14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/3


Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 29 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof – an Ghearmáin) – Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände – Verbraucherzentrale Bundesverband e.V. v TC Medical Air Ambulance Agency GmbH

(Cás C-633/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Ceart bunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar - Margadh aonair árachais - Treoir 2002/92/CE - Coincheap “idirghabhálaí árachais” - Gníomhaíocht “idirghabháil árachais” - Treoir (AE) 2016/97 - Gníomhaíocht “dáileadh árachais” - Raon feidhme na dTreoracha sin - Ballraíocht de ghrúpárachas - Cearta a shannadh faoin gconradh árachais - Sochair árachais i gcás tinnis nó timpiste thar lear - Íocaíocht déanta ag an mball ar an gcumhdach árachais a fhaightear - Cosaint do thomhaltóirí - Cóir chomhionann idir idirghabhálaithe árachais)

(2022/C 432/03)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände – Verbraucherzentrale Bundesverband e.V.

Cosantóir: TC Medical Air Ambulance Agency GmbH

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 2(3) agus (5) de Threoir 2002/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Nollaig 2002 maidir le hidirghabháil árachais, arna leasú le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014, chomh maith le hAirteagal 2(1)(1), (3), agus (8) di, de Threoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 20 Eanáir 2016, maidir le dáileadh árachais, arna leasú le Treoir (AE) 2018/411 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 14 Márta 2018,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cumhdaítear leis an gcoincheap “idirghabhálaí árachais”, agus leis an gcoincheap “dáileoir táirgí árachais”, mar sin, de réir bhrí na bhforálacha sin, duine dlítheanach arb é atá i gceist lena chuid gníomhaíochtaí ná tairiscint a dhéanamh dá chustaiméirí chun ballraíocht a ghlacadh, ar bhonn saorálach, i gcomaoin táille a fhaigheann sé uathu, i bpolasaí grúpárachais atá glactha aige roimh ré, ar ballraíocht í lena dtugtar an ceart dóibh chun sochair árachais, go háirithe i gcás tinnis nó timpiste thar lear.


(1)  IO C 62 an 22.02.2021