Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Chéad Dlísheomra)

24 Márta 2022 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil – Rialachán (AE) 2016/679 – Inniúlacht an údaráis mhaoirseachta – Airteagal 55(3) – Oibríochtaí próiseála cúirteanna atá ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach – Coincheap – Doiciméid ó imeachtaí dlíthiúla ina bhfuil sonraí pearsanta a sholáthar d’iriseoir)

I gCás C‑245/20,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ó Rechtbank Midden‑Nederland (an Chúirt Dúiche, Lár na hÍsiltíre), trí bhreith an 29 Bealtaine 2020, a fuarthas ag an gCúirt an lá céanna, sna himeachtaí

X,

Z

v

Autoriteit Persoonsgegevens

tugann AN CHÚIRT (an Chéad Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán na Cúirte, ag gníomhú mar Uachtarán an Chéad Dlísheomra, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán na Cúirte, N. Jääskinen, J.-C. Bonichot (Rapóirtéir) agus M. Safjan, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Bobek,

Cláraitheoir: L. Carrasco Marco, Riarthóir,

ag féachaint don chuid i scríbhinn den nós imeachta agus tar éis éisteacht an 14 Iúil 2021,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        X agus Z, ag S.A.J.T. Hoogendoorn, advocaat,

–        Autoriteit Persoonsgegevens, ag G. Dictus agus N.N. Bontje, advocaten,

–        Rialtas na hÍsiltíre, ag K. Bulterman agus C.S. Schillemans, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Spáinne, ag L. Aguilera Ruiz, i gcáil Gníomhaire,

–        Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire,

–        Rialtas na Portaingéile, ag L. Inez Fernandes agus ag P. Barros da Costa, L. Medeiros agus I. Oliveira, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Fionlainne, ag H. Leppo, i gcáil Gníomhaire,

–        an Coimisiún Eorpach, ag F. Erlbacher, H. Kranenborg agus D. Nardi, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ginearálta ag éisteacht an 6 Deireadh Fómhair 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 55(3) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).

2        Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir X agus Z agus an Autoriteit Persoonsgegevens (an tÚdarás um Chosaint Sonraí, an Ísiltír; ‘AP’) maidir le rochtain iriseoirí ar shonraí pearsanta a bhaineann leo, atá ar áireamh i gcomhad cúirte, ag an éisteacht a tionóladh os comhair an Rannán Dlínse Riaracháin de chuid Raad van State (an Chomhairle Stáit, an Ísiltír), in imeachtaí ina raibh Z ina pháirtí agus a ndearna X ionadaíocht air.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais Eorpaigh

3        De réir aithrisí 1 agus 20 de Rialachán Uimh. 2016/679:

‘Cé go bhfuil feidhm ag an Rialachán seo, inter alia, maidir le gníomhaíochtaí cúirteanna agus údarás breithiúnach eile, d’fhéadfaí, le dlí an Aontais Eorpaigh nó le dlí Ballstáit, na hoibríochtaí próiseála agus na nósanna imeachta próiseála a shonrú i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag cúirteanna agus ag údaráis bhreithiúnacha eile. Níor cheart, le hinniúlacht na n‑údarás maoirseachta, an phróiseáil ar shonraí pearsanta a chumhdach nuair a bhíonn na cúirteanna ag gníomhú faoina gcumas breithiúnach féin, d'fhonn neamhspleáchas na mbreithiúna a choimirciú i gcomhlíonadh a gcúraimí breithiúnacha, lena n‑áirítear le linn dóibh a gcuid cinntí a dhéanamh. Ba cheart é a bheith indéanta maoirseacht ar oibríochtaí próiseála sonraí den sórt sin a chur de chúram ar chomhlachtaí sonracha laistigh de chóras breithiúnach an Bhallstáit, córas lenar cheart, go háirithe, comhlíonadh rialacha an Rialacháin seo a áirithiú, feasacht chomhaltaí na mbreithiúnachta maidir lena n‑oibleagáidí faoin Rialachán seo a fheabhsú agus gearáin maidir le hoibríochtaí próiseála sonraí den sórt sin a láimhseáil.’

4        De réir Airteagal 2 den Rialachán sin:

‘1.      Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil go hiomlán nó go páirteach trí mhodhanna uathoibrithe, agus maidir le sonraí pearsanta, ar cuid de chóras comhdúcháin iad nó atá beartaithe a bheith ina gcuid de chóras comhdúcháin, a phróiseáil trí mhodhanna eile seachas modhanna uathoibrithe.

2.      Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sna cásanna seo a leanas:

(a)      má dhéantar an phróiseáil mar chuid de ghníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais;

(b)      má dhéanann na Ballstáit an phróiseáil agus iad i mbun gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 2 de Theideal V CAE;

(c)      má dhéanann duine nádúrtha an phróiseáil agus an duine sin i mbun gníomhaíocht atá de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin;

(d)      má dhéanann údaráis inniúla an phróiseáil ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n‑áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin.

3.      D’fhonn sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO 2001 L 8, lch. 1)]. Maidir le Rialachán [Uimh. 45/2001 ] agus le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais atá infheidhme maidir leis an bpróiseáil sin, déanfar iad a chur in oiriúint do phrionsabail agus do rialacha an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 98.

…’

5        Sainmhínítear le hAirteagal 4(2) den Rialachán sin an coincheap maidir le ‘próiseáil’ mar seo a leanas:

‘ciallaíonn aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú’.

6        De bhun Airteagal 51(1) den Rialachán céanna:

‘Déanfaidh gach Ballstát foráil go mbeidh údarás poiblí neamhspleách amháin nó níos mó freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta agus chun saorshreabhadh sonraí pearsanta a éascú san Aontas (“údarás maoirseachta”)’.

7        Ar deireadh, foráiltear le hAirteagal 55 de Rialachán 2016/679 mar a leanas:

‘1.      Beidh gach údarás maoirseachta inniúil chun na cúraimí a sannadh dó a chomhlíonadh agus na cumhachtaí a tugadh dó a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo ar chríoch a Bhallstáit féin.

2.      I gcás inarb iad údaráis phoiblí nó comhlachtaí príobháideacha a bheidh ag gníomhú ar bhonn phointe (c) nó phointe (e) d'Airteagal 6(1) a dhéanfaidh an phróiseáil, is é údarás maoirseachta an Bhallstáit lena mbaineann a bheidh inniúil. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 56.

3.      Ní bheidh údaráis mhaoirseachta inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí próiseála cúirteanna atá ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach.’

 Dlí na hÍsiltíre

8        Chun críocha Rialachán 2016/679 a chur chun feidhme, ghlac Ríocht na hÍsiltíre wet houdende regels ter uitvoering van Verordening (EU) 2016/679 van het Europees Parlement en de Raad van 27 april 2016 betreffende de bescherming van natuurlijke personen in verband met de verwerking van persoonsgegevens en betreffende het vrije verkeer van die gegevens en tot intrekking van Richtlijn 95/46/EG (algemene verordening gegevensbescherming) (PbEU 2016, L 119) (Uitvoeringswet Algemene verordening gegevensbescherming) (Dlí lena leagtar síos na rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán 2016/679 (Dlí lena gcuirtear an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí chun feidhme)) an 16 Bealtaine 2018 (Stb. 2018, Uimh. 144). Le hAirteagal 6 den dlí sin cuirtear an cúram ar AP maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh Rialachán 2016/679 san Ísiltír. Ní atáirgtear an eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 55(3) de Rialachán 2016/679 le haon cheann d’fhorálacha an dlí sin.

9        An 31 Bealtaine 2018, thug uachtarán Rannán Dlínse Riaracháin de Raad van State (an Chomhairle Stáit), riaracháin bhreithiúnacha an Centrale Raad van Beroep (An Ísiltír) agus an College van Beroep voor het Bedrijven (An Chúirt Achomhairc Riaracháin um Thrádáil agus Tionscal, an Ísiltír) an regeling verwerking Persoonsgegevens bestuursrechtelijke colleges (Rialachán maidir le próiseáil sonraí pearsanta i gcúirteanna riaracháin). Leis an ngníomh deiridh, cruthaíodh an AVG-commissie bestuursrechtelijke colleges (An Coimisiún um Chosaint Sonraí do Bhinsí Dlí Riaracháin, an Ísiltír; ‘an Coimisiún RGCS’). Tá an ceann deiridh sin freagrach as comhairle a chur ar uachtarán Rannán Dlínse Riaracháin an Raad van State (an Chomhairle Stáit), údaráis bhreithiúnacha an Centrale Raad van Beroep (an Chúirt Uachtarach um Shlándáil Shóisialta agus Státseirbhís) agus an College van Beroep voor het bedrijfsleven (An Chúirt Achomhairc Riaracháin um Thrádáil agus Tionscal) maidir le gearáin láimhseáil a bhaineann leis na cearta a ráthaítear le Rialachán 2016/679.

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear

10      Ag an éisteacht a tionóladh an 30 Deireadh Fómhair 2018 os comhair Rannán Dlínse Riaracháin den Raad van State (an Chomhairle Stáit) in imeachtaí cúirte ina raibh Z ina pháirtí, dá ndéanann X ionadaíocht, chuaigh iriseoir i dteagmháil leis an mbeirt sin. Le linn a gcomhrá, thug X faoi deara go raibh doiciméid ón gcomhad cáis lena mbaineann ar fáil ag an iriseoir sin – lena n‑áirítear doiciméid a dhréachtaigh sé féin – inar taispeánadh a ainm agus a sheoladh go háirithe chomh maith le huimhir aitheantais náisiúnta Z. Dúirt an t‑iriseoir sin leis go raibh na doiciméid sin curtha ar fáil dó faoin gceart rochtana ar an gcomhad cáis a thugann Rannán Dlínse Riaracháin an Raad van State (an Chomhairle Stáit) d’iriseoirí.

11      Le litir an 21 Samhain 2018, dheimhnigh uachtarán Rannán Dlínse Riaracháin an Raad van State (an Chomhairle Stáit) do X go raibh an rannán sin ag cur líon áirithe doiciméad ar fáil do na meáin maidir le cásanna ar feitheamh. Chuir sé in iúl dó, ar lá na héisteachta, gur chuir roinn chumarsáide den Raad van State (an Chomhairle Stáit) doiciméid ar fáil do na hiriseoirí a bhí i láthair a raibh sé mar aidhm acu cur ar a gcumas éisteachtaí a leanúint, eadhon cóip den fhógra achomhairc, a cóip den fhreagra agus, i gcás inarb iomchuí, cóip den chinneadh breithiúnach a bhí faoi chonspóid, agus na doiciméid sin le bheith scriosta ag deireadh an lae.

12      Ansin d’iarr X agus Z ar AP na ‘bearta forfheidhmithe’ a ghlacadh maidir leis an Raad van State (an Chomhairle Stáit) i ndáil leis na rialacha um shonraí pearsanta a chosaint. Ina n‑iarrataí – a bhí cosúil le gearáin – d’éiligh siad, trí chead a thabhairt d’iriseoirí rochtain a bheith acu ar shonraí pearsanta a bhaineann leo, de thionscnamh na ndoiciméad i gcomhad cúirte, go raibh Rialachán 2016/679 sáraithe ag an Raad van State (an Chomhairle Stáit).

13      Mar fhreagra ar na hiarrataí sin, shonraigh AP, de bhun Airteagal 55(3) de Rialachán 2016/679, nach raibh sé inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí próiseála na sonraí pearsanta lena mbaineann, arna ndéanamh ag Raad van State (an Chomhairle Stáit). Ina dhiaidh sin chuir sé iarratais X agus Z ar aghaidh chuig an gCoimisiún RGCS, a chuir ar aghaidh iad ina dhiaidh sin chuig uachtarán Rannán Dlínse Riaracháin an Raad van State (an Chomhairle Stáit).

14      Rinne uachtarán Rannán Dlínse Riaracháin den Raad van State (an Chomhairle Stáit) measúnú ar iarratais X agus Z mar ghearáin a bhain lena litir dar dáta 21 Samhain 2018 agus, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún RGCS, cheap sé beartas nua maidir le rochtain ar doiciméid ó chomhaid chúirte, a foilsíodh ar shuíomh gréasáin an Raad van State (an Chomhairle Stáit).

15      Chuir X agus Z i gcoinne, os comhair na cúirte tagartha, Rechtbank Midden‑Nederland (an Chúirt Dúiche, an Ísiltír Láir), an chinnidh faoinar chinn AP nach raibh sé inniúil chun éisteacht lena n‑iarrataí.

16      De réir na cúirte sin, is ionann rochtain a thabhairt d’iriseoir ar na doiciméid i gcomhad cúirte ina bhfuil sonraí pearsanta agus iad a chur ar fáil go sealadach dó nó di agus ‘próiseáil’ de shonraí pearsanta de réir bhrí Airteagal 4(2) de Rialachán 2016/679, nár thoiligh X agus Z leis, sa chás seo. D’fhonn a chinneadh cibé an raibh AP inniúil go deimhin rialú a dhéanamh ar iarrataí X agus Z, ceistíonn an chúirt a rinne an tarchur, áfach, an léiriú ar cheart a thabhairt ar Airteagal 55(3) den rialachán sin, lena bhforáiltear nach bhfuil an t‑údarás maoirseachta inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí próiseála na gcúirteanna ‘atá ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach’.

17      Is sa chúlra sin a chinn Rechtbank Midden‑Nederland (an Chúirt Dúiche, an Ísiltír Láir) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘An bhfuil Airteagal 55(3) de [Rialachán 2016/679] le léiriú ar bhealach a chiallaíonn gur féidir a thuiscint go gciallaíonn “oibríochtaí próiseála cúirteanna atá ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach” soláthar rochtana ag údarás breithiúnach ar dhoiciméid nós imeachta ina bhfuil sonraí pearsanta, i gcás ina ndeonaítear rochtain den sórt sin trí chóipeanna de na doiciméid nós imeachta sin a chur ar fáil d’iriseoir, mar a thuairiscítear san ordú tarchuir?

–        Agus an cheist sin á freagairt, an bhfuil sé ábhartha cibé an ndéantar nó nach ndéantar difear do chinntí breithiúnacha neamhspleácha i gcásanna sonracha le maoirseacht an údaráis mhaoirseachta náisiúnta ar an gcineál sin de phróiseáil sonraí?

–        Agus an cheist sin á freagairt, an bhfuil sé ábhartha, de réir an údaráis bhreithiúnaigh, gurb é nádúr agus cuspóir na próiseála sonraí ná iriseoir a chur ar an eolas chun go bhféadfaidh an t‑iriseoir tuairisciú níos fearr a dhéanamh ar éisteacht phoiblí in imeachtaí cúirte, ar mhaithe le leasanna na hoscailteachta agus na trédhearcachta i riar an cheartais?

–        Agus an cheist sin á freagairt, an bhfuil sé ábhartha cibé an bhfuil aon bhunús sainráite dlíthiúil le próiseáil sonraí den sórt sin faoin dlí náisiúnta?’

 Breithniú ar an gceist a tharchuirtear

18      De réir na ceiste sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 55(3) de Rialachán 2016/679 a léiriú sa chiall go bhfuil an fhíric gur féidir le cúirt doiciméid ó imeachtaí cúirte, ina bhfuil sonraí pearsanta ann, a chur ar fáil go sealadach d’iriseoirí, laistigh d’fheidhmiú, ag an gcúirt sin, dá “feidhm bhreithiúnach”, de réir bhrí na forála sin. Sa chomhthéacs sin, fiafraíonn sí, chun an cheist sin a fhreagairt, an gá a chur san áireamh an cur isteach a d’fhéadfadh a bheith ag feidhmiú ag an údarás maoirseachta dá chuid cumhachtaí ar neamhspleáchas na mbreithiúna i mbreithiúnas de chásanna sonracha. Fiafraíonn sí freisin an bhfuil nó nach bhfuil le gá cineál agus cuspóir an soláthair sin de dhoiciméid nós imeachta a chur san áireamh – chun cur ar chumas iriseoirí tuairisciú ar bhealach níos fearr ar imeachtaí cúirte – nó go deimhin cibé an bhfuil nó nach bhfuil bunús dlí sainráite ag an gcur ar fáil sin sa dlí intíre.

19      Mar réamhphointe, áitíonn Z, ar dtús, gur cheist hipitéiseach í an cheist a tharchuirtear agus, mar sin, go bhfuil sí neamh-inghlactha. Ina thuairim, contrártha leis an méid a léiríonn an iarraidh ar réamhrialú, ní ceist do Rannán Dlínse Riaracháin den Raad van State (an Chomhairle Stáit) í próiseáil na sonraí lena mbaineann, ach do roinn chumarsáide an Stáit, nach bhfuil ina cúirt ná ina binse. Tá roinnt earráidí nó míchruinneas eile ag baint leis an iarratas freisin, go háirithe maidir le stádas an duine a chuaigh i dteagmháil le X agus Z ag deireadh na héisteachta agus ábhar beacht na n‑iarratas a chuir AP ar aghaidh chuig uachtarán Rannán Dlínse Riaracháin den Raad van State (an Chomhairle Stáit).

20      Chuige sin, ba cheart a mheabhrú, de réir cásdlí socair, go bhfuil toimhde ábharthachta ag ceisteanna a bhaineann le dlí an Aontais. Ní féidir leis an gCúirt Bhreithiúnas diúltú do rialú a thabhairt ar cheist a tharchuireann cúirt náisiúnta le haghaidh réamhrialú ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh ar dhlí an Aontais Eorpaigh le fíricí iarbhír nó cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, gur fadhb de chineál hipitéiseach í nó nach bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt Bhreithiúnais chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi [féach breithiúnas an 24 Samhain 2020, Openbaar Ministerie (Brionnú doiciméad), C‑510/19, EU:C:2020:953, mír 26 agus an cásdlí dá dtagraítear).

21      Ina theannta sin, in imeachtaí faoi Airteagal 267 CFAE, atá bunaithe ar deighilt shoiléir fheidhmeanna idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt, is ag an gcúirt náisiúnta amháin a bhfuil dlínse aici chun na fíorais sa chás os a comhair a aimsiú agus a mheasúnú (féach breithiúnas 26 Aibreán 2017, Farkas, C‑564/15, EU:C:2017:302, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).

22      Is léir ón iarraidh ar réamhrialú go bhfuil ceangal ar an gcúirt a rinne an tarchur seasamh a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 55(3) de Rialachán 2016/679 maidir le doiciméid nós imeachta ina bhfuil sonraí pearsanta iontu a chur ar fáil arb iad atá i gceist sa díospóid sna príomhimeachtaí chun a chinneadh cé acu ar tháinig nó nár tháinig an t‑athbhreithniú ar dhlíthiúlacht an AP faoi inniúlacht AP. Is léir ina theannta sin ón gcásdlí dá dtagraítear sa mhír roimhe seo den bhreithiúnas seo nach féidir le Z an toimhde a bhí sa cheist a chuir an chúirt a rinne an tarchur a fhrisnéis trí chur i gcoinne na bhfíoras a luann sí ina hiarraidh amháin, agus nach bhfuil ina ceist don Chúirt cinneadh a ghlacadh. Mar sin ní mór diúltú don phléadáil um neamh-dhoghlacthacht a d’ardaigh Z.

23      Ar an dara dul síos, áitíonn Z gur cheart don Chúirt Airteagal 55(3) de Rialachán 2016/679 a dhearbhú neamhbhailí ar an bhforas nach bhfuil easpa inniúlachta an údaráis mhaoirseachta lena mbaineann maidir le hoibríochtaí próiseála arna ndéanamh ag cúirteanna ‘atá ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach’, dá bhforáiltear leis an bhforáil sin, ag gabháil leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit socruithe sonracha maoirseachta a leagan síos maidir leis na hoibríochtaí próiseála sin, a áitíonn sé go bhfuil siad contrártha leis na ceanglais a eascraíonn as an gceart chun leigheas éifeachtach.

24      Mar sin féin, ní fhéadtar go n‑éireodh lena leithéid d’argóint, toisc, mar is léir ó aithris 20 de Rialachán 2016/679, nach raibh sé ar intinn ag reachtóir an Aontais, agus Airteagal 55(3) den Rialachán sin á achtú aige, cosaint a thabhairt do gach oibríocht próiseála maoirseachta a dhéanann cúirteanna ‘atá ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach’, ach ní raibh iontu ach a chur as an áireamh go ndéanfaí maoirseacht ar na hoibríochtaí sin a chur ar iontaoibh údarás seachtrach.

25      D’fhonn an cheist a chuir an chúirt náisiúnta a fhreagairt, a bhfuil achoimre uirthi i mír 18 thuas, ní mór a thabhairt faoi deara ar an gcéad dul síos go bhforáiltear le hAirteagal 2(1) de Rialachán 2016/679 go bhfuil feidhm ag an rialachán sin maidir le haon ‘sonraí pearsanta a phróiseáil go hiomlán nó go páirteach trí mhodhanna uathoibrithe, agus maidir le sonraí pearsanta, ar cuid de chóras comhdúcháin iad nó atá beartaithe a bheith ina gcuid de chóras comhdúcháin, a phróiseáil trí mhodhanna eile seachas modhanna uathoibrithe’, gan aon idirdhealú a dhéanamh de réir chéannacht an duine a rinne an phróiseáil lena mbaineann. Dá réir sin, faoi réir na gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus (3) de, tá feidhm ag Rialachán 2016/679 maidir le hoibríochtaí próiseála a dhéanann daoine príobháideacha agus údaráis phoiblí araon, lena n‑áirítear, mar a léirítear le haithris 20 de, údaráis bhreithiúnacha, amhail cúirteanna.

26      Mar thaca leis an léamh sin tá an fíoras go bhfuil roinnt forálacha de Rialachán 2016/679 faoi réir coigeartuithe chun sainiúlachtaí na n‑oibríochtaí próiseála a dhéanann cúirteanna a chur san áireamh. Is amhlaidh an cás go háirithe maidir le hAirteagal 55(3) den Rialachán sin, lena n‑eisiatar aon inniúlacht de chuid an údaráis mhaoirseachta maidir le hoibríochtaí próiseála a dhéanann cúirteanna atá ‘ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach’.

27      Is féidir Rialachán 2016/679 ina leith sin a idirdhealú ó Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis chomhshaoil agus lena n‑aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO 2003 L 41, lch. 26), nach mbaineann le cúirteanna agus binsí (breithiúnas an 15 Aibreán 2021, Friends of the Irish Environment, C‑470/19, EU:C:2021:271, míreanna 34 go 40).

28      D’fhonn raon feidhme choincheap na n‑oibríochtaí próiseála a dhéanann cúirteanna atá ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach a chinneadh, de réir bhrí Airteagal 55(3) de Rialachán 2016/679, ní mór a mheabhrú go gcaithfear ní amháin a fhoclaíocht a bhreithniú agus foráil de dhlí an Aontais á léiriú, ach freisin an comhthéacs ina bhfuil sé agus na cuspóirí a shaothraítear sa reachtaíocht ar cuid di í (féach, chuige sin, inter alia, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, Jobcenter Krefeld, C‑181/19, EU:C:2020:794, mír 61 agus an cásdlí dá dtagraítear).

29      Chuige sin, is léir ó Airteagal 55 de Rialachán 2016/679 gurb é cuspóir an airteagail sin inniúlacht a shainiú i gcúrsaí maoirseachta ar phróiseáil sonraí pearsanta agus, go háirithe, an inniúlacht atá dílsithe don údarás maoirseachta náisiúnta a theorannú.

30      Foráiltear mar sin le hAirteagal 55(3) de Rialachán 2016/679 go dtagann oibríochtaí próiseála arna ndéanamh ag cúirteanna ‘atá ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach’ lasmuigh d’inniúlacht an údaráis mhaoirseachta sin.

31      Sonraítear in Aithris 20 de Rialachán 2016/679, nach mór Airteagal 55(3) a léamh ina fianaise, gur cheart go bhféadfaí maoirseacht ar oibríochtaí próiseála arna ndéanamh ag na cúirteanna ‘atá ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach’ a chur chúram ar chomhlachtaí sonracha laistigh de chóras breithiúnach an Bhallstáit lena mbaineann seachas ar an údarás maoirseachta faoi údarás an Bhallstáit sin, d’fhonn ‘neamhspleáchas na mbreithiúna a chosaint i gcomhlíonadh a cúraimí breithiúnacha, lena n‑áirítear cinnteoireacht’.

32      Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i bpointe 80 agus i bpointe 81 dá Thuairim, is léir ó fhoclaíocht aithris 20 de Rialachán 2016/679, agus go háirithe ó úsáid na habairte ‘lena n‑áirítear’, nach bhféadtar raon feidhme an chuspóra á shaothrú le hAirteagal 55(3) den Rialachán sin, arb é atá ann neamhspleáchas na mbreithiúna a choimirciú i gcomhlíonadh a gcúraimí breithiúnacha, a theorannú amháin do neamhspleáchas na mbreithiúna a ráthú agus cinneadh breithiúnach á ghlacadh acu.

33      I ndeireadh na dála, le neamhspleáchas na mbreithiúna a choimirciú, toimhdítear, go ginearálta, go ndéantar feidhmeanna breithiúnacha go a chomhlíonadh go hiomlán neamhspleách, gan na cúirteanna a bheith faoi réir aon srian ordlathach ná caidreamh íochtaránachta agus gan orduithe ná treoracha a ghlacadh ó aon fhoinse ar bith, agus ar an gcaoi sin a bheith faoi chosaint ar aon idirghabháil sheachtrach nó brú a d’fhéadfadh breithiúnas neamhspleách dá gcomhaltaí a chur i mbaol agus tionchar a imirt ar a gcuid cinntí. Tá gá le rialacha chun ráthaíochtaí neamhspleáchais agus neamhchlaontachta a urramú faoi dhlí an Aontais chun deireadh a chur le haon amhras réasúnach in aigne daoine aonair maidir le neamh-thréscaoilteacht an chomhlachta atá i gceist i leith fachtóirí seachtracha agus a neodracht maidir leis na leasanna lena mbaineann (féach, chuige sin, inter alia, breithiúnais an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portaingéilis, C‑64/16, EU:C:2018:117, mír 44; an 25 Iúil 2018, Minister for Justice and Equality (Deficiencies in the system of justice, C‑216/18 PPU, EU:C:2018:586, mír 63; an 24 Meitheamh 2019, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas na Cúirte Uachtaraí), C‑619/18, EU:C:2019:531, mír 72; agus an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus Páirtithe eile, C‑357/19, C‑379/19, C‑547/19, C‑811/19, C‑840/19, EU:C:2021:1034, mír 225).

34      Dá réir sin, ní mór a thuiscint, nach bhfuil an tagairt in Airteagal 55(3) de Rialachán 2016/679 d’oibríochtaí próiseála arna ndéanamh ag cúirteanna ‘ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach’, i gcomhthéacs an rialacháin sin, teoranta do phróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann cúirteanna i gcásanna sonracha, ach mar thagairt, ar bhonn níos leithne, do na hoibríochtaí próiseála go léir a dhéanann cúirteanna le linn a ngníomhaíochtaí breithiúnacha, ionas go ndéantar na hoibríochtaí próiseála sin arna ndéanamh ag an údarás maoirseachta maoirseacht orthu ar dócha, cibé acu go díreach nó go hindíreach, go mbeadh tionchar acu ar neamhspleáchas a gcomhaltaí nó chun a gcinntí a mheas, a eisiamh ó inniúlacht an údaráis sin.

35      Chuige sin, cé go mbaineann cineál agus cuspóir na próiseála a dhéanann cúirt go príomha leis an scrúdú ar dhlíthiúlacht na próiseála sin, féadfaidh siad a bheith ina léiriú go dtagann an phróiseáil sin faoi chuimsiú comhlíonadh, ag an gcúirt sin, dá ‘cáil bhreithiúnach’.

36      Ar an taobh eile, baineann an cheist maidir le cibé an bhfuil bunús dlí sainráite ag an bpróiseáil sa dlí intíre nó an féidir na sonraí pearsanta atá inti a nochtadh go dleathach do thríú páirtithe go heisiach le scrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála, agus na heilimintí sin a bheith neamhábhartha maidir le cinneadh a dhéanamh cibé an bhfuil an t‑údarás maoirseachta inniúil chun maoirseacht na hoibríochta próiseála sin a áirithiú ar bhonn Airteagal 55 de Rialachán 2016/679.

37      Maidir le próiseáil amhail í sin atá i gceist sna príomhimeachtaí, ní mór a chinneadh, gan dochar do chomhlíonadh na n‑oibleagáidí substainteacha a leagtar síos le Rialachán 2016/679, go dtagann próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann cúirteanna i gcomhthéacs a mbeartas cumarsáide maidir le cásanna atá os a gcomhair, amhail na cinn a bhaineann le doiciméid ó chomhad cás cúirte a chur ar fáil go sealadach d’iriseoirí chun go bhféadfaidh siad é a chlúdach sna meáin, inter alia, lasmuigh d’inniúlacht an údaráis mhaoirseachta, de bhun Airteagal 55(3) den Rialachán sin.

38      Maidir leis an gcinneadh, ag féachaint d’ábhar agus do chomhthéacs cáis ar leith, den fhaisnéis ó chomhad cás cúirte a fhéadfar a sholáthar d’iriseoirí chun a chur ar a gcumas tuairisc a thabhairt ar chúrsa imeachtaí cúirte nó chun solas a chaitheamh ar ghné amháin nó gné eile de chinneadh a thabharfar, tá nasc soiléir aige le comhlíonadh, ag na cúirteanna dá leithéid, dá ‘gcáil bhreithiúnach’, a bhféadfadh an mhaoirseacht uirthi ag údarás seachtrach an bonn a bhaint, go ginearálta, de neamhspleáchas na mbreithiúna.

39      I bhfianaise na mbreithnithe go léir thuasluaite, is é an freagra atá ar an gceist a tharchuirtear nach mór Airteagal 55(3) de Rialachán 2016/679 a léiriú ar bhealach a chiallaíonn go bhfuil an fíoras go gcuireann cúirt doiciméid ó imeachtaí cúirte ar fáil go sealadach d’iriseoirí ina bhfuil sonraí pearsanta d’fhonn a chumasú dóibh tuairisciú níos fearr a dhéanamh ar chúrsa na n‑imeachtaí sin, ag teacht faoi chomhlíonadh, ag an gcúirt sin, dá ‘cáil bhreithiúnach’, de réir bhrí na forála sin.

 Costais

40      Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Chéad Dlísheomra) mar seo a leanas:

Maidir le hAirteagal 55(3) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí),

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

tagann an fhíric gur féidir le cúirt doiciméid ó imeachtaí cúirte, ina bhfuil sonraí pearsanta iontu, a chur ar fáil go sealadach d’iriseoirí, ionas gur féidir leo tuairisciú níos fearr a dhéanamh ar dhul chun cinn na nimeachtaí sin faoi fheidhmiú, ag an gcúirt sin, dá ‘feidhm bhreithiúnach’, de réir bhrí na forála sin.

[Sínithe]


*      Teanga an cháis: an Ollainnis.