4.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 148/6


Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 10 Feabhra 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerischtschof – An Ostair) – UE v ShareWood Switzerland AG, VF

(Cás C-595/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhar sibhialta - Dlí is infheidhme in oibleagáidí conarthacha - Rialachán (EC) Uimh. 593/2008 (An Róimh I) - Conarthaí tomhaltais - Rogha an dlí is infheidhme - Airteagal 6(4)(c) - Eisiamh ar chonarthaí a bhaineann le ceart in rem le maoine dochorraithe nó do thionóntacht maoine dochorraithe - Conradh díolacháin, lena n-áirítear comhaontú léasa agus comhaontú seirbhíse, a bhaineann le crainn arna gcur chun iad a shaothrú le haghaidh brábúis amháin)

(2022/C 148/09)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberster Gerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: UE

Cosantóir: ShareWood Switzerland AG, VF

An chuid oibríochtúil den bhreithiúnas

Ní mór Airteagal 6(4)(c) de Rialachán (EC) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) a léirmhíniú go gciallaítear leis nach bhfuil conradh díolacháin, lena n-airítear comhaontú léasa agus comhaontú seirbhíse, a bhaineann le crainn arna gcur ar thalamh ar léas chun iad a shaothrú le haghaidh brábúis amháin, ina “chonradh maidir le ceart in rem le maoine dochorraithe nó do thionóntacht maoine dochorraithe” de réir bhrí na forála sin.


(1)  IO C 35, 01.02.2021