22.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 318/2 |
Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 7 Iúil 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof – An Ostair) – CC v Pensionsversicherungsanstalt
(Cás C-576/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - An tslándáil shóisialta d’oibrithe imirceacha - Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 - Airteagal 44(2) - Raon feidhme - Pinsean scoir - Ríomh - Tréimhsí tógála leanaí a cuireadh isteach i mBallstáit eile a chur san áireamh - Airteagal 21 CFAE - Saorghluaiseacht na saoránach)
(2022/C 318/02)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Oberster Gerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: CC
Cosantóir: Pensionsversicherungsanstalt
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagal 44(2) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn, mura gcomhlíonann an duine lena mbaineann, chun críche pinsean scoir a dheonú, an coinníoll maidir le gníomhaíocht a shaothrú mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe a fhorchuirtear leis an bhforáil sin ionas go gcuirfidh an Ballstát a bhfuil sé d’oibleagáid air an pinsean sin a íoc tréimhsí tógála leanaí atá críochnaithe ag an duine i mBallstáit eile san áireamh, ceanglaítear ar an mBallstát sin na tréimhsí sin a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 21 CFAE, ar choinníoll gur oibrigh an duine sin agus gur íoc sé ranníocaíochtaí go heisiach sa Bhallstát sin, roimh agus tar éis aistriú a chónaithe go Ballstát eile inar chríochnaigh sé na tréimhsí sin.