8.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 164/2


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 16 Márta 2023 – an Coimisiún Eorpach v Jiangsu Seraphim Solar System Co. Ltd, Comhairle an Aontais Eorpaigh (C-439/20 P), agus Comhairle an Aontais Eorpaigh v Jiangsu Seraphim Solar System Co. Ltd, an Coimisiún Eorpach (C-441/20 P)

(Cásanna Uamtha C-439/20 P agus C-441/20 P) (1)

(Achomharc - Dumpáil - Allmhairí de mhodúil fhótavoltacha sileacain criostalta agus príomh-chomhpháirteanna (i.e. cealla) de thionscnamh na Síne nó a choinsínítear uaithi - Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2146 lena dtarraingítear siar glacadh an ghealltanais le haghaidh dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/707/AE - Inghlacthacht na caingne ag an gcéad chéim - Airteagal 263(4) CFAE - Critéir maidir le cúram díreach - Airteagal 277 CFAE - Pléadáil neamhdhleathachta - Inghlacthacht - Leas in imeachtaí a thionscnamh i gcoinne na ngníomhartha a bhí mar bhunús dlí don bheart atá á chonspóid - Rialachán (AE) 2016/1036 - Airteagal 8(9) - Rialachán (AE) 2016/1037 - Airteagal 13(9) - Na hiarmhairtí a bhaineann le tarraingt siar an Choimisiúin Eorpaigh maidir le glacadh le gealltanas - Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1238/2013 - Airteagal 3 - Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1239/2013 - Airteagal 2 - Teidlíocht ar dhíolúine ó dhleachtanna a chailleadh - Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2146 - Airteagal 2 - Sonraisc an ghnóthais a neamhbhailíochtú - Inmhuirireacht dleachtanna ar na hidirbhearta uile lena mbaineann - Easpa aisghníomhaíochta)

(2023/C 164/02)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

(Cás C-439/20 P)

Achomharcóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Luengo agus T. Maxian Rusche, i gcáil Gníomhairí)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Jiangsu Seraphim Solar System Co. Ltd (ionadaithe: ar dtús ag P. Heeren, advocaat, Y. Melin agus B. Vigneron, avocats, agus ansin ag P. Heeren, advocaat, agus Y. Melin, avocat), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: H. Marcos Fraile, i gcáil Gníomhaire, agus N. Tuominen, avocată)

(Cás C-441/20 P)

Achomharcóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: H. Marcos Fraile, i gcáil Gníomhaire, agus N. Tuominen, avocată)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Jiangsu Seraphim Solar System Co. Ltd (ionadaithe: ar dtús ag P. Heeren, advocaat, Y. Melin agus B. Vigneron, avocats, agus ansin ag P. Heeren, advocaat, agus Y. Melin, avocat), an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Luengo agus T. Maxian Rusche, i gcáil Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1.

Cuirtear breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 8 Iúil 2020, Jiangsu Seraphim Solar System v an Coimisiún (T-110/17, EU:T:2020:315) ar neamhní;

2.

Díbhtear don iarratas ar neamhniú arna thaisceadh ag Jiangsu Seraphim Solar System Co. Ltd os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh;

3.

Ordaítear do Jiangsu Seraphim Solar System Co. Ltd na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Comhairle an Aontais Eorpaigh ag an gcéad chéim agus sna himeachtaí achomhairc a íoc.


(1)  IO C 378, 9.11.2020.