9.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 7/4


Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 8 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State, Rechtbank Den Haag, zittingsplaats 's-Hertogenbosch – an Ísiltír) – Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid v C, B (C-704/20), X v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (C-39/21)

(Cásanna uamtha C-704/20 agus C-39/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais - Náisiúnaigh tríú tír a choinneáil - Ceart bunúsach chun Saoirse - Airteagal 6 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Coinníollacha dlíthiúlachta na coinneála - Treoir 2008/115/CE - Airteagal 15 - Treoir 2013/33/AE - Airteagal 9 - Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 - Airteagal 28 - Athbhreithniú ar dhlíthiúlacht cur nó coimeád faoi choinneáil - Athbhreithniú ex officio - Ceart bunúsach chun leighis bhreithiúnaigh éifeachtaigh - Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha)

(2023/C 7/05)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Raad van State, Rechtbank Den Haag, zittingsplaats 's-Hertogenbosch

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (C-704/20), X (C-39/21)

Cosantóirí: C, B (C-704/20), Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (C-39/21)

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 15(2) agus (3) de Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais, Airteagal 9(3) agus (5) de Threoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos caighdeáin maidir le glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, agus Airteagal 28(4) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

mar chuid den athbhreithniú a dhéanfaidh údarás breithiúnach ar chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le dlíthiúlacht coinneála náisiúnaigh tríú tír a eascraíonn as dlí an Aontais, ní mór don údarás sin aon mhainneachtain i gcomhlíonadh coinníoll dlíthiúlachta nár ardaigh an duine lena mbaineann a ardú ex officio, ar bhonn na faisnéise sa chomhad a cuireadh faoina bhráid, arna forlíonadh nó arna soiléiriú le linn na n-imeachtaí sáraíochta os a chomhair.


(1)  IO C 128, 12.04.2021