|
20.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 237/7 |
Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 26 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Landesverwaltungsgericht Steiermark – an Ostair) – NW v Landespolizeidirektion Steiermark (C-368/20), Bezirkshauptmannschaft Leibnitz (C-369/20),
(Cásanna Uamtha C-368/20 agus C-369/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Limistéar saoirse, slándála agus ceartais - Saorghluaiseacht daoine - Rialachán (AE) 2016/399 - Cód Teorainneacha Schengen - Airteagal 25(4) - Rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach ar feadh uastréimhse atá teoranta do shé mhí san iomlán - Reachtaíocht náisiúnta lena ndéantar foráil maidir le roinnt tréimhsí rialuithe leanúnacha a fhágann gur sáraíodh an tréimhse sin - Mainneachtain na reachtaíochta sin Airteagal 25(4) de Chód Teorainneacha Schengen a chomhlíonadh, i gcás go bhfuil tréimhsí leanúnacha bunaithe ar an mbaol céanna - Reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear pas nó cárta aitheantais a chur i láthair agus seiceálacha á ndéanamh ag an teorainn inmheánach, faoi réir pionóis - Mainneachtain na hoibleagáide sin Airteagal 25(4) de Chód Teorainneacha Schengen a chomhlíonadh nuair atá an tseiceáil féin contrártha leis an bhfhoráil sin)
(2022/C 237/08)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Landespolizeidirektion Steiermark
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: NW
Cosantóirí: Landespolizeidirektion Steiermark (C-368/20), Bezirkshauptmannschaft Leibnitz (C-369/20),
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Ní mór Airteagal 25(4) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen), arna leasú le Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 a léirmhíniú sa chaoi is go gcuirtear bac leis ar Bhallstát rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach bunaithe ar Airteagal 25 agus Airteagal 27 den Chód sin, sa chás go sáraítear leis an uastréimhse iomlán de shé mhí, a leagtar síos le hAirteagal 25(4), agus sa chás nach bhfuil aon bhagairt nua ann a thabharfadh údar maith le cur i bhfeidhm nua na dtréimhsí dá bhforáiltear le hAirteagal 25. |
|
2) |
Ní mór Airteagal 25(4) de Rialachán (AE) 2016/399, arna leasú le Rialachán (AE) 2016/1624, a léirmhíniú sa chaoi is go gcuirtear bac leis ar reachtaíocht náisiúnta, lena gcuireann Ballstát, faoi réir pionóis, ceanglas ar dhuine pas nó cárta aitheantais a thaispeáint ar dhul isteach i gcríoch an Bhallstáit sin ag teorainn inmheánach, i gcás ina bhfuil athbhunú rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha faoina bhforchuirtear an oibleagáid sin contrártha leis an bhforáil sin. |