23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/4


Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Överklagandenämnden för studiestöd – an tSualainn) – MCM v Centrala studiestödsnämnden

(Cás C-638/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Saorghluaiseacht daoine - Airteagal 45 CFAE - Cóir chomhionann - Buntáistí sóisialta - Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 - Airteagal 7(2) - Cúnamh airgeadais do staidéir ardoideachais i mBallstát eile - Ceanglas cónaithe - Ceanglas malartach an chomhtháthaithe shóisialta do mhic léinn neamhchónaitheacha - Staid mic léinn atá ina náisiúnach de chuid an Stáit a dheonaíonn an cabhair, a bhfuil cónaí air nó uirthi ó rugadh é nó í sa Stát staidéir)

(2023/C 24/04)

Teanga an cháis: an tSualainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Överklagandenämnden för studiestöd

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: MCM

Cosantóir: Centrala studiestödsnämnden

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 45 CFAE agus Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leis na forálacha sin ar reachtaíocht Ballstáit lena gcuirtear deonú an chúnaimh airgeadais chun staidéir a shaothrú sa Bhallstát óstach, do leanbh duine a d'fhág an Ballstát óstach inar oibrigh an duine sin d'fhonn filleadh ar chónaí sa chéad Bhallstát ar náisiúnach é nó í, faoi réir an cheanglais go bhfuil ceangal ag an leanbh leis an mBallstát tionscnaimh, i gcás ina bhfuil, ar an gcéad dul síos, an leanbh ina chónaí nó ina cónaí ó rugadh é nó í sa Bhallstát óstach agus, ar an dara dul síos, go gcuireann an Ballstát tionscnaimh náisiúnaigh eile nach gcomhlíonann an ceanglas cónaithe agus a dhéanann iarratas ar chúnamh airgeadais den sórt sin chun staidéar a dhéanamh i mBallstát eile faoi réir an cheanglais go mbeadh nasc ann.


(1)  IO C 53, 15.2.2021.