|
8.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 164/3 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 16 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Ascoli Piceno, an Iodáíl) – Imeachtaí coiriúla i gcoinne OL
(Cás C-517/20, (1) OL (Athnuachan cheadúnais na hIodáile))
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagail 49 agus 56 CFAE - Gealltóireacht - Ceadúnais chun geallta a bhailiú - Athnuachan ceadúnas a deonaíodh cheana - Ionaid tarchurtha sonraí a thabhairt chun rialtachta agus an ghníomhaíocht sin á déanamh in éagmais ceadúnais nó údaraithe phóilíneachta - Athnuachan na gceart a eascraíonn as an tabhairt chun rialtachta sin - Tréimhse theoranta)
(2023/C 164/03)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale di Ascoli Piceno
Páirtithe sna príomhimeachtaí
OL
Idiragraí: Procura della Repubblica presso il Tribunale di Ascoli Piceno
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 49 agus Airteagal 56 CFAE,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
cuirtear cosc leo ar athnuachan na gceadúnas in earnáil an chearrbhachais agus na cearta a eascraíonn as staid na lárionad tarchurtha sonraí a thabhairt chun rialtachta a bhí i mbun gníomhaíochtaí bailithe geallta cheana féin, ar dháta cinntithe, i bhfabhar geallghlacadóirí eachtracha nach bhfuil ceadúnas agus údarú póilíneachta ina seilbh acu, ar choinníoll nach leor an athnuachan sin, a d’fhéadfadh bonn cirt a bheith leis go háirithe trí chúiseanna sáraitheacha a bhaineann le leas an phobail, amhail an cuspóir chun a a áirithiú go leanfar d’iniúchadh oibreoirí na hearnála sin chun cosaint tomhaltóirí a ráthú, chun a áirithiú go mbaintear amach an cuspóir sin nó go dtéann sí thar a bhfuil riachtanach chun é a bhaint amach.