BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Tríú Dlísheomra)

28 Aibreán 2022 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 80 – Ionadaíocht ar dhaoine bainteach le comhlachas seachbhrábúsach – Caingean ionadaíoch arna tabhairt ag comhlachas cosanta leasanna tomhaltóirí in éagmais sainordú agus gan beann ar shárú ar chearta ábhair sonraí – Caingean bunaithe ar an toirmeasc ar chleachtais tráchtála éagóracha, sárú ar dhlí maidir le cosaint tomhaltóirí nó toirmeasc ar úsáid téarmaí agus coinníollacha atá ar neamhní)

I gCás C‑319/20,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ón Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme, an Ghearmáin), trí bhreith an 28 Bealtaine 2020, a fuarthas ag an gCúirt an 15 Iúil 2020, sna himeachtaí idir

Meta Platforms Ireland Limited, ar a dtugtaí Facebook Ireland Limited

v

Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände – Verbraucherzentrale Bundesverband e.V.,

tugann AN CHÚIRT (an Tríú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: A. Prechal, Uachtarán an Dara Dlísheomra, ag gníomhú mar Uachtarán an Tríú Dlísheomra, J. Passer, F. Biltgen, L.S. Rossi (Rapóirtéir) agus N. Wahl, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: J. Richard de la Tour,

Cláraitheoir: M. Krausenböck, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 23 Meán Fómhair 2021,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Meta Platforms Ireland Limited, ag H.-G. Kamann, M. Braun agus H. Frey, Rechtsanwälte, agus V. Wettner, Rechtsanwältin,

Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände – Verbraucherzentrale Bundesverband e.V., ag P. Wassermann, Rechtsanwalt,

Rialtas na Gearmáine, ag D. Klebs agus J. Möller, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na hOstaire, ag A. Posch agus G. Kunnert agus J. Schmoll, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Portaingéile, ag L. Inez Fernandes agus C. Vieira Guerra, P. Barros da Costa agus L. Medeiros, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ar dtús ag F. Erlbacher, H. Kranenborg agus D. Nardi, agus ina dhiaidh sin ag F. Erlbacher agus H. Kranenborg, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ginearálta ag éisteacht an 2 Nollaig 2021

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh seo ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 80(1) agus (2) agus Airteagal 84(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1) (‘RGCS’).

2

Rinneadh an iarraidh in imeachtaí idir Meta Platforms Ireland Limited, ar a dtugtaí Facebook Ireland Limited, a bhfuil a oifig chláraithe in Éirinn, agus Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände – Verbraucherzentrale Bundesverband e.V. (Cumann Cónaidhme Eagraíochtaí agus Comhlachais Tomhaltóirí, an Ghearmáin) (‘an Cumann Cónaidhme’) maidir le sárú ag Meta Platforms Ireland ar reachtaíocht na Gearmáine maidir le sonraí pearsanta a chosaint arb é atá ann, ag an am céanna, cleachtas tráchtála éagórach, sárú ar dlí a bhaineann le cosaint tomhaltóirí agus sárú ar an toirmeasc ar úsáid téarmaí agus coinníollacha ginearálta atá ar neamhní.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

RGCS

3

Sonraítear in aithrisí 9, 10, 13 agus 142 de RGCS:

‘(9)

Tá cuspóirí agus prionsabail Threoir [95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO 1995 L 281, lch. 31)] fónta i gcónaí, ach níor éirigh léi an ilroinnt a chosc sa dóigh a gcuirtear cosaint sonraí chun feidhme ar fud an Aontais, ná níor éirigh léi an éiginnteacht dhlíthiúil a chosc ná tuiscint choiteann an phobail gurb ann do rioscaí suntasacha do dhaoine nádúrtha, go háirithe iad sin i dtaca le gníomhaíocht ar líne. Aon difríochtaí sa leibhéal cosanta do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha, go háirithe an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint, sna Ballstáit i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil, féadfaidh siad an saorshreabhadh sonraí pearsanta ar fud an Aontais a chosc. D'fhéadfadh na difríochtaí sin a bheith ina mbacainn ar shaothrú gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar leibhéal an Aontais, d'fhéadfaidís an iomaíocht a shaobhadh agus bac a chur ar údaráis i gcomhlíonadh a bhfreagrachtaí faoi dhlí an Aontais. Tá difríocht den sórt sin sna leibhéil cosanta ann toisc go bhfuil difríochtaí ann sa chaoi inar cuireadh Treoir 95/46/CE chun feidhme agus i bhfeidhm.

(10)

Chun leibhéal comhsheasmhach cosanta agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus chun na bacainní ar shreabhadh sonraí pearsanta laistigh den Aontas a bhaint, ba cheart an leibhéal céanna cosanta a bheith i ngach Ballstát do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí den sórt sin. Ba cheart a áirithiú go gcuirtear na rialacha maidir le cosaint cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go haonchineálach ar fud an Aontais i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil. […]

[…]

(13)

Chun leibhéal comhsheasmhach cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha ar fud an Aontais agus chun dibhéirseachtaí a chuireann isteach ar shaorshreabhadh sonraí pearsanta laistigh den mhargadh inmheánach a chosc, is gá Rialachán a ghlacadh chun deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht a sholáthar d'oibreoirí eacnamaíocha, lena n‑áirítear micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, agus chun an leibhéal céanna de chearta atá in‑fhorfheidhmithe ó thaobh dlí a sholáthar do dhaoine nádúrtha sna Ballstáit uile, agus oibleagáidí agus freagrachtaí a sholáthar do rialaitheoirí agus do phróiseálaithe, chun faireachán comhsheasmhach ar phróiseáil sonraí pearsanta agus pionóis choibhéiseacha a áirithiú i ngach Ballstát chomh maith le comhar éifeachtach idir údaráis mhaoirseachta na mBallstát éagsúil. […]

[…]

(142)

I gcás ina measann ábhar sonraí go bhfuil a chearta nó a cearta faoin Rialachán seo á sárú, ba cheart an ceart a bheith aige nó aici sainordú a thabhairt do chomhlacht, d'eagraíocht nó do chomhlachas seachbhrabúsach a bhunaítear i gcomhréir le dlí Ballstáit, a bhfuil cuspóirí reachtúla chun leas an phobail aige nó aici agus atá gníomhach sa réimse maidir le sonraí pearsanta a chosaint, gearán a chur faoi bhráid údarás maoirseachta ar a shon nó ar a son, agus ba cheart an ceart a bheith aige nó aici an ceart chun leigheas breithiúnach a fháil a fheidhmiú ar son ábhar sonraí nó an ceart chun cúiteamh a fháil ar son ábhar sonraí, má dhéantar foráil don chás deireanach sin i ndlí Ballstáit. Féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh go mbeadh sé de cheart ag comhlacht, ag eagraíocht nó ag comhlachas den sórt sin gearán a thaisceadh sa Bhallstát sin, neamhspleách ar shainordú ábhair sonraí, i mBallstát den sórt sin, agus go mbeadh an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil aige nó aici i gcás ina bhfuil cúiseanna ann lena meas gur sáraíodh cearta ábhair sonraí mar thoradh ar phróiseáil sonraí pearsanta a sháraíonn an Rialachán seo. Ní fhéadfaidh an comhlacht, an eagraíocht nó an comhlachas sin cúiteamh a éileamh thar ceann an ábhair sonraí go neamhspleách ar shainordú an ábhair sonraí.

4

Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 1(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Ábhar agus cuspóirí’:

Sa Rialachán seo leagtar síos rialacha maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus rialacha maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.’

5

Foráiltear le hAirteagal 4(1) de RGCS:

‘Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha saineathanta nó in‑sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in‑sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin.’

6

‘Cearta an ábhair sonraí’ is é an teideal do Chaibidil III de RGCS, ina n‑áirítear Airteagail 12 go 23.

7

Leagtar síos le hAirteagal 12(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Faisnéis thrédhearcach, cumarsáid agus módúlachtaí i dtaca le feidhmiú chearta an ábhair sonraí’:

‘Déanfaidh an rialaitheoir na bearta is iomchuí chun aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 agus aon chumarsáid faoi Airteagal 15 go hAirteagal 22 agus faoi Airteagal 34 a bhaineann le próiseáil na sonraí pearsanta, a sholáthar don ábhar sonraí i bhfoirm atá gonta, trédhearcach, intuigthe agus a bhfuil rochtain éasca uirthi, a mbaintear feidhm inti as teanga shoiléir agus as gnáthfhriotal, go háirithe maidir le haon fhaisnéis atá dírithe go sonrach ar leanbh. Is i scríbhinn a chuirfear an fhaisnéis ar fáil, nó trí mheán eile, lena n‑áirithítear, i gcás inarb iomchuí i bhfoirm leictreonach. Nuair a iarrann an t‑ábhar sonraí amhlaidh, féadfar an fhaisnéis a sholáthar ó bhéal, ar choinníoll gur deimhníodh céannacht an ábhair sonraí ar mhodh eile.’

8

Foráiltear le hAirteagal 13(1)(c) agus (e) de RGCS, dar teideal ‘An fhaisnéis a bheidh le soláthar i gcás go mbailítear sonraí ón ábhar sonraí’:

‘I gcás go mbailítear sonraí pearsanta a bhaineann le hábhar sonraí ón ábhar sonraí, tabharfaidh an rialaitheoir an fhaisnéis uile seo a leanas don ábhar sonraí tráth a gheofar na sonraí pearsanta:

[…]

(c)

críocha na próiseála dá bhfuil na sonraí pearsanta beartaithe chomh maith leis an mbunús dlí don phróiseáil;

[…]

(e)

i gcás inarb infheidhme, faighteoirí na sonraí pearsanta nó catagóirí fhaighteoirí na sonraí pearsanta, más ann dóibh …;

9

Is é ‘Leigheasanna, dliteanas agus pionóis’ an teideal do Chaibidil VIII den Rialachán sin, ina gcuimsítear Airteagail 77 go 84.

10

Foráiltear le hAirteagal 77(1) de RGCS, dar teideal ‘An ceart chun gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta’:

‘Gan dochar d'aon leigheas riaracháin nó breithiúnach eile, beidh sé de cheart ag gach ábhar sonraí gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta, go háirithe sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi, ina (h)áit oibre nó áit an tsáraithe a líomhnaítear, má mheasann an t‑ábhar sonraí go sáraíonn an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi an Rialachán seo.’

11

Leagtar síos le hAirteagal 78(1) de RGCS, dar teideal ‘An ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcoinne údarás maoirseachta’:

‘Gan dochar do leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach ar bith eile, beidh an ceart ag gach duine nádúrtha nó dlíthiúil leigheas éifeachtach breithiúnach a fháil i gcoinne cinneadh a bhaineann leo a dhéanann údarás maoirseachta agus atá ina cheangal de réir dlí.’

12

Foráiltear le hAirteagal 79(1) de RGCS, dar teideal ‘Ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcoinne rialaitheoir nó próiseálaí’:

‘Gan dochar d'aon leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach atá ar fáil, lena n‑áirítear an ceart gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta de bhun Airteagal 77, beidh an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil ag gach ábhar sonraí i gcás ina measann sé nó sí gur sáraíodh a gcearta faoin Rialachán seo mar thoradh ar phróiseáil a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta i neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo.’

13

Tá na focail seo a leanas in Airteagal 80 de RGCS, dar teideal ‘Ionadaíocht d'ábhair sonraí’:

‘1.   Beidh an ceart ag an ábhar sonraí sainordú a thabhairt do chomhlacht, d'eagraíocht nó do chomhlachas seachbhrabúsach, atá comhdhéanta mar is ceart i gcomhréir le dlí Ballstáit, a bhfuil cuspóirí reachtacha chun leas an phobail aige nó aici, agus atá gníomhach sa réimse cosanta sonraí ó thaobh cearta agus saoirsí ábhar sonraí a chosaint i ndáil lena sonraí pearsanta a chosaint, ar sainordú é chun an gearán a thaisceadh ar a shon nó ar a son, chun na cearta dá dtagraítear in Airteagal 77, in Airteagal 78 agus in Airteagal 79 a fheidhmiú ar a shon nó ar a son, agus chun an ceart cúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 82 a fháil ar a shon nó ar a son i gcás ina bhforáiltear dó sin le dlí Ballstáit.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhfuil sé de cheart ag aon chomhlacht, eagraíocht nó comhlachas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, neamhspleách ar shainordú ábhair sonraí, gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 77, sa Bhallstát sin, agus na cearta dá dtagraítear in Airteagal 78 agus in Airteagal 79 a fheidhmiú má mheasann sé gur sáraíodh cearta ábhair sonraí faoin Rialachán seo mar thoradh ar an bpróiseáil.’

14

Foráiltear le hAirteagal 82(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘An ceart chun cúiteamh a fháil agus dliteanas’:

‘Aon duine a mbaineann damáiste ábhartha nó neamhábhartha dó mar thoradh ar shárú an Rialacháin seo, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí as an damáiste a bhain dó.’

15

Leagtar síos lehAirteagal 84(1) de RGCS, dar teideal ‘Pionóis’:

‘Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis eile is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo, go háirithe sáruithe nach bhfuil faoi réir fíneálacha riaracháin de bhun Airteagal 83, agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh pionóis den sórt sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.’

Treoir 2005/29/CE

16

Is é cuspóir Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘an Treoir maidir le Cleachtais Trádála Éagóracha’) (IO 2005 L 149, lch. 22) de réir Airteagal 1 de, rannchuidiú le dea‑fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach trí dhlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát a chomhfhogasú maidir le cleachtais tráchtála éagóracha a dhéanann dochar do leasanna eacnamaíocha tomhaltóirí.

17

Faoi Airteagal 5 de Threoir 2005/29, dar teideal ‘Toirmeasc ar chleachtais tráchtála éagóracha’:

‘1.   Toirmiscfear cleachtais tráchtála éagóracha.

2.   Beidh cleachtas tráchtála éagórach más rud é:

(a)

go bhfuil sé contrártha do cheanglais an díchill ghairmiúil,

agus

(b)

go ndéanann sé saobhadh ábhartha nó ar dóigh dó an t‑iompar eacnamaíoch a shaobhadh go hábhartha maidir le táirge an ghnáth‑thomhaltóra a shroicheann sé nó a bhfuil sé dírithe air, nó maidir le meánbhall an ghrúpa nuair a dhírítear cleachtas tráchtála ar ghrúpa áirithe tomhaltóirí.

[…]

5.   Tá liosta in Iarscríbhinn I de na cleachtais tráchtála sin a mheasfar i ngach cás iad a bheith éagórach. …’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

18

Foráiltear le hAirteagal 11(1) den treoir sin, dar teideal ‘Forfheidhmiú’:

‘1.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú gurb ann do mhodhanna leordhóthanacha éifeachtacha chun cleachtais tráchtála éagóracha a chomhrac chun comhlíonadh fhorálacha na Treorach seo a fhorfheidhmiú ar mhaithe le tomhaltóirí.

Áireofar ar na modhanna sin forálacha dlíthiúla faoina bhféadfaidh daoine nó eagraíochtaí a meastar faoin dlí náisiúnta go bhfuil leas dlisteanach acu chun cleachtais tráchtála éagóracha a chomhrac, lena n‑áirítear iomaitheoirí:

(a)

caingean dlí a thionscnamh i gcoinne cleachtais tráchtála éagóracha den sórt sin;

agus/nó

(b)

cleachtais tráchtála éagóracha den sórt sin a thabhairt os comhair údaráis riaracháin atá inniúil chun cinneadh a dhéanamh maidir le gearáin nó chun imeachtaí dlíthiúla iomchuí a thionscnamh.

Is faoi gach Ballstát a bheidh sé a chinneadh cé acu de na saoráidí sin a bheidh ar fáil agus cé acu a chumasú na cúirteanna nó na húdaráis riaracháin iarradh ar dul i muinín modhanna seanbhunaithe eile maidir le déileáil le gearáin, lena n‑áirítear na cinn dá dtagraítear in Airteagal 10. Beidh na saoráidí sin ar fáil is cuma cé acu a bhfuil na tomhaltóirí a ndéantar difear dóibh ar chríoch an Bhallstáit ina bhfuil an trádálaí lonnaithe nó i mBallstát eile.

[…]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

19

Foráiltear le pointe 26 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29, ina bhfuil liosta de chleachtais tráchtála éagóracha i ngach cás:

‘Iarrachtaí marthanacha agus gan iarraidh a dhéanamh ar an teileafón, trí fhacs, trí ríomhphost nó trí mheáin chianda eile ach amháin in imthosca agus a mhéid a bhfuil údar maith leo faoin dlí náisiúnta chun oibleagáid chonarthach a fhorghníomhú. Tá sé seo gan dochar do … [Treoir 95/46] […]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Treoir 2009/22/CE

20

Faoi Airteagal 1 de Threoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint (IO 2009 L 110, lch. 30), dar teideal ‘Raon feidhme’:

‘1.   Is é cuspóir na Treorach seo comhfhogasú a dhéanamh ar dhlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le gníomhaíochtaí le haghaidh urghaire dá dtagraítear in Airteagal 2 atá dírithe ar leasanna comhchoiteanna tomhaltóirí a áirítear sna Treoracha a liostaítear in Iarscríbhinn I a chosaint, d’fhonn feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

2.   Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn sárú aon ghníomh atá contrártha do na Treoracha atá liostaithe in Iarscríbhinn I, mar a thrasuitear i ndlíchórais inmheánacha na mBallstát iad, a dhéanann dochar do na leasanna comhchoiteanna dá dtagraítear i mír 1.’

[Aistriúchán Neamhoifigiúil]

21

Tá na focail seo a leanas in Airteagal 7 de Threoir 2009/22, dar teideal ‘Forálacha le haghaidh gníomhaíochta níos leithne’:

‘Ní chuirfear cosc leis an Treoir seo ar na Ballstáit forálacha a ghlacadh nó a choimeád i bhfeidhm atá ceaptha chun cearta níos forleithne a thabhairt d’eintitis cháilithe agus d’aon duine eile lena mbaineann chun caingean a thionscnamh ar an leibhéal náisiúnta.’

[Aistriúchán Neamhoifigiúil]

22

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/22, tá liosta de na treoracha AE dá dtagraítear in Airteagal 1 de. I bpointe 11 den iarscríbhinn sin déantar tagairt do Threoir 2005/29.

Treoir (AE) 2020/1828

23

Sonraítear in Aithrisí 11, 13 agus 15 de Threoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n‑aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO 2020 L 409, lch. 1):

‘(11)

Níor cheart an Treoir seo a chur in ionad sásraí náisiúnta nós imeachta atá ann cheana chun comhleasanna tomhaltóirí nó leasanna tomhaltóirí aonair a chosaint. Ag cur a dtraidisiúin dlí san áireamh, ba cheart é a bheith faoi dhiscréid na mBallstát an sásra nós imeachta le haghaidh caingne ionadaíocha a cheanglaítear leis an Treoir seo a dhearadh mar chuid de shásra nós imeachta atá ann cheana nó mar chuid de shásra nós imeachta nua le haghaidh comhbhearta urghaire nó comhbhearta sásaimh, nó mar shásra nós imeachta ar leith, ar choinníoll go gcloíonn sásra náisiúnta nós imeachta amháin le haghaidh caingne ionadaíocha ar a laghad leis an Treoir seo. … Dá mbeadh sásraí nós imeachta ann ar an leibhéal náisiúnta sa bhreis ar an sásra nós imeachta a cheanglaítear leis an Treoir seo, ba cheart don eintiteas cáilithe bheith in ann rogha a dhéanamh cé acu sásra nós imeachta a úsáid.

[…]

(13)

Ba cheart go léireodh raon feidhme na Treorach seo an dul chun cinn a rinneadh le déanaí maidir le cosaint tomhaltóirí. Ós rud é go bhfuil na tomhaltóirí ag feidhmiú anois i láthair margaidh atá níos leithne agus ina bhfuil an digiteáil níos forleithne ná riamh, is gá réimsí éagsúla amhail cosaint sonraí, seirbhísí airgeadais, taisteal agus turasóireacht, fuinneamh, agus teileachumarsáid a chumhdach faoin Treoir seo, sa bhreis ar dhlí ginearálta na dtomhaltóirí, chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach. […]

[…]

(15)

Ba cheart nár dhochar an Treoir seo do na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus, dá bhrí sin, níor cheart don Treoir seo na sainmhínithe a leagtar síos sna gníomhartha dlí sin a athrú ná a leathnú, nó aon sásra forfheidhmithe a d’fhéadfadh a bheith sna gníomhartha dlí sin a ionadú. Mar shampla, d’fhéadfaí na sásraí forfheidhmithe dá bhforáiltear i [RGCS] nó atá bunaithe ar an Rialachán sin a úsáid fós, i gcás inarb infheidhme, chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint.’

24

Foráiltear le hAirteagal 2(1) den treoir sin, dar teideal ‘Raon feidhme’:

‘Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le caingne ionadaíocha a thugtar in aghaidh sáruithe ag trádálaithe ar na forálacha de chuid dhlí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, lena n‑áirítear na forálacha sin mar a thrasuitear iad sa dlí náisiúnta, a dhéanann díobháil do chomhleasanna tomhaltóirí nó a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh dóibh. Ní dochar an Treoir seo d’fhorálacha dhlí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I. […]’

25

Foráiltear le hAirteagal 24(1) den treoir sin, dar teideal ‘Trasuí’:

Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 25 Nollaig 2022. Cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 25 Meitheamh 2023.

[…]’

26

Déantar tagairt do RGCS i bpointe 56 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2020/1828, ina bhfuil liosta forálacha dhlí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de.

Dlí na Gearmáine

An dlí maidir le hurghairí

27

Faoi Mhír 2 den Gesetz über Unterlassungsklagen bei Verbraucherrechts- und anderen Verstößen (Dlí maidir le hurghairí i gcoinne sáruithe ar dhlí na dtomhaltóirí agus sáruithe eile) an 26 Samhain, 2001 (BGBl. 2001 I, lch. 3138), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘an Dlí maidir le hUrghairí’):

‘(1)   Aon duine a sháróidh rialacha atá i bhfeidhm chun tomhaltóirí a chosaint (dlíthe um chosaint tomhaltóirí), seachas le linn téarmaí agus coinníollacha ginearálta a chur i bhfeidhm nó a mholadh, féadfaidh sé a bheith faoi réir ordaithe um scor agus éirí as nó faoi réir ordú toirmisc ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí. […]

(2)   Chun críocha na forála seo, ciallaíonn “dlíthe um chosaint tomhaltóirí”, go háirithe:

[…]

11. na rialacha lena sainítear dleathacht

(a)

de bhailiú sonraí pearsanta tomhaltóra ag gnóthas nó

(b)

próiseáil nó úsáid sonraí pearsanta a bhailigh gnóthas i ndáil le tomhaltóir,

i gcás ina ndéantar na sonraí a bhailiú, a phróiseáil nó a úsáid chun críocha poiblíochta, taighde margaidh agus tuairime, úsáid ag gníomhaireacht faisnéise, bunaíocht phearsantachta agus próifíle úsáide, d’aon ghnó sonraí eile nó chun críocha tráchtála comhchosúla.’

28

Sonraíonn an Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Chónaidhme, an Ghearmáin), faoi phointe 1 den chéad abairt de mhír 3(1) den Dlí um Urghairí, go bhféadfaidh comhlachtaí a bhfuil seasamh acu imeachtaí a thionscnamh, de réir bhrí mhír 4 den dlí sin, ar an gcéad dul síos, i gcomhréir le mír 1 den dlí sin, urghaire a lorg i gcoinne úsáid téarmaí agus coinníollacha ginearálta atá ar neamhní faoi mhír 307 den Bürgerliches Gesetzbuch (Cód Sibhialta) agus, ar an dara dul síos, urghaire a lorg i gcoinne sáruithe ar an dlí um chosaint tomhaltóirí, laistigh de bhrí mhír 2(2) den dlí sin.

An dlí i gcoinne iomaíocht éagórach

29

Foráiltear le mír 3(1) den Gesetz gegen den unlauteren Wettbewerb (Dlí i gcoinne iomaíocht éagórach) an 3 Iúil 2004 (BGB1. 2004 I, lch. 1414), sa leagan is infheidhme maidir leis na príomhimeachtaí (‘an Dlí i gcoinne iomaíocht éagórach’):

‘Toirmiscfear cleachtais tráchtála éagóracha.’

30

Tá na focail seo a leanas i mír 3a den Dlí i gcoinne iomaíocht éagórach:

‘Measfar duine a bheith ag gníomhú go héagórach i gcás ina sáraíonn sé foráil reachtúil atá beartaithe freisin chun iompar margaidh a rialáil ar mhaithe le rannpháirtithe sa mhargadh agus gur dóigh go mbeadh drochthionchar suntasach ag an sárú ar leasanna na dtomhaltóirí, na rannpháirtithe eile sa mhargadh nó na n‑iomaitheoirí.’

31

Leagtar síos i mír 8 den Dlí i gcoinne iomaíochta éagórach:

‘(1)   Féadfaidh aon chleachtas tráchtála atá neamhdhleathach faoi mhír 3 nó faoi mhír 7 a bheith ina chúis le hordú um scor agus éirí as agus, i gcás go dtarlaíonn sé arís, ordú um staonadh nó ordú toirmisc. […]

[…]

(3)   Is iad seo a leanas a fhéadfaidh iarratais ar na hurghairí dá dtagraítear i bhfomhír (1) a dhéanamh:

[…]

3.

eintitis cháilithe a thugann fianaise ar aird go bhfuil siad ar áireamh ar liosta na n‑eintiteas cáilithe, i gcomhréir le mír 4 den [Dlí maidir le hurghairí] […]’

An Dlí maidir le Meáin Leictreonacha

32

Sonraíonn an Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Chónaidhme) go raibh mír 13(1) den Telemediengesetz (‘an Dlí maidir le Meáin Leictreonacha’) an 26 Feabhra 2007 (BGB1. 2007 I, lch. 179) infheidhme go dtí gur tháinig RGCS i bhfeidhm. Ón dáta sin, tá Airteagail 12 go 14 de RGCS curtha in ionad na forála sin.

33

Faoin gcéad abairt de mhír 13(1) den Dlí maidir le Meáin Leictreonacha:

‘Ó thús na húsáide, cuirfidh an soláthraí seirbhíse an t‑úsáideoir ar an eolas i bhfoirm a bheidh sothuigthe go huilíoch maidir leis an modh, an méid agus an cuspóir a bhaineann le bailiú agus úsáid sonraí pearsanta agus maidir le próiseáil a chuid nó a cuid sonraí i Stáit nach dtagann faoi raon feidhme [Treoir 95/46] a mhéid nár cuireadh é sin in iúl dó nó di cheana féin.’

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear

34

Is é Meta Platforms Ireland, a bhainistíonn soláthar seirbhísí an líonra sóisialta ar líne Facebook san Aontas Eorpach, an rialtóir ar shonraí pearsanta d’úsáideoirí an líonra sóisialta sin san Aontas Eorpach. Cuireann Facebook Germany GmbH, a bhfuil a oifig chláraithe aige sa Ghearmáin, díol spás fógraíochta chun cinn ag an seoladh idirlín www.facebook.de. Áirítear ar ardán idirlín Facebook, inter alia, ag an seoladh idirlín www.facebook.de, limistéar ar a dtugtar ‘App-Zentrum’ (‘Ionad Aipe’) ar a gcuireann Meta Platforms Ireland cluichí saor in aisce a sholáthraíonn tríú páirtithe ar fáil d’úsáideoirí. Nuair a thugtar cuairt ar an Ionad Aipe de chuid de na cluichí sin, feictear tásc lena gcuirtear in iúl don úsáideoir go gcuireann úsáid an fheidhmchláir lena mbaineann ar chumas na cuideachta cluichíochta méid áirithe sonraí pearsanta a fháil agus, tríd an úsáid sin, go dtugtar cead di sonraí a fhoilsiú thar ceann an úsáideora sin, amhail a scór agus faisnéis eile. Is é iarmhairt na húsáide sin go nglacann an t‑úsáideoir le téarmaí agus coinníollacha ginearálta an fheidhmchláir agus lena bheartas um chosaint sonraí. Ina theannta sin, i gcás cluiche ar leith, sonraítear go bhfuil cead ag an bhfeidhmchlár stádas, grianghraif agus faisnéis eile a phostáil thar ceann an úsáideora sin.

35

Measann an tAontas Cónaidhme, comhlacht a bhfuil seasamh aige faoi mhír 4 den Dlí maidir le hUrghairí, go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraíonn na cluichí lena mbaineann san Ionad Aipe éagórach, go háirithe maidir le mainneachtain comhlíonadh na ceanglais dhlíthiúla a bhaineann le toiliú bailí a fháil ón úsáideoir faoi na forálacha lena rialaítear cosaint sonraí. Thairis sin, measann sé gur coinníoll ginearálta é an ráiteas go bhfuil cead ag an bhfeidhmchlár faisnéis phearsanta áirithe faoin úsáideoir a fhoilsiú thar a cheann nó thar a ceann, rud a chuireann an t‑úsáideoir faoi mhíbhuntáiste go míchuí.

36

Sa chomhthéacs sin, thionscain an tAontas Cónaidhme caingean le haghaidh urghaire os comhair Landgericht Berlin (an Chúirt Réigiúnach, Beirlín, an Ghearmáin) i gcoinne Meta Platforms Ireland bunaithe ar mhír 3a den Dlí i gcoinne iomaíocht éagórach, agus ar an gcéad abairt de phointe 11 de mhír 2(2) den Dlí maidir le hUrghairí agus ar an gCód Sibhialta. Thionscain sé an chaingean sin go neamhspleách ar shárú sonrach ar cheart an ábhair sonraí chun cosaint dá shonraí nó dá sonraí agus gan sainordú a bheith ag duine den sórt sin déanamh amhlaidh.

37

Rialaigh Landgericht Berlin (an Chúirt Réigiúnach, Beirlín) i gcoinne Meta Platforms Ireland, i gcomhréir leis an ordú arna lorg ag an Aontas Cónaidhme. Díbheadh an t‑achomharc a thug Meta Platforms Ireland os comhair Kammergericht Berlin (Cúirt Réigiúnach Uachtarach, Beirlín, an Ghearmáin). Rinne Meta Platforms Ireland achomharc ansin ar phointe dlí (Athbhreithniú) os comhair na cúirte a rinne an tarchur i gcoinne an chinnidh dífhostaithe a ghlac an Kammergericht Berlin (An Ard-Chúirt Réigiúnach, Beirlín).

38

Measann an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil bunús maith leis an gcaingean a thionscain an tAontas Cónaidhme, sa mhéid gur sháraigh Meta Platforms Ireland mír 3a den Dlí i gcoinne iomaíocht éagórach agus an chéad abairt de phointe 11 de mhír 2(2) den Dlí maidir le hUrghairí, agus gur úsáid sé coinníoll ginearálta ar neamhní, de réir bhrí mhír 1 den Dlí maidir le hUrghairí.

39

Mar sin féin, tá amhras ar an gcúirt sin maidir le hinghlacthacht na gníomhaíochta a thionscain an tAontas Cónaidhme. Tá sí den tuairim nach féidir a chur as an áireamh gur chaill an tAontas Cónaidhme, a raibh seasamh aige go deimhin chun imeachtaí a thionscnamh ar an dáta a thionscain sé an chaingean – ar bhonn mhír 8(3) den Dlí i gcoinne iomaíocht éagórach agus pointe 1 den chéad abairt de mhír 3(1) den Dlí maidir le hUrghairí – an stádas sin le linn na n‑imeachtaí, tar éis theacht i bhfeidhm RGCS agus, go háirithe, Airteagal 80(1) agus (2) agus Airteagal 84(1) de. Dá mba é sin an cás, bheadh ar an gcúirt a rinne an tarchur seasamh leis an achomharc ar phointe dlí arna thabhairt ag Meta Platforms Ireland agus caingean an Aontais Chónaidhme a dhíbhe, toisc, faoi dhlí nós imeachta na Gearmáine, nach mór do sheasamh chun imeachtaí a thionscnamh maireachtáil go dtí deireadh na n‑imeachtaí ag an gcéim dheiridh.

40

De réir na cúirte a rinne an tarchur, níl an freagra ina leith sin soiléir ón measúnú ar fhoclaíocht, scéim agus cuspóirí fhorálacha RGCS.

41

Maidir le foclaíocht fhorálacha RGCS, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire go dtoimhdítear leis an seasamh chun imeachtaí a thionscnamh ag comhlachtaí seachbhrabúsach, eagraíochtaí nó comhlachais atá comhdhéanta go cuí i gcomhréir le dlí Ballstáit a thionscnamh, de bhun Airteagal 80(1) de RGCS, go bhfuil sainordú tugtha ag an ábhar sonraí do chomhlacht, d’eagraíocht nó do chomhlachas chun go bhfeidhmeoidh sé ar a shon nó ar a son na cearta dá dtagraítear in Airteagail 77 go 79 de RGCS agus an ceart chun cúitimh dá dtagraítear in Airteagal 82 de RGCS i gcás ina bhforáiltear amhlaidh le dlí Ballstáit.

42

Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur nach gcumhdaítear le seasamh chun imeachtaí a thionscnamh faoi Alt 8(3)(3) den Dlí i gcoinne iomaíocht éagórach, caingean den sórt sin a thionscnaítear ar bhonn sainordaithe agus ar son ábhar sonraí chun a chuid nó a cuid cearta pearsanta a dhearbhú. Os a choinne sin, tugann sé do chomhlachas, de bhua cirt atá ar leith dó agus a eascraíonn as mír 3(1) agus mír 3a den Dlí i gcoinne iomaíocht éagórach, seasamh chun imeachtaí a thionscnamh ar bhonn oibiachtúil i gcoinne sáruithe ar fhorálacha RGCS, neamhspleách ar shárú chearta sonracha na n‑ábhar na sonraí agus ar shainordú a bhféadfaidís tabhairt dó.

43

Ina theannta sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire nach bhforáiltear le hAirteagal 80(2) de RGCS do sheasamh comhlachais imeachtaí a thionscnamh chun cur i bhfeidhm, go hoibiachtúil, an dlí maidir le cosaint sonraí pearsanta a áirithiú ós rud é go dtoimhdítear leis an bhforáil sin gur sáraíodh go réadach cearta ábhar sonraí atá leagtha síos RGCS mar thoradh ar phróiseáil sonraí sonracha.

44

Ina theannta sin, ní fhéadfaidh seasamh comhlachais imeachtaí a thionscnamh, amhail an seasamh dá bhforáiltear i mír 8(3) den Dlí i gcoinne iomaíocht éagórach, teacht as Airteagal 84(1) de RGCS, faoina mbeidh na Ballstáit chun na rialacha a leagan síos i ndáil le pionóis eile is infheidhme maidir le sáruithe ar an rialachán sin agus na bearta uile is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní féidir a mheas go bhfuil seasamh comhlachais, amhail an ceann dá dtagraítear i mír 8(3) den Dlí i gcoinne iomaíocht éagórach, ina ‘phionós’ de réir bhrí na forála sin de RGCS.

45

Maidir le scéim fhorálacha an RGCS, measann an chúirt a rinne an tarchur go bhféadfaí tátal a bhaint as an bhfíoras gur chomhchuibhigh sí, inter alia, cumhachtaí na n‑údarás maoirseachta agus gur faoi na húdaráis sin go príomha atá sé cur i bhfeidhm na bhforálacha den rialachán sin a fhíorú. Mar sin féin, féadfaidh an abairt ‘gan dochar d’aon leigheas eile […]’, atá in Airteagal 77(1), in Airteagal 78(1) agus (2) agus in Airteagal 79(1) de RGCS, an bonn a bhaint den argóint go bhfuil maoirseacht ar chur i bhfeidhm an dlí á rialú go hiomlán ag an rialachán sin.

46

Maidir le cuspóir fhorálacha RGCS, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire go bhféadfadh éifeachtacht an rialacháin sin tacú le hargóint i bhfabhar comhlachas a bhfuil seasamh acu imeachtaí a thionscnamh ar bhonn dhlí na hiomaíochta, i gcomhréir le mír 8(3)(3) den Dlí i gcoinne iomaíocht éagórach, neamhspleách ar shárú ar chearta sonracha na n‑ábhar sonraí, ós rud é go gceadófaí leis sin go mbeadh deis bhreise ann fanacht le maoirsiú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an dlí, chun leibhéal cosanta chomh hard agus is féidir a áirithiú do shonraí pearsanta, i gcomhréir le haithris 10 de RGCS. Mar sin féin, d’fhéadfaí a mheas trí ghlacadh leis go bhfuil seasamh ag comhlachais imeachtaí a thionscnamh faoi dhlí na hiomaíochta contrártha do chuspóir an chomhchuibhithe atá á shaothrú ag RGCS.

47

I bhfianaise na mbreithnithe sin, chinn an Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Chónaidhme) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhair réamhrialú:

“An gcuirtear cosc leis na rialacha i gCaibidil VIII, go háirithe in Airteagal 80(1) agus (2) agus Airteagal 84(1), de [RGCS] ar rialacha náisiúnta – i dteannta cumhachtaí idirghabhála na n‑údarás maoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh agus as an Rialachán agus na roghanna maidir le sásamh dlíthiúil d’ábhair sonraí a fhorfheidhmiú – lena dtugtar cumhacht, ar thaobh amháin, d’iomaitheoirí agus, ar an taobh eile, do chomhlachais, d’eintitis agus do chumainn atá i dteideal faoin dlí náisiúnta, imeachtaí a thionscnamh i leith sáruithe ar [RGCS], go neamhspleách ar sárú ar chearta sonracha ábhar sonraí agus gan sainordú a bheith tugtha dó ag ábhar sonraí, i gcoinne [an duine atá freagrach as an sárú sin] os comhair na gcúirteanna sibhialta ar bhonn an toirmisc ar chleachtais tráchtála éagóracha nó sárú ar dlí um chosaint tomhaltóirí nó toirmeasc ar úsáid téarmaí agus coinníollacha ginearálta atá ar neamhní?’

An cheist arna tarchur chun réamhrialú

48

Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar is léir, go háirithe, ó mhíreanna 36 agus 41 go 44 thuas, go bhfuil an díospóid sna príomhimeachtaí idir comhlachas cosanta tomhaltóirí, amhail an tAontas Cónaidhme, agus Meta Platforms Ireland agus go mbaineann sí leis an gceist an bhféadfaidh comhlachas den sórt sin imeachtaí a thionscnamh i gcoinne na cuideachta sin d’éagmais sainordaithe arna dheonú dó chun na críche sin agus go neamhspleách ar shárú ar chearta sonracha na n‑ábhar sonraí.

49

Sna himthosca sin, mar a thug an Coimisiún faoi deara i gceart ina bharúlacha i scríbhinn, braitheann freagra na ceiste a tharchuirtear i gcomhair réamhrialú go hiomlán ar léiriú ar Airteagal 80(2) de RGCS, ós rud é nach bhfuil forálacha Airteagal 80(1) de RGCS agus Airteagal 84 de RGCS ábhartha sa chás seo. Ar an gcéad dul síos, le cur i bhfeidhm Airteagal 80(1) de RGCS toimhdítear go bhfuil sainordú tugtha ag an ábhar sonraí don chomhlacht, don eagraíocht nó don chomhlachas seachbhrabúsach dá dtagraítear san fhoráil sin na bearta dlí dá bhforáiltear in Airteagail 77 go 79 de RGCS a ghlacadh ar a shon nó ar a son. Tá comhthuiscint ann nach amhlaidh mar atá sna príomhimeachtaí, toisc go ngníomhaíonn an tAontas Cónaidhme go neamhspleách ar aon sainordú ó ábhar sonraí. Ar an dara dul síos, tá comhthuiscint ann go mbaineann Airteagal 84 de RGCS leis na pionóis riaracháin agus coiriúla is infheidhme maidir le sáruithe ar an rialachán sin, nach bhfuil i gceist ach an oiread sna príomhimeachtaí.

50

Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach n‑ardaítear sa chás sna príomhimeachtaí an cheist maidir le seasamh iomaitheoirí chun caingean a thionscnamh. Dá bhrí sin, ní gá freagra a thabhairt ach ar an gcuid den cheist a bhaineann leis an seasamh de chomhlachais, de chomhlachtaí agus de chomhlachais arna n‑údarú faoin dlí náisiúnta caingean a thionscnamh, dá dtagraítear in Airteagal 80(2) de RGCS.

51

Dá bhrí sin, ní mór an cheist a tharchuireann an chúirt a rinne an tarchur a thuiscint mar cheist lena fháil amach, go bunúsach, an gá Airteagal 80(2) de RGCS a léiriú amhail is go gciallaíonn sé go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta a thugann cead do chomhlachas cosanta leasanna tomhaltóirí caingean a thionscnamh, in éagmais sainordú chun na críche sin agus gan beann ar shárú ar chearta nithiúla ábhair sonraí, i gcoinne an té a líomhnaítear go ndearna sé sárú ar dhlíthe um chosaint sonraí pearsanta, trína líomhnaítear sárú an toirmisc ar chleachtais tráchtála éagóracha, ar reachtaíocht um chosaint tomhaltóirí nó toirmeasc ar úsáid téarmaí agus coinníollacha atá ar neamhní.

52

D’fhonn an cheist sin a fhreagairt, ní mór a mheabhrú, mar is léir ó aithris 10 de RGCS, go bhféachtar leis an rialachán sin, inter alia, le cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus aonchineálach na rialacha maidir le cosaint na gceart agus na saoirsí bunúsacha de dhaoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ar fud an Aontais Eorpaigh a áirithiú agus chun deireadh a chur le constaicí ar shreabhadh sonraí pearsanta laistigh den Aontas Eorpach.

53

Sa chomhthéacs sin, rialaítear i gCaibidil VIII den Rialachán sin, inter alia, na leigheasanna dlíthiúla lena gcumasaítear cearta an ábhair sonraí a chosaint i gcás ina ndearnadh próiseáil ar a chuid nó ar a cuid sonraí pearsanta a líomhnaítear a bheith contrártha d’fhorálacha an rialacháin sin. Mar sin, féadfaidh ábhar na sonraí nó eintiteas údaraithe cosaint na gceart sin a lorg, cibé acu an bhfuil sainordú chuige sin nó nach bhfuil, de bhun Airteagal 80 de RGCS.

54

Mar sin, ar an gcéad dul síos, tá an ceart ag an ábhar sonraí gearán a thaisceadh é nó í féin le húdarás maoirseachta Ballstáit nó caingean a thionscnamh os comhair na gcúirteanna sibhialta náisiúnta. Go sonrach, tá sé de cheart ag an ábhar sonraí sin gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta, i gcomhréir le hAirteagal 77 de RGCS, an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach i gcoinne údaráis mhaoirseachta, de bhun Airteagal 78 de RGCS, an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach i gcoinne rialaitheoir nó próiseálaí, dá bhforáiltear in Airteagal 79 de RGCS, agus an ceart cúiteamh a fháil ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí as an dochar a rinneadh, faoi Airteagal 82 de RGCS.

55

Ina dhiaidh sin, i gcomhréir le hAirteagal 80(1) de RGCS, tá an ceart ag an ábhar sonraí sainordú a thabhairt do chomhlacht, d’eagraíocht nó do chomhlachas seachbhrabúsach, faoi réir coinníollacha áirithe, gearán a thaisceadh thar a cheann nó thar a ceann nó na cearta dá dtagraítear sna hairteagail dá dtagraítear thuas a fheidhmiú ar a shon nó ar a son.

56

I gcomhréir le hAirteagal 80(2) de RGCS, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil a dhéanamh go bhfuil an ceart ag aon chomhlacht, eagraíocht nó chomhlachas, go neamhspleách ar shainordú ábhar sonraí arna dheonú ag ábhar sonraí, a thaisceadh, sa Bhallstát i dtrácht, gearán leis an údarás maoirseachta, de bhun Airteagal 77 den rialachán sin, agus na cearta dá dtagraítear in Airteagail 78 agus in 79 de a fheidhmiú, má mheasann sé gur sáraíodh cearta ábhair sonraí faoin rialachán sin mar thoradh ar an bpróiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi.

57

Chuige sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar is léir ó Airteagal 1(1) de RGCS, arna léamh i bhfianaise, inter alia, aithrisí 9, 10 agus 13 de, go bhféachtar leis an Rialachán sin le comhchuibhiú na reachtaíochta náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta a áirithiú, ar comhchuibhiú iomlán é, i bprionsabal. Mar sin féin, le forálacha an rialacháin sin is féidir leis na Ballstáit rialacha náisiúnta breise, níos déine nó maolaitheacha a leagan síos, rud a fhágann lánrogha dóibh maidir leis an mbealach ina bhféadfar na forálacha sin a chur chun feidhme (‘clásail tosaigh’).

58

Chuige sin, ní mór a mheabhrú, de réir chásdlí socair na Cúirte, de bhun Airteagal 288 CFAE agus de bhua nádúr na rialachán agus a bhfeidhme i gcóras foinsí dhlí an Aontais, go mbíonn éifeacht láithreach go ginearálta ag forálacha na rialachán sin sna córais dlí náisiúnta gan é a bheith riachtanach do na húdaráis náisiúnta bearta cur i bhfeidhm a ghlacadh. Mar sin féin, d’fhéadfadh go mbeadh gá le bearta cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun iad a chur chun feidhme i gcás roinnt de na forálacha sin (breithiúnas an 15 Meitheamh 2021, Facebook Ireland agus páirtithe eile, C‑645/19, EU:C:2021:483, mír 110 agus an cásdlí dá dtagraítear).

59

Is amhlaidh an cás, inter alia, maidir le hAirteagal 80(2) de RGCS, a fhágann lánrogha ag na Ballstáit maidir lena chur chun feidhme. Mar sin, ionas gur féidir dul ar aghaidh leis an ngníomh ionadaíoch gan sainordú dá bhforáiltear san fhoráil sin, ní mór do na Ballstáit úsáid a bhaint as an rogha a chuirtear ar fáil dóibh leis an bhforáil sin chun foráil a dhéanamh ina ndlí náisiúnta don mhodh ionadaíochta sin do na hábhair sonraí.

60

Mar sin féin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, i míreanna 51 agus 52 dá Thuairim, nuair a fheidhmíonn na Ballstáit an rogha a thugtar dóibh le clásal tosaigh den sórt sin, nach mór dóibh a lánrogha a úsáid faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha a leagtar síos leis na forálacha de RGCS agus nach mór dóibh, dá bhrí sin, reachtaíocht a reachtú ar bhealach nach mbainfear an bonn d’inneachar agus d’aidhmeanna an rialacháin sin.

61

Sa chás seo, mar a dheimhnigh Rialtas na Gearmáine ag an éisteacht sa chás seo, níor ghlac reachtóir na Gearmáine, tar éis an teacht i bhfeidhm de RGCS, forálacha ar leith a ceapadh go sonrach chun Airteagal 80(2) den Rialachán sin a chur chun feidhme ina dhlí náisiúnta. Ceadaítear cheana féin leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, a glacadh chun Treoir 2009/22 a thrasuí, do chomhlachais chosanta tomhaltóirí caingean a thionscnamh i gcoinne an duine a líomhnaítear a bheith freagrach as sárú ar na dlíthe um chosaint sonraí pearsanta. Tugann an rialtas sin faoi deara, ina theannta sin, ina breithiúnas an 29 Iúil 2019, Fashion ID (C‑40/17, EU:C:2019:629), maidir le léiriú ar fhorálacha Threoir 95/46, gur chinn an Chúirt nach gcuirtear cosc leis na forálacha sin ar an reachtaíocht náisiúnta.

62

Sna himthosca sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i bpointe 60 dá Thuairim, is gá, go bunúsach, a fhionnadh cibé an dtagann nó nach dtagann na rialacha náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí faoi raon feidhme na lánrogha a thugtar do gach Ballstát le hAirteagal 80(2) de RGCS agus mar sin an fhoráil sin a léiriú agus foclaíocht agus scéim agus cuspóirí an rialacháin sin á gcur san áireamh.

63

Chuige sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go gceadaítear le hAirteagal 80(2) de RGCS do na Ballstáit foráil a dhéanamh do shásra gníomhaíochta ionadaíoch i gcoinne an duine a líomhnaítear a bheith freagrach as sárú ar na dlíthe um chosaint sonraí pearsanta, agus roinnt ceanglas á leagan amach ag an am céanna ar leibhéal an raon feidhme pearsanta agus ábhartha nach mór a chomhlíonadh chun na críche sin.

64

Sa chéad áit, maidir leis an raon feidhme pearsanta de shásra den sórt sin, tugtar seasamh chun caingean a thionscnamh, do chomhlacht, d’eagraíocht nó do chomhlachas a chomhlíonann na critéir atá leagtha amach in Airteagal 80(1) de RGCS. Go háirithe, san fhoráil sin déantar tagairt do chearta agus saoirsí de ‘chomhlacht, d'eagraíocht nó [de] chomhlachas seachbhrabúsach, atá comhdhéanta mar is ceart i gcomhréir le dlí Ballstáit, a bhfuil cuspóirí reachtacha chun leas an phobail aige nó aici, agus atá gníomhach sa réimse cosanta sonraí ó thaobh cearta agus saoirsí ábhar sonraí a chosaint i ndáil lena sonraí pearsanta a chosaint’.

65

Ní mór glacadh leis go bhféadfaidh comhlachas um chosaint tomhaltóirí, amhail an tAontas Cónaidhme, teacht faoi raon feidhme an choincheapa sin sa mhéid go saothraíonn sé cuspóir leasa phoiblí arb é atá ann cearta agus saoirsí na n‑ábhar sonraí a choimirciú ina gcáil mar thomhaltóirí, ós rud é gur dócha go mbainfeadh baint amach de chuspóir den sórt sin le cosaint sonraí pearsanta na ndaoine sin.

66

Maidir le sárú ar na rialacha atá beartaithe chun tomhaltóirí a chosaint nó chun cleachtais tráchtála éagóracha a chomhrac – sárú a bhfuil sé d’aidhm ag comhlachas cosanta tomhaltóirí, amhail an tAontas Cónaidhme, é a chosc agus a phionós a ghearradh ina leith, inter alia trí dhul ar iontaoibh gníomhaíochtaí le haghaidh urghaire dá bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta is infheidhme – d’fhéadfadh baint a bheith aige, mar atá sa chás seo, le sárú na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta na dtomhaltóirí sin.

67

Sa dara háit, maidir le raon feidhme ábhartha an tsásra sin, toimhdítear le feidhmiú na gníomhaíochta ionadaí dá bhforáiltear in Airteagal 80(2) de RGCS ag eintiteas a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 den airteagal sin, go ‘measann an t‑eintiteas sin, neamhspleách ar aon sainordú a dtugtar dó, gur sáraíodh cearta ábhair sonraí faoin [r]ialachán sin mar thoradh ar phróiseáil’ dá shonraí nó dá sonraí pearsanta.

68

Chuige sin, ní mór a shonrú, ar dtús, chun críocha caingean ionadaíoch a thionscnamh, de réir bhrí Airteagal 80(2) de RGCS, nach bhféadtar a cheangal ar eintiteas den sórt sin sainaithint aonair a dhéanamh roimh ré den duine a bhaineann go sonrach le próiseáil sonraí a líomhnaítear a bheith contrártha d’forálacha RGCS.

69

Is leor a thabhairt faoi deara go gcuimsítear leis an gcoincheap ‘ábhar sonraí’, de réir bhrí Airteagal 4(1) den Rialachán sin, ní hamháin ‘duine nádúrtha sainaitheanta’, ach ‘duine nádúrtha in‑sainaitheanta’ freisin, eadhon duine nádúrtha, ‘is féidir a shainaithint’, go díreach nó go hindíreach, trí thagairt d’aitheantóir amhail, inter alia, ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh nó aitheantóir ar líne. Sna himthosca sin, d’fhéadfaí gur leor freisin ainmniú de chatagóir nó de ghrúpa daoine a ndéanfaidh an chóireáil sin difear dóibh chun caingean ionadaíoch den sórt sin a thionscnamh.

70

Ar an dara dul síos, faoi Airteagal 80(2) de RGCS, níl tionscnamh caingne ionadaíche faoi réir ach an oiread sárú sonrach a bheith ann ar na cearta a fhaigheann duine ó na rialacha um chosaint sonraí.

71

Mar is léir ó fhoclaíocht na forála sin, a mheabhraítear i mír 67 den bhreithiúnas seo, ní thoimhdítear le taisceadh caingne ionadaíche ach go ‘measann’ an t‑eintiteas lena mbaineann go bhfuil cearta an ábhair sonraí a leagtar síos sa Rialachán sin sáraithe mar thoradh ar phróiseáil dá shonraí nó dá sonraí pearsanta agus go líomhnaíonn sé mar sin go bhfuil próiseáil sonraí ann atá contrártha le forálacha an rialacháin sin.

72

Dá bhrí sin, d’fhonn a aithint go bhfuil seasamh ag eintiteas den sórt sin chun imeachtaí a thionscnamh faoin bhforáil sin, gur leor a éileamh go bhféadfadh an phróiseáil sonraí lena mbaineann difear a dhéanamh do na cearta a fhaigheann daoine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta ón rialachán sin, gan é a bheith riachtanach dochar iarbhír a d’fhulaing an t‑ábhar sonraí a chruthú, i gcás ar leith, mar gheall ar shárú ar a chearta nó ar a cearta.

73

Tá léiriú den sórt sin comhsheasmhach leis na ceanglais a eascraíonn as Airteagal 16 CFAE agus Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus, ar an gcaoi sin, leis an gcuspóir atá á shaothrú ag RGCS arb é atá ann cosaint éifeachtach na gceart agus na saoirsí bunúsacha de dhaoine nádúrtha a áirithiú agus, go háirithe, ardleibhéal cosanta a áirithiú do cheart gach duine chun sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Meitheamh 2021, Facebook Ireland agus páirtithe eile, C‑645/19, EU:C:2021:483, míreanna 44, 45 agus 91).

74

Trína údarú do chomhlachais um chosaint tomhaltóirí, amhail an tAontas Cónaidhme, caingne a thionscnamh, trí bhíthin sásra caingne ionadaíche, lena lorgaítear go gcuirfear deireadh le próiseáil atá contrártha d’fhorálacha an rialacháin sin, neamhspleách ar shárú chearta an duine aonair agus a ndéanann an sárú sin difear dó go sonrach, rannchuidíonn sé, gan amhras, le cearta na n‑ábhar sonraí a neartú agus lena áirithiú go bhfuil ardleibhéal cosanta acu.

75

Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfadh tionscnamh de chaingean ionadaíoch den sórt sin, a mhéid is go bhféadfaí cosc a chur ar líon mór sáruithe ar chearta na n‑ábhar sonraí trí phróiseáil dá sonraí pearsanta, a bheith níos éifeachtaí ná an chaingean a fhéadfaidh duine, ina aonar agus a ndéantar difear dó go sonrach leis an sárú ar a cheart nó ar a ceart chun a shonraí nó a sonraí pearsanta a chosaint de bharr sárú, a thionscnamh i gcoinne an duine atá freagrach as an sárú sin.

76

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i bpointe 76 dá Thuairim, ní fhéadfaí feidhm choisctheach na gcaingne arna dtionscnamh ag comhlachais cosanta tomhaltóirí, amhail an tAontas Cónaidhme, a ráthú mura gceadaítear ach an chaingean ionadaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 80(2) de RGCS an agairt de shárú ar chearta duine ar leith agus a ndéanann an sárú sin difear dó nó di go sonrach.

77

Sa tríú háit, tá sé riachtanach fós a fhionnadh, mar a iarrann an chúirt a rinne an tarchur, cibé an gcuirtear nó nach gcuirtear cosc le hAirteagal 80(2) de RGCS ar chaingean ionadaíoch a thionscnamh go neamhspleách ar shárú sonrach ar cheart an ábhair sonraí agus ar shainordú arna thabhairt ag an ábhar sonraí sin, i gcás ina líomhnaítear gur sáraíodh rialacha cosanta sonraí i gcomhthéacs caingne a fhéachann le hathbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm rialacha dlí eile atá ceaptha cosaint tomhaltóirí a áirithiú.

78

Chuige sin, ba cheart a thabhairt faoi deara ag an tús, mar a tugadh faoi deara, go bunúsach, i mír 66 den bhreithiúnas seo, go bhféadfadh sárú ar riail a bhaineann le sonraí pearsanta a chosaint ag an am céanna a bheith ina chúis le sárú ar rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí nó cleachtais tráchtála éagóracha.

79

Dá bhrí sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i bpointe 72 dá Thuairim, ní chuirtear cosc leis an bhforáil sin ar na Ballstáit ón rogha a thairgeann sí dóibh a fheidhmiú sa mhéid is go bhfuil comhlachais cosanta tomhaltóirí i dteideal beart a dhéanamh i gcoinne sáruithe ar na cearta dá bhforáiltear le RGCS trí, de réir mar a bheidh, rialacha atá beartaithe chun tomhaltóirí a chosaint nó chun cleachtais tráchtála éagóracha a chomhrac, amhail na cinn dá bhforáiltear le Treoir 2005/29 agus le Treoir 2009/22.

80

Ina theannta sin, tacaítear leis an léiriú sin ar Airteagal 80(2) de RGCS le Treoir 2020/1828 lena ndéantar Treoir 2009/22 a aisghairm agus a theacht ina ionad amhail ón 25 Meitheamh 2023. Sa chomhthéacs sin, ní mór a thabhairt faoi deara, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) de, go bhfuil feidhm ag Treoir 2020/1828 maidir le caingne ionadaíocha arna dtionscnamh maidir le sáruithe trádálaithe ar fhorálacha dhlí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I den treoir sin, ina luaitear RGCS i bpointe 56.

81

Is fíor nach bhfuil Treoir 2020/1828 infheidhme i gcomhthéacs na díospóide sna príomhimeachtaí agus nach bhfuil a spriocdháta trasuímh imithe in éag fós. Mar sin féin, tá roinnt gnéithe ann lena ndeimhnítear nach gcuirtear cosc le hAirteagal 80 de RGCS ar chaingne ionadaíocha breise a thionscnamh i réimse chosaint na dtomhaltóirí.

82

Cé go bhféadtar fós, mar is léir ó aithris 11 den Treoir sin, sásra nós imeachta a chur ar fáil le haghaidh caingne ionadaíocha breise i réimse chosaint na dtomhaltóirí, ní fhéadtar na sásraí cur i bhfeidhm dá bhforáiltear in RGCS nó bunaithe ar an rialachán sin, amhail an ceann dá bhforáiltear in Airteagal 80 den Rialachán sin, a ionadú ná a leasú, mar a shonraítear in aithris 15 den Treoir sin, agus féadfar iad a úsáid mar sin chun leasanna comhchoiteanna na dtomhaltóirí a chosaint.

83

I bhfianaise na mbreithnithe go léir thuasluaite, is é an freagra ar an gceist dá dtagraítear nach mór Airteagal 80(2) de RGCS a léiriú amhail is go gciallaíonn sé nach gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta a thugann cead do chomhlachas cosanta leasanna tomhaltóirí caingean dlí a thabhairt, in éagmais sainordú chun na críche sin agus gan beann ar shárú ar chearta nithiúla na n‑ábhar sonraí, i gcoinne an té a líomhnaítear go ndearna sé sárú ar chosaint sonraí pearsanta, trí shárú an toirmisc ar chleachtais tráchtála éagóracha a ardú, ar sárú é arna dhéanamh ar dhlí um chosaint tomhaltóirí nó toirmeasc ar úsáid téarmaí agus coinníollacha atá ar neamhní, sa chás go bhféadfadh tionchar a bheith ag an bpróiseáil sonraí ar chearta atá ag daoine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta faoin Rialachán sin.

Costais

84

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Tríú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

Ní mór Airteagal 80(2) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta le Cosaint Sonraí), a léiriú amhail is go gciallaíonn sé nach gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta a thugann cead do chomhlachas cosanta leasanna tomhaltóirí caingean dlí a thabhairt, in éagmais sainordú chun na críche sin agus gan beann ar shárú ar chearta nithiúla na n‑ábhar sonraí, i gcoinne an té a líomhnaítear go ndearna sé sárú ar chosaint sonraí pearsanta, trí shárú an toirmisc ar chleachtais tráchtála éagóracha a ardú, ar sárú é arna dhéanamh ar dhlí um chosaint tomhaltóirí nó toirmeasc ar úsáid téarmaí agus coinníollacha atá ar neamhní, sa chás go bhféadfadh tionchar a bheith ag an bpróiseáil sonraí ar chearta atá ag daoine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta faoin Rialachán sin.

 

[Sínithe]


( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.