1.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 294/8


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 9 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas – an Liotuáin) – “Baltic Master” UAB v Muitinės departamentas prie Lietuvos Respublikos finansų ministerijos

(Cás C-599/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Aontas custaim - Cód Custaim an Chomhphobail - Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 - Airteagal 29 - Luach custaim a chinneadh - Luach idirbhirt - Airteagal 29(1)(d) - Coincheap “daoine gaolmhara” - Airteagal 31 - Faisnéis ó bhunachar sonraí náisiúnta a bhreithniú chun luach custaim a chinneadh - Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 - Airteagal 143(1)(b), (e) agus (f) - Cásanna ina measfar daoine a bheith gaolmhar - Airteagal 181a - Amhrais bunaithe ar fhírinne an phraghais dhearbhaithe)

(2022/C 294/10)

Teanga an cháis: an Liotuáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir:“Baltic Master” UAB

Cosantóir: Muitinės departamentas prie Lietuvos Respublikos finansų ministerijos

Idiragraí: Vilniaus teritorinė muitinė

An chuid oibríochtúil

1)

Ní mór Airteagal 29(1)(d) de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 ag bunú Chód Custaim an Chomhphobail, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 82/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 19 Nollaig 1996, agus Airteagal 143(1)(b), (e) agus (f), de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993, lena leagtar síos forálacha áirithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 46/1999 ón gCoimisiún an 8 Eanáir 1999, a léiriú amhail:

nach bhféadfar a mheas go bhfuil an ceannaitheoir agus an díoltóir ina gcomhpháirtithe de réir dlí ná go bhfuil gaol eatarthu mar gheall ar chaidreamh rialaithe de jure, díreach nó indíreach, i gcás nach bhfuil aon doiciméad ann chun caidreamh den sórt sin a bhunú;

go bhféadfar a mheas go bhfuil gaol idir an ceannaitheoir agus an díoltóir mar gheall ar chaidreamh rialaithe de facto, díreach nó indíreach, i gcás ina bhféadfaí a mheas go léiríonn na himthosca a bhaineann le tabhairt i gcrích na n-idirbheart i gceist, arna bhfianú le heilimintí oibiachtúla, ní hamháin go bhfuil dlúthchaidreamh muiníne idir an ceannaitheoir sin agus an díoltóir sin, ach go bhfuil duine acu in ann srian nó treoir a fheidhmiú ar an duine eile nó go bhfuil tríú páirtí in ann srian nó treoir mar sin a fheidhmiú ina leith.

2)

Ní mór Airteagal 31(1) de Rialachán Uimh. 2913/92, arna leasú le Rialachán Uimh. 82/97, a léiriú amhail nach gcuireann sé cosc ar chinneadh luach custaim earraí allmhairithe, i gcás nach bhféadfaí é a chinneadh i gcomhréir le hAirteagail 29 agus 30 den Rialachán sin, ar bhonn faisnéis atá i mbunachar sonraí náisiúnta a bhaineann le luach custaim earraí a bhfuil an tionscnamh céanna acu agus atá, cé nach bhfuil siad “cosúil”, de réir bhrí Airteagal 142(1)(d) de Rialachán Uimh. 2454/93, arna leasú le Rialachán Uimh. 46/1999, sannta don chód TARIC céanna.


(1)  IO C 35, 01.02.2021