20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/13


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 27 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour constitutionnelle – an Bheilg) – Airbnb Ireland UC v Région de Bruxelles-Capitale

(Cás C-674/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Margadh inmheánach - Airteagal 114(2), CFAE - Eisiamh forálacha fioscacha - Treoir 2000/31/CE - Seirbhísí na sochaí faisnéise - Tráchtáil leictreonach - Ardán réadmhaoine a chur ar cíos ar líne - Airteagal 1(5)(a) - Eisiamh i réimse an chánachais - Sainmhíniú - Reachtaíocht réigiúnach a bhaineann le cáin ar lóistín turasóireachta - Foráil lena gceanglaítear ar idirghabhálaithe sonraí áirithe a sholáthar, i scríbhinn, maidir le hoibriú na mbunaíochtaí sin don údarás cánach d’fhonn daoine atá faoi dhliteanas i leith na cánach sin a aithint - Airteagal 56 CFAE - Gan idirdhealú - Gan srian)

(2022/C 237/16)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour constitutionnelle

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Airbnb Ireland UC

Cosantóir: Région de Bruxelles-Capitale

An chuid oibríochtúil

1.

Ní mór foráil de chuid reachtaíocht cánach Bhallstát a éilíonn ar idirghabhálaithe, i ndáil le lóistín turasóireachta atá lonnaithe i réigiúin den Bhallstát sin agus a fheidhmíonn mar idirghabhálaithe nó atá bainteach le straitéis chur chun cinn, sonraí an oibreora agus sonraí an lóistín turasóireachta, chomh maith leis an méid oíche caite agus na haonaid lóistín a úsáideach le linn na bliana atá caite, a chur ar aghaidh chuig na húdaráis chánach réigiúnach ar iarratas i scríbhinn ó na húdaráis sin, a mheas mar fhoráil atá doscartha, i dtaca lena nádúr, ón reachtaíocht ar chuid di í agus, dá réir, a thagann faoin sainmhíniú “réimse an chánachais” a n-eisítear go sainráite ó raon feidhme Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (“An Treoir maidir le tráchtáil leictreonach”).

2.

Ní sháraíonn reachtaíocht lena gcuirtear oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála réadmhaoine, gan beann ar áit bhunaíochta agus ar an mbealach a dhéanann siad idirghabháil, i ndáil le lóistín turasóireachta atá lonnaithe i réigiúin an Ballstát lena mbaineann agus a fheidhmítear mar idirghabhálaithe nó atá bainteach le straitéis chur chun cinn, sonraí an oibreora agus sonraí an lóistín turasóireachta, chomh maith leis an méid oíche caite agus na haonaid lóistín a úsáideach le linn na bliana atá caite a chur ar aghaidh chuig na húdaráis chánach réigiúnacha, ar iarratas i scríbhinn ó na húdaráis sin, an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 56 CFAE.


(1)  IO C 128, 12.04.2021