11.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 321/3


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) an 13 Iúil 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Warszawie — an Pholainn) – Imeachtaí coiriúla i gcoinne YP agus páirtithe eile (C-615/20), M.M. (C-671/20)

(Cásanna uamtha C-615/20 agus C-671/20 (1), YP agus páirtithe eile (Tarscaoileadh díolúine agus breitheamh a chur ar fionraí))

(Tarchur chun réamhrialú - An dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE - An smacht reachta Cosaint dhlíthiúil éifeachtach sna réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais - Neamhspleáchas na mbreithiúna - Tosaíocht dhlí AE - Airteagal 4(3) CAE - Oibleagáid an chomhair dhílis - Tarscaoileadh díolúine coiriúla breithimh agus a chuid fheidhmeanna a chur ar fionraí arna ordú ag an Izba Dyscyplinarna (an Dlísheomra Araíonachta) den Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach, an Pholainn) - Easpa neamhspleáchais agus neamhchlaontachta an dlísheomra sin - Athrú ar chomhdhéanamh an phainéil breithiúna a iarrtar air cás a sannadh don bhreitheamh sin ar dtús a éisteacht - Cosc ar na cúirteanna náisiúnta cur i gcoinne dlisteanacht cúirte, feidhmiú na cúirte sin a chur i mbaol nó dlíthiúlacht nó éifeachtacht ainmniúchán na mbreithiúna nó dá gcuid cumhachtaí breithiúnacha a mheas ar phian smachtbhannaí aranaíochta - Oibleagáid ar na cúirteanna lena mbaineann agus ar na húdaráis inniúla chun chomhdhéanamh na bhfoirmíochtaí breithiúnacha a chinneadh agus a athrú chun bearta lena dtarscaoiltear díolúine coiriúla breithimh agus lena gcuirtear ar fionraí é a dhífheidhmiú - Oibleagáid ar na cúirteanna agus ar na húdaráis sin forálacha náisiúnta lena bhforáiltear do na coscanna sin a dhífheidhmiú)

(2023/C 321/03)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Okręgowy w Warszawie

Páirtithe sna príomhimeachtaí coiriúla

YP agus páirtithe eile (C-615/20), M.M. (C-671/20)

Idiragraithe: Prokuratura Okręgowa w Warszawie, Komisja Nadzoru Finansowego agus páirtithe eile (C-615/20)

An chuid oibríochtúil

1.

Ní mór an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE a léiriú mar chosc ar fhorálacha náisiúnta lena dtugtar cumhacht do chomhlacht nach ráthaítear a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht imeachtaí coiriúla i gcoinne breithiúna na ngnáthchúirteanna a údarú agus, i gcás ina ndeonaítear an t-údarú sin, dualgais na mbreithiúna lena mbaineann a fhionraí agus a luach saothair a laghdú le linn na fionraí sin.

2.

Ní mór an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais Eorpaigh agus prionsabal an chomhair dhílis a chumhdaítear in Airteagal 4(3) CAE a léiriú mar a leanas:

ar an gcéad dul síos, amhail go bhfuil sé de cheart ag painéal breithiúna de chúirt náisiúnta a éisteann cás agus atá comhdhéanta de bhreitheamh aonair ar ghlac cúirt nach ráthaítear a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht rún ina coinne lena n-údaraítear imeachtaí coiriúla a thionscnamh agus lena n-ordaítear dualgais an bhreithimh sin a chur ar fionraí agus a luach saothair a laghdú, deireadh a chur le rún den sórt sin atá mar bhac ar fheidhmiú a dhlínse sa chás sin agus,

ar an dara dul síos, maidir leis na comhlachtaí breithiúnacha atá freagrach as comhdhéanamh phainéil na cúirte náisiúnta sin a chinneadh agus a mhodhnú, amhail nach mór dóibh deireadh a chur leis an rún sin freisin, atá mar chosc ar an bpainéal breithiúna sin an dlínse sin a fheidhmiú.

3.

Ní mór an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus prionsabail thosaíocht dhlí an Aontais agus an chomhair dhílis a léiriú mar a leanas:

ar an gcéad dul síos, amhail nach mór do phainéal breithiúna de chúirt náisiúnta, a ndearnadh cás a sannadh roimhe sin do phainéal eile den chúirt sin a athshannadh air mar thoradh ar rún arna ghlacadh ag comhlacht nach ráthaítear a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht agus a d’údaraigh imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne an bhreithimh aonair a bhfuil an painéal breithiúna sin comhdhéanta as agus a d’ordaigh dualgais na cúirte sin a chur ar fionraí agus a luach saothair a laghdú, an rún sin a dhíspreagadh agus staonadh ón gcás sin a scrúdú tuilleadh, agus,

ar an dara dul síos, amhail go bhfuil sé de cheangal ar na comhlachtaí breithiúnacha atá freagrach as comhdhéanamh phainéil na cúirte náisiúnta sin a chinneadh agus a mhodhnú, i gcás den sórt sin, an cás sin a athshannadh ar an bpainéal breithiúna atá i gceannas a bhí freagrach as ar dtús.

4.

Ní mór an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus prionsabail thosaíocht dhlí an Aontais agus an chomhair dhílis a léiriú mar chosc ar an méid seo a leanas:

ar an gcéad dul síos, ar fhorálacha náisiúnta lena gcuirtear toirmeasc ar chúirt náisiúnta, ar phian smachtbhannaí araíonachta arna bhforchur ar bhreithiúna dá cuid, scrúdú a dhéanamh ar chineál ceangailteach gnímh arna ghlacadh ag comhlacht nach ráthaítear a neamhspleáchas ná a neamhchlaontacht agus a d’údaraigh imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne breithimh agus a d’ordaigh dualgais an bhreithimh sin a chur ar fionraí agus a luach saothair a laghdú, agus, i gcás inarb iomchuí, an gníomh sin a dhífheidhmiú agus,

ar an dara dul síos, ar chásdlí cúirte bunreachtúla ar dá réir nach féidir gníomhartha lena gceaptar breithiúna as a gcomhdhéantar comhlacht den sórt sin a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach, sa mhéid is go gcoisctear an scrúdú sin leis an gcásdlí sin.


(1)   IO C 44, 8.2.2021

IO C 79, 8.3.2021