|
24.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 408/11 |
Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 7 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Rechtbank Den Haag, zittingsplaats Amstardam – an Ísiltír) – E.K. v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid
(Cás C-624/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 2003/109/CE - Stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad - Raon feidhme - Náisiúnach ó thríú tír ag a bhfuil ceart cónaithe faoi Airteagal 20 CFAE aige - Airteagal 3(2)(e) - Cónaí ar chúiseanna sealadacha amháin - Coincheap uathrialach de chuid dhlí an Aontais)
(2022/C 408/12)
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Rechtbank Den Haag, zittingsplaats Amstardam
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: E.K.
Cosantóir: Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Ní mór Airteagal 3(2)(e) de Threoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad a léirmhíniú sa chaoi gur coincheap uathrialach de dhlí an Aontais é coincheap an chónaithe “ar chúiseanna sealadacha amháin”, dá dtagraítear ann, nach mór a léirmhíniú go haonfhoirmeach ar chríoch na mBallstát go léir. |
|
2. |
Ní mór Airteagal 3(2)(e) de Threoir 2003/109 a léirmhíniú sa chaoi nach gcumhdaíonn coincheap an chónaithe “ar chúiseanna sealadacha amháin”, dá dtagraítear ann, cónaí náisiúnaigh tríú tír faoi Airteagal 20 CFAE ar chríoch an Bhallstáit ar náisiúnach de an saoránach den Aontas lena mbaineann. |