BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

1 Lúnasa 2022 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú — Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta — Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh — Airteagail 7, 8 agus 52(1) — Treoir 95/46/CE — Airteagal 7(c) — Airteagal 8(1) — Rialachán (AE) 2016/679 — Pointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1), agus an dara fomhír d’Airteagal 6(3) — Airteagal 9(1) — Próiseáil riachtanach chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh — Cuspóir a bhaineann le leas an phobail — Comhréireacht — Próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta — Rialacha náisiúnta lena gceanglaítear na sonraí atá i ndearbhuithe maidir le leasanna príobháideacha daoine nádúrtha a oibríonn sa tseirbhís phoiblí nó stiúrthóirí ar chomhlachais nó ar eagraíochtaí a fhaigheann cistí poiblí a fhoilsiú ar an idirlíon — Coinbhleachtaí leasa agus éilliú san earnáil phoiblí a chosc)

I gCás C‑184/20,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Vilniaus apygardos administracinis teismas (Cúirt Réigiúnach Riaracháin, Vilnias, an Liotuáin), trí bhreith an 31 Márta 2020, a fuarthas ag an gCúirt an 28 Aibreán 2020, sna himeachtaí idir

OT

v

Vyriausioji tarnybinės etikos komisija,

idiragraí:

Fondas “Nevyriausybinių organizacijų informacijos ir paramos centras”,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, K. Jürimäe, C. Lycourgos, N. Jääskinen, I. Ziemele agus J. Passer, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič (Rapóirtéir), J.‑C. Bonichot, A. Kumin agus N. Wahl, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: P. Pikamäe,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Rialtas na Liotuáine, ag K. Dieninis agus V. Vasiliauskienė, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na hIodáile, ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó M. Russo, avvocato dello Stato,

Rialtas na Fionlainne, ag M. Pere, i gcáil Gníomhaire,

an Coimisiún Eorpach, ag S.L. Kalėda, H. Kranenborg, agus D. Nardi, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 9 Nollaig 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léirmhíniú phointe (e) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) agus le léirmhíniú Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1, agus Ceartúchán IO 2018 L 127, lch. 3, agus Ceartúchán IO 2021 L 74, lch. 35, an “RGCS”).

2

Rinneadh an iarraidh sin i gcomhthéacs imeachtaí idir OT agus an Vyriausioji tarnybinės etikos komisija (an tArd-Choimisiún um Choinbhleachtaí Leasa a Chosc sa tSeirbhís Phoiblí, an Liotuáin) (“an tArd-Choimisiún”) maidir le cinneadh ón Ard-Choimisiún lenar aithníodh mainneachtain OT ina oibleagáid chun dearbhú maidir le leasanna príobháideacha a thaisceadh a chomhlíonadh.

An dlí lena mbaineann

Dlí idirnáisiúnta

Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe

3

Rinne na Ballstáit go léir Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe, arna ghlacadh le Rún 58/4 an 31 Deireadh Fómhair 2003 ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus arna thabhairt i bhfeidhm an 14 Nollaig 2005, a dhaingniú, agus rinne an tAontas Eorpach é a fhormheas le Cinneadh 2008/801/CE ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2008 (IO 2008 L 287, lch. 1).

4

De réir Airteagal 1 den Choinbhinsiún sin:

“Is iad cuspóirí an Choinbhinsiúin seo ná:

a)

bearta a chur chun cinn agus a neartú chun an t‑éilliú a chosc agus a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí;

[...]

c)

sláine, cuntasacht agus bainistíocht chuí gnóthaí poiblí agus maoine poiblí a chur chun cinn.”

5

De réir Airteagal 7(4) den Choinbhinsiún sin:

“Déanfaidh gach Stát is páirtí iarracht, i gcomhréir le prionsabail bhunúsacha a dhlí inmheánaigh, córais a ghlacadh, a chothabháil agus a neartú lena gcuirfear an trédhearcacht chun cinn agus lena gcoiscfear coinbhleachtaí leasa.”

An Coinbhinsiún Dlí Choiriúil maidir le hÉilliú

6

Sa Choinbhinsiún Dlí Choiriúil maidir le hÉilliú, arna ghlacadh ag An Chomhairle Eorpach an 27 Eanáir 1999 agus arna dhaingniú ag na Ballstáit uile, leagtar amach in aithris 4:

“Agus é á chur chun suntais go bhfuil an t‑éilliú ina bhagairt ar an smacht reachta, ar an daonlathas agus ar chearta an duine, go mbaineann sé an bonn de phrionsabail an dea-riaracháin, an chothromais agus an cheartais shóisialta, go saobhann sé an iomaíocht, go gcuireann sé bac le forbairt eacnamaíoch agus go gcuireann sé cobhsaíocht na n‑institiúidí daonlathacha agus bunúis mhorálta na sochaí i mbaol”.

Dlí an Aontais

An Coinbhinsiún maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe a bhfuil oifigigh i dtreis ann

7

Sa Choinbhinsiún a tarraingíodh suas ar bhonn Airteagal K.3(2)(c) den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann (IO 1997 C 195, lch. 2), a tháinig i bhfeidhm an 28 Meán Fómhair 2005, foráiltear in Airteagal 2, dar teideal “Éilliú éighníomhach”:

“1.   Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, ciallaíonn éilliú éighníomhach go ndéanann oifigeach iarracht, d’aon ghnó, go díreach nó trí hidirghabhálaí, chun buntáistí de chineál ar bith a lorg nó a fháil, dó féin nó do thríú páirtí, nó go nglacann sé le gealltanas go bhfaighidh sé buntáiste, ionas go ndéanfaidh sé nó go staonfaidh sé, ar bhealach neamhréireach lena dhualgais oifigiúla, ó ghníomh dá fheidhmeanna nó gníomh de chuid cur i gcrích a bhfeidhmeanna a dhéanamh.

2.   Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar cion coiriúil den iompar dá dtagraítear i mír 1.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

8

Is mar seo a leanas atá Airteagal 3 den Choinbhinsiún sin, dar teideal “Éilliú gníomhach”:

“1.   Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, ciallaíonn éilliú gníomhach go dtugann aon duine, d’aon ghnó, buntáiste, nó buntáiste de chineál ar bith, go díreach nó trí hidirghabhálaí, d’oifigeach, ar mhaithe leis féin nó le tríú páirtí, nó go dtugann sé gealltanas ina leith sin, ionas go ndéanfaidh sé, ar bhealach neamhréireach lena dhualgais oifigiúla, gníomh dá fheidhmeanna nó gníomh de chuid cur i gcrích a bhfeidhmeanna, nó go staonfaidh sé as sin a dhéanamh.

2.   Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar cion coiriúil den iompar dá dtagraítear i mír 1.”

Treoir 95/46/CE

9

Leagadh amach in aithrisí 10, 30 agus 33 de Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine nadúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO 1995 L 281, lch. 31) seo a leanas:

“(10)

de bhrí gurb é cuspóir na ndlíthe náisiúnta maidir le próiseáil sonraí pearsanta ná chun urraim a áirithiú do chearta agus do shaoirsí bunúsacha, go háirithe an ceart chun príobháideachais, a aithnítear freisin in Airteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus i bprionsabail ghinearálta de dhlí an Chomhphobail; de bhrí, ar an gcúis sin, nach féidir a bheith mar thoradh ar chomhfhogasú na ndlíthe sin go ndéanfar laghdú ar an gcosaint a áirithíonn siad, nach mór, a mhalairt air sin, go mbeidh sé d’aidhm aige sin ardleibhéal cosanta a áirithiú sa Chomhphobal;

[...]

(30)

de bhrí, chun bheith dleathach, nach mór próiseáil sonraí pearsanta a bheith, thairis sin, bunaithe ar thoiliú ón ábhar sonraí nó a bheith riachtanach chun conradh a thabhairt i gcrích nó a chomhlíonadh atá ina cheangal ar an ábhar sonraí, nó chun oibleagáid dhlíthiúil a urramú, nó chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil, nó chun leas dlisteanach duine a chur i gcrích, ar chuntar nach bhfuil leas nó cearta agus saoirsí an duine lena mbaineann sáraitheach; [...]

[...]

(33)

de bhrí nár cheart próiseáil a dhéanamh ar na sonraí a d’fhéadfaidís dochar a dhéanamh do shaoirsí bunúsacha nó don phríobháideachas de bharr chineál na sonraí atá iontu, ach amháin má thoilíonn an t‑ábhar sonraí go sainráite leis; de bhrí, áfach, nach mór foráil a dhéanamh go sainráite do mhaoluithe ar an toirmeasc sin chun freastal ar riachtanais shonracha, go háirithe i gcás ina ndéanann daoine atá faoi réir oibleagáid dhlíthiúil maidir le rúndacht ghairmiúil na sonraí sin a phróiseáil chun críocha áirithe a bhaineann leis an tsláinte nó chun cur i gcrích gníomhaíochtaí dlisteanacha arna ndéanamh ag comhlachais nó fondúireachtaí áirithe arb é is cuspóir dóibh feidhmiú saoirsí bunúsacha a chumasú.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

10

Sainmhíníodh cuspóir na Treorach sin in Airteagal 1 mar seo a leanas:

“1.   I gcomhréir leis an Treoir seo, áiritheoidh na Ballstáit cosaint saoirsí agus cearta bunúsacha daoine nádúrtha, agus go háirithe a gceart chun príobháideachais, i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.

2.   Ní fhéadfaidh leis na Ballstáit saorshreabhadh sonraí pearsanta idir Ballstáit a shrianadh ná a thoirmeasc ar chúiseanna a bhaineann leis an gcosaint a áirithítear de bhun mhír 1.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

11

Foráladh le hAirteagal 2 den Treoir sin:

“Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

a)

ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (ábhar sonraí); is é is duine in-sainaitheanta ná duine gur féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’uimhir aitheantais nó ceann amháin nó níos mó de ghnéithe a bhaineann go sonrach lena chéannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta;

b)

ciallaíonn ‘próiseáil sonraí pearsanta’ (próiseáil) aon oibríocht nó aon sraith d’oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, comhairliú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal agus blocáil, scriosadh nó díothú;

[...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

12

Roinneadh Caibidil II de Threoir 95/46, dar teideal “Coinníollacha ginearálta lena rialaítear dlíthiúlacht na próiseála ar shonraí pearsanta”, i naoi roinn.

13

I Roinn I, dar teideal “Prionsabail a bhaineann le cáilíocht sonraí”, is mar seo a leanas a bhí Airteagal 6 den Treoir sin:

“1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil go mbeidh na sonraí pearsanta:

a)

próiseáilte ar bhealach cóir agus dleathach;

b)

bailithe chun críocha sonraithe, sainráite agus dlisteanach, agus nach ndéanfar próiseáil orthu ina dhiaidh sin ar bhealach atá neamhréireach leis na críocha sin; [...]

c)

leordhóthanach, ábhartha agus gan a bheith iomarcach i ndáil leis na críocha dá ndéanfar iad a bhailiú agus a phróiseáil níos déanaí;

[...]

2.   Is faoin rialaitheoir a bheidh sé a áirithiú go gcomhlíonfar mír 1.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

14

I Roinn II, dar teideal “Prionsabail a bhaineann le dlisteanacht na próiseála sonraí”, foráladh le hAirteagal 7 den Treoir sin:

“Forálfaidh na Ballstáit nach bhféadfaí sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin:

[...]

c)

má tá gá léi chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh

[...]

e)

má tá gá léi chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir nó don tríú páirtí dá gcuirtear na sonraí in iúl

[...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

15

I Roinn III, dar teideal “Catagóirí speisialta próiseála”, foráladh le hAirteagal 8 de Threoir 95/46, maidir le “[p]róiseáil a bhaineann le catagóirí speisialta sonraí”:

“1.   Toirmeascfaidh na Ballstáit próiseáil sonraí lena nochtar tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ballraíocht i gceardchumann, chomh maith le próiseáil sonraí maidir le sláinte agus saol gnéis duine.

[...]

4.   Faoi réir coimircí oiriúnacha a bheith tugtha, féadfaidh Ballstáit, ar mhaithe le leas poiblí substaintiúil, díolúintí a leagan síos i dteannta leis na cinn a leagadh síos i mír 2, trí bhíthin an dlí náisiúnta nó trí bhíthin cinnidh de chuid an údaráis mhaoirseachta.

[...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

RGCS

16

I gcomhréir le hAirteagal 94(1) de RGCS, rinneadh Treoir 95/46 a aisghairm le RGCS le héifeacht ón 25 Bealtaine 2018. De bhun Airteagal 99(2), tá sé infheidhme ón dáta céanna sin.

17

Luaitear in aithrisí 4, 10, 26, 35, 39 agus 51 den Rialachán sin mar a leanas:

“(4)

Ba cheart an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a cheapadh ar chaoi agus go rachadh sí chun leas an duine. Ní ceart glan é an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint; ní mór é a mheas i bhfianaise na feidhme atá aige sa tsochaí agus é a chothromú i gcoinne cearta bunúsacha eile, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Sa Rialachán seo urramaítear na cearta bunúsacha uile agus comhlíontar na saoirsí agus na prionsabail a aithnítear [sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt)] mar a chumhdaítear sna Conarthaí iad, go háirithe urraim ar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh, ar an áit chónaithe agus ar chumarsáidí, urraim ar chosaint sonraí pearsanta do dhéanamh, an tsaoirse smaoinimh, coinsiasa agus reiligiúin, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun leigheas éifeachtach agus chun triail chóir a fháil, agus an ceart i leith éagsúlacht chultúrtha, reiligiúnach agus teanga.

[...]

(10)

Chun leibhéal comhsheasmhach cosanta agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus chun na bacainní ar shreabhadh sonraí pearsanta laistigh den Aontas a bhaint, ba cheart an leibhéal céanna cosanta a bheith i ngach Ballstát do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí den sórt sin. [...] Maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil chun go gcomhlíonfaí oibleagáid dhlíthiúil, chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit forálacha náisiúnta a choimeád nó a thabhairt isteach chun cur i bhfeidhm na rialacha atá sa Rialachán seo a shonrú tuilleadh. [...] Déantar foráil sa Rialachán seo freisin go mbeadh lamháil solúbthachta ag na Ballstáit chun a rialacha a shainiú, lena n‑áirítear a rialacha a shonrú maidir le catagóirí speisialta sonraí pearsanta (‘sonraí íogaire’) a phróiseáil. Sa mhéid sin, ní eisiann an Rialachán seo dlí Ballstáit lena leagtar amach na dálaí le haghaidh cásanna sonracha próiseála, lena n‑áirítear na coinníollacha a chinneadh ar bhealach níos cruinne faoina bhfuil an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta dlíthiúil.

[...]

(26)

Ba cheart feidhm a bheith ag prionsabail na cosanta sonraí maidir le haon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta. [...] Chun a chinneadh an bhfuil duine nádúrtha in-sainaitheanta nó nach bhfuil, ba cheart aird a thabhairt ar na modhanna go léir, amhail díriú ar leith, is dócha, le réasún, a úsáidfidh an rialaitheoir nó duine eile chun an duine nádúrtha a shainaithint go díreach nó go hindíreach. [...]

[...]

(35)

Ba cheart a áireamh ar shonraí pearsanta a bhaineann leis an tsláinte na sonraí uile i ndáil le stádas sláinte ábhair sonraí, ar sonraí iad lena nochtar faisnéis a bhaineann le stádas sláinte coirp nó meabhrach an duine is ábhar de na sonraí, mar atá ag an am, mar a bhí nó mar a bheidh. [...]

[...]

(39)

[...] Ba cheart na sonraí pearsanta a bheith leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun na gcríoch a ndéantar iad a phróiseáil ina leith. Éilítear leis seo, go háirithe, go ndéantar a áirithiú go bhfuil an tréimhse a stóráiltear na sonraí pearsanta lena linn teoranta go dtí íosmhéid dhocht. Níor cheart sonraí pearsanta a phróiseáil ach mura bhféadfaí críoch na próiseála a bhaint amach go réasúnta ar bhealach eile. [...]

[...]

(51)

Tá cosaint ar leith dlite do shonraí pearsanta ar de chineál fíor-íogair iad maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha, toisc go bhféadfaí rioscaí suntasacha a chruthú do na cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha mar thoradh ar chomhthéacs a bpróiseála. [...] Níor cheart sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil, ach amháin má cheadaítear an phróiseáil i gcásanna sonracha a leagtar amach sa Rialachán seo, ag cur san áireamh gur féidir forálacha sonracha a leagan síos i ndlí an Bhallstáit sin maidir le cosaint sonraí d’fhonn cur i bhfeidhm na rialacha sa Rialachán seo a chur in oiriúint chun go gcomhlíonfaí oibleagáid dhlíthiúil nó chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir. I dteannta na gceanglas sonrach maidir le próiseáil den sórt sin, ba cheart feidhm a bheith ag na prionsabail ghinearálta agus ag na rialacha eile atá sa Rialachán seo, go háirithe maidir leis na coinníollacha i ndáil le próiseáil dhleathach. Maoluithe ón toirmeasc ginearálta chun catagóirí speisialta sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil, ba cheart foráil a dhéanamh go sainráite dóibh, inter alia, i gcás ina dtugann an t‑ábhar sonraí a thoiliú nó a toiliú sainráite nó maidir le riachtanais shonracha, go háirithe i gcás ina ndéanann comhlachais nó fondúireachtaí áirithe an phróiseáil le linn gníomhaíochtaí dlisteanacha arb é is críoch dóibh go gceadaítear saoirsí bunúsacha a fheidhmiú.”

18

Foráiltear in Airteagal 1(2) de RGCS, dar teideal, “Ábhar agus cuspóirí”, mar seo a leanas:

“Leis an Rialachán seo, cosnaítear cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha agus go háirithe a gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint.”

19

Is mar seo atá foclaíocht Airteagal 4 den Rialachán sin, dar teideal “Sainmhínithe”:

“Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1)

ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

2)

ciallaíonn ‘próiseáil’ aon oibríocht nó aon sraith d’oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

[...]

15)

ciallaíonn ‘sonraí a bhaineann leis an tsláinte’ sonraí pearsanta a bhaineann le sláinte fhisiciúil nó mheabhrach duine nádúrtha, lena n‑áirítear soláthar seirbhísí cúraim sláinte, lena nochtar faisnéis faoina stádas sláinte;

[...]”

20

I gCaibidil II de RGCS, dar teideal “Prionsabail”, atá Airteagail 5 go 11.

21

Foráiltear in Airteagal 5(1) den Rialachán sin, maidir leis na “[p]rionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta”, mar seo a leanas:

“Maidir le sonraí pearsanta:

a)

déanfar iad a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach i ndáil leis an ábhar sonraí (‘dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht’);

b)

déanfar iad a bhailiú chun críocha sonraithe sainráite dlisteanacha agus ní dhéanfar iad a phróiseáil tuilleadh ar shlí atá ar neamhréir leis na críocha sin; [...] (‘teorannú de réir cuspóra’);

c)

beidh siad leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil (‘íoslaghdú sonraí’);

[...]”

22

Leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (3) den Rialachán sin, dar teideal “Dleathacht na próiseála”, seo a leanas:

“1.   Ní bheidh an phróiseáil dleathach ach amháin má tá feidhm, agus a mhéid atá feidhm, le ceann díobh seo a leanas ar a laghad:

[...]

c)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh;

[…]

e)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir;

[...]

3.   Déanfar an bunús don phróiseáil dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (e) de mhír 1 a leagan síos leis [an] méid seo a leanas:

a)

dlí an Aontais; nó

b)

dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir.

Cinnfear críoch na próiseála sa bhunús dlí sin nó, maidir leis an bpróiseáil dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, beidh [gá] léi le haghaidh cúram chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir. [...] Comhlíonfaidh dlí an Aontais nó dlí Ballstáit cuspóir a bhaineann le leas an phobail agus beidh sé i gcomhréir leis an aidhm dhleathach atá á saothrú.”

23

Foráiltear in Airteagal 9(1) agus (2) den Rialachán sin, dar teideal “Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil”, mar seo a leanas:

“1.   Toirmeascfar próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta lena léirítear tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, nó ballraíocht i gceardchumann, agus toirmeascfar próiseáil ar shonraí géiniteacha, ar shonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, ar shonraí a bhaineann leis an tsláinte nó ar shonraí a bhaineann le saol gnéis agus le gnéaschlaonadh duine nádúrtha.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás go mbeidh feidhm ag ceann amháin díobh seo leanas:

[...]

g)

is gá an phróiseáil a dhéanamh ar mhórchúiseanna leasa an phobail, ar bhonn dhlí an Aontais nó dlí Ballstáit a bheidh ar comhréir leis an aidhm atá á saothrú, a urramóidh éirim an chirt maidir le cosaint sonraí agus a fhorálfaidh do bhearta oiriúnacha agus sonracha chun cearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí a choimirciú;

[...]”

Dlí na Liotuáine

24

Tá sé d’aidhm ag an Lietuvos Respublikos viešųjų ir privačių interesų derinimo valstybinėje tarnyboje įstatymas Nr. VIII-371 (Dlí Uimh. VIII-371 ó Phoblacht na Liotuáine maidir le leasanna poiblí agus príobháideacha a réiteach sa tseirbhís phoiblí) an 2 Iúil 1997 (Žin., 1997, Uimh. 67-1659), sa leagan a bhí i bhfeidhm tráth na bhfíoras sna príomhimeachtaí (an “Dlí maidir le leasanna a réiteach”), i gcomhréir lena Airteagal 1, leasanna príobháideacha daoine a oibríonn sa tseirbhís phoiblí a réiteach le leasanna poiblí na sochaí, tosaíocht an leasa phoiblí a áirithiú agus cinntí á nglacadh, neamhchlaontacht cinntí a glacadh a ráthú agus bac a chur le teacht chun cinn agus fás an éillithe sa tseirbhís phoiblí.

25

De bhun Airteagal 2(1) den dlí sin, áirítear sa choincheap “daoine a oibríonn sa tseirbhís phoiblí”, inter alia, daoine a oibríonn i gcomhlachais nó in eagraíochtaí poiblí arna maoiniú leis an mbuiséad nó le cistí an Stáit nó de chuid údarás áitiúil agus a bhfuil cumhachtaí riaracháin acu.

26

Foráiltear in Airteagal 3(2) agus (3) den dlí sin, dar teideal “Oibleagáidí daoine atá ag cur isteach ar phost, ag obair nó a bhí ag obair sa tseirbhís phoiblí”, mar seo a leanas:

“2.   Beidh sé de cheangal ar dhaoine a chuireann isteach ar phost nó a oibríonn sa tseirbhís phoiblí, chomh maith leis na daoine eile dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den dlí seo, a leasanna príobháideacha a dhearbhú.

3.   Beidh na daoine a d’éirigh as oifig sa tseirbhís phoiblí faoi réir na srianta dá bhforáiltear sa chúigiú roinn den dlí seo.”

27

Foráiltear in Airteagal 4(1) den Dlí maidir le leasanna a réiteach, dar teideal “Leasanna príobháideacha a dhearbhú”, mar seo a leanas:

“Ceanglófar ar aon duine a oibríonn sa tseirbhís phoiblí, chomh maith le haon duine a chuireann isteach ar phost sa tseirbhís phoiblí, a leasanna príobháideacha a dhearbhú trí dhearbhú maidir le leasanna príobháideacha a thaisceadh (“dearbhú”) i gcomhréir leis na socruithe a leagtar síos sa dlí seo agus i ngníomhartha eile. [...]”

28

De réir Airteagal 5 den dlí sin:

“1.   Ceanglófar ar dhaoine a dhearbhaíonn a leasanna príobháideacha a ndearbhuithe a thaisceadh go leictreonach, i gcomhréir leis na socruithe arna leagan síos ag an [Ard-Choimisiún], laistigh de theorainn ama de 30 lá ón dáta ar toghadh, ar earcaíodh nó ar ceapadh iad (seachas sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den dlí seo agus i míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo).

2.   Taiscfidh na daoine a chuireann isteach ar phost sa tseirbhís phoiblí (cé is moite de na daoine dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den dlí seo agus na daoine a bhfuil a gcuid sonraí rúnaicmithe de bhun an dlí agus/nó a chuireann gníomhaíochtaí faisnéise, frithspiaireachta nó faisnéise coiriúla i gcrích) a ndearbhuithe roimh dháta a dtofa, a n‑earcaithe nó a gceaptha, mura bhforáiltear a mhalairt i dtéacsanna eile.

3.   Taiscfidh na daoine a bhfuil a gcuid sonraí rúnaicmithe de bhun an dlí agus/nó a chuireann gníomhaíochtaí faisnéise, frithspiaireachta nó faisnéise coiriúla i gcrích a ndearbhuithe laistigh de theorainn ama de 30 lá ón dáta ar toghadh, ar earcaíodh nó ar ceapadh iad, le stiúrthóir na hinstitiúide (an duine dlítheanach), nó lena ionadaí cuí-údaraithe, ina n‑oibríonn siad, i gcomhréir leis na socruithe arna leagan síos ag an institiúid sin (ag an duine dlítheanach sin).

4.   Taiscfidh comhaltaí na gcoistí soláthair phoiblí, na daoine ar chuir an stiúrthóir cúram breithnithe orthu chun conarthaí a dhámhachtain faoin nós imeachta simplithe agus na saineolaithe a bhfuil baint acu le nósanna imeachta um sholáthar poiblí a ndearbhuithe maidir le leasanna príobháideacha go leictreonach (murar chuir siad isteach roimhe sin iad) sula gcuirfear tús lena rannpháirtíocht i nósanna imeachta um sholáthar poiblí. Ní cheadófar do chomhalta de choiste soláthair phoiblí, do dhuine ar chuir an stiúrthóir cúram breithnithe air chun conarthaí a dhámhachtain faoin nós imeachta simplithe nó do shaineolaí a bhfuil baint aige le nós imeachta soláthair phoiblí nár thaisc dearbhú maidir le leasanna príobháideacha a bheith rannpháirteach sa nós imeachta soláthair agus bainfear na dualgais lena mbaineann de.

5.   Dá mba rud é go bhforáiltear dó sa téacs lena leagtar síos rialacha oibriúcháin na hinstitiúide (an duine dlítheanach) ina n‑oibríonn an t‑ábhar sonraí, féadfar an dearbhú a thaisceadh ní hamháin le stiúrthóir na hinstitiúide sin (an duine dlítheanach), nó lena ionadaí cuí-údaraithe, ach freisin le stiúrthóir an duine dhlítheanaigh, nó lena ionadaí cuí-údaraithe, atá mar phróiseálaí sonraí san institiúid sin (don duine dlítheanach sin) nó atá freagrach don institiúid sin, nó do dhuine dlítheanach eile.

6.   Déanfaidh na hinstitiúidí atá údaraithe chun rochtain a fháil ar na dearbhuithe, sna cásanna dá bhforáiltear agus i gcomhréir leis na socruithe arna leagan síos le dlí, iad a iarraidh ó áit oibre an dearbhóra nó ón [Ard-Choimisiún].”

29

Leagtar amach in Airteagal 6 den dlí sin, dar teideal “Ábhar an dearbhaithe”, seo a leanas:

“1.   Ní mór don dearbhóir an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis féin agus lena chéile, lena chomhchónaitheoir nó lena pháirtí a lua sa dearbhú:

1)

ainm, sloinne, uimhir aitheantais phearsanta, uimhir slándála sóisialta, fostóir(í) agus dualgais;

2)

duine dlítheanach a bhfuil stádas comhlach nó comhalta ag an dearbhóir nó a chéile, a chomhchónaitheoir nó a pháirtí ina leith;

3)

gníomhaíochtaí féinfhostaithe, mar a shainmhínítear i nDlí Phoblacht na Liotuáine maidir le cáin ioncaim;

4)

comhaltas i gcuideachtaí, in eagraíochtaí, i gcomhlachais nó i gcistí agus na feidhmeanna a chuirtear i gcrích iontu, cé is moite de chomhaltas i bpáirtithe polaitiúla agus i gceardchumainn;

5)

bronntanais (seachas bronntanais óna chuid gaolta) a fuarthas sa dá mhí féilire dhéag dheireanacha má tá luach níos mó ná EUR 150 orthu;

6)

faisnéis maidir le hidirbhearta a tugadh i gcrích le linn an dá mhí féilire dhéag dheireanacha agus idirbhearta eile atá ar bun má tá luach níos mó ná EUR 3000 orthu;

7)

gaolta nó daoine eile nó sonraí atá ar aithne an dearbhóra a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le coinbhleacht leasa.

2.   Féadfaidh an dearbhóir na sonraí a bhaineann lena chéile, lena chomhchónaitheoir nó lena pháirtí a fhágáil ar lár mura gcónaíonn siad le chéile, mura teaghlach coiteann iad agus, dá bhrí sin, mura bhfuil na sonraí sin i seilbh aige.”

30

Foráiltear le hAirteagal 10 den dlí sin, dar teideal “Poibliú sonraí a bhaineann le leasanna príobháideacha”:

“1.   Déanfar na sonraí i ndearbhuithe na n‑oifigeach tofa agus na ndaoine le poist pholaitiúla, oifigigh agus ghníomhairí an Stáit, na mbreithiúna, stiúrthóirí agus leas-stiúrthóirí institiúidí an Stáit nó údaráis áitiúil, na n‑oifigeach agus na ngníomhairí lena mbaineann muinín pholaitiúil (pearsanta), oifigigh an Stáit a chuireann feidhmeanna stiúrthóirí agus leas-stiúrthóirí d’fhoranna institiúidí nó eagraíochtaí i gcrích, stiúrthóirí agus leas-stiúrthóirí ar chomhlachtaí poiblí agus ar údaráis bhuiséadacha an Stáit nó ar údarás áitiúil, stiúrthóirí agus leas-stiúrthóirí ar chomhlachais nó eagraíochtaí poiblí a fhaigheann airgead ón mbuiséad nó ó chíste an Stáit nó de chuid údarás áitiúil, fhostaithe Bhanc na Liotuáine a bhfuil cumhachtaí riaracháin phoiblí acu (freagrach as maoirseacht ar na margaí airgeadais, as réiteach díospóidí idir tomhaltóirí agus rannpháirtithe sna margaí airgeadais lasmuigh den chúirt agus cúraimí eile riaracháin phoiblí), comhaltaí ar bhoird maoirseachta nó riaracháin agus stiúrthóirí agus leas-stiúrthóirí cuideachtaí comhstoic nó cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta ina bhfuil an Stát nó údarás áitiúil ina scairshealbhóir sa chaoi go bhfuil níos mó ná leath de na cearta vótála aige ag cruinniú ginearálta na gcomhaltaí, comhaltaí ar bhord riaracháin chuideachtaí poiblí an Stáit nó d’údarás poiblí, Uachtaráin agus Leas-Uachtaráin páirtithe polaitiúla, comhairleoirí gan phá, chúntóirí agus chomhairleoirí daoine tofa agus daoine i seilbh post polaitiúil, saineolaithe creidiúnaithe ag coimisiúin Pharlaimint na Liotuáine, comhaltaí painéil aireachta, comhaltaí Chomhairle an Árachais Sláinte Riachtanaigh, comhairleoirí gan phá de chuid Chomhairle an Árachais Sláinte Riachtanaigh, comhaltaí Chomhairle Náisiúnta na Sláinte, dochtúirí, fiaclóirí agus poitigéirí a oibríonn in údaráis bhuiséadacha nó phoiblí an Stáit nó d’údarás áitiúil, i gcomhlachtaí poiblí an Stáit nó d’údaráis áitiúla nó i gcomhlachtaí ina bhfuil an Stát nó údarás áitiúil mar scairshealbhóir sa chaoi go bhfuil níos mó ná leath de na cearta vótála acu ag cruinniú ginearálta na gcomhaltaí, daoine i seilbh ceadúnas ionaid sláinte nó cógaslainne, agus comhaltaí de choistí soláthair phoiblí, daoine ar chuir an stiúrthóir cúram breithnithe orthu chun conarthaí a dhámhachtain faoin nós imeachta simplithe agus saineolaithe a bhfuil baint acu le nósanna imeachta soláthair phoiblí a phoibliú agus a fhoilsiú ar shuíomh idirlín an Ard-Choimisiúin, i gcomhréir leis na socruithe arna leagan amach ag an Ard-Choimisiún [cé is moite de na sonraí i ndearbhuithe na ndaoine a bhfuil a gcuid sonraí rúnaicmithe de bhun an dlí agus (nó) a chuireann gníomhaíochtaí faisnéise, frithspiaireachta nó faisnéise coiriúla i gcrích]. I gcás ina gcaillfidh duine a bhfuil a chuid sonraí ar fáil go poiblí stádas dearbhóra, déanfaidh an tArd-Choimisiún, arna iarraidh sin ag an ábhar sonraí, an dearbhú a bhaint óna shuíomh idirlín.

2.   Ní fhéadfar na sonraí seo a leanas a chuirtear in iúl sa dearbhú a chur ar fáil go poiblí: an uimhir aitheantais phearsanta, an uimhir slándála sóisialta, sonraí pearsanta sonracha agus faisnéis eile a thoirmeasctar a nochtadh leis an dlí. Thairis sin, ní fhoilseofar sonraí páirtí eile in idirbheart, nuair is duine nádúrtha é.”

31

Faoi Airteagal 22 den Dlí maidir le leasanna a réiteach, dar teideal “Údaráis agus gníomhairí maoirseachta”:

“Déanfar rialú ar an gcaoi ina gcuirfidh na daoine a bhfuil an dlí seo infheidhme ina leith an dlí seo chun feidhme ag:

1)

an [tArd-Choimisiún];

2)

stiúrthóirí, nó a n‑ionadaithe cuí-údaraithe, institiúidí nó eagraíochtaí an Stáit nó na n‑údarás áitiúil lena mbaineann;

3)

stiúrthóir an údaráis chonarthaigh nó na daoine arna n‑údarú go cuí aige (i ndáil le comhaltaí na gcoistí soláthair phoiblí, na daoine ar chuir an stiúrthóir cúram breithnithe orthu chun conarthaí a dhámhachtain faoin nós imeachta simplithe agus saineolaithe a bhfuil baint acu le nósanna imeachta soláthair phoiblí);

4)

orgáin eile Stáit, i gcomhréir leis an méid dá bhforáiltear leis an dlí.

[...]

3.   I gcás inarb ann d’fhaisnéis atá bunús léi nach gcomhlíonann duine ceanglais an dlí seo, déanfaidh stiúrthóirí, nó a n‑ionadaithe cuí-údaraithe, institiúidí nó eagraíochtaí an Stáit nó údaráis áitiúil nó institiúid choláisteach an Stáit nó an t‑údarás áitiúil imscrúdú, ar a dtionscnamh féin nó arna threorú sin ag an [Ard-Choimisiún], ar ghníomhaíochtaí seirbhíse an duine a oibríonn sa tseirbhís phoiblí. Cuirfear an [tArd-Choimisiún] ar an eolas faoi thorthaí an imscrúdaithe; beidh sé de chumhacht aige a mheas an gcomhlíonann an measúnú sa tuarascáil imscrúdaithe maidir le hiompar an ábhair sonraí forálacha an dlí seo. [...]”

32

Ní luaitear a thuilleadh in Airteagal 2(5) de Dhlí Phoblacht na Liotuáine maidir le leasanna poiblí agus príobháideacha a réiteach, sa leagan atá i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2020 (an “Dlí leasaithe maidir le leasanna a réiteach”), lena sainmhínítear an coincheap “daoine a oibríonn sa tseirbhís phoiblí’, i measc na ndaoine sin, daoine a oibríonn i gcomhlachais nó in eagraíochtaí poiblí arna maoiniú leis an mbuiséad nó le cistí an Stáit nó de chuid údarás áitiúil agus a bhfuil cumhachtaí riaracháin acu.

33

De réir Airteagal 4(3) den Dlí leasaithe maidir le leasanna a réiteach:

“Beidh feidhm ag na forálacha den dlí seo a bhaineann le dearbhú maidir le leasanna príobháideacha agus ag Airteagail 11 agus 13 den dlí seo freisin maidir le:

[...]

8)

stiúrthóirí ar údaráis chonarthacha nó ar chomhlachtaí conarthacha (i dteannta a chéile, ‘comhlacht conarthach’), comhaltaí de choistí soláthair phoiblí de chomhlacht conarthach, daoine ar chuir stiúrthóir comhlachta chonarthaigh de chúram orthu conarthaí a dhámhachtain faoin nós imeachta simplithe, saineolaithe a bhfuil baint acu le nósanna imeachta soláthair phoiblí, tionscnóirí lamháltais […] de chuid comhlachta chonarthaigh in earnáil sheirbhísí an tsoláthair, phróiseáil an fhuíolluisce, an fhuinnimh, an iompair nó na seirbhísí poist;

[...]”

34

Faoi Airteagal 2(8) de Lietuvos Respublikos asmens duomenų teisinės apsaugos įstatymas Nr. I‑1374 (Dlí Uimh. I‑1374 ó Phoblacht na Liotuáine maidir le cosaint dhlíthiúil sonraí pearsanta) an 11 Meitheamh 1996 (Žin., 1996, Uimh. 63‑1479, sa leagan a bhí i bhfeidhm go dtí an 16 Iúil 2018:

“Ciallaíonn ‘sonraí pearsanta sonracha’ sonraí maidir le tionscnamh ciníoch nó eitneach, creideamh polaitiúil, reiligiúnach, fealsúnach nó eile, ballraíocht i gceardchumann, an tsláinte, saol gnéis, agus faisnéis a bhaineann le ciontú coiriúil an duine sin.”

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

35

Is údarás poiblí é an tArd-Choimisiún atá freagrach, inter alia, as a áirithiú go gcuirfí i bhfeidhm an Dlí maidir le leasanna a réiteach agus, go háirithe, as glacadh leis na dearbhuithe maidir le leasanna príobháideacha agus as rialú a dhéanamh orthu.

36

Gníomhaíonn OT mar stiúrthóir ar QP, gnóthas arna rialú ag dlí na Liotuáine, a fhaigheann cistí poiblí agus atá gníomhach maidir le cosaint an chomhshaoil.

37

Le cinneadh an 7 Feabhra 2018, chinn an tArd-Choimisiún gur sháraigh OT, trí mhainneachtain i ndearbhú maidir le leasanna príobháideacha a thaisceadh, Airteagal 3(2) agus Airteagal 4(1) den Dlí maidir le leasanna a réiteach.

38

An 6 Márta 2018, thionscain OT caingean le haghaidh neamhniú os comhair na cúirte a rinne an tarchur i gcoinne an chinnidh sin.

39

Mar thaca leis an gcaingean sin, maíonn OT, ar an gcéad dul síos, nach bhfuil sé i measc na ndaoine atá faoi réir na hoibleagáide chun leasanna príobháideacha a dhearbhú, mar a fhoráiltear in Airteagal 2(1) den Dlí maidir le leasanna a réiteach. Ina cháil mar stiúrthóir ar QP, maíonn sé nach bhfuil cumhachtaí riaracháin phoiblí dílsithe dó agus nach n‑áirithíonn sé go gcuirtear aon seirbhís phoiblí ar fáil don phobal. Thairis sin, feidhmíonn QP, mar eagraíocht neamhrialtasach, ar bhealach neamhspleách ó na húdaráis phoiblí.

40

Ar an dara dul síos, agus ar aon chuma, fiú dá mbeadh sé de cheangal air dearbhú maidir le leasanna príobháideacha a thaisceadh, maíonn OT go ndéanfadh foilsiú an dearbhaithe sin dochar dá cheart chun príobháideachais agus ceart chun príobháideachais daoine eile a bheadh air, más iomchuí, a lua ina dhearbhú.

41

Maíonn an tArd-Choimisiún, a mhéid a dílsíodh cumhachtaí riaracháin do OT laistigh d’eagraíocht a fhaigheann maoiniú ó chistí struchtúracha an Aontais agus ó bhuiséad Stát na Liotuáine, go raibh sé de cheangal ar OT dearbhú maidir le leasanna príobháideacha a thaisceadh, fiú murar oifigeach é agus fiú ag glacadh leis nach raibh cumhachtaí riaracháin phoiblí aige. Thairis sin, tugann an tArd-Choimisiún dá aire, cé go bhféadfadh foilsiú dearbhú den sórt sin a bheith ina chur isteach ar shaol príobháideach an ábhair sonraí agus a chéile, go bhforáiltear don chur isteach sin leis an Dlí maidir le leasanna a réiteach.

42

Tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur faoi chomhoiriúnacht an chórais dá bhforáiltear sa Dlí maidir le leasanna a réiteach le pointí (c) agus (e) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) agus le hAirteagal 6(3) de RGCS agus le hAirteagal 9(1) den Rialachán sin. Measann sí go bhféadfadh na sonraí pearsanta atá i ndearbhú maidir le leasanna príobháideacha faisnéis a nochtadh maidir le saol príobháideach an dearbhóra agus a chéile, a chomhchónaitheoir nó a pháirtí agus a leanaí, sa chaoi go bhféadfadh gurb ionann a nochtadh agus sárú ar cheart na n-ábhar sonraí chun príobháideachais. Tharlódh sé go nochtfaí leis na sonraí sin faisnéis atá an-íogair, amhail go bhfuil an t‑ábhar sonraí i mbun comhchónaithe nó go bhfuil sé ina chónaí le duine den ghnéas céanna, agus go bhféadfadh nochtadh na faisnéise sin deachrachtaí suntasacha a chruthú i saol príobháideach na ndaoine sin. Nochtfaí eolas áirithe maidir lena shaol príobháideach leis na sonraí maidir leis na bronntanais a fuair an dearbhóir agus a chéile, a chomhchónaitheoir nó a pháirtí agus na hidirbhearta a rinne siad. Leis na sonraí a bhaineann le gaolta nó lucht aitheantais an dearbhóra a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le coinbhleacht leasa, nochtfaí, thairis sin, faisnéis faoi theaghlach agus faoi chaidrimh phearsanta an dearbhóra.

43

De réir na cúirte a rinne an tarchur, cé gurb é cuspóir an Dlí maidir le leasanna a réiteach ná comhlíonadh phrionsabal na trédhearcachta a áirithiú i bhfeidhmiú feidhmeanna poiblí, go háirithe agus cinntí á nglacadh maidir le leas an phobail a chur chun feidhme, ní gá sonraí a fhoilsiú ar an idirlíon a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar ghlacadh cinntí den sórt sin chun an cuspóir sin a bhaint amach. Maidir le sonraí pearsanta a chur in iúl do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 5 den dlí sin agus maidir leis an gcúram maoirseachta a shanntar ar na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 22 den dlí sin, is bearta leordhóthanacha iad chun a áirithiú go mbainfear an cuspóir sin amach.

44

Sna himthosca sin, chinn an Vilniaus apygardos administracinis teismas (Cúirt Réigiúnach Riaracháin, Vilnias, an Liotuáin) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú:

“1)

I bhfianaise na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 6(3) de [RGCS], go háirithe an ceanglas nach mór do dhlí na mBallstát freagairt do chuspóir a bhaineann le leas an phobail agus a bheith comhréireach leis an gcuspóir dlisteanach atá á shaothrú, agus in Airteagail 7 agus 8 den [Chairt], an gcaitear an coinníoll a leagtar amach i bpointe (e) [den chéad fhomhír] d’Airteagal 6(1) den Rialachán sin, lena bhforáiltear nach mór an phróiseáil [ar shonraí pearsanta] a bheith riachtanach chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir, a léirmhíniú sa chaoi nach bhféadfaí a cheangal, leis an dlí náisiúnta, go nochtfaí na sonraí i ndearbhuithe maidir le leasanna príobháideacha agus go bhfoilseofaí na sonraí sin ar shuíomh idirlín an rialaitheora — an [tArd-Choimisiún] — rud a chuirfeadh na sonraí ar fáil d’aon duine ar féidir leo an t‑idirlíon a úsáid?

2)

I bhfianaise na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 9(2) de [RGCS], go háirithe an coinníoll a leagtar amach i bpointe (g) den fhoráil sin, lena bhforáiltear nach mór don phróiseáil [ar shonraí pearsanta] a bheith riachtanach ar mhaithe le mórchúiseanna leasa an phobail, ar bhonn dhlí an Aontais nó dhlí Ballstáit atá ar chomhréir leis an aidhm atá á saothrú, éirim an chirt maidir le cosaint sonraí a urramú agus foráil a dhéanamh do bhearta oiriúnacha agus sonracha chun cearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí a choimirciú, agus i bhfianaise Airteagail 7 agus 8 den Chairt, an gcaitear an toirmeasc ar phróiseáil catagóirí áirithe sonraí pearsanta, a leagtar amach in Airteagal 9(1) den Rialachán sin, a léirmhíniú sa chaoi nach bhféadfaí a cheangal, leis an dlí náisiúnta, go nochtfaí sonraí i ndearbhuithe maidir le leasanna príobháideacha a d’fhéadfadh sonraí pearsanta a nochtadh, inter alia, sonraí lena bhféadfaí cur amach a fháil ar thuairimí polaitiúla, ballraíocht i gceardchumainn nó gnéaschlaonadh nó faisnéis eile de chineál pearsanta de dhuine, agus go bhfoilseofaí na sonraí sin ar shuíomh idirlín an rialaitheora — an [tArd-Choimisiún] — rud a chuirfeadh na sonraí sin ar fáil d’aon duine gur féidir leo an t‑idirlíon a úsáid?”

Inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú

45

Tá sé curtha in iúl ag Rialtas na Liotuáine agus ag an gCoimisiún Eorpach, i ndiaidh an leasaithe ar an Dlí maidir le leasanna a réiteach, a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2020, nach dtagann an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí faoi raon feidhme ratione personae an dlí sin a thuilleadh.

46

Ina theannta sin, tugann an Coimisiún dá aire, i mbreithiúnas an 20 Meán Fómhair 2018, gur mheas an Lietuvos Respublikos Konstitucinis Teismas (Cúirt Bhunreachtúil Phoblacht na Liotuáine), a d’iarr an chúirt a rinne an tarchur uirthi measúnú a dhéanamh ar bhunreachtúlacht forálacha áirithe den Dlí maidir le leasanna a réiteach, nach raibh Airteagal 10 den dlí sin, lena gceanglaítear foilsiú na sonraí a bhaineann le leasanna príobháideacha, faoi chaibidil sna príomhimeachtaí.

47

I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú, de réir cásdlí shocair, gur ionstraim comhair idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta é an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, trína gcuireann an Chúirt na léirmhínithe ar dhlí an Aontais atá de dhíth ar fáil do na cúirteanna náisiúnta, chun na díospóidí atá os a gcomhair a chinneadh (breithiúnas an 12 Márta 1998, Djabali, C‑314/96, EU:C:1998:104, mír 17, agus ordú an 3 Nollaig 2020, Fedasil, C‑67/20 go C‑69/20, neamhfhoilsithe, EU:C:2020:1024, mír 18).

48

De réir cásdlí shocair freisin, baineann toimhde ábharthachta le ceisteanna maidir le léirmhíniú dhlí an Aontais Eorpaigh arna dtarchur ag cúirt náisiúnta sa chomhthéacs reachtach agus fíorasach, ar faoin gcúirt náisiúnta sin atá sé a shainiú, agus nach faoin gCúirt atá sé a chruinneas a fhíorú. Ní féidir leis an gCúirt diúltú do rialú a dhéanamh ar iarraidh ar réamhrialú arna déanamh ag cúirt náisiúnta ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léirmhíniú arna iarraidh ar dhlí an Aontais le fíricí iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, más fadhb de chineál hipitéiseach í nó mura bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Stichting Rookpreventie Jeugd agus páirtithe eile, C‑160/20, EU:C:2022:101, mír 82 agus an cásdlí dá dtagraítear).

49

Sa chás seo, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar fhreagra ar iarraidh ar fhaisnéis arna seoladh ag an gCúirt, gur luaigh an chúirt a rinne an tarchur, ar an gcéad dul síos, gur ghá measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an chinnidh atá i gceist sna príomhimeachtaí i bhfianaise na bhforálacha náisiúnta a bhí i bhfeidhm ar an dáta a glacadh an cinneadh sin. Áiríodh, áfach, sa Dlí maidir le leasanna a réiteach, i measc na ndaoine a raibh orthu dearbhú maidir le leasanna príobháideacha a thaisceadh, iad siúd a d’oibrigh i gcomhlachais nó in eagraíochtaí poiblí arna maoiniú leis an mbuiséad nó le cistí an Stáit nó de chuid údarás áitiúil agus a bhí cumhachtaí riaracháin acu.

50

Luaigh an chúirt a rinne an tarchur, thairis sin, go bhféadfadh an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí, cé nach féidir déileáil leis a thuilleadh mar dhuine atá ag obair sa tseirbhís phoiblí, de réir bhrí an Dlí leasaithe maidir le leasanna a réiteach, teacht, áfach, faoi raon na catagóire de dhaoine dá dtagraítear i bpointe 8 d’Airteagal 4(3)den dlí sin agus, ar an mbonn sin, go bhféadfaí a cheangal air dearbhú maidir le leasanna príobháideacha a thaisceadh.

51

Ar an dara dul síos, luaigh an chúirt a rinne an tarchur nach raibh tionchar le himirt ag breithiúnas ó Lietuvos Respublikos Konstitucinis Teismas (Cúirt Bhunreachtúil Phoblacht na Liotuáine) an 20 Meán Fómhair 2018, inar dhearbhaigh an chúirt sin go raibh iarraidh na cúirte a rinne an tarchur chun rialú a thabhairt ar chomhréireacht Airteagal 10(1) agus (2) den Dlí maidir le leasanna a réiteach le Bunreacht Phoblacht na Liotuáine agus le prionsabal bunreachtúil na comhréireachta neamh-inghlactha, ar an bhforas gur bhain an cheist le cinneadh sna príomhimeachtaí ní le foilsiú na sonraí a thugtar sna dearbhuithe maidir le leasanna príobháideacha, ach leis an oibleagáid chun dearbhú den sórt sin a thaisceadh.

52

Maidir leis sin, shoiléirigh an chúirt a rinne an tarchur, cé go mbaineann an cheist atá le cinneadh sna príomhimeachtaí, mar a chuir an Lietuvos Respublikos Konstitucinis Teismas (Cúirt Bhunreachtúil Phoblacht na Liotuáine) in iúl, le sárú féideartha ar Airteagal 3(2) agus ar Airteagal 4(1) den dlí sin toisc nár chomhlíon an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí a oibleagáid chun dearbhú maidir le leasanna príobháideacha a thaisceadh, go n‑éilítear leis an bhfíorú ar dhlíthiúlacht an chinnidh atá i gceist sna príomhimeachtaí go gcuirtear san áireamh na hiarmhairtí riachtanacha, a leanann as cur i bhfeidhm Airteagal 10 den dlí sin, de thaisceadh den sórt sin, eadhon, foilsiú sonraí ar leith sa dearbhú maidir le leasanna ar shuíomh idirlín an Ard-Choimisiúin, agus an t‑iarratasóir ag maíomh mídhleathacht an fhoilsithe sin mar thaca lena chaingean le haghaidh neamhniú in aghaidh an chinnidh sin.

53

I bhfianaise na faisnéise a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil, ní leor an fhianaise a chuir Rialtas na Liotuáine agus an Coimisiún ar aghaidh chun toimhde ábharthachta na gceisteanna a tharchuirtear a fhrisnéis agus ní féidir a mheas gur léir nach bhfuil aon bhaint ag an léirmhíniú ar fhorálacha dhlí an Aontais arna iarraidh le fíricí iarbhír nó cuspóir na bpríomhimeachtaí, ná go bhfuil an fhadhb de chineál hipitéiseach, ós rud é go gcuirfidh an chúirt a rinne an tarchur an léirmhíniú sin san áireamh d’fhonn a cinneadh a ghlacadh. Thairis sin, tá an t‑ábhar fíorasach agus dlíthiúil is gá ag an gCúirt chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh faoina bráid.

54

Dá bhrí sin, tá an iarraidh ar réamhrialú inghlactha.

Na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

Maidir leis an dlí is infheidhme ratione temporis

55

Lena cuid ceisteanna, tá an chúirt a rinne an tarchur ag lorg léirmhíniú ar RGCS. I gcomhréir le hAirteagal 99(2) den Rialachán sin, tháinig sé i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2018, an dáta a rinne sé, de bhun a Airteagal 94(1), Treoir 95/46 a aisghairm.

56

Dá bhrí sin, bhí an cinneadh atá i gceist sna príomhimeachtaí, arna ghlacadh ag an Ard-Choimisiún an 7 Feabhra 2018, á rialú ag Treoir 95/46.

57

Is léir ón gcomhad os comhair na Cúirte, áfach, gur cháin an tArd-Choimisiún, leis an gcinneadh sin, an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí, toisc nár thaisc sé dearbhú maidir le leasanna príobháideacha, de shárú ar an Dlí maidir le leasanna a réiteach. Sna himthosca sin, i bhfianaise na faisnéise dá dtagraítear i mír 50 den bhreithiúnas seo agus in éagmais aon chomhartha gur thaisc an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí dearbhú den sórt sin roimh an 25 Bealtaine 2018, is é sin le rá, an dáta a tháinig an RGCS i bhfeidhm, ní féidir a chur as an áireamh go bhfuil an Rialachán sin infheidhme ratione temporis maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, agus is don chúirt a rinne an tarchur é sin a fhíorú.

58

Thairis sin, níl gá difríocht a tharraingt idir forálacha Threoir 95/46 agus forálacha RGCS dá dtagraítear sa dá cheist arna dtarchur le haghaidh réamhrialú, mar a athchuireadh iad, nuair nach mór a thuiscint go bhfuil na forálacha sin comhchosúil ó thaobh raon feidhme de chun críocha an léirmhínithe a bhfuil ar an gCúirt a thabhairt i gcomhthéacs an cháis seo (féach, de réir analaí, breithiúnas an 21 Samhain 2013, Dixons Retail, C‑494/12, EU:C:2013:758, mír 18).

59

Dá bhrí sin, chun freagraí úsáideacha a thabhairt ar na ceisteanna a chuir an chúirt a rinne an tarchur, is gá na ceisteanna sin a scrúdú ar bhonn Threoir 95/46 agus RGCS araon.

An chéad cheist

60

Lena céad cheist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaitear Airteagal 7(c) agus (e) de Threoir 95/46 agus pointí (c) agus (e) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) agus Airteagal 6(3) de RGCS, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7 agus 8 den Chairt, a léirmhíniú sa chaoi go gcoisctear foráil náisiúnta lena bhforáiltear do shonraí pearsanta atá i ndearbhuithe maidir le leasanna príobháideacha a chur ar líne, dearbhuithe nach mór d’aon stiúrthóir eagraíochta a fhaigheann cistí poiblí a thaisceadh leis an údarás náisiúnta atá freagrach as na dearbhuithe sin a bhailiú agus as a n‑ábhar a sheiceáil.

61

Mar réamhphointe, ní mór a mheabhrú, de réir Airteagal 1(1) de Threoir 95/46, arna léamh i gcomhar le haithris 10 den Treoir sin, agus Airteagal 1(2) de RGCS, arna léamh i gcomhar le haithrisí 4 agus 10 den Rialachán sin, gurb é cuspóir na Treorach agus an Rialacháin sin, inter alia, ná ardleibhéal cosanta a áirithiú do shaoirsí agus do chearta bunúsacha daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta, agus aitheantas á thabhairt don cheart sin freisin in Airteagal 8 den Chairt, agus é a bheith nasctha go dlúth leis an gceart chun príobháideachais in Airteagal 7 den Chairt.

62

Chuige sin, leagtar amach i gCaibidil II de Threoir 95/46 agus i gCaibidlí II agus III de RGCS na prionsabail lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta agus cearta an ábhair sonraí nach mór a urramú leis an bpróiseáil sin. Go háirithe, níor mhór do gach próiseáil ar shonraí pearsanta, sular cuireadh RGCS i bhfeidhm, a bheith i gcomhréir leis na prionsabail a bhaineann le cáilíocht na sonraí agus dlisteanú a bpróiseála a leagtar amach in Airteagail 6 agus 7 den Treoir sin agus, ón infheidhmeacht sin, leis na prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí agus na coinníollacha i ndáil le próiseáil dhleathach a leagtar amach in Airteagail 5 agus 6 den Rialachán sin [féach, chuige sin, breithiúnais an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis), C‑439/19, EU:C:2021:504, mír 96, agus an 24 Feabhra 2022, Valsts ieņēmumu dienests (Próiseáil sonraí pearsanta chun críoch cánach), C‑175/20, EU:C:2022:124, mír 50].

63

Sa chás seo, foráiltear le hAirteagal 10(1) den Dlí maidir le leasanna a réiteach go bhfoilseoidh an tArd-Choimisiún, ar a shuíomh idirlín, an fhaisnéis atá sna dearbhuithe maidir le leasanna príobháideacha arna dtaisceadh ag na hoifigigh phoiblí dá dtagraítear san fhoráil sin agus an t‑ábhar ina leith a shainmhínítear in Airteagal 6(1) den dlí sin, cé is moite den fhaisnéis atá liostaithe in Airteagal 10(2) den dlí sin.

64

Ní mór a chur chun suntais, maidir leis sin, nach mbaineann na ceisteanna a tharchuirtear chuig an gCúirt ach le foilsiú na faisnéise, ar shuíomh idirlín an Ard-Choimisiúin, atá sa dearbhú maidir le leasanna príobháideacha a cheanglaítear ar stiúrthóir eagraíochta a fhaigheann cistí poiblí a thaisceadh, agus nach mbaineann siad leis an oibleagáid féin chun dearbhú a dhéanamh nó dearbhú leasanna a fhoilsiú in imthosca eile.

65

Maidir leis sin, ós rud é go mbaineann an fhaisnéis le daoine nádúrtha a shainaithnítear lena gcéadainm agus sloinne, is ionann an fhaisnéis a bheartaítear a fhoilsiú ar shuíomh idirlín an Ard-Choimisiúin agus sonraí pearsanta, de réir bhrí Airteagal 2(a) de Threoir 95/46 agus Airteagal 4(1) de RGCS, agus níl an imthoisc go mbaineann an fhaisnéis le comhthéacs ghníomhaíocht ghairmiúil an dearbhóra den chineál chun an t‑aicmiú sin a bhaint de (breithiúnas an 9 Márta 2017, Manni, C‑398/15, EU:C:2017:197, mír 34 agus an cásdlí dá dtagraítear). Thairis sin, tá an oibríocht ina gcuirtear, ar leathanach idirlín, sonraí pearsanta, ina próiseáil, de réir bhrí Airteagal 2(b) de Threoir 95/46 agus Airteagal 4(2) de RGCS (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Deireadh Fómhair 2015, Weltimmo, C‑230/14, EU:C:2015:639, mír 37), ar a bhfuil an tArd-Choimisiún ina rialaitheoir, de réir bhrí Airteagal 2(d) de Threoir 95/46 agus Airteagal 4(7) de RGCS [féach, de réir analaí, breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis), C‑439/19, EU:C:2021:504, mír 101].

66

Agus sin soiléirithe, ní mór scrúdú a dhéanamh an gcoisctear le hAirteagal 7 de Threoir 95/46 agus le hAirteagal 6 de RGCS, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7 agus 8 den Chairt, cuid de na sonraí pearsanta, atá sa dearbhú maidir le leasanna príobháideacha, a gceanglaítear ar aon stiúrthóir eagraíochta a fhaigheann cistí poiblí a thaisceadh, amhail an dearbhú dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Dlí maidir le leasanna a réiteach, a fhoilsiú ar an idirlíon.

67

Leagtar amach in Airteagal 7 de Threoir 95/46 agus sa chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS liosta uileghabhálach agus sriantach de na cásanna ina bhféadfaí a mheas go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta dleathach. Chun go bhféadfaí próiseáil a mheas mar dhleathach, ní mór di teacht faoi cheann de na cásanna dá bhforáiltear sna forálacha sin [féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis), C‑439/19, EU:C:2021:504, mír 99 agus an cásdlí dá dtagraítear].

68

Faoi Airteagal 7(e) de Threoir 95/46 agus pointe (e) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS, dá dtagair an chúirt a rinne an tarchur ina céad cheist, tá próiseáil atá riachtanach chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir dleathach. Thairis sin, de réir Airteagal 7(c) den Treoir sin agus pointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) den Rialachán sin, dá dtagair an chúirt sin sna forais a bhaineann lena hiarraidh ar réamhrialú, tá próiseáil atá riachtanach chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh a bhfuil an rialaitheoir faoina réir dleathach freisin.

69

Sonraítear in Airteagal 6(3) de RGCS, maidir leis an dá chás sin ina mbeadh próiseáil dleathach, nach mór an phróiseáil a bhunú ar dhlí an Aontais nó ar dhlí an Bhallstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir, agus nach mór don bhunús dlí sin freagairt do chuspóir a bhaineann le leas an phobail agus a bheith comhréireach leis an gcuspóir dlisteanach atá á shaothrú. Ós rud é gur léiriú iad na ceanglais sin ar na ceanglais a eascraíonn as Airteagal 52(1) den Chairt, ní mór iad a léiriú i bhfianaise na forála deiridh sin agus feidhm a bheith acu mutatis mutandis maidir le hAirteagal 7(c) agus (e) de Threoir 95/46.

70

Ní mór a mheabhrú nach sainchearta absalóideacha iad na cearta bunúsacha chun príobháideachais agus maidir le cosaint sonraí pearsanta, a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt, agus nach mór iad a chur san áireamh i ndáil lena bhfeidhm sa tsochaí agus iad á gcothromú le cearta bunúsacha eile. Féadfar teorainneacha a chur i bhfeidhm, dá bhrí sin, chomh fada, i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt, is a dhéantar foráil sa dlí dóibh agus go ndéanann siad bunbhrí na gceart bunúsach agus prionsabal na comhréireachta a urramú. De bhun phrionsabal na comhréireachta, ní fhéadfar teorainneacha a thabairt isteach ach amháin má tá gá leo agus má fhreagraíonn siad go hiarbhír do chuspóirí leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas nó don riachtanas chun cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint. Ní mór iad a dhéanamh a mhéid a bhfuil fíorghá leo amháin agus ní mór do na rialacháin a bhaineann leis an gcur isteach rialacha soiléire agus beachta a leagan síos lena rialaítear raon feidhme agus cur i bhfeidhm an bhirt atá i gceist [breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis), C‑439/19, EU:C:2021:504, mír 105 agus an cásdlí dá dtagraítear].

71

Sa chás seo, ós rud é go bhfuil an foilsiú, ar a shuíomh idirlín, de chuid de na sonraí pearsanta sa dearbhú maidir le leasanna príobháideacha a cheanglaítear ar aon stiúrthóir eagraíochta a fhaigheann cistí poiblí a thaisceadh mar thoradh ar fhoráil reachtach de chuid dhlí an Bhallstáit a bhfuil an tArd-Choimisiún faoina réir, eadhon, Airteagal 10 den Dlí maidir le leasanna a réiteach, tá an phróiseáil sin riachtanach chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh a bhfuil an t‑údarás sin, mar rialaitheoir, faoina réir, agus, dá bhrí sin, tagann sé faoin gcás dá dtagraítear in Airteagal 7(c) de Threoir 95/46 agus i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de RGCS. Sna himthosca sin, ní gá a chinneadh an dtagann an phróiseáil sin, freisin, faoin gcás dá dtagraítear in Airteagal 7(e) den Treoir sin agus i bpointe (e) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) den Rialachán sin.

72

Thairis sin, ós rud é, mar a leanann as mír 63 den bhreithiúnas seo, go leagtar amach raon feidhme an tsriain ar fheidhmiú an chirt chun sonraí pearsanta a chosaint in Airteagal 10 den Dlí maidir le leasanna a réiteach, ní mór a thuiscint go bhforáiltear le dlí, de réir bhrí Airteagal 52(1) den Chairt don chur isteach a tharlaíonn mar thoradh air sin [féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Feabhra 2022, Valsts ieņēmumu dienests (Próiseáil sonraí pearsanta chun críoch cánach), C‑175/20, EU:C:2022:124, mír 54].

73

Mar sin féin, mar a sonraíodh i mír 69 den bhreithiúnas seo, is gá freisin go gcomhlíontar le hAirteagal 10 den Dlí maidir le leasanna a réiteach, mar bhunús dlí don phróiseáil atá i gceist sna príomhimeachtaí, na ceanglais eile a eascraíonn as Airteagal 52(1) den Chairt agus as Airteagal 6(3) de RGCS, agus go háirithe go bhfreagraíonn an phróiseáil do chuspóir a bhaineann le leas an phobail agus go bhfuil an phróiseáil comhréireach leis an gcuspóir dlisteanach atá á shaothrú.

74

Sa chás seo, is léir ó Airteagal 1 den Dlí maidir le leasanna a réiteach, trí ghlacadh le prionsabal na trédhearcachta agus leasanna á ndearbhú, go bhfuil ceaptha leis an dlí sin tosaíocht leasa an phobail a áirithiú i nglacadh cinntí ag daoine a oibríonn sa tseirbhís phoiblí, neamhchlaontacht na gcinntí sin a ráthú agus cosc a chur ar choinbhleachtaí leasa agus ar theacht chun cinn agus fás an éillithe sa tseirbhís phoiblí.

75

Go doshéanta, tá cuspóirí den sórt sin, a mhéid is a neartaítear leo ráthaíochtaí ionracais agus neamhchlaontachta chinnteoirí na hearnála poiblí, a choisctear leo coinbhleachtaí leasa agus a chomhraictear leo éilliú san earnáil phoiblí, ar mhaithe le leas an phobail agus, dá bhrí sin, tá siad dlisteanach.

76

Agus cinntiú á dhéanamh go gcomhlíonann cinnteoirí na hearnála poiblí a bhfeidhmeanna go neamhchlaonta agus go hoibiachtúil, agus nach mbeidh tionchar ag breithnithe a bhaineann le leasanna príobháideacha orthu, féachtar lena áirithiú go ndéanfar gnóthaí poiblí agus earraí poiblí a bhainistiú go cuí.

77

Thairis sin, tá an comhrac i gcoinne an éillithe ina chuspóir ag na Ballstáit ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon.

78

Go háirithe, ar leibhéal an Aontais, d’aontaigh na Ballstáit don Choinbhinsiún maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann, Coinbhinsiún faoina gceanglaítear ar gach Ballstát na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú go ngearrfar pionós coiriúil ar éilliú, gníomhach agus éighníomhach, arna dhéanamh ag oifigigh.

79

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, luaitear in Airteagal 1 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe gurb é is cuspóir don Choinbhinsiún, inter alia, ná bearta a chur chun cinn agus a neartú chun an t‑éilliú a chosc agus a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí, agus sláine, cuntasacht agus dea-bhainistiú gnóthaí poiblí agus maoine poiblí a chur chun cinn. Chuige sin, foráiltear le hAirteagal 7(4) den Choinbhinsiún go “[n]déanfaidh gach Stát is páirtí iarracht, i gcomhréir le prionsabail bhunúsacha a dhlí inmheánaigh, córais a ghlacadh, a chothabháil agus a neartú lena gcuirfear trédhearcacht chun cinn agus lena gcoiscfear coinbhleachtaí leasa.”

80

Leanann as na breithnithe roimhe seo go bhfreagraíonn an phróiseáil ar shonraí pearsanta faoin Dlí maidir le leasanna a réiteach do chuspóirí leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas, de réir bhrí Airteagal 52(1) den Chairt, agus do chuspóirí a bhaineann le leas an phobail agus atá, dá bhrí sin, dlisteanach, de réir bhrí Airteagal 6(3) de RGCS.

81

Dá bhrí sin, i gcomhréir leis na forálacha sin, údaraítear leis na cuspóirí dá dtagraítear i míreanna 74 agus 75 den bhreithiúnas seo teorainneacha a chur le feidhmiú na gceart a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, ar choinníoll, go háirithe, go bhfreagraíonn siad go hiarbhír do na cuspóirí sin agus go bhfuil siad comhréireach leis na cuspóirí sin.

82

Sna himthosca sin, ní mór a fhíorú an mbaintear amach, leis an bhfoilsiú ar líne, ar shuíomh idirlín an Ard-Choimisiúin, de chuid de na sonraí pearsanta sa dearbhú maidir le leasanna príobháideacha a cheanglaítear ar aon stiúrthóir eagraíochta a fhaigheann cistí poiblí a thaisceadh leis an údarás sin, na cuspóirí leasa ghinearálta a shainítear in Airteagal 1 den Dlí maidir le leasanna a réiteach, agus an dtéann sé thar an méid atá riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach [féach, de réir analaí, breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis), C‑439/19, EU:C:2021:504, mír 109].

83

Maidir le, ar dtús, an cheist an mbaintear amach leis an bhfoilsiú, ar shuíomh idirlín an Ard-Choimisiúin, de shonraí pearsanta atá sna dearbhuithe maidir le leasanna príobháideacha, an cuspóir leasa ghinearálta a shainítear in Airteagal 1 den Dlí maidir le leasanna a réiteach, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil foilsiú ar líne de roinnt de na sonraí pearsanta atá i ndearbhuithe maidir le leasanna príobháideacha lucht déanta cinntí san earnáil phoiblí, a mhéid a léirítear leis sin gurb ann do choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chur i gcrích a bhfeidhmeanna, de chineál chun iad a spreagadh chun gníomhú ar bhealach neamhchlaonta. Mar sin, le cur chun feidhme phrionsabal na trédhearcachta, chuirfí cosc ar choinbhleachtaí leasa agus ar an éilliú, méadú ar chuntasacht ghníomhaithe na hearnála poiblí agus, dá bhrí sin, feabhas le muinín na saoránach sa ghníomhaíocht phoiblí.

84

Dá bhrí sin, dealraíonn sé gur féidir leis an mbeart atá i gceist sna príomhimeachtaí cur le baint amach na gcuspóirí leasa ghinearálta atá á saothrú leis.

85

Ina dhiaidh sin, maidir leis an gceanglas de riachtanas, is léir ó aithris 39 de RGCS go gcomhlíontar an ceanglas sin nuair nach féidir an cuspóir a bhaineann le leas an phobail atá á shaothrú a bhaint amach go réasúnta agus chomh héifeachtach ar bhealaí eile a dhéanann níos lú dochar do chearta bunúsacha na n‑ábhar sonraí, go háirithe na cearta chun príobháideachais agus maidir le cosaint sonraí pearsanta a ráthaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, agus ní mór feidhm a bheith ag na maoluithe agus na srianta ar an bprionsabal maidir le cosaint sonraí den sórt sin a mhéid a bhfuil fíorghá leo amháin [féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis), C‑439/19, EU:C:2021:504, mír 110 agus an cásdlí dá dtagraítear]. Dá bhrí sin, is gá, sa chás seo, a fhíorú an bhféadfaí an cuspóir chun coinbhleachtaí leasa agus éilliú san earnáil phoiblí a chosc trí ionracas agus neamhchlaontacht a n‑oifigeach a neartú a bhaint amach go réasúnta ar bhealach chomh héifeachtach le bearta eile lena ndéanfaí níos lú dochar don cheart chun príobháideachais agus do chosaint sonraí pearsanta stiúrthóirí eagraíochtaí a fhaigheann cistí poiblí.

86

Ní mór an measúnú sin a dhéanamh agus gach eilimint dlí agus eilimint fhíorasach is sonrach don Bhallstát lena mbaineann á gcur san áireamh, amhail bearta eile a bheith ann arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí leasa a chosc agus éilliú a chomhrac, méid na gcoinbhleachtaí sin agus fheiniméan an éillithe sa tseirbhís phoiblí, chomh maith le cineál na faisnéise atá i gceist agus tábhacht na ndualgas a chomhlíonann an dearbhóir, go háirithe a áit san ordlathas, raon na gcumhachtaí riaracháin poiblí a d’fhéadfaí a dhílsiú dó agus na cumhachtaí atá aige maidir le cistí poiblí a ghealladh agus a bhainistiú.

87

Sa chás seo, ar an gcéad dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara go ndealraíonn sé, mar is léir ó mhír 43 den bhreithiúnas seo, go measann an chúirt a rinne an tarchur go bhféadfaí, leis an oibleagáid chun leasanna príobháideacha a dhearbhú leis na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 5 agus 22 den Dlí maidir le feidhmiú leasanna agus leis an bhfaireachán a dhéanann siad ar chomhlíonadh na hoibleagáide sin agus ábhar an dearbhaithe sin, na cuspóirí a shaothraítear leis an dlí sin, eadhon, coinbhleachtaí leasa a chosc agus éilliú a chomhrac san earnáil phoiblí, a bhaint amach ar bhealach atá éifeachtach.

88

De réir na mínithe a thug an chúirt a rinne an tarchur, is é ceann de na príomhargóintí a bhí ag an Ard-Choimisiún sna príomhimeachtaí chun údar a thabhairt le foilsiú dearbhuithe maidir le leasanna príobháideacha ná nach bhfuil dóthain acmhainní daonna aige chun seiceáil éifeachtach a dhéanamh ar na dearbhuithe go léir a chuirtear faoina bhráid.

89

Ba cheart a chur chun suntais, áfach, nach féidir leis an easpa acmhainní a leithdháiltear ar údaráis phoiblí a bheith ina fhoras dlisteanach i gcás ar bith chun údar a thabhairt le dochar a dhéanamh do chearta bunúsacha a ráthaítear leis an gCairt.

90

Is gá freisin a cheistiú an bhfuil géarghá leis, chun na cuspóirí leasa ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 1 den Dlí maidir le leasanna a réiteach a bhaint amach, go ndéanfaí stiúrthóirí eagraíochtaí a fhaigheann cistí poiblí, amhail na catagóirí eile feidhmeanna dá dtagraítear sa liosta a luaitear in Airteagal 10(1) den dlí sin, a chur faoi réir an nochta a fhorordaítear leis an dlí sin.

91

I ndáil leis sin, mhínigh Rialtas na Liotuáine os comhair na Cúirte gur leor an oibleagáid chun dearbhú neamhchlaontachta a sholáthar, a bhfuil na stiúrthóirí sin faoina réir faoin dlí náisiúnta, chun cuspóirí an Dlí maidir le leasanna a réiteach a bhaint amach agus, dá bhrí sin, go ndeachaigh cur i bhfeidhm Airteagal 10 den dlí sin ar na stiúrthóirí sin, dá bhforáladh go dtí gur tháinig an Dlí leasaithe maidir le leasanna a réiteach i bhfeidhm an 1 Eanáir 2020, thar an méid a bhí fíor-riachtanach i bhfianaise na gcuspóirí sin.

92

Ar an dara dul síos, cé go mbeadh gá le foilsiú na sonraí pearsanta atá i gceist sna príomhimeachtaí chun na cuspóirí atá á saothrú leis an Dlí maidir le leasanna a réiteach a bhaint amach, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhféadfadh líon daoine a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta na sonraí pearsanta atá i gceist a scrúdú. Ní léir ón gcomhad atá os comhair na Cúirte gur scrúdaigh reachtóir na Liotuáine, agus an fhoráil sin á glacadh, an raibh fíorghá le foilsiú na sonraí sin ar an idirlíon, gan aon srian ar an rochtain, nó an bhféadfaí na cuspóirí atá á saothrú leis an Dlí maidir le leasanna a réiteach a bhaint amach ar bhealach chomh héifeachtach trí theorainn a chur leis an líon daoine a d’fhéadfadh na sonraí sin a scrúdú.

93

Ar an tríú dul síos, in aon chás, ní mór a mheabhrú nach mór an coinníoll a bhaineann le riachtanas na próiseála a scrúdú i gcomhar leis an bprionsabal “íoslaghdú sonraí” a chumhdaítear in Airteagal 6(1)(c) de Threoir 95/46 agus in Airteagal 5(1)(c) de RGCS, lena bhforáiltear nach mór do na sonraí pearsanta a bheith leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Nollaig 2019, Asociaţia de Proprietari bloc M5A-ScaraA, C‑708/18, EU:C:2019:1064, mír 48).

94

Dá bhrí sin, ní fhéadfar próiseáil den chineál dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) den Dlí maidir le leasanna a réiteach a dhéanamh ach ar na sonraí lena neartaítear ráthaíochtaí ionracas agus neamhchlaontacht na n-oifigeach poiblí, lena gcoisctear coinbhleachtaí leasa agus lena gcomhraictear éilliú san earnáil phoiblí lena bhfoilsiú.

95

Sa chás seo, is léir ó Airteagal 10(2) den Dlí maidir le leasanna a réiteach, agus ó na mínithe arna soláthar ag an gcúirt a rinne an tarchur mar fhreagra ar an iarraidh ar fhaisnéis arna seoladh ag an gCúirt, go bhfuil sé beartaithe formhór na sonraí sa dearbhú maidir le leasanna príobháideacha, de bhun Airteagal 6(1) den dlí sin, a fhoilsiú ar shuíomh idirlín an Ard-Choimisiúin, ach amháin, go háirithe, uimhreacha aitheantais pearsanta na n‑ábhar sonraí.

96

I ndáil leis sin, cé go bhféadfadh sé a bheith ábhartha, d’fhonn coinbhleachtaí leasa agus éilliú san earnáil phoiblí a chosc, a cheangal faisnéis a chur ar fáil sna dearbhuithe maidir le leasanna príobháideacha lena bhféadfaí an dearbhóir a shainaithint agus faisnéis a bhaineann le gníomhaíochtaí chéile, chomhchónaitheoir nó pháirtí an dearbhóra, dealraíonn sé go dtéann an nochtadh poiblí, ar líne, de shonraí pearsanta maidir le céile, comhchónaitheoir nó páirtí stiúrthóir eagraíochta a fhaigheann cistí poiblí agus maidir le gaolta nó daoine eile atá ar a aithne a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le coinbhleacht leasa, thar an méid atá fíorghá leis. Mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 66 dá Thuairim, ní dhealraíonn sé nach bhféadfaí na cuspóirí a bhaineann le leas an phobail atá á saothrú a bhaint amach dá ndéanfaí tagairt, chun críocha an fhoilsithe, don téarma ginearálta de chéile, de chomhchónaitheoir nó de pháirtí amháin, de réir an cháis, maidir le léiriú iomchuí ar na leasanna atá ag na daoine sin i ndáil lena ngníomhaíochtaí.

97

Ní cosúil ach oiread go bhfuil fíorghá, i bhfianaise na gcuspóirí atá á saothrú, le foilsiú córasach, ar líne, de liosta idirbhearta an dearbhóra atá luach níos mó ná EUR 3000 orthu.

98

Ar deireadh, tá sé tábhachtach a chur in iúl nach féidir cuspóir leasa ghinearálta a shaothrú gan an riachtanas chun comhréiteach a fháil idir é sin agus na cearta bunúsacha is ábhar don bheart a chur san áireamh, agus sin trí chothromaíocht a bhaint amach idir, ar thaobh amháin, an cuspóir leasa ghinearálta agus, ar an taobh eile, na cearta atá i gceist (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Commissioner of An Garda Síochána agus páirtithe eile, C‑140/20, EU:C:2022:258, mír 52). Dá bhrí sin, ní mór, chun comhréireacht na próiseála atá i gceist sna príomhimeachtaí a mheas, tomhas a dhéanamh ar a thromchúisí atá an cur isteach ar na cearta bunúsacha chun príobháideachais agus maidir le cosaint sonraí pearsanta atá i gceist leis an bpróiseáil sin agus a fhíorú an bhfuil tábhacht chuspóir an leasa phoiblí atá á shaothrú leis an bpróiseáil sin i gcomhréir leis an tromchúis sin.

99

D’fhonn measúnú a dhéanamh ar a thromchúisí atá an cur isteach sin, ní mór a chur san áireamh, go háirithe, cineál na sonraí pearsanta atá i gceist, go háirithe má tá na sonraí sin íogair, chomh maith leis an gcineál agus na socruithe nithiúla próiseála a bhaineann le próiseáil na sonraí atá i gceist, go háirithe an líon daoine a bhfuil rochtain acu ar na sonraí sin agus an bealach a fhaightear rochtain orthu (breithiúnas an 11 Nollaig 2019, Asociaţia de Proprietari bloc M5A-ScaraA, C‑708/18, EU:C:2019:1064, mír 57).

100

Sa chás seo, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar thaobh amháin, go bhféadfaí, le nochtadh poiblí sonraí pearsanta ar líne a bhaineann le céile, comhchónaitheoir nó páirtí an dearbhóra nó le gaolta nó daoine ar a aithne a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le coinbhleacht leasa, agus leis an tagairt d’ábhar na n‑idirbheart atá luach níos mó ná EUR 3000 orthu, faisnéis a nochtadh maidir le gnéithe íogaire áirithe de shaol príobháideach na n‑ábhar sonraí, lena n‑áirítear, mar shampla, a ngnéaschlaonadh. Thairis sin, a mhéid a fhoráiltear le nochtadh poiblí den sórt sin de shonraí pearsanta a bhaineann le daoine seachas an dearbhóir ina cháil mar chinnteoir poiblí, baineann an phróiseáil sonraí pearsanta dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Dlí maidir le leasanna a réiteach freisin le daoine nach bhfuil an stádas sin acu agus nach bhfuil cuspóirí an dlí sin ceangailteach orthu ar an mbealach céanna agus is a bhfuil siad ar an dearbhóir.

101

D’fhéadfadh méadú teacht ar a thromchúisí atá cur isteach den sórt sin le héifeacht charnach na sonraí pearsanta a bhfuil ina n‑ábhar d’fhoilsiú amhail an foilsiú atá i gceist sna príomhimeachtaí, toisc go bhféadfaí pictiúir an-soiléir a chruthú de shaol príobháideach na n‑ábhar sonraí agus na sonraí go léir á dtabhairt le chéile [féach, chuige sin, Tuairim 1/15 (Comhaontú PNR AE-Ceanada), an 26 Iúil 2017, EU:C:2017:592, mír 128].

102

Ar an taobh eile, glactar leis gurb é toradh na próiseála sin ná na sonraí pearsanta sin a chur ar fáil ar an idirlíon don phobal go léir agus, dá bhrí sin, do líon daoine a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta.

103

Dá bharr sin, d’fhéadfadh an phróiseáil sin a cheadú do dhaoine, ar chúiseanna nach mbaineann leis an gcuspóir leasa ghinearálta chun coinbhleachtaí leasa agus an t‑éilliú sa tseirbhís phoiblí a chosc, atá ag iarraidh eolas a fháil maidir le cursaí pearsanta, maoine agus airgeadais an dearbhóra agus baill dá theaghlach, rochtain a fháil ar na sonraí sin [féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis), C‑439/19, EU:C:2021:504, mír 118].

104

Mar sin, mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl i mír 78 dá Thuairim, le foilsiú na sonraí sin, d’fhéadfadh, mar shampla, fógraíocht spriocdhírithe leanúnach agus margaíocht dhíreach de chineál tráchtála a bheith dírithe ar na hábhair sonraí, nó d’fhéadfadh siad fiú a bheith i mbaol iompair choiriúil.

105

Dá bhrí sin, ní mór próiseáil, amhail an phróiseáil atá i gceist sna príomhimeachtaí, ar na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 100 den bhreithiúnas seo a thuiscint mar chur isteach tromchúiseach ar na cearta bunúsacha chun príobháideachais agus maidir le cosaint sonraí pearsanta na n‑ábhar sonraí.

106

Ní mór cothromaíocht a bheith ann idir tromchúis an chur isteach sin agus a thábhachtaí atá na cuspóirí chun coinbhleachtaí leasa agus éilliú san earnáil phoiblí a chosc.

107

I ndáil leis sin, measann an Chúirt go bhfuil sé úsáideach, d’fhonn a mheabhrú a thábhachtaí atá an cuspóir, laistigh den Aontas, chun an t‑éilliú a chomhrac, chun ábhar na tuarascála ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa an 3 Feabhra 2014 dar teideal “Tuarascáil AE maidir le Frith-Éilliú” (COM(2014) 38 final) a chur san áireamh, as a leanann go gcuireann an t‑éilliú, a bhfuil tionchar aige ar dhea-rialachas, ar bhainistíocht fhónta ar airgead poiblí agus ar iomaíocht ar leibhéal an mhargaidh, bac ar fhorbairt eacnamaíoch, go mbaineann sé an bonn ón daonlathas, ón gceartas sóisialta agus ón smacht reachta agus gur féidir leis muinín saoránach sna hinstitiúidí agus próisis dhaonlathacha a laghdú. Luaitear sa tuarascáil sin go bhfuil tionchar ag an bhfeiniméan seo ar an Aontas ina iomlán, ar bhealach níos mó nó níos lú leithne ag brath ar an mBallstát.

108

Ar bhealach cosúil, sa cheathrú haithris den Choinbhinsiún Dlí Choiriúil maidir le hÉilliú arna ghlacadh ag An Chomhairle Eorpach, sainítear an t-éilliú mar “bhagairt ar an smacht reachta, ar an daonlathas agus ar chearta an duine [a] bhaineann an bonn de phrionsabail an dea-riaracháin, an chothromais agus an cheartais shóisialta, a shaobhann an iomaíocht, a chuireann bac le forbairt eacnamaíoch agus a chuireann cobhsaíocht na n-institiúidí daonlathacha agus bunúis mhorálta na sochaí i mbaol.”

109

I bhfianaise an méid sin thuas, ní fhéadfaí a shéanadh go bhfuil tábhacht mhór ag baint leis an gcomhrac in aghaidh an éillithe san Aontas.

110

Sa chomhthéacs sin, chun teacht ar chothromaíocht idir an cur isteach a leanann as foilsiú na sonraí pearsanta atá sna dearbhuithe maidir le leasanna príobháideacha agus na cuspóirí a bhaineann le leas an phobail chun coinbhleachtaí leasa agus éilliú a chosc san earnáil phoiblí, ní mór a chur san áireamh, inter alia, réaltacht agus méid fheiniméan an éillithe i seirbhís phoiblí an Bhallstáit lena mbaineann, ionas nach gá go bhfuil an toradh ar an gcothromú idir na cuspóirí sin, ar thaobh amháin, agus na cearta chun príobháideachais agus maidir le cosaint sonraí pearsanta an ábhair sonraí, ar an taobh eile, mar an gcéanna sna Ballstát go léir [féach, de réir analaí, breithiúnas an 24 Meán Fómhair 2019, Google (Raon feidhme críochach maidir le tagairtí a bhaint) (C‑507/17, EU:C:2019:772, mír 67].

111

Ina theannta sin, mar is léir ó mhír 86 den bhreithiúnas seo, chun críocha an ualaithe sin, ní mór a chur san áireamh, go háirithe, go bhféadfadh leas an phobail a thagann as foilsiú na sonraí pearsanta athrú de réir thábhacht na bhfeidhmeanna a chuireann an dearbhóir i gcrích, go háirithe a áit san ordlathas, raon na gcumhachtaí riaracháin phoiblí a d’fhéadfaí a dhílsiú dó agus na cumhachtaí atá aige maidir le cistí poiblí a ghealladh agus a bhainistiú (féach, de réir analaí, breithiúnas an 13 Bealtaine 2014, Google Spain agus Google, C‑131/12, EU:C:2014:317, mír 81).

112

Agus sin soiléirithe, ní mór a mheas nach gcomhlíonann foilsiú ar líne den chuid is mó de na sonraí pearsanta atá sa dearbhú maidir le leasanna príobháideacha d’aon stiúrthóir eagraíochta a fhaigheann cistí poiblí, amhail an foilsiú atá i gceist sna príomhimeachtaí, na ceanglais a bhaineann le hualú cothromaithe. I gcomparáid le hoibleagáid chun dearbhú a dhéanamh in éineacht le seiceáil ar ábhar an dearbhaithe sin arna déanamh ag an Ard-Choimisiún, a bhfuil sé de dhualgas ar an mBallstát lena mbaineann a éifeachtacht a áirithiú trí na hacmhainní is gá don chuspóir sin a sholáthar dó, is sárú i bhfad níos tromchúisí é foilsiú den sórt sin ar na cearta bunúsacha a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt, agus ní féidir an dochar sin a chúiteamh leis na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar na sonraí sin go léir a fhoilsiú maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus an t‑éilliú a chomhrac.

113

Thairis sin, ní léir ó aon chuid den chomhad atá os comhair na Cúirte go bhforáiltear do choimircí in aghaidh rioscaí mí-úsáide, amhail na rioscaí dá dtagraítear i míreanna 103 agus 104 den bhreithiúnas seo, sa reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí.

114

Maidir le sonraí, áfach, a bhaineann le ballraíocht an dearbhóra nó, ar bhealach neamhphearsanta, ballraíocht a chéile, a chomhchónaitheora nó a pháirtí i ngnóthais, in eagraíochtaí, i gcomhlachais nó i gcistí, chomh maith lena ngníomhaíochtaí neamhspleácha agus leis na daoine dlítheanacha a bhfuil siad ina gcomhalta comhlach nó ina gcomhaltaí ina leith, ní mór a mheas go gcuireann an trédhearcacht maidir le leasanna den sórt sin a bheith ann nó gan a bheith ann ar chumas saoránach agus oibreoirí eacnamaíocha léargas dílis a bheith acu ar neamhspleáchas airgeadais na ndaoine a bhfuil cumhachtaí cinnteoireachta acu maidir le bainistiú cistí poiblí. Thairis sin, d’fhéadfadh sonraí faoi bhronntanais a fuarthas, seachas bronntanais ó ghaolta, atá luach níos mó ná EUR 150 orthu, a nochtadh gurb ann d’éilliú.

115

Faoi réir ualú cothromaithe ag féachaint do mhéid na cumhachta cinnteoireachta atá ag an dearbhóir, agus ar choinníoll go n‑urramaítear prionsabal an íoslaghdaithe sonraí, d’fhéadfaí údar a thabhairt le foilsiú sonraí den sórt sin atá sa dearbhú maidir le leasanna toisc na buntáistí a ghabhann le trédhearcacht den sórt sin, chun na ráthaíochtaí maidir le hionracas agus neamhchlaontacht oifigeach poiblí a neartú, agus coinbhleachtaí leasa a chosc agus éilliú a chomhrac.

116

I bhfianaise na mbreithnithe uile roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist ná nach mór Airteagal 7(c) de Threoir 95/46 agus pointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) agus Airteagal 6(3) de RGCS, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 52(1) den Chairt, a léirmhíniú sa chaoi go gcoisctear leo reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear d’fhoilsiú ar líne de dhearbhú maidir le leasanna príobháideacha a cheanglaítear ar aon stiúrthóir eagraíochta a fhaigheann cistí poiblí a thaisceadh, a mhéid, go háirithe, a bhfuil baint ag an bhfoilsiú sin le sonraí pearsanta a bhaineann lena chéile, lena chomhchónaitheoir nó lena pháirtí agus le gaolta nó le daoine ar a aithne a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le coinbhleacht leasa nó le haon idirbheart a cuireadh i gcrích le linn an dá mhí féilire dhéag dheireanacha agus atá luach níos mó ná EUR 3000 air.

An dara ceist

117

Lena dara ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaitear Airteagal 8(1) de Threoir 95/46 agus Airteagal 9(1) de RGCS a léirmhíniú sa chaoi gurb ionann an foilsiú, ar shuíomh idirlín an údaráis phoiblí atá freagrach as na dearbhuithe maidir le leasanna príobháideacha a bhailiú agus a n‑ábhar a sheiceáil, de shonraí pearsanta lena bhféadfaí tuairimí polaitiúla, ballraíocht i gceardchumann nó gnéaschlaonadh duine nádúrtha a nochtadh go hindíreach agus próiseáil a bhaineann le catagóirí speisialta sonraí pearsanta, de réir bhrí na bhforálacha sin.

118

De bhun Airteagal 8(1) de Threoir 95/46 agus Airteagal 9(1) de RGCS, toirmeasctar, go háirithe, próiseáil sonraí pearsanta lena nochtar tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach nó ballraíocht i gceardchumann, chomh maith le próiseáil sonraí a bhaineann le saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine nádúrtha. De réir theideal na n‑Airteagal sin, is catagóirí speisialta sonraí pearsanta iad sin, agus aicmítear na sonraí sin mar “shonraí íogaire” freisin in aithris 34 den Treoir sin agus in aithris 10 den Rialachán sin.

119

Sa chás seo, cé nach sonraí íogaire de réir bhrí Threoir 95/46 agus RGCS iad na sonraí pearsanta a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach faoi Airteagal 10(1) den Dlí maidir le leasanna a réiteach, measann an chúirt a rinne an tarchur go bhféadfaí faisnéis áirithe a bhaint as na sonraí pearsanta a bhaineann le céile, le comhchónaitheoir nó le páirtí an dearbhóra maidir le saol nó gnéaschlaonadh an dearbhóra agus a chéile, a chomhchónaitheoir nó a pháirtí.

120

Sna himthosca sin, ní mór a chinneadh an dtagann na sonraí lena bhféadfaí a nochtadh, trí phróiseas intleachtúil chun iad a cheangail le chéile nó tátal a bhaint astu, gnéaschlaonadh duine nádúrtha faoi na catagóirí speisialta sonraí pearsanta, de réir bhrí Airteagal 8(1) de Threoir 95/46 agus Airteagal 9(1) de RGCS.

121

I ndáil leis sin, de réir cásdlí shocair, agus foráil de dhlí an Aontais á léirmhíniú, ní mór a chur san áireamh ní hamháin foclaíocht na forála, ach freisin an comhthéacs ina bhfuil sí agus na cuspóirí atá á saothrú leis na rialacha a bhfuil sí mar chuid dóibh (breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Bank Melli Iran, C‑124/20, EU:C:2021:1035, mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear).

122

Luaitear in Airteagal 8(1) de Threoir 95/46 go bhfuil ar na Ballstáit próiseáil a thoirmeasc ar shonraí pearsanta lena “nochtar” tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ballraíocht i gceardchumann agus próiseáil sonraí “maidir le” sláinte nó saol gnéis. Foráiltear le hAirteagal 9(1) de RGCS go bhfuil toirmeasc, go háirithe, ar phróiseáil sonraí pearsanta lena “léirítear” tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach nó ballraíocht i gceardchumann, chomh maith le próiseáil sonraí “a bhaineann leis” an tsláinte nó sonraí “a bhaineann le” saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine nádúrtha.

123

Mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl, go bunúsach, i mír 85 dá Thuairim, cé go bhfuil úsáid na mbriathra “léirigh” agus “nocht” sna forálacha sin ag teacht le cur san áireamh próiseáil a bhaineann ní hamháin le sonraí atá íogair astu féin, ach freisin le sonraí lena nochtar go hindíreach, tar éis próiseas intleachtúil chun tátal a bhaint astu nó cros-seiceáil a dhéanamh orthu, faisnéis den chineál sin, tugtar le tuiscint le húsáid an réamhfhocail “maidir le” agus an briathar “a bhaineann le”, a mhalairt air sin, gurb ann do nasc níos dírí agus láithrí idir an phróiseáil agus na sonraí atá i gceist, a thuigtear go hintreach.

124

Ní bheadh léirmhíniú den sórt sin, a mbeadh idirdhealú mar thoradh air de réir chineál na sonraí íogaire a mbeadh i gceist, comhsheasmhach, áfach, le hanailís chomhthéacsúil ar na forálacha sin, go háirithe le hAirteagal 4(15) de RGCS, ar dá réir a bheadh ina “sonraí maidir leis an tsláinte” sonraí pearsanta a bhaineann le sláinte fhisiciúil nó mheabhrach duine nádúrtha, lena n-áirítear soláthar seirbhísí cúraim sláinte, lena “nochtar” faisnéis maidir le stádas sláinte an duine sin, agus le haithris 35 den Rialachán sin, lena leagtar amach go gcumhdaítear le sonraí pearsanta a bhaineann leis an tsláinte na sonraí uile i ndáil le stádas sláinte ábhair sonraí, ar sonraí iad lena “nochtar” faisnéis a bhaineann le stádas sláinte coirp nó meabhrach an duine is ábhar de na sonraí, mar atá ag an am, mar a bhí nó mar a bheidh.

125

Thairis sin, tacaítear le léirmhíniú leathan ar na coincheapa “catagóirí speisialta de shonraí pearsanta” agus “sonraí íogaire” le cuspóir Threoir 95/46 agus RGCS, a mheabhraítear i mír 61 den bhreithiúnas seo, agus is é sin ardleibhéal cosanta a áirithiú do shaoirsí agus do chearta bunúsacha daoine nádúrtha, go háirithe a gceart chun príobháideachais, i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leo (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Samhain 2003, Lindqvist, C‑101/01, EU:C:2003:596, mír 50).

126

Ina theannta sin, rachadh an léirmhíniú contrártha in aghaidh chuspóir Airteagal 8(1) de Threoir 95/46 agus Airteagal 9(1) de RGCS, chun cosaint mhéadaithe a áirithiú i gcoinne próiseála a d’fhéadfadh a bheith, mar gheall ar íogaireacht ar leith na sonraí lena mbaineann, mar is léir ó aithris 33 de Threoir 95/46 agus ó aithris 51 de RGCS, ina cur isteach an-tromchúiseach ar na cearta bunúsacha chun príobháideachais agus maidir le cosaint sonraí pearsanta, a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt [féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Meán Fómhair 2019, GC agus páirtithe eile (Tagairtí do shonraí íogaire a bhaint), C‑136/17, EU:C:2019:773, mír 44].

127

Dá bhrí sin, ní fhéadfaí na forálacha sin a léirmhíniú sa chaoi go ndéantar an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a d’fhéadfadh faisnéis íogair a bhaineann le duine nádúrtha a nochtadh, go hindíreach, a eisiamh ón gcóras feabhsaithe cosanta a leagtar síos leis na forálacha sin, gan an bonn a bhaint d’éifeachtacht an chórais sin ná do chosaint saoirsí agus cearta bunúsacha daoine nádúrtha a fhéachann sé lena áirithiú.

128

I bhfianaise na mbreithnithe uile roimhe seo, is é an freagra ar an dara ceist ná nach mór Airteagal 8(1) de Threoir 95/46 agus Airteagal 9(1) de RGCS a léirmhíniú sa chaoi gurb ionann an foilsiú de shonraí pearsanta, ar sonraí iad lena bhféadfaí gnéaschlaonadh duine nádúrtha a nochtadh go hindíreach, ar shuíomh idirlín an údaráis phoiblí atá freagrach as na dearbhuithe maidir le leasanna príobháideacha a bhailiú agus a n‑ábhar a sheiceáil agus próiseáil a bhaineann le catagóirí speisialta sonraí pearsanta, de réir bhrí na bhforálacha sin.

Costais

129

Ós rud é, a mhéid a bhaineann leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Maidir le hAirteagal 7(c) de Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus pointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) agus Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ní mór iad a léirmhíniú mar a leanas:

coisctear reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear d’fhoilsiú ar líne de dhearbhú maidir le leasanna príobháideacha a cheanglaítear ar aon stiúrthóir eagraíochta a fhaigheann cistí poiblí a thaisceadh, a mhéid, go háirithe, a bhfuil baint ag an bhfoilsiú sin le sonraí pearsanta a bhaineann lena chéile, lena chomhchónaitheoir nó lena pháirtí agus le gaolta nó le daoine ar a aithne a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le coinbhleacht leasa nó le haon idirbheart a cuireadh i gcrích le linn an dá mhí féilire dhéag dheireanacha agus atá luach níos mó ná EUR 3000 air.

 

2.

Maidir le hAirteagal 8(1) de Threoir 95/46 agus Airteagal 9(1) de Rialachán 2016/679,

ní mór iad a léirmhíniú mar a leanas:

is ionann an foilsiú de shonraí pearsanta, ar sonraí iad lena bhféadfaí gnéaschlaonadh duine nádúrtha a nochtadh go hindíreach, ar shuíomh idirlín an údaráis phoiblí atá freagrach as na dearbhuithe maidir le leasanna príobháideacha a bhailiú agus a n‑ábhar a sheiceáil agus próiseáil a bhaineann le catagóirí speisialta sonraí pearsanta, de réir bhrí na bhforálacha sin.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Liotuáinis.