1.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 294/5


Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 16 Meitheamh 2022 – an Coimisiún v Poblacht na hOstaire

(Cás C-328/20) (1)

(Mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh - Comhordú na gCóras Slándála Sóisialta - Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 - Airteagail 4, 7 agus 67 - Saorghluaiseacht oibrithe - Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 - Airteagal 7 - Cóir chomhionann - Sochair theaghlaigh - Buntáistí sóisialta agus cánach - Coigeartú méideanna ar bhonn leibhéal na bpraghsanna i Stát cónaithe na leanaí)

(2022/C 294/07)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B.-R. Killmann agus D. Martin, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraithe ag tacú leis an iarratasóir: Poblacht na Seice (ionadaithe: J. Pavliš, M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí), Poblacht na Cróite (ionadaí: G. Vidović Mesarek, i gcáil Gníomhaire), Poblacht na Polainne (ionadaí: B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire), an Rómáin (ionadaithe: E. Gane agus L. Liţu, i gcáil Gníomhairí), Poblacht na Slóivéine (ionadaí: J. Morela, i gcáil Gníomhaire), Poblacht na Slóvaice (ionadaí: B. Ricziová, i gcáil Gníomhaire), Údarás Faireacháin CSTE (ionadaithe: E. Gromnicka, C. Howdle, J. S. Watson agus C. Zatschler, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na hOstaire (ionadaithe: M. Klamert, C. Pesendorfer, A. Posch agus J. Schmoll, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraithe ag tacú leis an gcosantóir: (Ríocht na Danmhairge (ionadaithe: M. Jespersen, J. Nymann-Lindegren agus M. Wolff, i gcáil Gníomhairí), Ríocht na hIorua (ionadaithe: S. Hammersvik, J. T. Kaasin, L. Tvedt agus P. Wennerås, i gcáil Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1)

Tríd an sásra coigeartúcháin a bhunú de thoradh na leasuithe ar mhír 8a de Bundesgesetz betreffend den Familienlastenausgleich durch Beihilfen (Dlí Cónaidhme maidir le cúiteamh ar chostais teaghlaigh trí liúntais) an 24 Deireadh Fómhair 1967, arna leasú le Bundesgesetz mit dem das Familienlastenausgleichsgesetz 1967, das Einkommensteuergesetz 1988 und das Entwicklungshelfergesetz geändert werden (Dlí Cónaidhme lena leasaítear an Dlí Cónaidhme, 1967, maidir le cúiteamh ar chostais teaghlaigh trí liúntais, an Dlí Cónaidhme, 1988, maidir le cánachas ar ioncam daoine nádúrtha agus an Dlí maidir le stádas oibreoirí cúnaimh fobraíochta) an 4 Nollaig 2018, agus ar mhír 33 de Bundesgesetz über die Besteuerung des Einkommens natürlicher Personen (Dlí Cónaidhme maidir le cánachas ar ioncam daoine nádúrtha) an 7 Iúil 1988, arna leasú le Jahressteuergesetz 2018 (Dlí Cánach Bliantúil, 2018) an 14 Lúnasa 2018, agus leis an Dlí Cónaidhme lena leasaítear an Dlí Cónaidhme, 1967, maidir le cúiteamh ar chostais teaghlaigh trí liúntais, an Dlí Cónaidhme, 1988, maidir le cánachas ar ioncam daoine nádúrtha agus Dlí an 4 Nollaig 2018 maidir le stádas oibreoirí cúnaimh fobraíochta, is infheidhme maidir le liúntais teaghlaigh agus an creidmheas cánach linbh d’oibrithe a bhfuil cónaí buan ar a gcuid leanaí i mBallstát eile, mhainnigh Poblacht na hOstaire a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagail 4 agus 67 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta, agus faoi Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse gluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas.

2)

Tríd an sásra coigeartúcháin a bhunú de thoradh na leasuithe ar mhír 8a de Bundesgesetz betreffend den Familienlastenausgleich durch Beihilfen (Dlí Cónaidhme maidir le cúiteamh ar chostais teaghlaigh trí liúntais) an 24 Deireadh Fómhair 1967, arna leasú le Bundesgesetz mit dem das Familienlastenausgleichsgesetz 1967, das Einkommensteuergesetz 1988 und das Entwicklungshelfergesetz geändert werden (Dlí Cónaidhme lena leasaítear an Dlí Cónaidhme, 1967, maidir le cúiteamh ar chostais teaghlaigh trí liúntais, an Dlí Cónaidhme, 1988, maidir le cánachas ar ioncam daoine nádúrtha agus an Dlí maidir le stádas oibreoirí cúnaimh fobraíochta) an 4 Nollaig 2018, agus ar mhír 33 de Bundesgesetz über die Besteuerung des Einkommens natürlicher Personen (Dlí Cónaidhme maidir le cánachas ar ioncam daoine nádúrtha) an 7 Iúil 1988, arna leasú le Jahressteuergesetz 2018 (Dlí Cánach Bliantúil 2018) an 14 Lúnasa 2018, agus leis an Dlí Cónaidhme lena leasaítear an Dlí Cónaidhme, 1967, maidir le cúiteamh ar chostais teaghlaigh trí liúntais, an Dlí Cónaidhme, 1988, maidir le cánachas ar ioncam daoine nádúrtha agus Dlí an 4 Nollaig 2018 maidir le stádas oibreoirí cúnaimh fobraíochta, is infheidhme maidir le Bónas an Teaghlaigh “Plus”, an liúntas do shaothraí aonair, liúntas an tuismitheora singil agus an creidmheas cánach d’íocaíochtaí cothabhála, d’oibrithe imirceacha a bhfuil cónaí buan ar a gcuid leanaí i mBallstát eile, mhainnigh Phoblacht na hOstaire a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 492/2011.

3)

Ordaítear do Phoblacht na hOstaire a costais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc.

4)

Ordaítear do Phoblacht na Seice, do Ríocht na Danmhairge, do Phoblacht na Cróite, do Phoblacht na Polainne, don Rómáin, do Phoblacht na Slóivéine agus do Phoblacht na Slóvaice, agus do Ríocht na hIorua agus d’Údarás Faireacháin CSTE a gcostais féin a íoc.


(1)  IO C 297 07.09.2020