19.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 165/7


Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 24 Feabhra 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Satversmes tiesa – an Laitvia) – “Latvijas Gāze” AS

(Cás C-290/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Margadh inmheánach sa ghás nádúrtha - Treoir 2009/73/CÉ - Mír (3) d’Airteagal 4 - An coincheap “tarchur” - Airteagal 23 - Cumhacht cinneadh a dhéanamh maidir le saoráidí stórála, saoráidí athghásaithe le haghaidh gás nádúrtha leachtaithe agus custaiméirí tionsclaíocha a nascadh leis an gcóras tarchuir - Airteagal 32(1) - Rochtain tríú páirtí ar an gcóras - Féidearthacht na custaiméirí deiridh a nascadh go díreach leis an gcóras tarchuir gáis nádúrtha)

(2022/C 165/09)

Teanga an cháis: an Laitvis

An chúirt a rinne an tarchur

Satversmes tiesa

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir:“Latvijas Gāze” AS

Idiragraithe: Latvijas Republikas Saeima, Sabiedrisko pakalpojumu regulēšanas komisija

An chuid oibríochtúil

1)

Ní mór Airteagal 23 agus Airteagal 32(1) de Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE a léirmhíniú sa chiall nach n-eascraíonn sé ó na forálacha sin go gceanglaítear ar na Ballstáit rialachán a ghlacadh faoina bhféadfadh, ar thaobh amháin, aon chustaiméir deiridh a roghnú le bheith nasctha leis an gcóras tarchuir nó leis an gcóras dáileacháin gáis nádúrtha agus, ar an taobh eile, go gceanglaítear ar an oibreoir córais tarchuir lena mbaineann ligean dó nascadh leis an gcóras sin.

2)

Ní mór Airteagal 23 de Threoir 2009/73 a léirmhíniú sa chiall nach gcuirtear leis oibleagáid ar na Ballstáit rialacháin a ghlacadh faoi nach féidir ach custaiméir tionsclaíoch nascadh leis an gcóras tarchuir gáis nádúrtha.

3)

Ní mór Airteagal 2(3) agus Airteagal 23 de Threoir 2009/73 a léirmhíniú sa chiall nach gcuireann siad i gcoinne rialacháin Ballstáit faoina n-áirítear le tarchur gáis nádúrtha gás nádúrtha a tharchuir go díreach chuig córas soláthair gáis nádúrtha an chustaiméara deiridh.


(1)  IO C 297, 07.09.2020