27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 244/4


Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 5 Bealtaine 2022 – an Coimisiún Eorpach v Stefano Missir Mamachi di Lusignano e.a.

(Cás C-54/20 P) (1)

(Achomharc - Seirbhís Shibhialta - Dliteanas neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh bunaithe ar mhainneachtain institiúide a hoibleagáid a chomhlíonadh chun a hoifigigh a chosaint - Toscaireacht ón gCoimisiún Eorpach chuig Maracó - Oifigeach a dúnmharaíodh - Damáiste neamhábhartha a d’fhulaing deartháir agus deirfiúr an oifigigh - Leigheas dlí - Airteagail 270, 268 agus 340 CFAE - Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh - Airteagail 40, 42b, 55a, 73, 90 agus 91 - Coincheap an “duine lena mbaineann” - Foras)

(2022/C 244/04)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. Schima, T. S. Bohr agus G. Gattinara, Gníomhairí)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Stefano Missir Mamachi di Lusignano, Maria Letizia Missir Mamachi di Lusignano (ionadaithe: F. Di Gianni, G. Coppo agus A. Scalini, avvocati), Anne Jeanne Cécile Magdalena Maria Sintobin, Carlo Amadeo Missir Mamachi di Lusignano, Giustina Missir Mamachi di Lusignano, Tommaso Missir Mamachi di Lusignano, Filiberto Missir Mamachi di Lusignano

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don achomharc.

2)

Ordaítear don Choimisiún Eorpach na costais arna dtabhú ag Stefano Missir Mamachi di Lusignano agus Mme Maria Letizia Missir Mamachi di Lusignano a íoc, chomh maith lena chostais féin.


(1)  IO C 209, 22.06.2020