25.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 171/10


Breithiúnas na Cúirte (Ochtú Dlísheomra) an 10 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Rech#tbank Midden-Nederland – an Ísiltír) – ZK i gcáil comharba ar JM, leachtaitheoir i bhféimheacht BMA Nederland BV v BMA Braunschweigische Maschinenbauanstalt AG

(Cás C-498/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta - Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 - Airteagal 7(2) - Dlínse in ábhair a bhaineann le tort, míghníomh nó samhail mhíghnímh - Caingean arna tionscamh ag riarthóir i gcoinne tríú páirtí chun leasa creidiúnaithe - Áit inar tharla an gníomh díobhálach - Airteagal 8(2) - Iarratas ar idiragairt ag cosantóir an chomhleasa - Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 - Raon feidhme - Riail ghinearálta)

(2022/C 171/14)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank Midden-Nederland

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: ZK i gcáil comharba ar JM, leachtaitheoir i bhféimheacht BMA Nederland BV

Cosantóir: BMA Braunschweigische Maschinenbauanstalt AG

Idiragraí: Stichting Belangbehartiging Crediteuren BMA Nederland

An chuid oibríochtúil

1.

Ní mór Airteagal 7(2) de . Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála a léirmhíniú amhail go bhfuil dlínse ag cúirt áit bhunaíochta na cuideachta ar neamh-inghnóthaithe a cuid fiach toisc gur mhainnigh a cuideachta is “seantuismitheoir” a dualgas cúraim i leith chreidiúnaithe na cuideachta, chun ghníomhaíocht chomhchoiteann i leith damáistí agus leasa in ábhair a bhaineann le tort, arna tionscnamh ag leachtaitheoir i bhféimheacht na cuideachta sin i mbun a dhualgais dlí an t-eastát a fhoirceannadh thar ceann na gcreidiúnaithe go léir ach ina n-ainm a éisteacht.

2.

Ní dhéantar aon difear do fhreagra na chéad cheiste a tharchuirtear chun réamhrialú má chuirtear san áireamh gur fheidhmigh fondúireacht chun leasa comhchoiteanna na gcreidiúnaithe a chosaint sa chás sna príomhimeachtaí agus nach gcuirtear imthosca leithleacha na gcreidiúnaithe san aíreamh.

3.

Ní mór Airteagal 8(2) de Rialachán Uimh. 1215/2012 a léirmhíniú amhail, má dhéanann an chúirt ar tugadh an iarraidh bhunaidh os a comhair a cinneadh a dlínse chun éisteacht na hiarrata sin a fhreaschur, go gcaillfidh sí a dlínse chun iarratais arna dtionscnamh ag an idiragraí a éisteacht trí fheidhmiú an dlí.

4.

Ní mór Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (an Róimh II) a léirmhíniú amhail gurb é an dlí is infheidhme ar oibleagáid damáistí i dtaobh cúram dualgais atá ar chuideachta is “seantuismitheoir” a dearbhaíodh ina féimheacht í, i bprionsabal, dlí na tíre ina bhfuil an chuideachta sin bunaithe, bíodh is gur féidir a fhionnadh go bhfuil naisc níos dlúithe aici le tír eile de réir bhrí Airteagail 4(3) toisc gurbh ann do chomhaontú maoinithe idir an dá chuideachta roimh ré, chomh maith le clásal maidir le rogha cúirte.


(1)  IO C 443, 21.12.2020.