|
23.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 207/7 |
Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 10 Eanáir 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Hamburg – an Ghearmáin) – EL, CP v Ryanair DAC
(Cás C-287/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Aeriompar - Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 - Airteagal 5(3) - Rialacha coiteanna i dtéarmaí cúitimh agus cúnaimh do phaisinéirí i gcás eitilte a chur ar ceal nó i gcás moille fada ar eitilt - Díolúine ón oibleagáid slánaíochta - Coincheap “toisc urghnách” - Stailc foirne cábáin agus píolótaí - Imthosca “inmheánacha” agus “seachtracha” maidir le gníomhaíocht an aeriompróra atá ag feidhmiú - Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Airteagail 12 agus 28 - Airteagail 12 agus 28 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Éagmais cur isteach ar shaoirse tionóil agus comhlachais oibrithe agus ar cheart an aeriompróra dul i mbun caibidlíochta)
(2022/C 207/09)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Amtsgericht Hamburg
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: EL, CP
Cosantóir: Ryanair DAC
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 a léirmhíniú sa chiall nach dtagann gluaiseacht stailce arna dtionscnamh ar ghlao ceardchumann foirne cábáin agus píolótaí aeriompróra atá ag feidhmiú agus a bheartaítear chun éilimh na n-oibrithe sin a chothú faoin gcoincheap “toisc urghnách”, de réir bhrí na forála sin, agus nach bhfuil caibidlíochtaí arna ndéanamh roimhe sin le hionadaithe na n-oibrithe maidir leis sin ábharthach, más ann dóibh.