7.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 424/7 |
Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 22 Meán Fómhair 2022 – International Management Group (IMG) v an Coimisiún Eorpach
(Cásanna Uamtha C-619/20 P agus C-620/20 P) (1)
(Achomharc - Comhar um fhorbairt - Cur chun feidhme bhuiséad an Aontais Eorpagh faoi bhainistiú indíreach eagraíochta idirnáisiúnta - Cinneadh gan aon chúraimí nua cur chun feidhme an bhuiséid a chur ar iontaoibh eintiteas mar gheall ar amhras maidir lena stádas mar eagraíocht idirnáisiúnta - Caingean le haghaidh neamhniú - Forghníomhú breithiúnais neamhnithe - Res judicata - Oibleagáidí agus cumhachtaí údar an ghnímh a cuireadh ar neamhní - Gníomh ullmhúcháin - Inghlacthacht - Éileamh ar chúiteamh - Riail atá beartaithe chun cearta a thabhairt do dhaoine aonair - Rialacháin Airgeadais AE - Oibleagáid dícheall chuí - Sárú tromchúiseach leordhóthanach ar an oibleagáid sin - Scrúdú sonrach ar bhonn cás ar chás - Damáiste neamhábhartha - Cúiteamh iomchuí agus leordhóthanach tríd an ngníomh neamhdhleathach a chur ar neamhní - Damáiste do mhaoin - Díospóid nach bhfuil réidh le breith a thabhairt uirthi - An cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta)
(2022/C 424/07)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Achomharcóir: International Management Group (IMG) (ionadaithe: J.-Y. de Cara agus L. Levi, Dlíodóirí)
Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Baquero Cruz agus J. Norris, Gníomhairí)
An chuid oibríochtúil
1) |
Déantar Cásanna C-619/20 P agus C-620/20 P a uamadh chun críocha an bhreithiúnais. |
2) |
Diúltaítear don achomharc i gCás C-619/20 P. |
3) |
Cuirtear breithiúnas ó Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 9 Meán Fómhair 2020, IMG v an Coimisiún (T-381/15 RENV, EU:T:2020:406) ar neamhní, a mhéid a diúltaíodh, mar éileamh gan bhunús, don éileamh ar dhamáistí a rinne International Management Group (IMG) maidir leis an díobháil a rinneadh dó de bharr chinneadh an Choimisiúin Eorpaigh gan comhaontuithe nua tarmligin le haghaidh bainistiú indíreach a dhéanamh leis a thuilleadh, i litir ón institiúid sin an 8 Bealtaine 2015. |
4) |
Diúltaítear don chuid eile den achomharc i gCás C-620/20 P. |
5) |
Diúltaítear don achomharc i gCás T-381/15 RENV a mhéid a bhaineann sé leis an éileamh ar chúiteamh i leith an damáiste neamhábhartha a rinneadh de bharr an chinneadh dá dtagraítear i bpointe 3 den chuid oibríochtúil seo don International Management Group (IMG). |
6) |
Cás T-381/15 RENV a tharchur ar ais chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh chun breith a thabhairt ar an éileamh dá dtagraítear i bpointe 3 den chuid oibríochtúil seo, a mhéid a bhaineann sé leis an damáiste do mhaoin ar a mbraitheann an International Management Group (IMG). |
7) |
Ordaítear do International Management Group (IMG) na costais i gCás C-619/20 P a íoc. |
8) |
Forchoimeádtar na costais i gCásanna C-620/20 P agus T-381/15 RENV. |