|
11.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 321/2 |
Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 13 Iúil 2023 – an Coimisiún Eorpach v CK Telecoms UK Investments Ltd, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, EE Ltd
(Cás C-376/20 P) (1)
(Achomharc - Iomaíocht - Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 - Comhchruinnithe a rialú idir gnóthais - Seirbhísí teileachumarsáide soghluaiste - Cinneadh lena ndearbhaítear nach luíonn comhchruinniú leis an margadh inmheánach - Margadh olagaplach - Bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach - Éifeachtaí neamh-chomhordaithe - Caighdeán cruthúnais - Corrlach discréide atá ag an gCoimisiún Eorpach in ábhair eacnamaíocha - Réimse an athbhreithnithe bhreithiúnaigh - Treoirlínte maidir le Cumaisc Chothrománacha - Cúiseanna ábhartha le léiriú go bhfuil bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach - Na coincheapa ‘údar tábhachtach spreagtha ar iomaíocht’ agus ‘dlúth-iomaitheoirí’ - Dlúithe iomaíochta idir na páirtithe sa chomhchruinniú - Anailís chainníochtúil ar éifeachtaí an chomhchruinnithe bheartaithe ar phraghsanna - Gnóthachain éifeachtúlachta - Míbhrí a bhaint - Gearán arna tharraingt ag Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh ar a tionscnamh féin - Neamhniú)
(2023/C 321/02)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: ar dtús ag G. Conte, M. Farley, J. Szczodrowski agus C. Urraca Caviedes, agus ina dhiaidh sin ag F. Castillo de la Torre, G. Conte, M. Farley, J. Szczodrowski agus C. Urraca Caviedes, Gníomhairí)
Páirtithe eile sna himeachtaí: CK Telecoms UK Investments Ltd(ionadaithe: ar dtús ag J. Aitken, K. Asakura, A. Coe, M. Davis, S. Prichard, solicitors, O. W. Brouwer, advocaat, M. B. Kennelly, SC, A. Müller, advocate, agus T. Wessely, Rechtsanwalt, ina dhiaidh sin ag J. Aitken, K. Asakura, A. Coe, M. Davis, solicitors, O. W. Brouwer, advocaat, B. Kennelly, SC, A. Müller, advocate, agus T. Wessely, Rechtsanwalt, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (ionadaithe: ar dtús ag S. Brandon, agus ina dhiaidh sin ag F. Shibli, Gníomhairí), EE Ltd
Idiragraí mar thaca leis an iarratasóir: Údarás Faireacháin CSTE (ionadaithe: ar dtús ag C. Simpson, M. Sánchez Rydelski agus C. Zatschler, agus ina dhiaidh sin ag C. Simpson agus M. Sánchez Rydelski, Gníomhairí)
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Cuirtear breithiúnas an 28 Bealtaine 2020, CK Telecoms UK Investments v an Coimisiún (T-399/16, EU:T:2020:217), ar neamhní. |
|
2) |
Tarchuirtear an cás ar ais chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh. |
|
3) |
Forchoimeádtar na costais. |