Eagrán sealadach

TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

COLLINS

arna tabhairt an 4 Bealtaine 2023 (1)

Cás C-560/20

CR,

GF,

TY

údarás is freagróir:

Landeshauptmann von Wien

(iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Wien (Cúirt Riaracháin, Vín, an Ostair))

(Tarchur chun réamhrialú – Beartas inimirce – An ceart chun athaontú teaghlaigh – Treoir 2003/86/CE – Athaontú teaghlaigh dídeanaithe – Mionaoiseach neamhthionlactha – Airteagal 10(3)(a) – Tuismitheoirí a dhéanann iarratas ar athaontú teaghlaigh le mionaoiseach neamhthionlactha a bhfuil stádas dídeanaí aige in éineacht le deirfiúr leis an dídeanaí, ar duine fásta í atá faoi mhíchumas – Ball de theaghlach an dídeanaí nach dtagraítear dó in Airteagal 10(2) agus Airteagal 10(3) – Airteagal 3(5) – An fhéidearthacht do na Ballstáit forálacha níos fabhraí a ghlacadh – Airteagal 4(2)(b) – Athaontú teaghlaigh le leanaí fásta neamhphósta an urraitheora nach féidir leo soláthar dá riachtanais féin mar gheall ar a staid sláinte – Airteagal 17 – Scrúdú ar iarratais ar athaontú ar bhonn cás-ar-chás – Measúnú cothrom agus réasúnta ar na leasanna ábhartha go léir – Airteagal 7 agus Airteagal 24(2) agus (3) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh)






I.      Réamhrá

1.        Baineann an iarraidh ar réamhrialú seo ó Verwaltungsgericht Wien (Cúirt Riaracháin, Vín, an Ostair) le hincháilitheacht tuismitheoirí dídeanaí mionaoisigh neamhthionlactha (2) agus a dheirfiúr fhásta atá faoi mhíchumas d’athaontú teaghlaigh. Chuige sin, is mian leis an gcúirt a rinne an tarchur a fháil amach cén dáta ba chóir a ghlacadh chun stádas an dídeanaí mar mhionaoiseach a mheas. Fiafraíonn sí freisin, ó thaobh dhlí an Aontais de, an gcaithfear cead cónaithe a dheonú do dheirfiúr fhásta faoi mhíchumas le dídeanaí mionaoiseach neamhthionlactha, i gcás ina mbeadh sé d’éifeacht ar dhiúltú é sin a dhéanamh go gcuirfí bac ar na tuismitheoirí a gceart chun athaontú teaghlaigh a fheidhmiú.

II.    An dlí lena mbaineann

A.      Dlí an Aontais Eorpaigh

2.        In Airteagal 2(c) de Threoir 2003/86, sainmhínítear an téarma “urraitheoir” mar “náisiúnach tríú tír a bhfuil cónaí air go dleathach i mBallstát agus a dhéanann iarratas ar athaontú teaghlaigh, nó a ndéanann baill dá theaghlach iarratas chun go n-athaontófar iad leis.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

3.        In Airteagal 2(f) de Threoir 2003/86, sainmhínítear an téarma “mionaoiseach neamhthionlactha” mar “náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát faoi bhun 18 mbliana d’aois, a shroicheann críoch na mBallstát gan tionlacan duine fásta atá freagrach de réir an dlí nó an ghnáis, fad nach nglactar iad faoi chúram duine dá leithéid, nó mionaoisigh a fhágtar gan tionlacan tar éis dóibh dul isteach i gcríoch na mBallstát.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4.        Le hAirteagal 3(5) den Treoir sin, ní dhéanfaidh Treoir 2003/86 difear don fhéidearthacht do na Ballstáit forálacha níos fabhraí a ghlacadh nó a choimeád i bhfeidhm.

5.        Faoi Airteagal 4(2)(b) de Threoir 2003/86, féadfaidh Ballstáit, de bhun na Treorach sin agus faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos i gCaibidil IV di, iontráil agus cónaí leanaí fásta neamhphósta an urraitheora nó a chéile a údarú, i gcás nach féidir leo, go hoibiachtúil, soláthar dá riachtanais féin mar gheall ar a staid sláinte.

6.        Foráiltear le hAirteagal 10 de Threoir 2003/86:

“…

2.      Féadfaidh na Ballstáit athaontú teaghlaigh ball eile den teaghlach nach dtagraítear dóibh in Airteagal 4 a údarú, má tá siad i gcleithiúnas an dídeanaí.

3.      Más mionaoiseach neamhthionlactha é an dídeanaí:

(a)      déanfaidh na Ballstáit iontráil agus cónaí a údarú chun críoch athaontaithe teaghlaigh a ghaolta den chéad chéim sa líne shinsearach dhíreach gan na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4(2)(a) a chur i bhfeidhm;

…”
[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7.        Faoi Airteagal 12 de Threoir 2003/86:

“1.      De mhaolú ar Airteagal 7, ní cheanglóidh na Ballstáit ar an dídeanaí agus/nó ba(i)ll den teaghlach, maidir leis na hiarratais a bhaineann leis na baill teaghlaigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1), an fhianaise a sholáthar go gcomhlíonann an dídeanaí na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar an dídeanaí na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a chomhlíonadh, mura gcuirtear isteach an t-iarratas ar athaontú teaghlaigh laistigh de thréimhse trí mhí tar éis an stádas mar dhídeanaí a dheonú.

…”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

B.      Dlí na hOstaire

8.        Is iad Míreanna 11 agus 46 den Bundesgesetz über die Niederlassung und den Aufenthalt in Österreich (Niederlassungs-und Aufenthaltsgesetz – NAG) (Dlí Feidearálach maidir le bunaíocht agus cónaí san Ostair, “NAG”) an 16 Lúnasa 2005 (3) agus Míreanna 34 agus 35 den Bundesgesetz über die Gewährung von Asyl (Asylgesetz 2005) (Dlí Feidearálach maidir le bronnadh tearmainn (Dlí maidir le tearmann 2005): “AsylG 2005”) an 16 Lúnasa 2005 na forálacha ábhartha den dlí náisiúnta. (4)

III. Fíorais na bpríomhimeachtaí agus na ceisteanna arna dtarchur le haghaidh réamhrialú

9.        Is náisiúnach de chuid na Siria é RI, a rugadh an 1 Meán Fómhair 1999. Tháinig sé chun na hOstaire mar mhionaoiseach neamhthionlactha an 31 Nollaig 2015 agus rinne sé iarratas ar chosaint idirnáisiúnta an 8 Eanáir 2016. Bhronn an Bundesamt für Fremdenwesen und Asyl (Oifig Fheidearálach um Inimirce agus Tearmann, an Ostair) stádas dídeanaí ar RI nuair a bhí sé ina mhionaoiseach agus thug sé fógra faoin gcinneadh sin dó an 5 Eanáir 2017. An 6 Aibreán 2017, lá agus trí mhí ina dhiaidh sin, rinne CR agus GF, tuismitheoirí RI, agus a dheirfiúr fhásta, TY, (5) iarratas (6) le hAmbasáid na hOstaire sa tSiria ar chead iontrála agus cónaithe le RI san Ostair chun críoch athaontaithe teaghlaigh. Ba mhionaoiseach é RI tráth a taisceadh na hiarratais sin. Dhiúltaigh Ambasáid na hOstaire dóibh (7) ar an bhforas go raibh RI tagtha le bheith ina dhuine fásta le linn an nós imeachta um athaontú teaghlaigh. Ní raibh aon achomharc i gcoinne an chinnidh sin agus tháinig sé chun bheith críochnaitheach an 26 Meitheamh 2018.

10.      An 11 Iúil 2018, rinne CR, GF agus TY iarratas leis an Landeshauptmann von Wien (Ceann Rialtais Chúige Vín) le haghaidh ceadanna cónaithe chun críoch athaontaithe teaghlaigh faoi Mhír 46(1)(2) de NAG. Bhraith CR agus GF ar a gcearta faoi Threoir 2003/86. Bhunaigh TY a hiarratas ar Airteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (“ECHR”). An 20 Aibreán 2020, dhiúltaigh Landeshauptmann von Wien (Ceann Rialtais Chúige Vín) do na hiarratais sin de bharr nár taisceadh iad laistigh de thrí mhí ón dáta a aithníodh stádas dídeanaí RI.

11.      Rinne CR, GF agus TY (“na hiarratasóirí”) agóid i gcoinne na gcinntí sin os comhair Verwaltungsgericht Wien (Cúirt Riaracháin, Vín). Fiafraíonn an chúirt sin, inter alia, an bhfuil ceart chun athaontú teaghlaigh ag na hiarratasóirí de bhun Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 i bhfianaise gur tháinig RI chun bheith ina dhuine fásta le linn an nós imeachta um athaontú teaghlaigh. Mura bhfuil, is mian léi a fháil amach cén dáta ar chóir an t-iarratas ar athaontú teaghlaigh a thaisceadh ionas go mbeadh an ceart sin ann.

12.      I ndiaidh éisteachta, chinn Verwaltungsgericht Wien (Cúirt Riaracháin, Vín) nach bhfuil na hiarratasóirí i dteideal cóiríochta a mheastar a bheith “gnách”, (8) nach bhfuil “árachas breoiteachta” acu (9) agus nach bhfuil aon ioncam cobhsaí agus rialta (10) acu. Dá réir sin, ní shásaíonn siad ceanglais Airteagal 7 de Threoir 2003/86. Thug an chúirt a rinne an tarchur dá haire freisin go bhfuil pairilis cheirbreach ar TY, a bhfuil cónaí uirthi lena tuismitheoirí sa tSiria, agus dá bhrí sin, tá sí ag brath ar chathaoir rotha agus teastaíonn cúram pearsanta laethúil uaithi, lena n-áirítear cuidiú chun ithe. Is í a máthair, CR, a chuireann an cúram sin ar fáil. Ní féidir le tuismitheoirí TY í a fhágáil ina haonar toisc nach bhfuil an cúram a thugann a máthair di ar fáil ar aon bhealach eile sa tSiria agus nach bhfuil cónaí ar aon bhaill teaghlaigh eile sa tír sin.

13.      Chinn Verwaltungsgericht Wien (Cúirt Riaracháin, Vín), toisc nach gcuireann Poblacht na hOstaire an rogha in Airteagal 10(2) de Threoir 2003/86 i bhfeidhm, nach bhfuil TY ina ball teaghlaigh chun críoch athaontaithe teaghlaigh faoi dhlí na hOstaire. Dá bhrí sin, measann an chúirt a rinne an tarchur go gcuirfí iallach ar thuismitheoirí RI a gceart chun athaontú teaghlaigh faoi Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 a tharscaoileadh mura ndeonófaí cead cónaithe do TY, deirfiúr RI, ag an am céanna leo. Fiafraíonn sí an bhféadfaidh an léiriú ar Airteagal 20 CFAE sna breithiúnais in Ruiz Zambrano  (11) agus in  Dereci agus páirtithe eile  (12) a bheith infheidhme de réir analaí maidir le feidhmiú an chirt chun athaontú teaghlaigh de bhun Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 sa chaoi go leathnófaí leis raon feidhme na Treorach sin chuig catagóirí daoine seachas iad siúd dá bhforáiltear go sainráite ann. Luann an chúirt náisiúnta, faoi dhlí na hOstaire, go bhféadfadh TY a bheith incháilithe do chead cónaithe ar chúiseanna áititheacha a bhaineann lena saol príobháideach agus teaghlaigh de bhun Airteagal 8 de ECHR. Mar sin féin, measann an chúirt sin go bhféadfadh cosaint níos fearr a bheith ag gabháil le ceart chun cead cónaithe faoi dhlí an Aontais Eorpaigh ná mar a d’fhéadfadh a bheith ar fáil trí Airteagal 8 de ECHR a bheith á chur i bhfeidhm ag údaráis na hOstaire.

14.      Sna himthosca sin, chinn Verwaltungsgericht Wien (Cúirt Riaracháin, Vín) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“(1) An féidir le tuismitheoirí dídeanaí, ar náisiúnaigh tríú tír iad, sa chás go ndearna an dídeanaí iarratas ar thearmann mar mhionaoiseach neamhthionlactha agus ar bronnadh tearmann air mar mhionaoiseach, leanúint de bheith ag brath ar Airteagal 2(f) i gcomhar le hAirteagal 10(3)(a) de [Threoir 2003/86] más rud é gur shlánaigh an dídeanaí a lán-aois i ndiaidh stádas dídeanaí a bheith bronnta air, ach le linn an nós imeachta chun cead cónaithe a dheonú dá thuismitheoirí?

(2) Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1: I gcás den sórt sin, an gá go gcomhlíonfaidh tuismitheoirí an náisiúnaigh tríú tír an tréimhse chun iarratas ar athaontú teaghlaigh dá dtagraítear i mbreithiúnas an 12 Aibreán 2018, A agus S [(C-550/16, EU:C:2018:248 mír 61)], eadhon ‘i bprionsabal, ... laistigh de thréimhse trí mhí ón dáta a dhearbhaítear go bhfuil stádas dídeanaí ag an “mionaoiseach” lena mbaineann’?

(3) Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1: An gcaithfear cead cónaithe a dheonú do dheirfiúr fhásta, ar náisiúnach tríú tír í, le dídeanaí aitheanta, go díreach ar bhonn dhlí an Aontais más rud é, dá ndiúltófaí cead cónaithe don deirfiúr fhásta leis an dídeanaí, go gcuirfí iallach de facto ar thuismitheoirí an dídeanaí a gceart chun athaontú teaghlaigh faoi Airteagal 10(3)(a) de Threoir [2003/86] a tharscaoileadh toisc go bhfuil riachtanas práinneach ag deirfiúr fhásta an dídeanaí sin go dtabharfaidh a tuismitheoirí cúram leanúnach di mar gheall ar a staid sláinte agus nach féidir léi fanacht sa tír thionscnaimh ina haonar?

(4) Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 2: Cad iad na critéir atá le cur i bhfeidhm agus measúnú á dhéanamh an ndearnadh iarratas ar athaontú teaghlaigh ‘i bprionsabal’ laistigh de thréimhse trí mhí de réir bhrí na ráiteas a rinneadh i mbreithiúnas … an 12 Aibreán 2018, … A agus S, [(C-550/16, EU:C:2018:248, mír 61)]?

(5) Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 2: An féidir le tuismitheoirí an dídeanaí leanúint de bheith ag brath ar a gceart chun athaontú teaghlaigh faoi Airteagal 10(3)(a) de Threoir [2003/86] má tá lá agus trí mhí tar éis dul thart idir an dáta a dearbhaíodh go raibh stádas dídeanaí ag an mionaoiseach agus an dáta a rinne siad iarratas ar athaontú teaghlaigh?

(6) An féidir le Ballstát a cheangal ar thuismitheoirí an dídeanaí, i bprionsabal, coinníollacha Airteagal 7(1) de Threoir [2003/86] a chomhlíonadh i nós imeachta um athaontú teaghlaigh faoi Airteagal 10(3)(a) de Threoir [2003/86]?

(7) An mbraitheann an ceanglas chun na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Threoir [2003/86] a chomhlíonadh i gcomhthéacs athaontú teaghlaigh faoi Airteagal 10(3)(a) de Threoir [2003/86] ar an gceist ar cuireadh isteach an t-iarratas ar athaontú teaghlaigh laistigh de thréimhse trí mhí tar éis an stádas dídeanaí a bhronnadh de réir bhrí an tríú fomhír d’Airteagal 12(1) de Threoir [2003/86]?”

IV.    Nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

15.      An 9 Iúil 2021, chuir Uachtarán na Cúirte bac ar na himeachtaí sa chás seo ar feitheamh breithiúnas críochnaitheach i gCás C-279/20 agus Cásanna Uamtha C-273/20 agus C-355/20. An 8 Lúnasa 2022, d’fhiafraigh Uachtarán na Cúirte den chúirt a rinne an tarchur ar mhian léi a hiarraidh ar réamhrialú a choimeád ar bun, ina hiomláine nó i bpáirt, i bhfianaise na mbreithiúnas a tugadh sna cásanna sin. (13) An 6 Meán Fómhair 2022, tharraing an chúirt a rinne an tarchur siar an chéad cheist ina hiarraidh ar réamhrialú ach choimeád sí an iarraidh maidir leis an dara ceist go dtí an seachtú ceist ar bun.

16.      Chuir na hiarratasóirí, Rialtais na hÍsiltíre agus na hOstaire agus an Coimisiún Eorpach barúlacha i scríbhinn isteach. Rinne na páirtithe céanna sin pléadálacha ó bhéal agus d’fhreagair siad ceisteanna ón gCúirt ag an éisteacht an 14 Feabhra 2023.

V.      Breithniú

17.      De réir mar a d’iarr an Chúirt, ní dhéanfaidh mé anailís ach ar an tríú ceist sa Tuairim seo. (14)

18.      Fiafraíonn Verwaltungsgericht Wien (Cúirt Riaracháin, Vín), go bunúsach, an bhfuil ceart ag náisiúnach tríú tír, ar deirfiúr fhásta í le dídeanaí mionaoiseach neamhthionlactha, ar duine í atá i gcleithiúnas iomlán ar a tuismitheoirí mar gheall ar a staid sláinte, chun cead cónaithe de bhun dhlí an Aontais i gcás ina mbeadh sé d’éifeacht ag diúltú an cead sin a dheonú go gcuirfí cosc ar a tuismitheoirí a gceart chun athaontú teaghlaigh a fheidhmiú. (15) Measann na hiarratasóirí agus an Coimisiún go dteastaíonn freagra dearfach ar an gceist sin. Molann Rialtais na hÍsiltíre agus na hOstaire freagra diúltach a thabhairt ar an gceist.

19.      Áitíonn na hiarratasóirí, i bhfianaise staid sláinte TY, dá ndiúltófaí athaontú teaghlaigh di, go bhfágfadh sin nach bhféadfadh a tuismitheoirí, CR agus GF, a gceart chun athaontú teaghlaigh lena mac, RI, a fheidhmiú agus go mbainfí gach éifeacht phraiticiúil den cheart sin mar sin. Tá an toradh sin contrártha le cuspóir Threoir 2003/86 chun athaontú teaghlaigh a chur chun cinn agus an ceanglas aird ar leith a thabhairt ar staid na ndídeanaithe. Tá sé contrártha le prionsabal na héifeachtachta freisin, ar dá réir nár chóir d’fhorálacha an dlí náisiúnta a fhágáil go mbeidh feidhmiú na gceart arna ndeonú le dlí an Aontais do-dhéanta nó ródheacair. Measann an Coimisiún freisin gur chóir Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 a léiriú sa chaoi go dtiocfaidh deirfiúr fhásta atá faoi mhíchumas le dídeanaí mionaoiseach neamhthionlactha faoina raon feidhme chun go bhféadfaidh an dídeanaí leas a bhaint as athaontú lena thuismitheoirí.

20.      Measann Rialtas na hÍsiltíre, dá ndéanfaí raon feidhme Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 a leathnú chun deirfiúr fhásta atá faoi mhíchumas le dídeanaí mionaoiseach neamhthionlactha a chuimsiú, go bhfágfaí gan éifeacht na forálacha den Treoir sin lena gceadaítear go sainráite do Bhallstáit na daoine ar féidir leo leas a bhaint as athaontú teaghlaigh a leathnú. Áitíonn Rialtas na hOstaire go mbeadh sé ag teacht salach ar thoil shainráite reachtas an Aontais dá leathnófaí raon feidhme Threoir 2003/86, de bhrí go leagtar síos go huileghabhálach sa bheart sin na catagóirí daoine dá ndeonaítear ceart chun athaontú teaghlaigh léi.

21.      Measann an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil feidhmiú cheart RI chun athaontú teaghlaigh lena thuismitheoirí ag brath ar an gceart cónaithe sin a dheonú do TY ag an am céanna lena tuismitheoirí. (16) Dá bhrí sin, déanfaidh mé scrúdú ar cheart RI chun athaontú teaghlaigh lena thuismitheoirí faoi dhlí an Aontais sula ndéanfaidh mé measúnú an bhfuil ceart ag TY chun cead cónaithe faoin dlí sin.

A.      Ceart dídeanaí mionaoisigh neamhthionlactha chun athaontú teaghlaigh lena thuismitheoirí – Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86

22.      Ar mhaithe le lánpháirtiú náisiúnach tríú tír sna Ballstáit a éascú tríd an saol teaghlaigh a chumasú trí athaontú, leagtar síos le Treoir 2003/86 na coinníollacha maidir leis an gceart chun athaontú teaghlaigh a bheith á fheidhmiú ag náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí orthu go dleathach i gcríoch na mBallstát. (17) Ceanglaítear le hAirteagal 5(5) de Threoir 2003/86 ar Bhallstáit iarratais ar athaontú a scrúdú ar mhaithe le haon leanaí mionaoiseacha lena mbaineann agus d’fhonn saol an teaghlaigh a chur chun cinn. (18) Tá Treoir 2003/86 le léiriú agus le cur i bhfeidhm i bhfianaise, inter alia, Airteagal 7 agus Airteagal 24(2) agus (3) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”). (19) Le hAirteagal 7 den Chairt, aithnítear an ceart chun go ndéanfar an saol príobháideach nó teaghlaigh a urramú. (20) Ní mór an fhoráil sin a léamh i gcomhar leis an oibleagáid chun aird a thabhairt ar leas an linbh, mar a aithnítear in Airteagal 24(2) den Chairt. Ní mór an riachtanas, mar a chuirtear in iúl le hAirteagal 24(3) den Chairt, go mbeidh caidreamh pearsanta ag an leanbh leis an mbeirt tuismitheoirí go tráthrialta, a chur san áireamh. (21)

23.      Sainítear in Airteagal 4 de Threoir 2003/86 na baill de theaghlach náisiúnaigh tríú tír nach mór do Bhallstáit ceart chun athaontú teaghlaigh, de réir bhrí na Treorach sin, a dheonú dóibh, nó ar féidir leo an céanna a dheonú dóibh, de réir mar a bheidh. (22) Rialaítear le hAirteagal 4(1) de Threoir 2003/86 an ceart chun athaontú teaghlaigh atá ag baill de theaghlach núicléach an urraitheora, eadhon a chéile agus a chuid leanaí mionaoiseacha. (23) Foráiltear le hAirteagal 4(2)(a) de Threoir 2003/86 go bhféadfaidh na Ballstáit, i gcúinsí áirithe, athaontú teaghlaigh thuismitheoirí an urraitheora nó a chéile a údarú. Mar sin, is faoi gach Ballstát atá sé an fhéidearthacht go ndéanfar athaontú teaghlaigh le tuismitheoirí, i bprionsabal, a chinneadh, ag tagairt don fhoráil sin. Tá teachtadh an chirt sin faoi réir, go háirithe, an choinníll go bhfuil na tuismitheoirí i gcleithiúnas ar an urraitheoir agus nach bhfuil tacaíocht teaghlaigh cheart acu ina dtír thionscnaimh. (24) Tá feidhmiú an chirt chun athaontú teaghlaigh de bhun Airteagal 4(2)(a) de Threoir 2003/86 “faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos i gCaibidil IV” [Aistriúchán neamhoifigiúil] de Threoir 2003/86.

24.      Le hAirteagal 7(1) de Threoir 2003/86 atá i gCaibidil IV den Treoir sin, ceadaítear do na Ballstáit fianaise a éileamh go bhfuil (a) cóiríocht ag an urraitheoir a mheastar a bheith gnách le haghaidh teaghlach inchomparáide sa Bhallstát lena mbaineann; (b) árachas breoiteachta dó féin agus do bhaill dá theaghlach; agus (c) acmhainní cobhsaí agus rialta, ar leor iad chun é féin agus baill dá theaghlach a chothabháil gan dul i muinín chóras cúnaimh shóisialta an Bhallstáit lena mbaineann. De bhrí go n-úsáidtear an focal “féadfaidh” in Airteagal 7(1) de Threoir 2003/86, is féidir leis na Ballstáit na ceanglais a leagtar síos san fhoráil sin a tharscaoileadh.

25.      I gcásanna áirithe, tá coinníollacha níos fabhraí ag dídeanaithe chun an ceart chun athaontú teaghlaigh a fheidhmiú. (25) Tugtar aghaidh go sonrach le hAirteagal 10(3) de Threoir 2003/86 ar chás na ndídeanaithe mionaoiseacha neamhthionlactha. Tugtar cóir fhabhrach dóibh faoin Treoir sin (26) trí athaontú teaghlaigh, le, inter alia, a dtuismitheoirí (27) nó a gcaomhnóirí dlíthiúla (28), a áirithiú, gan coinníollacha áirithe a mbeadh feidhm acu faoin Treoir sin murach sin a fhorchur. Dá réir sin, ceanglaítear (29) le hAirteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 ar na Ballstáit athaontú teaghlaigh dídeanaí mhionaoisigh neamhthionlactha lena thuismitheoirí a údarú “gan na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4(2)(a) [den Treoir seo] a chur i bhfeidhm” [Aistriúchán neamhoifigiúil].

26.      Ós rud é go dtagraíonn Airteagal 4(2)(a) de Threoir 2003/86 go sainráite do na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil IV, ní féidir leis na Ballstáit a cheangal ar dhídeanaí mionaoiseach neamhthionlactha ná ar a thuismitheoirí ceanglais Airteagal 7(1) de Threoir 2003/86 a chomhlíonadh i nós imeachta um athaontú teaghlaigh atá bunaithe ar Airteagal 10(3)(a) den Treoir sin. (30) Is léir ó Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 gur chuir reachtas an Aontais as an áireamh go sonrach, inter alia, an ceanglas go mbeidh dídeanaí mionaoiseach neamhthionlactha i gcleithiúnas ar a thuismitheoirí (31) agus go gcomhlíonfaidh sé Airteagal 7(1) de Threoir 2003/86. (32) Tá an léamh sin ar Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 ag teacht leis an gcomhthéacs ina bhfuil sé agus le cuspóir Threoir 2003/86 chun cosaint fhabhrach a thabhairt do dhídeanaithe agus staid leochaileach mionaoiseach, go háirithe mionaoisigh neamhthionlactha, a chur san áireamh. Dá gceanglófaí ar thuismitheoirí dídeanaí mionaoisigh neamhthionlactha ceanglais Airteagal 7(1) de Threoir 2003/86 a chomhlíonadh, chuirfí srian le cur i bhfeidhm éifeachtach Airteagal 10(3)(a) agus leis an gcóir fhabhrach do dhídeanaithe mionaoiseacha neamhthionlactha.

B.      Ceart dídeanaí mionaoisigh neamhthionlactha chun athaontú teaghlaigh le baill teaghlaigh eile – Airteagal 10(2) agus (3)(a) de Threoir 2003/86

27.      Chinn an Chúirt nach ball de theaghlach an urraitheora dá dtagraítear le hAirteagal 4 de Threoir 2003/86 í deirfiúr le dídeanaí. (33) Ina theannta sin, níl ceart ag RI chun athaontú teaghlaigh lena deirfiúr de bhun Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86. Tá an fhoráil sin gan athbhrí: tá feidhm aici maidir le dídeanaithe mionaoiseacha neamhthionlactha agus a dtuismitheoirí amháin. (34)

28.      Is cásdlí socair é nach bhféadfaidh na húdaráis náisiúnta, ar bhonn Threoir 2003/86, cead cónaithe a eisiúint do náisiúnach tríú tír nach sásaíonn na ceanglais a leagtar síos sa Treoir sin chuige sin. Chuaigh an Chúirt chomh fada lena chinneadh go gcuireann reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear cead cónaithe a eisiúint ar bhonn Threoir 2003/86 do dhuine nach sásaíonn na ceanglais a leagtar síos inti as d’éifeachtacht na Treorach agus go bhfuil sin ar neamhréir leis na cuspóirí arna saothrú leis an Treoir. (35)

29.      Trí Threoir 2003/86 a achtú, a bhfuil feidhm aici maidir leis na Ballstáit go léir, cé is moite de Ríocht na Danmhairge agus Éire, ní raibh sé de rún ag reachtas an Aontais gach gné a bhaineann le hathaontú teaghlaigh a rialáil go huileghabhálach, (36) seachas sin leag sé síos sraith rialacha íosta ag brath ar na prionsabail maidir le coimhdeacht agus comhréireacht. (37) Dá bhrí sin, foráiltear le Treoir 2003/86 do chomhchuibhiú íosta agus ní chuirtear as an áireamh ceart na mBallstát chun forálacha den dlí náisiúnta maidir le hathaontú teaghlaigh a chur i bhfeidhm i gcásanna nach bhfuil feidhm ag an Treoir sin. (38) Dá bhrí sin, tá na coinníollacha i dTreoir 2003/86 gan dochar, faoi Airteagal 3(5) di, do chearta iontrála agus cónaithe arna ndeonú ag na Ballstáit faoi choinníollacha níos fabhraí ag tagairt dá ndlíthe náisiúnta faoi seach. (39) I gcás ina ndéanann Ballstát foráil do choinníollacha fabhracha den sórt sin, is é an dlí náisiúnta, agus ní Treoir 2003/86 (40), a rialaíonn feidhmiú na gcoinníollacha sin, agus, dá bhrí sin, cuirtear as an áireamh go mbeidh an Chairt le cur i bhfeidhm. (41)

30.      Dheimhnigh Rialtas na hOstaire ag an éisteacht, cé go measann sé nach bhfuil ceart ag TY chun athaontú teaghlaigh le RI de bhun Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86, go ndeonaíonn Poblacht na hOstaire ceart chun athaontú teaghlaigh do dhaoine den sórt sin faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 8 de ECHR. Tá leithdháileadh na n-inniúlachtaí idir an tAontas Eorpach agus na Ballstáit léirithe sna téarmaí soiléire ina ndréachtaítear Treoir 2003/86 agus i léiriú comhsheasmhach na Cúirte ar a forálacha.

31.      Maíonn na hiarratasóirí agus an Coimisiún, mar sin féin, d’fhonn éifeachtacht an chirt atá ag dídeanaí mionaoiseach chun athaontú teaghlaigh lena thuismitheoirí faoi Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 a áirithiú, ní mór an fhoráil sin a léiriú sa chaoi go ndeonaítear an ceart sin dá shiblín atá faoi mhíchumas. Tá an toradh sin le baint amach trí Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 a léiriú i bhfianaise Airteagail 7 agus 24 den Chairt sa chaoi go ndéanfar ceart RI chun athaontú teaghlaigh lena thuismitheoirí, agus, dá réir sin, lena dheirfiúr, a áirithiú. (42)

32.      Agus Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 á chur chun feidhme acu, ní mór do na Ballstáit na cearta bunúsacha dá bhforáiltear sa Chairt a urramú, Airteagail 7 agus 24 den Chairt sin anseo. Ní féidir leis an oibleagáid sin tacú le léiriú ar Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 ná le haon fhoráil eile den Treoir sin atá contrártha do na téarmaí sainráite ina gcuirtear in iúl iad. Cuirtear as an áireamh léiriú contra legum den chineál sin, cibé acu trí thagairt d’fhorálacha na Cairte nó do phrionsabal na héifeachtachta freisin toisc go sárófaí prionsabal na deimhneachta dlíthiúla leis. (43) Ní féidir easpa tagartha d’aon bhaill teaghlaigh eile in Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 a chur síos do dhearmad ar thaobh reachtas an Aontais, ós rud é go bhforáiltear go sonrach do chásanna atá cosúil leo siúd a thagann chun cinn sa chás seo, mar is léir ó Airteagal 4(2)(b) agus Airteagal 10(2) di.

33.      Ceadaítear go sainráite le hAirteagal 10(2) de Threoir 2003/86 do na Ballstáit an ceart chun athaontú teaghlaigh a bhronnadh ar bhaill teaghlaigh dídeanaí nach iad sin dá dtagraítear in Airteagal 4 i gcás ina bhfuil na daoine sin i gcleithiúnas ar an dídeanaí. (44) Le hAirteagal 10(2) de Threoir 2003/86, tugtar an rogha do gach Ballstát a chinneadh an ndéanfar raon feidhme Threoir 2003/86 a leathnú. Tugtar lamháltas suntasach do gach Ballstát chun baill teaghlaigh dídeanaí a roghnú, nach iad na baill teaghlaigh dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2003/86, a bhféadfaidh tairbhe a bhaint as aon leathnú den sórt sin. (45)

34.      Is léir ón gcomhad os comhair na Cúirte gur roghnaigh Poblacht na hOstaire gan leas a bhaint as an rogha in Airteagal 10(2) de Threoir 2003/86. In aon chás, tá TY i gcleithiúnas ar a tuismitheoirí, agus ní ar a deartháir, RI. (46) Chinn an Chúirt, maidir le reachtaíocht náisiúnta nach gcomhlíonann an coinníoll maidir le cleithiúnas a leagtar síos in Airteagal 10(2) de Threoir 2003/86, go bhfuil an reachtaíocht sin contrártha do chuspóirí na Treorach sin, toisc go ligtear léi an stádas a dheonaítear faoin Treoir sin a dheonú do dhaoine nach sásaíonn na coinníollacha chun an stádas sin a fháil. (47)

35.      Chinn an Chúirt freisin nach mbaintear an chumhacht de na Ballstáit cinneadh a dhéanamh Airteagal 10(2) de Threoir 2003/86 a chur chun feidhme agus iarratais ar athaontú teaghlaigh a dhéantar faoi a scrúdú. (48) Is léir ón méid sin nach féidir leis an gCúirt téacs agus raon feidhme Airteagal 10(2) de Threoir 2003/86 a athrú ná a leathnú trí bhrath ar Airteagal 7 nó Airteagal 24 den Chairt. (49)

36.      Dá bhrí sin, cuirim de chomhairle ar an gCúirt, de bhun Airteagal 10(2) agus (3)(a) de Threoir 2003/86, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7 agus 24 den Chairt, nach bhfuil aon cheart ag RI chun athaontú teaghlaigh lena dheirfiúr, TY. Dá ndéanfaí raon feidhme na bhforálacha sin a leathnú go míchuí, bheadh sin contrártha le cásdlí na Cúirte le déanaí, bhainfí an bonn d’éifeachtacht Threoir 2003/86 agus chuirfí as don chothromaíocht reachtach ar tháinig an tAontas Eorpach agus na Ballstáit uirthi go cúramach.

37.      Ní féidir ach an oiread cásdlí na Cúirte maidir le hAirteagal 20 CFAE agus saoránacht an Aontais, a ndearna an chúirt a rinne an tarchur tagairt dó, a chur i bhfeidhm de réir analaí chun bonn cirt a thabhairt do raon feidhme Threoir 2003/86 a leathnú. (50) Ina breithiúnas in Ruiz-Zambrano,(51) chinn an Chúirt, inter alia, go gcuirtear bac le hAirteagal 20 CFAE ar Bhallstát a dhiúltú do náisiúnach tríú tír a bhfuil leanaí mionaoiseacha cleithiúnacha aige, ar saoránaigh an Aontais iad, ceart cónaithe i mBallstát cónaithe agus náisiúntachta na leanaí sin, sa chás go mbainfeadh an cinneadh sin teachtadh éifeachtach shubstaint na gceart a ghabhann le saoránacht an Aontais de na leanaí sin. Agus an méid sin á chinneadh, chuir an Chúirt i dtreis gurb é saoránacht an Aontais “stádas bunúsach náisiúnaigh na mBallstát”. (52) Ní féidir stádas náisiúnach tríú tír, dídeanaithe san áireamh, a chur i gcomparáid le stádas shaoránaigh an Aontais, ach amháin i gcás ina ndeonaítear cearta agus oibleagáidí inchomparáide do náisiúnaigh tríú tír le reachtaíocht an Aontais. (53)

C.      Ceart leanaí fásta neamhphósta chun athaontú teaghlaigh sa chás nach féidir leo soláthar dá riachtanais féin i ngeall ar a staid sláinte – Airteagal 4(2)(b) de Threoir 2003/86

38.      Foráiltear le hAirteagal 4(2)(b) de Threoir 2003/86 go bhféadfaidh Ballstáit iontráil agus cónaí leanaí fásta neamhphósta an urraitheora nó a chéile a údarú, faoi réir an cheanglais nach féidir leis na leanaí atá i gceist, go hoibiachtúil, soláthar dá riachtanais féin mar gheall ar a staid sláinte. Sa chomhthéacs sin, ní mór na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil IV de Threoir 2003/86 a chomhlíonadh.

39.      Gan trácht ar an bhfíoras nach bhfuil sé soiléir ar chinn Poblacht na hOstaire leas a bhaint as an rogha in Airteagal 4(2)(b) de Threoir 2003/86, (54) tagraíonn an fhoráil sin do theaghlach núicléach an urraitheora seachas dá dheirfiúracha ná dá dheartháracha. Dá bhrí sin, ní féidir le TY brath ar théarmaí na forála sin d’fhonn ceart chun athaontú teaghlaigh le RI a dhearbhú. Mar a luaitear i míreanna 36 agus 37 den Tuairim seo, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte, tá sé contrártha do chuspóirí Threoir 2003/86 an chosaint a dheonaítear le hAirteagal 4(2)(b) di a leathnú chuig daoine eile. Ní féidir leis an gCairt feidhmiú sa chaoi go gcuirtear teorainn le rogha na mBallstát éifeacht a thabhairt don fhoráil sin ach an oiread. (55)

40.      Cé nach bhfuil ceart ag RI agus TY, a dheirfiúr, chun athaontú teaghlaigh faoi Airteagal 4(2)(b) de Threoir 2003/86, tá a thuismitheoirí, CR agus GF, i dteideal athaontú teaghlaigh le RI de bhun Airteagal 10(3)(a) di. A luaithe a ghlacfar lena n-iarratas ar athaontú teaghlaigh, tá an ceart ag CR agus GF freisin chun cead cónaithe a fháil i bPoblacht na hOstaire i gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Threoir 2003/86. Sa bhreithiúnas in O agus páirtithe eile, (56) thug an Chúirt dá haire go gcaithfear náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí orthu go dleathach i mBallstát agus ar mian leo leas a bhaint as athaontú teaghlaigh a aithint mar “urraitheoirí” de réir bhrí Airteagal 2(c) de Threoir 2003/86. Tá CR agus GF i dteideal athaontú teaghlaigh le TY faoi Airteagal 4(2)(b) de Threoir 2003/86 ar an gcoinníoll go mbaineann Poblacht na hOstaire leas as an rogha sin. A luaithe a bhaineann Ballstáit leas as an rogha sin, cuireann siad dlí an Aontais chun feidhme. Dá bhrí sin, ní mór do reachtaíocht náisiúnta, chuige sin, na cearta bunúsacha a leagtar síos sa Chairt agus prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh. (57)

41.      Rinne CR, GF agus TY iarratas le chéile ar athaontú teaghlaigh le RI. I bhfianaise chineál a gcaidrimh teaghlaigh agus mhíchumas trom TY, ba chóir a n-iarratais a scrúdú go comhthráthach (58) d’fhonn a gcearta agus oibleagáidí go léir faoi dhlí an Aontais a chinneadh, lena n-áirítear Airteagal 4(2)(b), Airteagal 10(3)(a) agus Airteagal 13 de Threoir 2003/86, arna léamh i bhfianaise Airteagal 7 agus Airteagal 24(2) agus (3) den Chairt. (59)Ina leith sin, is cásdlí socair é go n-éilíonn Airteagal 17 de Threoir 2003/86 scrúdú cás-ar-chás ar iarratais ar athaontú teaghlaigh. Ní mór do na húdaráis inniúla náisiúnta, agus Treoir 2003/86 á cur chun feidhme acu agus iarratais den sórt sin á scrúdú acu, measúnú cothrom agus réasúnta a dhéanamh ar na leasanna uile atá i gceist. (60) Ní mór aird a thabhairt freisin ar leas leanaí mionaoiseacha agus imthosca speisialta dídeanaithe mionaoiseacha neamhthionlactha. (61)

42.      Dá bhrí sin, tá sé contrártha do chuspóirí Threoir 2003/86 agus Airteagal 7 agus Airteagal 24(2) agus (3) den Chairt a cheangal ar iarratasóirí amhail CR agus/nó GF (62) cead cónaithe a bheith acu de bhun Airteagal 13(2) den Treoir sin sula ndéantar scrúdú de bhun Airteagal 4(2)(b) di ar iarratas TY ar athaontú teaghlaigh lena dtuismitheoirí. Thairis sin, bhainfeadh cur chuige píosa ar phíosa den sórt sin an bonn de cheart RI chun athaontú teaghlaigh faoi Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86.

43.      Féadfaidh Poblacht na hOstaire a cheangal go mbeidh athaontú teaghlaigh de bhun Airteagal 4(2)(b) de Threoir 2003/86 faoi réir chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 7(1) di. Tá feidhm ag na ceanglais sin maidir le TY amháin, toisc go bhfuil CR agus GF díolmhaithe uathu de bhun Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86. (63) Chinn an Chúirt, de bhrí gurb é an t-údarú um athaontú teaghlaigh an riail ghinearálta, ní mór an chumhacht dá bhforáiltear le hAirteagal 7(1) de Threoir 2003/86 a léiriú go docht. Níor chóir do na Ballstáit leas a bhaint as a gcorrlach breithmheasa ar bhealach go mbainfear an bonn den chuspóir um athaontú teaghlaigh a chur chun cinn. (64) Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé comhlíonadh cheanglais Airteagal 7(1) de Threoir 2003/86 ag na húdaráis inniúla agus an cásdlí maidir leis sin a fhíorú.

VI.    Conclúid

44.      I bhfianaise na mbreithnithe thuas, molaim don Chúirt an tríú ceist a tharchuir Verwaltungsgericht Wien (Cúirt Riaracháin, Vín, an Ostair) a fhreagairt mar seo a leanas:

Ní mór Airteagal 4(2)(b), Airteagal 10(3)(a), Airteagal 13(2) agus Airteagal 17 de Threoir 2003/86/CE an 22 Meán Fómhair 2003 maidir leis an gceart chun athaontú teaghlaigh agus Airteagal 7 agus Airteagal 24(2) agus (3) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léiriú sa chaoi go bhfuil siblín fásta faoi mhíchumas le dídeanaí mionaoiseach neamhthionlactha, siblín atá, i ngeall ar a staid sláinte, i gcleithiúnas iomlán ar a thuismitheoirí i dteideal athaontú teaghlaigh lena thuismitheoirí agus a shiblín mionaoiseach de bhun dhlí an Aontais, ar an gcoinníoll gur fheidhmigh an Ballstát lena mbaineann an rogha a leagtar síos in Airteagal 4(2)(b) de Threoir 2003/86.


1      Bunteanga: an Béarla.


2      Mar a shainmhínítear in Airteagal 2(b) agus (f) de Threoir 2003/86/CE an 22 Meán Fómhair 2003 ón gComhairle maidir leis an gceart chun athaontú teaghlaigh (IO 2003 L 251, lch. 12).


3      BGBl. I, 100/2005. Tá feidhm ag leagan an 14 Lúnasa 2018 maidir leis na himeachtaí seo: BGB1. I, 56/2018.


4      BGB1. I, 100/2005. Tá feidhm ag leagan an 18 Deireadh Fómhair 2017 maidir leis na himeachtaí seo: BGB1. I, 145/2017.


5      Rugadh í an 15 Lúnasa 1988. Is náisiúnaigh de chuid na Siria iad CR, GF agus TY.


6      De bhun Mhír 35 de AsylG 2005.


7      Tugadh fógra maidir leis an gcinneadh chun na hiarratais sin a dhiúltú an 29 Bealtaine 2018.


8      Féach Airteagal 7(1)(a) de Threoir 2003/86.


9      Féach Airteagal 7(1)(b) de Threoir 2003/86.


10      Féach Airteagal 7(1)(c) de Threoir 2003/86.


11      Breithiúnas an 8 Márta 2011, Ruiz Zambrano (C-34/09, EU:C:2011:124).


12      Breithiúnas an 15 Samhain 2011, Dereci agus páirtithe eile (C-256/11, EU:C:2011:734).


13      Breithiúnais an 1 Lúnasa 2022, Bundesrepublik Deutschland (Aonaontú teaghlaigh linbh a bhfuil lán-aois slánaithe aige) (C-279/20, EU:C:2022:618), agus an 1 Lúnasa 2022, Bundesrepublik Deutschland (Athaontú teaghlaigh le dideanaí mionaoiseach) (C-273/20 agus C-355/20, EU:C:2022:617).


14      De bharr go bhfuil an tríú ceist agus an séú ceist forluiteach ar a chéile go páirteach, tabharfaidh mé aghaidh ar an séú ceist ón gcúirt a rinne an tarchur a mhéid is gá chun cuidiú leis an gCúirt ina pléití.


15      Tá an tríú ceist bunaithe ar an tuiscint go bhféadfaidh na tuismitheoirí ar náisiúnaigh tríú tír iad (CR agus CF) le dídeanaí (RI) a rinne iarratas ar thearmann agus ar deonaíodh sin dó mar mhionaoiseach neamhthionlactha sula raibh sé lánaoiseach brath ar Airteagal 2(f) de Threoir 2003/86, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 10(3)(a) di, fiú dá mbeadh lán-aois slánaithe aige tar éis tearmann a bheith bronnta air ach le linn an nós imeachta um athaontú teaghlaigh.


16      Foráiltear le hAirteagal 13(2) de Theoir 2003/86, a luaithe a ghlacfar le hiarratas ar athaontú teaghlaigh, “deonóidh an Ballstát lena mbaineann cead cónaithe de bhliain amháin ar a laghad do na baill teaghlaigh. Beidh an cead cónaithe sin in-athnuaite” [Aistriúchán neamhoifigiúil]. Foráiltear le hAirteagal 13(1) de Threoir 2003/86, a luaithe a ghlactar le hiarratas ar athaontú teaghlaigh “údaróidh an Ballstát lena mbaineann iontráil an bhaill teaghlaigh nó na mball teaghlaigh” [Aistriúchán neamhoifigiúil].


17      Dá ndéantar tagairt le haithris 4 agus Airteagal 1 de Threoir 2003/86.


18      Breithiúnas an 1 Lúnasa 2022, Bundesrepublik Deutschland (Athaontú teaghlaigh le dídeanaí mionaoiseach) (C-273/20 agus C-355/20, EU:C:2022:617, míreanna 35 agus 39).


19      Féach aithris 2 de Threoir 2003/86.


20      A mhéid a áirítear cearta in Airteagal 7 den Chairt a fhreagraíonn do na cearta a ráthaítear le hAirteagal 8(1) de ECHR, tá an bhrí agus an raon feidhme céanna acu (breithiúnas an 15 Samhain 2011, Dereci agus páirtithe eile C-256/11, EU:C:2011:734, mír 70 agus an cásdlí dá dtagraítear).


21      Breithiúnas an 13 Márta 2019, E. (C-635/17, EU:C:2019:192, míreanna 55 agus 56 agus an cásdlí dá dtagraítear).


22      Breithiúnas an 12 Nollaig 2019, Bevándorlási és Menekültügyi Hivatal (Athaontú Teaghlaigh – Deirfiúr le dídeanaí) (C-519/18, EU:C:2019:1070, mír 35). Níl Airteagal 4 de Threoir 2003/86 uileghabhálach. Féach, mar shampla, Airteagal 10(2) de Threoir 2003/86.


23      Féach aithris 9 de Threoir 2003/86. I mbreithiúnas an 6 Nollaig 2012, O agus páirtithe eile(C-356/11 agus C-357/11, EU:C:2012:776, míreanna 64 agus 65), chinn an Chúirt go bhfuil coincheap leathan ag baint le “teaghlach núicléach” in Airteagal 4(1) de Threoir 2003/86. Is cásdlí socair é go bhforchuirtear le hAirteagal 4(1) de Threoir 2003/86 oibleagáidí dearfacha sonracha ar na Ballstáit, a fhreagraíonn do chearta daoine aonair atá sainithe go sonrach, de bhrí go gceanglaítear leis orthu, i gcásanna a rialaítear leis an Treoir sin, athaontú teaghlaigh ball áirithe de theaghlach an urraitheora a údarú gan aon chorrlach breithmheasa a bheith acu chuige sin (breithiúnas an 20 Samhain 2019, Belgische Staat (Scéim cinntí glactha intuigthe), C-706/18, EU:C:2019:993, mír 29 agus an cásdlí dá dtagraítear).


24      Breithiúnas an 12 Aibreán 2018, A agus S (C-550/16, EU:C:2018:248, mír 34).


25      Féach Caibidil V de Theoir 2003/86 dar teideal “Athaontú teaghlaigh dídeanaithe”. Foráiltear le haithris 8 de Theoir 2003/86 “gur chóir aird ar leith a thabhairt ar chás na ndídeanaithe mar gheall ar na cúiseanna a d’fhág go raibh orthu teitheadh óna dtír agus a gcuireann bac orthu gnáthshaol teaghlaigh a bheith acu sa tír sin. Dá bhrí sin, ba chóir coinníollacha níos fabhraí a leagan síos chun a gceart chun athaontú teaghlaigh a fheidhmiú.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]


26      Breithiúnas an 12 Aibreán 2018, A agus S (C-550/16, EU:C:2018:248, mír 44).


27      Tagraíonn Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 do ghaolta den chéad chéim sa líne shinsearach dhíreach.


28      Féach Airteagal 10(3)(b) de Threoir 2003/86.


29      Úsáidtear an focal “déanfaidh” san fhoráil sin. Dá bhrí sin, níl an ceart atá ag dídeanaithe mionaoiseacha neamhthionlactha chun athaontú teaghlaigh lena dtuismitheoirí de bhun Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 faoi réir corrlach breithmheasa ar thaobh na mBallstát (breithiúnas an 12 Aibreán 2018, A agus S,  C-550/16, EU:C:2018:248, mír 43).


30      Measann Rialtas na hOstaire go bhfuil feidhm ag na coinníollacha in Airteagal 7(1) de Threoir 2003/86 maidir le hathaontú teaghlaigh de bhun Airteagal 10(3)(a) di. Cuireann sé i dtreis go dtagraíonn an chéad fhomhír d’Airteagal 12(1) de Threoir 2003/86 go sonrach do chur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar síos le hAirteagal 7(1) di agus go gcuirtear iad as an áireamh. Dar leis an Rialtas sin, ní thagraítear go sainráite in Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 do chur i bhfeidhm Airteagal 7(1), agus, leis sin, ní chuirtear as an áireamh an cur i bhfeidhm sin.


31      Breithiúnas an 12 Aibreán 2018, A agus S (C-550/16, EU:C:2018:248, mír 34).


32      De réir Airteagal 12(1) de Threoir 2003/86, ní cheanglóidh na Ballstáit ar an dídeanaí agus/nó na baill teaghlaigh dá theaghlach núicléach na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7 di a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, tugtar cosaint níos fairsinge le hAirteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 do dhídeanaithe mionaoiseacha neamhthionlactha ná mar a thugtar leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 12(1) de Threoir 2003/86 a bhfuil a chur i bhfeidhm teoranta do dhídeanaithe agus baill dá dteaghlach núicléach.


33      Breithiúnas an 12 Nollaig 2019, Bevándorlási és Menekültügyi Hivatal (Athaontú Teaghlaigh – Deirfiúr le dídeanaí) (C-519/18, EU:C:2019:1070, mír 69).


34      Tá dlúthbhaint ag an bhforáil sin leis an gcoincheap “teaghlach núicléach”, mar a leagtar amach i dTreoir 2003/86.


35 Breithiúnas an 20 Samhain 2019, Belgische Staat (Scéim cinnidh glactha intuigthe)(C-706/18, EU:C:2019:993, míreanna 35 agus 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).


36      Féach Airteagal 3(5) de Threoir 2003/86.


37      Féach aithris 16 de Threoir 2003/86.


38      Chuige sin, féach Tuairimí an Abhcóide Ghinearálta Pikamäe in Commissaire général aux réfugiés et aux apatrides (Aontacht teaghlaigh – Cosaint a deonaíodh cheana) (C-483/20, EU:C:2021:780, mír 53), agus an Abhcóide Ghinearálta Hogan i dTuairim 1/19 (Coinbhinsiún Istanbul) (EU:C:2021:198, fonóta 81).


39      Breithiúnas an 12 Nollaig 2019, Bevándorlási és Menekültügyi Hivatal (Athaontú Teaghlaigh – Deirfiúr le dídeanaí)(C-519/18, EU:C:2019:1070, mír 43). Féach, de réir analaí, breithiúnas an 13 Márta 2019, E. (C-635/17, EU:C:2019:192, míreanna 32 go 43), lena léirítear Airteagal 3(2)(c) de Threoir 2003/86 sa chaoi go n-eisiatar óna raon feidhme baill teaghlaigh tríú tír le tairbhí cosanta coimhdí. Cé nach dtagann na baill teaghlaigh sin faoi raon feidhme dhlí an Aontais, féadfaidh Ballstát cóir níos fabhraí a dheonú dóibh faoin dlí náisiúnta (breithiúnas an 7 Samhain 2018, K agus B,  C-380/17, EU:C:2018:877, míreanna 34 agus 37).


40      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 19 Samhain 2019, TSN agus AKT (C-609/17 agus C-610/17, EU:C:2019:981, míreanna 34 agus 49). Féach freisin, de réir analaí, breithiúnas an 15 Iúil 2021, The Department for Communities in Northern Ireland (C-709/20, EU:C:2021:602, míreanna 82 agus 83), i dtaca le Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus a mbaill teaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO 2004 L 158, lch. 77).


41      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 10 Meitheamh 2021, Land Oberösterreich (Cúnamh Tithíochta) (C-94/20, EU:C:2021:477, míreanna 60 go 63).


42      Féach freisin aithris 2 de Threoir 2003/86.


43      De réir analaí leis an léiriú contra legem ar an dlí náisiúnta, féach breithiúnas an 19 Aibreán 2016, DI (C-441/14, EU:C:2016:278, mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear). Tá feidhm ag na prionsabail a ndéantar cur síos orthu sa chásdlí maidir le léiriú dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta. Féach freisin, de réir analaí, Lenaerts, K., agus Gutiérrez-Fons, J. To Say What the Law of the EU Is: Methods of Interpretation and the European Court of Justice, EUI AEL 2013/9, lch. 16, ina luann na húdair ‘where a provision of EU law is open to several interpretations, preference must be given to that interpretation which ensures that the provision retains its effectiveness … It goes without saying that that general principle of interpretation must not trespass on the limit of “contra legem”’. ([I] gcás inar féidir foráil de dhlí an Aontais a léiriú ar níos mó ná bealach amháin, ní mór tús áite a thabhairt don léiriú lena gcinntear go mbeidh an fhoráil éifeachtach... Ní gá a rá nár chóir don phrionsabal ginearálta maidir le léiriú an teorainn “contra legem” a shárú.)


44      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 13 Márta 2019, E. (C-635/17, EU:C:2019:192, mír 48).


45      Breithiúnas an 12 Nollaig 2019, Bevándorlási és Menekültügyi Hivatal (Athaontú Teaghlaigh – Deirfiúr le dídeanaí) (C-519/18, EU:C:2019:1070, míreanna 39 agus 40). Sonraítear in aithris 10 de Threoir 2003/86 gur “faoi na Ballstáit atá sé a chinneadh an mian leo athaontú teaghlaigh a údarú le haghaidh gaolta sa líne shinsearach dhíreach, leanaí fásta neamhphósta ...”
[Aistriúchán neamhoifigiúil]


46      Cé gur dhearbhaigh na hiarratasóirí ag an éisteacht go seolann RI thart ar EUR 100 in aghaidh na míosa chuig a theaghlach sa tSiria, níl aon fhianaise ann go bhfuil TY i gcleithiúnas ar RI.


47      Breithiúnas an 12 Nollaig 2019, Bevándorlási és Menekültügyi Hivatal (Athaontú Teaghlaigh – Deirfiúr le dídeanaí) (C-519/18, EU:C:2019:1070, mír 42). Sonraítear in aithris 6 le Rialachán 2003/86 “gur chóir na coinníollacha ábhartha chun feidhmiú an chirt chun athaontú teaghlaigh a chinneadh ar bhonn critéir chomhchoiteanna” [Aistriúchán neamhoifigiúil]. Féach freisin, de réir analaí, breithiúnas an 7 Samhain 2018, K agus B (C-380/17, EU:C:2018:877, míreanna 44, 48 agus 49), inar chinn an Chúirt go mbainfí d’éifeachtacht agus soiléire an tríú fomhír d’Airteagal 12(1) de Threoir 2003/86 mura bhféadfadh Ballstát teorainn ama a fhorchur chun iarratas ar athaontú teaghlaigh a dhéanamh faoin bhforáil sin.


48      Breithiúnas an 12 Nollaig 2019, Bevándorlási és Menekültügyi Hivatal (Athaontú Teaghlaigh – Deirfiúr le dídeanaí) (C-519/18, EU:C:2019:1070, mír 65).


49      Foráiltear le hAirteagal 51(1) den Chairt go ndírítear a forálacha ar na Ballstáit agus dlí an Aontais á chur chun feidhme acu, agus sa chás sin amháin. De réir Airteagal 51(2) di, ní dhéantar raon feidhme dhlí an Aontais Eorpaigh a fhorleathnú thar chumhachtaí an Aontais ná aon chumhacht ná aon chúram nua a bhunú don Aontas Eorpach, ná cumhachtaí agus cúraimí atá sainithe sna Conarthaí a mhodhnú. Féach, chuige sin, breithiúnas 15 Iúil 2021, The Department for Communities in Northern Ireland (C-709/20, EU:C:2021:602, mír 85).


50      Breithiúnais an 8 Márta 2011, Ruiz Zambrano (C-34/09, EU:C:2011:124); an 15 Samhain 2011, Dereci agus páirtithe eile (C-256/11, EU:C:2011:734); agus an 10 Bealtaine 2017, Chavez-Vilchez agus páirtithe eile (C-133/15, EU:C:2017:354). Féach freisin breithiúnas an 15 Iúil 2021, The Department for Communities in Northern Ireland (C-709/20, EU:C:2021:602).


51      Breithiúnas an 8 Márta 2011 (C‑34/09, EU:C:2011:124).


52      Breithiúnas an 8 Márta 2011, Ruiz Zambrano (C-34/09, EU:C:2011:124, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear).


53      Féach, mar shampla, aithris 3 agus Airteagal 13 de Threoir 2003/86. Féach, freisin de réir analaí, Treoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarma iad (IO 2004 L 16, lch. 44). Tá feidhm ag na teorainneacha le raon feidhme Threoir 2003/86 a leathnú, arna ndeimhniú sa chásdlí dá dtagraítear i míreanna 36 agus 37 den Tuairim seo mutatis mutandis maidir le hathaontú teaghlaigh de bhun Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86.


54      Luaigh Rialtas na hÍsiltíre ag an éisteacht, agus ní dhearna Rialtas na hOstaire é sin a bhréagnú, gur fheidhmigh Poblacht na hOstaire an rogha sin faoi Airteagal 4(2)(b) de Threoir 2003/86.


55      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 12 Nollaig 2019, Bevándorlási és Menekültügyi Hivatal (Athaontú Teaghlaigh – Deirfiúr le dídeanaí) (C-519/18, EU:C:2019:1070, míreanna 42 agus 65).


56      Breithiúnas an 6 Nollaig 2012, O agus páirtithe eile (C-356/11 agus C-357/11, EU:C:2012:776, mír 68).


57      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 12 Nollaig 2019, Bevándorlási és Menekültügyi Hivatal (Athaontú Teaghlaigh – Deirfiúr le dídeanaí) (C-519/18, EU:C:2019:1070, míreanna 61 go 67).


58      Dheimhnigh Rialtas na hOstaire ag an éisteacht go raibh na hiarratais go léir atá i gceist á scrúdú go comhthráthach.


59      Féach, de réir analaí, Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (athmhúnlú) (IO 2013 L 180, lch. 31). Foráiltear le hAirteagal 16(1) de Rialachán Uimh. 604/2013, inter alia, i gcás ina bhfuil iarratasóir atá faoi mhíchumas trom ag brath ar chúnamh a thuismitheoir(í) a bhfuil cónaí orthu go dleathach i mBallstát, ba cheart don Bhallstát sin an t‑iarratasóir sin agus an tuismitheoir sin a thabhairt le chéile, nó a athaontú. I gcomhréir le haithris 17 den Rialachán sin, féachann an fhoráil sin lena ligean do na Ballstáit “baill teaghlaigh” a thabhairt le chéile, i gcás inar gá é sin a dhéanamh ar fhorais dhaonchairdiúla. Féach freisin, de réir analaí, breithiúnas an 6 Samhain 2012, K. (C-245/11, EU:C:2012:685, míreanna 26 go 54).


60      Breithiúnas an 21 Aibreán 2016, Khachab (C-558/14, EU:C:2016:285, mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear).


61      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 7 Samhain 2018, K agus B (C-380/17, EU:C:2018:877, míreanna 26 go 36).


62      Tá ceart ag CR agus GF chun athaontú teaghlaigh le RI de bhun Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2003/86 agus, dá bhrí sin, tá siad i dteideal cead cónaithe a fháil faoi Airteagal 13(2) di.


63      Féach mír 26 den Tuairim seo.


64      Breithiúnas an 4 Márta 2010, Chakroun (C-578/08, EU:C:2010:117, mír 43).