4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/8


Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 12 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Poznaniu – an Pholainn) – W. J. v L. J. agus J. J., arna n-ionadú go dlíthiúil ag A. P.,

(Cás C-644/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta - Dlínse, dlí is infheidhme, aithint agus cur chun feidhme cinntí maidir le hoibleagáidí cothabhála - Cinneadh an dlí is infheidhme - Prótacal na Háige ar an Dlí is Infheidhme maidir le hOibleagáidí Cothabhála - Airteagal 3 - Gnáthchónaí an chreidiúnaí - Am chun gnáthchónaí a chinneadh - Coimeád linbh éagóraigh)

(2022/C 257/11)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Okręgowy w Poznaniu

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: W. J.

Cosantóirí: L. J. agus J. J., arna n-ionadú go dlíthiúil ag A. P.,

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 3 de Phrótacal na Háige an 23 Samhain 2007 ar an Dlí is Infheidhme maidir le hOibleagáidí Cothabhála, arna fhormheas thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh le Cinneadh 2009/941/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2009 a léirmhíniú sa chaoi, d’fhonn an dlí is infheidhme a chinneadh maidir le héileamh ar chothabháil le haghaidh leanbh mionaoiseach ar aistrigh duine dá thuismitheoirí é chuig críoch Bhallstáit, nach leor chun go gcuirfear bac ar an leanbh gnáthchónaí a fháil ar chríoch an Bhallstáit sin, gur ordaigh cúirt den Bhallstát sin, i gcomhthéacs imeachtaí ar leithligh, an leanbh sin a chur ar ais go dtí an Ballstát ina raibh gnáthchónaí air lena thuismitheoirí díreach i ndiaidh a aistrithe.


(1)  IO C 53, 15.02.2021