8.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 164/20 |
Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 13 Eanáir 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzgericht – an Ostair) – XO v Finanzamt Österreich, ar a dtugtaí Finanzamt Waldviertel roimhe seo
(Cás C-574/20 (1), Finanzamt Österreich)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 53 (2) agus Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Slándáil shóisialta - Sochair teaghlaigh - Innéacsú de réir praghsanna - Freagra ar cheist a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú ar féidir tátal a bhaint as go soiléir as cásdlí na Cúirte Breithiúnais - Easpa ceangail idir an cheist a tarchuireadh agus an díospóid sna príomhimeachtaí - Ceist do-ghlactha go follasach)
(2023/C 164/25)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesfinanzgericht
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: XO
Cosantóir: Finanzamt Österreich, ar a dtugtaí Finanzamt Waldviertel roimhe seo
An chuid oibríochtúil
1) |
Níor léirigh breithniú na chéad cheiste aon fhachtóir de chineál a dhéanfadh difear do bhailíocht Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta, i.e. arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 465/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le hAirteagal 45 CFAE. |
2) |
Is léir go bhfuil an dara ceist a tharchuir an Bundesfinanzgericht (Cúirt Cónaidhme Fhioscach, an Ostair) le haghaidh réamhrialú do-ghlactha go follasach. |