27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 244/6


Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 5 Bealtaine 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof – an Ostair) – EB, JS, DP v Versicherungsanstalt öffentlich Bediensteter, Eisenbahnen und Bergbau (BVAEB)

(Cás C-405/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Beartas sóisialta - Airteagal 157 CFAE - Prótacal (Uimh. 33) - Cóir chomhionann d'fhir agus do mhná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha - Treoir 2006/54/CE - Airteagal 5(c) agus 12 - Idirdhealú indíreach ar bhonn gnéis a thoirmeasc - Córas gairmiúil slándála sóisialta is infheidhme tar éis an dáta dá dtagraítear sa Phrótacal sin agus in Airteagal 12 - Pinsin scoir do státseirbhísigh - Rialacháin náisiúnta lena bhforáiltear do choigeartú bliantúil ar phinsin scoir - Coigeartú céimlaghdaitheach de réir mhéid an phinsin scoir le heaspa iomlán coigeartaithe thar méid áirithe - Réasúnú)

(2022/C 244/07)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: EB, JS, DP

Cosantóir: Versicherungsanstalt öffentlich Bediensteter, Eisenbahnen und Bergbau (BVAEB)

An chuid oibríochtúil

1)

Ní mór Prótacal (Uimh. 33) le hAirteagal 157 CFAE, atá i gceangal le CFAE, agus Airteagal 12 de Threoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha, a léirmhíniú sa chaoi nach bhfuil feidhm ag teorannú ama, a bhaineann le héifeachtaí phrionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná dá bhforáiltear leis na forálacha seo, maidir le rialacháin náisiúnta lena bhforáiltear do choigeartú bliantúil ar phinsin scoir arna n-íoc faoi chóras gairmiúil slándála sóisialta, is infheidhme tar éis an dáta dá dtagraítear sna forálacha sin.

2)

Ní mór Airteagal 157 CFAE agus Airteagal 5(c) de Threoir 2006/54 a léirmhíniú sa chaoi nach gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do choigeartú céimlaghdaitheach bliantúil ar mhéid na bpinsean scoir státseirbhíseach náisiúnta de réir mhéid an phinsin sin, agus easpa iomlán coigeartaithe thar méid áirithe pinsin, sa chás go ndéantar difear diúltach leis an rialachán sin do chomhréir de thairbhithe fireanna atá i bhfad níos mó ná na tairbhithe baineanna, ar choinníoll go saothrófaí leis na rialacháin sin, ar bhealach comhleanúnach agus córasach, na cuspóirí chun maoiniú inbhuanaithe pinsean scoir a áirithiú agus chun an bhearna a laghdú idir leibhéil na bpinsean arna maoiniú ag an Stát, gan dul thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.


(1)  IO C 378, 09.11.2020