25.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 171/10


Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 3 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberlandesgericht Düsseldorf – an Ghearmáin) – Acacia Srl v Bayerische Motoren Werke AG

(Cás C-421/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Maoin intleachtúil - Dearaí Comhphobail - Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 - Airteagal 82(5) - Caingean arna tabhairt os comhair chúirteanna an Bhallstáit ina ndearnadh sárú nó ina bhfuil an baol go ndéanfar sárú ar a chríoch - Iarratais atá i gceangal leis na himeachtaí um shárú - An dlí is infheidhme - Airteagal 88(2) - Airteagal 89(1)(d) - Rialachán (CE) uimh 864/2007 - An dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha (“An Róimh II”) - Airteagal 8(2) - Tír inar sáraíodh an ceart maoine intleachtúla)

(2022/C 171/13)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An Chúirt a rinne an tarchur

Oberlandesgericht Düsseldorf

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Acacia Srl

Cosantóir: Bayerische Motoren Werke AG

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 88(2) agus Airteagal 89(1)(d) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí Comhphobail, chomh maith le hAirteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 faoin dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha (“An Róimh II”) a léirmhíniú sa chaoi nach mór na cúirteanna dhearaí Comhphobail a thugadh imeachtaí um shárú os a chomhair ar bhonn Airteagal 82(5) de Rialachán Uimh. 6/2002, a bhaineann le sárú nó an baol go ndéanfar sárú laistigh de chríoch Bhallstáit aonair, scrúdú a dhéanamh ar na héilimh atá i gceangal leis na himeachtaí sin, ag iarraidh damáistí a dhámhachtain, faisnéis, doiciméid agus cuntas a thíolacadh, chomh maith le táirgí góchumtha a sheachadadh lena scriosadh, ar bhonn dhlí an Bhallstáit ina ndearnadh na sáruithe nó baol sáruithe líomhnaithe ar an dearadh Comhphobail ábhartha ar a chríoch, a thagann i gcomhthráth, in imthosca caingean arna dtionscnamh faoi Airteagal 82(5), le dlí an Bhallstáit ina bhfuil na cúirteanna sin suite.


(1)  IO C 433 14.12.2020