do dhéileáil chos istigh; nó

(c)

faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go neamhdhleathach.”

18

Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 22 den Rialachán seo:

“Gan dochar d’inniúlachtaí na n‑údarás breithiúnach, ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil riaracháin amháin chun críocha an Rialacháin seo. [...]”

19

Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 23(2) agus (3) den Rialachán sin, dar teideal “Cumhachtaí na n‑údarás inniúil”:

“2.   Ar mhaithe lena ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin seo a leanas ar a laghad ag údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:

(a)

rochtain ar dhoiciméad ar bith agus ar shonraí i bhfoirm ar bith agus cóip de a fháil nó a ghlacadh;

[...]

(g)

taifid atá ann cheana de chomhráite teileafóin, de chumarsáidí leictreonacha nó de thrácht sonraí eile atá i seilbh gnólachtaí infheistíochta, institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais a éileamh;

(h)

taifid de thrácht sonraí atá ann cheana, sa mhéid go gceadófar é faoin dlí naisiúnta, atá i seilbh oibreoir teileachumarsáide, a éileamh i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann gur tharla sárú agus i gcás ina bhféadfaidh na taifid sin a bheith ábhartha maidir le sárú ar phointe (a) nó ar phointe (b) d’Airteagail 14 nó 15 a imscrúdú;

[...]

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin ar fad ag údaráis inniúla a theastaíonn uathu chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh.

[...]”

Dlí na Fraince

CPCE

20

Foráiltear in Airteagal L. 34-1 den Code des postes et des communications électroniques [Cód Poist agus Cumarsáide Leictreonaí; “CPCE”] sa leagan is infheidhme maidir leis na díospóidí sna príomhimeachtaí:

“I. — Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí á soláthar don phobal; beidh feidhm aige go háirithe maidir le líonraí a thacaíonn le feistí bailithe sonraí agus aitheantóirí leictreonacha.

II. — Déanfaidh oibreoirí cumarsáide leictreonaí, agus go háirithe na daoine a bhfuil sé mar ghníomhaíocht acu seirbhísí cumarsáide a chur ar fáil ar líne don phobal, na sonraí tráchta go léir a scriosadh agus a anaithnidiú, faoi réir fhorálacha III, IV, V agus VI.

Déanfaidh daoine a sholáthróidh seirbhísí cumarsáide leictreonaí don phobal nósanna imeachta inmheánacha a dhréachtú le freagraí a thabhairt ar iarrataí ó údaráis inniúla, i gcomhréir le forálacha na míre roimhe seo.

Dlífear ar na daoine, a thairgeann nasc don phobal le cumarsáid a dhéanamh ar líne trí rochtain ar líonra mar chuid de phríomhghníomhaíocht nó mar chuid de ghníomhaíocht thánaisteach, lena n‑áirítear gníomhaíocht atá saor in aisce, na coinníollacha is infheidhme maidir le hoibreoirí cumarsáide leictreonaí a chomhlíonadh faoi réir an Airteagail seo.

III. — Féadfar na hidirbheartaí atá ceaptha chun catagóirí áirithe sonraí teicniúla a scriosadh nó a anaithnidiú a iarchur ar feadh uastréimhse bliana amháin chun críocha ciontaí coiriúla nó mainneachtain na hoibleagáide dá bhforáiltear in Airteagal L. 336-3 den Code de la propriété intellectuelle [Cód Maoine Intleachtúla] a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh nó chun críocha sáruithe ar chórais uathphróiseála sonraí dá bhforáiltear in Airteagail 323-1 go 323-3-1 den Code pénal [Cód Coiriúil] a chosc, agus chun críocha faisnéis a chur ar fáil, de réir mar is gá, don údarás breithiúnach nó don ard-údarás dá dtagraítear in Airteagal L. 331 - 12 den Chód Maoine Intleachtúla nó don Autorité nationale de sécurité des systèmes d’information [Údarás Náisiúnta um Shlándáil Córas Faisnéise] dá dtagraítear in Airteagal L. 2321-1 den Code de la défense [Cód Cosanta]. Cinneann foraithne arna glacadh sa Conseil d’État [Comhairle Stáit, an Fhrainc] na catagóirí sonraí atá leagtha síos agus tréimhse a stórála de réir ghníomhaíocht na n‑oibreoirí, na cumarsáide atá ann, agus, de réir mar a bheidh, na socruithe cúitimh ar chostais inaitheanta agus shonracha bhreise na seirbhísí arna soláthar ag na hoibreoirí ar iarraidh ón Stát ina leith sin, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás um Chosaint Sonraí, laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos i bpointe VI.

[...]

VI. — Baineann na sonraí arna gcoinneáil agus arna bpróiseáil faoi na coinníollacha a leagtar síos in III, IV agus V go heisiach le sainaithint úsáideoirí na seirbhísí arna soláthar ag oibreoirí, le saintréithe teicniúla na cumarsáide arna soláthar ag na hoibreoirí agus le suíomh an trealaimh teirminéil.

Ní fhéadfaidh baint a bheith ag sonraí den sórt sin, in imthosca ar bith, le hinneachar an chomhfhreagrais a mhalartaítear ná leis an bhfaisnéis a ndeachthas i gcomhairle léi, i bhfoirm ar bith, i gcomhthéacs na cumarsáide sin.

Déantar na sonraí sin a choinneáil agus a phróiseáil de réir fhorálacha an Loi no 78 - 17 du 6 janvier 1978 relative à l’informatique, aux fichiers et aux libertés [Dlí Uimh. 78 - 17 an 6 Eanáir 1978 maidir le próiseáil sonraí, comhaid agus saoirsí].

Déanfaidh na hoibreoirí gach beart chun úsáid na sonraí sin chun críocha seachas na críocha dá bhforáiltear san Airteagal seo a chosc.”

21

Foráiltear in Airteagal L. 34-1(IIa) agus (IIIa) den Chód Poist agus Cumarsáide Leictreonaí sa leagan a eascraíonn as an Loi no 2021 - 998, du 30 juillet 2021, relative à la prévention d’actes de terrorisme et au renseignement [Dlí Uimh. 2021 - 998 an 30 Iúil 2021 maidir le gníomhartha sceimhlitheoireachta agus faisnéise a chosc] (JORF an 31 Iúil 2021, téacs Uimh. 1):

“IIa— Ceanglaítear ar oibreoirí cumarsáide leictreonaí an méid seo a leanas a choinneáil:

1. faisnéis a bhaineann le céannacht shibhialta an úsáideora, chun críocha imeachtaí coiriúla, chun bagairtí i gcoinne na slándála poiblí a chosc agus chun an tslándáil náisiúnta a chosaint, go dtí go bhfuil cúig bliana caite ó dheireadh bhailíocht an chonartha;

2. chun na gcríoch céanna a leagtar amach i mír IIa(1°) seo, faisnéis eile a chuireann an t‑úsáideoir ar fáil agus conradh á dhéanamh nó cuntas á chruthú aige, chomh maith le faisnéis a bhaineann le híocaíocht, go dtí go bhfuil 1 bhliain amháin caite ó dheireadh bhailíocht an chonartha nó ó dhúnadh an chuntais;

3. sonraí teicniúla a cheadaíonn foinse an naisc a shainaithint nó na sonraí teicniúla a bhaineann leis an trealamh teirminéil a úsáidtear, chun críocha na coireachta agus na ciontóireachta tromchúisí a chomhrac, chun bagairtí ar an tslándáil phoiblí a chosc agus an tslándáil náisiúnta a chosaint, go dtí go bhfuil 1 bhliain amháin caite ó nascadh leis nó ó úsáideadh an trealamh teirminéil.

III— Ar chúiseanna a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta a chosaint, sa chás ina mbraitear go bhfuil bagairt thromchúiseach, reatha nó intuartha, i gcoinne an mhéid sin, féadfaidh an Príomh-Aire, le foraithne, a ordú do na hoibreoirí cumarsáide leictreonaí catagóirí áirithe sonraí tráchta, sa bhreis ar na sonraí dá dtagraítear in IIa(3), chomh maith le sonraí suímh a shonraítear le foraithne ón Conseil d’État [an Chomhairle Stáit], a choinneáil ar feadh bliana.

Féadfar athnuachan a dhéanamh ar an ordú, nach féidir fad níos faide ná bliain amháin a bheith aige, má leantar ar na coinníollacha dá bhforáiltear lena heisiúint a chomhlíonadh. Níl aon tionchar ag caitheamh na tréimhse sin ar thréimhse choinneála na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír de III.

IIIa— Féadfaidh na sonraí arna gcoinneáil ag na hoibreoirí de bhun an Airteagail seo a bheith faoi réir ordaithe caomhnaithe brostaithe ó na húdaráis lena bhforáiltear do rochtain ar na sonraí a bhaineann le cumarsáid leictreonach chun críocha na coiriúlachta, na ciontóireachta tromchúisí agus mainneachtana tromchúiseacha eile na rialacha a dhlífear orthu a chomhlíonadh le rochtain a fháil ar na sonraí sin a chosc agus a chur faoi chois.”

22

Léitear Airteagal R. 10 - 13 de CPCE mar a leanas:

“I. — De bhun Airteagal L. 34-1(III), chun críocha cionta coiriúla a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, coinníonn oibreoirí cumarsáide leictreonaí:

(a)

Faisnéis lena sainaithnítear an t‑úsáideoir;

(b)

Sonraí maidir leis an trealamh teirminéil cumarsáide a úsáidtear;

(c)

Na saintréithe teicniúla mar aon le dáta, am agus tréimhse gach cumarsáide;

(d)

Sonraí maidir leis na seirbhísí breise a iarradh agus a úsáideadh agus a soláthraithe;

(e)

Sonraí lena sainaithnítear faighteoir(í) na cumarsáide.

II. — I gcás gníomhaíochtaí teileafónaíochta, coimeádann an t‑oibreoir na sonraí dá dtagraítear in II chomh maith leis na sonraí chun tionscnamh agus suíomh na cumarsáide a shainaithint.

III. — Is é tréimhse choinneála na sonraí dá dtagraítear san Airteagal seo ná bliain amháin ón lá a dhéantar taifead orthu.

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

LCEN

23

Foráiltear in Airteagal 6 den Loi no 2004 - 575, du 21 juin 2004, pour la confiance dans l’économie numérique (Acht Uimh. 2004 - 575 an 21 Meitheamh 2004 maidir le muinín sa gheilleagar digiteach; “LCEN”) (JORF an 22 Meitheamh 2004, lch. 11168), sa leagan is infheidhme maidir leis na díospóidí sna príomhimeachtaí:

“I. — 1. Cuirfidh daoine a chuireann rochtain ar sheirbhísí cumarsáide ar fáil ar líne don phobal mar ghníomhaíocht in iúl dá síntiúsóirí go bhfuil uirlisí teicniúla ann lena bhféadfar srian a chur le rochtain ar sheirbhísí áirithe nó iad a roghnú agus cuirfidh siad ceann acu ar a laghad ar fáil dóibh.

[...]

2. Ní bheidh daoine nádúrtha nó dlíthiúla a stórálfaidh comharthaí, scríbhinní, íomhánna, fuaimeanna nó teachtaireachtaí de chineál ar bith chun seirbhísí cumarsáide poiblí a sholáthar don phobal ar líne, fiú saor in aisce, faoi dhliteanas sibhialta, i dtaobh gníomhaíochtaí nó faisnéis á coinneáil ar iarraidh ag seolaí na seirbhísí sin sa chás nach bhfuil eolas iarbhír acu ar neamhdhleathacht na ngníomhaíochtaí nó ar fhíorais agus ar chúinsí lena dtugtar le fios go bhfuil siad neamhdleathach, nó sa chás ina ngníomhóidh siad go pras chun na sonraí sin a bhaint nó rochtain orthu a bhlocáil a luaithe agus a thuigfidh siad go bhfuil siad neamhdhleathach.

[...]

II. — Coinneoidh agus stórálfaidh na daoine dá dtagraítear in I(1) agus (2) sonraí ionas go mbeifear in ann aon duine a shainaithint ar chuidigh le cruthú iomlán inneachar na seirbhísí a bhfuil siad ina soláthraithe nó cuid de.

Cuirfidh siad uirlisí teicniúla ar fáil do dhaoine a fhoilsíonn seirbhís cumarsáide poiblí ar líne lena gcuirfear ar a gcumas na coinníollacha sainaitheantais a leagtar síos i mír III a chomhlíonadh.

Féadfaidh an t‑údarás breithiúnach a cheangal ar na soláthraithe seirbhíse a luaitear i I(1) agus (2) na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur in iúl.

Beidh feidhm ag forálacha Airteagail 226-17, 226-21 agus 226-22 den Chód Coiriúil maidir le próiseáil na sonraí sin.

Déanfar na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shainmhíniú agus tréimshe agus socruithe a stórála le foraithne ón Conseil d’État [an Chomhairle Stáit] a eiseofar tar éis dul i gcomhairle leis an Commission nationale de l’informatique et des libertés [Coimisiún Náisiúnta um Theicneolaíocht agus Saoirsí].

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

CMF

24

Foráiltear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 621-10 den Code monétaire et financier (Cód Airgeadaíochta agus Airgeadais; “CMF”), sa leagan is infheidhme maidir leis na díospóidí sna príomhimeachtaí:

“Chun críocha an imscrúdaithe nó an ghrinnscrúdaithe, féadfaidh na himscrúdaitheoirí agus na grinnscrúdaitheoirí gach doiciméad a iarraidh, beag beann ar an meán. Féadfaidh imscrúdaitheoirí na sonraí arna gcoinneáil agus arna bpróiseáil ag oibreoirí teileachumarsáide faoi Airteagal L. 34-1 de [CPCE] agus ag na soláthraithe dá dtagraítear in Airteagal 6(I)(1) agus (2) de [LCEN] a chur chucu agus cóip díobh a fháil.

[...]”

25

Tar éis conclúidí a tharraingt as dearbhú míbhunreachtúlachta an dara habairt den chéad fhomhír d’Airteagal L. 621-10 ón Conseil constitutionnel [an Chomhairle Bhunreachtúil, an Fhrainc] ina cinneadh an 21 Iúil 2017, chuir an reachtas Airteagal L. 621-10-2 isteach sa Chód Airgeadaíochta agus Airgeadais le Loi no 2018 - 898, du 23 octobre 2018, relative à la lutte contre la fraude (Dlí Uimh. 2018 - 898 an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le Calaois a Chomhrac) (JORF an 24 Deireadh Fómhair 2018, téacs Uimh. 1), lena bhforáiltear:

“Chun drochúsáid mhargaidh a imscrúdú mar a shainmhínítear é i Rialachán [Uimh. 596/2014], féadfar na sonraí arna gcoinneáil agus arna bpróiseáil ag oibreoirí teileachumarsáide a sholáthar do na himscrúdaitheoirí, faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha a leagtar síos in Airteagal L. 34-1 de [CPCE], agus ag na soláthraithe dá dtagraítear in Airteagal 6(I)(1) agus (2) de [LCEN].

Beidh cumarsáid na sonraí a luaitear sa chéad fhomhír den Airteagal seo faoi réir údarú roimh ré ó rialaitheoir iarrataí ar shonraí naisc.

Ar bhonn uainíochta, beidh an rialaitheoir iarrataí ar shonraí naisc ina chomhalta gníomhach nó oinigh den Conseil d’État [an Chomhairle Stáit] arna thoghadh ag comhthionól ginearálta an Conseil d’État [an Chomhairle Stáit] agus ansin beidh sé ina bhreitheamh gníomhach nó oinigh den Cour de cassation [an Chúirt Achomhairc, an Fhrainc] a thoghadh ag comhthionól ginearálta na cúirte sin. Ainmneofar an duine a dhéanfaidh uainíocht air ón gcúirt eile de réir na socruithe céanna. Toghfar an rialaitheoir iarrataí ar shonraí agus an duine a dhéanfaidh uainíocht air ar feadh tréimhse neamh-inathnuaite ceithre bliana.

[...]

Ní bhfaighidh rialaitheoir iarrataí ar shonraí naisc treoracha ar bith ón Autorité des marchés financiers [an tÚdarás um Margaí Airgeadais, an Fhrainc; “AMF”] ná ó aon údarás eile i gcomhlíonadh a dhualgais nó ní iarrfaidh sé treoracha uathu. Beidh sé faoi cheangal na rúndachta gairmiúla sna coinníollacha a leagtar síos in Airteagal L. 621-4 den Chód sin.

Déanfar an t‑ábhar a tharchur chuige trí iarraidh réasúnaithe ón Ard-Rúnaí nó ón Leas-Ard-Rúnaí [AMF]. Beidh san iarraidh sin an fhaisnéis a thabharfaidh bonn cirt lena fiúntas.

Cuirfear an t‑údarú sa chomhad imscrúdaithe.

Bainfidh na himscrúdaitheoirí úsáid as na sonraí arna gcur chucu ag na hoibreoirí teileachumarsáide agus na soláthraithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den Airteagal seo i gcomhthéacs an imscrúdaithe a bhfuair siad an t‑údarú ina leith agus sa chomhthéacs sin amháin.

Déanfar sonraí naisc a bhaineann le fíorais atá ina n-ábhar d’fhograí agóidí ar thug Bord [AMF] fógra ina leith a scriosadh i ndeireadh thréimhse sé mhí ó chinneadh críochnaitheach an Commission des sanctions [Coimisiúin Smachtbhannaí] nó na gcúirteanna achomhairc. I gcás comhdhéanamh riaracháin, rithfidh an tréimhse sé mhí ó fhorfheidhmiú an chomhaontaithe.

Scriosfar sonraí naisc maidir le fíorais nár chuir Bord [AMF] ina gcoinne mí amháin i ndiaidh chinneadh an Bhoird.

Sa chás ina dtarchuirtear tuarascáil an imscrúdaithe chuig an Procureur de la République financier [Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí in Ábhair Airgeadais, an Fhrainc] nó i gcás ina dtionscnaíonn an Procureur de la République financier [Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí in Ábhair Airgeadais, an Fhrainc]... imeachtaí poiblí, tugtar na sonraí naisc don Procureur de la République financier [Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí in Ábhair Airgeadais, an Fhrainc] agus ní choinnítear iad ag [AMF].

Leagfar síos le foraithne ón Conseil d’État [an Chomhairle Stáit] na socruithe le haghaidh an Airteagal seo a fhorfheidhmiú.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Na príomhimeachtaí, na ceisteanna a tarchuireadh agus an nós imeachta os comhair na Cúirte

26

Le díotáil an 22 Bealtaine 2014, cuireadh tús le himscrúdú breithiúnach i gcoinne VD agus SR maidir le fíoras i leith cionta a bhaineann le déileáil chos istigh agus déileail chos istigh a cheilt. Cuireadh síneadh le fad an imscrúdaithe sin ina dhiaidh sin le coir an chomhpháirteachais a chur leis trí chéad díotáil fhorlíontach an 14 Samhain 2014.

27

An 23 agus an 25 Meán Fómhair 2015, chuir Autorité des marchés financiers (AMF) (an tÚdarás um Margaí Airgeadais, an Fhrainc, “AMF”) faisnéis a raibh ina sheilbh in iúl don bhreitheamh imscrúdaithe i gcomhthéacs imscrúdaithe ar thionscain sé faoi Airteagal L. 621-10 de CMF, go háirithe sonraí pearsanta a d’eascair as glaonna teileafóin arna gcur ag VD agus SR a bhailigh imscrúdaitheoirí AMF ó oibreoirí na seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar bhonn Airteagal L. 34-1 de CPCE.

28

Tar éis an fhógra a thug AMF dá bhrí sin, cuireadh síneadh le fad an imscrúdaithe le coireanna an éillithe agus an sciúradh airgid a chur leis, trí dhíotálacha forlíontacha an 29 Meán Fómhair 2015, an 22 Nollaig 2015 agus an 23 Samhain 2016.

29

Cuireadh VD agus SR faoi imscrúdú an 10 Márta agus an 29 Bealtaine 2017 faoi seach as na cionta déileála chos istigh agus sciúrtha airgid i leith VD, agus as an gcion déileála chos istigh i leith SR.

30

Sa mhéid a bunaíodh na himscrúduithe faoi seach ar shonraí tráchta arna soláthar ag AMF, thug VD agus SR caingean an duine os comhair an Cour d’appel de Paris (Cúirt Achomhairc, Páras, an Fhrainc) agus saincheist á maíomh acu, inter alia, lena n‑éilítear, go bunúsach, sárú ar Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna léamh i bhfianaise Airteagail 52(1), 7, 8 agus 11 den Chairt. Agus iad ag brath ar chásdlí a d’eascair as breithiúnas an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile (C‑203/15 agus C‑698/15, EU:C:2016:970) chonspóid VD agus SR go háirithe gur bhraith an t‑údarás sin ar Airteagal L. 621-10 de CMF agus Airteagal L. 34-1 de CPCE chun na sonraí sin a bhailiú, bíodh is nach raibh na forálacha sin i gcomhréir le dlí an Aontais sa mhéid gur foráladh do shonraí naisc a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach leo ar an gcéad dul síos, agus nár cuireadh aon srian leo ar chumhacht imscrúdaitheoirí AMF go gcuirfí na sonraí arna gcoimeád ar fáil dóibh ar an dara dul síos.

31

Le dhá bhreithiúnas ó Chúirt Achomhairc Pháras an 20 Nollaig 2018 agus an 7 Márta 2019, dhiúltaigh an chúirt sin do na caingne arna dtabhairt ag VD agus SR. Is léir ón eolas sna hiarrataí ar réamhrialú gur braith na cúirteanna céadchéime, d’fhonn diúltú don tsaincheist lena n‑éilítear, go bunúsach, go bhfuil Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna léamh i bhfianaise Airteagal 52(1), 7, 8 agus 11 den Chairt á sárú, ar an bhfíric go gceadaítear do húdaráis inniúla le hAirteagal 23(2)(h) de Rialachán 596/2014 maidir le drochúsáid mhargaidh taifid de thrácht sonraí atá ann cheana, sa mhéid go gceadófar é faoin dlí naisiúnta, atá i seilbh oibreora seirbhísí cumarsáide leictreonaí, a éileamh i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann gur tharla sárú ar thoirmeasc ar dhéileáil chos istigh faoi Airteagal 14(a) agus (b) den Rialachán sin agus go mbaineann a leithéid de thaifid le hábhar imscrúdú an tsáraithe sin.

32

Rinne VD agus SR achomharc i gcoinne na mbreithiúnas sin os comhair na cúirte a rinne an tarchur agus saincheist á maíomh acu gur sáraíodh forálacha na Cairte agus Threoir 2002/58 dá dtagraítear sa mhír roimhe seo go háirithe.

33

Maidir le rochtain ar shonraí naisc, tagraíonn an chúirt a rinne an tarchur do chinneadh ón Conseil Constitutionnel (an Chúirt Bhunreachtúil) an 21 Iúil 2017, inar léir nach bhfuil an nós imeachta um rochtain ar shonraí pearsanta arna gcoinneáil ag imscrúdaitheoirí AMF, dá bhforáiltear i ndlí na Fraince, i gcomhréir leis an gceart chun príobháideachais, mar a chosnaítear le hAirteagal 2 de Dhearbhú um Chearta an Duine agus an tSaoránaigh 1789 agus cuireann sé i dtreis, bíodh is gur chuir an reachtas náisiúnta de chumhacht ar ghníomhairí atá údaraithe agus faoi réir rúndacht ghairmiúil na sonraí sin a fháil mar chuid d’imscrúdú agus nár dheonaigh sé cumhacht fhorghníomhaithe éigeantaigh dóibh, nár chuir sé aon ráthaíocht eile sa nós imeachta le comhréireacht chothrom a áirithiú idir an ceart chun príobháideachais a urramú de pháirt agus sáruithe ar an mbeartas poiblí a chosc agus lucht déanta cionta coiriúla a imscrúdú den pháirt eile, rud a fhágfadh go bhfuil sé le dearbhú go bhfuil an dara habairt den chéad fhomhír d’Airteagal L. 621-10 de CMF ar neamhréir le Bunreacht na Fraince.

34

Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire freisin, ar an gcéad dul síos, go raibh an Conseil Constitutionnel den tuairim, i bhfianaise na n‑iarmhairtí “atá iomarcach go ríshoiléir” a d’fhéadfadh a bheith ag aisghairm láithreach na forála sin ar imeachtaí leanúnacha, go raibh cúis ann dáta na haisghairme sin a chur siar go dtí an 31 Nollaig 2018 agus, ar an dara dul síos, gur cuireadh Airteagal L. 621-10-2 de CMF leis an gCód sin, i bhfianaise na n‑iarmhairtí a bhí ar an dearbhú go bhfuil an chéad mhír d’Airteagal L. 621-10 de CMF míbhunreachtúil.

35

Measann an chúirt a rinne an tarchur, agus na breithnithe a leagtar amach i mír 125 de bhreithiúnas an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile (C‑203/15 agus C‑698/15, EU:C:2016:970) á dtabhairt chun cuimhne aici, nach féidir le neamhniú an dara habairt den chéad fhomhír d’Airteagal L. 621-10 de CMF, is infheidhme le linn d’fhíorais na bpríomhimeachtaí, mar thoradh ar an dearbhú míbhunreachtúlachta sin, á chur san áireamh gur cuireadh éifeachtaí aisghairm na forála sin ar atráth. Measann sé, áfach, nach bhfuil an chumhacht atá ag imscrúdaitheoirí cúnaimh macrairgeadais faoin bhforáil sin sonraí naisc a fháil gan grinnscrúdú roimh ré a dhéanamh ag cúirt nó ag údarás riaracháin neamhspleách comhsheasmhach i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 7, 8 agus 11 den Chairt, arna léiriú ag an gCúirt.

36

Sna himthosca sin, is í an t‑aon cheist atá ann ina leith sin ná an bhfuil na héifeachtaí ar Airteagal L. 621-10 de CMF a aisghairm inchurtha ar atráth, cé nach bhfuil sé i gcomhréir leis an gCairt.

37

Maidir le sonraí naisc a choinneáil, tugann an chúirt a rinne an tarchur le fios, ar an gcéad dul síos, cé go leagtar síos le mír II d’Airteagal L. 34-1 de CPCE oibleagáid i bprionsabal, dá réir nach mór d’oibreoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí aon sonraí tráchta a scriosadh nó a anaithnidiú, tá roinnt áirithe eisceachtaí ag gabháil leis an oibleagáid seo, áfach, lena n‑áirítear an méid sin a leagtar síos i mír III den fhoráil sin, a bhaineann leis na “críocha cionta coiriúla a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh”. Chun na gcríoch sonrach sin, chuirfí moill 1 bhliain amháin ar líon áirithe sonraí a scriosadh nó a anaithnidiú.

38

Sonraíonn sé i ndáil leis sin, gurb iad na cúig chatagóir sonraí lena mbaineann, go háirithe faoi na coinníollacha a leagtar síos i mír III d’Airteagal L. 34-1 de CPCE, na catagóirí a liostaítear in Airteagal R. 10-13 de CPCE. Dhéanfaí na sonraí naisc seo a ghiniúint nó a phróiseáil i ndiaidh cumarsáide agus bhainfeadh siad le himthosca na cumarsáide sin agus le úsáideoirí na seirbhíse, ach ní thabharfaidís aon fhaisnéis maidir le hinneachar na cumarsáide lena mbaineann.

39

Ansin, agus mír 112 de bhreithiúnas an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile (C‑203/15 agus C‑698/15, EU:C:2016:970) á coinneáil i gcuimhne aici, dá réir go bhfuil léiriú le déanamh ar Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna léamh i bhfianaise Airteagail 52(1), 7, 8 agus 11 den Chairt amhail go gcuirtear toirmeasc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do gach sonra tráchta agus suímh na síntiúsóirí agus na n‑úsáideoirí go léir atá cláraithe i ndáil leis na modhanna cumarsáide leictreonaí a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, i gcomhthéacs na bpríomhimeachtaí, go raibh rochtain ag AMF ar na sonraí á gcoinneáil ag oibreoirí na cumarsáide leictreonaí go raibh amhras déileála coise istigh agus drochúsáide mhargaidh ann a d’fhéadfadh a theacht faoi roinnt cionta coiriúla tromchúiseacha. Tugadh údar leis an rochtain toisc gur ghá don údarás sin, chun críocha éifeachtacht an imscrúdaithe a áirithiú, crostagairt a dhéanamh idir sonraí éagsúla arna gcoinneáil thar thréimhse áirithe ama ar mhaithe le faisnéis ón taobh istigh atá ag dul timpeall idir roinnt comhchainteoirí, lena nochtadh go raibh cleachtais neamhdhleathacha á ndéanamh ina leith sin, a thabhairt cothrom le dáta.

40

De réir na cúirte a rinne an tarchur, comhlíontar leis na himscrúduithe arna ndéanamh ag AMF na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar na Ballstáit le hAirteagal 12(2)(d) de Threoir 2003/6 agus le hAirteagal 23(2)(g) agus (h) de Rialachán Uimh. 596/2014, arna léamh i bhfianaise Airteagal 1 den Rialachán sin, lena n‑áirítear, go háirithe, an oibleagáid a éileamh go gcuirfí taifid na sonraí tráchta atá i seilbh ag oibreoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí cheana féin chuige.

41

Ina theannta sin, cuireann an chúirt sin i dtreis, ar an gcéad dul síos, trí thagairt a dhéanamh d’aithris 65 den Rialachán sin, gurb ionann na sonraí naisc sin agus fianaise thábhachtach chun déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh a chruthú agus a bhrath, ós rud é go gcuirtear ar chumas leo céannacht duine a shuíomh atá freagrach as faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a scaipeadh, nó go raibh daoine i dteagmháil tráth áirithe.

42

Ar an dara dul síos, luann an chúirt a rinne an tarchur aithris 66 den Rialachán sin, inar léir go bhféadfadh feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar do na húdaráis inniúla in ábhair airgeadais a bheith ina chur isteach tromchúiseach ar an gceart go n‑urramófar saol, baile agus cumarsáid ó thaobh na príobháideachta agus an teaghlaigh agus, uime sin, ba cheart go mbeadh cosaintí leordhóthanacha agus éifeachtacha i bhfeidhm ag na Ballstáit i gcoinne aon drochúsáid agus nach úsáideann siad na cumhachtaí sin ach amháin chun cásanna tromchúiseacha a imscrúdú go cuí i gcás nach bhfuil aon mhodh coibhéiseach ann chun an toradh céanna a bhaint amach go héifeachtach. Ina thuairim, leanann sé ón aithris sin nach mór caitheamh mar sháruithe tromchúiseacha le cásanna áirithe de dhrochúsáid mhargaidh.

43

Thairis sin, cuireann an chúirt sin i dtreis, sna príomhimeachtaí, gur ó bhéal agus faoi rún go bunúsach a bhí an fhaisnéis ón taobh istigh, a d’fhéadfadh a bheith mar thréith den ghné ábhartha i gcleachtais neamhdhleathacha an mhargaidh.

44

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil comhréiteach le fáil idir Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna léamh i bhfianaise Airteagail 52(1), 7, 8 agus 11 den Chairt agus na ceanglais faoi Airteagal 12(2)(d) de Threoir 2003/6 agus faoi Airteagal 23(2)(g) agus (h) de Rialachán Uimh. 596/2014.

45

Ar deireadh, má mheasann an Chúirt nach bhfuil an reachtaíocht maidir le sonraí naisc a choinneáil atá i gceist sna príomhimeachtaí i gcomhréir le dlí an Aontais, tagann an cheist chun cinn maidir le héifeachtaí na reachtaíochta sin a chaomhnú go sealadach, d’fhonn éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint agus leis na sonraí arna mbailiú agus arna gcoinneáil roimhe sin a úsáid chun críocha déileáil chos istigh a bhrath agus a ionchúiseamh.

46

Sna himthosca sin, chinn an Cour de cassation [an Chúirt Achomhairc, an Fhrainc] bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú, ceisteanna atá i dtéarmaí comhionanna i gCásanna C‑339/20 agus C‑397/20:

“(1)

An dtugtar le tuiscint le hAirteagal 12(2)(a) agus (d) de Threoir [2003/6] agus le hAirteagal 23(2)(g) agus (h) de Rialachán [Uimh. 596/2014], a cuireadh in ionad na Treorach sin ón 3 Iúil 2016, arna léamh i bhfianaise le haithris 65 den Rialachán seo, ag cur san áireamh go bhfuil an fhaisnéis arna roinnt faoi cheilt agus gurb é an pobal i gcoitinne lenar féidir a bheith i gceist leo, go bhféadfaidh an reachtas náisiúnta cur de cheangal ar oibreoirí cumarsáide leictreonaí sonraí naisc a stóráil go sealadach ach go ginearálta ionas go gcuirfí an t‑údarás riaracháin dá dtagraítear [in Airteagal] 11 de Threoir [2003/6] agus [in Airteagal] 22 de Rialachán [Uimh. 596/2014], sa chás inar cosúil go bhfuil cúiseanna amhrais ann go bhfuil baint ag daoine áirithe le trádáil chos istigh nó le cúbláil mhargaidh, de chumas taifid ar shonraí tráchta á gcoinneáil ag oibreoir seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ann cheana féin a éileamh sa chás ina bhfuil cúiseanna amhrais ann go bhféadfadh a leithéid de thaifid a bhaineann le hábhar na cigireachta nó an imscrúdaithe a bheith ábhartha maidir leis an mainneachtain a chruthú, go háirithe le cur ar chumas na teagmhálacha arna ndéanamh ag na páirtithe leasmhara lena mbaineann sular tháinig an t‑amhras a rianú?

(2)

Má thugann an Chúirt freagra [...] [ar an gcéad cheist] go mbeadh ar an Cour de cassation [an Chúirt Achomhairc, an Fhrainc] a rialú nach bhfuil reachtaíocht na Fraince maidir le sonraí naisc a choinneáil i gcomhréir le dlí an Aontais dá thoradh, an bhféadfaí éifeachtaí na reachtaíochta sin a chaomhnú go sealadach d’fhonn éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint agus le cur de chumas na sonraí arna mbailiú agus arna gcoinneáil roimhe sin a úsáid chun ceann de na críocha dá dtagraítear sa reachtaíocht seo?

(3)

An bhféadfadh cúirt náisiúnta éifeachtaí reachtaíochta lena gcuirtear gníomhairí údaráis riaracháin neamhspleách atá freagrach as imscrúduithe ar dhrochúsáid mhargaidh a dhéanamh ar chumas sonraí naisc a fháil, gan grinnscrúdú roimh ré ó chúirt nó ó údarás riaracháin neamhspleách eile, a chaomhnú go sealadach?”

47

Le cinneadh ó Uachtarán na Cúirte an 17 Meán Fómhair 2020, rinneadh Cásanna C‑339/20 agus C‑397/20 a uamadh chun críocha na gcodanna i scríbhinn agus na gcodanna ó bhéal den nós imeachta agus den bhreithiúnas.

48

An 21 Aibreán 2021, thug an Conseil d’État [an Chomhairle Stáit] breithiúnas in French Data Network agus páirtithe eile (Uimh. 393099,, 394922, 397844, 397851, 424717, 424718), inter alia, ar chomhréireacht forálacha reachtacha náisiúnta áirithe a bhaineann le hábhar mar chuid de na díospóidí sna príomhimeachtaí, eadhon, Airteagal L. 34 - 1 de CPCE agus Airteagal R. 10 - 13 de CPCE, le dlí an Aontais.

49

Ar chuireadh ón gCúirt, tugadh an deis do rannpháirtithe na héisteachta sna cásanna seo a dtuairimí a thabhairt ar an tionchar a d’fhéadfadh an breithiúnas sin ón Conseil d’État [an Chomhairle Stáit] a imirt ar na hiarrataí seo ar réamhrialú.

50

Thug ionadaí Rialtas na Fraince le fios ag an éisteacht sin, gur dhearbhaigh an Conseil d’État [an Chomhairle Stáit], leis an mbreithiúnas sin, go bunúsach, go bhfuil na forálacha lena gcuirtear stóráil ginearálta agus neamh-idirdhealaitheach na sonraí naisc seachas stóráil seoltaí IP agus sonraí úsáideoirí na líonraí cumarsáide leictreonaí chun feidhme chun críocha coiriúlacht a chomhrac neamhdhleathach agus tátail á mbaint aici as breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, (C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791). Shoiléirigh sé, áfach, mar chuid den díospóid os comhair na Cúirte, nár mhór don Conseil d’État [an Chomhairle Stáit] freagra a thabhairt freisin ar argóint Rialtais na Fraince go raibh léiriú dhlí an Aontais sin ag teacht salach ar rialacha maidir le stádas bunreachtúil, eadhon, na rialacha sin a bhaineann le sáruithe ar an mbeartas poiblí a chosc, go háirithe sábháilteacht daoine agus maoine, agus lucht déanta cionta coiriúla a imscrúdú.

51

Mhínigh ionadaí Rialtas na Fraince, chuige sin, gur dhiúltaigh an Conseil d’État [an Chomhairle Stáit] don argóint seo faoi dhó. De pháirt, is deimhin gur ghlac sé leis go bhfuil sé cinntitheach i ndul chun cinn na n‑imscrúduithe coiriúla go stóráiltear na sonraí go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach agus nach bhfuil bealach ar bith eile inchurtha ina ionad. Den pháirt eile, mar sin féin, chinn an Conseil d’État [an Chomhairle Stáit] agus í ag brath ar mhír 164 de bhreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020 La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791) go n‑údarófaí caomhnú brostaithe na sonraí le dlí an Aontais, lena n‑áirítear sa chás ina raibh baint ag an gcaomhnú brostaithe leis na sonraí arna gcoinneáil ar dtús chun an tslándáil náisiúnta a chosaint.

52

Thairis sin, shonraigh ionadaí Rialtas na Fraince, tar éis breithiúnas ón Conseil d’État [an Chomhairle Stáit] an 21 Aibreán 2021, French Data Network agus páirtithe eile (Uimh. 393099, 394922, 397844, 397851, 424717, 424718), gur chuir an reachtas náisiúnta mír IIIa le hAirteagal L. 34 - 1 den Chód Poist agus Cumarsáide Leictreonaí, dá dtagraítear i mír 21 den bhreithiúnas seo.

Ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

Réamhphointí

53

Ar an gcéad dul síos, ní mór a thabhairt chun cuimhne, agus na hiarrataí ar réamhrialú déanta aici, gur thug an Conseil d’État [an Chomhairle Stáit] breithiúnas an 21 Aibreán 2021, French Data Network agus páirtithe eile (Uimh. 393099, 394922, 397844, 397851, 424717, 424718) maidir le comhréireacht Airteagal L. 34-1 de CPCE agus Airteagal R. 10-13 de CPCE le dlí an Aontais go háirithe.

54

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá aire i mír 42 dá Thuairim, agus mar is léir freisin ó na míniúcháin a thug an chúirt a rinne an tarchur, mar atá leagtha amach i míreanna 27, 37 agus 38 den bhreithiúnas seo, is “príomhfhorálacha” iad na hAirteagail sin i gcomhthéacs fhorfheidhmiú Airteagal L. 621-10 de CMF, atá i gceist sna príomhimeachtaí.

55

Ag an éisteacht os comhair na Cúirte, agus aird tarraingthe aige ar dhul chun cinn breithiúnach Airteagal L. 34 - 1 de CPCE i ndiaidh soiléiriú arna thabhairt ag an gCúirt i mbreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791), dá dtagraítear i mír 21 den bhreithiúnas seo, thug ionadaí Rialtais na Fraince le fios, go bunúsach, go mbeadh gá don chúirt a rinne an tarchur na forálacha náisiúnta ó 2014 agus 2015 a chur san áireamh sa leagan is infheidhme maidir le fíorais na bpríomhimeachtaí i gcomhréir le prionsabal chur i bhfeidhm an dlí a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8 den Dearbhú maidir le Cearta an Duine agus Cearta an tSaoránaigh 1789 chun breith a thabhairt ar na díospóidí sna príomhimeachtaí, ionas gurb amhlaidh nach bhfuil breithiúnas an Conseil d’État [an Chomhairle Stáit] an 21 Aibreán 2021, French Data Network agus páirtithe eile (Uimh. 393099, 394922, 397844, 397851, 424717, 424718) inchurtha san áireamh agus anáilís á déanamh ar na hiarrataí seo ar réamhrialú in aon chás.

56

De réir cásdlí comhsheasmhach, mar chuid den nós imeachta a bhunaítear le hAirteagal 267 CFAE, is faoin gcúirt náisiúnta ar tugadh an cás os a comhair agus nach mór di glacadh le freagracht as an gcinneadh breithiúnach atá le déanamh, agus fúithi amháin, measúnú a dhéanamh ar an ngá le réamhrialú le bheith ábalta a breithiúnas a thabhairt agus ar ábharthacht na gceisteanna arna gcur aici don Chúirt, i bhfianaise shainiúlachtaí an cháis. Dá bhrí sin, i gcás ina mbaineann na ceisteanna a tíolacadh le léiriú dhlí an Aontais, dlitear ar an gCúirt, i bprionsabal, breithiúnas a thabhairt (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Meán Fómhair 2010, Winner Wetten, C‑409/06, EU:C:2010:503, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear).

57

Ní féidir diúltú do bhreithiúnas a thabhairt ar cheist arna tarchur ag cúirt náisiúnta chun réamhrialú ach amháin nuair is léir go follasach nach bhfuil aon bhaint le fírinne nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí ag an léiriú a lorgaíodh ar dhlí an Aontais, sa chás nach bhfuil san fhadhb ach cur i gcás nó fiú sa chás nach bhfuil na fíricí agus pointí dlí ag an gCúirt is gá le freagra fónta a thabhairt ar na ceisteanna arna gcur os a comhair (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Samhain 2009, Filipiak, C‑314/08, EU:C:2009:719, mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear).

58

Sa chás seo, is léir ó na cinntí tarchur chun réamhrialú go bhfuil baint dhíreach ag an gcéad cheist agus ag an tríú ceist le hAirteagal L. 621-10 de CMF seachas le hAirteagal L. 34-1 de CPCE agus le hAirteagal R. 10-13 de CPCE ach dá réir gur iarr AMF ar na hoibreoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí na sonraí tráchta maidir le glaonna teileafóin arna gcur ag VD agus SR a chur chuige, ar ar a mbonn a cuireadh iad faoi imscrúdú agus a bhfuil á gconspóid mar chuid de na príomhimeachtaí.

59

Ina theannta sin, is fíor go bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur go bunúsach, leis an dara ceist agus leis an tríú ceist arna gcur sna cásanna seo, atá ar aon dul leis an gcéad cheist, an bhféadfaí na héifeachtaí ar an reachtaíocht náisiúnta a chaomhnú go sealadach sa chás ina bhfionntar go bhfuil sí ar neamhréir le dlí an Aontais ar bhealach a sheachnódh éiginnteacht dhlíthiúil agus a chuirfeadh ar chumas na sonraí á gcoinneáil de bhun na reachtaíochta sin a úsáid chun críocha déileáil chos istigh a bhrath agus a ionchúiseamh.

60

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo agus iadsan de chuid an Abhcóide Ghinearálta i míreanna 44 - 47 dá Thuairim, ní mór a rialú go bhfuil gá go fóill le freagra ón gCúirt ar na ceisteanna arna gcur le réiteach a chur ar na díospóidí sna príomhimeachtaí, beag beann ar bhreithiúnas Conseil d’État [an Chomhairle Stáit] an 21 Aibreán 2021, French Data Network agus páirtithe eile (Uimh. 393099, 394922, 397844, 397851, 424717, 424718) nó ar chinneadh an Conseil constitutionnel (an Chúirt Bhunreachtúil) an 25 Feabhra 2022 (Uimh. 2021 - 976/977), lena ndearbhaíodh go bhfuil Airteagal L. 34-1 de CPCE, ina leagan dá dtagraítear i mír 20 den bhreithiúnas seo, míbhunreachtúil go páirteach.

61

Ar an dara dul síos, is fíor gur chuir ionadaí VD i gcoinne infheidhmeachta ratione temporis Rialachán Uimh. 596/2014 ag an éisteacht os comhair na Cúirte ar áitiú, go bunúsach, gur thit na fíricí i gceist amach sular tháinig an Rialachán seo i bhfeidhm. Dá bhrí sin, níl forálacha Threoir 2003/6 ábhartha ach chun críocha scrúdú a dhéanamh ar na ceisteanna arna gcur an chúirt a rinne an tarchur.

62

Chuige sin, ní mór a mheabhrú, de réir cásdlí comhsheasmhach, go bhfuil feidhm ag riail dlí nua ó theacht i bhfeidhm an ghnímh sin lena mbunaítear é agus cé nach bhfuil feidhm aici maidir le cásanna buansocraithe dlí a thiteadh amach faoin seandlí, tá feidhm aici maidir leis na héifeachtaí atá i ndán dóibh agus maidir le cásanna nua dlí. Ní hamhlaidh an scéal ach amháin má tá forálacha ar leith in éineacht leis an riail nua lena socraítear na coinníollacha ama lena fhorfheidhmiú go sainiúil, faoi réir phrionsabal neamh-aisghníomhaíochta na ngíomhartha dlí (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Eanáir 2019, E. B., C‑258/17, EU:C:2019:17, mír 50 agus an cásdlí dá dtagraítear agus breithiúnas an 14 Bealtaine 2020, Azienda Municipale Ambiente, C‑15/19, EU:C:2020:371, mír 57).

63

Mar sin féin, mar a luadh i míreanna 26 go 29 den bhreithiúnas seo, cé gur thit na himthosca dlí lena mbaineann sna cásanna sna príomhimeachtaí amach sular tháinig Rialachán Uimh. 596/2014 i bhfeidhm, lenar aisghaireadh Treoir 2003/6 agus a cuireadh in ionad Threoir 2003/6 le héifeacht ón 3 Iúil 2016, lean na príomhimeachtaí ar aghaidh tar éis an dáta sin agus mar sin, rialaítear na héifeachtaí ag na cásanna seo as sin amach le Rialachán Uimh. 596/2014, i gcomhréir leis an bprionsabal a luaitear sa mhír roimhe seo.

64

Tugtar le tuiscint uaidh sin go bhfuil feidhm ag forálacha Rialachán Uimh. 596/2014 maidir leis an gcás seo. Thairis sin, ní gá idirdhealú a dhéanamh idir na forálacha dá dtagraítear ag an gcúirt a rinne an tarchur agus na forálacha a eascraíonn as Treoir 2003/6 agus Rialachán Uimh. 596/2014, toisc gur cosúil go bunúsach a réim chun críocha an léirithe atá le déanamh ag an gCúirt mar chuid de na cásanna seo.

Na chéad cheisteanna

65

Lena céad ceisteanna, iarann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, ar cheart Airteagal 12(2)(a) agus (d) de Threoir 2003/6 agus ar Airteagal 23(2)(g) agus (h) de Rialachán Uimh. 596/2014, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58 agus i bhfianaise Airteagail 52(1), 7, 8 agus 11 den Chairt a léiriú amhail go gcuirtear toirmeasc leo ar bhearta reachtacha, amhail an beart coisctheach sna príomhimeachtaí lena bhforáiltear do shonraí tráchta a choinneáil go ginearálta agus go neamhidirdhealaitheach ar feadh bliana ón lá a dhéantar taifead orthu chun críocha sáruithe drochúsáide an mhargaidh, lena n‑áirítear déileáil chos istigh, a chomhrac.

66

Ní raibh na páirtithe agus na páirtithe leasmhara ar chuir tuairimí i scríbhinn faoi bhráid na Cúirte ar aon fhocal ina leith sin. De réir Rialtais na hEastóine, na hÉireann, na Spáinne agus na Fraince, tugann Airteagal 12(2)(a) agus (d) de Threoir 2003/6 agus Airteagal 23(2)(g) agus (h) de Rialachán Uimh. 596/2014 cumhacht don reachtas náisiúnta go hintuigthe ach go riachtanach oibleagáid a fhorchur ar oibreoirí cumarsáide leictreonaí na sonraí a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach chun a chur de chumas ar AMF déileáil chos istigh a bhrath agus pionós a ghearradh air. Mar is léir ó aithris 65 de Rialachán Uimh. 596/2014 gurb ionann na taifid agus fianaise thábhachtach chun déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh a chruthú agus a bhrath, bheadh géarghá lena leithéid d’oibleagáid choinneála chun a áirithiú go bhfuil idir na himscrúduithe agus na hionchúisimh de chuid an údáráis sin éifeachtach agus uime sin le háirithiú go bhfuil Airteagal 12(2)(a) agus (d) de Threoir 2003/6 agus Airteagal 23(2)(h) de Rialachán Uimh. 596/2014 éifeachtach, agus chun cuspóirí maidir le leas coiteann faoina dtugtar leis na hionstraimí sin a shaothrú, ar cuspóir dóibh sláine margaí airgeadais an Aontais a chinntiú agus cur le muinín infheisteoirí sna margaí sin.

67

Os a choinne sin, áitíonn VD, SR, Rialtas na Polainne agus an Coimisiún Eorpach nach rialaítear ach ceist na rochtana ar na sonraí sin leis na forálacha sin, sa mhéid nach ndéantar leo ach an chumhacht ceangal a chur ar oibreoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí taifid “atá ann cheana” de shonraí tráchta atá i seilbh na n‑oibreoirí sin a chur chuig na húdaráis a rialú.

68

I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú, ar an gcéad dul síos, gur cásdlí comhsheasmhach é, d’fhonn léiriú a dhéanamh ar fhoráil de dhlí an Aontais, gur gá ní hamháin tagairt a dhéanamh dá foclaíocht ach dá comhthéacs agus na cuspóirí chomh maith faoina dtugtar leis na rialacha ar cuid díobh í a mheas agus, go háirithe, do bhunús na reachtaíochta sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Aibreán 2018, Egenberger, C‑414/16, EU:C:2018:257 mír 44)

69

Maidir le foclaíocht na bhforálacha dá dtagraítear sna chéad cheisteanna, ní mór a rialú, cé go dtagraítear don chumhacht atá ag údarás inniúil in ábhair airgeadais “taifid de thrácht teileafóin atá ann cheana agus taifid de thrácht sonraí atá ann cheana a éileamh” le hAirteagal 12(2)(d) de Threoir 2003/6, déantar tagairt le hAirteagal 23(2)(g) agus (h) de Rialachán Uimh. 596/2014 do chumhacht an údaráis seo “taifid [...] atá ann cheana de chomhráite teileafóin, de chumarsáidí leictreonacha nó de thrácht sonraí eile atá i seilbh gnólachtaí infheistíochta, institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais” ar an gcéad dul síos agus “taifid de thrácht sonraí atá ann cheana, sa mhéid go gceadófar é faoin dlí naisiúnta, atá i seilbh oibreoir teileachumarsáide” ar an dara dul síos, a éileamh.

70

Is ríshoiléir ó fhoclaíocht na bhforálacha seo nach ndéantar leo ach cumhacht an údaráis sin na sonraí atá ag oibreoirí a “éileamh” a rialú agus sin amháin, arb ionann sin agus rochtain ar na sonraí sin. Ina theannta sin, tugtar le tuiscint leis an tagairt a dhéantar do na taifid “atá ann cheana féin”, amhail iadsan “i seilbh” na n‑oibreoirí sin, nach raibh sé de rún ag reachtas an Aontais údarás an reachtais náisiúnta dlí ar thaifid dá leithéid a choinneáil a rialú.

71

I ndáil leis sin, is tábhachtach a thabhairt chun cuimhne, de réir cásdlí comhsheasmhach, nach bhféadfaí gach éifeacht úsáideach atá ag foclaíocht shoiléir beacht na forála sin a bhaint de thoradh léiriú a dhéanamh ar fhoráil dhlí an Aontais. Dá bhrí sin, ní fhéadfaidh an Chúirt an léiriú sin a fhágáil i leataobh mar gur ríshoiléir brí forála de chuid dhlí an Aontais óna fhoclaíocht (breithiúnas an 25 Eanáir 2022, VYSOČINA WIND, C‑181/20, EU:C:2022:51, mír 39 agus an cásdlí dá dtagraítear).

72

Déantar an léiriú a leagan amach i mír 70 den bhreithiúnas seo le comhthéacs Airteagal 12(2)(a) agus (d) de Threoir 2003/6 agus Airteagal 23(2)(g) agus (h) de Rialachán Uimh. 596/2014 agus leis na cuspóirí faoina dtugtar leis na rialacha ar cuid díobh na forálacha sin.

73

Maidir le comhthéacs na bhforálacha sin, ní mór a thabhairt faoi deara, cé go raibh sé de rún ag reachtas an Aontais cur de cheangal ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh ionas go bhfuil sraith uirlisí agus cumhachtaí agus acmhainní éifeachtacha chomh maith leis na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin is gá ag na húdaráis atá inniúil in ábhair airgeadais chun a áirithiú go bhfuil a gcúraimí éifeachtúil faoi réir Airteagail 12(1) de Threoir 2003/6 agus Airteagail 23(3) de Rialachán Uimh. 596/2014, arna léamh i bhfianaise aithris 62 den Rialachán sin, nach dtugtar breith leis na forálacha seo, chun na críocha sin, ar aon údarás a bheadh ag na Ballstáit dlí ar oibreoirí cumarsáide leictreonaí sonraí tráchta a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach nó ar na coinníollacha ina bhfuil na sonraí seo le coinneáil ag na hoibreoirí sin chun críocha iad a chur chuig na húdaráis inniúla, de réir mar a bheidh.

74

Le hAirteagal 12(2) de Threoir 2003/6 agus Airteagal 23(2) de Rialachán Uimh. 596/2014, ní raibh sé de rún ag reachtas an Aontais ach cumhachtaí imscrúdúcháin clasaiceacha a thabhairt don údarás inniúil i gcúrsaí airgeadais, chun a áirithiú go bhfuil a chúraimí maoirseachta agus imscrúdúcháin éifeachtach, amhail na cumhachtaí sin lena gceadaítear don údarás sin rochtain a bheith aige ar dhoiciméid, cigireachtaí agus cuardaigh a dhéanamh, nó teagaisc nó toirmisc a eisiúint i gcoinne daoine a bhfuil amhras fúthu go ndearna siad cionta drochúsáide margaidh, lena n‑áirítear, inter alia, déileáil chos istigh.

75

Thairis sin, caithfear a lua nach ndlitear le forálacha Rialachán Uimh. 596/2014 lena rialaítear go sonrach na sonraí a choinneáil, eadhon, an fhomhír dheireanach d’Airteagal 11(5), an dara fomhír d’Airteagal 11(6), Airteagal 11(8) agus Airteagal 11(c), an chéad fhomhír d’Airteagal 17(1), Airteagal 18(5) agus Airteagal 28 den Rialachán sin, ach ar na hoibreoirí airgeadais iad a choinneáil mar a leagtar amach in Airteagal 23(2)(g) den Rialachán sin agus, uime sin, níl baint acu ach le sonraí maidir le hidirbhearta airgeadais agus le seirbhísí a chuireann na hoibreoirí ar leith ar fáil.

76

Maidir leis na cuspóirí faoina dtugtar leis an reachtaíocht atá i gceist, ní mór a thabhairt faoi deara gur léir, ar an gcéad dul síos, ó aithrisí 2 agus 12 de Threoir 2003/6 agus, ar an dara dul síos, ó Airteagal 1 de Rialachán Uimh. 596/2014, i bhfianaise aithrisí 2 agus 24 de, gurb é cuspóir na n‑ionstraimí sin sláine na margaí airgeadais san Aontas Eorpach a áirithiú agus cur le muinín infheisteoirí sna margaí sin, muinín atá bunaithe ar an bhfíoras go gcuirfear iad ar comhchéim agus go gcosnófar iad ar dhrochúsáid as faisnéis ón taobh istigh. Is é cuspóir an toirmisc ar dhéileáil chos istigh a leagtar síos in Airteagal 2(1) de Threoir 2003/6 agus in Airteagal 8(1) de Rialachán Uimh. 596/2014, mar sin, comhionannas na bpáirtithe i gconradh maidir le hidirbheart stocmhalartáin a áirithiú trí thoirmeasc a chur ar dhuine acu, a bhfuil faisnéis ón taobh istigh aige agus a bhfuil, dá bhrí sin, buntáiste aige i gcomparáid le hinfheisteoirí eile, leas a bhaint as an bhfaisnéis chun aimhleas na ndaoine nach bhfuil ar an eolas fúithi (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Márta 2022, Autorité des marchés financiers, C‑302/20, EU:C:2022:190, míreanna 43, 65 agus 77 agus an cásdlí dá dtagraítear).

77

Bíodh is gur fianaise thábhachtach na taifid seo le déileáil chos istigh nó le cúbláil mhargaidh a bhrath agus a chruthú de réir aithris 65 de Rialachán Uimh. 596/2014, ní thagraítear ach do na taifid atá “i seilbh” na n‑oibreoirí cumarsáide leictreonaí agus do chumhacht an údaráis inniúil a “éileamh” do na hoibreoirí go gcuirfidís na sonraí “atá ann cheana féin” chuig na húdaráis leis an aithris seo mar sin féin. Dá bhrí sin, ní léir ar chor ar bith ón aithris sin go raibh sé de rún ag reachtas an Aontais leis an Rialachán sin an chumhacht a thabhairt do na Ballstáit dlí ar na hoibreoirí cumarsáide leictreonaí na sonraí a choinneáil go ginearálta.

78

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, ní mór a rialú nach bhfuil Treoir 2003/6 nó Rialachán 596/2014 inléirithe amhail gur féidir leo a bheith ina mbunús dlíthiúil le dlí ar thaifid sonraí tráchta atá i seilbh ag oibreoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí a choinneáil chun críocha na gcumhachtaí a dheonaítear don údarás atá inniúil in ábhair airgeadais faoi Threoir 2003/6 agus faoi Rialachán Uimh. 596/2014 a fheidhmiú.

79

Ar an dara dul síos, ní mór a choinneáil i gcuimhne, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá aire i míreanna 53 agus 61 dá Thuairim, gurb í Treoir 2002/58 an gníomh tagartha i dtaobh stórála agus, níos ginearálta, i dtaobh sonraí pearsanta a phróiseáil san earnáil cumarsáide leictreonaí, rud a fhágann go rialaítear taifid sonraí tráchta atá i seilbh ag oibreoirí cumarsáide leictreonaí freisin leis an léiriú á dhéanamh ag an gCúirt i bhfianaise na Treorach seo, taifid a d’fhéadfadh na údaráis atá inniúil in ábhair airgeadais a éileamh uathu de réir bhrí Airteagal 11 de Threoir 2003/6 agus Airteagal 22 de Rialachán Uimh. 596/2014.

80

Go deimhin, de réir Airteagal 1(1) de Threoir 2002/58, foráiltear leis an Treoir sin, inter alia, do chomhchuibhiú na bhforálacha náisiúnta is gá chun leibhéal coibhéiseach cosanta do chearta agus saoirsí bunúsacha a áirithiú, agus go háirithe an ceart chun príobháideachta agus rúndachta, maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil in earnáil na cumarsáide leictreonaí, lena n‑áirítear an earnáil teileachumarsáide freisin.

81

Ina theannta sin, is léir ó Airteagal 3 den Treoir sin go bhfuil feidhm ag an Treoir sin maidir le próiseáil sonraí pearsanta i ndáil le soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí i líonraí cumarsáide poiblí san Aontas, lena n‑áirítear líonraí cumarsáide poiblí a thacaíonn le feistí bailithe agus aitheantais sonraí. Dá réir sin, ní mór a chinneadh go rialaítear gníomhaíochtaí soláthraithe na seirbhísí sin, lena n‑áirítear, go háirithe, oibreoirí teileachumarsáide leis an Treoir sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791,mír 93 agus an cásdlí dá dtagraítear).

82

I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, ní mór a rialú, mar a áitíonn an tAbhcóide Ginearálta go bunúsach i míreanna 62 agus 63 dá Thuairim, go ndéanfaí measúnú ar dhlíthiúlacht phróiseáil na dtaifid atá i seilbh ag na oibreoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí, de réir bhrí Airteagal 12(2)(d) de Threoir 2003/6 agus Airteagal 23(2)(g) agus (h) de Rialachán Uimh. 596/2014 i bhfianaise na gcoinníollacha dá bhforáiltear le Treoir 2002/58 agus i bhfianaise an léirithe arna dhéanamh ar an Treoir sin i gcásdlí na Cúirte.

83

Cuirtear treise leis an léiriú sin le hAirteagal 3(1)(27) de Rialachán Uimh. 596/2014, a mhéid a fhoráiltear leis gurb ionann taifid sonraí tráchta chun críocha an Rialacháin sin agus na taifid sin a shainmhínítear sa dara mír d’Airteagal 2(b) de Threoir 2002/58.

84

Thairis sin, de réir aithris 44 de Threoir 2003/6 agus aithrisí 66 agus 77 de Rialachán Uimh. 596/2014, tá na cuspóirí leis na hionstraimí sin le saothrú i gcomhréir leis na cearta bunúsacha agus na prionsabail bhunúsacha a thíolactar sa Chairt, lena n‑áirítear an ceart chun príobháideachais. Chuige sin, thug an tAontas le fios go sainráite in aithris 66 de Rialachán Uimh. 596/2014 chun críocha na gcumhachtaí a dheonaítear don Údarás um Margaí Airgeadais faoin Rialachán sin a fheidhmiú, a d’fhéadfadh a bheith ina chur isteach tromchúiseach ar an gceart go n‑urramófar saol, baile agus cumarsáid ó thaobh na príobháideachta agus an teaghlaigh, gur cheart go mbeadh cosaintí leordhóthanacha agus éifeachtacha i bhfeidhm ag na Ballstáit i gcoinne aon drochúsáid, mar shampla, ceanglas údarú roimh ré a fháil ó údaráis bhreithiúnacha Ballstáit lena mbaineann, i gcás inarb iomchuí. Ba cheart go gceadódh na Ballstáit go bhféadfadh údaráis inniúla na cumhachtaí ionsáite sin a fheidhmiú a mhéid is gá chun cásanna tromchúiseacha a imscrúdú go cuí i gcás nach bhfuil aon mhodh coibhéiseach ann chun an toradh céanna a bhaint amach go héifeachtach. Tugtar le tuiscint uaidh sin nach bhféadfaí tionchar a imirt ar chosaint ar shonraí pearsanta a dheonaítear faoi Threoir 2002/58 le bearta a rialaítear le Treoir 2003/6 agus le Rialachán Uimh. 596/2014 a fhorfheidhmiú in aon chás (féach, de réir analaí, breithiúnas an 29 Eanáir 2008, Promusicae, C 275/06, EU:C:2008:54, mír 57, agus breithiúnas an 17 Meitheamh 2021M. I. C.M, C‑597/19, EU:C:2021:492, mír 124 agus an cásdlí dá dtagraítear).

85

Dá bhrí sin, ní mór léiriú a dhéanamh ar Airteagal 12(2)(a) agus (d) de Threoir 2003/6 agus ar Airteagal 23(2)(g) agus (h) de Rialachán Uimh. 596/2014 amhail nach n‑údaraítear sonraí tráchta agus suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach chun cionta drochúsáide margaidh a chomhrac agus, go háirithe, i gcoinne an déileála chos istigh, ós rud é nach mór measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht le dlí an Aontais Eorpaigh lena bhforáiltear don choinneáil sin i bhfianaise Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna léamh i bhfianaise Airteagail 52(1), 7, 8 agus 11 den Chairt, arna léiriú le cásdlí na Cúirte.

86

Maidir leis an measúnú ar chomhréireacht reachtaíochta dá leithéid leis na forálacha seo, ní mór a mheabhrú, mar is léir ó mhíreanna 53, 54 agus 58 a léamh le chéile, cé go bhfuil Airteagal L. 621-10 de CMF i gcroílár na n-iarrataí ar réamhrialú seo faoinar iarr AMF ar na hoibreoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí na sonraí tráchta maidir le glaonna teileafóin arna gcur ag VD agus ag SR a tharchur, ar ar a mbonn a rinneadh taifead orthu, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 42 dá Thuairim, is “príomhfhorálacha” iad Airteagal L. 34-1 de CPCE chomh maith le hAirteagal R. 10-13 de CPCE agus Airteagal L. 621-10 de CMF á fhorfheidhmiú mar sin féin.

87

Go deimhin, is léir ó na mínithe de chuid na cúirte a rinne an tarchur, mar a dhéantar achoimre orthu i míreanna 27, 37 agus 38 den bhreithiúnas seo, gur bhailigh imscrúdaitheoirí AMF na sonraí tráchta i gceist faoi Airteagal L. 34-1 de CPCE, sa leagan is infheidhme sna príomhimeachtaí, a cuireadh roinnt eisceachtaí le mír III dó leis an bprionsabal dá dtagraítear i mír II de réir nach mór do na hoibreoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí na sonraí tráchta go léir a scriosadh nó a dhéanamh anaithnid, lena n‑áirítear an coinníoll “chun críocha cionta coiriúla a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh”. Chun na críocha sainiúla sin, cuireadh moill bhliain amháin ar líon áirithe sonraí a scriosadh nó a anaithnidiú.

88

Ar an dara dul síos, soiléiríonn an chúirt sin gurb iad na catagóirí sonraí a leagtar amach in Airteagal R. 10-13 de CPCE na cúig chatagóir sonraí atá i gceist le mír III d’Airteagal L. 34-1 de CPCE, sa leagan is infheidhme sna príomhimeachtaí, eadhon, faisnéis lena bhféadfaí an t‑úsáideoir a shainaithint; sonraí maidir leis an trealamh teirminéil cumarsáide a úsáidtear; saintréithe teicniúla agus dáta, am agus tréimhse gach cumarsáide; sonraí maidir leis na seirbhísí a iarradh agus a úsáideadh sa bhreis agus maidir leis na soláthraithe agus, ar deireadh, sonraí lena sainaithnítear seolaí nó seolaithe na cumarsáide. Thairis sin, is léir ó mhír II d’Airteagal R. 10-13 de CPCE, sa leagan is infheidhme maidir leis na príomhimeachtaí, gur féidir leis na hoibreoirí lena mbaineann sonraí chun an duine atá freagrach as an gcumarsáid agus an áit as ar tháinig sí a shainaithint i gcás gníomhaíochtaí teileafónaíochta.

89

Tugtar le tuiscint uaidh sin go dtagann na modhanna cumarsáide teileafóin go léir chomh maith le húsáideoirí na modhanna sin go léir faoin reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí gan aon idirdhealú nó eisceacht a dhéanamh ina leith sin. Thairis sin, is iad na sonraí is gá chun a fhionnadh cá háit as ar tháinig an chumarsáid agus cá bhfuil a tarraingt, chun dáta, am, tréimhse agus cineál na cumarsáide a shocrú, chun an trealamh cumarsáide arna úsáid a shainaithint agus chun a fhionnadh cá bhfuil an trealamh teirminéil agus an chumarsáide iad na sonraí a dhlitear leis an reachtaíocht seo ar na hoibreoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí a choinneáil, lena n‑áirítear, inter alia, ainm agus seoladh an úsáideora chomh maith le huimhreacha teileafóin an ghlaoiteora agus an pháirtí ar glaodh air.

90

Mar sin, cuirtear ar chumas, go háirithe, a fhionnadh cé a raibh úsáideoir an mhodh cumarsáide i dteagmháil leo agus cén modh ar úsáideadh le haghaidh na cumarsáide seo, dáta, am agus tréimhse na cumarsáide chomh maith leis an áit as ar cuireadh an chumarsáid a shocrú agus an áit ina bhfuil an trealaimh teirminéil a aimsiú gan gá le cumarsáid a iompar leis na sonraí nach mór a choinneáil ar feadh bliana mura bhfuil inneachar na cumarsáide lena mbaineann san áireamh iontu de réir na reachtaíochta náisiúnta i gceist. Thairis sin, cuirtear ar chumas leo a mhinice a dhéanann an t‑úsáideoir cumarsáid le daoine áirithe i dtréimhse áirithe a fhionnadh. Dá bhrí sin, ní mór a chinneadh, leis na sonraí sin a chur san áireamh ina n‑iomláine, go bhféadfar tátal an‑mhionsonraithe a bhaint maidir le saol príobháideach na ndaoine ar coinníodh a gcuid sonraí, amhail a nósanna laethúla, a n‑áiteanna cónaithe buana nó sealadacha, a gcuid imeachtaí laethúla nó eile, na gníomhartha a dhéanann siad, a gcaidreamh sóisialta agus na timpeallachtaí sóisialta ina mbíonn siad. Go háirithe, leis na sonraí sin, tá bealach ann chun próifíl de na hábhair sonraí a chur le chéile, ar faisnéis í sin atá cé chomh híogair le hábhar na cumarsáide i bhfianaise an chirt chun príobháideachais í (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 45 agus an cásdlí dá dtagraítear).

91

Maidir leis na cuspóirí atá á saothrú, ní mór a thabhairt faoi deara go bhféachtar, inter alia, leis an reachtaíocht atá i gceist le cionta coiriúla a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, lena n‑áirítear na cionta sin a bhaineann le drochúsáid mhargaidh, ar cuid díobh déileáil chos istigh.

92

I bhfianaise an méid a leagtar amach i míreanna 86 go 91 den bhreithiúnas seo, ní mór a chinneadh, leis an reachtaíocht atá i gceist, go ndearnadh foráil maidir leis an reachtas náisiúnta, chun críocha, inter alia, cionta coiriúla a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh agus an comhrac i gcoinne na coireachta, ar mhaithe le sonraí tráchta a stóráil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ar feadh bliain amháin ón lá a dhéantar taifead orthu.

93

Is léir go háirithe ó mhíreanna 140 go 168 de bhreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791) agus ó mhíreanna 59 - 101 de bhreithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (C‑140/20, EU:C:2022:258) nach bhféadfaí údar a thabhairt le cuspóirí dá leithéid faoi Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58.

94

Tugtar le tuiscint uaidh sin go bhfuil teorainneacha an dianghá á sárú agus nach bhféadfaí a chinneadh go bhfuil údar i sochaí dhaonlathach, mar a cheanglaítear le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna léamh i bhfianaise Airteagail 52(1), 7, 8 agus 11 den Chairt, le reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht i gceist sna príomhimeachtaí, lena gcuirtear de cheangal ar oibreoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí tráchta na n‑úsáideoirí modhanna cumarsáide leictreonaí go léir a stóráil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach mar bheart coisctheach chun críocha sháruithe drochúsáide an mhargaidh, lena n‑áirítear déileáil chos istigh, a chomhrac gan aon idirdhealú nó eisceacht a dhéanamh ina leith sin agus gan fionnadh an bhfuil an caidreamh riachtanach ann idir na sonraí le coinneáil agus an cuspóir faoina dtugtar de réir an chásdlí dá dtagraítear sa mhír roimhe seo (féach, chuige sin, de réir analaí, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, Privacy International, C‑623/17, EU:C:2020:790, mír 81).

95

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, an freagra atá le tabhairt ar na chéad cheisteanna sna cásanna C‑339/20 agus C‑397/20 ná go bhfuil léiriú le déanamh ar Airteagal 12(2)(a) agus (d) de Threoir 2003/6 agus ar Airteagal 23(2)(g) agus (h) de Rialachán Uimh. 596/2014, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58 agus i bhfianaise Airteagail 52(1), 7, 8 agus 11 den Chairt amhail go gcuirtear toirmeasc ar bhearta reachtacha, amhail an beart coisctheach sna príomhimeachtaí, lena bhforáiltear do shonraí tráchta a stóráil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ar feadh bliana ón lá a dhéantar taifead orthu chun críocha sháruithe drochúsáide an mhargaidh, lena n‑áirítear déileáil chos istigh, a chomhrac.

An dara agus an tríú ceist

96

Leis an dara agus an tríú ceist sna cásanna seo, atá le scrúdú le chéile, féachann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, le fiafraí an bhfuil léiriú le déanamh ar dhlí an Aontais amhail go bhféadfadh cúirt náisiúnta teorainn a chur leis na héifeachtaí ama ar dhearbhú neamhbhailíochta de réir dlí náisiúnta maidir le forálacha reachtacha náisiúnta lena gcuirtear de cheangal ar oibreoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí tráchta a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach de pháirt agus lena gcuirtear de chumas sonraí dá leithéid a chur chuig an údarás inniúil in ábhair airgeadais, gan údarú a fháil roimh ré ó chúirt nó údarás neamhspleách riaracháin, toisc go bhfuil an reachtaíocht sin ar neamhréir le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna léamh i bhfianaise na Cairte.

97

Ní mór a thabhairt chun cuimhne go gcumhdaítear tosaíocht dhlí an Aontais ar dhlí na mBallstát le prionsabal forlámhais dhlí an Aontais. Dá bhrí sin, ceanglaítear leis an bprionsabal sin ar údaráis uile na mBallstát lánéifeacht a thabhairt d’fhorálacha éagsúla dhlí an Aontais, ós rud é nach féidir le dlí na mBallstát difear a dhéanamh don éifeacht a thugtar do na forálacha sin i gcríoch na Stát sin. Faoin bprionsabal sin, mura féidir reachtaíocht náisiúnta a léiriú i gcomhréir le ceanglais dhlí an Aontais, tá cúirt náisiúnta atá freagrach as forálacha dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm faoi oibleagáid chun lánéifeacht a thabhairt do na forálacha sin laistigh de theorainneacha a dlínse, agus más gá uaithi féin aon fhoráil den reachtaíocht náisiúnta atá contrártha a fhágáil gan feidhm, fiú más foráil arna glacadh ina ndiaidh í, gan bheith uirthi an reachtaíocht sin a iarraidh a chur ar ceal roimh ré, nó fanacht leis sin, trí mheán reachtach nó trí phróiseas bunreachtúil eile (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 118 agus an cásdlí dá dtagraítear).

98

Is í an Chúirt Bhreithiúnais, agus í sin amháin, i gcásanna eisceachtúla agus de bharr cúinsí sáraitheacha maidir le deimhneacht dhlíthiúil, a fhéadfaidh a dheonú go gcuirfear ar fionraí an éifeacht atá le riail de chuid dhlí an Aontais i ndáil le dlí náisiúnta atá contrártha leis. Ní fhéadfar teorainn ar éifeachtaí ama léiriú an dlí sin arna thabhairt ag an gCúirt Bhreithiúnais a dheonú ach amháin sa bhreithiúnas céanna a thugtar maidir leis an léiriú a iarrtar. Bhainfí an bonn de thosaíocht dhlí an Aontais agus de chur i bhfeidhm aonfhoirmeach dhlí an Aontais dá mbeadh sé de chumhacht ag na cúirteanna náisiúnta tosaíocht a thabhairt d’fhorálacha náisiúnta ar dhlí an Aontais a sháraíonn na forálacha sin, fiú go sealadach (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 119 agus an cásdlí dá dtagraítear).

99

Is deimhin gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais, i gcás a bhaineann le dlíthiúlacht na mbeart arna nglacadh atá de shárú ar an oibleagáid réamhmheasúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag tionscadal ar an timpeallacht agus ar áit faoi chosaint, mar a fhógraítear le dlí an Aontais, gur féidir le cúirt náisiúnta éifeachtaí beart dá leithéid a chaomhnú go heisceachtúil, i gcás ina gceadaítear le dlí intíre é agus ina dtugtar údar lena gcaomhnú de bharr cúiseanna sáraitheacha i ndáil leis an mbagairt iarbhír thromchúiseach go gcuirfí isteach ar an soláthar leictreachais don Bhallstát lena mbaineann a sheachaint, rud atá doréitithe le bealaí agus roghanna eile, go háirithe laistigh de chreat an mhargaidh inmheánaigh, agus nach féidir na héifeachtaí sin a chaomhnú ach go ceann téarma a bhfuil dianghá leis chun an neamhdhlíthiúlacht sin a leigheas (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Iúil 2019, Inter-Environnement Wallonie agus Bond Beter Leefmilieu Vlaanderen, C‑411/17, EU:C:2019:622, míreanna 175, 176, 179 agus 181).

100

Ina theannta sin, murab ionann agus oibleagáid nós imeachta a ligean thar ceal, amhail réamhmheasúnú ar éifeachtaí tionscadail, a thagann faoi réimse sonrach chosaint na timpeallachta, is doleigheasta trí bhíthin nós imeachta atá inchurtha leis an nós imeachta dá dtagraítear sa mhír roimhe seo é sárú ar Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna léamh i bhfianaise Airteagail 52(1), 7, 8 agus 11 den Chairt (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 121 agus an cásdlí dá dtagraítear).

101

Go deimhin, dá gcaomhnófaí éifeachtaí reachtaíocht náisiúnta amhail mar atá i gceist sna príomhimeachtaí, d’fhágfaí go leanfaí, faoin reachtaíocht, d’fhorchur oibleagáidí atá contrártha le dlí an Aontais ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus lena mbaineann cur isteach tromchúiseach ar chearta bunúsacha na ndaoine a bhfuil a sonraí coinnithe (féach, de réir analaí, breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 122 agus an cásdlí dá dtagraítear).

102

Ní féidir leis an gcúirt a rinne an tarchur, mar atá fúithi de réir dlí náisiúnta, teorainn a chur leis na héifeachtaí ama ar dhearbhú go bhfuil reachtaíocht náisiúnta, maidir leis an reachtaíocht náisiúnta atá faoi cheist sna príomhimeachtaí neamhbhailí (féach, de réir analaí, breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 123 agus an cásdlí dá dtagraítear).

103

Thairis sin, ní mór a shonrú freisin, nár cuireadh teorainn leis na héifeachtaí ama ar thionchar an léirithe a tugadh i mbreithiúnais an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile (C‑203/15 agus C‑698/15, EU:C:2016:970), agus an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791), ionas gurb amhlaidh, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 98 den bhreithiúnas seo, nár cheart teorainn a chur leis na héifeachtaí ama le breithiúnas de chuid na Cúirte Breithiúnais i ndiaidh na mbreithiúnas sin.

104

Faoi dheireadh, i bhfianaise go dtugtar iarratais ar fhianaise neamh-inghlactha a fuarthas ó na sonraí tráchta a dhearbhú, ar an bhforas go bhfuil na forálacha náisiúnta i gceist ar neamhréir le dlí an Aontais i ndáil le sonraí a choinneáil agus rochtain orthu araon, is gá an tionchar ar an gcinneadh a chinneadh go bhfuil Airteagal L. 621-10 de CMF, sa leagan is infheidhme maidir le fíorais na bpríomhimeachtaí, ar neamhréir le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna léamh i bhfianaise Airteagail 52(1), 7, 8, agus 11 den Chairt, maidir le hinghlacthacht na fianaise a agraíodh i gcoinne VD agus SR mar chuid de na príomhimeachtaí.

105

Chuige sin, is leor tagairt do chásdlí na Cúirte Breithiúnais ar an ábhar sin, go háirithe do na prionsabail dá dtagraítear i míreanna 41 go 44 de bhreithiúnas an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí maidir le cumarsáid leictreonach) (C‑746/18, EU:C:2021:152) gur faoin dlí náisiúnta atá a leithéid d’inghlacthacht, faoi réir phrionsabal an chomhionannais agus phrionsabal na héifeachtachta, i gcomhréir le prionsabal neamhspleáchais ó thaobh nósanna imeachta na mBallstát.

106

Maidir leis an bprionsabal sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne go gcuirtear de cheangal ar an gcúirt choiriúil neamhaird a dhéanamh ar fhaisnéis agus ar fhianaise a fhaightear trí bhíthin sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach mar atá ar neamhréir le dlí an Aontais nó fiú trí bhíthin rochtain ag údarás inniúil ar na sonraí seo de shárú ar an gceart seo, ar cuid d’imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i gcoinne daoine a bhfuiltear in amhras go bhfuil gníomhartha coiriúla déanta acu, sa chás nach bhfuil na daoine seo ábalta aon rud éifeachtúil a rá maidir leis an bhfaisnéis sin nó maidir leis an bhfianaise sin, a eascraíonn as réimse nach bhfuil eolas ag na cúirteanna faoi agus a d’fhéadfadh tionchar trom a bheith aige ar na fíorais [féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí maidir le cumarsáid leictreonach), C‑746/18, EU:C:2021:152, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear].

107

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra atá le tabhairt ar an dara ceist agus ar an tríú ceist sna cásanna seo ná go bhfuil léiriú le déanamh ar dhlí an Aontais amhail go gcuirtear toirmeasc ar chúirt náisiúnta ar theorannú ama a dhéanamh ar éifeachtaí atá ar dhearbhú neamhbhailíochta atá fúithi de réir dlí náisiúnta maidir le forálacha reachtacha náisiúnta lena gcuirtear de cheangal ar oibreoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí tráchta a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach de pháirt agus lena gcuirtear de chumas sonraí dá leithéid a chur chuig an údarás inniúil in ábhair airgeadais, gan údarú a fháil roimh ré ó chúirt nó údarás neamhspleách riaracháin, toisc go bhfuil an reachtaíocht sin ar neamhréir le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna leamh i bhfianaise na Cairte den pháirt eile. Tagann inghlacthacht fianaise a fhaightear faoi fhorálacha reachtacha náisiúnta a bhfuil ar neamhréir le dlí an Aontais, i gcomhréir le prionsabal uathriail nós imeachta na mBallstát, faoi réim an dlí náisiúnta faoi réir phrionsabal an chomhionannais agus prionsabal na héifeachtachta a chomhlíonadh.

Maidir leis na costais

108

Ós rud é, a mhéid a bhaineann leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Ní mór Airteagal 12(2)(a) agus (d) de Threoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (drochúsáid mhargaidh) agus Airteagal 23(2)(g) agus (h) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an Rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach), arna leasú le Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 agus i bhfianaise Airteagail 52(1), 7, 8 agus 11 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

a léiriú amhail go:

gcuirtear toirmeasc ar bhearta reachtacha lena bhforáiltear, mar bheart coisctheach, do shonraí tráchta a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ar bhonn sealadach, eadhon, bliain amháin ón lá a dhéantar taifead orthu, chun críocha dhrochúsáid an mhargaidh, lena n‑áirítear déileáil chos istigh, a chomhrac.

 

2.

Ní mór dlí an Aontais Eorpaigh

a léiriú amhail:

go gcuirtear toirmeasc ar chúirt náisiúnta ar theorannú ama a dhéanamh ar éifeachtaí atá ar dhearbhú neamhbhailíochta atá fúithi de réir dlí náisiúnta maidir le forálacha reachtacha náisiúnta lena gcuirtear de cheangal ar oibreoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí tráchta a stóráil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach de pháirt agus lena gcuirtear de chumas sonraí dá leithéid a chur chuig an údarás inniúil in ábhair airgeadais, gan údarú a fháil roimh ré ó chúirt nó údarás neamhspleách riaracháin, toisc go bhfuil an reachtaíocht sin ar neamhréir le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna leasú le Treoir 2009/136 arna léamh i bhfianaise na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh den pháirt eile. Go dtagann inghlacthacht fianaise a fhaightear faoi fhorálacha reachtacha náisiúnta a bhfuil ar neamhréir le dlí an Aontais, i gcomhréir le prionsabal uathriail nós imeachta na mBallstát, faoi réim an dlí náisiúnta faoi réir phrionsabal an chomhionannais agus prionsabal na héifeachtachta a chomhlíonadh.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Fhraincis.