30.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 35/3 |
Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 1 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzhof – an Ghearmáin) – Finanzamt T v S
(Cás C-269/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Cáin Bhreisluacha (CBL) - Séú Treoir 77/388/CEE - Airteagal 4(4), dara fomhír - Daoine inchánach - Féideartheacht do na Ballstáit eintitis atá neamhspleách ó thaobh dlí ach a bhfuil dlúthbhaint acu lena chéile i dtéarmaí airgeadais, eacnamaíocha agus eagraíochtúla (“grúpa CBL”)a mheas mar dhuine aonair inchánach - Reachtaíocht náisiúnta lena sainítear cuideachta rialaithe an ghrúpa CBL mar an t-aon duine inchánach - Seirbhísí inmheánacha sa ghrúpa CBL - Airteagal 6(2)(b) - Seirbhísí a chuirtear ar fáil saor in aisce - Coincheap “críocha nach críocha an ghnó iad”)
(2023/C 35/03)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis.
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesfinanzhof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Finanzamt T
Cosantóir: S
An chuid oibríochtúil
1) |
Maidir leis an dara fomhír d’Airteagal 4(4) den Séú Treoir 77/388/CEE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1977 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cánacha láimhdeachais – Comhchóras cánach breisluacha: bonn aonfhoirmeach measúnaithe, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ní chuirtear cosc ar Bhallstát cuideachta rialaithe grúpa, arna fhoirmiú ag daoine atá neamhspleách ó thaobh dlí ach a bhfuil dlúthcheangal acu lena chéile i dtéarmaí airgeadais, eacnamaíocha agus eagraíochtúla, a ainmniú mar dhuine aonair inchánach, i gcás ina bhfuil an chuideachta sin in ann a thoil a fhorchur ar na heintitis eile atá mar chuid den ghrúpa sin agus ar choinníoll nach bhfuil riosca caillteanais chánach i gceist leis an ainmniú sin. |
2) |
Maidir le dlí an Aontais, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: i gcás eintiteas arb é an t-aon duine inchánach amháin é de ghrúpa arna fhoirmiú ag daoine atá neamhspleách ó thaobh dlí ach a bhfuil dlúthcheangal acu lena chéile i dtéarmaí airgeadais, eacnamaíocha agus eagraíochtúla, agus a dhéanann, ar an gcéad dul síos, gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhfuil sé ina dhuine inchánach ina leith agus, ar an dara dul síos, gníomhaíochtaí a a dtugann sé fúthu i bhfeidhmiú cumhachtaí poiblí, nach meastar ina leith gur duine inchánach é i leith cáin bhreisluacha faoi Airteagal 4(5) den Séú Treoir, ní féidir cáin a ghearradh faoi Airteagal 6(2)(b) den Treoir sin ar sholáthar seirbhísí ag eintiteas atá ina chuid den ghrúpa sin i dtaca leis an bhfeidhmiú cumhachtaí sin. |