|
20.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 237/5 |
Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 28 Aibreán 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Hoge Raad der Nederlanden – an Ísiltír) – Federatie Nederlandse Vakbeweging v Heiploeg Seafood International BV, Heitrans International BV
(Cás C-237/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialiú - Treoir 2001/23/CE - Airteagail 3 go 5 - Aistriú gnóthas - Cearta fostaithe a choimirciú - Eisceachtaí - Nós imeachta dócmhainneachta - “pre-pack” - Aistriú de (chuid de) ghnóthas i ndiaidh dearbhú dócmhainneachta i ndiaidh pre-pack)
(2022/C 237/06)
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Hoge Raad der Nederlanden
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Federatie Nederlandse Vakbeweging
Cosantóirí: Heiploeg Seafood International BV, Heitrans International BV
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Ní mór Airteagal 5(1), de Threoir 2011/23/EC ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i ndáil le cearta fostaithe a choimirciú i gcás aistriú gnóthas, gnólachtaí nó codanna de gnóthais nó de ghnólachtaí, a léirmhíniú amhail is go gciallaíonn sé go gcomhlíontar an coinníoll a leagtar síos leis, ar dá réir nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 den Treoir sin maidir le haistriú gnóthas nuair atá an sannóir faoi réir imeachtaí féimheachta nó imeachtaí dócmhainneachta dá samhail, “arna dtionscnamh d’fhonn sócmhainní an sannóra a leachtú”, má ullmhaítear aistriú an ghnóthais iomláin nó cuid de, roimh na himeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh chun sócmhainní an sannóra a leachtú agus a ndéantar an t-aistriú sin lena linn, i gcomhthéacs nós imeachta pre-pack a bhfuil sé mar phríomhaidhm aige ligean, le linn na n-imeachtaí dócmhainneachta, leachtú don gnóthas a shásaíonn, a mhéid is féidir, éilimh na gcreidiúnaithe go léir agus a chaomhnaíonn fostaíocht a oiread agus is féidir, ar choinníoll go bhfuil an nós imeachta pre-pack sin á rialú ag forálacha reachtúla nó rialála. |
|
2. |
Ní mor Airteagal 5(1) de Threoir 2001/23 a léirmhíniú amhail is go gciallaíonn sé go gcomhlíontar an coinníoll atá leagtha síos ann, ar dá réir nach bhfuil feidhm ag Airteagail 3 agus 4 den Treoir sin maidir le haistriú gnóthais, gnólachta nó aon chuid de ghnóthas nó de ghnólacht i gcás ina bhfuil imeachtaí féimheachta nó aon imeachtaí dócmhainneachta dá samhail i ndáil leis an sannóir “faoi mhaoirseacht udaráis phoiblí inniúil”, más é “riarthóir dócmhainneachta ionchasach” faoi mhaoirseacht ag “‘breitheamh maoirseachta ionchasach” a ullmhaíonn aistriú an ghnóthais iomláin nó cuid de i gcomhthéacs nós imeachta pre-pack, roimh an dearbhú dócmhainneachta, agus go bhfuil an comhaontú ar an aistriú sin tugtha i gcrích agus curtha chun feidhme i ndiaidh an dearbhaithe dócmhainneachta a bhaineann le sócmhainní an sannóra a leachtú, ar choinníoll go bhfuil an nós imeachta pre-pack sin á rialú ag forálacha reachtúla nó rialála. |