|
19.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 165/8 |
Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Feabhra 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht – an Ghearmáin) – Bund Naturschutz in Bayern e.V. v Landkreis Rosenheim
(Cás C-300/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Comhshaol - Treoir 2001/42/CE - Measúnú ar na héifeachtaí a bhíonn ag pleananna agus ag cláir áirithe ar an gcomhshaol - Airteagal 2(a) - Coincheap “pleananna agus ag cláir” - Airteagal 3(2)(a) - Gníomhartha arna dtarraingt suas le haghaidh earnálacha áirithe agus lena sainítear creat faoina bhféadfar cur chun feidhme na dtionscadal atá liostaithe in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II de Threoir 2011/92/AE a údarú amach anseo - Airteagal 3(4) - Gníomhartha lena sainítear creat faoina bhféadfar cur chun feidhme na dtionscadal a údarú amach anseo - Rialachán um chosaint tírdhreacha arna ghlacadh ag údarás áitiúil)
(2022/C 165/10)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesverwaltungsgericht
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Bund Naturschutz in Bayern e.V.
Cosantóir: Landkreis Rosenheim
i láthair: Landesanwaltschaft Bayern, Vertreter des Bundesinteresses beim Bundesverwaltungsgericht
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Ní mór Airteagal 3(2)(a) de Threoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú ar éifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a léirmhíniú sa chiall nach dtagann beart náisiúnta a bhfuil sé d’aidhm aige an dúlra agus an tírdhreach a chosaint agus chuige sin, lena leagtar síos toirmisc ghinearálta chomh maith le ceanglais údaraithe gan rialacha atá mionsonraithe go leor a sholáthar maidir le hinneachar, mionsaothrú agus cur chun feidhme na dtionscadal a liostaítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II de Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol faoi raon feidhme na forála seo. |
|
2) |
Caithfear Airteagal 3(4) de Threoir 2001/42 a léirmhíniú sa chiall nach dtagann beart náisiúnta a bhfuil sé d’aidhm aige an dúlra agus an tírdhreach a chosaint agus chuige sin, lena leagtar síos toirmisc ghinearálta chomh maith le ceanglais údaraithe gan rialacha atá mionsonraithe go leor a sholáthar maidir le hinneachar, mionsaothrú agus cur chun feidhme na dtionscadal faoi raon feidhme na forála seo. |