31.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 271/10


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 31 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Superior de Justicia de Aragón – an Spáinn) – Asociación Estatal de Entidades de Servicios de Atención a Domicilio (ASADE) v Consejería de Sanidad de la Diputación General de Aragón

(Cás C-676/20, (1) ASADE)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 53(2) agus Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Staid inmheánach amháin - Soláthar poiblí - Treoir 2014/24/AE - Airteagail 74 go 77 - Seirbhísí sóisialta agus sláinte a sholáthar - Comhaontuithe gníomhaíochta conarthaí a úsáid le heagraíochtaí príobháideacha neamhbhrabúis - Seirbhísí sa mhargadh inmheánach - Treoir 2006/123/CE - Raon feidhme - Airteagal 2(2)(f) agus (j))

(2023/C 271/12)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Superior de Justicia de Aragón

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Asociación Estatal de Entidades de Servicios de Atención a Domicilio (ASADE)

Cosantóir: Conejería de Sanidad de la Diputación General de Aragón

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 76 agus Airteagal 77 de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear bac ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforchoimeádtar an ceart d’eagraíochtaí neamhbhrabúis comhaontuithe a thabhairt i gcrích, i gcomhréir le prionsabail na fógraíochta, na hiomaíochta agus na trédhearcachta, faoina soláthraíonn na heagraíochtaí sin seirbhísí sóisialta agus sláinte ar mhaithe le leas an phobail, mar mhalairt ar aisíocaíocht na gcostas a thabhaíonn siad, beag beann ar luach measta na seirbhísí sin, i gcás inarb é cuspóir na gcomhaontuithe sin cuspóirí dlúthpháirtíochta a bhaint amach, gan gá feabhas a chur ar oiriúnacht eacnamaíoch ná ar éifeachtúlacht sholáthar na seirbhísí sin maidir leis an gcóras is infheidhme go ginearálta maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí, ar choinníoll,

ar an gcéad dul síos, go rannchuidíonn an creat dlíthiúil agus conarthach ina ndéantar gníomhaíocht na n-eagraíochtaí sin go héifeachtach le cuspóir sóisialta agus le cuspóirí na dlúthpháirtíochta agus na héifeachtúlachta buiséadaí ar a bhfuil an reachtaíocht sin bunaithe, agus

ar an dara dul síos, go n-urramaítear prionsabal na trédhearcachta, mar a shonraítear go háirithe in Airteagal 75 den Treoir sin.


(1)  IO C 138, 19.4.2021.