Eagrán sealadach

TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

MEDINA

arna tabhairt an 7 Aibreán 2022 (1)

Cás C-638/20

MCM

v

Centrala studiestödsnämnden

(Iarraidh ar réamhrialú ón Överklagandenämnden för studiestöd (Bord Náisiúnta Achomhairc um Chabhair do Mhic Léinn, an tSualainn))

(Tarchur chun réamhrialú – Saorghluaiseacht oibrithe – An chóir chomhionann – Buntáistí sóisialta – Airteagal 45 CFAE – Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 – Airteagal 7(2) – Cabhair airgeadais i leith an staidéir ardoideachais thar lear – Coinníoll maidir le cónaí – Coinníoll maidir le lánpháirtiú sóisialta do mhic léinn neamhchónaitheacha – Mac léinn atá ina náisiúnach den Stát a dheonaíonn an chabhair, a bhfuil cónaí air nó uirthi i gcónaí sa Stát ina bhfuil stáidéar á dhéanamh aige nó aici – Tuismitheoir a bhí roimhe sin ina oibrí nó ina hoibrí imirceach i Stát an staidéir)






1.        Leis an tarchur chun réamhrialú seo, iarrann an Överklagandenämnden för studiestöd (Bord Náisiúnta Achomhairc um Chabhair do Mhic Léinn, an tSualainn) léiriú ar Airteagal 45 CFAE agus Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse gluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas (2). D’eascair an tarchur i gcomhthéacs achomharc arna thabhairt ag an iarratasóir sna príomhimeachtaí, MCM, i gcoinne an Centrala studiestödsnämnden (Bord Sualannach an Mhaoinithe do Mhic Léinn, atá freagrach as cabhair airgeadais a chur ar fáil do mhic léinn; ‘an CSN’) i ndáil le héileamh MCM ar chabhair airgeadais do mhic léinn a fháil ó Stát na Sualainne i leith a staidéir sa Spáinn.

I.      Na fíorais is bun leis an díospóid sna príomhimeachtaí agus an cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

2.        Is náisiúnach Sualannach é MCM, amhail a athair, ach tá sé ina chónaí sa Spáinn ó rugadh é.

3.        I mí an Mhárta 2020, rinne MCM iarratas chuig an CSN maidir le staidéar ollscoile sa Spáinn, a thosaigh in Eanáir 2020 (3). Bhunaigh MCM a iarratas, i measc nithe eile, ar an bhfíoras, cé go raibh a athair ina chónaí agus ag obair sa tSualainn ó mhí na Samhna 2011, go raibh sé gníomhach roimhe sin mar oibrí imirceach sa Spáinn ar feadh thart ar 20 bliain. Dá bhrí sin, d’éiligh MCM, mar leanbh oibrí imircigh, gur chóir go mbeadh sé i dteideal na cabhrach airgeadais do mhic léinn.

4.        Dhiúltaigh an CSN d’iarratas MCM ar an bhforas nár shásaigh sé an ceanglas maidir le cónaí sa tSualainn faoin gcéad fhomhír de Mhír 23 de Chaibidil 3 den studiestödslagen (1999:1395) (4) agus nárbh fhéidir cabhair airgeadais a dheonú dó faoi aon cheann de na heisceachtaí a leagadh síos i gCaibidil 12, Míreanna 6 go 6b, de föreskrifter och allmänna råd om beviljning av studiemedel (CSNFS 2001:1), de chuid an CSN (5).

5.        Mar thaca lena chinneadh, luaigh an CSN freisin nárbh ann d’aon bhunús i ndlí an Aontais d’eisceacht a bheith déanta ón gceanglas cónaithe. Mheas an t-údarás nár éirigh le MCM an ceanglas malartach ó thaobh a bheith lánpháirtithe i sochaí na Sualainne a shásamh, rud a leag an t-údarás síos dóibh siúd nach ndéanann an ceanglas cónaithe a shásamh agus a dhéanann iarratas ar chabhair airgeadais do mhic léinn chun staidéar a dhéanamh i dtír eile an Aontais.

6.        Thairis sin, luaigh an CSN nárbh fhéidir le MCM aon cheart i dtaca le cabhair airgeadais do mhic léinn a dhíorthú ón bhfíoras go ndearna a athair roimhe sin a cheart chun saoirse gluaiseachta mar oibrí a fheidhmiú trí dhul ar imirce chun na Spáinne. Ina thaobh sin, bhí an CSN den tuairim nárbh fhéidir an t-athair a mheas mar oibrí imirceach a thuilleadh toisc go raibh sé ina chónaí agus ag obair sa tSualainn ón mbliain 2011.

7.        Rinne MCM achomharc i gcoinne an chinnidh sin. Rinne MCM tagairt go príomha do dhálaí a thacaigh, mar a mhaígh sé, lena argóint gur chóir é a mheas mar dhuine a bhí lánpháirtithe i sochaí na Sualainne agus gur chóir a athair a mheas go fóill mar dhuine a raibh ceangal aige leis an Spáinn (6).

8.        Sheas an CSN lena mheasúnú roimhe sin ina bharúlacha ar an achomharc chuig an gcúirt a rinne an tarchur, atá ainmnithe mar an comhlacht achomhairc faoin gcéad fhomhír de Mhír 11 de Chaibidil 6 den Dlí ar an gcabhair airgeadais do mhic léinn. Thug an CSN faoi deara ag an am céanna gurbh fhéidir cabhair airgeadais do mhic léinn a shéanadh ar MCM i leith an staidéir thar lear a mheas mar chonstaic ar cheart an athar chun saoirse gluaiseachta, toisc go bhféadfadh sé go ndéanfadh eolas ar iarmhairt den sórt sin imirce a athar chun na Spáinne in aon chor a dhíspreagadh.

9.        De réir an CSN, áfach, níor léir an raibh an cás atá i gceist fós laistigh de raon feidhme dhlí an Aontais toisc gur imigh tréimhse ama chomh fada sin thart ó rinne a athair a cheart chun saoirse gluaiseachta a fheidhmiú. Sa chomhthéacs sin, d’fhiafraigh an CSN freisin an féidir le hoibrí imirceach, a fhilleann ar a thír thionscnaimh nó a tír thionscnaimh, maidir leis an tír sin agus ar feadh tréimhse éiginnte ama, brath ar na ráthaíochtaí a bhaineann le hoibrithe imirceacha agus le baill dá dteaghlaigh faoi Rialachán Uimh. 492/2011.

10.      I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, chinn an Överklagandenämnden för studiestöd (Bord Náisiúnta Achomhairc um Chabhair do Mhic Léinn) bac a chur ar na himeachtaí agus an ceist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘An bhféadfaidh Ballstát (an tír thionscnaimh), i leith leanbh oibrí imircigh a fhilleann abhaile, d’ainneoin Airteagal 45 CFAE agus Airteagal 7(2) de Rialachán [Uimh.] 492/2011, agus ag cur leasanna buiséadacha na tíre tionscnaimh san áireamh, ceanglas a leagan síos chun gur gá don leanbh ceangal a bheith aige nó aici leis an tír thionscnaimh d’fhonn cabhair airgeadais do mhic léinn a dheonú don leanbh sin chun staidéar a dhéanamh thar lear sa Bhallstát eile den Aontas inar oibrigh tuismitheoir an linbh roimhe sin (an tír ósta), más rud é

(i)      tar éis do thuismitheoir an linbh filleadh ón tír ósta, go bhfuil an tuismitheoir sin ina chónaí nó ina cónaí agus ag obair sa tír thionscnaimh le hocht mbliana anuas ar a laghad,

(ii)      nár dheachaigh an leanbh in éineacht lena thuismitheoir nó lena tuismitheoir chuig an tír thionscnaimh, ach gur fhan an leanbh ó rugadh é nó í sa tír ósta, agus

(iii)      go leagann an tír thionscnaimh an ceanglas céanna síos maidir le ceangal do náisiúnaigh eile sa tír thionscnaimh nach ndéanann an ceanglas cónaithe a shásamh agus a dhéanann iarratas ar chabhair airgeadais do mhic léinn i leith an staidéir thar lear i dtír eile san Aontas?’

II.    Nós Imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

11.      I gcomhréir leis an iarraidh ón gCúirt Bhreithiúnais, ní dhíreoidh an Tuairim seo ach ar shubstaint an cháis seo.

12.      Chuir MCM, Rialtais na hOstaire, na Danmhairge, na hIorua, agus na Sualainne agus an Coimisiún Eorpach barúlacha i scríbhinn isteach. Níor iarr na páirtithe ar éisteacht agus níor tionóladh aon éisteacht.

III. Achoimre ghairid ar bharúlacha na bpáirtithe

13.      Éilíonn MCM gur leor an ceangal lena Bhallstát tionscnaimh chun é a chur ar a chumas cabhair airgeadais a fháil i leith an staidéir (7). Thairis sin, ní bhaineann an fíoras go bhfuil a athair ina chónaí sa tSualainn faoi láthair ar aon slí lena staid mar oibrí imirceach. Ón mbliain 2011, tá cuairteanna á dtabhairt go rialta ag an athair ar an Spáinn, áit a bhfuil cóiríocht aige d’fhonn a bheith ábalta obair a dhéanamh ann ina theannta sin (8).

14.      Maíonn Rialtas na Sualainne, go bunúsach, gur féidir maoluithe ar an gceanglas cónaithe a ghlacadh, faoinar gá an duine a bhíonn ag tairbhiú den chabhair a bheith lánpháirtithe i sochaí na Sualainne. Ní dhéantar, áfach, an ceanglas gurb ann do cheangal a fhorchur ar linbh oibrithe imirceacha.

15.      Maíonn Rialtais na Danmhairge agus na Sualainne, ar an gcéad dul síos, nár fheidhmigh athair MCM a shaoirse gluaiseachta ó fhilleadh dó ar an tSualainn agus nach mór dá bhrí sin é a mheas mar dhuine a chaill a stádas mar oibrí imirceach. I dtaca le stádas mar iar-oibrí imirceach de, áitíonn Rialtas na Sualainne, sa chás seo, a mhéid nach ndeonaítear cúnamh airgeadais i leith an staidéir thar lear d’oibrithe ná dá leanaí de bharr a gcaidrimh fostaíochta, ní féidir leis an oibrí atá i gceist brath a thuilleadh ar na cearta sin faoi Airteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 492/2011 nó Airteagal 45 CFAE.

16.      Ar an dara dul síos, admhaíonn Rialtas na Sualainne, áfach, go dtéann raon feidhme Airteagal 45 CFAE thar raon feidhme Airteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 492/2011, rud ar a mbíonn an toradh nach bhféadfar a chur as an áireamh ar fad go bhféadfaidh srian i bhfoirm ceanglas cónaithe a chur ina luí ar thuismitheoirí áirithe nó ar thuismitheoirí sa todhchaí gan a saoirse gluaiseachta a fheidhmiú.

17.      Maíonn Rialtas na Danmhairge, ar an gcéad dul síos, nach bhfuil feidhm ag Airteagal 45 CFAE ná Airteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 492/2011 maidir leis na príomhimeachtaí.

18.      Measann Rialtas na Danmhairge nach mbíonn feidhm ratione materiae ag na rialacha ar an tsaoirse gluaiseachta d’oibrithe. Maíonn sé gur chóir an reachtaíocht Shualannach ar an gcúnamh airgeadais a thuiscint amhail go bhféadfaidh mac léinn, nach bhfuil ina chónaí nó ina cónaí sa tSualainn, tairbhiú de chúnamh airgeadais dá leithéid má fhéadann sé nó sí a thaispeáint go mbíonn an stádas mar leanbh oibrí imircigh nó ceangal le sochaí na Sualainne aige nó aici.

19.      Ar an dara dul síos, fiú dá mbeadh srian ann, measann Rialtas na Danmhairge go mbeadh bonn cirt leis sa chás seo mar gheall ar chúis sháraitheach ar mhaithe le leas an phobail.

20.      Maíonn Rialtas na hOstaire, go bunúsach, i ndáil le hAirteagal 45 CFAE, nach n-eisiatar ar aon slí faoin reachtaíocht náisiúnta leanaí oibrithe imirceacha ó chabhair airgeadais do mhic léinn, ach go ndeonaítear faoin reachtaíocht náisiúnta an cúnamh céanna dóibh agus a thugtar do leanaí oibrithe a fhanann sa tSualainn, ach amháin go ndéantar an ceanglas i dtaca le ceangal le sochaí na Sualainne a chur in áit an cheanglais ó thaobh cruthúnas maidir le cónaí a thaispeáint. Ar aon nós, measann Rialtas na hOstaire go gceadaítear leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist an tsolúbthacht riachtanach a cheanglaítear leis an gcásdlí nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar mhéid an cheangail agus nach mór, mar sin, é a mheas mar reachtaíocht a bhíonn comhréireach le cuspóir an lánpháirtithe.

21.      Measann Rialtas na hIorua, go bunúsach, go mbíonn bonn cirt, i bprionsabal, leis an reachtaíocht sna príomhimeachtaí faoi Airteagal 45 CFAE.

22.      Maíonn an Coimisiún nach dtagann MCM faoi raon feidhme Airteagal 45 CFAE ná Airteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 492/2011, ós rud é nach oibrí é MCM agus nár fhág sé an Ballstát ina bhfuil cónaí air. A mhéid a bhaineann le hathair MCM, measann an Coimisiún, sa chás seo, nach ann d’aon srian ar an tsaoirse gluaiseachta d’oibrithe.

IV.    Measúnú

A.      Réamhrá

23.      Tá dhá shaintréith shuaithinseacha ag an gcás seo maidir leis na cásanna roimhe seo, a phléifidh mé anseo thíos: sa chéad áit, d’fhill an t-oibrí imirceach (ón Spáinn) ar a thír thionscnaimh (an tSualainn) breis agus ocht mbliana ó shin; agus, sa dara háit, maidir lena leanbh, atá ag iarraidh na cabhrach airgeadais do mhic léinn ón tSualainn i leith an staidéir thar lear (sa Spáinn, arb í a thír bhreithe agus a thír chónaithe í), ní raibh sé ina chónaí riamh sa tír thionscnaimh sin.

24.      Ar an gcéad dul síos, ní mór a choimeád i gcuimhne ‘Foráiltear go sainráite le hAirteagal 45(2) CFAE go mbéarfaidh an tsaoirse gluaiseachta go ndíothófar aon aon idirdhealú de bhíthin a náisiúntachta idir oibrithe na mBallstát maidir le fostaíocht, le luach saothair agus le coinníollacha eile oibre’ (9).

25.      De réir Airteagal 7(1) agus (2) de Rialachán Uimh. 492/2011, maidir le hoibrí, ar náisiúnach de chuid Ballstáit é, teachtfaidh sé – ar chríoch Ballstáit eile – na buntáistí céanna sóisialta agus cánach agus a theachtann oibrithe náisiúnta.

26.      Tá an fhoráil sin ina ‘léiriú áirithe, i réimse sonrach dheonú na mbuntáistí sóisialta, ar phrionsabal na córa comhionainne atá cumhdaithe in Airteagal 45(2) CFAE, agus ní mór an léiriú céanna a thabhairt di agus atá tugtha leis an bhforáil sin’ (10).

27.      De réir cásdlí socair, is ionann an cúnamh a dheonaítear chun críocha cothabhála agus oideachais d’fhonn gabháil le staidéar ollscoile a fhianaítear le cáilíocht ghairmiúil agus buntáiste sóisialta de réir bhrí Airteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 492/2011 (11).

28.      Chinn an Chúirt freisin gurb ionann an cabhair airgeadais do mhic léinn arna dheonú ag Ballstát do leanaí oibrithe agus buntáiste sóisialta, don oibrí imirceach, de réir bhrí Airteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 492/2011, i gcás ina bhfuil an t-oibrí ag leanúint de thacú leis an leanbh (12).

29.      Ina theannta sin, shoiléirigh an Chúirt gurb iad atá sna baill de theaghlach oibrí imircigh ná faighteoirí neamhdhíreacha na córa comhionainne arna ndeonú don oibrí faoi Airteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 492/2011. Ós rud é gurb ionann deonú maoinithe i leith an staidéir do leanbh oibrí imircigh agus buntáiste sóisialta don oibrí imirceach, féadfaidh an leanbh féin brath ar an bhforáil sin d’fhonn an maoiniú sin a fháil, faoin dlí náisiúnta, má tá maoiniú den sórt sin á dheonú go díreach don mhac léinn (13).

30.      De réir chásdlí na Cúirte, ‘toirmisctear le prionsabal na córa comhionainne a leagtar síos in Airteagal 45 CFAE agus in Airteagal 7 de Rialachán Uimh. 492/2011 ní hamháin an t-idirdhealú díreach ar fhoras náisiúntachta ach freisin gach cineál neamhdhíreach idirdhealaithe a bhíonn ina chúis leis an toradh céanna, trí chritéir eile difreála a chur i bhfeidhm’ (14).

31.      Tá sé rialaithe ag an gCúirt cheana go bhfuil feidhm ag Airteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 492/2011 maidir le sochair slándála sóisialta i mBallstát náisiúntacht an oibrí, sa mhéid go gcaillfeadh an t-oibrí sin na sochair sin de bharr a fhostaíochta nó a fostaíochta i mBallstát eile (15).

32.      Taispeánfaidh mé anois go n-eascraíonn sé ón gcásdlí thuas nach gcuirtear cosc le hAirteagal 45 CFAE ná le hAirteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 492/2011 ar fhorálacha a leagan síos amhail iad siúd sna príomhimeachtaí.

B.      Ag brath ar na fíorais, eascraíonn ceann de dhá chás sa chás seo

33.      Ní mór don chúirt a rinne an tarchur a chinneadh cé acu de na cásanna seo a leanas a bhaineann le fíorais an cháis sna príomhimeachtaí: (a) leanann an t-athair, (iar-)oibrí imirceach, de thacú leis an leanbh, MCM, agus mar sin is ionann an chabhair airgeadais do mhic léinn atá i gceist agus buntáiste sóisialta don athair, rud a chiallaíonn go dtagann sé faoi raon feidhme Airteagal 45 CFAE agus/nó Airteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 492/2011 (‘cás A’); nó (b) ní thacaíonn an t-athair le MCM a thuilleadh, rud arb é an toradh leis ná nach mbíonn feidhm ag ceachtar den dá Airteagal sin maidir leis an gcás seo (‘cás B’).

34.      Measaim, mar a mheasann an Coimisiún, gurb ionann an chabhair airgeadais do mhic léinn na Sualainne agus, thar gach ní, buntáiste sóisialta don mhac léinn féin. Is é MCM atá ag iarraidh na cabhrach sin agus is é MCM a gheobhadh an chabhair sin. Ní chuirtear comhthéacs an teaghlaigh, amhail ioncam na dtuismitheoirí, san áireamh. Má thagann an cás seo faoi réim chás B, ansin ní thagann an mac léinn féin, MCM, a priori, faoi raon feidhme Airteagal 45 CFAE ná Airteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 492/2011 chomh fada agus a bhaineann sé le hiarratais ar an gcabhair airgeadais do mhic léinn atá i gceist. Is amhlaidh nach (iar-)oibrí imirceach é MCM, agus nár fhág sé ar chúiseanna eile as an mBallstát (agus ní cosúil go bhfuil sé de rún aige Ballstát a fhágáil ach oiread), arb é an Ballstát inar rugadh é agus ina bhfuil sé ina chónaí i rith a shaoil ar fad (an Spáinn).

35.      Tá foclaíocht Airteagal 7(2) den Rialachán sin soiléir agus is ar ‘oibrithe’ (nó iar-oibrithe (16)) atá sé dírithe, ach ní ar ‘mhic léinn’.

36.      Dá bhrí sin, measaim nár chóir don Chúirt raon feidhme ratione personae an Airteagail sin a leathnú chuig mic léinn an ardoideachais.

37.      Tagraíonn Rialtas na Danmhairge agus an Coimisiún freisin d’Airteagal 10 de Rialachán Uimh. 492/2011. Is leor aird a tharraingt ar an méid seo, go mbaineann an t-Airteagal sin le teacht a bheith ag leanaí le náisiúnach de chuid Ballstáit, atá nó a bhí fostaithe ar chríoch Ballstáit eile, ar chúrsaí oiliúna ‘ginearálta oideachais’ an Stáit sin agus ní ar an ardoideachas amhail é sin á leanúint ag MCM sa chás sna príomhimeachtaí. Thairis sin, ní bhaineann an t-Airteagal sin le hábhar na ceiste a tharchuirtear sa chás seo.

38.      Má thagann, ar an taobh eile, an cás seo faoi réim chás A, is ionann an chabhair airgeadais do mhic léinn agus buntáiste sóisialta don (iar-)oibrí imirceach (athair MCM) freisin, ach ar an aon choinníoll amháin go leanann sé de bheith ag tacú lena mhac (17). Is sa chás sin amháin a laghdaíonn an chabhair airgeadais do mhic léinn oibleagáidí airgeadais an athar.

39.      Ar an drochuair, cuirtear cosc leis an nganntanas eolais san ordú tarchuir ar thuiscint shoiléir a fháil ar an gcás sna príomhimeachtaí. Mar shampla, ní léir cibé acu atá nó nach bhfuil an t-athair, (iar-)oibrí imirceach, ag leanúint de thacú leis an leanbh, MCM.

40.      Sa tSualainn, mar a chuir an Coimisiún in iúl, faoi Airteagal 1 de Chaibidil 7 den Föräldrabalken (1949:381) (cód tuismitheora), scoireann oibleagáid dhlíthiúil na dtuismitheoirí tacú le leanbh ar mac léinn ollscoile é d’éifeacht a bheith leis nuair a shroicheann an leanbh sin 18 mbliana d’aois. Níor thug an chúirt a rinne an tarchur le fios i dtaobh ar chlúdaigh an t-iarratas ar chabhair airgeadais do mhic léinn tréimhse ina raibh MCM faoi bhun 18 mbliana d’aois. Ina theannta sin, ní léir ón ordú tarchuir an bhfuil athair MCM ag leanúint de bheith freagrach ar chúiseanna eile as cothabháil a chur ar fáil do MCM tar éis do MCM 18 mbliana d’aois a shroicheadh, amhail, mar gheall ar dhlí na Spáinne, conradh faoin dlí sibhialta nó íocaíocht dheonach de chabhair thréimhsiúil i suim áirithe.

41.      Mar a thug mé faoi deara i mír 34 den Tuairim seo, má táimid ag plé le cás B, ansin ní hionann an chabhair airgeadais do mhic léinn atá i gceist agus buntáiste sóisialta don athair agus mar sin níl an chabhair sin ag teacht faoi raon feidhme Airteagal 45 CFAE ná Airteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 492/2011.

42.      Dá bhrí sin, freagra diúltach a thabharfaí ar an gceist a tarchuireadh.

43.      Má leanann, áfach, an t-athair de thacú le MCM agus, mar sin, más ionann freisin an chabhair airgeadais do mhic léinn atá i gceist agus buntáiste sóisialta don athair, is gá i dtosach a shuíomh an dtagann an (t-iar)oibrí imirceach faoi raon feidhme Airteagal 45 CFAE agus Airteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 492/2011 araon. Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a shuíomh de réir fhíorais an cháis sna príomhimeachtaí.

44.      Ba mhaith liom aird a tharraingt ar an méid seo, maidir le ‘forálacha reachtaíochta náisiúnta lena gcuirtear cosc ar nó lena ndíspreagtar náisiúnach de chuid Ballstáit a thír [nó a tír] thionscnaimh a fhágáil d’fhonn a cheart [nó a ceart] chun saoirse gluaiseachta a fheidhmiú, is ionann na forálacha sin agus constaicí ar an tsaoirse sin fiú má bhíonn feidhm acu gan féachaint do náisiúntacht na n-oibrithe lena mbaineann’ (18). Chun go gcaithfear le beart mar bheart atá idirdhealaitheach go neamhdhíreach, ‘ní gá go mbeidh sé d’éifeacht leis sin go gcuirfear faoi bhuntáiste na náisiúnaigh go léir den Stát atá i gceist nó nach gcuirfear faoi mhíbhuntáiste ach náisiúnaigh de Bhallstáit eile, ach gan náisiúnaigh an Stáit atá i gceist a chur faoi mhíbhuntáiste’ (19).

45.      De réir an chásdlí chéanna, maidir leis ‘na forálacha go léir den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i ndáil leis an tsaoirse gluaiseachta do dhaoine, tá sé beartaithe go ndéanfaidh siad, amhail na forálacha sin de Rialachán Uimh. 492/2011, saothrú na ngníomhaíochtaí gairme de gach cineál ar fud an Aontais Eorpaigh ag náisiúnaigh na mBallstát a éascú, agus go gcuirfidh siad cosc ar bhearta a fhéadfaidh náisiúnaigh na mBallstát a chur faoi mhíbhuntáiste más mian leo gníomhaíocht eacnamaíoch a shaothrú ar chríoch Ballstáit eile’ (20).

46.      I bhfianaise an mhéid sin, ‘tá an ceart ag náisiúnaigh na mBallstát go háirithe, ceart atá á dhíorthú acu go díreach ón gConradh, chun a mBallstát tionscnaimh a fhágáil d’fhonn dul isteach ar chríoch Ballstáit eile agus chun bheith ina gcónaí ann chun gníomhaíocht a shaothrú sa chríoch sin. Dá bhrí sin, cuirtear cosc le hAirteagal 45 CFAE ar aon bheart náisiúnta a d’fhéadfadh bac a chur ar an bhfeidhmiú ag náisiúnaigh an Aontais de na saoirsí bunúsacha a ráthaítear leis an Airteagal sin nó a d’fhéadfadh a fhágáil gur lú an mhealltacht a bhíonn ann na saoirsí sin a fheidhmiú’ (21).

47.      D’aistrigh athair MCM, i dtosach, ón tSualainn chun na Spáinne agus ansin d’fhill sé ar an tSualainn; sa dá chás, rinne sé é chun críocha oibre. D’fhéadfadh náisiúnaigh de chuid Ballstáit brath ar Airteagal 45 CFAE in aghaidh na tíre tionscnaimh maidir le bearta atá de chineál lena gcuirtear cosc ar nó lena ndíspreagtar na náisiúnaigh sin a dtír thionscnaimh a fhágáil (22).

48.      I gcontrárthacht le seasamh Rialtas na Danmhairge agus Rialtas na Sualainne, measaim nach ndéanann, i bprionsabal, an fíoras gur caitheadh tréimhse shuntasach ama (breis agus ocht mbliana) ó d’fheidhmigh athair MCM an ceart sin, aon difear do cibé acu a bhíonn nó nach mbíonn feidhm ag an Airteagal sin (nó Airteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 492/2011). Ní mór d’oibrí imirceach a bheith in ann an ceart chun córa comhionainne a phléadáil fiú i gcás inar scoir sé nó sí de ghníomhaíocht ghairmiúil a sheoladh sa Bhallstát ósta. Ghlac an Chúirt leis gur féidir éifeachtaí a bheith ag an stádas mar iar-oibrí imirceach i ndiaidh fhoirceannadh an chaidrimh fostaíochta (23).

49.      Maidir leis an gceist i dtaobh an mbeadh nó nach mbeadh an chabhair airgeadais do mhic léinn na Sualainne i leith an staidéir ollscoile thar lear, faoin gcéad fhomhír de Mhír 23 de Chaibidil 3 den Dlí ar an gcabhair airgeadais do mhic léinn, ar fáil i gcás amhail an cás sna príomhimeachtaí, braitheann sé sin ar shraith fhada imeachtaí hipitéiseacha sa todhchaí: go mbeadh leanaí ag an oibrí sa todhchaí i ndáiríre, go ndéanfadh na leanaí (hipitéiseacha) sin an rogha go bhfanfaidís sa Bhallstát ósta cé gur fhill an t-athair ar an tSualainn agus nach mbeidís lánpháirtithe i sochaí na Sualainne ná nach mbeidís in ann brath ar chúiseanna eisceachtúla eile d’fhonn tairbhiú den chabhair sin.

50.      Mar a chuir Rialtas na Danmhairge agus an Coimisiún in iúl, ar bhonn chásdlí na Cúirte (24), sa chás seo, tá an tsraith imeachtaí ró-éiginnte agus tá a tionchar a d’fhéadfadh a bheith aici ar rogha an oibrí go ndéanfadh sé a shaoirse gluaiseachta a fheidhmiú ró-neamhdhíreach chun an fhoráil náisiúnta thuas a mheas mar fhoráil atá de chineál lena bhféadfaí bac a chur ar shaorghluaiseacht oibrithe.

51.      Dá bhrí sin, níor cheart a mheas gurb ionann na forálacha atá i gceist agus srian ar shaorghluaiseacht oibrithe (25).

52.      Ina thaobh sin, is gá an cás seo a idirdhealú ó Prinz agus Seeberger (26), ar dhócha go ndéanfadh na coinníollacha a bhí i gceist na hiarratasóirí féin sna cásanna sin a dhíspreagadh a gceart chun saoirse gluaiseachta agus cónaithe i mBallstát eile a fheidhmiú, i bhfianaise an tionchair ba dhócha a bheith mar thoradh ar fheidhmiú na saoirse sin ar an gceart chun an deontais oideachais nó oiliúna a bhí i gceist sna cásanna uamtha sin. Os a choinne sin, sa chás seo, ní bhaineann na fíorais atá i gceist sna príomhimeachtaí le gníomhú pearsanta an tairbhí, ach an iompraíocht sa todhchaí de dhuine eile nach ann dó nó di go fóill, is é sin, leanbh (hipitéiseach) an oibrí.

53.      Is é an chéad rud eile ná an cheist a eascraíonn faoi an mbíonn feidhm ag Airteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 492/2011, ina n-aithnítear an ceart chun saorghluaiseachta de chuid na n-oibrithe imirceacha go léir (lena n-áirítear oibrithe séasúracha agus oibrithe trasteorann; féach aithris 5 den Rialachán sin (27)), maidir le hoibrithe imirceacha ó Bhallstát eile, agus maidir leo siúd amháin, ó thaobh rialacha an Bhallstáit óstaigh de nó faoi an bhféadtar brath air freisin, amhail sa chás seo, ar thaobh náisiúnach an Bhallstáit tionscnaimh a d’aistrigh chuig Ballstát eile agus a d’fhill ansin ar a thír nó a tír thionscnaimh.

54.      An féidir le h(iar-)oibrí imirceach agus/nó a leanbh atá ag saothrú an staidéir ollscoile brath ar phrionsabal na córa comhionainne faoi Airteagal 7(2) den Rialachán sin, i leith na n-údarás sa Bhallstát ósta, ach, amhail sa chás seo, i leith na n-údarás ina mBallstát tionscnaimh?

55.      Measaim gur ceart freagra diúltach a thabhairt ar an gceist sin.

56.      De réir mar is eol dom, níor leathnaigh an Chúirt an fhéidearthacht riamh ó thaobh a bheith ag brath ar an Airteagal sin i ndáil le Ballstát tionscnaimh an (iar-)oibrí imircigh nó Ballstát tionscnaimh a linbh. De rogha air sin, is cinneadh seasta de chuid na Cúirte é go bhféachtar leis an Airteagal sin le cóir chomhionann a áirithiú do na
(hiar-)oibrithe imirceacha agus na hoibrithe náisiúnta sa Bhallstát ósta (28).

57.      Féachann rialacha saorghluaiseachta an AE go príomha le cosaint ar na hidirdhealuithe a bhféadfaidh mic léinn, leanaí na (n-iar-)oibrithe imirceacha, a bheith faoi iallach aghaidh a thabhairt orthu sa Bhallstát ósta a áirithiú, seachas cosaint ar chonstaicí féideartha sa Bhallstát tionscnaimh i gcás inar mian leis an saoránach cabhair airgeadais do mhic léinn a fháil óna Bhallstát féin nó óna Ballstát féin d’fhonn a cheart nó a ceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú. Tacaítear leis an dearcadh sin sa litríocht dhlíthiúil acadúil freisin (29).

58.      Tá mo léiriú i gcomhréir leis an gcuspóir atá ag Rialachán Uimh. 492/2011, agus déanann aithris 6 (30) de sin cur síos ar chonstaicí a bhaint maidir leis na coinníollacha a bhaineann le teaghlach an oibrí a lánpháirtiú sa tír ósta.

C.      Réamhchonclúid: níl aon srian ar shaorghluaiseacht oibrithe

59.      De bhun na mbreithnithe thuasluaite, is léir nach gcuirtear cosc le hAirteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 492/2011 ná le hAirteagal 45 CFAE ar fhorálacha náisiúnta amhail iad siúd sa chás seo, rud a bheidh le fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur i ndáil le fíorais an cháis sna príomhimeachtaí.

D.      Ar mhaithe le hiomláine: fiú dá mbeadh srian ann, bheadh bonn cirt leis

60.      Mura n-aontaíonn an Chúirt leis an méid thuas agus más é an tátal a bhaintear as gurb ionann na forálacha náisiúnta sin agus srian ar shaorghluaiseacht oibrithe, míneoidh mé thíos go mbeadh bonn cirt leis an srian sin, ar aon chuma.

61.      Foráiltear leis na forálacha atá i gceist sna príomhimeachtaí, a mhéid a bhaineann leis an gcabhair airgeadais do mhic léinn i leith an staidéir thar lear, go bhféadfaidh mac léinn nach bhfuil ina chónaí nó ina cónaí sa tSualainn a leithéid de chabhair a fháil más féidir leis nó léi a thaispeáint go sealbhaíonn sé nó sí ceangal le sochaí na Sualainne nó más leanbh oibrí imircigh a thionscnaíonn ó Bhallstát eile, a oibríonn sa tSualainn, é nó í. Dá bhrí sin, maidir leis na náisiúnaigh Shualannacha go léir atá ina gcónaí lasmuigh den tSualainn, tá siad faoi réir an cheanglais i dtaca le ceangal le sochaí na Sualainne nuair atá siad ag déanamh iarratais ar chabhair airgeadais do mhic léinn i leith an staidéir i mBallstát eile, gan beann ar an bhfuil nó nach bhfuil an ceart chun saoirse gluaiseachta feidhmithe ag an tuismitheoir. Measaim go bhfuil bonn cirt ann go bhfuil sé de cheangal ar MCM ceangal dá leithéid a thaispeáint. Mura mbeadh gá le ceangal, ansin bheadh an t-iarratasóir i staid níos fabhraí ná na mic léinn sin nár fheidhmigh a dtuismitheoirí an ceart chun saoirse gluaiseachta. Rachadh sé sin thar an cuspóir a bhíonn á saothrú ag na rialacha ar shaorghluaiseacht oibrithe, a fhéachann go príomha lena ráthú go dteachtfaidh oibrithe na coinníollacha céanna sa Bhallstát ósta agus nach ndíspreagfar iad ó aistriú agus ó ghabháil le fostaíocht i mBallstát eile.

62.      A mhéid a bhaineann leis an gceist i dtaobh an ionann ceanglas cónaithe a fhorchur ar MCM agus idirdhealú, is gá comparáid a dhéanamh idir an cás i gceist agus cás nach ndéantar an ceanglas cónaithe a shásamh agus ina mbíonn feidhm ag dlí an Aontais, is é sin le rá, an cás ina mbíonn náisiúnach Sualannach, trí gan an ceanglas cónaithe a chomhlíonadh mar gheall ar a aistriú ón tSualainn chun na Spáinne chun obair sa tír sin, ag iarraidh cúnamh airgeadais ina dhiaidh sin d’fhonn staidéar a shaothrú ansin (sa tír ósta). Is léir go bhfuil gá leis an gceangal le sochaí na Sualainne i gceachtar den dá chás. Dá bhrí sin, níl aon idirdhealú díreach ann.

63.      Ina theannta sin, fiú dá gcinnfeadh an Chúirt gurb ann d’idirdhealú neamhdhíreach sa chás seo (quod non), measaim gurb ann do bhonn cirt leis an gceanglas i dtaca le ceangal, toisc go saothraítear cuspóir dlisteanach leis agus toisc gur rud iomchuí comhréireach é (31).

64.      Tá sé cinnte ag an gCúirt gur ‘faoi na húdaráis náisiúnta atá sé, san áit a bhfuil beart á ghlacadh acu de mhaolú ar phrionsabal atá cumhdaithe i ndlí an Aontais, a thaispeáint i ngach cás ar leith go bhfuil an beart sin oiriúnach chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóir ar a bhfuiltear ag brath, agus nach bhfuil sé ag dul thar a bhfuil riachtanach chun é a bhaint amach. Ní mór anailís ar oiriúnacht agus comhréireacht an bhirt atá glactha ag Ballstát agus fianaise shonrach ag a bhfuil bunús á thabhairt lena argóintí a bheith ag gabháil leis na cúiseanna a fhéadfar a bheith agartha ag an mBallstát sin’ (32).

65.      Ina thaobh sin, tá sé cinnte ag an gCúirt cheana gur féidir gurb ionann an tsoghluaiseacht mac léinn a chur chun cinn agus cúis sháraitheach ar mhaithe le leas an phobail ar féidir leis bonn cirt a thabhairt le srian, ar choinníoll go bhfuil na critéir atá glactha iomchuí agus comhréireach (33). Maidir le critéar i ndáil le cónaí, nó, má tá sé ina chúis le staid atá contrártha do dhlí an Aontais, ceanglas i dtaca le ceangal leordhóthanach le sochaí na Sualainne, tá sé ag féachaint lena chinntiú go bhfillfidh na mic léinn sin ar an tSualainn i ndiaidh a staidéir thar lear agus go bhfaighidh siad a bhfios ar deireadh chun margadh saothair agus geilleagar na Sualainne a chur chun cinn (34). Tá sé cinnte freisin ag an gCúirt go bhféadfar bonn cirt a bheith ag ceanglas lena leithéid de cheangal i gcás ina bhféachann sé le leibhéal ard oideachais a áirithiú i ndáil leis an daonra cónaitheach (35).

66.      Ina thaobh sin, tá sé cinnte cheana ag an gCúirt go mbeidh sé de shaoirse i gcónaí ag na Ballstáit coinníollacha a leagan síos lena rialófar ceangal a náisiúnach féin le sochaí an Bhallstáit sin chun críocha an mhaoinithe a dheonú i leith an staidéir i mBallstát eile, sa mhéid go bhféadfaidh siad deonú an mhaoinithe sin a dhéanamh faoi réir cruthúnas a chur ar fáil maidir le fíorcheangal leis an mBallstát a bheidh ag deonú an airgeadais, cé ‘nach mór don chruthúnas atá ag teastáil […] a bheith de chineál nach bhfuil ró-eisiach nó nach dtaobhóidh sé go pointe míchuí cuid amháin nach gá gur rud ionadaíoch é d’fhíorcheangal éifeachtach idir an t-éilitheoir agus an Ballstát sin, gan na codanna ionadaíocha eile go léir a áireamh’ (36). Tá an cásdlí sin, a bhaineann le hAirteagail 20 agus 21 CFAE, infheidhme freisin maidir le cás ar shaorghluaiseacht oibrithe, toisc gurb ionann ábhar na cosanta. Dá dtiocfadh cás MCM faoi raon feidhme Airteagal 21 CFAE – rud nach féidir liom a shocrú ar bhonn an eolais ghairid san ordú tarchuir – ansin, d’fhonn a shuíomh an ann do shrian ar shaorghluaiseacht na ndaoine, bheadh an measúnú ar an bhfuil bonn cirt leis an mbeart agus an bhfuil an beart comhréireach agus iomchuí comhionann leis an measúnú a dhéanfaí faoi Airteagal 45 CFAE.

67.      Ós rud é nach bhfuil an ceart chun an chabhair airgeadais do mhic léinn atá i gceist sa chás sna príomhimeachtaí bunaithe go heisiach ar íostréimhse chónaithe sa tSualainn, ach gur féidir é a bhunú freisin ar cheangal leordhóthanach de shochaí na Sualainne, tá an reachtaíocht Shualannach ag teacht le cásdlí na Cúirte. Measaim go gceadaítear leis an reachtaíocht sin an tsolúbthacht riachtanach a cheanglaítear le cásdlí na Cúirte a mhéid a bhaineann le measúnú ar mhéid cheangal an mhic léinn le sochaí an Bhallstáit a dheonaíonn an chabhair agus gur féidir, mar sin, í a mheas mar reachtaíocht a bhfuil bonn cirt léi agus atá comhréireach agus iomchuí (de réir an chásdlí a luaitear i míreanna 65 agus 66 den Tuairim seo).

68.      A mhéid a thagraíonn an t-ordú tarchuir do chásdlí reatha na Cúirte (37), bunaítear an reachtaíocht atá i gceist ar chuspóirí inchomparáide, sa mhéid gur féidir lánpháirtiú na mac léinn, chomh maith leis an mian a fháil amach an ann do cheangal, a mheas mar chuspóirí ar mhaithe le leas an phobail (38).

69.      Tá glactha cheana ag an gCúirt go bhféadfaidh Ballstát deonú an mhaonithe a dhéanamh faoi réir cruthúnas maidir le méid áirithe lánpháirtithe i sochaí an Stáit, d’fhonn cosc a chur ar dheonú an chúnaimh sin do mhic léinn ó Bhallstáit eile a bheith ag éirí ina ualach míréasúnach a fhéadfaidh dul i bhfeidhm ar mhéid iomlán na cabhrach is féidir leis an Stát a íoc (39). Thairis sin, luaigh an Chúirt sna breithiúnais sin go bhféadfaí brath ar bhreithnithe comhchosúla, i bprionsabal, maidir le deonú an chúnaimh, ag Ballstát, do mhic léinn ar mian leo an staidéar a shaothrú i mBallstáit eile.

70.      Aontaím le Rialtas na Danmhairge go léirítear leis an gceangal le sochaí na Sualainne cothromú réasúnach de dhá leas fhreasúracha, amhail, leas na n-oibrithe sa tsaoirse ghluaiseachta agus cuspóir shoghluaiseacht na mac léinn laistigh den Aontas Eorpach, ar thaobh amháin, agus leas na gcóras cúnaimh airgeadais i leith an staidéir arna gcur ar fáil ag na Ballstáit, ar an taobh eile.

71.      D’ainneoin nach dtagraíonn na forálacha Sualannacha is infheidhme go sainráite do chritéar lánpháirtiú an mhic léinn i sochaí na Sualainne, áirítear leis an gcásdlí is infheidhme do na forálacha sin an toisc sin i measc na ndálaí a fhéadfaidh a bheith ina bhforais urghnácha lena dtugtar bonn cirt do mhaoiniú a dheonú i leith an staidéir.

72.      Cé gur cosúil prima facie go bhfuil na ceanglais, atá leagtha síos i gcásdlí na Cúirte chun an lánpháirtiú sóisialta i sochaí na Sualainne a mheasúnú, curtha san áireamh sa chás seo, mar sin, is faoin gcúirt náisiúnta atá sé, dá ainneoin sin, cinneadh a dhéanamh de réir na bhfíoras i dtaobh ar cuireadh na critéir sin i bhfeidhm mar ba cheart i gcás MCM.

73.      Measaim, mar a mheasann an Coimisiún, gur cosúil nach dtaispeántar go soiléir leis an eolas a chuirtear ar fáil san ordú tarchuir gurb í an tSualainn lárionad leasa MCM.

74.      Faoi Airteagal 10 de Rialachán Uimh. 492/2011, tá MCM, mar leanbh (iar-)oibrí imircigh, i dteideal an chúnaimh oideachais de chuid na Spáinne faoi na coinníollacha céanna agus a bhaineann le náisiúnaigh na Spáinne, ós rud é nach bhfuil an ceart chun maoinithe faoin Airteagal sin ag brath ar cibé bhfuil an athair ag leanúint de bheith freagrach as cothabháil MCM (40).

75.      Cé gur féidir nach bhfuil an chabhair Spáinneach i leith an staidéir chomh fabhrach agus atá an chabhair Shualannach, ní féidir a ráthú d’oibrí le dlí an Aontais go mbeidh sé neodrach, ó thaobh cúrsaí sóisialta de, d’oibrí nó dá theaghlach nó dá teaghlach má aistríonn an
t-oibrí sin a chónaí nó a cónaí go dtí Ballstát eile.

76.      Ní fhéadfaidh oibrí a bheith ag súil le neodracht ó thaobh cúrsaí sóisialta de agus é nó í ag feidhmiú a chirt nó a cirt chun saoirse gluaiseachta, toisc go bhféadfaidh an t-aistriú go dtí Ballstát eile a bheith de chineál lena mbainfidh níos mó nó níos lú fabhair. Ráthaítear le hAirteagal 10 de Rialachán Uimh. 492/2011 go mbeidh (iar-)oibrithe imirceacha, ar a mhéad, faoi réir na gcoinníollacha céanna agus a bhaineann le hoibrithe sa Bhallstát ósta (41).

V.      Conclúid

77.      Molaim go bhfreagróidh an Chúirt Bhreithiúnais an cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú ón Överklagandenämnden för studiestöd (Bord Náisiúnta Achomhairc um Chabhair do Mhic Léinn, an tSualainn) mar seo a leanas:

Ní chuirtear cosc le hAirteagal 45 CFAE ná le hAirteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse gluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas, ar Bhallstát (an tír thionscnaimh) ceanglas a leagan síos go mbeidh ceangal dá thír thionscnaimh nó dá tír thionscnaimh ag leanbh (iar-)oibrí imircigh, tar éis don oibrí sin filleadh ar a thír thionscnaimh nó a tír thionscnaimh, d’fhonn a dheonú don leanbh sin cabhair airgeadais do mhic léinn chun staidéar a dhéanamh thar lear sa Bhallstát eile den Aontas ina raibh tuismitheoir an linbh ag obair roimhe sin (an tír ósta), i gcás:

(i)      nach raibh an leanbh sin ina chónaí nó ina cónaí sa tír thionscnaimh riamh, ach atá ina chónaí nó ina cónaí ó rugadh é nó í sa tír ósta; agus

(ii)      ina gcuireann an tír thionscnaimh a náisiúnaigh eile, nach gcomhlíonann an coinníoll maidir le cónaí agus a dhéanann iarratas ar chabhair airgeadais do mhic léinn chun staidéar a dhéanamh i mBallstát eile den Aontas, faoi réir an cheanglais chéanna gurb ann do cheangal leis an tír thionscnaimh.


1      Bunteanga: an Béarla.


2      IO 2011 L 141, lch. 1.


3      Ina chuid barúlacha chuig an gCúirt, míníonn MCM gur chuir sé tús leis an staidéar ollscoile an 15 Meán Fómhair 2018 agus gur mac léinn dara bliain le heolaíocht pholaitiúil anois é. Níor éiligh MCM an chabhair i leith an staidéir thar lear ach ó Eanáir 2020, toisc nárbh fheasach dó an nós imeachta a bhí le leanúint agus toisc nach féidir an chabhair a éileamh go haisghníomhach.


4      Dlí (1999:1395) ar chabhair airgeadais do mhic léinn; ‘an Dlí ar chabhair airgeadais do mhic léinn’.


5      Rialacháin agus treoirlínte ginearálta ar dheonú na cabhrach airgeadais do mhic léinn (CSNFS 2001:1).


6      Féach mír 13 den Tuairim seo.


7      Tá MCM ag tagairt don fhíoras gur náisiúnach Sualannach é, go bhfuil tuismitheoir Sualannach aige, go bhfuil baill eile dá theaghlach Sualannach agus gur minic atá a chuid ama á chaitheamh aige sa tSualainn.


8      Maíonn MCM go ndearna a athair a cheart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú idir Stócólm (an tSualainn) agus Barcelona (an Spáinn), gach mí agus é ag fanacht ar feadh tréimhse idir 4 lá agus 14 lá. Áitíonn MCM nach féidir na tréimhsí fanachta sin a mheas mar ‘laethanta saoire’, ós rud é gurbh éard a bhí i ngach ceann de na tréimhsí fanachta sin ná méid áirithe laethanta oibre (an teilea-obair), agus sin é an fáth go mbíonn cóiríocht á cothabháil ag a athair sa Spáinn.


9      Breithiúnas an 20 Meitheamh 2013, Giersch agus páirtithe eile (C-20/12, EU:C:2013:411, mír 34) (‘an breithiúnas in Giersch’). Féach, i ndáil leis an mbreithiúnas sin, Michel, V., Travailleurs frontaliers, an Eoraip, Uimh. 8, Lúnasa 2013; Carlier, J.-Y., La libre circulation des personnes dans l’Union européenne, Chroniques, Journal de droit européen, Uimh. 208 – 4/2014, lch. 170; agus O’Leary, S., The Curious Case of Frontier Workers and Study Finance: Giersch, CMLR, 51, lch. 601 (á argóint gur cosúil gur uirlis níos cuí iad na boinn chirt oibiachtúla a cheadaíonn an Chúirt i réimse an chúraim sláinte – an baol go ndéanfar lagú tromchúiseach ar chothromaíocht airgeadais an chórais slándála shóisialta nó an cuspóir ó thaobh cothabháil a dhéanamh ar sheirbhís chothrom leighis agus ospidéil – ná an triail um fhíornasc chun freastal ar chineál na soghluaiseachta mac léinn agus na costais ghaolmhara atá i gceist i gcásanna amhail an cás is bun leis an mbreithiúnas in Giersch). Ina thaobh sin, féach freisin Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Slynn in Humbel agus Edel (263/86, nár foilsíodh, EU:C:1988:151, lch. 5380).


10      Féach an breithiúnas in Giersch, mír 35. Baineann an breithiúnas sin le Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1968 maidir le saoirse gluaiseachta d’oibrithe laistigh den Chomhphobal (IO, Eagrán Speisialta sa Bhéarla, Sraith I 1968(II), lch. 475). Ós rud é gur comhionann Airteagal 7(2) den Rialachán sin agus Airteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 492/2011, maidir le cásdlí na Cúirte ar léiriú na chéad forála, tá feidhm aige sin mutatis mutandis maidir le léiriú na forála deireanaí.


11      Féach an breithiúnas in Giersch, mír 38. Féach freisin breithiúnas an 10 Iúil 2019, Aubriet (C-410/18, EU:C:2019:582, mír 25) (féach, i ndáil leis an mbreithiúnas sin, Rigaux, A., Bourse d’enseignement supérieur, an Eoraip, Uimh. 10, Deireadh Fómhair 2019, lch 24; agus Lhernould, J.-Ph., Comment établir le degré de rattachement des travailleurs frontaliers à leur Etat de travail ?, RJS, 11/19, lch. 770).


12      Féach an breithiúnas in Giersch, mír 39.


13      Féach an breithiúnas in Giersch, mír 40.


14      Breithiúnas an 10 Iúil 2019, Aubriet (C-410/18, EU:C:2019:582, mír 26).


15      Breithiúnas an 2 Aibreán 2020, Landkreis Südliche Weinstraße (C-830/18, EU:C:2020:275, míreanna 22 go 24).


16      Féach breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, Jobcenter Krefeld (C-181/19, EU:C:2020:794, míreanna 45 to 55).


17      Féach an breithiúnas in Giersch, mír 39.


18      Breithiúnas an 5 Nollaig 2013, Zentralbetriebsrat der gemeinnützigen Salzburger Landeskliniken Betriebs (C-514/12, EU:C:2013:799, mír 30).


19      Breithiúnas an 5 Nollaig 2013, Zentralbetriebsrat der gemeinnützigen Salzburger Landeskliniken Betriebs (C-514/12, EU:C:2013:799, mír 31).


20      Breithiúnas an 5 Nollaig 2013, Zentralbetriebsrat der gemeinnützigen Salzburger Landeskliniken Betriebs (C-514/12, EU:C:2013:799, mír 32).


21      Breithiúnas an 10 Deireadh Fómhair 2019, Krah (C-703/17, EU:C:2019:850, mír 41).


22      Breithiúnas an 15 Nollaig 1995, Bosman (C-415/93, EU:C:1995:463, mír 96).


23      Breithiúnas an 19 Meitheamh 2014, Saint Prix (C-507/12, EU:C:2014:2007, mír 35).


24      Breithiúnas an 13 Márta 2019, Gemeinsamer Betriebsrat EurothermenResort Bad Schallerbach (C-437/17, EU:C:2019:193, mír 40).


25      Breithiúnais an 27 Eanáir 2000, Graf (C-190/98, EU:C:2000:49, míreanna 24 agus 25), agus an 13 Márta 2019, Gemeinsamer Betriebsrat EurothermenResort Bad Schallerbach (C-437/17, EU:C:2019:193, mír 40).


26      Breithiúnas an 18 Iúil 2013 (C-523/11 agus C-585/11, EU:C:2013:524).


27      ‘[Ba cheart go mbeadh an ceart atá ag gach oibrí de chuid na mBallstát a rogha ghníomhaíochta a shaothrú laistigh den Aontas] ag oibrithe buana, ag oibrithe séasúracha, ag oibrithe trasteorann agus ag na daoine sin a shaothraíonn a gcuid gníomhaíochtaí agus iad i mbun seirbhísí a sholáthar, gan idirdhealú a dhéanamh eatarthu’.


28      Féach, mar shampla, breithiúnais an 27 Márta 1985, Hoeckx (249/83, EU:C:1985:139, mír 20), agus an 6 Deireadh Fómhair 2020, Jobcenter Krefeld (C-181/19, EU:C:2020:794, mír 72): ‘foráiltear le hAirteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 492/2011, ar féidir le daoine a bhfuil ceart cónaithe acu atá bunaithe ar Airteagal 10 den Rialachán sin brath air, … go bunúsach, maidir le hoibrí ar náisiúnach de chuid Ballstáit é, go dteachtfaidh sé nó sí sa Bhallstát ósta, lena n-áirítear nuair a thiocfaidh sé nó sí chun bheith dífhostaithe, na buntáistí céanna sóisialta agus cánach agus a theachtann na hoibrithe ar náisiúnaigh an Stáit sin iad’.


29      Martin, D., Arrêts « Giersch » et « Prinz » : les différents statuts de l’étudiant, Journal de droit européen, 2013, lch. 273.


30      ‘Chun gur féidir an ceart chun saoirse gluaiseachta a fheidhmiú, de réir coinníollacha saoirse agus dínite agus é sin ar shlí oibiachtúil, is gá cóir chomhionann a áirithiú, ó fhíoras agus ó dhlí, i leith gach ní a bhaineann le saothrú iarbhír gníomhaíochta mar dhaoine fostaithe agus le rochtain ar thithíocht, agus is gá freisin na constaicí ar shoghluaiseacht oibrithe a dhíothú, go háirithe maidir leis na coinníollacha a bhaineann le teaghlach an oibrí a lánpháirtiú sa tír ósta’.


31      Breithiúnas an 5 Nollaig 2013, Zentralbetriebsrat der gemeinnützigen Salzburger Landeskliniken Betriebs (C-514/12, EU:C:2013:799, mír 36).


32      Breithiúnas an 14 Meitheamh 2012, an Coimisiún v an Ísiltír (C-542/09, EU:C:2012:346, mír 81). Féach freisin mír 82 den bhreithiúnas sin.


33      Féach an breithiúnas in Giersch, míreanna 53 go 56.


34      Féach, le haghaidh réasúnaíocht comhchosúla, an breithiúnas in Giersch, míreanna 67 agus 68.


35      Féach breithiúnas an 14 Nollaig 2016, Bragança Linares Verruga agus páirtithe eile (C-238/15, EU:C:2016:949, mír 46).


36      Breithiúnais an 18 Iúil 2013, Prinz agus Seeberger (C-523/11 agus C-585/11, EU:C:2013:524, míreanna 37 agus 38), agus an 24 Deireadh Fómhair 2013, Thiele Meneses (C-220/12, EU:C:2013:683, mír 36).


37      Déantar tagairt do bhreithiúnas an 18 Iúil 2013, Prinz agus Seeberger (C-523/11 agus C-585/11, EU:C:2013:524).


38      Breithiúnas an 18 Iúil 2013, Prinz agus Seeberger (C-523/11 agus C-585/11, EU:C:2013:524, mír 34).


39      Breithiúnais an 18 Iúil 2013, Prinz agus Seeberger (C-523/11 agus C-585/11, EU:C:2013:524, mír 36), agus an 24 Deireadh Fómhair 2013, Thiele Meneses (C-220/12, EU:C:2013:683, mír 35).


40      Breithiúnais an 15 Márta 1989, Echternach agus Moritz (389/87 agus 390/87, EU:C:1989:130), agus an 4 Bealtaine 1995,Gaal (C-7/94, EU:C:1995:118).


41      Breithiúnas an 18 Iúil 2017, Erzberger (C-566/15, EU:C:2017:562, míreanna 33 agus 34 agus an cásdlí dá dtagraítear).