12.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 472/6


Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 20 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht – an Ghearmáin) – ROI Land Investments Ltd. v FD

(Cás C-604/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhair breithiúnach in ábhair shibhialta - Rialachán (UE) Uimh. 1215/2012 - Airteagal 6 - Cosantóir nach bhfuil sainchónaí air i mBallstát - Airteagal 17 - Dlínse ar chonarthaí tomhaltais - Coincheap “gníomhaíocht ghairmiúil” - Airteagal 21 - Dlínse ar chonarthaí fostaíochta aonair - Coincheap “fostóir” - Nasc fo-ordúcháin - Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 - Dlí is infheidhme - Airteagal 6 - Conradh fostaíochta aonair - Comhaontú ráthaíochta arna thabhairt i gcrích idir an fostaí agus cuideachta tríú páirtí lena n-áirithítear comhlíonadh oibleagáidí an fhostóra i leith an fhostaí sin)

(2022/C 472/07)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesarbeitsgericht

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: ROI Land Investments Ltd.

Cosantóir: FD

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le hAirteagal 21(1)(b)(i), agus 21(2), de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012, maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

féadfaidh fostaí agra a dhéanamh sna cúirteanna don áit dheireanach ina ndéanann sé a chuid oibre de ghnáth nó óna ndéanann sé a chuid oibre de ghnáth, bíodh sainchónaí air i gcríoch Ballstáit nó ná bíodh, nach bhfuil sé faoi cheangal aige le conradh foirmiúil fostaíochta, ach atá, de bhua comhaontú ráthaíochta a raibh spleáchas ar thabhairt i gcrích an chonartha fostaíochta le tríú páirtí air, faoi dhliteanas díreach ag an oibrí sin as comhlíonadh oibleagáidí an tríú páirtí sin, ar choinníoll go bhfuil gaol fo-ordaithe idir an duine sin agus an fostaí.

2)

Maidir le hAirteagal 6(1) de Rialachán Uimh. 1215/2012,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

leis an bhforchoimeádas a bhaineann le hAirteagal 21(2) den rialachán sin a chur i bhfeidhm, cuirtear cosc ar chúirt Ballstáit brath ar rialacha an Stáit sin maidir le dlínse i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha maidir le hAirteagal 21(2) a chur i bhfeidhm, fiú má tá na rialacha sin níos fabhraí don fhostaí. Mar sin féin, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 21(2) nó aon cheann de na forálacha eile a liostaítear in Airteagal 6(1) den rialachán sin, tá sé de shaoirse ag an gcúirt sin, i gcomhréir leis an bhforáil dheireanach sin, na rialacha sin a chur i bhfeidhm chun dlínse a chinneadh.

3)

Maidir le hAirteagal 17(1) de Rialachán Uimh. 1215/2012 agus Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I),

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cumhdaítear leis an gcoincheap “gníomhaíocht ghairmiúil” ní hamháin gníomhaíocht mar dhuine féinfhostaithe ach gníomhaíocht mar dhuine fostaithe freisin. Thairis sin, ní hionann comhaontú arna thabhairt i gcrích idir an fostaí agus tríú páirtí chuig an bhfostóir a luaitear sa chonradh fostaíochta, comhaontú faoina bhfuil an fostóir sin faoi dhliteanas díreach ag an bhfostaí i leith oibleagáidí an fhostóra sin a eascraíonn as an gconradh fostaíochta, agus conradh a tugadh i gcrích lasmuigh d’aon ghníomhaíocht ghairmiúil nó go neamhspleách ar aon ghníomhaíocht ghairmiúil nó ar aon chríoch ghairmiúil chun na forálacha sin a chur i bhfeidhm.


(1)  IO C 44, 08.02.2021