22.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 318/4 |
Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 7 Iúil 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Sąd Administracyjny – an Pholainn) – B. v Dyrektor Izby Skarbowej w W.
(Cás C-696/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Cánachas - Cáin Bhreisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Airteagal 41 - Earraí a fháil laistigh den Chomhphobal - Áit - Sraith na n-idirbheart comhleanúnach - Aicmiú mícheart de chuid de na hidirbhearta - Prionsabail na comhréireachta agus na neodrachta cánach)
(2022/C 318/05)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Naczelny Sąd Administracyjny
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: B.
Cosantóir: Dyrektor Izby Skarbowej w W.
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagal 41 Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Nollaig 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, a léirmhíniú ar chaoi a chiallaíonn nach gcuirtear bac ar reachtaíocht Ballstáit faoina mheastar go bhfuarthas na hearraí laistigh den Chomhphobal i gcríoch an Bhallstáit sin, ós rud é go ndearna na daoine inchánacha rannpháirteacha, ar úsáid siad a n-uimhir aitheantais CBL (Cáin Bhreisluacha) a thug an Ballstát sin dóibh chun na críche seo, an chaoi a fuarthas na hearraí sin, ar céad chéim i sraith na n-idirbheart comhleanúnach é, a aicmiú go mícheart mar idirbheart intíre, agus go raibh an idirbheart ina dhiaidh sin, ar aicmíodh go mícheart é mar idirbheart laistigh den Chomhphobal, faoi réir CBL mar earraí arna fháil laistigh den Chomhphobal ag faighteoir na n-earraí sa Bhallstát ar tháinig na hearraí isteach ann. Ach cuirtear bac leis an bhforáil sin, arna léamh i bhfianaise phrionsabail na comhréireachta agus na neodrachta cánach, ar reachtaíocht Ballstáit den sórt sin ina n-eascraíonnearraí a mheastar a fuarthas laistigh den Chomhphobal i gcríoch an Bhallstáit sin as foráil earraí laistigh den Chomhphobal nár caitheadh leis mar idirbhearta díolmhaithe sa Bhallstát sin.