Cás T-671/19

Qualcomm, Inc.

v

an Coimisiún Eorpach

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra méadaithe) an 18 Meán Fómhair 2024

(Iomaíocht – Mí-úsáid ceannasachta – An margadh d’fhoirne sliseanna bunbhanda UMTS – Cinneadh go ndearnadh sárú ar Airteagal 102 CFAE agus Airteagal 54 de Chomhaontú LEE – Praghsáil chreiche – Inniúlacht údar an ghnímh – Cearta cosanta – Sainiú an mhargaidh ábhartha – Ceannasacht – Mí-úsáid – Praghsanna a athchruthú – Na costais thagartha a chinneadh – Anailís ar phraghsanna/costais – Níl ceanglas ann éifeachtaí nithiúla a léiriú – Rún chun iomaitheoir a eisiamh – Bonn cirt oibiachtúil – Méid na fíneála a ríomh – Treoirlínte chun méid fíneálacha a ríomh, 2006 – Luach na ndíolachán – Méid breise – Dlínse neamhtheoranta)

  1. Imeachtaí breithiúnacha – Idiragairt – Doiciméid nós imeachta a chur in iúl do na hidiragraithe – Maolú – Láimhseáil rúnda – Iarratas ar rúndacht – Dlínse Chúirteanna an Aontais chun breith a thabhairt ar ghnéithe d’iarratas ar rúndacht nach gcuirtear ina gcoinne – Diúltú don iarratas i ndáil le gnéithe áirithe – Coinníollacha – Faisnéis nach féidir a mheas go bhfuil sí sicréideach nó rúnda – Faisnéis a bhfuil gá léi ionas go mbeidh an breithiúnas intuigthe don phobal

    (Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, Airteagail 66 agus 144(2))

    (féach míreanna 89-94)

  2. Iomaíocht – Nós imeachta riaracháin – Oibleagáidí an Choimisiúin – Tréimhse réasúnta a urramú – Critéir mheasúnaithe – Cleachtas arna scrúdú dá dteastaíonn anailís chasta ar go leor sonraí – Iompar na bpáirtithe le linn an nós imeachta riaracháin

    (An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 41(1))

    (féach míreanna 99-106, 109-115)

  3. Iomaíocht – Imeachtaí riaracháin – Oibleagáidí an Choimisiúin – Tréimhse réasúnta a urramú – Cinneadh lena gcinntear go ndearnadh sárú mar gheall ar an nós imeachta a bheith rófhada – Coinníoll – Sárú ar chearta cosanta na ngnóthas lena mbaineann – Coinníoll neamhchomhlíonta

    (An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 41(1))

    (féach míreanna 107, 108, 116-121)

  4. Iomaíocht – Nós imeachta riaracháin – Cearta na cosanta a urramú – Rochtain ar an gcomhad – An comhad a bheith sách iomlán agus beacht – Discréid an Choimisiúin

    (Airteagal 101 CFAE)

    (féach míreanna 124-132)

  5. Iomaíocht – Nós imeachta riaracháin – Iarraidh ar fhaisnéis – Ceanglas go bhfuil nasc idir an gá leis an bhfaisnéis agus an sárú líomhainte – Corrlach breithmheasa an Choimisiúin – Easpa earráid fhollasach mheasúnaithe

    (Rialachán Uimh. 1/2003 ón gComhairle, Airteagal 18)

    (féach míreanna 140-143)

  6. Iomaíocht – Imeachtaí riaracháin – An ráiteas agóidí – Cineál sealadach – Iarmhairtí

    (Riaalchán Uimh. 1/2003 ón gComhairle, Airteagal 27(1))

    (féach míreanna 144-151, 416-417)

  7. Iomaíocht – Nós imeachta riaracháin – Cumhachtaí an Choimisiúin – An chumhacht chun ráitis a bhailiú – Dearbhuithe a bhaineann le hábhar imscrúdaithe – Oibleagáid ar an gCoimisiún taifead a dhéanamh ar aon agallamh a dhéanann sé, i bhfoirm atá faoina rogha féin – Easpa taifeadadh ar agallaimh áirithe ina n-iomláine – Taifeadtaí áirithe a bheith curtha ar aghaidh go déanach ag an ngnóthas is ábhar don imscrúdú – Neamhniú an chinnidh arna ghlacadh ag an gCoimisiún ag deireadh an fhiosrúcháin – Coinníoll – An fhéidearthacht don ghnóthas lena mbaineann a chosaint a áirithiú ar bhealach níos fearr mura mbeadh na hearráidí nós imeachta ann – Coinníoll neamhchomhlíonta

    (Rialachán Uimh. 1/2003 ón gComhairle, Airteagal 19(1); Rialachán Uimh 773/2004 ón gCoimisiún, Airteagal 3)

    (féach míreanna 174-197)

  8. Ceannasacht – An margadh ábhartha – Sainiú – Critéir – Inionadaitheacht – An margadh d’fhoirne sliseanna bunbhanda UMTS – Discréid an Choimisiúin – Gnéithe éagsúla a chur san áireamh sa mheasúnú – Incheadaithe

    (Airteagal 102 CFAE)

    (féach míreanna 200-205, 209-221, 225-227, 231-239)

  9. Ceannasacht – A bheith ann – Fianaise – Sciartha den mhargadh an-tábhachtach a bheith ag an ngnóthas – Fianaise ar leor í go ginearálta

    (Airteagal 102 CFAE)

    (féach míreanna 303-311)

  10. Ceannasacht – Mí-úsáid – Táirgí a dhíol ar phraghsanna creachacha – Athchruthú na bpraghsanna arna n-íoc ag an ngnóthas ceannasach – Anailís ar phraghsanna/costais arna déanamh chun an creachadh a mheasúnú – Anailís bunaithe ar shonraí cuntasaíochta an ghnóthais cheannasaigh – Coigeartuithe atá le déanamh ar na sonraí sin chun na dálaí eacnmaíocha a léiriú – Incheadaithe

    (Airteagal 102 CFAE)

    (féach míreanna 324-344, 355-361, 380-395, 399-405)

  11. Ceannasacht – Mí-úsáid – Táirgí a dhíol ar phraghsanna creachacha – Anailís ar phraghsanna/costais arna déanamh chun an creachadh a mheasúnú – Meánchostais incriminteacha fhadtéarmacha a úsáid mar chostas tagartha – Incheadaithe

    (Airteagal 102 CFAE)

    (féach míreanna 432-443)

  12. Ceannasacht – Mí-úsáid – Táirgí a dhíol ar phraghsanna creachacha – Anailís ar phraghsanna/costais arna déanamh chun an creachadh a mheasúnú – Praghsanna atá faoi bhun mheánchostas iomlán an táirgeora ach os cionn na meánchostas athraitheach iomlán – Praghsanna mí-úsáideacha a bheith ann – Coinníoll – Praghsanna arna socrú chun iomaitheoir a eisiamh – An gá lena scrúdú an bhfuil éifeachtaí frithiomaíocha ann – Níl ann dóibh

    (Airteagal 102 CFAE)

    (féach míreanna 520-527)

  13. Ceannasacht – Mí-úsáid – Táirgí a dhíol ar phraghsanna creachacha – Anailís ar phraghsanna/costais arna déanamh chun an creachadh a mheasúnú – Praghsanna atá faoi bhun mheánchostas iomlán an táirgeora ach os cionn na meánchostas athraitheach iomlán – Praghsanna mí-úsáideacha a bheith ann – Coinníoll – Praghsanna arna socrú chun iomaitheoir a eisiamh – Sraith fianaise dáiríre agus comhsheasmhaí lena léirítear rún den sórt sin

    (Airteagal 102 CFAE)

    (féach míreanna 536-579)

  14. Ceannasacht – Mí-úsáid – Bonn cirt oibiachtúil – Coinníollacha – Iompar a bhfuil údar leis mar gheall ar bhuntáistí a théann chun sochair don iomaíocht – Iompar a bhfuil gá leis go hoibiachtúil – Coinníollacha malartacha – An t-ualach fianaise a leithdháileadh

    (Airteagal 102 CFAE; Rialachán Uimh. 1/2003 ón gComhairle, Airteagal 2)

    (féach míreanna 588-604)

  15. Ceannasacht – Mí-úsáid – Glacadh na teachtaireachta maidir leis na tosaíochtaí ag an gCoimisiún – Iarmhairtí – Féinteorannú ar a dhiscréid

    (Airteagal 102 CFAE; Teachtaireacht ón gCoimisiún 2009/C 45/02)

    (féach míreanna 611-622)

  16. Ceannasacht – Mí-úsáid – Táirgí a dhíol ar phraghsanna creachacha – Iompar creachach atá teoranta do dheighleog shonrach den mhargadh ábhartha – Neamhábhartha

    (Airteagal 102 CFAE)

    (féach míreanna 642, 643)

  17. Iomaíocht – Imeachtaí riaracháin – Scrúdú ar na gearáin – Gearán i gcoinne mí-úsáid ceannasachta – Discréid an Choimisiúin – An Coimisiún gan bheith faoi cheangal ag measúnaithe dlí arna ndéanamh ag an ngearánaí

    (Airteagal 102 CFAE; Teachtaireacht ón gCoimisiún 2004/C 101/ 05, pointe 55)

    (féach míreanna 644, 645)

  18. Caingean le haghaidh neamhniú – Saincheisteanna dlí – Easpa cúiseanna nó cúiseanna neamhleora – Saincheist ar leithligh ón tsaincheist a bhaineann le dlíthiúlacht na substainte

    (Airteagail 263 agus 296 CFAE)

    (féach míreanna 737, 739, 741)

  19. Iomaíocht – Fíneálacha – Méid – Cinneadh – An bunmhéid a ríomh – Luach na ndíolachán a chinneadh – Bliain thagartha – Úsáid sonraí a bhaineann le díolacháin a rinneadh de réir na bliana féilire – Incheadaithe

    (Rialachán Uimh. 1/2003 ón gComhairle, Airteagal 23(1); Teachtaireacht ón gCoimisiún, 2006/C 210/02, pointí 13, 15 agus 16)

    (féach míreanna 763-768)

  20. Iomaíocht – Fíneálacha – Méid – Cinneadh – An bunmhéid a ríomh – Fad an tsáraithe – An méid arna chinneadh a iolrú de réir luach na ndíolachán faoi líon na mblianta rannpháirtíochta sa sárú – Gan an modh sin a chur i bhfeidhm – Oibleagáid ar an gCoimisiún na cúiseanna nár cuireadh i bhfeidhm é a lua – Cúiseanna nach mór a chur in iúl ag an am céanna leis an gcinneadh lena bhforchuirtear an fhíneáil

    (Rialachán Uimh. 1/2003 ón gComhairle, Airteagal 23(1); Teachtaireacht ón gCoimisiún, 2006/C 210/02, pointí 24 agus 37)

    (féach míreanna 769-778)

  21. Iomaíocht – Rialacha an Aontais – Raon feidhme críche – Inniúlacht an Choimisiúin – Incheadaithe de réir an dlí idirnáisiúnta phoiblí – Cur chun feidhme éifeachtaí ar cleachtais mhí-úsáideacha iad laistigh de LEE – Malairt modhanna – An critéar cur chun feidhme

    (Airteagal 102 CFAE)

    (féach míreanna 785-793)

  22. Ceannasacht – Mí-úsáid – Éifeacht ar an trádáil idir Ballstáit – Critéir mheasúnaithe – Cleachtais a bhfuil sé de chuspóir acu an príomhiomaitheoir atá bunaithe sa mhargadh inmheánach a eisiamh ón margadh – Cleachtais a bhaineann le táirgí leathchríochnaithe atá beartaithe do ghléasanna arna margadh san Aontas Eorpach – Cleachtais a d’fhéadfadh éifeacht a bheith acu ar an trádáil idir Ballstáit

    (Airteagal 102 CFAE)

    (féach míreanna 796-800)

  23. Iomaíocht – Fíneálacha – Méid – Cinneadh – Discréid an Choimisiúin – Athbhreithniú breithiúnach – Dlínse neamhtheoranta Chúirteanna an Aontais Eorpaigh – Raon feidhme – Méid na fíneála arna forchur a chinneadh – Critéir mheasúnaithe – Tromchúis agus fad an tsáraithe – Prionsabail na comhréireachta agus indibhidiúlú na bpionós a urramú – Treoirlínte an Choimisiún maidir le ríomh fíneálacha a chur san áireamh

    (Airteagal 101(1) CFAE; Rialachán Uimh. 1/2003 ón gComhairle, Airteagail 23(3) agus 31; Teachtaireacht ón gCoimisiún 2006/C 210/02)

    (féach míreanna 802-819)

Résumé

Maidir le caingean le haghaidh neamhniú arna taisceadh ag Qualcomm Inc. i gcoinne an chinnidh ón gCoimisiún Eorpach lena bhforchuirtear fíneáil air as mí-úsáid ceannasachta ar an margadh d’fhoirne sliseanna UMTS ( 1 ), deimhníonn an Chéad Dlísheomra méadaithe den Chúirt Ghinearálta conclúid an Choimisiúin gur bhain Qualcomm mí-úsáid as a cheannasacht ar an margadh sin, trí phraghsanna faoi bhun na gcostas a chur i bhfeidhm go roghnaitheach d’fhonn iomaitheoir a eisiamh. Mar sin féin, de bhun a dlínse neamhtheoranta, rinne an Chúirt Ghinearálta laghdú beag ar mhéid na fíneála a forchuireadh ar Qualcomm.

Is gnóthas Meiriceánach é Qualcomm atá gníomhach sa réimse teicneolaíochtaí ceallacha agus gan sreang, a fhorbraíonn agus a sholáthraíonn foirne sliseanna bunbhanda, i gcomhar lena fhochuideachtaí. Díoltar a fhoirne sliseanna le gnóthais lena n-úsáid mar threalamh i ngutháin phóca, táibléid, ríomhairí glúine, modúil sonraí agus gléasanna leictreonacha eile do thomhaltóirí.

An 30 Meitheamh 2009, thaisc Icera Inc. gearán leis an gCoimisiún i gcoinne Qualcomm mar gheall ar shárú ar na rialacha iomaíochta, ar cuireadh leagan athbhreithnithe agus ina ionad ina dhiaidh sin an 8 Aibreán 2010, a ndearna an Coimisiún imscrúdú ina leith.

In 2012, thug Nvidia Corp. a ghlac seilbh ar Icera faisnéis bhreise, lena n-áirítear an gearán agus lenar cuireadh in iúl líomhaintí maidir le praghsáil chreiche i gcoinne Qualcomm.

Idir Meitheamh 2010 agus Iúil 2015, sheol an Coimisiún roinnt iarrataí ar fhaisnéis chuig Qualcomm, chuig Icera nó chuig Nvidia agus chuig gníomhairí eile in earnáil na bhfoirne sliseanna bunbhanda.

An 16 Iúil 2015, thionscain an Coimisiún imeachtaí i gcoinne Qualcomm maidir le mí-úsáid líomhainte a bhaint as a cheannasacht i bhfoirm praghsáil chreiche ar an margadh d’fhoirne sliseanna UMTS. Seoladh ráiteas agóidí chuig Qualcomm i Nollaig 2015, agus reáchtáil an Coimisiún éisteacht agus thionscain sé roinnt beart fiosrúcháin ina dhiaidh sin.

Seoladh ráiteas agóidí forlíontach in Iúil 2018 lenar líomhnaíodh tréimhse níos teoranta chreiche agus inar úsáideadh modheolaíocht athbhreithnithe chun comparáid a dhéanamh idir praghsanna agus costais an ghnóthais sin i ndáil leis na díolacháin lena mbaineann a mhaítear a bheith creachach.

Tar éis freagra a fháil ó Qualcomm, éisteacht nua a eagrú agus iarraidh eile ar fhaisnéis agus litir fíoras a sheoladh chuige, chinn an Coimisiún, i gcinneadh an 18 Iúil 2019 ( 2 ), gur bhain Qualcomm mí-úsáid as a cheannasacht ar an margadh d’fhoirne sliseanna UMTS trí chainníochtaí áirithe de na trí fhoireann sliseanna UMTS a sheoladh chuig dhá cheann dá phríomhchustaiméirí, eadhon Huawei agus ZTE, ar phraghsanna faoi bhun na gcostas, ar mhaithe le Icera a eisiamh, arbh é a phríomhiomaitheoir an tráth sin sa deighleog den mhargadh d’fhoirne sliseanna UMTS ar thús cadhnaíochta. Dá réir sin, rinne an Coimisiún fíneáil EUR 242042000 a fhorchur ar Qualcomm.

Thionscain Qualcomm caingean le haghaidh neamhniú i gcoinne an chinnidh sin.

Breithniú na Cúirte Ginearálta

Na hearráidí nós imeachta a líomhnaíodh go ndearna an Coimisiún

Mar thaca lena chaingean, d’éiligh Qualcomm go ndearnadh an Coimisiún roinnt earráidí nós imeachta líomhainte, lena n-áirítear inter alia go raibh fiosrúchán rófhada.

Maidir leis an bpointe sin, meabhraíonn an Chúirt Ghinearálta gur fíor gur mhair an fiosrúchan thart ar 7 mbliana ar an iomlán ón tráth a fuarthas an fhaisnéis a chuir ar chumas don Choimisiún a fhiosrúchán ar an iompar líomhainte. Mar sin féin, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis agus, go sonrach, chastacht an cháis, ní raibh an tréimhse sin rófhada.

Ina theannta sin, bhí tionchar ag iompar Qualcomm freisin ar fhad an nós imeachta sin, ós rud é go ndeachaigh sé i dteagmháil naoi n-uaire leis an oifigeach éisteachta agus gur iarr sé roinnt sínithe ama, éisteacht a chur siar agus éisteacht bhreise a reáchtáil. Thairis sin, trí chaingean le haghaidh neamhniú a thaisceadh i gcoinne iarraidh ar fhaisnéis ón gCoimisiún, agus achomharc i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta a dhiúltaigh don chaingean sin, ní fhéadfadh sé nach dtuigfeadh an t-iarratasóir go gcuirfeadh sin moill ar an bhfiosrúchán.

In aon chás, fiú dá bhféadfaí a mheas go raibh an fiosrúchán sin rófhada, ní bheadh sé de thoradh ar an sárú sin ar an bprionsabal maidir le tréimhse réasúnta go gcuirfí an cinneadh atá faoi chonspóid ar neamhní, ós rud é nár léirigh an t-iarratasóir conas a d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige sin ar a fhéidearthachtaí chun é féin a chosaint.

Diúltaíonn an Chúirt Ghinearálta freisin do na gearáin éagsúla a rinne Qualcomm i gcoinne an chomhaid a chuir an Coimisiún ar aghaidh chuige le linn an nós imeachta riaracháin.

I ndáil leis sin, chuir Qualcomm i leith an Choimisiúin gur mhainnigh an Coimisiún ina oibleagáid nótaí mionsonraithe a ghlacadh faoi na cruinnithe, na comhráite teileafóin agus na hagallaimh go léir, go háirithe le tríú páirtithe, ar mhaithe le faisnéis a bhailiú a bhaineann le hábhar an fhiosrúcháin agus na nótaí sin a chur ar fáil dó go cuí. Mar sin féin, ós rud é nár léirigh Qualcomm gurbh fhearr a bheadh sé in ann a chosaint a áirithiú mura mbeadh a leithéid d’earráid nós imeachta ann, cinneann an Chúirt Ghinearálta, cé nach ndearna an Coimisiún taifead ar na cruinnithe, glaonna teileafóin agus de na comhráite sin agus go raibh cuid de na nótaí díobh róghearr chun an easpa taifeadta sin a chúiteamh, nach bhféadfaí an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní mar gheall air sin.

Sainiú an mhargaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 102 CFAE

Maidir leis an tsubstaint, diúltaíonn an Chúirt Ghinearálta go háirithe don ghearán ó Qualcomm gur cheart don Choimisiún an tástáil ‘small but significant and non-transitory increase in price’ (méadú beag ar an bpraghas, atá suntasach agus neamhshealadach) chun an margadh ábhartha a shainiú chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 102 CFAE, lena dtoirmisctear mí-úsáid a bhaint as ceannasacht sa mhargadh inmheánach nó i gcuid suntasach de.

I ndáil leis sin, tugann an Chúirt Ghinearálta dá haire, cé gur sásra aitheanta é an mhodheolaíocht sin chun an margadh atá i gceist a shainiú i gcomhthéacs an scrúdaithe ar mí-úsáid ceannasachta a bheith ann, nach é sin an t-aon mhodh atá ar fáil don Choimisiún. Don chuid eile, tá corrlach breithmheasa áirithe ag an gCoimisiún i ndáil leis sin.

Dá bhrí sin, chun an margadh ábhartha a shainiú chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 102 CFAE, is féidir leis an gCoimisiún uirlisí eile a chur san áireamh, amhail taighde margaidh nó measúnú ar dhearcthaí tomhaltóirí agus iomaitheoirí eile, gan ordlathas righin a urramú idir na critéir éagsúla measúnaithe atá ar fáil dó.

Mí-úsáid ceannasachta Qualcomm i bhfoirm praghsáil chreiche

De bhrí gur bhain an mhí-úsáid ceannasachta a cuireadh i leith Qualcomm, de réir an chinnidh atá faoi chonspóid, leis an bhfíoras gur sholáthar sé cainníochtaí áirithe de thrí chinn dá fhoirne sliseanna UMTS do dhá cheann dá phríomhchustaiméirí ar phraghsanna faoi bhun a chuid costais, ar mhaithe le Icera a eisiamh ón margadh, chuir Qualcomm i gcoinne na hanailíse ar na praghsanna/costais a rinne an Coimisiún maidir leis na foirne sliseanna atá i gceist agus i gcoinne chonclúidí an Choimisiúin maidir le Icera a eisiamh ón margadh.

A. An anailís ar phraghsanna/costais do na fhoirne sliseanna UMTS atá i gceist

Maidir leis an anailís ar phraghsanna/costais do na foirne sliseanna UMTS a rinneadh sa chinneadh atá faoi chonspóid, cháin Qualcomm rogha an Choimisiúin na meánchostais incriminteacha fhadtéarmacha (‘LRAIC’) a úsáid mar chostais thagartha.

I ndáil leis sin, sonraíonn an Chúirt Ghinearálta, de réir cásdlí socair nach mór a mheas go bhfuil praghsanna faoi bhun na meánchostas athraitheach (‘AVC’), i bprionsabal, mí-úsáideach, de réir bhrí Airteagal 102 CFAE, ós rud é go nglactar leis nach bhfuil gnóthas ceannasach ag saothrú aon chuspóir eacnamaíoch seachas a chuid iomaitheoirí a eisiamh nuair a chuireann sé praghsanna den sórt sin i bhfeidhm (an chéad chás). Os a choinne sin, níor cheart a mheas go bhfuil na praghsanna atá faoi bhun na meánchostas iomlán (‘ATC’) ach os cionn AVCanna mí-úsáideach ach nuair a socraíodh iad i bplean a bhfuil de chuspóir aige iomaitheoir a eisiamh (an dara cás).

Ós rud é go dtagann an cinneadh atá faoi chonspóid faoin dara cás thuasluaite, cuireann an Chúirt Ghinearálta in iúl nach féidir an Coimisiún a cháineadh as LRAICanna a úsáid in áit ATCanna mar chostais thagartha ina anailís ar phraghsanna/costais, ós rud é go bhfuil na LRAICanna níos ísle agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad níos fabhraí do Qualcomm ná mar atá na ATCanna. Thairis sin, níor ghá don Choimisiún a chinneadh an raibh praghsanna Qualcomm faoi bhun na AVCanna nó na LRAICanna freisin, ós rud é gur roghnaigh sé rún Qualcomm chun iomaitheoir a eisiamh a fhíorú ar aon nós.

Thairis sin, ós rud é go bhfuil ríomh na bpraghsanna bunaithe ar na costais athraitheacha amháin mí-oiriúnach chun praghsáil chreiche a aithint in earnáil na leathsheoltóirí, ina bhfuil costais sheasta arda, go háirithe i réimse na taighde agus na forbartha, b’iomchuí LRAICanna a úsáid mar chostas tagartha chun praghsáil chreiche a aithint san earnáil sin.

B. Eisiamh Icera ón margadh

Maidir le conclúidí an Choimisiúin i ndail le Icera a eisiamh ón margadh, cuireann Qualcomm ina choinne go háirithe nach ndearna sé anailís ar an iomaitheoir ‘chomh héifeachtach céanna’ ar an margadh ábhartha agus nach ndearna sé scrúdú an raibh ráta clúdaithe an mhargaidh ag an iompar líomhainte ar scála leordhóthanach chun go mbeidh éifeachtaí frithiomaíocha aige.

Maidir leis an bpointe deireanach sin, tugann an Chúirt Ghinearálta dá haire, contrártha le líomhaintí Qualcomm, nach gceanglaítear ar an gCoimisiún, dá réir sin, le linn a imscrúdaithe ar phraghsáil chreiche a bheith ann arna chur i bhfeidhm ag gnóthas ceannasach, scrúdú a dhéanamh an bhfuil ráta clúdaigh an mhargaidh ag an gcleachtas a chuirtear ina choinne ar scála leordhóthanach chun go mbeidh éifeachtaí frithiomaíocha ag an gcleachtas sin.

Maidir leis na hargóintí nár cuireadh i bhfeidhm an critéar a bhaineann leis an iomaitheoir ‘chomh héifeachtach céanna’ ar an margadh ábhartha, tugann an Chúirt Ghinearálta dá haire, i gcomhthéacs fiosrúchán a bhaineann le praghsáil chreiche fhéideartha, go n-áirítear cheana anailís ar an iomaitheoir ‘chomh héifeachtach céanna’ in anailís ina ndéanann an Coimisiún comparáid, mar a dhéantar anseo, idir na praghsanna arna gcleachtadh ag gnóthas atá i staid cheannasach i ndáil le cuid dá chostais chun measúnú a dhéanamh ar chuir sé praghsanna i bhfeidhm atá faoi bhun na ATCanna ach os cionn na AVCanna. A mhéid a shocraíonn an gnóthas ceannasach a phraghsanna ar leibhéal atá faoi bhun na ATCanna ach os cionn na AVCanna, ní fhéadfadh iomaitheoir ‘chomh héifeachtach céanna’ leis an ngnóthas sin, i bprionsabal, mar gheall ar a acmhainn airgeadais níos ísle, dul san iomaíocht leis na praghsanna sin gan caillteanais nach féidir leis a sheasamh san fhadtéarma a dhéanamh. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh praghsanna den sórt sin iomaitheoir ‘atá chomh héifeachtach céanna’ a eisiamh, a fhreagraíonn don mhéid nach mór don Choimisiún a léiriú i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an chritéir ‘an t-iomaitheoir chomh éifeachtach céanna’ chun a léiriú go bhféadfadh cleachtas frithiomaíoch a bheith eisiatach.

Maidir leis an gonclúid a cuireadh in iúl sa chinneadh atá faoi chonspóid a bhaineann leis an rún a bhí ag Qualcomm chun Icera a eisiamh ón margadh atá i gceist, luann an Chúirt Ghinearálta, thairis sin, gur chuir an Coimisiún fianaise dhíreach agus indíreach ar fáil chun tacú leis an gconclúid sin. Ós rud é gur thug Qualcomm faoi cheist, sa chomhthéacs sin, an léiriú a thug an Coimisiún ar roinnt comhfhreagras ríomhphost inmheánach, tugann an Chúirt Ghinearálta dá haire nár chuir Qualcomm i gcoinne na fianaise dírí eile ná na sraithe fianaise indírí ar a raibh an Coimisiún ag brath agus gur leor an fhianaise sin, inti féin, chun a léiriú go raibh an rún ag Qualcomm chun Icera a eisiamh. In aon chás, dar leis an gCúirt Ghinearálta, is sraith fianaise dáiríre agus comhsheasmhaí é an comhfhreagras ríomhphoist freisin ónar féidir a shuí go raibh an rún ag Qualcomm chun Icera a eisiamh.

Comhlíonadh na teachtaireachta maidir leis na tosaíochtaí ag an gCoimisiún ( 3 )

Mar an gcéanna, diúltaíonn an Chúirt Ghinearálta do na gearáin éagsúla lena n-éilítear nár urramaigh an Coimisiún a theachtaireacht féin maidir leis na tosaíochtaí.

Dar leis an gCúirt Ghinearálta, cé go gcuirtear teorainn le discréid an Choimisiúin leis an teachtaireacht sin, ní fhéadfaidh an teachtaireacht, a mhéid nach bhféadfaidh an Coimisiún imeacht ón teachtaireacht sin gan cúiseanna a lua, níor éirigh le Qualcomm a léiriú gur imigh an Coimisiún ón gcreat ginearálta anailíse a shocraítear ina theachtaireacht maidir leis na tosaíochtaí.

Agus í ag tagairt don teachtaireacht sin agus do chásdlí na Cúirte Breithiúnais, aontaíonn an Chúirt Ghinearálta leis an gCoimisiún a mhéid a bhí an ceart aige iompar a bhí teoranta do dheighleog den mhargadh ábhartha a phionósú agus nach raibh sé de cheangal air teorainneacha na deighleoige sin a shainiú go beacht, mar atá sé d’oibleagáid air a dhéanamh i dtaca leis an margadh ábhartha chun a fhíorú an bhfuil ceannasacht ann.

An t-éileamh nach bhfuil ceanglas idir mí-úsáid ceannasachta arna cinneadh ag an gCoimisiún agus na líomhaintí go ndearnadh sárú ar Airteagal 102 CFAE a ndearnadh gearán ina leith

Contrártha don mhéid a mhaíonn Qualcomm, ní féidir dlíthiúlacht an chinnidh atá faoi chonspóid a thabhairt faoin gceist leis an éileamh nach bhfuil ceangal idir mí-úsáid ceannasachta i bhfoirm praghsáil chreiche, arna fionnadh sa chinneadh atá faoi chonspóid agus na líomhaintí a ndearnadh an gearán tosaigh ina leith.

Sa chomhthéacs sin, rinne Qualcomm gearán go sonrach i ndáil leis an bhfíoras nach raibh na chéad líomhaintí maidir le praghsáil chreiche curtha in iúl ag Nvidia go dtí 2012, is é sin trí bliana i ndiaidh an gearán a thaisceadh i gcoinne Qualcomm.

I ndáil leis sin, tugann an Chúirt Ghinearálta dá haire, gur gnáthchleachtas de chuid an Choimisiúin é a ligean don ghearánaí na líomhaintí arna gcur in iúl sa ghearán a fhorbairt chun an chéad fhreagairt ón gCoimisiún a chur san áireamh, mar ab amhlaidh sa chás seo.

Ina theannta sin, is léir ón ngá atá ann lena áirithiú go héifeachtach go gcuirtear i bhfeidhm na rialacha i réimse na hiomaíochta nach féidir leis an gCoimisiún a bheith faoi cheangal ag an gcreat agus na measúnuithe dlí arna gcur in iúl ag gearánaí.

In aon chás, níor mhínigh Qualcomm conas a d’fhéadfadh an fíoras nár chuir Icera na líomhaintí maidir le creachadh in iúl ach go sách déanach conclúidí an Choimisiúin ar an bpointe sin a thabhairt faoi ceist, ar tháinig sé orthu i ndiaidh fiosrúchán domhain a rinne sé.

Ríomh na fíneála arna forchur ar Qualcomm

Sa chinneadh atá faoi chonspóid, chinn an Coimisiún fíneáil a fhorchur ar Qualcomm, arna ríomh ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach i dtreoirlínte 2006 ( 4 ).

Chun bunmhéid na fíneála sin a ríomh, chinn an Coimisiún méid luach na ndíolachán, de réir bhrí na dtreoirlínte sin, ar dtús, trí luach na ndíolachán d’fhoirne sliseanna UMTS arna ndéanamh ag Qualcomm idir an dara ráithe den bhliain 2009 agus an chéad ráithe den bhliain 2011 a shuimiú. Ansin, chuir sé fachtóir tromchúise i bhfeidhm agus chuir sé méid breise díspreagtha leis. Ar deireadh, mheas an Coimisiún, in éagmais imthoisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach, nár cheart bunmhéid na fíneála a athrú.

I ndáil leis sin, cinneann an Chúirt Ghinearálta, ar an gcéad dul síos, go raibh sé de cheart ag an gCoimisiún an bunmhéid a ríomh bunaithe ar na sonraí a measadh a bheith ar na sonraí ab iontaofa a chuir Qualcomm ar fáil maidir le luach na ndíolachán arna gcur in iúl de réir na bliana féilire, seachas de réir na bliana cánach.

Os a choinne sin, ar an dara dul síos, maidir leis an tagairt a rinne an Coimisiún do na díolacháin a rinne Qualcomm le linn thréimhse iomlán an tsáraithe, is léir ó phointe 24 de threoirlínte 2006, ar mhaithe le fad rannpháirtíocht gach gnóthais sa sárú a chur san áireamh go hiomlán, go ndéanfar an méid arna chinntiú ar bhonn luach na ndíolachán a iolrú faoi líon na mblianta rannpháirtíochta sa sárú.

Dá réir sin, trí luach na ndíolachán arna ndéanamh ag Qualcomm le linn na tréimhse iomláine den sárú a shuimiú seachas luach na ndíolachán a rinneadh le linn na bliana féilire deireanaí den sárú a iolrú faoi líon na mblianta rannpháirtíochta sa sárú, rinne an Coimisiún neamhaird de phointe 24 de threoirlínte 2006.

Cé gur fíor go gceadaítear le pointe 37 de threoirlínte 2006 don Choimisiún, go ginearálta, imeacht ón modh a cheanglaítear leis na treoirlínte sin, fós féin, i gcás den sórt sin, ceanglaítear air cúiseanna a thabhairt gur roghnaigh sé gan an mhodheolaíocht sin a chur chun feidhme agus na cúiseanna sin a chur in iúl ag an am céanna leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, rud nach ndearna sé sa chás seo.

Dá bhrí sin, cuireann an Chúirt Ghinearálta an cinneadh atá faoi chonspóid ar neamhní a mhéid a shocraíonn sé an fhíneáil a fhorchuirtear ar Qualcomm ag EUR 242042000.

Cinneadh na Cúirte Ginearálta maidir le méid na fíneála arna forchur ar Qualcomm

Leis an dlínse neamhtheoranta atá ag an gCúirt Ghinearálta, údaraítear di, taobh amuigh den athbhreithniú ar dhlíthiúlacht an phionóis, nach gceadaítear di ach diúltú don chaingean le haghaidh neamhniú nó an gníomh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, a measúnú a chur in ionad mheasúnú an Choimisiúin agus, dá bhrí sin, an gníomh atá faoi chonspóid a leasú, i bhfianaise na gcúinsí fíorais go léir, d’fhonn, inter alia, méid na fíneála a athrú, chun an méid sin a laghdú nó a mhéadú.

I bhfeidhmiú na dlínse sin, measann an Chúirt Ghinearálta gurb iomchuí an mhodheolaíocht a leagtar síos i dTreoirlínte 2006 a chur chun feidhme d’fhonn méid na fíneála chun Qualcomm a phionósú sa chás seo a chinneadh. Dá bhrí sin, de bhun na modheolaíochta sin, socraíonn an Chúirt Ghinearálta méid na fíneála arna fhorchur ar Qualcomm as praghsáil chreiche roghnaitheach a chur chun feidhme ar feadh dhá bhliain d’fhonn Icera a eisiamh ón margadh d’fhoirne sliseanna UMTS ag EUR 238732 659.33.


( 1 ) Is foirne sliseanna bunbhanda iad foirne sliseanna UMTS a úsáideann caighdeáin cumarsáide tríú glúin (3G atá bunaithe ar an teicneolaíocht ‘Córas Uilíoch do Theileachumarsáid Mhóibíleach’ (UMTS).

( 2 ) Airteagal 2 de Chinneadh C(2019) 5361 final ón gCoimisiún an 18 Iúil 2019 maidir le nós imeachta de bhun Airteagal 102 CFAE agus Airteagal 54 de Chomhaontú LEE (Cás AT.39711 - Qualcomm (praghsáil eisiatach)) (‘an cinneadh atá faoi chonspóid).

( 3 ) Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le treoirlínte agus tosaíochtaí an Choimisiúin chun Airteagal [102 CFAE] a chur i bhfeidhm i ndáil le cleachtais eisiatacha mí-úsáideacha gnóthas ceannasach (IO 2009 C 45, lch 7‘an teachtaireacht maidir leis na tosaíochtaí’)

( 4 ) Treoirlínte maidir le fíneálacha arna bhforchur de bhun Airteagal 23(2)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 (IO 2006 C 210, lch. 2, ‘treoirlínte 2006’).