19.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 165/6


Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 24 Feabhra 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal du travail francophone de Bruxelles – an Bheilg) – CO agus páirtithe eile v MJ, an Coimisiún Eorpach, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, Comhairle an Aontais Eorpaigh, Eulex Kosovo

(Cás C-283/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) - Misean “Smacht Reachta” an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (Eulex Kosovo) - Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES - Airteagal 8(3) agus (5), Airteagal 9(3) agus Airteagal 10(3) - Stádas fhostóir na foirne misin - Airteagal 16(5) - Seachaíocht)

(2022/C 165/08)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal du travail francophone de Bruxelles

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: CO agus páirtithe eile

Cosantóirí: MJ, An Coimisiún Eorpach, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, Comhairle an Aontais Eorpaigh, Eulex Kosovo

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 16(5) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES ón gComhairle an 4 Feabhra 2008 maidir le misean smachta reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv, Eulex Kosovo, arna leasú ag Cinneadh 2014/349/CBES ón gComhairle an 12 Meitheamh 2014, a léirmhíniú sa chiall is go n-ainmnítear leis, ón 15 Meitheamh 2014, an misean smachta reachta sa Chosaiv, arna thugtar “Eulex Kosovo”, dá dtagraítear in Airteagal 1 den ghníomhaíocht chomhpháirteach sin, mar freagrach agus mar sin mar chosantóir in aon chaingean a bhaineann le hiarmhairtí chur i gcrích an mhisin a cuireadh de chúram air, beag beann air gur tharla na fíricí is bonn le caingean den sórt sin roimh an 12 Meitheamh 2014, dáta theacht i bhfeidhm Chinneadh 2014/349.


(1)  IO C 297, 07.09.2020