Cás C‑302/20

A

agus

Autorité des marchés financiers (AMF)

(iarraidh ar réamhrialú ón Cour d’appel de Paris [an Chúirt Achomhairc, Páras, an Fhrainc])

Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 15 Márta 2022

(Tarchur chun réamhrialú – Margadh aonair le haghaidh seirbhísí airgeadais – Drochúsáid mhargaidh – Treoracha 2003/6/CE agus 2003/124/CÉ – “Faisnéis ón taobh istigh” – Coincheap – Faisnéis “de chineál beacht” – Faisnéis maidir le halt preasa i mbéal a fhoilsithe lena gcraobhscaoiltear ráfla margaidh maidir le heisitheoir ionstraimí airgeadais – Nádúr neamhdhleathach de nochtadh faisnéise ón taobh istigh – Eisceachtaí – Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 – Airteagal 10 – Nochtadh faisnéise ón taobh istigh i gcomhthéacs gnáthfheidhmiú gairme – Airteagal 21 – Nochtadh faisnéise ón taobh istigh chun críoch iriseoireachta – Saoirse an phreasa agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh – Faisnéis maidir le halt preasa i mbéal a fhoilsithe á nochtadh ag iriseoir do ghnáthfhoinse)

  1. Comhfhogasú dlíthe – Déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (drochúsáid mhargaidh) – Toirmeasc – Faisnéis ón taobh istigh – Faisnéis de chineál beacht – Coincheap – Faisnéis maidir le halt preasa i mbéal a fhoilsithe lena gcraobhscaoiltear ráfla margaidh maidir le heisitheoir ionstraimí airgeadais – Cuir san áireamh – Critéir mheasúnaithe

    (Treoir 2003/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 1, pointe 1; Treoir 2003/124 ón gCoimisiún, Airteagal 1, mír 1)

    (féach míreanna 33, 36, 38, 41, 42, 46, 48-51, 52, 55-57, cuid oibr. 1)

  2. Comhfhogasú dlíthe – Déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (drochúsáid mhargaidh) – Toirmeasc – Faisnéis ón taobh istigh – Nochtadh nó scaipeadh faisnéise sna meáin – Nochtadh chun críoch iriseoireachta – Coincheap – Faisnéis maidir le halt preasa i mbéal a fhoilsithe maidir le heisitheoir ionstraimí airgeadais á nochtadh ag iriseoir do ghnáthfhoinse – Cuir san áireamh – Coinníoll

    (An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 11 agus 52, mír 3; Rialachán Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Aithris 77 agus Airteagail 10 agus 21)

    (féach míreanna 64-66, 69-71, cuid oibr. 2)

  3. Comhfhogasú dlíthe – Déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (drochúsáid mhargaidh) – Toirmeasc – Faisnéis ón taobh istigh – Nochtadh neamhdhleathach – Eisceachtaí – Nochtadh chun críoch iriseoireachta – Faisnéis maidir le halt preasa i mbéal a fhoilsithe lena gcraobhscaoiltear ráfla margaidh i ndáil le heisitheoir ionstraimí airgeadais á nochtadh ag iriseoir do ghnáthfhoinse – Cuir san áireamh – Coinníollacha – Nochtadh riachtanach d’fheidhmiú na gairme – Prionsabal na comhréireachta a urramú

    (An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 11 agus 52, mír 1; Rialachán Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Aithris 77 agus Airteagail 10 agus 21)

    (féach míreanna 75-78, 80, 81-83, 85-89, cuid oibr. 3)

Achoimre

D’oibrigh A ar feadh blianta fada mar iriseoir do nuachtáin éagsúla laethúla sa Bhreatain. Mar chuid dá obair, scríobhadh sé ailt lena gcraobhscaoiltí ráflaí margaidh, ar mbain dhá cheann dóibh go sonrach le hurrúis ar glacadh leo le haghaidh trádáil ar Euronext, agus a foilsíodh ar an suíomh gréasáin den nuachtán an Daily Mail.

Luadh ina chéad alt, mar sin, tairiscint táthcheangail fhéideartha ón gcuideachta LVMH chun urrúis den chuideachta Hermès a cheannach. An lá i ndiaidh an fhoilsithe sin, tháinig méadú ar phraghasanna na n-urrús sin le linn an tseisiúin trádála. Cuireadh in iúl ina dara alt go bhféadfadh urrúis den chuideachta Maurel & Prom a bheith ina n-ábhar do thairiscint táthcheangail. Mar thoradh air sin, an lá i ndiaidh fhoilsiú an ailt sin, tháinig méadú suntasach ar phraghsanna na scaireanna sin faoin am a dúnadh an stocmhargadh.

Mar pháirt d’imscrúdú a rinne an Autorité des marchés financiers (an tÚdarás um Margaí Airgeadais, an Fhrainc; “AMF”), tugadh le fios gur chuir cónaitheoirí Briotanacha orduithe ceannaigh isteach, go gairid sular foilsíodh an dá alt sin faoi chonspóid, ar urrúis na gcuideachtaí Hermès agus Maurel & Prom, agus gur tharraing siad siar óna seasaimh i ndiaidh fhoilsiú na n-alt sin. Agus é ag cáineadh A as faisnéis ón taobh istigh maidir le dhá alt i mbéal a bhfoilsithe lena gcraobhscaoiltear ráflaí maidir le cur isteach tairiscintí táthcheangail ar urrúis na gcuideachtaí thuasluaite a chur in iúl do bheirt, d’fhorchuir coiste pionóis AMF pionós airgeadais de EUR 40000 air.

Lena breithiúnas, agus í ina suí mar Mhór-Dhlísheomra, tugann an Chúirt rialú maidir leis an gcoincheap “faisnéis ón taobh istigh”, de réir bhrí na dTreoracha maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh ( 1 ), i leith faisnéise maidir le halt preasa i mbéal a fhoilsithe lena gcraobhscaoiltear ráfla margaidh maidir le heisitheoir ionstraimí airgeadais, go háirithe i leith an cheanglais maidir leis an mbeachtas a éilítear chun bheith cáilithe mar fhaisnéis ón taobh istigh. Tugann sí soiléiriú freisin maidir leis na coinníollacha faoina bhféadtar a mheas gur chun críoch iriseoireachta agus dleathach atá nochtadh d’fhaisnéis den sórt sin ag iriseoir, do cheann dá ghnáthfhoinsí faisnéise, de réir bhrí an Rialacháin maidir le Drochúsáid Mhargaidh ( 2 ).

Breithniú na Cúirte

Ar dtús, maidir leis an gceanglas beachtais is gá chun faisnéis a cháiliú mar fhaisnéis ón taobh istigh, maíonn an Chúirt go meastar go bhfuil faisnéis de chineál beacht más léir ó imscrúdú a dhéantar de réir an cháis go ndéantar, go háirithe, tagairt léi do theagmhas a d’fhéadfaí a bheith go réasúnta ag súil leis go dtarlódh sé agus má tá sí beacht go leor chun tátal a bhaint aisti maidir leis an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag an teagmhas sin ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais lena mbaineann. Mar sin, ní féidir, i bprionsabal, beachtas sin na faisnéise a eisiamh ar an bhfíoras go dtagann sí laistigh de chatagóir d’fhaisnéisí ar leith amhail faisnéisí a bhaineann le halt preasa i mbéal a fhoilsithe lena gcraobhscaoiltear ráfla margaidh, agus ar an bhfíoras sin amháin. I ndáil leis sin, ós rud é go mbaineann méid éiginnteachta le ráfla, ba cheart leibhéal beachtais ábhar an ráfla sin agus iontaofacht na foinse lena gcraobhscaoiltear é a chur san áireamh. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfaí a mheas go bhfuil clú an iriseora a scríobh na hailt phreasa agus clú na heagraíochta preasa a d’áirithigh foilsiú na n-alt sin cinntitheach, de réir imthosca an cháis, ós rud é gur féidir, leis na fachtóirí sin, measúnú a dhéanamh ar chreidiúnacht na ráflaí dá dtagraítear.

Dá bhrí sin, d’fhéadfadh faisnéis maidir le halt preasa i mbéal a fhoilsithe lena gcraobhscaoiltear ráfla margaidh maidir le heisitheoir ionstraimí airgeadais a bheith ina faisnéis “de chineál beacht”. Tá sé ábhartha, agus an beachtas sin á mheas, gur luadh, san alt preasa sin, an praghas ar a gceannófaí urrúis an eisitheora sin, i gcomhthéacs tairisceana táthcheangail a d’fhéadfadh a bheith ann, chomh maith le céannacht an iriseora a scríobh an t‑alt sin agus céannacht na heagraíochta preasa a d’áirithigh a fhoilsiú, a mhéid a cuireadh na fachtóirí sin in iúl roimh an bhfoilsiú sin. Maidir le tionchar iarbhír an fhoilsithe sin ar phraghsanna na n-urrús lena mbaineann sé, cé go bhféadfadh sé a bheith ina fhianaise ex post ar bheachtas na faisnéise sin, ní leor ann féin é, in éagmais scrúdú ar fhachtóirí eile ba eol nó a nochtadh roimh an bhfoilsiú sin, chun beachtas mar sin a chruthú.

Ina dhiaidh sin, maidir le nochtadh faisnéise ón taobh istigh ag iriseoir do cheann dá ghnáthfhoinsí faisnéise, cuireann an Chúirt chun suntais go dtagraíonn na focail “chun críoch iriseoireachta” ( 3 ) ní hamháin do nochtadh faisnéise lena bhfoilsítear faisnéis ach do nochtadh atá mar chuid den phróiseas as a dtagann foilsiú den sórt sin freisin. D’fhonn tábhacht shaoirse an phreasa agus na saoirse chun tuairimí a nochtadh, a chumhdaítear in Airteagal 11 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), in aon sochaí dhaonlathach a chur san áireamh, ní mór na téarmaí sin a léirmhíniú go leathan. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh nochtadh a dhéantar i gcomhthéacs na réamhoibre fiosrúcháin a dhéanann iriseoir don fhoilsiú a bheith ina nochtadh faisnéise chun críoch iriseoireachta.

Dá bhrí sin, déanann iriseoir nochtadh do cheann dá ghnáthfhoinsí faisnéise d’fhaisnéis maidir le halt preasa i mbéal a fhoilsithe, a scríobh sé, lena gcraobhscaoiltear ráfla margaidh “chun críoch iriseoireachta” i gcás ina bhfuil an nochtadh sin riachtanach chun gníomhaíochtaí iriseoireachta a chleachtadh go héifeachtach, lena n-áirítear réamhobair fiosrúcháin d’fhoilseacháin.

Ar deireadh, cuireann an Chúirt chun suntais nach bonn neamhspleách í an fhoráil den Rialachán maidir le Drochúsáid Mhargaidh maidir le nochtadh nó scaipeadh faisnéise sna meáin ( 4 ), de mhaolú ar fhoráil an Rialacháin sin maidir le nochtadh neamhdhleathach d’fhaisnéis ón taobh istigh ( 5 ) , chun a chinneadh an bhfuil nochtadh faisnéise ón taobh istigh chun críoch iriseoireachta dleathach nó neamhdhleathach. Ní mór an eisceacht ón toirmeasc maidir le faisnéis den sórt sin a chur in iúl, a leagtar síos san fhoráil dheireanach sin, a léirmhíniú ar shlí, áfach, a gcosnódh éifeachtacht na forála sin ag féachaint dá cuspóir, eadhon urraim a thabhairt do shaoirse an phreasa agus don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh sna meáin eile, a ráthaítear, go háirithe, le hAirteagal 11 den Chairt. Mar sin, tá nochtadh faisnéise ón taobh istigh ag iriseoir dleathach i gcás ina meastar go bhfuil sé riachtanach chun a ghairm a chleachtadh agus go gcomhlíonann sé prionsabal na comhréireachta. Ní mór don mheasúnú ar riachtanas agus comhréireacht nochta den sórt sin na ceanglais a fhorchuirtear leis an gCairt a chomhlíonadh ( 6 ).

Mar sin, sa chéad áit, maidir leis an gceanglas go gcaithfidh nochtadh den sórt sin a bheith riachtanach le haghaidh gníomhaíocht iriseoireachta a chur i gcrích, is iomchuí a fhiosrú an ndeachaigh an nochtadh sin thar an méid a bhí riachtanach chun an fhaisnéis san alt sin atá faoi agóid a fhíorú. Go háirithe, maidir le faisnéis a bhaineann le ráfla margaidh a fhíorú, tá sé tábhachtach a scrúdú an raibh gá ag an iriseoir a nochtadh do thríú páirtí, chomh maith le hábhar an ráfla idir lámha, faisnéis shonrach a bhaineann le halt i mbéal a fhoilsithe lena gcraobhscaoiltear an ráfla sin.

Sa dara háit, d’fhonn a chinneadh an bhfuil nochtadh den sórt sin comhréireach, is iomchuí aird a thabhairt ar an éifeacht athchomhairleach a d’fhéadfadh a bheith ag toirmeasc ar an nochtadh sin ar chleachtadh gníomhaíochtaí iriseoireachta, lena n-áirítear réamhobair fiosrúcháin, agus chun a fhíorú, agus an nochtadh lena mbaineann á dhéanamh, ar ghníomhaigh an t-iriseoir i gcomhréir leis na rialacha agus cóid lena rialaítear a ghairm ( 7 ). Thairis sin, is iomchuí na héifeachtaí diúltacha atá ag nochtadh na faisnéise ón taobh istigh lena mbaineann ar shláine na margaí airgeadais a chur san áireamh. Go háirithe, a mhéid a rinneadh déileáil chos istigh mar thoradh ar an nochtadh sin, is dócha go n-eascródh caillteanais airgeadais as sin d’infheisteoirí eile agus, sa mheántéarma, go gcaillfí muinín sna margaí airgeadais.

Is léir ón méid sin go ndéanann nochtadh faisnéise ón taobh istigh dochar ní hamháin do na leasanna príobháideacha atá ag infheisteoirí áirithe ach, ar bhonn níos ginearálta, do leas an phobail chomh maith ó thaobh trédhearcacht iomlán agus leordhóthanach an mhargaidh a áirithiú, chun sláine an mhargaidh a chosaint agus muinín na n-infheisteoirí go léir a áirithiú. Dá bharr sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur a chur san áireamh freisin go bhféadfadh an leas poiblí a bhí mar chuspóir ag an nochtadh sin a bheith i gcoinne ní hamháin leasanna príobháideacha, ach leas den sórt céanna freisin.


( 1 ) Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (drochúsáid mhargaidh) (IO 2003 L 96, lch. 16), Airteagal 1, pointe 1; Treoir 2003/124/CE ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2003 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2003/6 maidir le faisnéis ón taobh istigh a shainmhíniú agus a nochtadh go poiblí agus le cúbláil margaidh a shainmhíniú (IO 2003 L 339, lch. 70), Airteagal 1, mír 1.

( 2 ) Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO 2014 L 173, lch. 1).

( 3 ) Airteagal 21 de Rialachán Uimh. 596/2014.

( 4 ) Airteagal 21 de Rialachán Uimh. 596/2014.

( 5 ) Airteagal 10 de Rialachán Uimh. 596/2014.

( 6 ) Airteagal 52(1) den Chairt.

( 7 ) Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014.