25.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 171/11


Breithiúnas na Cúirte (an cúigiú Dlísheomra) an 10 Márta 2022 (Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Hannover – an Ghearmáin) – Imeachtaí a tionscnaíodh i gcoinne K

(Cás C-519/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Beartas inimirce - Treoir 2008/115/CE - Coinneáil chun críoch aistrithe - Airteagal 16(1) - Éifeacht dhíreach - Ionad coinneála speisialaithe - Coincheap - Coinneáil i bpríosún - Coinníollacha - Airteagal 18 - Cás éigeandála - Coincheap - Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Athbhreithniú breithiúnach éifeachtach)

(2022/C 171/15)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Amtsgericht Hannover

Páirtithe sna príomhimeachtaí

An duine lena mbaineann: K

Páirtí eile sna himeachtaí: Landkreis Gifhorn

An chuid oibríochtúil den bhreithiúnas

1)

Ní mór Airteagal 16(1) de Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna is infheidhme sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais, a léirmhíniú ar bhealach a chiallaíonn gur féidir cuid ar leith de phríosún, ar thaobh amháin, a bhfuil a stiúrthóir féin aici, ach atá faoi réir bhainistíocht an phríosúin sin agus faoi réir údarás an Aire a bhfuil údarás aige ar phríosúin agus ina bhfuil, ar an taobh eile, náisiúnaigh tríú tíortha á gcoinneáil, chun críoch aistrithe, i bhfoirgnimh shonracha, lena n-áiseanna féin agus scoite amach ó na foirgnimh eile sa chuid sin ina gcuirtear príosúnacht ar dhaoine faoi phianbhreith choiriúil, a mheas mar “ionad coinneála speisialaithe”, de réir bhrí na forála sin, ar choinníoll go seachnaítear, a mhéid is féidir, leis na coinníollacha coinneála is infheidhme maidir leis na náisiúnaigh sin, go mbeidh an choinneáil sin cosúil le coinneáil i dtimpeallacht príosúin agus go bhfuil siad ceaptha sa bhealach is go n-urramaítear na cearta a ráthaítear leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh chomh maith leis na cearta a chumhdaítear in Airteagal 16(2) go (5), agus Airteagal 17 den Treoir sin.

2)

Ní mór Airteagal 18 de Threoir 2008/115, arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha, a léirmhíniú ar bhealach a chiallaíonn go gcaithfidh an chúirt náisiúnta a n-iarrtar uirthi, faoi chuimsiú a dlínse, coinneáil náisiúnach tríú tír a ordú nó a shíneadh, i bpríosún, chun críoch aistrithe, a bheith in ann a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha a bhforchuirtear le hAirteagal 18 maidir leis an bhféidearthacht go bhféadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh chun an náisiúnach sin a choinneáil i bpríosún.

3)

Ní mór Airteagal 16(1) de Threoir 2008/115, arna léamh i dteannta le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais, a léirmhíniú ar bhealach a chiallaíonn nach mór do chúirt náisiúnta gan feidhm a thabhairt do reachtaíocht Ballstáit lena gceadaítear, ar bhonn sealadach, náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach a choinneáil chun críocha a n-aistriú, i bpríosún, scartha ó ghnáthphríosúnaigh, i gcás nach gcomhlíontar nó nach gcomhlíontar a thuilleadh na coinníollacha faoi Airteagal 18(1) agus faoin dara habairt d’Airteagal 16(1) den Treoir sin chun go mbeidh an reachtaíocht sin i gcomhréir le dlí an Aontais.


(1)  IO C 19 an 18.01.2021