23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/2


Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Samhain 2022 – an Coimisiún Eorpach v Comhairle an Aontais Eorpaigh

(Cás C-24/20) (1)

(Caingean le haghaidh neamhniú - Cinneadh (AE) 2019/1754 - Aontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha - Airteagal 3(1) CFAE - Inniúlacht eisiach an Aontais - Airteagal 207 CFAE - Comhbheartas tráchtála - Gnéithe tráchtála de mhaoin intleachtúil - Airteagal 218(6) CFAE - Ceart tionscnaimh an Choimisiúin Eorpaigh - Leasú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh ar an togra ón gCoimisiún - Airteagal 293(1) CFAE - Infheidhmeacht - Airteagail 4(3), 13(2) agus 17(2) CAE - Airteagal 2(1) CFAE - Prionsabail na tabhartha cumhachtaí, na cothromaíochta institiúidí agus an chomhair dhílis)

(2023/C 24/02)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: F. Castillo de la Torre, I. Naglis agus J. Norris, ar dtús, agus F. Castillo de la Torre, M. Konstantinidis agus J. Norris ina dhiaidh sin, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Antoniadis, M. Balta agus A.-L. Meyer, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraithe chun tacú leis na gcosantóir: Ríocht na Beilge (ionadaithe: M. Jacobs, C. Pochet, agus M. Van Regemorter, i gcáil Gníomhairí), Poblacht na Seice (ionadaithe: K. Najmanová, H. Pešková, M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí), An Phoblacht Heilléanach (ionadaithe: K. Boskovits agus M. Tassopoulou, i gcáil Gníomhairí), Poblacht na Fraince (ionadaithe: G. Bain, J.-L. Carré, A.-L. Desjonquères agus T. Stéhelin, i gcáil Gníomhairí), Poblacht na Cróite (ionadaí: G. Vidović Mesarek, i gcáil Gníomhaire), Poblacht na hIodáile (ionadaithe: G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó P. Gentili, avvocato dello Stato), An Ungáir (ionadaithe: M. Z. Fehér agus K. Szíjjártó, i gcáil Gníomhairí), Ríocht na hÍsiltíre (ionadaithe: M. K. Bulterman agus J. Langer, i gcáil Gníomhairí), Poblacht na hOstaire (ionadaithe: A. Posch, E. Samoilova, J. Schmoll, i gcáil Gníomhairí, agus H. Tichy), Poblacht na Portaingéile (ionadaithe: P. Barros da Costa, L. Inez Fernandes, J. P. Palha agus R. Solnado Cruz ar dtús, i gcáil Gníomhairí, agus P. Barros da Costa, J. P. Palha agus R. Solnado Cruz ina dhiaidh sin, i gcáil Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1.

Cuirtear Airteagal 3 agus, a mhéid a thagraíonn sé do na Ballstáit, Airteagal 4 de Chinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2019 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha ar neamhní.

2.

Coimeádtar éifeachtaí na gcodanna de Chinneadh 2019/1754 arna gcur ar neamhní ar bun, a mhéid a bhaineann siad le Ballstáit a bhain úsáid cheana féin, ar dháta fógartha an bhreithiúnais seo, as an údarú dá bhforáiltear in Airteagal 3 den chinneadh sin, chun Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha a dhaingniú nó aontú di, in éineacht leis an Aontas Eorpach, go dtí go dtiocfaidh, laistigh de thréimhse réasúnach nach faide ná sé mhí ón dáta sin, cinneadh nua ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm.

3.

Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.

4.

Íocfaidh Ríocht na Beilge, Poblacht na Seice, an Phoblacht Heilléanach, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cróite, Poblacht na hIodáile, an Ungáir, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire agus Poblacht na Portaingéile as a gcostais féin.


(1)  IO C 77, 09.03.2020