BREITHIÚNAS NA CÚIRTE GINEARÁLTA (an Chéad Dlísheomra méadaithe)
18 Meán Fómhair 2024 ( *1 ) ( i )
(Iomaíocht – Mí-úsáid ceannasachta – An margadh d’fhoirne sliseanna bunbhanda UMTS – Cinneadh go ndearnadh sárú ar Airteagal 102 CFAE agus Airteagal 54 de Chomhaontú LEE – Praghsáil chreiche – Inniúlacht údar an ghnímh – Cearta cosanta – Sainiú an mhargaidh ábhartha – Ceannasacht – Mí-úsáid – Praghsanna a athchruthú – Na costais tagartha a chinneadh – Anailís ar phraghsanna/costais – Níl ceanglas ann éifeachtaí nithiúla a léiriú – Rún chun iomaitheoir a eisiamh – Údar oibiachtúil – Méid na fíneála a ríomh – Treoirlínte chun méid fíneálacha a ríomh, 2006 – Luach na ndíolachán – Méid breise – Dlínse neamhtheoranta)
I gCás T‑671/19,
Qualcomm, Inc., a bunaíodh in San Diego, California (na Stáit Aontaithe), dá ndéanann M. Davilla, M. Pinto de Lemos Fermiano Rato, M. English agus A. Kontosakou, abhcóidí, ionadaíocht,
iarratasóir,
v
an Coimisiún Eorpach, dá ndéanann H. van Vliet, G. Conte, M. Farley agus C. Urraca Caviedes ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,
cosantóir,
le tacaíocht ó
Nvidia Corp., dá ndéanann M. Dolmans, avocat, P. Stuart, Abhcóide agus W. Lin, aturnae, ionadaíocht,
idiragraí,
tugann AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Chéad Dlísheomra méadaithe),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: D. Spielmann, Uachtarán, V. Valančius, R. Mastroianni (Rapóirtéir), I. Gâlea agus T. Tóth, Breithiúna,
Cláraitheoir: M. Zwozdziak-Carbonne, riarthóir,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,
tar éis éisteacht ón 13 go dtí an 15 Márta 2023,
an breithiúnas seo a leanas
Breithiúnas
|
1 |
Lena chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t‑iarratasóir, Qualcomm Inc., Cinneadh C(2019) 5361 final ón gCoimisiún an 18 Iúil 2019 maidir le nós imeachta de bhun Airteagal 102 CFAE agus Airteagal 54 de Chomhaontú LEE (Cás AT.39711 – Qualcomm (praghsáil eisiatach)) (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’) a chur ar neamhní nó, mura féidir sin, méid na fíneála a forchuireadh air leis an gcinneadh sin a chur ar ceal nó a laghdú. |
Cúlra na díospóide
Comhthéacs an cháis
|
2 |
Is cuideachta Mheiriceánach é Qualcomm a cruthaíodh in 1985, i réimse na teicneolaíochta ceallaí agus gan sreang. Cuireann sé a ghníomhaíochtaí i gcrích trí mheán Qualcomm CDMA Technologies (‘QCT’) agus Qualcomm Technology Licensing. Is forbróir agus soláthraí é QCT, inter alia, d’fhoirne sliseanna bunbhanda, de chineál leathsheoltóra agus bogearraí córais bunaithe ar rochtain iolrach trí chód ilroinnte (CDMA), ilphléacsú ortagánach roinnte minicíochta (OFDMA) agus teicneolaíochtaí eile arna n‑úsáid le haghaidh cumarsáidí gutha agus cumarsáidí sonraí. Díoltar foirne sliseanna Qualcomm (agus tá a bhogearraí córais ceadúnaithe) le gnóthais lena n‑úsáid mar threalamh i ngutháin phóca, táibléid, ríomhairí glúine, modúil sonraí agus gléasanna leictreonacha eile le haghaidh tomhaltóirí. Bainistíonn Qualcomm Technology Licensing an clár deonaithe ceadúnas a bhaineann le maoin intleachtúil Qualcomm, trí cheadúnais a dheonú do sholáthraithe gléasanna móibíleacha go príomha. |
|
3 |
Teastaíonn nasc idirlín ardluais do ghléasanna móibíleacha amhail gutháin phóca, táibléid agus gléasanna eile nasctha trí ghréasáin teileachumarsáide móibílí ceallaí. |
|
4 |
Is é an próiseálaí bunbhanda an chomhpháirt shár-riachtanach lena gcuirtear nascacht mhóibíleach ar fáil i ngléas, agus áirithíonn sé an fheidhmiúlacht próiseáilte comharthaí de réir na bprótacal cumarsáide a ndéantar cur síos orthu sna caighdeáin cheallacha. Is féidir na próiseálaithe bunbhanda a chur isteach sna gléasanna móibíleacha go díreach, amhail fóin chliste, nó i módúil sheachtracha a chuirtear isteach i ngléas. Bíonn próiseálaí den sórt sin déanta as ábhar leathsheoltóra (amhail sileacón) agus iad curtha isteach i bhfoireann sliseanna ar a dtugtar ‘foireann sliseanna bunbhanda’. |
|
5 |
De bhreis ar an bpróiseálaí bunbhanda, teastaíonn próiseálaí feidhme, a úsáidtear chun an córas oibriúcháin a bhainistiú agus le haghaidh feidhmchláir amhail teachtaire, nascleanúint ar an idirlíon, íomhánna agus cluichí. Is féidir an próiseálaí feidhme sin a sholáthar mar tháirge neamhspleách, i bhfoireann sliseanna ar leith, nó é a chur isteach i bpróiseálaí bunbhanda laistigh d’aon fhoireann sliseanna amháin. Dá réir sin, is féidir na foirne sliseanna bunbhanda a leithroinnt mar seo a leanas:
|
|
6 |
Gan beann ar phróiseálaí feidhme a bheith ann, déantar próiseálaí bunbhanda a chomhcheangal le dhá ghné bhreise chun a fheidhmiúlacht a fhorlíonadh, eadhon ciorcad comhtháite raidióchumarsáide, ar a ngairtear ‘trasghlacadóir RF’, agus an ciorcad comhtháite bainistíochta cumhachta. Tá gá leis na trí chomhpháirt sin (próiseálaí bunbhanda, trasghlacadóir RF agus ciorcad comhtháite rialaithe cumhachta) le haghaidh nascacht mhóibíleach agus is gnách go gceannaítear ón soláthraí céanna iad, le chéile nó ar leithligh. |
|
7 |
Go ginearálta, díoltar na foirne sliseanna bunbhanda le soláthraithe, a chuireann iad isteach i ngléasanna a úsáideann nascacht mhóibíleach, amhail Apple, HTC Corporation, Huawei Technologies Co. Ltd (‘Huawei’), LG Corp., Nokia Corporation, Samsung Group (‘Samsung’) agus ZTE Corporation. |
|
8 |
Ó 2009 go 2011, d’fhéadtaí dhá phríomhchatagóir a dhéanamh de na gléasanna móibíleacha ina bhfuil foirne sliseanna bunbhanda. Ar thaobh amháin, gutháin phóca (de chineálacha éagsúla, uathu siúd nach soláthraíonn ach feidhmiúlachtaí bunúsacha, amhail seirbhísí gutha, go fóin chliste) agus, ar an taobh eile, gléasanna MBB, eadhon gléasanna a sholáthraíonn nascacht seachas gutháin phóca, nach mbíonn seirbhísí gutha iontu de ghnáth (mar shampla, táibléid, cártaí sonraí amhail eochracha USB ag a bhfuil rochtain cheallach, ródairí gan sreang a fheidhmíonn ar LRAIC nó ríomhairí glúine). |
|
9 |
Úsáideadh móideim slim go príomha do roinnt gléasanna MBB, amhail cártaí sonraí, go príomha, toisc nach raibh aon fheidhmiúlacht próiseála riachtanach dóibh, seachas nascacht agus go raibh margadh na ngléasanna sin, go háirithe margadh na ngléasanna atá comhoiriúnach le caighdeáin cumarsáide tríú glúin (3G) bunaithe ar an teicneolaíocht ‘Córas Uilíoch do Theileachumarsáid Mhóibíleach’ (UMTS) i bhfad níos lú ná margadh na nguthán póca. |
|
10 |
Mar a sonraíodh i mír 4 thuas, chun nascacht a chur ar fáil, ní mór don fhoireann sliseanna bunbhanda ceann de na caighdeáin chumarsáide a úsáid. Ag an tús, níor soláthraíodh leis na caighdeáin chumarsáide den chéad ghlúin (1G), eadhon na caighdeáin cumarsáide analóige, agus leis na caighdeáin chumarsáide den dara glúin (2G), a tháinig ina n‑ionad, eadhon na caighdeáin cumarsáide digití, ach cumarsáid ghutha. Ina dhiaidh sin, leathnaíodh an caighdeán a forbraíodh le caighdeáin cumarsáide 2G, eadhon ‘an Córas Domhanda do Chumarsáid Mhóibíleach’ (GSM) chun tacú le luas níos airde agus iompar sonraí i mód ‘pacáiste’ trí na breisithe ‘Radaisheirbhísí Ginearálta Paicéad’ (GPRS) agus ‘Rátaí Breisithe Sonraí le haghaidh Eabhlóid GSM’ (EDGE). |
|
11 |
Leis na caighdeáin cumarsáide 3G, bunaithe ar theicneolaíocht UMTS, eadhon teicneolaíocht cumarsáide móibílí gan sreang, d’fhéadtaí ar dtús (thart ar 2000) sruthanna sonraí suas go 0.348 meigighiotán in aghaidh an tsoicind (Mbps) a láimhseáil, rud nár leor é chun feidhmiú feidhmeanna arb iondúil a bheith ar ardluas, amhail nascleanúint iomlán ar an idirlíon agus sruthú físeán. Le forbairtí ina dhiaidh sin, neartaíodh an acmhainn sonraí a tharchur leis na caighdeáin chumarsáide sin. Leis an teicneolaíocht, ‘Rochtain Paicéad Ardluais’ (HSPA), cuireadh ar chumas rátaí sonraí suas go 14 Mbps a láimhseáil agus leis an teicneolaíocht ‘Rochtain Paicéad Ardluais Éabhlóidithe’ (HSPA +), cuireadh ar chumas rátaí sonraí suas go 28 Mbps a phróiseáil, nó suas go 42 Mbps fiú. |
|
12 |
I bprionsabal, maidir leis na foirne sliseanna lena dtacaítear le teicneolaíocht UMTS (‘foirne sliseanna UMTS’), tacaítear freisin leis an gcaighdeán breisithe GSM/EDGE, a optamaíodh ar dtús do theileafónaíocht ghutha. Is é an chúis leis sin ná go bhfuil an caighdeán breisithe sár-riachtanach i gcónaí le haghaidh gutháin phóca, óir i gcás fhormhór na n‑oibreoirí de ghréasáin mhóibíleacha, bhí ról tábhachtach fós ag GSM ó thaobh clúdaigh agus acmhainne. Is amhlaidh go bhféadfadh an caighdeán breisithe a bheith úsáideach do ghléasanna MBB, cé nach bhféadfadh sé nascacht leathanbhanda a sholáthar. Leis an tacaíocht nascachta bunúsaí, cuireadh ar chumas le GSM leanúnachas na seirbhíse a áirithiú i gcás bearnaí i gclúdach an ghréasáin a úsáideann teicneolaíocht UMTS. |
|
13 |
Ó dheireadh 2008, tháinig an teicneolaíocht ‘Éabhlóid Fhadtéarmach’ (LTE) chun cinn. Bhí na chéad fhoirne sliseanna lena dtacaítear leis comhoiriúnach leis an teicneolaíocht sin amháin, rud a chuir bac ar a n‑úsáid i gcleachtas mar gheall imlonnú teoranta na ngréasán ina n‑úsáidtear an teicneolaíocht sin. De réir a chéile, d’fhorbair na príomhsholáthraithe d’fhoirne sliseanna bunbhanda foirne sliseanna a thacaíonn le teicneolaíochtaí UMTS agus le teicneolaíochtaí LTE, agus bhí na chéad chinn acu ar fáil ar an margadh in 2011 nó in 2012. Forbraíodh teicneolaíochtaí UMTS agus LTE go comhuaineach chun feidhmíocht agus idir-inoibritheacht a fheabhsú. |
Nós imeachta riaracháin
|
14 |
An 30 Meitheamh 2009, thaisc Icera Inc. gearán leis an gCoimisiún Eorpach i gcoinne Qualcomm, gearán a ionadaíodh ina dhiaidh sin le leagan athbhreithnithe agus curtha chun dáta an 8 Aibreán 2010 (‘an gearán’), agus chuir an Coimisiún tús lena fhiosrúchán ar an mbonn sin. |
|
15 |
In 2012, thug an t‑idiragraí, Nvidia Corp. a ghlac seilbh ar Icera i mí na Bealtaine 2011 faisnéis bhreise, lena n‑áirítear an gearán agus lenar cuireadh in iúl líomhaintí maidir le praghsáil chreiche i gcoinne Qualcomm. |
|
16 |
Idir Meitheamh 2010 agus Iúil 2015, sheol an Coimisiún roinnt iarrataí ar fhaisnéis chuig Qualcomm, chuig Icera nó chuig Nvidia agus chuig gníomhairí eile in earnáil na bhfoirne sliseanna bunbhanda. Go sonrach, sheol an Coimisiún chuig Qualcomm, ar dtús, iarraidh ar fhaisnéis an 7 Meitheamh 2010, arna glacadh de bhun Airteagal 18(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail [101 agus 102 CFAE] (IO 2003 L 1, lch. 1), ar an dara dul síos, iarraidh ar fhaisnéis an 3 Samhain 2011, arna glacadh de bhun Airteagal 18(3) den Rialachán sin, ar an tríú dul síos, iarraidh ar fhaisnéis an 10 Iúil 2013, arna glacadh de bhun Airteagal 18(3) den Rialachán sin, ar an gceathrú dul síos, iarraidh ar fhaisnéis an 13 Feabhra 2014, arna glacadh de bhun Airteagal 18(1) agus (2) den Rialachán sin, ar an gcúigiú dul síos, iarraidh ar fhaisnéis an 13 Deireadh Fómhair 2014, arna glacadh de bhun Airteagal 18(3) den Rialachán sin agus, ar deireadh, iarraidh chomhpháirteach ar fhaisnéis an 14 Eanáir 2015, a glacadh freisin i gCás AT.40220 – Qualcomm (íocaíochtaí eisiachais). Tugadh caingean os comhair na Cúirte Ginearálta (breithiúnas an 15 Meitheamh 2022, Qualcomm v an Coimisiún (Qualcomm – íocaíochtaí eisiachais), T‑235/18, EU:T:2022:358). |
|
17 |
An 16 Iúil 2015, chuir an Coimisiún tús, de réir bhrí Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2004 maidir le seoladh nósanna imeachta arna gcur i bhfeidhm ag an gCoimisiún de bhun Airteagail [101 agus 102 CFAE] (IO 2004 L 123, lch. 18), le nós imeachta i gcoinne Qualcomm i gCás AT.39711 – Qualcomm (praghsáil eisiatach). Bhain na himeachtaí sin le mí-úsáid a bheith á baint ag Qualcomm as a cheannasacht i bhfoirm praghsáil chreiche ar an margadh d’fhoirne sliseanna UMTS. |
|
18 |
An 8 Nollaig 2015, ghlac an Coimisiún, de réir bhrí Airteagal 27(1) de Rialachán Uimh. 1/2003 agus Airteagal 10(1) de Rialachán Uimh. 773/2004 ráiteas agóidí i gcoinne Qualcomm (‘an ráiteas agóidí’). |
|
19 |
Idir Nollaig 2015 agus Iúil 2016, fuair Qualcomm rochtain ar an gcomhad. |
|
20 |
Go sonrach, le litir an 18 Aibreán 2016, d’iarr Qualcomm ar an oifigeach éisteachta, i gcomhréir le hAirteagal 3(7) agus le hAirteagal 7(1) de Chinneadh 2011/695/AE ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an 13 Deireadh Fómhair 2011 maidir le feidhm agus téarmaí tagartha na nOifigeach Éisteachta in imeachtaí iomaíochta áirithe (IO 2011 L 275, lch. 29) rochtain bhreise ar ghnéithe áirithe den chomhad. I ndiaidh an athbhreithnithe arna dhéanamh ag an oifigeach éisteachta, cuireadh leaganacha níos cuimsithí ar fáil do Qualcomm. |
|
21 |
An 15 Lúnasa 2016, sheol Qualcomm a fhreagra ar an ráiteas agóidí (‘an freagra ar an ráiteas agóidí’) inar cuireadh i gcoinne chonclúidí tosaigh an Choimisiúin. |
|
22 |
An 10 Samhain 2016, reáchtáladh éisteacht ar iarratas ó Qualcomm. |
|
23 |
I ndiaidh na héisteachta sin, ghlac an Coimisiún roinnt bearta fiosrúcháin agus sheol sé, idir 2017 agus 2019, iarrataí nua ar fhaisnéis chuig Qualcomm agus chuig gníomhairí eile in earnáil na bhfoirne sliseanna bunbhanda. |
|
24 |
Go sonrach, an 30 Eanáir 2017, sheol an Coimisiún iarraidh ar fhaisnéis chuig Qualcomm de bhun Airteagal 18(1) agus (2) de Rialachán Uimh. 1/2003; níor thug an Coimisiún freagra ar an iarraidh sin. An 31 Márta 2017, sheol an Coimisiún iarraidh ar fhaisnéis chuig Qualcomm trí chinneadh de bhun Airteagal 18(3) den Rialachán sin. |
|
25 |
An 13 Meitheamh 2017, thaisc Qualcomm caingean le haghaidh neamhniú sa Chúirt Ghinearálta i gcoinne an chinnidh ón gCoimisiún an 31 Márta 2017. Thaisc Qualcomm iarraidh bunaithe ar Airteagail 278 agus 279 CFAE freisin, chun an cinneadh sin a chur ar fionraí nó, mar mhalairt air sin, bearta eatramhacha a ghlacadh i ndáil leis sin. Le hordú an 12 Iúil 2017, Qualcomm agus Qualcomm Europe (T‑371/17 R, nár foilsíodh, EU:T:2017:485), dhiúltaigh Uachtarán na Cúirte Ginearálta don iarraidh ar fhionraíocht agus, le breithiúnas an 9 Aibreán 2019, Qualcomm agus Qualcomm Europe v an Coimisiún (T‑371/17, nár foilsíodh, EU:T:2019:232), dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don iarraidh ar an gcinneadh sin a chur ar neamhní. Dhiúltaigh an Chúirt Bhreithiúnais d’achomharc Qualcomm ina iomláine, achomharc lenar iarradh an breithiúnas sin a chur ar ceal, ina breithiúnas an 28 Eanáir 2021, Qualcomm agus Qualcomm Europe v an Coimisiún (C‑466/19 P, EU:C:2021:76). |
|
26 |
An 10 Samhain 2017, sheol an Coimisiún, de bhun Airteagal 18(1) agus (2) de Rialachán Uimh. 1/2003 iarraidh nua ar fhaisnéis chuig Qualcomm. |
|
27 |
An 19 Iúil 2018, ghlac an Coimisiún ráiteas agóidí forlíontach (‘an ráiteas agóidí forlíontach’) i leith Qualcomm, lenar líomhnaíodh tréimhse níos teoranta chreiche agus inar úsáideadh modheolaíocht athbhreithnithe chun comparáid a dhéanamh idir praghsanna agus costais Qualcomm i ndáil leis na díolacháin lena mbaineann a mhaítear a bheith creachach. |
|
28 |
Idir an 31 Iúil agus an 28 Meán Fómhair 2018, fuair Qualcomm rochtain ar na doiciméid a cuireadh isteach i gcáschomhad an Choimisiúin i ndiaidh an ráiteas agóidí a ghlacadh an 8 Nollaig 2015. |
|
29 |
An 22 Deireadh Fómhair 2018, sheol Qualcomm freagra ar an ráiteas agóidí forlíontach (‘an freagra ar an ráiteas agóidí forlíontach’) inar cuireadh i gcoinne chonclúidí tosaigh an Choimisiúin arna leagan amach sa ráiteas agóidí agus arna bhforlíonadh sa ráiteas agóidí forlíontach. |
|
30 |
An 10 Eanáir 2019, reáchtáladh éisteacht eile ar iarratas ó Qualcomm. |
|
31 |
An 5 Feabhra 2019, sheol an Coimisiún iarraidh ar fhaisnéis chuig Qualcomm de bhun Airteagal 18(1) agus (2) de Rialachán Uimh. 1/2003. |
|
32 |
An 22 Feabhra 2019, sheol an Coimisiún litir inar leagadh amach na fíorais (‘an litir fíoras’) chuig Qualcomm a raibh mar aidhm aici, dar leis, ar an gcéad dul síos, soiléiriú a thabhairt do Qualcomm faoi ghnéithe áirithe a leagadh amach sa ráiteas agóidí forlíontach, gnéithe a thug Qualcomm faoi cheist ina fhreagra ar an ráiteas agóidí forlíontach, ar an dara dul síos, é a chur ar an eolas faoin bhfianaise atá ann cheana agus nár ardaíodh go sainráite sa ráiteas agóidí nó sa ráiteas agóidí forlíontach ach, i ndiaidh anailís fhorlíontach ar an gcomhad, a d’fhéadfadh a bheith ábhartha chun tacú le conclúidí tosaigh an ráitis agóidí, arna bhforlíonadh leis an ráiteas agóidí forlíontach agus, ar an tríú dul síos, nuashonruithe áirithe atá teoranta don anailís ar phraghsanna/costais a rinneadh sa ráiteas agóidí forlíontach. Bhí doiciméid eile mar cheangaltáin leis an litir fíoras nár cuireadh ar fáil do Qualcomm roimhe sin. |
|
33 |
An 24 Márta agus an 25 Aibreán 2019, rinne Qualcomm a bharúlacha faoin litir fíoras a thíolacadh. |
|
34 |
An 18 Iúil 2019, ghlac an Coimisiún an cinneadh faoi chonspóid. |
Inneachair an chinnidh atá faoi chonspóid
Táirgí lena mbaineann
|
35 |
Tar éis dó cur i gcoinne agóidí Qualcomm i ndáil leis na hearráidí nós imeachta líomhainte a bhaineann leis an nós imeachta riaracháin, chuir an Coimisiún cur síos mionsonraithe ar fáil den chomhthéacs ina raibh Qualcomm agus a iomaitheoirí, lena n‑áirítear Icera, ag feidhmiú, i réimse na teicneolaíochta agus na maoine intleachtúla. Go sonrach, luaigh an Coimisiún gur foirne sliseanna UMTS a bhí sna táirgí lenar bhain a fhiosrúchán, eadhon MDM8200, MDM6200 agus MDM8200A de chuid Qualcomm, a bhí in iomaíocht le foirne sliseanna UMTS de chuid Icera, tráth an tsáraithe lena mbaineann, go háirithe foirne sliseanna ICE8040, ICE8042 agus ICE8060. |
|
36 |
Dar leis an gCoimisiún, b’ionann na táirgí sin go léir agus foirne sliseanna bunbhanda neamhspleácha a thacaíonn le nascacht sonraí trí ráta sonraí íosnasc ó 7.2/14.4 Mbps go 28 Mbps idir an 1 Iúil 2009 agus an 30 Meitheamh 2011 (‘an tréimhse ábhartha’). Go sonrach, ba í foireann sliseanna MDM8200 an chéad fhoireann sliseanna bunbhanda neamhspleách ó Qualcomm atá ceaptha do ghléasanna MBB agus a thacaíonn le teicneolaíocht HSPA +, a bhfuil rátaí sonraí íosnasc suas go 28 Mbps aige. Cuireadh ar an margadh í den chéad uair i mí na Bealtaine 2009 agus tháinig deireadh lena saolré tráchtála an 30 Márta 2011. Idir an dá linn, tháinig foireann sliseanna MDM8200A ina ionad, ó 2010, i leagan feabhsaithe, de réir a chéile, leagan a bhí in ann tacú, i ndiaidh mionathruithe beaga, leis an bhfeidhmiúlacht ghutha. Dála fhoirne sliseanna MDM8200 agus MDM8200A, bhí foireann sliseanna MDM6200 dírithe go príomha ar fheidhmeanna tráchta sonraí amháin. Thacaigh sí gan mionathruithe le teicneolaíocht HSPA +, a raibh ráta sonraí íosnasc suas go 14.4 Mbps aici, mar aon le feidhmiúlacht ghutha. Soláthraíodh í i gcainníochtaí teoranta ón gcéad ráithe de 2010 ar aghaidh, agus díoladh í i gcainníochtaí níos airde ó 2011 ar aghaidh agus leanadh di a dhíol go dtí deireadh 2017 ar a laghad. |
|
37 |
Bhí foireann sliseanna Icera ICE8040, nó Espresso-300 ina foireann sliseanna neamhspleách freisin, a seoladh i mí Dheireadh Fómhair 2008. Ar dtús, d’fhéadadh sí tacú le ráta sonraí íosnasc uasta de 10 Mbps agus, i ngeall ar a saintréithe, d’fhéadadh feabhsúcháin agus nuachóirithe dul chun tairbhe di go héasca, trí bhogearraí, go háirithe chun a ráta sonraí íosnasc a thabhairt chun 21 Mbps de réir a chéile. B’ionann foireann sliseanna ICE8042, nó Espresso-302, agus leagan feabhsaithe d’fhoireann sliseanna ICE8040, a seoladh ar an margadh i Nollaig 2009 a raibh ráta sonraí íosnasc suas go 14.4 Mbps aici, a méadaíodh i Márta 2010 suas go 21 Mbps trí nuashonraí trí bhogearraí. Dhíol Icera leagan íosghrádaithe den fhoireann sliseanna sin, eadhon foireann sliseanna Espresso-302-1, nárbh fhéidir ach ráta sonraí íosnasc uasta de 7.2 Mbps, le ZTE. Ar deireadh, bhí an ailtireacht mhóideim chéanna ag foireann sliseanna ICE8060, nó Espresso-400, a fógraíodh i mí Dheireadh Fómhair 2010, agus a sainíodh do bhogearraí Icera agus ráta sonraí íosnasc suas go 28 Mbps. Tairgeadh leagan íosghrádaithe den fhoireann sliseanna sin, eadhon foireann sliseanna E-400-1, a shroich ráta sonraí íosnasc uasta de 7.2 Mbps freisin. |
An margadh ábhartha
|
38 |
Shainigh an Coimisiún an margadh ábhartha le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann mar ‘shaormhargadh’ foirne sliseanna bunbhanda neamhspleácha agus comhtháite, atá comhoiriúnach le teicneolaíocht UMTS (‘foireann sliseanna UMTS’). Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid sin agus inionadaitheacht idir foirne sliseanna UMTS agus foirne sliseanna a thacaíonn le teicneolaíochtaí eile á gcur san áireamh, chomh maith le heaspa srianta iomaíochta arna bhforchur ag monaróirí na bhfoirne sliseanna bunbhanda comhtháite go hingearach. Ó thaobh cúrsaí geografaíochta de, sainíodh an margadh sin mar mhargadh domhanda. |
Ceannasacht
|
39 |
Chinn an Coimisiún, ar bhonn na ngnéithe seo a leanas, go raibh Qualcomm i staid cheannasach ar mhargadh fhoirne sliseanna UMTS ar leibhéal domhanda, agus sin ar a laghad idir an 1 Eanáir 2009 agus an 31 Nollaig 2011. |
|
40 |
Ar an gcéad dul síos, bhí sciar den mhargadh de thart ar 60 % den mhargadh ábhartha ag Qualcomm, le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2009 go dtí an 31 Nollaig 2011. |
|
41 |
Ar an dara dul síos, bhí roinnt bacainní ar iontráil agus ar leathnú ar an margadh ábhartha, amhail an gá le hinfheistíocht tosaigh shuntasach a dhéanamh i dtaighde agus forbairt chun foirne sliseanna UMTS a dhearadh, mar aon le bacainní éagsúla a bhaineann le cearta maoine intleachtúla Qualcomm, lena n‑áirítear a ghréasáin aisghéillte. |
|
42 |
Ar an tríú dul síos, níorbh fhéidir le cumhacht tráchtála custaiméara, ceannaitheoirí fhoirne sliseanna Qualcomm, difear a dhéanamh dá staid cheannasach le linn na tréimhse ábhartha. |
Mí-úsáid ceannasachta
|
43 |
Mheas an Coimisiún gur bhain Qualcomm mí-úsáid as a cheannasacht trí chainníochtaí áirithe de thrí cinn dá fhoirne sliseanna UMTS, eadhon foirne sliseanna MDM8200, MDM6200 agus MDM8200A, a sholáthar do dhá cheann dá phríomhchustaiméirí, eadhon Huawei agus ZTE, ar phraghsanna faoi bhun na gcostas, ar mhaithe le Icera, a phríomhiomaitheoir an tráth sin, a eisiamh ón deighleog den mhargadh d’fhoirne sliseanna UMTS ar thús cadhnaíochta. |
|
44 |
De réir an Choimisiúin, trí fhás Icera a theorannú don deighleog den mhargadh d’fhoirne sliseanna UMTS ar thús cadhnaíochta a measadh, an tráth sin, a bheith comhdhéanta go heisiach d’fhoirne sliseanna arna n‑úsáid i ngléasanna MBB ardluais, bhí sé i gceist ag Qualcomm bac a chur ar an ngnóthas sin, ar gnóthas beag é a bhí teoranta ó thaobh airgeadais de, an cháil agus an méid is gá a bhaint amach chun a cheannasacht ar an margadh a thabhairt faoi cheist, i bhfianaise, go háirithe, an mhéid fáis a rabhthas ag súil leis ar an deighleog sin mar gheall ar ghléasanna móibíleacha ‘cliste’ a bheith á scaipeadh ar fud an domhain ar bhonn méadaitheach. Mheas an Coimisiún go raibh sé i gceist ag Qualcomm mar sin foinse mhalartach d’fhoirne sliseanna dá ngutháin phóca a bhaint de na soláthraithe, rud lena laghdófaí dá réir sin an rogha do thomhaltóirí. |
|
45 |
D’aithin an Coimisiún na fachtóirí seo a leanas mar phríomhphointí dá chonclúidí. |
|
46 |
Tháinig cleachtais tharaife Qualcomm chun cinn i gcomhthéacs inar neartaigh Icera a láithreacht ar an margadh d’fhoirne sliseanna UMTS mar sholáthraí inmharthana d’fhoirne sliseanna UMTS, arbh ionann sin agus bagairt mhéadaitheach do ghníomhaíocht Qualcomm. Chun a áirithiú nach sroichfeadh gníomhaíocht Icera méid criticiúil a bheadh ina bhagairt dá sheasamh ar an margadh, ghlac Qualcomm bearta coisctheacha i bhfoirm laghduithe taraife a bhí dírithe ar dhá cheann dá chustaiméirí a raibh tábhacht straitéiseach ag baint leo, eadhon Huawei agus ZTE. Is amhlaidh gur mheas sé go raibh féidearthachtaí forbartha Icera ag brath ar a acmhainn caidrimh thráchtála a bhunú leis an dá ghnóthas sin. Bhí gníomhartha coisctheacha Qualcomm bunaithe ar straitéis ‘ilsliseanna’ ina raibh a thrí fhoireann sliseanna in iomaíocht leis na sliseanna ab fhorbartha de chuid Icera agus a bhí dírithe, go háirithe ar a sheasamh ar an margadh a chosaint sa deighleog foirne sliseanna ardluais a cheaptar do ghutháin phóca, ar margadh é a raibh sé i gceist ag Icera dul isteach ann tar éis dó a láithreacht ar dheighleog na bhfoirne sliseanna a cheaptar do ghléasanna MBB ardluais a áirithiú. |
|
47 |
De réir an Choimisiúin, léiríodh leis an anailís ar na praghsanna a bhí á gcleachtadh ag Qualcomm i ndáil le Huawei agus ZTE agus costais Qualcomm chun a fhoirne sliseanna a mhonarú gur dhíol Qualcomm cainníochtaí áirithe d’fhoirne sliseanna faoina meánchostais incriminteacha fhadtéarmacha (‘LRAIC’) agus ar aon nós, faoi bhun a meánchostas iomlán (‘ATC’), mar aon le cainníocht theoranta d’fhoirne sliseanna MDM6200 ar phraghsanna faoi bhun a mheánchostas athraitheach (‘AVC’). Thacaigh torthaí na hanailíse ar phraghsanna/costais a rinneadh leis an bhfianaise i bhfoirm doiciméid inmheánacha chomhaimseartha de chuid Qualcomm, lena léirítear go raibh rún aige Icera a eisiamh. |
– Easpa bonn cirt
|
48 |
Mheas an Coimisiún nár chuir Qualcomm bonn cirt oibiachtúil bailí ná cosaint éifeachtach in iúl dá iompar. |
– Sárú aonair leanúnach
|
49 |
Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurbh ionann díolacháin chreiche Qualcomm le Huawei agus le ZTE, in éineacht lena chéile, agus sárú aonair leanúnach a chuimsíonn an tréimhse ábhartha ina hiomláine. |
– Inniúlacht an Choimisiúin
|
50 |
De réir an Choimisiúin, tá inniúlacht aige chun Airteagal 102 CFAE agus Airteagal 54 den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (IO 1994 L 1, lch. 3, ‘Comhaontú LEE’) a chur i bhfeidhm ar an sárú a rinne Qualcomm, ós rud é gur cuireadh an Comhaontú sin chun feidhme agus go bhféadfadh sé éifeachtaí substaintiúla, láithreacha agus intuartha a bheith aige sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus go raibh tionchar suntasach aige ar an trádáil idir na Ballstáit agus idir páirtithe conarthacha LEE. |
– Pionós
|
51 |
Cé go raibh deireadh tagtha leis an sárú a rinne Qualcomm, tráth a glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid, d’iarr an Coimisiún fós air staonadh ón iompar a ndéantar cur síos air sa chinneadh sin a dhéanamh in athuair agus ó aon ghníomh nó iompar a mbeadh an cuspóir nó an éifeacht chéanna nó chomhionann le cuspóir nó éifeacht an iompair sin. |
|
52 |
Ba é EUR 242042000 méid na fíneála a forchuireadh ar Qualcomm as an sárú, arna ríomh ag an gCoimisiún ar bhonn na bprionsabal arna leagan amach sna treoirlínte le haghaidh fíneálacha arna bhforchur de bhun Airteagal 23(2)(a) de Rialachán Uimh. 1/2003 a ríomh (IO 2006 C210/2, lch. 2, ‘Treoirlínte 2006’). |
An nós imeachta agus an t‑ordú atá á lorg ag na páirtithe
Nós imeachta
|
53 |
Le hiarratas arna thaisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 1 Deireadh Fómhair 2019, thionscain an t‑iarratasóir an chaingean seo. |
|
54 |
D’iarr an Coimisiún dhá shíneadh ama chun an chosaint a thaisceadh, an 4 Feabhra agus an 24 Márta 2020 faoi seach, i bhfianaise fhad an iarratais agus líon na ndoiciméad atá mar iarscríbhinní leis. Deonaíodh an síneadh sin dó. |
|
55 |
Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 17 Márta 2020, rinne Nvidia iarratas ar idiragairt sna himeachtaí seo mar thaca leis an ordú atá á lorg ag an gCoimisiún. Seirbheáladh an t‑iarratas ar idiragairt ar na príomhpháirtithe i gcomhréir le hAirteagal 144(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta. Níor ardaigh na príomhpháirtithe agóidí ina thaobh sin. |
|
56 |
An 11 Meitheamh 2020, thaisc an Coimisiún an chosaint i gClárlann na Cúirte. |
|
57 |
An 6 Iúil 2020, rinne an t‑iarratasóir iarratas ar shíneadh ar an teorainn ama maidir leis an bhfreagra a thaisceadh, i bhfianaise fhad na cosanta agus líon na n‑iarscríbhinní. Deonaíodh an síneadh sin dó. |
|
58 |
An 5 Deireadh Fómhair 2020, thaisc an t‑iarratasóir an freagra i gClárlann na Cúirte. |
|
59 |
Le doiciméad arna thaisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 15 Deireadh Fómhair 2020, tar éis roinnt sínithe ama, d’iarr an t‑iarratasóir agus an Coimisiún, de bhun Airteagal 144(2) agus (7) de na Rialacha Nós Imeachta, láimhseáil rúnda i ndáil le Nvidia ar fhaisnéis áirithe atá san iarratas agus i gcuid dá Iarscríbhinní. Thaisc na páirtithe sin leagan aonair neamhrúnda de na doiciméid sin. |
|
60 |
An 23 Deireadh Fómhair 2020, rinne an Coimisiún iarratas ar shíneadh ar an teorainn ama chun an t‑athfhreagra a thaisceadh, i bhfianaise fhad an fhreagra agus líon na n‑iarscríbhinní. Deonaíodh an síneadh sin dó. |
|
61 |
Le doiciméad arna thaisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 19 Samhain 2020, d’iarr an Coimisiún go ndéanfar faisnéis áirithe sa chosaint a láimhseáil go rúnda i ndáil le Nvidia. Ar an dáta céanna, i gcomhaontú leis an iarratasóir, thaisc an Coimisiún leagan aonair neamhrúnda dá chosaint agus dá iarscríbhinní. |
|
62 |
Le doiciméad arna thaisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 20 Samhain 2020, d’iarr an t‑iarratasóir láimhseáil rúnda i ndáil le Nvidia d’fhaisnéis áirithe sa chosaint agus sna hiarscríbhinní agus i ndoiciméid nós imeachta arna seoladh chuig an gClárlann sa tréimhse ón 30 Meitheamh go dtí an 5 Deireadh Fómhair 2020. |
|
63 |
Le hordú an 25 Samhain 2020, Qualcomm v an Coimisiún (T‑671/19, nár foilsíodh), thug Uachtarán an Chúigiú Dlísheomra den Chúirt Ghinearálta cead do Nvidia idiragairt a dhéanamh agus d’fhorchoimeád sé an cinneadh ar na costais. |
|
64 |
Le doiciméid arna dtaisceadh ag Clárlann na Cúirte Ginearálta an 15 Nollaig 2020 agus an 18 Eanáir 2021, chuir Nvidia agóidí in iúl maidir leis na hiarrataí ar láimhseáil rúnda i dtaca leis an iarratas, leis an gcosaint agus le hiarscríbhinní áirithe. |
|
65 |
Le doiciméad arna thaisceadh ag Clárlann na Cúirte Ginearálta an 16 Nollaig 2020, d’iarr an Coimisiún láimhseáil rúnda i ndáil le Nvidia i ndáil le faisnéis áirithe sa fhreagra agus in Iarscríbhinn C.8 a ghabhann leis an bhfreagra. |
|
66 |
Le doiciméad arna thaisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 22 Nollaig 2020, d’iarr an t‑iarratasóir láimhseáil rúnda i ndáil le Nvidia d’fhaisnéis áirithe sa fhreagra agus sna hiarscríbhinní agus i ndoiciméid nós imeachta arna seoladh chuig an gClárlann sa tréimhse ón 5 Deireadh Fómhair go dtí an 9 Nollaig 2020. Ar an dáta céanna, thaisc na príomhpháirtithe leagan comhpháirteach neamhrúnda den fhreagra agus dá iarscríbhinní. |
|
67 |
An 21 Eanáir 2021 thaisc an Coimisiún an t‑athfhreagra i gClárlann na Cúirte. |
|
68 |
Le doiciméad arna thaisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 25 Feabhra 2021, tar éis dó síneadh ama a fháil, d’iarr an Coimisiún go ndéanfar faisnéis áirithe san athfhreagra a láimhseáil go rúnda i ndáil le Nvidia. Ar an dáta céanna, le comhaontú an iarratasóra, thaisc an Coimisiún leagan comhpháirteach neamhrúnda den athfhreagra agus dá iarscríbhinn. |
|
69 |
Le doiciméad arna thaisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 26 Feabhra 2021, tar éis síneadh ama a fháil, d’iarr an t‑iarratasóir go ndéanfar faisnéis áirithe san athfhreagra agus san iarscríbhinn a ghabhann leis a láimhseáil go rúnda, chomh maith leis na doiciméid nós imeachta arna dtaisceadh sa Chlárlann sa tréimhse ón 18 Nollaig 2020 go dtí an 10 Feabhra 2021. |
|
70 |
Le hordú an 22 Iúil 2021, Qualcomm v an Coimisiún (T‑671/19, nár foilsíodh, EU:T:2021:502), dheonaigh Uachtarán an Chúigiú Dlísheomra na hiarrataí ar láimhseáil rúnda a bhaineann le faisnéis áirithe a atáirgtear san iarratas agus in Iarscríbhinní A.1 agus A.29 a ghabhann leis agus sa chosaint agus dhiúltaigh sé do na hiarrataí comhchosúla a bhaineann le doiciméid eile nós imeachta. Dá bhrí sin, tugadh teorainn ama don iarratasóir agus don Choimisiún chun leaganacha neamhrúnda d’ítimí áirithe sa cháschomhad a chur ar fáil. An 16 agus an 17 Meán Fómhair 2021, tar éis síneadh ama a fháil, thaisc na príomhpháirtithe leagan comhpháirteach neamhrúnda de na doiciméid sin. |
|
71 |
Le doiciméad arna thaisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 19 Deireadh Fómhair 2021, thaisc Nvidia idiragairt. |
|
72 |
Le doiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 19 Samhain 2021, luaigh an Coimisiún nach raibh barúlacha aige maidir leis an idiragairt. |
|
73 |
Le doiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 29 Samhain 2021, rinne an t‑iarratasóir barúlacha faoin idiragairt a thaisceadh. |
|
74 |
An 29 Samhain 2021, cuireadh clabhsúr leis an gcéim i scríbhinn den nós imeachta. |
|
75 |
An 8 Feabhra 2022 rinne an t‑iarratasóir iarratas ar éisteacht. |
|
76 |
Ar thogra ón gCúigiú Dlísheomra, chinn an Chúirt Ghinearálta, de bhun Airteagal 28 de na Rialacha Nós Imeachta, an cás a shannadh ar an gCúigiú Dlísheomra méadaithe. |
|
77 |
Tar éis athrú ar chomhdhéanamh Dhlísheomraí na Cúirte Ginearálta, de bhun Airteagal 27(5) de na Rialacha Nós Imeachta, sannadh an Breitheamh is Rapóirtéir don Chéad Dlísheomra méadaithe, ar a sannadh an cás seo dá réir sin. |
|
78 |
Ar thogra ón mBreitheamh is Rapóirtéir, chinn an Chúirt Ghinearálta an chéim ó bhéal den nós imeachta a thosú. |
|
79 |
An 2 Nollaig 2022, i gcomhthéacs bearta eagrúcháin nós imeachta, d’iarr an Chúirt Ghinearálta ar na príomhpháirtithe ceisteanna áirithe a fhreagairt. D’fhreagair an t‑iarratasóir na ceisteanna sin an 16 Nollaig 2022. D’fhreagair an Coimisiún an 16 Eanáir 2023, tar éis síneadh a fháil ar an teorainn ama chun freagraí a thabhairt. |
|
80 |
Ar iarratas ó na príomhpháirtithe, cuireadh síneadh leis an teorainn ama chun iarrataí ar láimhseáil rúnda ina bhfreagraí ar cheisteanna na Cúirte Ginearálta. Ar deireadh, socraíodh í don 31 Eanáir 2023, an dáta a taisceadh na leaganacha comhpháirteacha neamhrúnda de na freagraí sin. |
|
81 |
Le doiciméad arna thaisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 16 Feabhra 2023, tar éis síneadh ama a fháil, rinne Nvidia agóidí faoi na hiarrataí sin ar láimhseáil rúnda a bhaineann le freagraí na bpríomhpháirtithe ar na ceisteanna a chuir an Chúirt Ghinearálta. |
|
82 |
Cuireadh tuarascáil le haghaidh na héisteachta in iúl do na páirtithe agus don iarratasóir agus chuir an Coimisiún barúlacha in iúl faoin doiciméad sin an 27 Eanáir 2023 agus an 16 Feabhra 2023. Thug an Chúirt Ghinearálta na barúlacha sin dá haire. |
|
83 |
Le hordú an 8 Márta 2023, Qualcomm v an Coimisiún (T‑671/19, nár foilsíodh, EU:T:2023:125), ghlac Uachtarán an Chéad Dlísheomra mhéadaithe le hiarrataí áirithe ar láimhseáil rúnda maidir le faisnéis arna hatáirgeadh i bhfreagraí na bpríomhpháirtithe ar na ceisteanna a chuir an Chúirt Ghinearálta agus dhiúltaigh sé do chinn eile. Dá réir sin, tugadh teorainn ama don iarratasóir agus don Choimisiún chun leaganacha nua neamhrúnda de na freagraí sin a chur in iúl. An 10 Márta 2023, thaisc na príomhpháirtithe leagan comhpháirteach neamhrúnda de na doiciméid sin. |
|
84 |
Ós rud é nárbh fhéidir comhalta den Chéad Dlísheomra méadaithe feidhmiú, d’ainmnigh Uachtarán an Dlísheomra sin breitheamh eile sa dlísheomra sin. |
|
85 |
Cuireadh clabhsúr leis an nós imeachta ó bhéal i ndiaidh éisteacht an 15 Márta 2023. Ós rud é nárbh fhéidir le comhalta den Dlísheomra páirt a ghlacadh sna pléití i ndiaidh dhul in éag a théarma oifige an 27 Meán Fómhair 2023, is iad na triúr Breithiúna a bhfuil a sínithe ar an mbreithiúnas a lean ar aghaidh leis na pléití, i gcomhréir le hAirteagal 22 agus Airteagal 24(1) de na Rialacha Nós Imeachta |
An t‑ordú atá á lorg ag na páirtithe
|
86 |
Iarrann an t‑iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
|
87 |
Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Ghinearálta:
|
|
88 |
Iarrann Nvidia ar an gCúirt Ghinearálta:
|
An dlí
|
89 |
Ar dtús, mar a luadh i míreanna 59, 61 agus 62 thuas, d’iarr na príomhpháirtithe go bhfágfar sonraí ar lár i ndáil le Nvidia agus, dá réir sin, ón doiciméad poiblí, atá ina bpléadálacha i scríbhinn agus i ndoiciméid nós imeachta eile. Rinne Nvidia agóidí maidir leis na hiarratais ar láimhseáil rúnda i ndáil le faisnéis áirithe. Le horduithe an 22 Iúil 2021, Qualcomm v an Coimisiún (T‑671/19, nár foilsíodh, EU:T:2021:502), agus an 8 Márta 2023, Qualcomm v an Coimisiún (T‑671/19, nár foilsíodh, EU:T:2023:125), ghlac Uachtaráin an Chúigiú agus an Chéad Dlísheomra mhéadaithe faoi seach le hiarratais áirithe ar láimhseáil rúnda agus dhiúltaigh siad d’iarratais eile. |
|
90 |
I gcás ina ndéanann páirtí iarratas de bhun Airteagal 144(2) de na Rialacha Nós Imeachta, is faoin Uachtarán atá sé breith a thabhairt ar na hítimí agus an fhaisnéis a mhaítear nach bhfuil siad rúnda (féach, chuige sin agus de réir analaí, ordú an 26 Eanáir 2018, FV v an Chomhairle, T‑750/16, nár foilsíodh, EU:T:2018:59, mír 14 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
91 |
Mar sin féin, fiú mura ndearnadh agóid, ní fhéadfaí cosc a chur ar an gCúirt Ghinearálta diúltú do na hiarratais ar láimhseáil rúnda a mhéid a bhaineann siad le sonraí ar léir ón gcáschomhad go bhfuil siad poiblí nó ar léir nach bhfuil siad rúnda a thuilleadh, mar gheall ar ghnéithe eile den cháschomhad a nochtadh (ordú an 15 Meán Fómhair 2016, Deutsche Telekom v an Coimisiún, T‑827/14, nár foilsíodh, EU:T:2016:545, mír 46). Dá réir sin, i gcúinsí áirithe, féadfaidh sí cinneadh a dhéanamh breith a thabhairt ar ghnéithe d’iarratas ar láimhseáil rúnda nach ndearnadh agóid ina leith (féach, chuige sin, ordú an 11 Aibreán 2019, Google agus Alphabet v an Coimisiún, T‑612/17, nár foilsíodh, EU:T:2019:250, mír 16). |
|
92 |
Thairis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, de réir cásdlí socair, nach mór a mheas go bhfuil an fhaisnéis a bhí rúnda ach atá ann le 5 bliana anuas nó níos mó ina faisnéis stairiúil agus í a chur in iúl do na páirtithe eile, mura rud é, go heisceachtúil, go léiríonn an páirtí a iarrann go gcoimeádfar faoi rún iad, d’ainneoin iad a bheith ann le fada, gur rúin bhunriachtanacha iad, go háirithe rúin cheirde nó ghnó lena ndéanfaí dochar dó dá nochtfaí iad nó lena ndéanfaí dochar do thríú páirtí lena mbaineann (féach ordú an 11 Aibreán 2019, Google agus Alphabet v an Coimisiún, T‑612/17, nár foilsíodh, EU:T:2019:250, mír 19 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
93 |
I ndáil leis sin, ní mór don Chúirt Ghinearálta, i gcomhthéacs chur i bhfeidhm Airteagal 66 de na Rialacha Nós Imeachta an prionsabal go bhfoilseofar cinntí breithiúnacha a réiteach leis an gceart chun sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart go gcosnófar rúin cheirde, ag féachaint don phrionsabal go bhfuil sé de cheart ag an bpobal rochtain a fháil ar chinntí breithiúnacha, i gcomhréir leis na prionsabail arna leagan síos in Airteagal 15 CFAE (féach, chuige sin agus de réir analaí, breithiúnas an 5 Deireadh Fómhair 2020, Broughton v Eurojust, T‑87/19, nár foilsíodh, EU:T:2020:464, mír 49). |
|
94 |
Sa chás seo, chinn an Chúirt Ghinearálta gan sonraí áirithe a luadh in iarratais na bpríomhpháirtithe a fhágáil ar lár sa leagan neamhrúnda den bhreithiúnas, ar sonraí iad nár chuir Nvidia i gcoinne a rúndachta. Go deimhin, is féidir cuid de na sonraí sin a thuiscint ó inneachar codanna eile den bhreithiúnas seo agus tá siad san fhearann poiblí dá bhrí sin. Is sonraí stairiúla iad sonraí áirithe nach bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ann a thuilleadh ina leith iad a choimeád faoi rún. Ar deireadh, tugann sonraí áirithe níos mó eolas fíorasach maidir le hiompar a ndearna an Coimisiún fiosrúchán ina leith cheana. Dá ndéanfaí na sonraí sin a fholú, chuirfí isteach ar thuiscint an phobail ar bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Feabhra 2022, Scania agus páirtithe eile v an Coimisiún, T‑799/17, EU:T:2022:48, mír 82). |
|
95 |
Mar thaca leis an iarraidh ar neamhní, ardaíonn an t‑iarratasóir 15 shaincheist dlí:
|
|
96 |
Scrúdófar na saincheisteanna dlí seo a leanas san ord a lean an t‑iarratasóir, cé is moite den tríú, den cheathrú agus den ochtú saincheist dlí atá bunaithe ar argóintí eile ar tugadh aghaidh orthu, inter alia, i gcomhthéacs an 6ú, an 7ú agus an 9ú go dtí an 11ú saincheist dlí a ndéileálfar leo i ndiaidh na saincheiste deireanaí sin. |
An chéad saincheist dlí, lena n‑éilítear go ndearnadh earráidí nós imeachta
|
97 |
Tá dhá chuid sa chéad saincheist dlí. Sa chéad chuid, éilítear go ndearnadh sárú ar phrionsabal an dea-riaracháin sa mhéid is gur mhainnigh an Coimisiún fiosrúchán críochnúil, oibiachtúil agus dúthrachtach a dhéanamh. Sa dara cuid, éilítear go ndearnadh sárú ar chearta na cosanta agus ar an bprionsabal maidir le comhionannas idir na páirtithe, a mhéid nár nocht an Coimisiún fianaise ábhartha don iarratasóir dá chosaint. |
An chéad chuid, lena n‑éilítear go ndearnadh sárú ar phrionsabal an dea-riaracháin
|
98 |
Tá an chéad chuid comhdhéanta de thrí ghearán. Baineann an chéad ghearán leis an bhfiosrúchán a bheith rófhada. Baineann an dara gearán leis an gcomhad gan bheith sách críochnúil nó beacht. Baineann an tríú gearán leis an bhfiosrúchán a bheith claonta. |
– Réamhbharúlacha
|
99 |
Le hAirteagal 41(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), leagtar síos an ceart chun dea-riaracháin agus foráiltear go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a ghnóthaí nó a gnóthaí a láimhseáil go neamhchlaon, go cóir agus laistigh de thréimhse réasúnta. Sonraítear sna mínithe ar an gCairt, arna bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 14 Nollaig 2007 (IO 2007 C 303, lch. 17) go bhfuil Airteagal 41 bunaithe ar an Aontas a bheith faoi réir smacht reachta a ndearadh a shaintréithe a fhorbairt sa chásdlí inar cumhdaíodh an dea-riarachán mar phrionsabal ginearálta dlí (breithiúnas an 13 Nollaig 2018, Transavia Airlines v an Coimisiún, T‑591/15, EU:T:2018:946, mír 37 (nár foilsíodh)). |
|
100 |
De réir an chásdlí a bhaineann le prionsabal an dea-riaracháin, sa chás, mar is amhlaidh sa chás seo, ina bhfuil cumhacht lánroghnach ag institiúidí an Aontais, tá tábhacht níos mó fós ag baint leis na ráthaíochtaí arna dtabhairt ag dlíchóras an Aontais sna nósanna imeachta riaracháin a urramú. I measc na ráthaíochtaí sin, tá, go háirithe, an oibleagáid don institiúid inniúil, na gnéithe ábhartha go léir a bhaineann le cás a scrúdú go cúramach agus go neamhchlaonta (breithiúnais an 21 Samhain 1991, Technische Universität München, C‑269/90, EU:C:1991:438, mír 14; an 13 Nollaig 2018, Transavia Airlines v an Coimisiún, T‑591/15, EU:T:2018:946, mír 38 (nár foilsíodh), agus ordú an 17 Eanáir 2022, Car-Master 2 v an Coimisiún, T‑743/20, nár foilsíodh, EU:T:2022:33, mír 66). |
– An chéad ghearán a bhaineann leis an bhfiosrúchán a bheith rófhada
|
101 |
Áitíonn an t‑iarratasóir go bhfuil tréimhse an fhiosrúcháin, 10 mbliana, rófhada agus go léiríonn sé, inter alia, easpa cúraim ar thaobh an Choimisiúin. |
|
102 |
Dar leis an iarratasóir, mar gheall ar fhad an fhiosrúcháin, níorbh féidir leis é féin a chosaint i gceart. Go sonrach, luann sé athruithe i gcomhdhéanamh fhoireann an Choimisiúin a bhí i mbun an fhiosrúcháin, iarraidh ar fhaisnéis a seoladh 8 mbliana i ndiadh thaisceadh an ghearáin, iarrataí ar shoiléiriú a bhaineann le doiciméid a bhí ag an gCoimisiún le roinnt blianta agus athrú ar raon feidhme an fhiosrúcháin ag céim an‑déanach de. Áitíonn sé freisin go raibh na cuimhní ar na fíorais ag dul i ndearmad le himeacht ama, ar a thaobhsa agus ar thaobh Huawei agus ZTE, nach raibh in ann freagra a thabhairt ar iarrataí áirithe ón gCoimisiún, ar iarrataí cinntitheacha iad cuid acu. Ar deireadh, cuireann sé ina choinne go bhféadfadh castacht an cháis a bheith ina cúis leis an tréimhse fhada sin agus cuireann sé i bhfios gur chomhoibrigh sé leis an gCoimisiún i gcónaí. |
|
103 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
104 |
De réir cásdlí socair, is prionsabal ginearálta de dhlí an Aontais é go n‑urramófar tréimhse réasúnta agus nósanna imeachta riaracháin á seoladh i réimse an bheartais iomaíochta, ar prionsabal é a áirithíonn cúirteanna an Aontais go n‑urramófar é (féach breithiúnas an 19 Nollaig 2012, Heineken Nederland agus Heineken v an Coimisiún, C‑452/11 P, nár foilsíodh, EU:C:2012:829, mír 97 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
105 |
Ní mór a mheas an bhfuil gach céim den nós imeachta réasúnta bunaithe ar imthosca gach cáis ar leith agus, go háirithe, comhthéacs an cháis, iompar na bpáirtithe le linn an nós imeachta, thábhacht an cháis do na gnóthais éagsúla lena mbaineann agus leibhéal castachta an cháis (breithiúnas an 20 Aibreán 1999, Limburgse Vinyl Maatschappij v an Coimisiún, T‑305/94 go T‑307/94, T‑313/94 go T‑316/94, T‑318/94, T‑325/94, T‑328/94, T‑329/94 agus T‑335/94, EU:T:1999:80, mír 126). |
|
106 |
Thairis sin, i réimse na hiomaíochta, is féidir dhá thréimhse as a chéile a bheith sa nós imeachta riaracháin, agus loighic dá gcuid féin ag an dá cheann acu. Maidir leis an gcéad tréimhse, a théann chomh fada leis an ráiteas agóidí, is é an pointe tosaigh atá ann ná an dáta a ghlacann an Coimisiún, de bhun na gcumhachtaí arna ndeonú ag reachtóir an Aontais, bearta lena dtugtar le tuiscint go bhfuil sé ag cur i gcoinne sárú agus ní mór a chur ar a chumas leis sin seasamh a ghlacadh maidir leis na chéad chéimeanna eile atá le glacadh sa nós imeachta. Maidir leis an dara tréimhse, téann an tréimhse sin ón ráiteas agóidí go dtí glacadh an chinnidh chríochnaithigh. Ní mór don tréimhse sin a chur ar chumas an Choimisiúin cinneadh críochnaitheach a ghlacadh faoin sárú líomhainte (breithiúnas an 21 Meán Fómhair 2006, Nederlandse Federatieve Vereniging voor de Groothandel op Elektrotechnisch Gebied v an Coimisiún, C‑105/04 P, EU:C:2006:592, mír 38). |
|
107 |
Thairis sin, i gcás ina raibh tionchar féideartha ag an sárú ar an bprionsabal maidir le tréimhse réasúnta ar thoradh an nós imeachta, tá sárú den sórt sin de chineál go gcuirfear an cinneadh atá faoi chonspóid ar neamhní (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Meán Fómhair 2006, Technische Unie v an Coimisiún, C‑113/04 P, EU:C:2006:593, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
108 |
Ní mór a thabhairt faoi deara, áfach, maidir le cur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta, nach féidir le sárú ar an tréimhse réasúnta a bheith ina fhoras chun gníomh a chur ar neamhní ach amháin i gcás cinntí lena ndéantar cinneadh go bhfuil sárú ann, ina léirítear gur sáraíodh cearta cosanta na ngnóthas lena mbaineann leis an sárú ar an bprionsabal maidir le tréimhse réasúnta. Taobh amuigh den chás sonrach sin, níl tionchar ag neamhchomhlíonadh na hoibleagáide chun cinneadh a thabhairt laistigh de thréimhse réasúnta ar bhailíocht an nós imeachta riaracháin de bhun Rialachán Uimh. 1/2003 (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Meán Fómhair 2006, Nederlandse Federatieve Vereniging voor de Groothandel op Elektrotechnisch Gebied v an Coimisiún, C‑105/04 P, EU:C:2006:592, míreanna 42 agus 43). |
|
109 |
Sa chás seo, ní mór a thabhairt faoi deara, idir taisceadh an ghearáin agus seoladh an ráitis agóidí, go bhfuil tréimhse níos faide ná 6 bliana i gceist. Mar sin féin, mar a luadh i mír 15 thuas, ní ach i lár 2012, 3 bliana i ndiaidh an taiscthe sin, a rinne an gearánaí na chéad líomhaintí maidir le praghsáil chreiche agus a thosaigh an Coimisiún a fhiosrúchán maidir leis an iompar líomhainte. Is léir ón gcéad abairt gur mhair an chéad chuid den nós imeachta riaracháin níos mó ná 6 bliana i ndiaidh an taiscthe sin, ach beagáinín níos mó ná 3 bliana ó na chéad líomhaintí maidir le creachadh a rinne an gearánaí. |
|
110 |
Mhair an dara céim den nós imeachta riaracháin, ó fuarthas an ráiteas agóidí go dtí gur glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid an 18 Iúil 2019, 3 mhí go leith. |
|
111 |
Agus iad á nglacadh ina n‑iomláine, ó na chéad líomhaintí maidir le creachadh, níl fad an fhiosrúcháin, thart ar 7 mbliana, iomarcach, i bhfianaise imthosca an cháis féin agus, go sonrach, chastacht an cháis. |
|
112 |
Go deimhin, mar a thug an Chúirt Ghinearálta dá haire agus breith á tabhairt aici ar an gcaingean le haghaidh neamhniú i gcoinne chinneadh an Choimisiún an 31 Márta 2017, bhí gá le hanailís chasta ar go leor sonraí i dtaca leis an gcleachtas atá i gceist sa chás seo, formhór acu nach raibh ar fáil ach don iarratasóir, d’fhonn an struchtúr praghais-costais a athchruthú chun a fhíorú arbh ann do phraghsanna creachacha nó nárbh ann. Bhí sé sin níos casta fós mar gheall ar tháirgí ilchodacha a bheith i gceist (breithiúnas an 9 Aibreán 2019, Qualcomm agus Qualcomm Europe v an Coimisiún, T‑371/17, nár foilsíodh, EU:T:2019:232, mír 125). |
|
113 |
Ar an gcéad dul síos, chuir an t‑iarratasóir breis agus 31000 doiciméad faoi bhráid an Choimisiún, mar is léir ón iarratas, mar fhreagra ar ocht n‑iarraidh ar fhaisnéis, a raibh iarrataí ar shoiléiriú a rinneadh níos déanaí ag baint le cuid acu. D’eagraigh an Coimisiún roinnt cruinnithe agus glaonna teileafóin freisin, leis an iarratasóir, leis an ngearánaí agus le tríú páirtithe. Thairis sin, is léir ó phointe 3 den chinneadh atá faoi chonspóid lena meabhraítear na céimeanna éagsúla den nós imeachta riaracháin nach raibh an Coimisiúin éighníomhach le linn an fhiosrúcháin. Ar deireadh, ní mór a chur san áireamh go bhfuil anailís chasta mhionsonraithe ar an iompar líomhainte i gceist sa chinneadh sin agus go ndearna an Coimisiún iarracht chun freagra a thabhairt ar na hargóintí líonmhara a d’ardaigh an t‑iarratasóir le linn an nós imeachta sin, agus a chearta cosanta á n‑urramú. |
|
114 |
Ar an taobh eile, bhí tionchar ag iompar na bpáirtithe le linn an nós imeachta riaracháin ar fhad an nós imeachta sin. I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara nár ardaigh an gearánaí na líomhaintí maidir le creachadh ach 3 bliana i ndiaidh an gearán a thaisceadh. Maidir leis an iarratasóir, chuaigh an t‑iarratasóir i dteagmháil leis an oifigeach éisteachta naoi n‑uaire chun ceisteanna a bhaineann le rochtain ar an gcomhad a réiteach agus ansin d’iarr sé roinnt sínithe ama, éisteacht a chur siar agus éisteacht bhreise a reáchtáil. Ar deireadh, trí chaingean le haghaidh neamhniú a thaisceadh i gcoinne an Chinnidh ón gCoimisiún an 31 Márta 2017, agus achomharc i gcoinne bhreithiúnas an 9 Aibreán 2019, Qualcomm agus Qualcomm Europe v an Coimisiún (T‑371/17, nár foilsíodh, EU:T:2019:232), a dhiúltaigh an chaingean sin, ní fhéadfadh sé nach dtuigfeadh an t‑iarratasóir go gcuirfeadh sin moill ar an bhfiosrúchán. |
|
115 |
Dá bhrí sin, ós rud é nach raibh nach an fiosrúchán rófhada, ní mór diúltú don ghearán seo mar ghearán gan bhunús. |
|
116 |
In aon chás, fiú dá bhféadfaí a mheas go raibh an fiosrúchán rófhada, ní léiríonn an t‑iarratasóir conas a d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige sin ar a fhéidearthachtaí chun é féin a chosaint. |
|
117 |
Sa chéad áit, ní mhíníonn an t‑iarratasóir ar chor ar bith conas mar a d’fhéadfadh athruithe simplí laistigh den Choimisiún ar an bhfoireann atá freagrach as an bhfiosrúchán ar gach leibhéal den ordlathas tionchar a bheith aige ar chríochnúlacht, cruinneas, seasmhacht agus raon feidhme an fhiosrúcháin nó ar a chearta cosanta. |
|
118 |
Sa dara háit, maidir leis an doiciméad a taisceadh i Nollaig 2013 nár iarr an Coimisiún soiléirithe ina leith go dtí mí Eanáir 2017, is leor a thabhairt faoi deara, mar a chinn an Chúirt Ghinearálta, gur gá an dualgas ginearálta cúraim a chur san áireamh atá ar gach gnóthas nó comhlachas gnóthas, ar dá bhun a bhfuil siad faoi cheangal faisnéis lenar féidir a ngníomhaíochtaí a rianú a chaomhnú ina leabhair nó ina gcartlanna, d’fhonn, go háirithe, an fhianaise is gá a bheith acu don chás ina mbeadh imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin ann. Dá réir sin, ós rud é go ndearna an Coimisiún iarrataí ar fhaisnéis leis an iarratasóir de bhun Airteagal 18(2) agus (3) de Rialachán Uimh. 1/2003, chomh luath leis an 7 Meitheamh 2010, tá dualgas ar an bpáirtí sin, ón dáta sin i leith, gníomhú le leibhéal díchill níos airde agus gach beart is gá a ghlacadh chun an fhianaise a d’fhéadfadh a bheith aige go réasúnta a chaomhnú (féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Aibreán 2019, Qualcomm agus Qualcomm Europe v an Coimisiún, T‑371/17, nár foilsíodh, EU:T:2019:232, mír 136 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
119 |
Sa tríú háit, mhínigh an Coimisiún, más fíor gur tháinig an fiosrúchán chun bheith ina nós imeachta riaracháin de réir a chéile, ba é go díreach chun na barúlacha agus na hargóintí a chuir an t‑iarratasóir chun cinn a chur san áireamh, mar fhreagra, go háirithe ar an ráiteas agóidí agus ar an ráiteas agóidí forlíontach agus, contrártha don mhéid a líomhnaíonn an t‑iarratasóir, léiríonn sé sin gur urramaigh an Coimisiún a chearta chun cosanta go hiomlán. |
|
120 |
Sa cheathrú háit, ní shoiléiríonn an t‑iarratasóir aon chaoi ina mbeadh ceangal idir an fíoras nár chuir Huawei agus ZTE mínithe áirithe a d’iarr an Coimisiún ar fáil maidir le híocaíochtaí i ndáil le híocaíochtaí as caiteachas innealtóireachta neamh-aisfhillteach (‘íocaíochtaí CIN’) agus imeacht an ama. In aon chás, ní mór a thabhairt faoi deara gur scrúdaigh an Coimisiún an raibh sé i gceist ag an iarratasóir laghduithe praghais a dheonú, trí íocaíochtaí den sórt sin a cheadú i gcás Huawei agus ZTE, sa chaoi gur gné shuibiachtúil í sin, nach mbaineann leis an dá chuideachta sin, nárbh fhéidir leo aon fhianaise shuntasach shaorthach i bhfabhar an iarratasóra a thabhairt ar aird. Deimhnítear é sin leis an bhfíoras, mar is léir ó scrúdú a dhéanamh ar an séú saincheist dlí, gur léirigh an Coimisiún an ghné sin trí thacar fianaise comhsheasmhach seachas ráitis an dá ghnóthas sin. |
|
121 |
I bhfianaise na mbreithnithe thuasluaite, fiú má tá bunús leis, ní fhéadfadh an gearán seo a bheith ina chúis lena chinneadh go ndearnadh sárú ar chearta cosanta an iarratasóra lena gcuirtear an cinneadh atá faoi chonspóid ar neamhní. |
– An dara gearán, lena n‑éilítear nach bhfuil an comhad lena mbaineann sách críochnúil agus beacht
|
122 |
Áitíonn an t‑iarratasóir, trí mhainneachtain faisnéis áirithe a d’fhéadfadh a bheith saorthach a bhailiú, nár éirigh leis an gCoimisiún comhad críochnúil agus beacht a chruthú. Measann an t‑iarratasóir gur faillí atá ann, arna tacú leis na trí shampla seo a leanas. Sa chéad áit, níor chuir an Coimisiún aon cheist maidir le fostaí Qualcomm ar Huawei agus ZTE, in ainneoin go bhfuil sé ag brath ar líon ard doiciméad a scríobh an fostaí sin. Sa dara háit, dar leis an iarratasóir nach raibh Huawei agus ZTE in ann freagra suntasach a thabhairt ar iarraidh ar fhaisnéis faoi íocaíochtaí CIN, cé go raibh siad bunriachtanach. Sa tríú háit, áitíonn an t‑iarratasóir gur thug an Coimisiún rochtain dó ar dhoiciméid áirithe inar folaíodh go leor faisnéise, gan a fhíorú an raibh nó nach raibh bunús leis na forais rúndachta a d’ardaigh an gearánaí a rinne iad a thaisceadh, i gcás ina bhféadfadh sé go raibh fianaise shaorthach sna doiciméid sin. |
|
123 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
124 |
De réir cásdlí socair, is faoin gCoimisiún atá sé, i bprionsabal, a mheas an bhfuil gá le faisnéis i gcomhthéacs fiosrúchán i leith sárú ar rialacha na hiomaíochta (féach breithiúnas an 15 Iúil 2015, GEA Group v an Coimisiún, T‑45/10, nár foilsíodh, EU:T:2015:507, mír 311 agus an cásdlí dá dtagraítear). Thairis sin, a mhéid, tríd an gCoimisiún a cháineadh i gcomhthéacs na coda seo toisc nár fhéach sé le fianaise ar dócha a bheith saorthach a fháil, a ardaíonn sé freisin an ráthaíocht maidir le cearta cosanta i gcomhthéacs na coda seo, ní cheanglaítear le ráthaíocht den sórt sin ar an gCoimisiún go ndéanfaidh sé fiosrúchán breise, nuair a mheasann sé gur leor an fiosrúchán a rinneadh sa chás (breithiúnais an 16 Bealtaine 1984, Eisen und Metall v an Coimisiún, 9/83, EU:C:1984:177, mír 32, agus an 11 Márta 1999, Thyssen Stahl v an Coimisiún, T‑141/94, EU:T:1999:48, mír 110). |
|
125 |
Thairis sin, maidir le doiciméid a bheith ann a d’fhéadfadh a bheith saorthach nár fhéach an Coimisiún lena bhfáil, is léir ón gcásdlí nach mór don ghnóthas lena mbaineann a léiriú go bhféadfadh sé na doiciméid sin a úsáid dá chosaint, sa chiall, dá bhféadfadh sé leas a bhaint astu le linn an nós imeachta riaracháin, go bhféadfadh sé fianaise nach bhfuil ag teacht leis an réasúnaíocht arna leanúint ag an gcéim sin ag an gCoimisiún a thabhairt ar aird agus d’fhéadfadh sé tionchar a bheith aige, ar bhealach éigin, ar a mheasúnú ina chinneadh (féach, chuige sin, breithiúnais an 1 Iúil 2010, Knauf Gips v an Coimisiún, C‑407/08 P, EU:C:2010:389, mír 23 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún, C‑413/14 P, EU:C:2017:632, mír 97). |
|
126 |
Dá réir sin, ní mór don ghnóthas lena mbaineann a léiriú, ar thaobh amháin, nach raibh rochtain aige ar an bhfianaise shaorthach agus, ar an taobh eile, go bhféadfadh sé iad a úsáid dá chosaint (breithiúnais an 1 Iúil 2010, Knauf Gips v an Coimisiún, C‑407/08 P, EU:C:2010:389, mír 24, agus an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún, C‑413/14 P, EU:C:2017:632, mír 98). |
|
127 |
Sa chás seo, ní mhíníonn an t‑iarratasóir na fáthanna gur mheas an Coimisiún go mícheart gur leor an fiosrúchán ar an gcás agus conas mar a d’fhéadfaí an fhaisnéis a d’fhéadfadh a bheith saorthach a mhainnigh an Coimisiún a chur le chéile, lena n‑áirítear na trí shampla a luann sé, a úsáid dá chosaint sa chaoi, dá bhféadfadh sé iad a ardú le linn an nós imeachta riaracháin, go bhféadfadh sé sin tionchar éigin a bheith aige ar an measúnú a rinne an Coimisiún sa chinneadh atá faoi chonspóid. In aon chás, mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 124 thuas, níl sé de cheangal ar an gCoimisiún leanúint leis an bhfiosrúchán chun gach píosa fianaise a d’fhéadfadh a bheith saorthach a fháil, má mheasann sé gur leor an fiosrúchán ar chás. |
|
128 |
Go sonrach, maidir lena fhostaí a scríobh go leor doiciméad ar a bhfuil an Coimisiún ag brath sa chinneadh atá faoi chonspóid, ní mhíníonn an t‑iarratasóir ar chor ar bith conas a d’fhéadfadh na freagraí ar aon cheisteanna a chuirfeadh an Coimisiún ar thríú páirtí faoi, a bheith tábhachtach d’imscrúdú an cháis nó go bhféadfaí iad a úsáid ar bhealach ar bith chun a chosaint a áirithiú nó go bhféadfadh tionchar a bheith acu ar na breithnithe a thug an Coimisiún. Cé gur bhraith an Coimisiún ar chuid de na doiciméid sin, go príomha chun plean eisiaimh Icera a léiriú, bhraith sé ar fhianaise chinntitheach eile chomh maith, a mheas sé a bheith leordhóthanach. Ar deireadh, ní mhíníonn an t‑iarratasóir conas a d’fhéadfadh tríú páirtí a bheith i riocht níos fearr chun fianaise lena léirítear nach raibh ról ag an bhfostaí sin a thabhairt ar aird nó léiriú a rinne an Coimisiún ar na doiciméid atá i gceist. |
|
129 |
Ar an gcaoi chéanna, fiú más rud é nach raibh ar Huawei agus ZTE freagra suntasach a thabhairt ar iarraidh ar fhaisnéis maidir le híocaíochtaí CIN, cé go raibh siad bunriachtanach, ní mór a thabhairt faoi deara nach raibh na freagraí sin ag teastáil ón gCoimisiún, ós rud é go raibh sé ag brath ar thacar fianaise comhsheasmhaí, mar is léir ón scrúdú ar an séú saincheist dlí. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an Coimisiún a mheas, gan earráid a dhéanamh, gur leor an fiosrúchán a rinneadh sa chás. |
|
130 |
Ar deireadh, maidir le rochtain a bheith aige ar dhoiciméid inar folaíodh go leor faisnéise a d’fhéadfadh fianaise shaorthach a bheith iontu, ní chuireann an t‑iarratasóir ina choinne gur mheas an gearánaí, a chuir ar fáil iad, go raibh siad faoi réir rúndacht ghairmiúil agus nach raibh leaganacha neamhfholaithe ag an gCoimisiún. D’fhéadfadh an Coimisiún a mheas go réasúnta go raibh a dóthain fianaise eile aici chun an fiosrúchán a dhéanamh, gan a iarraidh ar an ngearánaí leaganacha nach raibh chomh folaithe sin agus na cinn a thaisc sé a chur ar fáil dó. |
|
131 |
Ar na cúiseanna sin, ní mór diúltú freisin d’iarratas an iarratasóra ordú a thabhairt don Choimisiún a dheimhniú an bhfuil folú na nithe i ndoiciméid ID 1112-00146, 1112-00148, 1112-00150, 1112-00151, 1112-00154, 1112-00185, 1112-00218, 1112-00196, 1112-00229 agus 1294 bunaithe ar mhaímh iontaofa i leith rúndacht ghairmiúil agus é a chur ar an eolas faoi sin nó na cuir i láthair sin a fháil chun bailíocht mhaímh Nvidia a mheasúnú. |
|
132 |
I bhfianaise na mbreithnithe thuasluaite, ní mór diúltú don ghearán seo. |
– An tríú gearán, lena n‑éilítear go ndearnadh fiosrúchán claonta
|
133 |
Measann an t‑iarratasóir go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid ina thoradh ar fhiosrúchán claonta, a fhágann go ndearnadh sárú ar phrionsabal an dea-riaracháin agus, de bhreis air sin, ar phrionsabal na toimhde neamhchiontachta, ar an bprionsabal in dubio pro reo agus ar phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus an chomhionannais idir na páirtithe agus a dhéanfadh dochar do chearta na cosanta. |
|
134 |
Mar thaca leis an ngearán seo, ardaíonn an t‑iarratasóir trí argóint. |
|
135 |
Sa chéad áit, ní dhearna an Coimisiún scrúdú neamhchlaonta ar na hargóintí agus ar an bhfianaise a chuir an t‑iarratasóir ar aghaidh ina ráiteas agóidí agus le linn na héisteachta. Seachas sin, maítear go ndeachaigh sé i mbun agus go ndearna sé roinnt iarrataí ar fhaisnéis lenar bailíodh go leor leor sonraí. Thairis sin, tá difríochtaí suntasacha sa chinneadh atá faoi chonspóid agus ábhar nua i dtaca leis an ráiteas agóidí forlíontach agus an litir fíoras, a bhí difriúil ón ráiteas agóidí. I ndáil leis sin, cuireann an t‑iarratasóir liosta de shamplaí de na difríochtaí sin ar fáil in Iarscríbhinn A.11. |
|
136 |
Sa dara háit, níor chuir an Coimisiún san áireamh sa chinneadh atá faoi chonspóid fianaise shaorthach áirithe a chuir Huawei ar aghaidh, go háirithe maidir le híocaíochtaí CIN. |
|
137 |
Sa tríú háit, maítear gur bhuail an Coimisiún leis an ngearánaí chun ceisteanna a bhaineann leis an éisteacht i ndáil leis an ráiteas agóidí forlíontach a phlé, gan an t‑oifigeach éisteachta a bheith i láthair agus cé go dtagann an t‑ábhar sin faoina chúram, rud a ardaíonn ceisteanna tromchúiseacha faoina ionrachas agus a neodracht. |
|
138 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
139 |
I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil sé de cheart ag gach duine aonair go ndéanfaidh institiúidí an Aontais a ghnóthaí a láimhseáil go neamhchlaon (féach breithiúnas an 2 Feabhra 2022, Scania agus páirtithe eile v an Coimisiún, T‑799/17, EU:T:2022:48, mír 145 agus an cásdlí dá dtagraítear). Sa chás seo, ní mór a thabhairt faoi deara nach féidir le haon cheann de na hargóintí a chuir an t‑iarratasóir ar aghaidh a léiriú nár chuir an Coimisiún na ráthaíochtaí go léir ar fáil chun gach amhras réasúnta a chur as an áireamh a mhéid a bhaineann lena neamhchlaontacht san fhiosrúchán. |
|
140 |
Ar dtús, maidir le hargóint an iarratasóra lena n‑éilítear go ndearna an Coimisiún roinnt iarrataí ar fhaisnéis lenar bailíodh roinnt sonraí, ní mór a thabhairt faoi deara, de réir aithris 23 de Rialachán Uimh. 1/2003, nach mór go bhfuil sé de chumhacht ag an gCoimisiún gach faisnéis a bhfuil gá léi a fháil, go háirithe chun mí-úsáid ceannasachta ar a bhfuil toirmeasc de réir Airteagal 102 CFAE a shainaithint. Thairis sin, is léir ó Airteagal 18(1) de Rialachán Uimh. 1/2003, go bhféadfaidh an Coimisiún, ar mhaithe leis na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán sin a thabhairt i gcrích, trí iarraidh amháin nó trí chinneadh, a iarraidh ar ghnóthas agus ar chomhlachais gnóthas ‘gach faisnéis riachtanach’ a chur ar fáil. |
|
141 |
I bhfianaise na cumhachta leithne fiosrúcháin agus fíoraithe atá ag an gCoimisiún, is faoin institiúid sin atá sé an gá leis an bhfaisnéis a iarrann sé ar na gnóthais lena mbaineann a mheas. A mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú a dhéanann an Chúirt Ghinearálta ar an measúnú a dhéanann an Coimisiún, ní mór a thabhairt faoi deara, de réir an chásdlí, nach mór an coincheap ‘faisnéis riachtanach’ a léiriú i bhfianaise na gcuspóirí a bhí i gceist nuair a cuireadh na cumhachtaí fiosrúcháin ar an gCoimisiún. Dá réir sin, sásaítear an ceanglas maidir le nasc idir an iarraidh ar fhaisnéis agus an sárú líomhainte, ós rud é, ag an gcéim sin den nós imeachta, gur féidir a mheas go dlisteanach go raibh baint ag an iarraidh sin leis an sárú líomhainte, sa chaoi go bhféadfadh an Coimisiún glacadh leis go réasúnta go gcabhródh an fhaisnéis sin le cinneadh gurbh ann don sárú líomhainte (féach breithiúnas an 14 Márta 2014, Holcim (Deutschland) agus Holcim v an Coimisiún, T‑293/11, nár foilsíodh, EU:T:2014:127, mír 110 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
142 |
Maidir leis an gcás seo go sonrach, is léir ó mhír 128 de bhreithiúnas an 9 Aibreán 2019, Qualcomm agus Qualcomm Europe v an Coimisiún (T‑371/17, nár foilsíodh, EU:T:2019:232), a rinneadh i ndiadh don iarratasóir caingean le haghaidh neamhniú a thabhairt i gcoinne an chinnidh ón gCoimisiún an 31 Márta 2017, gur fhág raon feidhme an fhiosrúcháin arna dhéanamh ag an gCoimisiún go bhféadfaí méid mór faisnéise a sholáthar. |
|
143 |
Thairis sin, mar a thug an Chúirt Ghinearálta faoi deara i mír 201 de bhreithiúnas an 9 Aibreán 2019, Qualcomm agus Qualcomm Europe v an Coimisiún (T‑371/17, nár foilsíodh, EU:T:2019:232), ba é go díreach chun a chinneadh deiridh maidir le sárú a bheith ann faoi Airteagal 102 CFAE a ullmhú le gach dícheall cuí agus chun é a ghlacadh ar bhonn na sonraí go léir a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu air go raibh sé de cheart ag an gCoimisiún an cinneadh sin a ghlacadh. Tá feidhm ag an réasúnaíocht sin de réir analaí i leith iarrataí eile ar fhaisnéis a chuir an Coimisiún ar aghaidh mar chuid den nós imeachta riaracháin, gan é a bheith i gceist go rabhthas go díreach ‘ag tóraíocht eolais’. Ar an gcéad dul síos, ní féidir a thuiscint go raibh an Coimisiún claonta le linn an fhiosrúcháin i ndáil leis an iarratasóir ar bhonn teibí as an lamháil discréide atá ag an gCoimisiún sa chaoi a ndéantar an fiosrúchán sin a sheoladh agus, ar an dara dul síos, níor chuir an t‑iarratasóir fianaise ar fáil lena léirítear go nithiúil nárbh fhéidir na hiarrataí eile sin ar fhaisnéis a mhíniú ach trí chlaontacht den sórt sin. |
|
144 |
Ansin, maidir le hargóint an iarratasóra go bhfuil difríochtaí idir an ráiteas agóidí, an ráiteas agóidí forlíontach, an litir fíoras agus an cinneadh atá faoi chonspóid, is léir ó chásdlí na Cúirte Breithiúnais go gceanglaítear le hurramú na gceart cosanta gur cuireadh ar chumas an ghnóthais lena mbaineann, le linn an nós imeachta riaracháin, a dhearcadh a chur in iúl go cuí maidir le fírinne agus ábharthacht na bhfíoras agus na n‑imthosca a líomhnaítear chomh maith leis na doiciméid a chuir an Coimisiún san áireamh mar thaca lena líomhain go ndearnadh sárú ar na rialacha iomaíochta (féach breithiúnas an 5 Nollaig 2013, SNIA v an Coimisiún, C‑448/11 P, nár foilsíodh, EU:C:2013:801, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear; breithiúnas an 25 Márta 2021, Deutsche Telekom v an Coimisiún, C‑152/19 P, EU:C:2021:238, mír 106). |
|
145 |
Comhlíontar an ceanglas sin sa chás nach gcuirtear i leith na ndaoine lena mbaineann sa chinneadh críochnaitheach sáruithe nach ionann iad agus na sáruithe dá dtagraítear sa ráiteas agóidí agus nach gcuimsíonn ach fíorais a raibh deis ag na daoine leasmhara míniú a thabhairt ina leith (breithiúnais an 24 Bealtaine 2012, MasterCard agus páirtithe eile v an Coimisiún, T‑111/08, EU:T:2012:260, mír 266; an 18 Meitheamh 2013, ICF v an Coimisiún, T‑406/08, EU:T:2013:322, mír 117, agus an 13 Nollaig 2018, Slovak Telekom v an Coimisiún, T‑851/14, EU:T:2018:929, mír 180). |
|
146 |
Mar sin féin, is féidir na heilimintí bunúsacha atá mar bhunús do ráiteas agóidí an Choimisiúin a leagan amach go hachomair agus ní gá don chinneadh a bheith ina chóip den ráiteas agóidí sin, ós doiciméad ullmhúcháin é an ráiteas agóidí sin agus is breithnithe ar na fíorais agus ar an dlí de chineál sealadach amháin iad na breithnithe atá ann (breithiúnas an 17 Samhain 1987, British American Tobacco agus Reynolds Industries v an Coimisiún, 142/84 agus 156/84, EU:C:1987:490, mír 70; féach freisin, breithiúnas an 5 Nollaig 2013, SNIA v an Coimisiún, C‑448/11 P, nár foilsíodh, EU:C:2013:801, mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear; breithiúnas an 24 Bealtaine 2012, MasterCard agus páirtithe eile v an Coimisiún, T‑111/08, EU:T:2012:260, mír 267). Dá réir sin, tá sé inghlactha nithe a chur leis an ráiteas atá i gceist arna ndéanamh i bhfianaise fhrithaighneachtaí na bpáirtithe, a léiríonn a n‑argóintí gurbh fhéidir leo a gcearta cosanta a fheidhmiú iarbhír. Féadfaidh an Coimisiún freisin, i bhfianaise an nós imeachta riaracháin, argóintí fíorais nó dlí a athrú nó a chur isteach mar thaca leis na gearáin a rinne sé (breithiúnas an 9 Meán Fómhair 2011, Alliance One International v an Coimisiún, T‑25/06, EU:T:2011:442, mír 181). Dá bhrí sin, go dtí go nglacfar cinneadh críochnaitheach, féadfaidh an Coimisiún, i bhfianaise, go háirithe, na mbarúlacha i scríbhinn nó ó bhéal de chuid na bpáirtithe, roinnt de na gearáin nó fiú amháin gach gearán a rinneadh i dtosach ina gcoinne a thréigean agus ar an gcaoi sin a sheasamh a athrú ina bhfabhar nó, os a choinne sin, cinneadh a dhéanamh gearáin nua a chur leis, ar choinníoll go dtugann sé deis do na gnóthais lena mbaineann a dtuairimí a chur in iúl ina leith sin (féach breithiúnas an 30 Meán Fómhair 2003, Atlantic Container Line agus páirtithe eile v an Coimisiún, T‑191/98 agus T‑212/98 go T‑214/98, EU:T:2003:245, mír 115 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
147 |
Sa chás seo, ní féidir a bhaint de thátal ar bhonn teibí as difríochtaí idir an ráiteas agóidí, an ráiteas agóidí forlíontach, an litir fíoras agus an cinneadh atá faoi chonspóid go raibh an Coimisiún claonta le linn an fhiosrúcháin i gcoinne an iarratasóra. Thairis sin, níor chuir an t‑iarratasóir aon fhianaise ar fáil lena léirítear go nithiúil nach féidir na difríochtaí sin a mhíniú ach trí chlaontacht den sórt sin. |
|
148 |
Os a choinne sin, ní mór scrúdú a dhéanamh an amhlaidh, sa chinneadh atá faoi chonspóid gur úsáid an Coimisiún gearáin nua nó fianaise nua i gcoinne an iarratasóra, nach raibh deis aige a thuairim a chur in iúl ina leith le linn an nós imeachta riaracháin. |
|
149 |
I ndáil leis sin, ní dhéanann an t‑iarratasóir ach dearbhú ginearálta go raibh difríochtaí suntasacha sa chinneadh atá faoi chonspóid agus ábhar nua nach raibh sna hargóintí a cuireadh in iúl sa ráiteas agóidí forlíontach agus sa litir fíoras, agus ní dhéanann sé ach tagairt i bhfonóta d’aithrisí áirithe sa chinneadh sin agus d’Iarscríbhinn A.11 den iarratas sin. |
|
150 |
Fiú más rud é gur ábhar nua atá i gceist leis sin, in éagmais doiciméid nós imeachta roimhe sin, fós féin ní mhíníonn an t‑iarratasóir ar chor ar bith na fáthanna gurbh ionann an t‑ábhar sin agus gearáin nó fianaise ina choinne nach raibh an deis aige a thuairim a chur in iúl ina leith, seachas breithnithe a fuair an Coimisiún, breithnithe a fuair sé ón iarratasóir san áireamh, a bheith curtha san áireamh sa chinneadh atá faoi chonspóid. |
|
151 |
Mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 146 thuas, ní féidir leis an gcinneadh atá faoi chonspóid a bheith ina chóip den ráiteas agóidí, den ráiteas agóidí forlíontach nó den litir fíoras, go díreach toisc go gceanglaítear ar an gCoimisiún na barúlacha arna dtaisceadh ag na páirtithe le linn an nós imeachta riaracháin a chur san áireamh. Ós rud é nach ndearna sé ach liosta de na difríochtaí idir an cinneadh sin agus na doiciméid nós imeachta a bhí aige go dtí sin, gan míniú breise a thabhairt ar an impleacht nithiúil dá aimhleasa, a bheadh ag leasuithe den sórt sin ar réasúnaíocht dhlíthiúil an Choimisiúin agus ar shaintréithriú na bhfíoras ná na fáthanna go ndearnadh athrú ar an iompar a líomhnaíodh ina choinne dá bhrí sin, ní léiríonn an t‑iarratasóir go ndearna an Coimisiún fiosrúchán claonta. |
|
152 |
Ar deireadh, maidir le hargóint an iarratasóra bunaithe ar an bhfíoras gur bhuail an Coimisiún leis an ngearánaí chun ceisteanna a bhaineann leis an éisteacht a bhaineann leis an ráiteas agóidí forlíontach a phlé, gan an t‑oifigeach éisteachta a bheith i láthair agus d’ainneoin gur tháinig an t‑ábhar sin faoina chúram, ní féidir ionracas an Choimisiúin ná a chumas an cás atá faoi thrácht a láimhseáil go neodrach agus go hoibiachtúil a thabhairt faoi cheist. Ní léiríonn an t‑iarratasóir ach an oiread na fáthanna a mbeadh tionchar ag cruinniú den sórt sin ar a chearta cosanta, a fortiori ós rud é nach raibh aon ní lenar cuireadh cosc air, dá measfadh sé gur gá sin, cruinniú comhionann a lorg leis an oifigeach éisteachta. |
|
153 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don ghearán seo. |
|
154 |
Dá réir sin, ní mor diúltú don chéad chuid den chéad saincheist dlí. |
An dara cuid, lena n‑éilítear gur sáraíodh cearta na cosanta agus prionsabal an chomhionannais idir na páirtithe
|
155 |
Tá an chuid seo bunaithe ar dhá ghearán. Tá an chéad ghearán bunaithe ar rochtain neamhleor ar an gcomhad. Tá an dara gearán bunaithe, go bunúsach, ar ábhar neamhleor sa chomhad a cuireadh ar aghaidh. |
– Réamhbharúlacha
|
156 |
Is cearta bunúsacha iad cearta na cosanta ar cuid dhílis iad de phrionsabail ghinearálta an dlí a n‑áirithíonn an Chúirt Ghinearálta agus an Chúirt Bhreithiúnais a n-urramú (breithiúnas an 25 Deireadh Fómhair 2011, Solvay v an Coimisiún (C‑109/10 P, EU:C:2011:686, mír 52). |
|
157 |
Is prionsabal ginearálta de dhlí an Aontais é urramú chearta na cosanta a bhfuil feidhm aige i gcás ina bhfuil ar intinn ag na húdaráis beart a ghlacadh a dhéanfaidh dochar do dhuine (breithiúnas an 16 Eanáir 2019, an Coimisiún v United Parcel Service, C‑265/17 P, EU:C:2019:23, mír 28). |
|
158 |
Tá an prionsabal ginearálta sin de dhlí an Aontais cumhdaithe in Airteagal 41(2)(a) agus (b) den Chairt (breithiúnas an 25 Márta 2021, Deutsche Telekom v an Coimisiún, C‑152/19 P, EU:C:2021:238, mír 105). |
|
159 |
I gcomhthéacs dhlí na hiomaíochta, chun cearta na cosanta a urramú, ceanglaítear gur cuireadh ar chumas aon seolaí de chinneadh go ndearna sé sárú ar rialacha iomaíochta, le linn an nós imeachta riaracháin a thuairimí a chur in iúl go fóntach maidir le fírinne agus ábharthacht na bhfíoras agus na n‑imthosca a chuirtear ina choinne agus na doiciméid a d’úsáid an Coimisiún chun tacú lena líomhain go ndearnadh sárú den sórt sin, mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 144 thuas. |
|
160 |
De réir cásdlí seanbhunaithe, ní bheidh sé de thoradh ar shárú ar chearta cosanta, go háirithe an ceart chun éisteacht a fháil go gcuirfear an cinneadh a glacadh ag deireadh an nós imeachta riaracháin atá i gceist ar neamhní ach amháin más rud é, in éagmais na neamhrialtachta sin, go bhféadfadh toradh difriúil a bheith ar an nós imeachta sin. Ní féidir a cheangal ar iarratasóir a líomhnaíonn gur sáraíodh a chearta cosanta go léireoidh sé go mbeadh cinneadh na hinstitiúide de chuid an Aontais atá i gceist difriúil, ach nach féidir an cás sin a chur as an áireamh go hiomlán (féach breithiúnas an 18 Meitheamh 2020, an Coimisiún v RQ, C‑831/18 P, EU:C:2020:481, míreanna 105 agus 106 agus an cásdlí dá dtagraítear), toisc gurbh fhearr a bheadh an páirtí sin in ann a chosaint a áirithiú mura mbeadh an earráid nós imeachta sin ann (breithiúnais an 2 Deireadh Fómhair 2003, Thyssen Stahl v an Coimisiún, C‑194/99 P, EU:C:2003:527, mír 31; an 1 Deireadh Fómhair 2009, Foshan Shunde Yongjian Housewares & Hardware v an Chomhairle, C‑141/08 P, EU:C:2009:598, mír 94, agus 13 Nollaig 2018, Deutsche Telekom v an Coimisiún, T‑827/14, EU:T:2018:930, mír 129). |
|
161 |
Ní mór measúnú den sórt sin a dhéanamh i bhfianaise imthosca fíorasacha agus dlíthiúla gach cáis (breithiúnas an 18 Meitheamh 2020, an Coimisiún v RQ, C‑831/18 P, EU:C:2020:481, mír 107). |
– An chéad ghearán, lena n‑éilítear go raibh rochtain neamhleor ar an gcáschomhad
|
162 |
Áitíonn an t‑iarratasóir nach raibh rochtain aige ar an gcomhad go dtí gur glacadh an ráiteas agóidí agus an ráiteas agóidí forlíontach, agus sin tar éis dó roinnt iarratas a dhéanamh ina leith sin. Maíonn sé freisin go raibh air ‘an t‑uafás ama agus acmhainní díréireacha’ a chaitheamh chun teacht ar dhoiciméid áirithe, agus go raibh sin ina ‘chur isteach díobhálach nach raibh gá leis’ agus go raibh tionchar diúltach aige ar a chumas é féin a chosaint. |
|
163 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
164 |
Fágann an ceart chun an comhad a rochtain a eascraíonn ón bprionsabal go n‑urramófar cearta na cosanta go gcaithfidh an Coimisiún an deis a thabhairt don ghnóthas lena mbaineann scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid go léir ón gcomhad fiosrúcháin a d’fhéadfadh a bheith ábhartha dá chosaint. Áirítear ar na doiciméid sin an fhianaise inchoiritheach agus an fhianaise shaorthach, faoi réir rúin gnó gnóthas eile, doiciméid inmheánacha an Choimisiún agus faisnéis rúnda eile (breithiúnas an 7 Eanáir 2004, Aalborg Portland agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑204/00 P, C‑205/00 P, C‑211/00 P, C‑213/00 P, C‑217/00 P agus C‑219/00 P, EU:C:2004:6, mír 68, agus an 12 Iúil 2011, Toshiba v an Coimisiún, T‑113/07, EU:T:2011:343, mír 41). |
|
165 |
Sa chás seo, déanann an t‑iarratasóir gearán sa chéad áit go raibh air brú a chur ar an gCoimisiún chun rochtain a fháil ar na doiciméid sa chomhad, agus gur chaill sé am dá bharr agus cuimhní ar na fíorais agus dá bhrí sin, go raibh tionchar diúltach aige sin ar a chosaint. |
|
166 |
Ní mór diúltú d’argóintí an iarratasóra bunaithe ar fhad an nós imeachta riaracháin agus na hiarmhairtí atá aige sin dá fhéidearthachtaí cosanta ar na cúiseanna céanna a leagtar amach i míreanna 116 go 121 thuas. Thairis sin, a mhéid a mhaíonn an t‑iarratasóir nach raibh rochtain aige ar an gcomhad ach go déanach, aontaíonn na páirtithe go raibh rochtain aige ar an gcáschomhad le linn an nós imeachta riaracháin agus go raibh deis aige na doiciméid a bhí ann a chur san áireamh chun a chosaint a ullmhú. Dá réir sin, fiú mura raibh rochtain ag an iarratasóir ar a chomhad láithreach, fós féin ní léiríonn sé go raibh an rochtain sin déanach agus gur sáraíodh a chearta cosanta, sa chaoi gur cheart diúltú don argóint sin. |
|
167 |
Sa dara háit, maidir le rochtain a líomhnaítear a bheith neamhleor ar an gcomhad, ní mór a thabhairt faoi deara, mar is léir ó aithrisí 45 agus 46 den chinneadh atá faoi chonspóid, nár chuir an t‑iarratasóir ina choinne, a mhéid a bhaineann leis an ráiteas agóidí, gur admhaigh an t‑iarratasóir féin gur réitíodh na ceisteanna ar fad a bhaineann le rochtain ar an gcáschomhad sular chuir sé a fhreagra ar an ráiteas agóidí isteach, agus a mhéid a bhaineann leis an ráiteas agóidí forlíontach, nár bhain sé leas as an deis a thug an Coimisiún dó cur lena fhreagra ar an ráiteas agóidí forlíontach tar éis dó rochtain a fháil ar leagan neamhrúnda athbhreithnithe de dhoiciméid áirithe sa chomhad, sa chaoi nach bhféadfadh sé a mhaíomh go dlisteanach go ndearnadh difear dá chearta cosanta. |
|
168 |
Dá réir sin, ní mór diúltú don ghearán seo. |
– An dara gearán, lena n‑éilítear go raibh inneachar an chomhaid a cuireadh ar aghaidh neamhleor
|
169 |
Measann an t‑iarratasóir gur mhainnigh an Coimisiún ina oibleagáid nótaí mionsonraithe a ghlacadh de na cruinnithe, na glaonna teileafóin agus na hagallaimh go léir, bíodh siad foirmiúil nó neamhfhoirmiúil a rinneadh chun faisnéis a bhaineann le hábhar an fhiosrúcháin a bhailiú agus na nótaí sin a chur ar fáil dó go cuí. |
|
170 |
Sa chéad áit, áitíonn an t‑iarratasóir gur mhainnigh an Coimisiún nótaí a ghlacadh faoi na seacht gcomhdháil teileafóin agus cúig chruinniú a bhí aige leis. Dá thoradh sin, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún na nótaí sin a úsáid, a d’fhéadfadh fianaise shaorthach a bheith iontu. |
|
171 |
Sa dara háit, measann an t‑iarratasóir gur chuir an Coimisiún nótaí áirithe maidir le cruinnithe nó glaonna comhdhála le tríú páirtithe ar aghaidh chuige go ródhéanach, roinnt blianta i ndiaidh iad a thionól fiú. |
|
172 |
Sa tríú háit, áitíonn an t‑iarratasóir gur sheol an Coimisiún nótaí ró-achomair chuige maidir le glaonna comhdhála áirithe le tríú páirtithe, eadhon glao comhdhála le Huawei agus seacht nglao comhdhála leis an ngearánaí, agus nár cuireadh ar a chumas leis na nótaí sin tuiscint a fháil ar an méid a bhí á phlé. |
|
173 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
174 |
Ar dtús, ní mór a thabhairt faoi deara go dtugtar an chumhacht don Choimisiún le hAirteagal 19(1) de Rialachán Uimh. 1/2003 aon duine nádúrtha nó dlítheanach a thugann a thoiliú chuige sin, a chur faoi agallamh ar mhaithe le faisnéis a bhaineann le hábhar fiosrúcháin a bhailiú, agus sin chun na cúraimí a chuirtear air faoin Rialachán sin a chur i gcrích. |
|
175 |
I gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Uimh. 773/2004, féadfaidh an Coimisiún aon chineál ráitis arna dhéanamh ag daoine a chuirtear faoi agallamh ar bhonn Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 1/2003 a thaifeadadh. Sonraítear in Airteagal 3(2) de Rialachán 773/2004 go díreach gur féidir agallamh den sórt sin a dhéanamh trí aon mheán cumarsáide, lena n‑áirítear ar an teileafón nó trí mheán leictreonach. |
|
176 |
I ndáil leis sin, is léir ón gcásdlí, má chinneann an Coimisiún agallamh a dhéanamh ar bhonn Airteagal 19(1) de Rialachán Uimh. 1/2003 go gceanglaítear air an t‑agallamh sin a thaifeadadh ina iomláine, gan dochar don rogha a thugtar dó maidir le foirm an taifid sin. Dá thoradh sin, tá oibleagáid ar an gCoimisiún, aon agallamh a dhéanann sé de bhun an Airteagail sin a thaifeadadh, in aon fhoirm a roghnóidh sé, chun faisnéis a bhaineann le hábhair a fhiosrúcháin a bhailiú (breithiúnais an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún, C‑413/14 P, EU:C:2017:632, míreanna 90 agus 91, agus an 9 Márta 2023, Les Mousquetaires agus ITM Entreprises v an Coimisiún, C‑682/20 P, EU:C:2023:170, mír 89). |
|
177 |
Chun na críche sin, ní leor don Choimisiún achoimre ghearr a dhéanamh ar na hábhair ar díríodh orthu le linn an agallaimh. Ní mór dó a bheith in ann faisnéis a chur ar fáil faoin méid a pléadh le linn an agallaimh, go háirithe cineál na faisnéise a cuireadh ar fáil lena linn maidir leis na hábhair a pléadh (breithiúnas an 15 Meitheamh 2022, Qualcomm v an Coimisiún (Qualcomm – íocaíochtaí eisiachais), T‑235/18, EU:T:2022:358, mír 190, féach freisin, sa chiall sin, breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún, C‑413/14 P, EU:C:2017:632, míreanna 91 agus 92). |
|
178 |
Sa chéad áit, maidir leis an gcumarsáid idir an Coimisiún agus an t‑iarratasóir féin linn an nós imeachta riaracháin, déanann an t‑iarratasóir gearán go bhfuil nótaí le haghaidh seacht nglao comhdhála agus cúig chruinniú in easnamh ón gcomhad. |
|
179 |
Ní mór a thabhairt faoi deara, áfach, nach míníonn an t‑iarratasóir ar chor ar bith conas a rinneadh difear dá chearta cosanta le haon earráid nós imeachta, más aon d’earráid in aon chor, trína léiriú gurbh fhearr a bheadh sé in ann a chosaint a áirithiú dá mbeadh nótaí glactha ag an gCoimisiún maidir leis an gcumarsáid a bhí aige leis. Ós rud é go raibh na cruinnithe sin ar siúl idir an Coimisiún agus an t‑iarratasóir féin, bhí an t‑iarratasóir ar an eolas faoina n‑inneachar agus faoi na hábhair a bhí á bplé leis an gCoimisiún. Dá bhrí sin, d’fhéadadh sé aon fhianaise shaorthach a pléadh mar chuid den chumarsáid sin a úsáid ionas gurbh fhearr a bheadh sé in ann a chosaint a áirithiú. Thairis sin, sa chás sin, d’fhéadfaí a bheith ag súil leis go seolfadh an t‑iarratasóir achoimre ar an gcumarsáid sin atá i gceist chuig an gCoimisiún, ar mhaithe le taifead i scríbhinn d’aon fhianaise shaorthach fhéideartha sa chomhad a choinneáil. |
|
180 |
Sa dara háit, maidir le nótaí áirithe a bhaineann le cruinnithe nó glaonna comhdhála le tríú páirtithe, déanann an t‑iarratasóir gearán nach raibh rochtain aige orthu go dtí go déanach, rud a sháraigh a chearta cosanta. |
|
181 |
I ndáil leis sin, gan beann ar an gceist an ionann nó nach ionann na cruinnithe agus na glaonna atá i gceist agus ‘agallaimh’ de réir bhrí Airteagal 19(1) de Rialachán Uimh. 1/2003, a bhfuil sé de cheangal air a thaifeadadh, rud nach ndéanann an t‑iarratasóir iarracht a léiriú fiú, ní chuirtear ina choinne go raibh rochtain aige ar nótaí cruinnithe an 31 Iúil agus an 27 Lúnasa 2018, go díreach i ndiaidh an ráiteas agóidí forlíontach a bheith seolta ag an gCoimisiún. |
|
182 |
Cé gur trua é gur tugadh rochtain iarbhír ar na nótaí maidir leis na cruinnithe agus na glaonna comhdhála atá i gceist tamall fada i ndiaidh na gcruinnithe agus na nglaonna comhdhála sin a thionól, is fíor fós gur fhreagair an t‑iarratasóir an ráiteas agóidí forlíontach an 22 Deireadh Fómhair 2018, sin roinnt seachtainí i ndiaidh na nótaí sin a fháil, a d’fhág a dhóthain ama dó chun scrúdú a dhéanamh orthu, aon fhianaise shaorthach a bhaint astu agus é sin a lua sa fhreagra sin. |
|
183 |
I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara nach mór idirdhealú a dhéanamh idir cúinsí an cháis seo agus na cúinsí sa chás inar tugadh breithiúnas an 15 Meitheamh 2022Qualcomm v an Coimisiún(Qualcomm – íocaíochtaí eisiachais) (T‑235/18, EU:T:2022:358), inar chuir an Chúirt Ghinearálta Cinneadh C(2018) 240 final ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2018 maidir le nós imeachta maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 102 CFAE agus Airteagal 54 de Chomhaontú LEE (Cás AT.40220 – Qualcomm (íocaíochtaí eisiachais)) ar neamhní, go háirithe mar gheall ar nótaí áirithe a bhaineann le hagallaimh le tríú páirtithe a bheith seolta go déanach ag an gCoimisiún. |
|
184 |
Dá réir sin, is léir ó mhíreanna 168 agus 169 de bhreithiúnas an 15 Meitheamh 2022, Qualcomm v an Coimisiún (Qualcomm – íocaíochtaí eisiachais) (T‑235/18, EU:T:2022:358), sa chás inar tugadh an breithiúnas sin, ní raibh aon fhaisnéis curtha in iúl ag an gCoimisiún do Qualcomm maidir le hagallaimh áirithe a bheith ann le tríú páirtithe ná faoi ábhar na n‑agallamh sin, agus níor chuir sé na nótaí sin ar aghaidh go dtí gur glacadh Cinneadh C(2018) 240 final, agus cuireadh roinnt de na nótaí sin ar fáil le linn na n‑imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta, mar fhreagra ar na bearta fiosrúcháin arna n‑ordú aici. |
|
185 |
Níl ina ábhar conspóide ach an oiread gurbh amhlaidh, sa chás inar tugadh breithiúnas an 15 Meitheamh 2022, Qualcomm v an Coimisiún (Qualcomm – íocaíochtaí eisiachais) (T‑235/18, EU:T:2022:358), murab ionann agus sa chás seo, nach raibh rochtain ag Qualcomm ar na nótaí sin le linn an nós imeachta riaracháin agus nach raibh deis aige a thuairim a chur in iúl i ndáil leis sin ná fianaise shaorthach a bhí ann a úsáid chun é féin a chosaint sular glacadh an cinneadh maidir leis na híocaíochtaí eisiachais. Is ionann na himthosca cinntitheacha sin, a d’fhág gur chuir an Chúirt Ghinearálta Cinneadh C(2018) 240 final ar neamhní, agus difríocht bhunúsach leis an gcás seo. |
|
186 |
Is léir ón méid sin thuas nár léirigh an t‑iarratasóir gur sáraíodh a chearta cosanta toisc gur sheol an Coimisiún nótaí na gcruinnithe agus na nglaonna comhdhála atá i gceist go déanach. Dá bhrí sin, ní mór diúltú d’argóint an iarratasóra maidir leis na nótaí sin a bheith seolta ag an gCoimisiún go déanach. |
|
187 |
Sa tríú háit, maidir le nótaí áirithe a bhaineann le glaonna físchomhdhála le tríú páirtithe, eadhon glao comhdhála le Huawei agus seacht nglao comhdhála leis an ngearánaí, déanann an t‑iarratasóir gearán go bhfuil siad róghearr. |
|
188 |
I ndáil leis sin, le linn na héisteachta, d’admhaigh an Coimisiún go bhféadfaí gur ‘agallaimh’ a bhí i gcuid de na glaonna comhdhála ar a laghad dá ndearna an t‑iarratasóir tagairt, de réir bhrí Airteagal 19(1) de Rialachán Uimh. 1/2003 agus nach raibh aon taifead déanta aige de na hagallaimh sin. Ní mór a thabhairt faoi deara freisin go bhfuil na nótaí faoi na hagallaimh sin a atáirgtear in Iarscríbhinn A.9 a ghabhann leis an iarratas, róghearr chun an easpa taifeadta sin a chúiteamh. |
|
189 |
Maidir leis na hiarmhairtí atá le baint as an earráid nós imeachta sin, ní mór a chinneadh an amhlaidh, i bhfianaise na n‑imthosca fíorasacha agus dlíthiúla sa chás seo, gur léirigh an t‑iarratasóir go leordhóthanach gurbh fhearr a bheadh sé in ann a chosaint a áirithiú mura mbeadh a leithéid d’earráid nós imeachta ann. Mura léirítear an méid sin, ní fhéadfaí an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní mar gheall ar an earráid sin. |
|
190 |
Má tá fianaise ag an ngnóthas lena mbaineann maidir leis na húdair agus maidir le cineál agus inneachar na ndoiciméad nár nochtadh dó, ní mór dó a léiriú go bhféadfadh an fhianaise sa chomhad nach raibh rochtain aige uirthi, go héagórach, bíodh sin ina fianaise ionchoiritheach nó ina fianaise shaorthach, a bheith úsáideach dá chosaint (féach, chuige sin, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Kokott sa chás Solvay v an Coimisiún, C‑110/10 P, EU:C:2011:257, mír 37). |
|
191 |
Má tá fianaise inchoiritheach ann nár nochtadh dó, is leor don ghnóthas lena mbaineann a léiriú go bhféadfadh toradh difriúil a bheith ar an nós imeachta riaracháin dá mbeadh an fhianaise sin curtha as an áireamh, a mhéid a bhí an Coimisiún ag brath ar an bhfianaise sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 7 Eanáir 2004, Aalborg Portland agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑204/00 P, C‑205/00 P, C‑211/00 P, C‑213/00 P, C‑217/00 P agus C‑219/00 P, EU:C:2004:6, míreanna 71 agus 73, agus an 12 Iúil 2011, Toshiba v an Coimisiún, T‑113/07, EU:T:2011:343, mír 46). |
|
192 |
Más rud é nár nochtadh fianaise shaorthach dó, ní mór don ghnóthas lena mbaineann a léiriú go bhféadfadh sé an fhianaise sin a úsáid dá chosaint, sa chiall, dá bhféadfadh sé é a úsáid le linn an nós imeachta riaracháin, go bhféadfadh sé fianaise nach raibh ag teacht le réasúnaíocht an Choimisiúin ag an gcéim sin agus mar sin, go bhféadfadh sé tionchar a bheith aige, ar bhealach éigin, ar na breithnithe a thug an Coimisiún ina chinneadh (féach breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún, C‑413/14 P, EU:C:2017:632, mír 97 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
193 |
Sa chás seo, áfach, ní mór a thabhairt faoi deara nach bhfuil sé léirithe ag an iarratasóir gurbh fhearr a bheadh sé in ann a chosaint a áirithiú mura mbeadh an earráid nós imeachta sin ann. |
|
194 |
Go sonrach, in ainneoin gur léir gurbh fhéidir ábhar na n‑agallamh a bhí i gceist a thuiscint ó na nótaí a chuir an Coimisiún ar aghaidh agus, dá réir sin, a thuiscint arbh ann d’aon fhianaise a d’fhéadfadh sé a úsáid chun é féin a chosaint, ní dhearna an t‑iarratasóir aon argóint nithiúil ónar féidir a thuiscint conas a d’fhéadfadh sé gurbh fhearr a bheadh sé in ann a chosaint a áirithiú, fiú nuair a chuir an Chúirt Ghinearálta ceist air faoi sin le linn na héisteachta. |
|
195 |
Ar deireadh, ní mór a thabhairt faoi deara, i mbreithiúnas an 15 Meitheamh 2022, Qualcomm v an Coimisiún (Qualcomm – íocaíochtaí eisiachais) (T‑235/18, EU:T:2022:358), inar chuir an Chúirt Ghinearálta Cinneadh C(2018) 240 final ar neamhní, go háirithe mar gheall ar na heasnaimh sna nótaí a chuir an Coimisiún ar aghaidh maidir le hagallaimh áirithe le tríú páirtithe, gur thug an t‑iarratasóir ar aird, mar thaca leis na líomhaintí a rinneadh ar an ábhar sin san iarratas, iarscríbhinn inar sonraíodh na gnéithe a d’fhéadfaí gur pléadh iad le linn na n‑agallamh sin agus conas a d’fhéadfadh an méid sin cabhrú lena chosaint. Sa chás seo, níor chuir an t‑iarratasóir an méid sin in iúl ar chor ar bith. |
|
196 |
Dá bhrí sin, ní fhéadfadh sé a bheith de thoradh ar an earráid nós imeachta a bhaineann leis na nótaí maidir leis na glaonna comhdhála le tríú páirtithe a bheith róghearr a tugadh faoi deara sa chás seo go gcuirfear an cinneadh atá faoi chonspóid ar neamhní. |
|
197 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don ghearán seo, mar aon leis an dara cuid den chéad saincheist dlí. Dá thoradh sin, ós rud é gur diúltaíodh den chéad chuid den tsaincheist dlí sin freisin (féach mír 154 thuas), ní mór diúltú don tsaincheist dlí sin ina hiomláine. |
An dara saincheist dlí, lena n‑éilítear ‘earráidí follasacha measúnaithe’ fíorais agus dlí, agus mainneachtain san oibleagáid cúiseanna a lua a mhéid a bhaineann le sainiú an mhargaidh ábhartha agus a cheannasacht le linn na tréimhse ábhartha
|
198 |
Tá cúig chuid sa dara saincheist dlí. Baineann an chéad chuid le heasnaimh sa chinneadh atá faoi chonspóid ó thaobh shainiú an mhargaidh ábhartha. Baineann an dara cuid le srianta iomaíochta arna bhfeidhmiú go díreach ag an soláthar ‘gafa’ ar an saormhargadh. Baineann an tríú cuid le srianta iomaíochta arna bhfeidhmiú go hindíreach ag an soláthar ‘gafa’ ar an saormhargadh. Baineann an ceathrú cuid le ceannasacht an iarratasóra le linn na tréimhse ábhartha. Baineann an cúigiú cuid le sainiú na deighleoige den mhargadh d’fhoirne sliseanna UMTS ar thús cadhnaíochta ar a bhfuil anailís an Choimisiúin bunaithe. |
An chéad chuid, a bhaineann le heasnaimh sa chinneadh atá faoi chonspóid ó thaobh shainiú an mhargaidh
|
199 |
Tá an chuid seo bunaithe ar trí ghearán. Leis an gcéad ghearán, éilítear go ndearnadh earráidí follasacha measúnaithe agus earráidí dlí a mhéid a bhraith an Coimisiún, chun an margadh ábhartha a shainiú, ar rogha freagraí doiléire ar iarrataí ar fhaisnéis nach raibh soiléir. Leis an dara gearán, éilítear go ndearnadh earráidí follasacha measúnaithe agus earráidí dlí a mhéid nach ndearna an Coimisiún scrúdú ar aon slabhra ionadaithe a bheith ann. Leis an tríú gearán, éilítear go ndearnadh earráidí follasacha measúnaithe agus earráidí dlí a mhéid a tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh an tástáil ‘small but significant and non‑transitory increase in price’ (méadú beag ar an bpraghas, ach atá suntasach agus neamhshealadach) (‘tástáil SSNIP’) le cur i bhfeidhm aige. |
– Réamhbharúlacha
|
200 |
Ní mór a thabhairt faoi deara, i gcomhthéacs chur i bhfeidhm Airteagal 102 CFAE, go bhfuil sé mar chuspóir le sainiú an mhargaidh ábhartha an creat a shainiú ina bhfuil measúnú le déanamh an féidir leis an ngnóthas lena mbaineann gníomhú, go pointe suntasach, go neamhspleách óna iomaitheoirí, óna chustaiméirí agus ó thomhaltóirí (féach breithiúnas an 30 Eanáir 2020, Generics (UK) agus páirtithe eile, C‑307/18, EU:C:2020:52, mír 127 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
201 |
I bprionsabal, is céim réamhtheachtach é sainiú an mhargaidh, i bprionsabal chun measúnú a dhéanamh an bhfuil an gnóthas lena mbaineann i staid cheannasach, a fhágann gur gá táirgí nó seirbhísí an mhargaidh sin a shainiú, sa chéad áit agus, sa dara háit, raon geografach an mhargaidh sin a shainiú (féach breithiúnas an 30 Eanáir 2020, Generics (UK) agus páirtithe eile, C‑307/18, EU:C:2020:52, míreanna 127 agus 128 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
202 |
Maidir leis an margadh táirgí nó seirbhísí, ciallaíonn an coincheap ‘margadh ábhartha’ gur féidir go bhfuil iomaíocht éifeachtach idir na táirgí nó seirbhísí atá ann, agus go bhfuil na táirgí agus na seirbhísí sin sách inmhalartaithe agus inionadaithe lena chéile. Ní féidir inmhalartaitheacht nó inionadaitheacht a mheas i bhfianaise shaintréithe oibiachtúla na dtáirgí nó na seirbhísí atá i gceist amháin. Ní mór na coinníollacha iomaíochta agus struchtúr an éilimh agus na tairisceana ar an margadh sin a chur san áireamh freisin (féach breithiúnas an 30 Eanáir 2020, Generics (UK) agus páirtithe eile, C‑307/18, EU:C:2020:52, mír 129 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
203 |
Glactar leis le measúnú den sórt sin go bhfuil na táirgí nó na seirbhísí ar an margadh sin sách inmhalartaithe leo siúd atá ceaptha chun freagairt don éileamh ar an margadh sin. Is amhlaidh an cás, go háirithe, más rud é go bhfuil údar na tairisceana eile in ann freagairt sách láidir laistigh de thréimhse ghearr d’éileamh chun bheith ina shrian dáiríre ar an gcumhacht atá ag an ngnóthas lena mbaineann ar an margadh sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 30 Eanáir 2020, Generics (UK) agus páirtithe eile, C‑307/18, EU:C:2020:52, míreanna 132 agus 133). |
|
204 |
Ar deireadh, de réir cásdlí socair, ní fhéadfadh cúirteanna an Aontais Eorpaigh ach athbhreithniú srianta a dhéanamh ar shainiú an mhargaidh ábhartha, ós rud é go mbíonn measúnaithe eacnamaíocha casta ar thaobh an Choimisiúin i gceist leis (breithiúnais an 17 Meán Fómhair 2007, Microsoft v an Coimisiún, T‑201/04, EU:T:2007:289, mír 482; an 7 Bealtaine 2009, NVV agus páirtithe eile v an Coimisiún, T‑151/05, EU:T:2009:144, mír 53, agus an 15 Nollaig 2010, CEAHR v an Coimisiún, T‑427/08, EU:T:2010:517, mír 66). |
|
205 |
Is i bhfianaise na mbreithnithe sin is ceart scrúdú a dhéanamh ar argóintí an iarratasóra maidir le sainiú an mhargaidh ábhartha a rinne an Coimisiún sa chinneadh atá faoi chonspóid. |
– An chéad ghearán, lena n‑éilítear earráidí follasacha measúnaithe agus dlí de bharr gur bhraith an Coimisiún ar rogha freagraí doiléire ar cheisteanna doiléire
|
206 |
Áitíonn an t‑iarratasóir gur chuir an Coimisiún as an áireamh go bhféadfaí foirne sliseanna UMTS agus na foirne sliseanna a thacaíonn le teicneolaíochtaí eile a bheith inionadaithe ar bhonn anailís chlaonta ar fhreagraí roghnaithe ar cheisteanna nár cuireadh in iúl i gceart. |
|
207 |
Go sonrach, dar leis an iarratasóir, tá an cinneadh atá faoi chonspóid bunaithe ar fhreagraí doiléire nó débhríocha ar cheisteanna doiléire nó faoi réir léiriú a cuireadh sna hiarrataí ar fhaisnéis a tarchuireadh roinnt blianta i ndiaidh an tsáraithe líomhainte, agus go bhfuil sé de thoradh ar sin gur thuig roinnt freagróirí ar cheistneoirí an 4 Samhain 2014 agus an 30 Aibreán 2015 na ceisteanna a cuireadh sa chaoi gur bhain siad leis an margadh mar a bhí ann tráth a seoladh na hiarrataí sin ar fhaisnéis, agus ní tráth an tsáraithe líomhainte. Thairis sin, mar gheall ar fhoclaíocht cuid de na ceisteanna maidir le hinionadaitheacht fhoirne sliseanna UMTS agus foirne sliseanna a thacaíonn le teicneolaíochtaí eile, d’fhreagair na gnóthais an cheist an raibh sé i gceist acu a sholáthraí a athrú maidir leis na foirne sliseanna atá ceaptha chun bheith comhtháite i ngléasanna atá ann cheana, seachas gléasanna a bheidh ann amach anseo. Ar deireadh, le foclaíocht na gceisteanna sin, bhí réamhbhreith i gceist maidir le dhá mhargadh ar leith a bheith ann, ceann amháin ina raibh foirne sliseanna UMTS agus ceann eile ina raibh foirne sliseanna lena dtacaítear le LTE, ós rud é gur iarradh ar na hiarratasóirí an athródh siad ó chineál amháin foirne sliseanna go ceann eile. |
|
208 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
209 |
Ar dtús, ní mór a thabhairt faoi deara gur tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, sa chinneadh atá faoi chonspóid, nach bhfuil foirne sliseanna UMTS agus foirne sliseanna a thacaíonn le teicneolaíochtaí eile inionadaithe lena chéile, agus é ag brath ar mhéid mór sonraí. Is léir sin ó fhonótaí 245, 246 agus 248 go 251 den chinneadh sin a mhéid a bhaineann le heaspa inionadaitheachta idir foirne sliseanna UMTS agus foirne sliseanna eile a thacaíonn le caighdeán GSM, ó fhonótaí 254 go 258 den chinneadh sin a mhéid a bhaineann le heaspa inionadaitheachta idir foirne sliseanna UMTS agus foirne sliseanna eile a thacaíonn le caighdeán AMRC, ó fhonótaí 260 agus 264 den chinneadh sin a mhéid a bhaineann le heaspa inionadaitheachta idir foirne sliseanna UMTS sa leagan ‘Frequency-division‑duplexing’ (déphléascú roinnte minicíochta) (FDD) agus na foirne sliseanna céanna sa leagan ‘time-division‑duplex’ (déphléascú roinnte ama) (TDD) nach dtagann le mód FDD agus fonótaí 271 go 273 den chinneadh sin a mhéid a bhaineann le heaspa inionadaitheachta idir foirne sliseanna UMTS agus foirne sliseanna eile a thacaíonn le caighdeán WiFi/WiMAX. Thairis sin, mar is léir ó fhonótaí 277 agus 279 den chinneadh atá faoi chonspóid, bhraith an Coimisiún ar roinnt doiciméad chun teacht ar an gconclúid go raibh foirne sliseanna UMTS inionadaithe, agus leaganacha éagsúla den teicneolaíocht sin á gcur san áireamh. |
|
210 |
Thairis sin, ní mór a thabhairt faoi deara gur bhraith an Coimisiún ní hamháin ar na freagraí ar na ceistneoirí a seoladh in 2014 agus in 2015 ach freisin ar na freagraí ar dhá cheistneoir a seoladh in 2010 agus a bhaineann le sainiú an mhargaidh ábhartha freisin, rud a dheimhnigh an Coimisiún, i bhfreagra ar bheart eagrúcháin nós imeachta i bhfoirm ceist i scríbhinn a chuir an Chúirt Ghinearálta, agus ar na tuarascálacha tionscail, mar is léir ó fhonótaí 244, 261 agus 270 den chinneadh atá faoi chonspóid. |
|
211 |
Dá réir sin, ní féidir a chur i leith an Choimisiúin gur bhraith sé ar rogha freagraí amháin nuair a rinne sé an margadh ábhartha a shainiú. |
|
212 |
Thairis sin, fiú más rud é gur fhreagair gnóthais áirithe ceistneoirí 2014 agus 2015 bunaithe ar an tréimhse mhícheart, ní mór a thabhairt faoi deara nach ndearna na freagróirí dá dtagraíonn an Coimisiún i bhfonótaí 244, 261 agus 270 den chinneadh atá faoi chonspóid earráid den sórt sin, rud nach gcuireann an t‑iarratasóir ina choinne, ós rud é nach ndéanann sé tagairt ach do chúpla sampla de ghnóthais nach dtagraíonn a bhfreagra don tréimhse cheart, dar leis. |
|
213 |
Maidir le ceistneoir an 30 Aibreán 2015 go sonrach, ní mór a thabhairt faoi deara go sonraítear sa réamhrá leis an gceistneoir sin nach mór na freagraí a thabhairt maidir leis an tréimhse ó 2010 go 2014. Maidir leis na fáthanna nach raibh an ceistneoir ag tagairt do 2009, cé go n‑áirítear an dara ráithe den bhliain sin sa tréimhse ábhartha, nuair a chuir an Chúirt Ghinearálta ceist air i scríbhinn, luaigh an Coimisiún go ndearna roinnt freagróirí ar an gceistneoir sin tagairt shainráite do thréimhse roimh 2010 nó go ndearna siad ráitis a bhfuil feidhm acu go ginearálta, gan beann ar an tréimhse thagartha agus, dá réir sin, atá bailí a mhéid a bhaineann le 2009 freisin. |
|
214 |
Is léir ón méid sin, fiú más rud é gur thug freagróirí áirithe ar cheistneoirí an 4 Samhain 2014 agus an 30 Aibreán 2015 a ndearna an t‑iarratasóir tagairt dóibh freagraí doiléire, mar a áitíonn sé, trí thagairt a dhéanamh do thréimhse atá difriúil ó thréimhse an tsáraithe, ní fhéadfadh earráid den sórt sin an anailís a rinne an Coimisiún a thabhairt faoi cheist i bhfianaise cuid de na freagraí a bhaineann le heaspa inionadaitheachta idir foirne sliseanna UMTS agus na foirne sliseanna a thacaíonn le teicneolaíocht eile, i bhfianaise an mhéid mhóir sonraí comhsheasmhacha ar a raibh an Coimisiún ag brath i ndáil leis sin. |
|
215 |
Thairis sin, trína áitiú gur fhág foclaíocht ceisteanna áirithe a bhaineann le hinionadaitheacht idir foirne sliseanna UMTS agus foirne sliseanna a thacaíonn le teicneolaíochtaí eile gur fhreagair cuid de na gnóthais ar cuireadh ceist orthu an cheist an raibh sé i gceist acu a soláthraí a athrú maidir leis na foirne sliseanna a bhí ceaptha chun bheith comhtháite i ngléasanna atá ann cheana, seachas gléasanna a bheidh ann sa todhchaí, measann an t‑iarratasóir, go bunúsach, gur cheart don Choimisiún scrúdú a dheanamh ar shrian iomaíoch hipitéiseach arna chur ag soláthraithe foirne sliseanna le comhtháthú i ngléasanna todhchaí, eadhon táirgí nach ann dóibh go fóill. |
|
216 |
Ní fhéadfaí glacadh le hargóint den sórt sin. |
|
217 |
Is léir ó phointe 7 den Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le sainiú an mhargaidh atá i gceist chun críocha dhlí Comhphobail na hiomaíochta (IO 1997 C 372, lch. 5, ‘an teachtaireacht maidir le sainiú an mhargaidh’), go gcuimsítear leis an margadh táirgí atá i gceist gach táirge nó seirbhís a mheasann an tomhaltóir a bheith inmhalartaithe nó inionadaithe mar gheall ar a saintréithe, a bpraghas agus an úsáid dá bhfuil siad beartaithe, rud a chiallaíonn go ndéanfar an measúnú bunaithe ar an gcineál táirgí a dhíolann na gnóthais atá i gceist an tráth sin, agus ní i dtaca le táirgí hipitéiseacha todhchaí, nach bhfuil a saintréithe, a bpraghsanna agus a n‑úsáid ar eolas ag tomhaltóirí. |
|
218 |
Ní mór a thabhairt faoi deara freisin i ndáil leis sin nach míníonn an t‑iarratasóir ar aon nós conas a d’fhéadfadh an srian iomaíoch hipitéiseach arna chur ag foirne sliseanna atá ceaptha le haghaidh gléasanna nach ann dóibh go fóill aon tionchar a bheith aige ar thoradh na hanailíse arna déanamh ag an gCoimisiún, a bhí ag brath, mar a luaitear i míreanna 209 agus 210, ar go leor sonraí comhsheasmhacha. |
|
219 |
Ar deireadh, ní mór diúltú d’argóint an iarratasóra ar dá réir, trína iarraidh ar na freagróirí an athródh siad ó chineál amháin foirne sliseanna go cineál eile, go ndearna an Coimisiún réamhbhreith maidir le dhá mhargadh ar leith a bheith ann, eadhon margadh d’fhoirne sliseanna UMTS agus margadh d’fhoirne sliseanna a thacaíonn le LTE, mar argóint gan aon bhunús. |
|
220 |
Go deimhin, sna ceisteanna ón gCoimisiún i ndáil leis sin, ní dhéantar tagairt ach do theicneolaíochtaí sonracha, go háirithe caighdeáin GSM, UMTS agus LTE, a bhfuil saintréithe faoi leith ag gach ceann acu, agus tá siad dírithe ar a fháil amach an measann nó nach measann a gceannaitheoirí go bhfuil na foirne sliseanna a thacaíonn leis na teicneolaíochtaí sin inionadaithe agus, dá réir sin, an bhféadfadh siad a bheith cuimsithe sa mhargadh táirgí céanna, fiú go féideartha. |
|
221 |
Is léir ón méid sin thuas nach mór diúltú don ghearán seo. |
– An dara gearán, lena n‑éilítear go ndearnadh earráidí follasacha measúnaithe agus dlí a mhéid nach ndearna an Coimisiún scrúdú ar aon slabhra ionadaithe a bheith ann
|
222 |
Maíonn an t‑iarratasóir go ndearna an Coimisiún earráidí follasacha measúnaithe agus dlí ós rud é nach ndearna sé scrúdú ar shlabhra ionadaithe idir foirne sliseanna UMTS agus foirne sliseanna a thacaíonn le teicneolaíochtaí a bhí ann roimhe sin nó ina dhiaidh sin. |
|
223 |
Dar leis an iarratasóir, ba cheart don Choimisiún scrúdú a dhéanamh an amhlaidh, tráth an aistrithe idir an dá theicneolaíocht, go raibh ‘slabhra ionadaithe’, is é sin, ina fhocail féin ‘leanúnachas sna táirgí a thairgtear nó, ina éagmais sin, “briseadh” struchtúrach follasach idir an dá chaighdeán’. Go sonrach, cuireann sé i gcoinne chonclúid an Choimisiúin ar dá réir nach raibh slabhra ionadaithe idir foirne sliseanna UMTS agus na foirne sliseanna a thacaigh le caighdeán leathnaithe GSM/EDGE roimhe sin. |
|
224 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
225 |
Ní mór a thabhairt faoi deara, i mír 57 den teachtaireacht maidir le sainiú an mhargaidh, go míníonn an Coimisiún go bhféadfadh sé go n‑áireofaí, mar gheall ar shlabhraí inionadaithe a bheith ann, i gcásanna áirithe, táirgí áirithe nach bhfuil inionadaithe go díreach i margadh, i gcás ina bhfuil táirge B ina ionadaí, ar thaobh an éilimh, do tháirgí A agus C. Sa chás sin, fiú mura bhfuil táirgí A agus C inionadaithe go díreach lena chéile ar thaobh an éilimh, féadfar iad a rangú sa mhargadh céanna táirgí atá i gceist, toisc go bhfuil tionchar ag táirge ionadaithe B ar a bpraghsanna faoi seach. |
|
226 |
Ní mór a thabhairt faoi deara, i gcomhthéacs an ghearáin seo, go gcáineann an t‑iarratasóir an Coimisiún, go bunúsach toisc gur mheas sé, ar thaobh amháin nach raibh na foirne sliseanna a thacaíonn le teicneolaíocht a bhí ann roimhe seo inionadaithe le foirne sliseanna UMTS agus, ar an taobh eile, nach raibh na foirne sliseanna sin agus na foirne sliseanna a thacaíonn le teicneolaíocht ina dhiaidh sin inionadaithe lena chéile. I bhfocail eile, déanann sé gearán go ndearna sé dhá scrúdú ar inionadaitheacht ‘clasaiceach’ idir dhá tháirge, seachas scrúdú ar inionadaitheacht fhéideartha i slabhra idir dhá tháirge nach bhfuil inionadaithe go díreach lena chéile, ach a thiocfadh chun bheith inionadaithe go hindíreach, de bharr go bhfuil an dá tháirge inionadaithe le tríú táirge. |
|
227 |
I ndáil leis sin, is leor a thabhairt faoi deara gurb é trí bhrath ar roinnt sonraí comhsheasmhacha go ndearna an Coimisiún scrúdú, sa chinneadh atá faoi chonspóid ar inionadaitheacht idir foirne sliseanna UMTS agus foirne sliseanna a thacaíonn le teicneolaíochtaí eile, a tháinig roimh theicneolaíocht UMTS nó ina diaidh, mar is léir ó mhíreanna 209 agus 210 thuas. |
|
228 |
Is léir ón méid sin thuas nach mór diúltú don ghearán seo. |
– An tríú gearán, lena n‑éilítear go ndearnadh earráidí follasacha measúnaithe agus dlí a mhéid a tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh air tástáil SSNIP a chur i bhfeidhm
|
229 |
Measann an t‑iarratasóir, ós rud é nár chuir an Coimisiún tástáil SSNIP i bhfeidhm sa chinneadh atá faoi chonspóid, go ndearna an Coimisiún earráid fhollasach mheasúnaithe agus earráid dlí. Dar leis an iarratasóir, cé gur fíor go dtagraíonn breithiúnas an 11 Eanáir 2017, Topps Europe v an Coimisiún (T‑699/14, nár foilsíodh, EU:T:2017:2), dá dtagraíonn an Coimisiún sa chinneadh sin, d’uirlisí eile seachas an tástáil sin, atá ag an gCoimisiún, lena n‑áirítear, taighde margaidh agus measúnú ar dhearcthaí tomhaltóirí agus iomaitheoirí eile, fós féin tá an Coimisiún faoi cheangal brath ar fhianaise iomchuí, áititheach agus iontaofa, rud nach ndearna sé sa chás seo, ós rud é gur bhraith sé ar rogha freagraí ar cheisteanna doiléire a atáirgeadh sna hiarrataí ar fhaisnéis. Cáineann an t‑iarratasóir an Coimisiún freisin toisc gur mheas sé, in aithris 248 den chinneadh atá faoi chonspóid nach raibh tástáil den sórt sin iomchuí ar aon nós toisc go raibh praghsanna fhoirne sliseanna UMTS socraithe ar leibhéal foriomaíoch. |
|
230 |
Cuireann an Coimisiún agus an t‑idiragraí i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
231 |
Mar réamhphointe, ní mór a thabhairt faoi deara gurb é atá i gceist le tástáil SSNIP ná scrúdú a dhéanamh an mbeidh sé de thoradh ar mhéadú beag ar phraghas táirge, thart ar 5 go 10 %, go roghnóidh líon suntasach custaiméirí táirge eile, a mheasfar a bheith inionadaithe don chéad táirge. |
|
232 |
Ní mór a thabhairt faoi deara, cé gur sásra aitheanta é tástáil SSNIP chun an margadh atá i gceist a shainiú, nach é sin an t‑aon mhodheolaíocht atá ar fáil don Choimisiún. Go deimhin, is féidir leis uirlisí eile a chur san áireamh chun an margadh ábhartha a shainiú, amhail taighde margaidh nó measúnú ar dhearcthaí tomhaltóirí agus iomaitheoirí (breithiúnais an 11 Eanáir 2017, Topps Europe v an Coimisiún, T‑699/14, nár foilsíodh, EU:T:2017:2, mír 82, agus an 5 Deireadh Fómhair 2020, HeidelbergCement agus Schwenk Zement v an Coimisiún, T‑380/17, EU:T:2020:471, mír 331 (nár foilsíodh)), rud nach gcuireann an t‑iarratasóir ina choinne. |
|
233 |
Thairis sin, is léir ón gcásdlí agus ó mhír 25 den teachtaireacht maidir le sainiú an mhargaidh nach bhfuil aon ordlathas righin idir na critéir mheasúnaithe éagsúla atá ar fáil don Choimisiún (féach, chuige sin, breithiúnais an 11 Eanáir 2017, Topps Europe v an Coimisiún, T‑699/14, nár foilsíodh, EU:T:2017:2, mír 82, agus an 5 Deireadh Fómhair 2020, HeidelbergCement agus Schwenk Zement v an Coimisiún, T‑380/17, EU:T:2020:471, mír 331 (nár foilsíodh)], rud nach gcuireann an t‑iarratasóir ina choinne ach an oiread. |
|
234 |
Thairis sin, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil corrlach breithmheasa áirithe ag an gCoimisiún a bhaineann le sainiú an mhargaidh ábhartha, a mhéid atá measúnuithe eacnamaíocha casta i gceist leis sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Nollaig 2010, CEAHR v an Coimisiún, T‑427/08, EU:T:2010:517, mír 66 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
235 |
Dá réir sin, níl oibleagáid ar an gCoimisiún, nuair a dhéanann sé an margadh ábhartha a shainiú chun críocha Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm, tástáil SSNIP a dhéanamh. |
|
236 |
Dá réir sin, ní dhearna an Coimisiún aon earráid dlí nuair a luaigh sé, in aithris 180 den chinneadh atá faoi chonspóid go raibh sé in ann an margadh ábhartha a shainiú gan tástáil SSNIP a dhéanamh. |
|
237 |
Thairis sin, is léir ón anailís ar an gcéad ghearán a d’ardaigh an t‑iarratasóir mar thaca leis an gcéad chuid dá chéad saincheist dlí, nuair a shainigh sé an margadh ábhartha sa chinneadh atá faoi chonspóid, gur bhraith an Coimisiún ar fhianaise iomchuí, áithitheach agus iontaofa seachas, mar a mhaíonn an t‑iarratasóir, ar rogha freagraí ar cheisteanna doiléire a atáirgeadh in iarrataí ar fhaisnéis. Ní léiríonn an t‑iarratasóir go ndearna an Coimisiún earráid toisc nach ndearna sé tástáil SSNIP sa chás seo. |
|
238 |
Ina theannta sin, ní dhearna an t‑iarratasóir iarracht fiú chun a léiriú gur athraigh tástáil SSNIP na conclúidí ar a tháinig an Coimisiún sa chinneadh atá faoi chonspóid (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Deireadh Fómhair 2020, HeidelbergCement agus Schwenk Zement v an Coimisiún, T‑380/17, EU:T:2020:471, mír 331 (nár foilsíodh)]. |
|
239 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don ghearán seo, gan gá a bheith ann breith a thabhairt ar cheann de na boinn cirt arna dtabhairt ag an gCoimisiún gan tástáil SSNIP a chur i bhfeidhm sa chás seo, rud a chuireann an t‑iarratasóir ina choinne, eadhon nach bhfuil tástáil den sórt sin iomchuí sa chás seo ós rud é gur socraíodh praghas fhoirne sliseanna UMTS ar leibhéal foriomaíoch cheana. |
|
240 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don chéad chuid den dara saincheist dlí. |
An dara cuid, maidir le srianta iomaíochta arna bhfeidhmiú go díreach ag an soláthar ‘gafa’ ar an saormhargadh
|
241 |
Mar thaca leis an gcuid seo, ardaíonn an t‑iarratasóir ceithre ghearán. |
|
242 |
Sa chéad áit, áitíonn an t‑iarratasóir, chun teacht ar an gconclúid nach raibh srian iomaíoch á chur go díreach ag soláthar ‘gafa’ ó sholáthraithe áirithe trealaimh de thionscnamh arna gcomhtháthú go hingearach ar mhargadh fhoirne sliseanna UMTS, bhraith an Coimisiún go hearráideach ar dhearbhuithe dothuigthe neamhábhartha na monaróirí sin, ach níor cheistigh sé na custaiméirí faoina gcuid socruithe agus faoina n‑acmhainní athrú go féinsoláthar nó é sin a mhéadú i gcás ina raibh siad comhtháite go hingearach cheana, i gcás méadú ar phraghsanna na bhfoirne sliseanna ar an margadh sin. |
|
243 |
Sa dara háit, measann an t‑iarratasóir gur chuir an Coimisiún as an áireamh go mícheart an margadh ábhartha le haghaidh táirgeadh gafa [rúnda] ( 1 ) mar gheall ar a chineál íosta le linn na tréimhse ábhartha. I ndáil leis sin, tagraíonn sé do na freagraí ar an ráiteas agóidí agus ar an ráiteas agóidí forlíontach, inar léirigh sé go raibh brú láidir iomaíochta á fheidhmiú ag [rúnda]. |
|
244 |
Sa tríú háit, cáineann an t‑iarratasóir diúltú an Choimisiúin d’fhianaise áirithe a bhaineann le treochtaí ar an margadh agus san earnáil, cé go bhfuil gá, in earnáil chomh dinimiciúil leis an earnáil atá i gceist sa chinneadh atá faoi chonspóid, athruithe agus treochtaí a chur san áireamh. B’amhlaidh sa chás seo a fortiori ós rud é, a mhéid a bhaineann le gnéithe eile den chinneadh sin, go háirithe chun a léiriú go raibh acmhainn láidir fáis ag an deighleog den mhargadh d’fhoirne sliseanna UMTS ar thús cadhnaíochta, gur chuir an Coimisiún réamh-mheastacháin todhchaí san áireamh. |
|
245 |
Sa cheathrú háit, cáineann an t‑iarratasóir an Coimisiún toisc nár chuir sé cúinsí tráchtála san áireamh, go háirithe gur cailleadh thart ar 70 % dá dhíolacháin d’fhoirne sliseanna UMTS atá ceaptha do ghléasanna MBB le Huawei mar gheall ar sholáthar gafa fhochuideachta Huawei. |
|
246 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
247 |
Is léir ó phointe 7 den teachtaireacht maidir le sainiú an mhargaidh go gcuimsítear leis an margadh táirgí atá i gceist na táirgí nó na seirbhísí go léir a mheasann an tomhaltóir a bheith inmhalartaithe nó inionadaithe mar gheall ar a saintréithe, a bpraghsanna agus an úsáid dá bhfuil siad beartaithe. |
|
248 |
Thairis sin, de réir phointe 13 den teachtaireacht maidir le sainiú an mhargaidh, cuirtear gnóthais faoi réir trí fhoinse de shrianta iomaíochta, eadhon inionadaitheacht ar thaobh an éilimh, inionadaitheacht ar thaobh an tsoláthair agus iomaíocht fhéideartha agus, i gcomhthéacs an margadh a shainiú, tá an inionadaitheacht ar thaobh an éilimh ar an bhfachtóir is láithrí agus is éifeachtaí smachta i ndáil le soláthraithe táirge faoi leith. Ní fhéadfaidh tionchar cinntitheach a bheith ag gnóthas ar na coinníollacha díolacháin atá i réim ach amháin más féidir leis na custaiméirí táirgí ionadacha a roghnú gan deacracht, rud a fhágann gur gá foinsí eile cearta soláthair a aithint a bhféadfaidh na gnóthais atá i gceist a úsáid. |
|
249 |
Ina theannta sin, mar a luaitear i bpointe 20 den teachtaireacht maidir le sainiú an mhargaidh, is féidir inionadaitheacht ar thaobh an tsoláthair a chur san áireamh freisin chun an margadh atá i gceist a shainiú in oibríochtaí ina mbeidh éifeachtaí comhionanna ag an inionadaitheacht sin agus atá ag an inionadaitheacht ar thaobh an éilimh ó thaobh láithreachta agus éifeachtúlachta de. Chuige sin, is gá go mbeidh na soláthraithe in ann a tháirgeadh a athdhíriú ar na táirgí atá i gceist agus iad a mhargú sa ghearrthéarma, gan chostais nó rioscaí breise substaintiúla, mar fhreagairt ar athruithe beaga, ach buana ar phraghsanna coibhneasta (breithiúnais an 17 Meán Fómhair 2007, Microsoft v an Coimisiún, T‑201/04, EU:T:2007:289, mír 484, agus an 9 Meán Fómhair 2009, Clearstream v an Coimisiún, T‑301/04, EU:T:2009:317, mír 50). |
|
250 |
Thairis sin, is léir ó phointe 24 den teachtaireacht maidir le sainiú an mhargaidh nach gcuirtear san áireamh an iomaíocht fhéideartha chun margaí a shainiú a mhéid a bhraitheann na coinníollacha inar féidir a mheas gur srian iomaíoch atá ann ar anailís ar fhachtóirí agus imthosca áirithe a bhaineann le coinníollacha iontrála. |
|
251 |
Ar deireadh, ní mór a thabhairt faoi deara gur léir, ó phointí 16, 20, 21 agus 23 den teachtaireacht maidir le sainiú an mhargaidh nach mór an inionadaitheacht is gá chun críocha an margadh atá i gceist a shainiú teacht chun cinn sa ghearrthéarma (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Márta 2012, Telefónica agus Telefónica de España v an Coimisiún, T‑336/07, EU:T:2012:172, mír 123). |
|
252 |
Sa chás seo, is léir ó aithris 215 den chinneadh atá faoi chonspóid, nach gcuireann an t‑iarratasóir ina coinne sa chás seo gurbh amhlaidh, le linn na tréimhse ábhartha, nach raibh ach trí ghnóthas a bhí comhtháithe go hingearach i mbun féinsoláthar ar fhoirne sliseanna UMTS, [rúnda]. I bhfianaise íostáirgeadh fhoirne sliseanna UMTS [rúnda] le linn na tréimhse sin, luaigh an Coimisiún san aithris sin nach gcuirfeadh sé an méid sin san áireamh ina anailís. |
|
253 |
A mhéid a bhaineann leis an gcéad ghearán, lena n‑éilítear go raibh an Coimisiún ag brath go mícheart ar dhearbhuithe dothuigthe neamhábhartha ó sholáthraithe áirithe trealaimh tionscnaimh arna gcomhtháthú go hingearach sa mhargadh d’fhoirne sliseanna UMTS chun teacht ar an gconclúid nach raibh srian iomaíoch á chur ag soláthar ‘gafa’ na monaróirí sin, ní féidir a chur i leith an Choimisiúin gur cheistigh sé [rúnda] le linn a scrúdaithe faoin méid a bhí beartaithe do na foirne sliseanna a bhí á monarú acu féin agus faoina rúin i ndáil leis sin. Go deimhin, mar is léir ó phointe 13 den teachtaireacht maidir le sainiú an mhargaidh, ar mhaithe lena chinneadh an mbeadh na custaiméirí in ann dul i muinín táirgí ionadacha gan deacracht, ní mór na foinsí eile soláthair iarbhír a d’fhéadfadh siad dul ina muinín a shainaithint. |
|
254 |
I ndáil leis sin, tá na freagraí ó [rúnda] an‑soiléir, ós rud é gur léir ó aithris 218 den chinneadh atá faoi chonspóid go [rúnda] agus ós rud é gur léir ó aithris 219 den chinneadh sin gur [rúnda]. Thairis sin, is léir ó aithris 220 den chinneadh sin go [rúnda]. Níl dearbhuithe den sórt sin dothuigthe ná gan bhunús, murab ionann agus an méid a áitíonn an t‑iarratasóir go ginearálta agus gan aon mhíniú ar chor ar bith. |
|
255 |
Is léir nach bhfuil táirgeadh gafa [rúnda] ina fhoinse cheart soláthair a bhféadfadh ceannaitheoirí is tríú páirtithe fhoirne sliseanna UMTS dul ina muinín le linn na tréimhse ábhartha agus is é an toradh atá air sin nach bhféadfadh na custaiméirí sin dul i muinín an táirgthe ghafa sin de réir bhrí phointe 13 den teachtaireacht maidir le sainiú an mhargaidh. Mar fhreagairt ar bheart eagrúcháin nós imeachta, luaigh an Coimisiún freisin, i gcomhréir le pointe 24 den teachtaireacht sin, nuair a shainigh sé an margadh ábhartha nach raibh air táirgí iomaíocha féideartha (seachas cinn a bhí san iomaíocht cheana) a chur san áireamh, rud arbh amhlaidh gurb é sin an cás maidir le foirne sliseanna arna dtáirgeadh ag [rúnda] féin, a bhí ag céim an‑luath dá bhforbairt, le linn na tréimhse sin. Dá réir sin, ní dhearna an Coimisiún earráid fhollasach mheasúnaithe agus thug sé cúiseanna leordhóthanacha nuair a mheas sé, ar bhonn na bhfreagraí sin, nach raibh an táirgeadh gafa sin ar fáil go ginearálta chun custaiméirí is tríú páirtithe a sholáthar, rud ar leor é chun a chur as an áireamh go bhféadfadh an táirgeadh ‘gafa’ sin srian iomaíoch a chur ar táirgeoirí fhoirne sliseanna UMTS le linn na tréimhse sin. |
|
256 |
Thairis sin, ní mór diúltú do ghearán an iarratasóra gur cheart don Choimisiún na custaiméirí a cheistiú maidir lena gcuid socruithe agus lena n‑acmhainn chun aistriú go féinsoláthar nó an féinsoláthar sin a mhéadú i gcás na gcustaiméirí atá comhtháite go hingearach cheana i gcás méadú ar phraghsanna fhoirne sliseanna UMTS ar an saormhargadh. I bhfianaise shaintréithe an mhargaidh d’fhoirne sliseanna UMTS agus, go háirithe, na mbacainní arda iontrála arb iad, go háirithe na costais shubstaintiúla taighde agus forbartha (T&F) a bhfuil gá leo chun foirne sliseanna den sórt sin a fhorbairt (pointe 11.4.1 den chinneadh atá faoi chonspóid), is deacair a shamhlú gur thosaigh na custaiméirí nach bhfuil comhtháite go hingearach ag táirgeadh foirne sliseanna den sórt sin. |
|
257 |
Maidir leis na custaiméirí atá comhtháite go hingearach, is léir ó aithris 220 den chinneadh atá faoi chonspóid go [rúnda]. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí a shamhlú go bhféadfadh [rúnda] a sholáthar neamhspleách a mhéadú sa ghearrthéarma le linn na tréimhse ábhartha. Maidir le [rúnda], is léir ó aithris 230 den chinneadh atá faoi chonspóid, bunaithe ar a fhreagraí ar na ceisteanna a chuir an Coimisiún faoi sin [rúnda]. Dá réir sin, is féidir a bhaint de thátal as sin go réasúnta, fiú i gcás méadú ar phraghas fhoirne sliseanna UMTS ar an saormhargadh, nach mbeadh a tháirgeadh féin méadaithe ag an monaróir, ar aon nós, sa ghearrthéarma agus é mar iarmhairt air sin go gcruthófaí srian iomaíoch díreach ar tháirgeoirí fhoirne sliseanna UMTS atá gníomhach ar an margadh sin. |
|
258 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don ghearán seo. |
|
259 |
Maidir leis an dara gearán, gur chuir an Coimisiún táirgeadh gafa [rúnda] as an áireamh in earráid, ní mór a thabhairt faoi deara nach gcuireann an t‑iarratasóir i gcoinne chineál íosta an táirgthe dá chuid féin ag [rúnda], arbh ionann é, mar is léir ón bhfonóta ar leathanach 285 den chinneadh atá faoi chonspóid agus 0.1 % de dhíolacháin iomlána fhoirne sliseanna UMTS ar an saormhargadh in 2010 agus 2011. |
|
260 |
Thairis sin, ní chuireann an t‑iarratasóir ina choinne ach an oiread gur úsáid [rúnda] a tháirgeadh ‘gafa’ le linn na tréimhse ábhartha chun críoch inmheánach amháin agus nár thosaigh an monaróir sin ag soláthar a chustaiméirí is tríú páirtithe ar an saormhargadh go dtí an [rúnda], is é sin i bhfad i ndiaidh na tréimhse sin, mar is léir ó aithris 225 den chinneadh atá faoi chonspóid. |
|
261 |
Is léir ó chineál íosta an táirgthe dá chuid féin ag [rúnda] agus ón úsáid a bhain sé as sin dá tháirgeadh ‘gafa’ go heisiach nó beagnach go heisiach chun críoch inmheánach le linn na tréimhse ábhartha, rud nach gcuireann an t‑iarratasóir ina choinne, gur deacair a shamhlú go raibh sé d’acmhainn ag [rúnda], le linn na tréimhse ábhartha, na praghsanna arna dtairgeadh ag an iarratasóir ar an margadh d’fhoirne sliseanna UMTS a chur faoi smacht, contrártha lena líomhaintí, agus nach ndearna an Coimisiún earráid fhollasach mheasúnaithe agus gur thug sé cúiseanna leordhóthanacha leis nuair a chuir sé an táirgeadh ‘gafa’ as an áireamh ón anailís, rud ar leor é chun diúltú don ghearán seo. |
|
262 |
In aon chás, ní mór a thabhairt faoi deara, fiú más rud é go mbeadh táirgeadh ‘gafa’ [rúnda] curtha san áireamh ag an gCoimisiún sa mhargadh ábhartha, i bhfianaise mhéid íosta an táirgthe sin, nár chuir an t‑iarratasóir ina choinne, ní bheadh aon tionchar aige sin ar an gconclúid ar a tháinig an Coimisiún maidir le ceannasacht an iarratasóra sa mhargadh sin. |
|
263 |
Maidir leis an tríú gearán, nár thug an Coimisiún aird leordhóthanach ar dhinimicí sa mhargadh agus treochtaí san earnáil, ní mór a thabhairt faoi deara gur léir ó phointe 24 den ráiteas maidir le sainiú an mhargaidh nach gcuirtear san áireamh an iomaíocht fhéideartha chun margaí a shainiú. Dá bhrí sin, ní raibh ar an gCoimisiún forbairtí den sórt sin a tharla i ndiaidh na tréimhse ábhartha a chur san áireamh. |
|
264 |
Contrártha le líomhaintí an iarratasóra, níl cur chuige den sórt sin ar neamhréir leis an bhfíoras gur chuir an Coimisiún san áireamh, in aithris 363 den chinneadh atá faoi chonspóid, an acmhainn láidir fáis sa deighleog den mhargadh d’fhoirne sliseanna UMTS ar thús cadhnaíochta, ós rud é go dtagann an aithris sin faoi phointe 12 den chinneadh sin a bhaineann le mí-úsáid agus sa chomhthéacs sin is féidir leis an gCoimisiún réamh-mheastacháin a chur san áireamh, go háirithe chun éifeachtaí féideartha an iompair líomhainte a mheasúnú seachas faoi phointe 10 den chinneadh sin a bhaineann leis an margadh a shainiú, inar gá don Choimisiún a chinneadh cad iad na táirgí a mheasann na custaiméirí go bhfuil siad inionadaithe chun críoch iad a áireamh sa mhagadh céanna táirgí. Ós rud é gur dhá anailís dhifriúla atá i gceist ansin, a shaothraíonn cuspóirí difriúla, is rud normálta é go gcuirfidh an Coimisiún san áireamh agus na gnéithe éagsúla á ndéanamh aige, gan neamh-chomhsheasmhacht nó neamh-chomhlíonadh a bheith i gceist leis sin. |
|
265 |
Ar deireadh, ní mór a thabhairt faoi deara nach ndéanann an t‑iarratasóir ach gearán ginearálta i gcoinne ‘fianaise a bhaineann le dinimicí sa mhargadh agus treochtaí san earnáil gan bheith curtha san áireamh agus ní mhíníonn sé ar chor ar bith cén fhianaise atá i gceist ná conas a d’fhéadfadh sé go raibh tionchar ag an bhfianaise sin ar an anailís arna déanamh ag an gCoimisiún agus, go sonrach, cén fáth gur chóir go mbeadh sé de thoradh ar an bhfianaise sin go gcinnfeadh an Coimisiún go raibh srian iomaíoch díreach á chur ag táirgeadh ‘gafa’ na ngnóthas a bhí comhtháite go hingearach ar tháirgeoirí atá gníomhach ar an margadh d’fhoirne sliseanna UMTS. |
|
266 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don ghearán seo. |
|
267 |
Maidir leis an gceathrú gearán, nach raibh dálaí tráchtála á gcur san áireamh ag an gCoimisiún, ní luann an t‑iarratasóir ach gur chaill sé thart ar 70 % dá dhíolacháin d’fhoirne sliseanna UMTS atá ceaptha do ghléasanna MBB le Huawei mar gheall ar sholáthar gafa fhochuideachta Huawei. Is léir ó fhreagra Huawei ar cheist 25 den iarraidh ar fhaisnéis an 19 Iúil 2013, dá dtagraíonn an t‑iarratasóir, áfach, nár thosaigh Huawei ag déanamh féinsoláthair 69 % ó HiSilicon go dtí 2013, is é sin i ndiaidh na tréimhse ábhartha. Dá bhrí sin, ní dhearna an Coimisiún earráid fhollasach mheasúnaithe nuair a chuir sé an imthoisc sin san áireamh, ar leor é sin chun diúltú don ghearán seo. |
|
268 |
Dá thoradh sin, ní mór a chinneadh nach ndearna an Coimisiún earráid fhollasach mheasúnaithe agus nár mhainnigh sé ina oibleagáid cúiseanna a lua nuair a chinn sé nach raibh srian iomaíoch díreach á chur ag an soláthar ‘gafa’ ar an margadh d’fhoirne sliseanna UMTS. Dá bhrí sin, ní mór diúltú don dara cuid den dara saincheist dlí. |
An tríú cuid, maidir le srianta iomaíochta arna bhfeidhmiú go díreach ag an tairiscint ‘gafa’ ar an saormhargadh
|
269 |
Mar thaca leis an gcuid seo, ardaíonn an t‑iarratasóir ceithre ghearán. |
|
270 |
Sa chéad áit, measann an t‑iarratasóir go ndearna an Coimisiún earráid nuair a rinne sé a anailís a theorannú do shrian indíreach a bheith ar an iomaíocht ar an margadh iartheachtach do ghutháin phóca ina bhfuil foireann sliseanna UMTS ar an mbonn, le linn na tréimhse ábhartha, gur bheag an féinsoláthar d’fhoirne sliseanna UMTS arna gceapadh do ghléasanna eile, lena n‑áirítear gléasanna MBB. Dar leis an iarratasóir, tá cur chuige den sórt sin contrártha leis an ‘teoiric díobhála’ arna forbairt ag an gCoimisiún, atá bunaithe ar ‘foirne sliseanna ar thús cadhnaíochta’ a úsáidtear i ngléasanna MBB. |
|
271 |
Sa dara háit, áitíonn an t‑iarratasóir, in éagmais thástáil SSNIP, nach bhfuil aon bhunús leis an ráiteas ón gCoimisiún in aithris 237 den chinneadh atá faoi chonspóid nach mbeadh sé de thoradh ar mhéadú hipitéiseach ar phraghsanna fhoirne sliseanna UMTS go mbeadh laghdú mór ar an éileamh ar fhoirne sliseanna den sórt sin ar an saormhargadh agus nach bhfuil sé ábhartha ach an oiread. |
|
272 |
Sa tríú háit, ní fhéadfaí diúltú na srianta indíreacha a eascraíonn ón iomaíocht ar an margadh iartheachtach a réiteach leis an ‘teoiric dhíobhála’ arna forbairt ag an gCoimisiún, agus tá dhá chúis leis sin. |
|
273 |
Ar an gcéad dul síos, ní fhéadfadh an Coimisiún a mhaíomh, gan bheith frithráiteach, gur bheag an tionchar a bheadh ag méadú hipitéiseach 5 go 10 % ar phraghsanna ar an margadh réamhtheachtach, eadhon an margadh d’fhoirne sliseanna UMTS, ar na praghsanna ar an margadh iartheachtach, eadhon an margadh do ghléasanna ina bhfuil na foirne sliseanna sin comhtháite (aithris 235 den chinneadh atá faoi chonspóid) agus a chur i leith an iarratasóra freisin go raibh sé i mbun creachadh indíreach. |
|
274 |
Ar an dara dul síos, ní fhéadfadh an Coimisiún a mhaíomh, gan bheith frithráiteach, fiú más rud é gur áiríodh táirgeadh gafa [rúnda] sa mhargadh ábhartha, nach mbeadh aon tionchar aige sin, i bhfianaise a chineáil íosta, ar an sciar den mhargadh atá ag an iarratasóir agus, dá réir sin, glacadh leis go raibh srian áirithe iomaíoch á fheidhmiú ar an saormhargadh (fonóta 311 leis an gcinneadh atá faoi chonspóid) agus teacht ar an gconclúid freisin nach raibh aon srian iomaíoch á fheidhmiú ar an saormhargadh le linn na tréimhse ábhartha. |
|
275 |
Sa cheathrú háit, maíonn an t‑iarratasóir gur luaigh an Coimisiún, go hearráideach, i bhfonóta 311 den chinneadh atá faoi chonspóid go bhféadfaí táirgeadh gafa [rúnda] a áireamh sa mhargadh ábhartha, ach ní [rúnda], ar an bhforas go raibh an dara ceann ag fáil fhoirne sliseanna UMTS le linn na tréimhse ábhartha dá ghléasanna MBB ar an saormhargadh amháin. |
|
276 |
Dar leis an iarratasóir, ní fhéadfadh an Coimisiún táirgeadh gafa [rúnda] a chur as an áireamh ós rud é nach raibh sé i mbun féinsoláthar ar fhoirne sliseanna arna gceapadh dá ghléasanna MBB, cé nach raibh sainiú an mhargaidh ábhartha arna chinneadh ag an gCoimisiún sa chinneadh atá faoi chonspóid teoranta d’fhoirne sliseanna UMTS arna gceapadh do ghléasanna MBB, ach go raibh foirne sliseanna UMTS arna gceapadh do ghléasanna eile san áireamh. Thairis sin, is léir ó aithris 220(b) den chinneadh sin, cé gur fhógair [rúnda] in 2009 go raibh deireadh á chur lena sholáthar ‘gafa’, go raibh sé i mbun féinsoláthair i ndáiríre go dtí an tríú ráithe de 2013. |
|
277 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
278 |
Mar réamhphointe, ní mór a thabhairt faoi deara gur mhínigh an Coimisiún i bpointe 10.2.9.2 den chinneadh atá faoi chonspóid na cúiseanna gur tháinig sé ar an gconclúid nach raibh táirgeadh ‘gafa’ an t‑aon dá ghnóthas a bhí comhtháite go hingearach le linn na tréimhse ábhartha ag cur srian iomaíoch indíreach ar an margadh d’fhoirne sliseanna UMTS, trí iomaíocht ar an margadh iartheachtach. |
|
279 |
Chun teacht ar an gconclúid sin, mhínigh an Coimisiún ar dtús go ndearna sé anailís ar shrian iomaíoch féideartha indíreach a bheith ann agus aon iomaíocht iartheachtach idir na gutháin phóca ina bhfuil foireann sliseanna UMTS, d’eisiamh gléasanna eile, lena n‑áirítear gléasanna MBB, á cur san áireamh, agus sin amháin. In aithris 230 leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, luaigh an Coimisiún gur ghníomhaigh sé amhlaidh ós rud é gurbh é sin an t‑aon srian iomaíoch indíreach féideartha, ós rud é gur bheag an féintáirgeadh d’fhoirne sliseanna UMTS arna gceapadh lena gcomhtháthú i ngléasanna seachas gutháin phóca, in aon chás, le linn na tréimhse ábhartha. |
|
280 |
Ina theannta sin, mhínigh an Coimisiún freisin nach ndearna sé ach scrúdú ar an srian iomaíoch indíreach arna fheidhmiú ag [rúnda] ós rud é, le linn na tréimhse ábhartha, go raibh táirgeadh ‘gafa’ [rúnda] an‑bheag agus nach bhféadfadh sé srian iomaíoch indíreach a chur ar an saormhargadh. |
|
281 |
Mhínigh an Coimisiún ansin, ar an gcéad dul síos, ós rud é go raibh an fachtóir caolúcháin do na táirgí lena mbaineann lag, de bharr nach raibh sa phraghas d’fhoireann sliseanna UMTS ach thart ar 6 % de phraghas miondíola an ghutháin póca ina raibh an fhoireann sliseanna sin, le linn na tréimhse ábhartha, nach mbeadh ach tionchar íosta ag méadú 5 go 10 % ar phraghas na foirne sliseanna sin ar an táirge críochnaithe, agus dá thoradh sin, bheadh méadú réamhtheachtach ar phraghas fhoirne sliseanna UMTS ar an margadh fós brabúsach do tháirgeoir na bhfoirne sliseanna, nach mbeadh tionchar diúltach ag méadú den sórt sin ar a chuid díolacháin (aithris 235 den chinneadh atá faoi chonspóid). |
|
282 |
Léirigh an Coimisiún, ar an dara dul síos, i bhfianaise an fhíorais gur táirgí an‑sainiúil iad gutháin phóca, ag brath ar na brandaí, a bhfuil saintréithe an‑sainiúla acu, nach mbeadh méadú ar phraghsanna guthán póca i ndiaidh méadú ar phraghsanna fhoirne sliseanna UMTS atá comhtháite iontu ar an saormhargadh go rachadh na custaiméirí i muinín branda eile gutháin póca agus, go sonrach, go gceannódh siad guthán póca ina bhfuil foireann sliseanna féintáirgthe comhtháite, nach mbeadh faoi réir méadú den sórt sin ar an bpraghas. Deimhnítear leis go mbeadh méadú réamhtheachtach ar phraghas fhoirne sliseanna UMTS ar an saormhargadh fós brabúsach do tháirgeoir na bhfoirne sliseanna, agus nach mbeadh tionchar diúltach ag an méadú sin ar mhéid a dhíolacháin (aithris 237 den chinneadh atá faoi chonspóid). |
|
283 |
Bhain an Coimisiún dá thátal as sin nach bhféadfadh an táirgeadh ‘gafa’ srian iomaíoch indíreach a chur ar an margadh d’fhoirne sliseanna UMTS le linn na tréimhse ábhartha. |
|
284 |
Maidir leis an gcéad ghearán, gur theorannaigh an Coimisiún a anailís go hearráideach do shrian indíreach ar an iomaíocht ar mhargadh iartheachtach na nguthán póca ina bhfuil foireann sliseanna UMTS comhtháite, ní mór a thabhairt faoi deara gurb é sin go díreach na gléasanna ina raibh an leibhéal is airde féintáirgthe d’fhoirne sliseanna UMTS, arna mheas mar shampla do [rúnda], agus gurbh é an toradh a bhí air sin go raibh teorannú anailís an Choimisiúin don deighleog sin den mhargadh an cás ba mhó gur dócha go léireodh sé go raibh srian iomaíoch indíreach agus, dá réir sin, a bheadh ar an gcás ba fhabhraí don iarratasóir. |
|
285 |
Thairis sin, ní dhéantar aon difear leis an bhfíoras go maítear go bhfuil teorannú den sórt sin ag teacht salach ar ‘theoiric na díobhála’ a d’fhorbair an Coimisiún, atá dírithe ar ‘foirne sliseanna ar thús cadhnaíochta arna n‑úsáid i ngléasanna MBB dó go bhfuil an cur chuige sin níos fabhraí don iarratasóir agus ní dhéantar aon difear dá bhailíocht. I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara go raibh táirgeadh gafa na ‘foirne sliseanna ar thús cadhnaíochta’ a bhí le comhtháthú sna gléasanna sin, dar leis an gCoimisiún, i bhfad níos teoranta ná táirgeadh fhoirne sliseanna UMTS arna gceapadh le bheith comhtháite i ngutháin phóca, rud nach gcuireann an t‑iarratasóir ina choinne. |
|
286 |
Maidir leis an dara hagóid, a bhaineann le dearbhú an Choimisiúin in aithris 237 a bheith neamhábhartha, ar dá réir nach mbeadh sé de thoradh ar mhéadú hipitéiseach ar phraghsanna fhoirne sliseanna UMTS go mbeadh laghdú mór ar an éileamh ar fhoirne sliseanna den sórt sin ar an saormhargadh mar gheall ar thástáil SSNIP gan bheith déanta, ní mór a thabhairt faoi deara nach bhfuil sé de cheangal ar an gCoimisiún tástáil den sórt sin a dhéanamh (féach mír 235 thuas). Thairis sin, ní mór a thabhairt faoi deara nach gcuireann an t‑iarratasóir aon argóint chun cinn seachas nach ndearnadh tástáil SSNIP sa chás seo chun cur i gcoinne dhearbhú an Choimisiúin. |
|
287 |
Maidir leis an tríú gearán, lena n‑éilítear go bhfuil diúltú an tsriain indírigh ar an saormhargadh a eascraíonn ón iomaíocht iartheachtach doréitithe leis an ‘teoiric dhíobhála’ arna forbairt ag an gCoimisiún, ní mór a thabhairt faoi deara nach bhféadfaidh an creachadh indíreach a chuireann an Coimisiún i leith an iarratasóra, ann féin, an anailís maidir le srian iomaíoch indíreach a chur ó bhail, agus sin mar gheall ar dhá chúis. |
|
288 |
Ar an gcéad dul síos, contrártha le héilimh an iarratasóra, ní dhearna an Coimisiún earráid agus ní raibh sé frithráiteach nuair a mheas sé nach mbeadh ach tionchar fánach ag méadú 5 % go 10 % den phraghas ar an margadh réamhtheachtach, eadhon an margadh d’fhoirne sliseanna UMTS ar phraghsanna na ngléasanna ina bhfuil na foirne sliseanna sin comhtháite ar an margadh iartheachtach, eadhon margadh na ngléasanna ina bhfuil na foirne sliseanna sin comhtháite, agus cuireadh creachadh indíreach i leith an iarratasóra freisin. Más fíor gur bheag nach mbeadh tionchar iartheachtach ar bith ag méadú ginearálta ar phraghsanna fhoirne sliseanna UMTS ar an margadh réamhtheachtach ar phraghsanna gléasanna ina bhfuil na foirne sliseanna comhtháite, ní hamhlaidh nach rachadh laghdú roghnaitheach ar phraghas fhoirne sliseanna UMTS, arna thairgeadh ag an iarratasóir do Huawei amháin chun tairbhe do Huawei, agus trína chabhrú dó dul san iomaíocht lena iomaitheoir ZTE ar an margadh iartheachtach. |
|
289 |
Ar an dara dul síos, ní mór a thabhairt faoi deara, i bhfonóta 311 leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, nár thug an Coimisiún le tuiscint ar chor ar bith go raibh srian áirithe á chur ag táirgeadh ‘gafa’ [rúnda] ar an saormhargadh. San fhonóta sin, níor luaigh an Coimisiún ach, i gcás ar bith, fiú dá mba rud é gur cheart an táirgeadh ‘gafa’ iomlán d’fhoirne sliseanna UMTS de chuid [rúnda], eadhon na foirne sliseanna arna gceapadh do ghutháin phóca agus na foirne sliseanna arna gceapadh lena gcomhtháthú i ngléasanna eile, a áireamh sa mhargadh ábhartha, ní raibh aon athrú ar an sciar den mhargadh a bhí ag an iarratasóir in 2009 agus ní raibh ach laghdú an‑bheag air in 2010 agus in 2011, agus fós bhí sé os cionn na tairsí 50 %. Dá réir sin, tá argóint an iarratasóra bunaithe ar léamh mícheart ar an bhfonóta sin. |
|
290 |
Maidir leis an gceathrú gearán, gur luaigh an Coimisiún, i bhfonóta 311 leis an gcinneadh atá faoi chonspóid go bhféadfaí táirgeadh ‘gafa’ [rúnda] a áireamh sa mhargadh ábhartha, ach nach bhféadfaí táirgeadh [rúnda] a áireamh ann, ar an bhforas go raibh an dara ceann ag fáil a fhoirne sliseanna UMTS le linn na tréimhse ábhartha dá ghléasanna MBB ar an saormhargadh amháin, tá sé sin bunaithe ar léamh mícheart ar an bhfonóta sin freisin. I ndáil leis sin, níor mheas an Coimisiún ar chor ar bith go bhféadfaí táirgeadh ‘gafa’ [rúnda] a áireamh sa mhargadh ábhartha, ach ní i margadh [rúnda]. |
|
291 |
Ar dtús, ní mór a thabhairt faoi deara go dtagraíonn fonóta 311 den chinneadh atá faoi chonspóid d’aithris 240 den chinneadh sin agus, go sonrach, don cheist an amhlaidh, go hipitéiseach, go mbeadh toradh difriúil ar anailís ar shrian indíreach bunaithe ar ghléasanna MBB. |
|
292 |
I ndáil leis sin, maidir le [rúnda], níor luaigh an Coimisiún ach go raibh a tháirgeadh ‘gafa’ d’fhoirne sliseanna arna gceapadh do ghutháin phóca agus do ghléasanna eile chomh híseal sin le linn na tréimhse ábhartha gurbh amhlaidh, fiú dá mba rud é go n‑áireofaí ar an margadh lena mbaineann (i gcomhthéacs anailís ar an srian indíreach dírithe ar ghutháin phóca nó i gcomhthéacs anailís ar an srian indíreach dírithe ar ghléasanna MBB), bheadh sé de thoradh air sin go laghdófaí an sciar den mhargadh a bhí ag an iarratasóir faoin tairseach cheannasachta mheasta de 50 %. |
|
293 |
Os a choinne sin, maidir le [rúnda], luaigh an Coimisiún i bhfonóta 311 leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, sa chás hipitéiseach go ndéanfar anailís ar an srian indíreach dírithe ar ghléasanna MBB, níor chuir sé san áireamh táirgeadh ‘gafa’ [rúnda], toisc gur cheannaigh seisean na foirne sliseanna UMTS go léir arna gceapadh dá ghléasanna MBB ar an saormhargadh agus gur fhógair sé in 2009 go gcuirfeadh sé deireadh lena fhéintáirgeadh, rud is léir ó aithris 220(b) den chinneadh sin. Os a choinne sin, san anailís ar shrian féideartha iartheachtach dírithe ar na gutháin phóca a rinne sé, chuir an Coimisiún san áireamh táirgeadh ‘gafa’ fhoirne sliseanna UMTS de chuid [rúnda] arna gceapadh dá ghutháin phóca ós rud é, a mhéid a bhaineann leis na gléasanna sin, go raibh seisean i mbun féinsoláthar go héifeachtach. |
|
294 |
Thairis sin, leis an bhfíoras gur léir ó 220 den chinneadh atá faoi chonspóid gur léir go ndearna [rúnda] na foirne sliseanna UMTS sin a sheachadadh in 2013, ní chuirtear an cinneadh ó bhail go raibh [rúnda] ag fáil fhoirne sliseanna UMTS ar an saormhargadh amháin a mhéid a bhaineann le foirne sliseanna UMTS arna gceapadh dá ghléasanna MBB agus gur cuireadh teorainn lena tháirgeadh féin d’fhoirne sliseanna arna gceapadh do ghutháin phóca, ná an cinneadh gur chinn [rúnda] chomh luath le 2009 deireadh a chur lena tháirgeadh ‘gafa’ agus gur stop sé in Iúil 2010 d’fhorbairt a dhéanamh ar fhoirne sliseanna UMTS nua, ós rud é gur féidir roinnt blianta dul thart idir an cinneadh sin agus forbairt fhoirne sliseanna UMTS nua a fhorbairt ar thaobh amháin agus, seachadadh fhoirne sliseanna deireanacha UMTS arna dtáirgeadh. |
|
295 |
Is léir ón méid sin thuas nach féidir le haon cheann de na gearáin a thacaíonn leis an gcuid seo an anailís a rinne an Coimisiún i bpointe 10.2.9.1 den chinneadh atá faoi chonspóid, ina gcinntear nach raibh aon srian indíreach á fheidhmiú, le linn na tréimhse ábhartha, ag táirgeadh ‘gafa’ fhoirne sliseanna UMTS ar an saormhargadh. |
|
296 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don tríú cuid den dara saincheist dlí. |
An ceathrú cuid, a bhaineann le ceannasacht an iarratasóra le linn na tréimhse ábhartha
|
297 |
Mar thaca leis an gcuid seo, ardaíonn an t‑iarratasóir na ceithre ghearán seo a leanas. |
|
298 |
Sa chéad áit, áitíonn an t‑iarratasóir, fiú más rud é gur sainíodh an margadh táirgí i gceart agus gur áiríodh díolacháin ‘gafa’ na monaróirí a bhí comhtháite go hingearach, bheadh a sciartha den mhargadh faoi bhun 40 %, is é sin faoi bhun na tairsí ceannasachta. |
|
299 |
Sa dara háit, maíonn an t‑iarratasóir go ndearna an Coimisiún rómheastachán ar a sciartha den mhargadh. Dar leis an gCoimisiún, tá timthriallta gearra i gceist san earnáil foirne sliseanna bunbhanda, agus gurb é an toradh atá air sin go bhfuil na sciartha den mhargadh sealadach agus nach léiríonn siad i gceart na caidrimh chumhachta ar an margadh. Thairis sin, áitíonn sé, dá mbeadh na srianta atá air curtha san áireamh i gceart ag an gCoimisiún, bheadh an Coimisiún tagtha ar an gconclúid nach raibh cumhacht mhargaidh shuntasach agus bhuan aige. |
|
300 |
Sa tríú háit, áitíonn an t‑iarratasóir go raibh an Coimisiún mícheart nuair a mheas sé go raibh bacainní móra iontrála agus méadaithe sa mhargadh ábhartha. Dar leis, toisc go bhfuil an teicneolaíocht lena mbaineann caighdeánaithe go mór mór, bhí iontrálaithe nua sa mhargadh spreagtha chun dul isteach sa mhargadh gan srian a bheith orthu mar gheall ar an ngá le hinfheistíocht shuntasach T&F a dhéanamh. Áitíonn sé nach raibh an gréasán aisghéillte a bhí aige ina bhacainn iontrála, rud a dheimhnítear leis an bhfíoras nár fhreagair ach mionlach beag d’fhreagróirí ar cheist ón gCoimisiún a bhaineann le bacainní iontrála a bheith ann go ndéanfaí an gréasán aisghéillte sin a aicmiú mar bhacainn iontrála. |
|
301 |
Sa cheathrú háit, déanann an t‑iarratasóir gearán leis an gCoimisiún nach ndearna sé na bacainní eile iontrála a shainaithin sé a chainníochtú, eadhon an gá le deimhniú a fháil d’fhoirne sliseanna bunbhanda ó oibreoirí gréasán móibíleach agus soláthraithe, a íomhá branda, a chlú agus a chaidrimh thráchtála láidre. |
|
302 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
303 |
De réir an chásdlí, ní bhaineann an cheannasacht dá dtagraítear in Airteagal 102 CFAE ach le staid ina bhfuil cumhacht eacnamaíoch ag gnóthas, lena dtugtar an chumhacht dó bac a chur ar iomaíocht éifeachtach a choimeád ar an margadh atá i gceist tríd an bhféidearthacht a chur ar fáil dó iompar neamhspleách a ghlacadh, ar bhonn suntasach, i ndáil lena iomaitheoirí, a chustaiméirí agus, ar deireadh tomhaltóirí (breithiúnas an 13 Feabhra 1979, Hoffmann‑La-Roche v an Coimisiún, 85/76, EU:C:1979:36, mír 38). |
|
304 |
Mar riail ghinearálta, is féidir le ceannasacht a bheith mar thoradh ar roinnt fachtóirí nach measfaí a bheith cinntitheach ina n‑aonair (breithiúnais an 14 Feabhra 1978, United Brands agus United Brands Continentaal v an Coimisiún, 27/76, EU:C:1978:22, mír 66 agus an 15 Nollaig 1994, DLG, C‑250/92, EU:C:1994:413, mír 47). I measc na bhfachtóirí sin tá sciartha móra den mhargadh an‑suntasach (breithiúnais an 12 Nollaig 1991, Hilti v an Coimisiún, T‑30/89, EU:T:1991:70, mír 90, agus an 25 Meitheamh 2010, Imperial Chemical Industries v an Coimisiún, T‑66/01, EU:T:2010:255, míreanna 255 agus 256). |
|
305 |
De réir an chásdlí, má tá sciartha an‑mhór den mhargadh ann, léiríonn sé sin, mura bhfuil imthosca eisceachtúla ann, go bhfuil ceannasacht i gceist (breithiúnas an 13 Feabhra 1979, Hoffmann‑La Roche v an Coimisiún, 85/76, EU:C:1979:36, mír 41). Go sonrach, is ionann sciar den mhargadh de 50 %, ann féin, mura bhfuil imthosca eisceachtúla i gceist, agus ceannasacht (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Iúil 1991, AKZO v an Coimisiún, C‑62/86, EU:C:1991:286, mír 60). |
|
306 |
Is féidir fachtóirí eile a chur san áireamh san anailís ar cheannasacht a bheith ann, amhail an coibhneas idir na sciartha den mhargadh atá ag an ngnóthas lena mbaineann agus na sciartha den mhargadh atá ag a iomaitheoirí díreacha (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Feabhra 1979, Hoffmann‑La Roche v an Coimisiún, 85/76, EU:C:1979:36, mír 48), nó bacainní iontrála nó méadaithe a bheith ann, mar thoradh, go sonrach ar an ngá le hinfheistíocht shuntasach a dhéanamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Feabhra 1978, United Brands agus United Brands Continentaal v an Coimisiún, 27/76, EU:C:1978:22, mír 122), nó fiú i gcásanna áirithe sealbhú ceart maoine intleachtúla (féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Iúil 2010, AstraZeneca v an Coimisiún, T‑321/05, EU:T:2010:266, mír 270 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
307 |
Maidir leis an gcéad ghearán gurbh amhlaidh, dá mbeadh an margadh sainithe i gceart agus dá n‑áireofaí ann díolacháin ‘gafa’ na monaróirí arna gcomhtháthú go hingearach, go mbeadh na sciartha den mhargadh a bheadh ag an iarratasóir níos ísle ná 40 %, is leor a thabhairt chun cuimhne, mar is léir ón anailís ar an gcéad trí chuid den dara saincheist dlí go ndearna an Coimisiún an margadh táirgí ábhartha a shainiú mar an margadh d’fhoirne sliseanna UMTS, agus is féidir diúltú don ghearán seo ar an mbonn sin. |
|
308 |
Maidir leis an dara gearán, gurbh amhlaidh, i bhfianaise shaintréithe sonracha na hearnála, nár léiríodh le méid na sciartha den mhargadh a bhí ag an iarratasóir, a mheasann sé a bheith sealadach, go raibh cumhacht mhargaidh shuntasach agus bhuan aige, ní mór a thabhairt faoi deara, fiú más rud é go raibh timthriallta nuálaíochta gearra ar an margadh sin, níorbh ionann sin agus imthosca eisceachtúla de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 305 thuas, lena bhféadfaí a mheas nár léiríodh leis na sciartha den mhargadh den mhéid sin, iontu féin, go raibh ceannasacht i gceist, go háirithe nuair atá na sciartha den mhargadh iomaíocha is gaire dóibh i bhfad níos lú, mar is amhlaidh sa chás seo. In aon chás, is léir ó na sonraí a atáirgtear i dTáblaí 3 agus 5 den chinneadh atá faoi chonspóid, nach ndéanann an t‑iarratasóir agóid ina gcoinne, go raibh sciartha den mhargadh de 61.2 % in 2009, 59.7 % in 2010 agus de 62.5 % in 2011 ó thaobh ioncaim de agus 58.9 % in 2009, 57.8 % in 2010 agus 65.3 % in 2011 ó thaobh méideanna de. Ní féidir a mheas go bhfuil sciartha den mhargadh amhail sin, atá sách cobhsaí, sealadach, contrártha leis an méid a mhaíonn an t‑iarratasóir. |
|
309 |
Maidir leis an gcaidreamh cumhachta ar an margadh, is léir freisin ó na sonraí a atáirgtear i dTáblaí 3 agus 5 den chinneadh atá faoi chonspóid, nach gcuireann an t‑iarratasóir ina gcoinne, go bunúsach, gurbh iad an dá iomaitheoir is gaire dó ó thaobh ioncaim de in 2009, ST-Ericsson a raibh 15.1 % de na sciartha den mhargadh aige agus Intel a raibh 12.6 % de na sciartha den mhargadh aige, in 2010, Intel a raibh 18.9 % de na sciartha den mhargadh aige agus ST Ericsson a raibh 8.9 % de na sciartha den mhargadh aige agus, in 2011, Intel a raibh 19.1 % de na sciartha den mhargadh aige agus Broadcom a raibh 4.4 % de na sciartha den mhargadh aige. Ó thaobh méideanna de, ba iad an dá iomaitheoir is gaire dó, in 2009, ST Ericsson a raibh 20 go 30 % de na sciartha den mhargadh agus Intel a raibh 10 go 20 % de na sciartha den mhargadh aige, in 2010, Intel a raibh 10 go 20 % de na sciartha den mhargadh aige agus ST Ericsson agus Marvell a raibh 5 go 10 % de na sciartha den mhargadh acu agus, in 2011, Intel a raibh 20 go 30 % de na sciartha den mhargadh acu agus Marvell a raibh 5 go 10 % de na sciartha den mhargadh aige. Contrártha do líomhaintí an iarratasóra, léiríonn na táblaí sin nach raibh ag an iarratasóir, sa tréimhse lena mbaineann ach iomaitheoirí scaipthe a bhí i staid i bhfad níos laige agus a raibh sciartha den mhargadh sách éagobhsaí acu, murab ionann agus an t‑iarratasóir féin, rud a léiríonn, a mhéid a bhaineann leis, go raibh cumhacht mhargaidh láidir bhuan ann agus a fhágann nach bhfuil sé inchreidte go bhféadfadh a iomaitheoirí srian a chur air i ndáiríre. Dá bhrí sin, ní mór diúltú don dara gearán. |
|
310 |
Maidir leis an tríú gearán bunaithe, go bunúsach, ar an bhfíoras gur mheas an Coimisiún go raibh an infheistíocht a raibh gá léi chun foireann sliseanna UMTS a dhearadh, go háirithe ó thaobh T&F de, mar bhacainn ar iontráil nó ar leathnú agus maidir leis an gceathrú gearán, nach raibh bacainní eile iontrála cainníochtaithe ag an gCoimisiún, eadhon gur gá deimhniú a fháil le haghaidh foirne sliseanna bunbhanda ó oibreoirí gréasán móibíleach agus soláthraithe, íomhá an bhranda, clú agus caidrimh thráchtála láidre an iarratasóra, ní mór a thabhairt faoi deara go mbaineann siad le fachtóirí eile a d’fhéadfaí a chur san áireamh le linn na hanailíse ar cheannasacht a bheith ann (féach mír 306 thuas), gan an fhianaise go raibh ceannasacht ann a thabhairt faoi cheist, mar a léirigh sé i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 305 thuas. |
|
311 |
Is léir ón méid sin thuas nach mór diúltú don cheathrú cuid den dara saincheist dlí. |
An cúigiú cuid, a bhaineann le sainiú na deighleoige den mhargadh d’fhoirne sliseanna UMTS ar thús cadhnaíochta ar a bhfuil anailís an Choimisiúin bunaithe
|
312 |
Mar thaca leis an gcúigiú cuid, cuireann an t‑iarratasóir i leith an Choimisiúin, go bunúsach, gur bhunaigh sé a anailís ar an deighleog den mhargadh d’fhoirne sliseanna UMTS ar thús cadhnaíochta, cé gur coincheap gnásúil atá ann nárbh ann dó riamh agus nach bhfuil ag teacht leis an staid theicniúil ná tráchtála le linn na tréimhse ábhartha. |
|
313 |
Ní mór a mheas go bhfuil an argóint sin gan éifeacht má dhéantar í chun sainiú an mhargaidh ábhartha nó ceannasacht an iarratasóra a thabhairt faoi cheist. Go deimhin, ní i bpointe 10 den chinneadh atá faoi chonspóid a bhaineann le sainiú an mhargaidh, ná i bpointe 11 den chinneadh sin a bhaineann leis an gceannasacht sin a shainigh an Coimisiún an deighleog den mhargadh d’fhoirne sliseanna UMTS ar thús cadhnaíochta ach i mír 12 den chinneadh sin a bhaineann le mí-úsáid agus go sonrach, ina anailís ar straitéis an iarratasóra chun cur i gcoinne Icera ar an deighleog sin ar thús cadhnaíochta (pointe 12.4 den chinneadh atá faoi chonspóid). |
|
314 |
Nuair a cuireadh ceist air trí bheart eagrúcháin nós imeachta, luaigh an t‑iarratasóir go ndearna sé forbairt ar a cháineadh ar shainiú na deighleoige den mhargadh d’fhoirne sliseanna UMTS ar thús cadhnaíochta ar a bhunaigh an Coimisiún a anailís i gcomhthéacs an dara saincheist dlí chun an pointe bunúsach sin a ardú chomh luath agus ab fhéidir ina ndoiciméid, toisc go bhféadfadh sé go mbeadh tionchar ag cáineadh den sórt sin ar na saincheisteanna dlí eile ina dhiaidh sin agus gur mhian leis na gnéithe nach raibh comhleanúnach sa sainiú ar an margadh ábhartha a chur chun tosaigh, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann leis an deighleog ar thús cadhnaíochta, a bhí mar chuid de. |
|
315 |
Ní leor freagra den sórt sin, áfach, chun dul timpeall ar neamhéifeachtacht na coda seo, ós rud é, fiú dá nglacfaí leis an ngearán arna dhéanamh mar thaca leis, ní fhéadfadh sé sin an chonclúid ar a tháinig an Coimisiún a thabhairt faoi cheist a mhéid a bhaineann le sainiú an mhargaidh ábhartha agus ceannasacht an iarratasóra. |
|
316 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don chúigiú cuid den dara saincheist dlí. Dá bhrí sin, ós rud é gur diúltaíodh do na codanna go léir den tsaincheist dlí sin (féach míreanna 240, 268, 296 agus 311 thuas), ní mór diúltú don tsaincheist dlí sin ina hiomláine. |
An cúigiú saincheist dlí, lena n‑éilítear ‘earráidí follasacha measúnaithe’ agus mainneachtain sa dualgas cúiseanna a lua a mhéid a bhaineann le hathchruthú na bpraghsanna ‘arna n‑íoc iarbhír’
|
317 |
Tá dhá chuid sa chúigiú saincheist dlí. Tá an chéad chuid bunaithe ar ‘athphróiseáil ar na praghsanna’ a rinneadh sa chinneadh atá faoi chonspóid a bheith mífhóinteach. Tá an dara cuid bunaithe ar earráidí arna ndéanamh sa chinneadh sin a mhéid a bhaineann leis an ‘athphróiseáil’ sin. |
An chéad chuid, lena n‑éilítear go raibh ‘athphróiseáil na bpraghsanna’ a rinneadh sa chinneadh atá faoi chonspóid mífhóinteach
|
318 |
Mar thaca leis an gcéad chuid, áitíonn an t‑iarratasóir, go bunúsach, toisc nár úsáid sé sonraí cuntasaíochta Qualcomm chun praghsanna na bhfoirne sliseanna a chinneadh, go ndearna an Coimisiún ‘athphróiseáil’ mhífhóinteach gan chúis ar a shonraí faoi na praghsanna. Dá réir sin, tugann sé faoi cheist an t‑athchruthú, a rinneadh sa chinneadh atá faoi chonspóid, ar na praghsanna a d’íoc Huawei agus ZTE go héifeachtach le Qualcomm le linn na tréimhse ábhartha. |
|
319 |
Sa chéad áit, áitíonn an t‑iarratasóir, i gcomhthéacs an athchruthaithe ar na praghsanna a rinneadh sa chinneadh atá faoi chonspóid, nár chuir an Coimisiún san áireamh go leordhóthanach a agóidí maidir leis an anailís praghsanna-costais a rinneadh sa ráiteas agóidí, inar cáineadh an fíoras, ar thaobh amháin, gur cuireadh as an áireamh leis an athchruthú sin ioncam áirithe agus gur láimhseáladh cásanna áirithe luaineachta sna meánphraghsanna díolacháin mar earráidí cuntasaíochta agus, ar an taobh eile, nár cuireadh san áireamh éifeachtaí an chomhairimh déanach ar an ioncam. |
|
320 |
Sa dara háit, measann an t‑iarratasóir go ndearna an Coimisiún measúnú ar shonraí phraghsanna Qualcomm go hearráideach mar chuid dá anailís ar phraghsanna/costais trí thagairt do thréimhse thagartha ráithiúil. Dar leis, ba í an tréimhse ab iomchuí agus ab ábhartha ó thaobh tráchtála de chun na sonraí praghsanna a mheasúnú ná 6 mhí, nó bliain amháin fiú. Sonraíonn sé nach gcomhaontaíonn sé praghsanna lena chustaiméirí agus nach ndéanann sé athbhreithniú orthu ar bhonn ráithiúil, ach go ndéanann sé comhaontuithe leo go ginearálta le haghaidh tréimhsí i bhfad níos faide. |
|
321 |
Luann an t‑iarratasóir freisin go raibh an Coimisiún mícheart nuair a dhiúltaigh sé don argóint go bhféadfadh comhiomlánú thar thréimhse ama na fadhbanna a eascraíonn ó chóras ríofa déanach a leigheas, ós rud é nach mbaineann an riosca sin ach le figiúirí íosta, de bhrí go bhféadfadh an riosca go mbeadh sé deacair tréimhsí praghsála eisiaiche a aithint mar gheall ar a meánmhéideanna thar tréimhse thagartha fhada ach amháin dá ndéanfaí an anailís ar phraghsanna/costais ní hamháin don tréimhse chreiche, ach freisin le haghaidh na tréimhse aisghabhála ar fad nó cuid di. Dar leis, de bhrí go raibh an creachadh arna líomhain ag an gCoimisiún ar siúl ar feadh 2 bhliain, d’fhéadfaí anailís ar phraghsanna/costais a dhéanamh ar bhonn thréimhse thagartha 6 mhí. |
|
322 |
Sa tríú háit, áitíonn an t‑iarratasóir go raibh sé fánach an athphróiseáil ar na meánphraghsanna díolacháin sa chinneadh atá faoi chonspóid a dhéanamh, toisc, maidir leis na meánphraghsanna díolacháin arna gclárú sna sonraí cuntasaíochta, go raibh an difríocht i gcomparáid le toradh ríomhanna an Choimisiúin, ar aon nós, an‑bheag. Thairis sin, áitíonn sé nár léiríodh leis an anailís ar phraghsanna/costais a rinne an Coimisiún sa ráiteas agóidí, a bhí bunaithe ar na sonraí sin, ach praghsanna níos íosta ná na costais ar feadh tréimhse an‑ghearr agus go headrannach, rud a bheadh ar neamhréir leis an ‘teoiric dhíobhála’ arna forbairt aici bunaithe ar fhoriamh frithiomaíoch. Dar leis an iarratasóir, tugtar le tuiscint uaidh sin go ndearna an Coimisiún na meánphraghsanna díolacháin a athfhoirmliú ach ionas nach gcinnfí go raibh creachadh eadrannach ann. |
|
323 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
324 |
Mar réamhphointe, ní mór a thabhairt faoi deara go leagtar amach i bpointe 12.5 den chinneadh atá faoi chonspóid modheolaíocht an Choimisiúin agus ríomh na meánphraghsanna díolacháin ráithiúla a d’íoc Huawei agus ZTE go héifeachtach in aghaidh an aonaid ar na foirne sliseanna a ndearnadh an fiosrúchán ina leith le linn na tréimhse ábhartha. |
|
325 |
Sa ráiteas agóidí, bhunaigh an Coimisiún a ríomhanna ar shonraí cuntasaíochta Qualcomm go príomha. Mar sin féin, mar gheall ar chur i bhfeidhm na bprionsabal cuntasaíochta a nglactar leo go ginearálta sna Stáit Aontaithe (‘USA GAAP’) agus na hargóintí a cuireadh chun cinn sa fhreagra ar an ráiteas agóidí, mheas an Coimisiún go mbeadh sé míchuí a anailís ar phraghsanna/costais a bhunú ar na sonraí cuntasaíochta sin gan coigeartuithe a dhéanamh chun prionsabal ríomh an ioncaim a chur san áireamh agus chun na cúinsí tráchtála le linn na tréimhse ábhartha a léiriú go dílis. |
|
326 |
Go sonrach, de réir an Choimisiúin, ar thaobh amháin, is amhlaidh gur féidir gur measadh faoina luach leis an ioncam a taifeadadh ar dtús le linn an chéad ráithe praghas éifeachtach deiridh na n‑aonad arna ndíol le linn na ráithe sin agus, ar an taobh eile, le ríomh déanach na gcúlchistí arna gcarnadh ag Qualcomm agus nár íocadh go fóill is féidir go ndearnadh áibhéil ar ioncam na ráithe dár taifeadadh iad. Áitítear go ndearnadh an taifeadadh déanach sin mar gheall ar USA GAAP arna gcur i bhfeidhm ag an iarratasóir, ar dá réir, tráth a seoladh na foirne sliseanna, go raibh ar Qualcomm ioncam a bhí cinnte agus inmheasta a thaifeadadh. Ní thiocfadh na cúlchistí ar ais i gcuntas Qualcomm go dtí gur fíoraíodh an chainníocht bheacht d’fhoirne sliseanna lena mbaineann dreasacht airgeadais. |
|
327 |
Ar an gcúis sin, mheas an Coimisiún go raibh sé míchuí brath ar shonraí cuntasaíochta Qualcomm gan coigeartuithe a dhéanamh chun an difríocht idir an ráithe reatha ar díoladh na foirne sliseanna lena linn agus an ráithe ar taifeadadh an t‑ioncam le linn a chur san áireamh. |
|
328 |
Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún na praghsanna ‘arna n‑íoc iarbhír’, agus na cúlchistí a chuaigh isteach i gcuntais Qualcomm arís á gcur san áireamh, ionas go ndéanfaí an t‑ollioncam arna fháil le linn na ráithe inar tharla an díolachán. |
|
329 |
I míreanna 608 go 610 den chinneadh atá faoi chonspóid, shonraigh an Coimisiún gur bhraith sé ar na tréimhsí tagartha ráithiúla i bhfianaise an fhíorais, sa chéad áit, gur léir ó dhoiciméid áirithe de chuid [rúnda] gur ghlac Qualcomm na cinntí maidir le praghsanna ar bhonn ráithiúil agus, sa dara háit, gur chuir na custaiméirí a n‑iarrataí ar dhreasachtaí airgeadais ar bhonn ráithiúil freisin agus, sa tríú háit, go raibh an tréimhse sin comhsheasmhach leis na sonraí a bhain le AVC arna soláthar ag Qualcomm, a cuireadh i láthair ar bhonn ráithiúil freisin. |
|
330 |
Maidir leis an gcéad ghearán, lena n‑éilítear, go bunúsach, nár chuir an Coimisiún na hargóintí a rinne an t‑iarratasóir sa fhreagra ar an ráiteas agóidí san áireamh i gceart, ní mór a thabhairt faoi deara nach míníonn sé cad ina thaobh a mhainnigh an Coimisiún a bharúlacha a chur san áireamh go leordhóthanach ná cén fáth nach raibh gá le hathchruthú na bpraghsanna arna dhéanamh sa chinneadh atá faoi chonspóid chun freagairt a thabhairt ar an gcáineadh arna chur in iúl sa fhreagra sin. |
|
331 |
In aon chás, is leor a thabhairt faoi deara, mar a luadh sa chinneadh atá faoi chonspóid, mar gheall ar chur i bhfeidhm USA GAAP agus na hargóintí arna gcur chun cinn ag an iarratasóir sa fhreagra ar an ráiteas agóidí, mheas an Coimisiún go raibh sé míchuí a anailís ar phraghsanna/costais a bhunú ar shonraí cuntasaíochta Qualcomm gan coigeartuithe a dhéanamh chun prionsabal thaifeadadh an ioncaim a chur san áireamh. I gcomhthéacs athchruthú na bpraghsanna arna dhéanamh sa chinneadh sin, chuir an Coimisiún an imthoisc sin san áireamh mar sin trí na coigeartuithe arna ndéanamh sna cuntais a chur i gcomhréir leis na díolacháin lena mbaineann, ionas go dtabharfaí léargas dílis ar na cúinsí eacnamaíocha le linn na tréimhse ábhartha. Go sonrach, rinne sé coigeartú ar na sonraí cuntasaíochta sin, ar bhonn dhoiciméid an iarratasóra, ar mhaithe leis na híocaíochtaí dreasachta a athshannadh ar an haonaid chomhfhreagracha agus chun an praghas arna íoc iarbhír ag Huawei agus ZTE a ríomh. |
|
332 |
Thairis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, dála an Choimisiúin, go ndearna sé coigeartuithe áirithe san am a bhí caite, bunaithe ar ráitis praghsanna agus costais an ghnóthais cheannasaigh agus ar gach faisnéis eile ábhartha arna soláthar aige, agus sin ar mhaithe leis na cúinsí eacnamaíocha a léiriú. Deimhníodh an cur chuige sin le cásdlí na Cúirte Ginearálta, mar shampla i mbreithiúnais an 30 Eanáir 2007, France Télécom v an Coimisiún (T‑340/03, EU:T:2007:22, míreanna 131 go 137), an 10 Aibreán 2008, Deutsche Telekom v an Coimisiún (T‑271/03, EU:T:2008:101, míreanna 208 go 211), agus an 13 Nollaig 2018, Slovak Telekom v an Coimisiún (T‑851/14, EU:T:2018:929, míreanna 220 go 235). |
|
333 |
Sna himthosca sin, ní mór diúltú don chéad ghearán. |
|
334 |
Maidir leis an dara gearán, bunaithe ar an bhfíoras nárbh í an tréimhse thagartha ráithiúil an tréimhse ab iomchuí chun anailís ar phraghsanna/costais a dhéanamh, ní mór a thabhairt faoi deara, sna réimsí ina ndéantar measúnuithe eacnamaíocha casta, nach mór do chúirteanna an Aontais ní hamháin cruinneas, iontaofacht agus comhsheasmhacht na fianaise arna agairt a fhíorú, ach freisin a chinntiú an gcuimsítear leis sin na sonraí ábhartha ar fad atá le cur san áireamh chun staid chasta a mheasúnú agus an dtacaíonn siad leis na conclúidí a bhaintear astu. I ndáil leis sin, ní mór do Chúirteanna an Aontais an t‑athbhreithniú ar dhlíthiúlacht a dhéanamh ar bhonn na fianaise arna tabhairt ar aird ag an iarratasóir mar thaca leis na saincheisteanna arna n‑agairt (féach breithiúnas an 10 Iúil 2014, Telefónica agus Telefónica de España v an Coimisiún, C‑295/12 P, EU:C:2014:2062, míreanna 54 agus 56 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
335 |
Sa chás seo, in aithrisí 609, 610 agus 630 go 633 den chinneadh atá faoi chonspóid, leag an Coimisiún amach an fhianaise lenar chinn sé tréimhse thagartha ráithiúil a ghlacadh agus an réasúnaíocht a leanadh chun diúltú d’agóidí an iarratasóra. |
|
336 |
Ar dtús, ní mór a thabhairt faoi deara, cé nach léiríonn na sonraí arna n‑atáirgeadh i dtáblaí 28 go 30, 44 agus 45 den chinneadh atá faoi chonspóid aonfhoirmeacht iomlán i gcinneadh na tréimhse ceannaithe, fós féin, is léir gurb í an ráithe an tréimhse is minice a úsáidtear. Ní mór a lua leis sin, ar an gcéad dul síos, gurb í an tréimhse is infheidhme do chustaiméirí chun a n‑iarrataí ar dhreasachtaí airgeadais a dhéanamh ná an ráithe agus, ar an dara dul síos, gur cláraíodh na sonraí a bhaineann leis na costais a bhaineann le AVC arna soláthar ag Qualcomm féin ar bhonn ráithiúil freisin. Thairis sin, níor chuir an t‑iarratasóir i láthair ina ndoiciméid i scríbhinn, ná sna freagraí ar an ráiteas agóidí agus an ráiteas agóidí forlíontach dá dtagraíonn sé, argóint ná fianaise chun tacú lena ráiteas gur cheart don Choimisiún tréimhse thagartha 6 mhí nó bliana a úsáid. |
|
337 |
Ní féidir a mheas ach an oiread bunaithe ar an bhfianaise arna hagairt ag an iarratasóir go ndearna an Coimisiún earráid nuair a ghlac sé tréimhse thagartha ráithiúil chun anailís ar phraghsanna/costais a dhéanamh. |
|
338 |
Ar an gcéad dul síos, níor éirigh leis an iarratasóir a léiriú cén chaoi a bhféadfaí an fhadhb a bhaineann le taifeadadh déanach, a bhaineann leis an tréimhse ábhartha go léir, a réiteach tríd an tréimhse thagartha a athrú, mar a mhaíonn sé. |
|
339 |
Ar an dara dul síos, fiú más fíor é, mar a áitíonn an t‑iarratasóir, nach féidir le tréimhse thagartha fhada an anailís a shaobhadh ach amháin sa chás go gcuirfí san áireamh na praghsanna a bhaineann le tréimhse níos faide ná tréimhse na creiche, ní fhágann sé sin gur gá gurb í an tréimhse a mhol an t‑iarratasóir an tréimhse thagartha. Is amhlaidh go ndearna an Coimisiún an rogha idir tréimhse thagartha ráithiúil, leathbhliantúil nó bliantúil, sa chás seo, bunaithe ar na sonraí agus na himthosca ab ábhartha maidir le gníomhaíocht an iarratasóra. I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara nár éirigh leis an iarratasóir a léiriú go raibh earráid ag baint le rogha na tréimhse tagartha. |
|
340 |
Sna himthosca sin, ní mór diúltú don dara gearán. |
|
341 |
Maidir leis an tríú gearán, lena n‑éilítear go raibh an athphróiseáil a rinne an Coimisiún ar na praghsanna díolacháin mícheart ós rud é, maidir leis na meánphraghsanna díolacháin arna dtaifeadadh i sonraí cuntasaíochta an iarratasóra, go raibh an difear le toradh ríomhanna an Choimisiúin, in aon chás, an‑bheag, is léir ó aithrisí 614, 739, 740, 774, 775 agus 922 den chinneadh atá faoi chonspóid go bhfuil an difríocht idir na praghsanna i gcuntais an iarratasóra agus na praghsanna arna n‑athchruthú ag an gCoimisiún an‑bheag go minic. Dheimhnigh na páirtithe an imthoisc sin, go bunúsach, le linn na héisteachta. |
|
342 |
Níor léirigh an t‑iarratasóir go ndéanfadh an imthoisc sin difear do dhleathacht an chinnidh atá faoi chonspóid. Cé nach bhfuil ach difríocht an‑bheag idir na meánphraghsanna díolacháin arna dtaifeadadh sna sonraí cuntasaíochta agus na meánphraghsanna díolacháin arna n‑athchruthú ag an gCoimisiún, ní féidir a bhaint de thátal as sin go ndearna an Coimisiún earráid agus na meánphraghsanna díolacháin á n‑athchruthú. Sna himthosca sin, ní mór diúltú don ghearán seo. |
|
343 |
Thairis sin, níl aon bhunús le hargóint an iarratasóra ar dá réir nár léiríodh leis an anailís ar phraghsanna/costais, a bhí bunaithe ar a shonraí cuntasaíochta, ach praghsanna níos ísle ná na costais le haghaidh tréimhse an‑ghearr agus ar bhonn eadrannach agus dá bhrí sin, go bhfuil sé ar neamhréir le haon chinneadh maidir le sárú. Go deimhin, ní mhíníonn an t‑iarratasóir cad a mheasann sé a bheith ina creachadh eadrannach agus cén fáth nach bhféadfadh an cineál sin creiche a bheith ina shárú ar dhlí na hiomaíochta. |
|
344 |
I bhfianaise na mbreithnithe thuas, ní mór diúltú don tríú gearán agus don chéad chuid den chúigiú gearán ina iomláine. |
An dara cuid, lena n‑éilítear go ndearnadh earráidí sa chinneadh atá faoi chonspóid a bhaineann leis an ‘athphróiseáil’ a rinneadh
|
345 |
Mar thaca leis an gcuid seo, ardaíonn an t‑iarratasóir cúig ghearán. |
|
346 |
Sa chéad áit, áitíonn an t‑iarratasóir, chun na praghsanna ‘arna n‑íoc iarbhír’ leis an gCoimisiún a ríomh, gur aistrigh an Coimisiún go héagórach dreasachtaí áirithe airgeadais ó na ráithí ina raibh siad taifeadta i gcóras cuntasaíochta Qualcomm chuig na ráithí inar seoladh na haonaid lena mbaineann chuig custaiméir ar bhonn láimhseáil mhícheart na n‑iarrataí ar dhreasachtaí arna seoladh chuig Qualcomm ag Huawei agus ZTE, atá sna ‘pacáistí doiciméad’ nárbh fhéidir leo iontaofacht na hanailíse ar phraghsanna/costais a áirithiú. |
|
347 |
Thairis sin, sonraíonn an t‑iarratasóir gur leagadh amach an chúis nach raibh na ‘pacáistí doiciméad’ atá i gceist iontaofa sa fhreagra ar an ráiteas agóidí forlíontach, inar mhínigh sé gur ullmhaigh na custaiméirí iad ar bhealach an‑mhionsonraithe, nach raibh in ann soiléirithe a thabhairt ina dtaobh tráth a d’iarr an Coimisiún an méid sin orthu in 2017. Thairis sin, bhí na ‘pacáistí doiciméad’ sin neamhiomlán agus bhí neamhréireachtaí agus earráidí i gcuid acu. |
|
348 |
Sa dara háit, cáineann an t‑iarratasóir an Coimisiún as cur chuige cúlghabhálach a chur i bhfeidhm, nach raibh call leis, a mhéid a d’aistrigh sé na cúlchistí ar an mbonn go bhféadfadh Qualcomm iarrataí ar dhreasachtaí a thuar go lánchinnte tráth an díolacháin. |
|
349 |
I ndáil leis sin, níl ciall leis an gcinneadh in aithris 620 den chinneadh atá faoi chonspóid gurb é an rud atá tábhachtach go raibh Qualcomm sásta ceannach na n‑aonad ar fad a mholadh, ar aonaid iad a tháinig faoi chomhaontuithe áirithe lena bhforáiltear do bhearta dreasachta. Ciallaíonn cur i bhfeidhm USA GAAP go raibh sé d’oibleagáid ar Qualcomm, tráth a fuarthas agus a seoladh na horduithe d’fhoirne sliseanna, glacadh leis go mbeadh na haonaid d’fhoirne sliseanna go léir incháilithe do gach dreasacht a d’fhéadfadh a bheith infheidhme, agus níorbh fhéidir aon éiginnteacht a bheith ann. Ní chiallaíonn sé sin gur ghlac Qualcomm leis go raibh an dreasacht uasta ag baint leis na haonaid ar fad. |
|
350 |
Sa tríú háit, measann an t‑iarratasóir go bhfuil easpa leanúnachais sa chur chuige a ghlac an Coimisiún, a mhéid a dhiúltaigh sé, ar thaobh amháin, do phraghsanna cuntasaíochta Qualcomm toisc iad a bheith ‘mí-oiriúnach’ agus, ar an taobh eile, gur úsáid sé na praghsanna sin go roghnaitheach in dá ríomh bhunriachtanacha, eadhon ríomh phraghsanna na bhfoirne sliseanna nach raibh ‘pacáistí doiciméad’ ann dóibh agus an ríomh arna dhéanamh chun costais T&F bhreise a dháileadh san anailís ar phraghsanna/costais. |
|
351 |
Sa cheathrú háit, áitíonn an t‑iarratasóir go bhfuil an cur chuige a ghlac an Coimisiún contrártha le Cinneadh C(2014) 7465 final, a glacadh i gCás an 15 Deireadh Fómhair 2014 maidir leis an nós imeachta i ndáil le cur i bhfeidhm Airteagal 102 CFAE agus Airteagal 54 de Chomhaontú LEE (Cás AT.39523 – Slovak Telekom), inar mheas sé gurbh fhearr, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, measúnuithe a dhéanamh ar bhonn sonraí costais amhail na sonraí a d’úsáid an gnóthas atá i gceist, seachas ar bhonn sonraí a eascraíonn ó choigeartuithe agus ríomhanna casta arna ndéanamh ex post. |
|
352 |
Sa chúigiú háit, tugann an t‑iarratasóir faoi deara go bhfuil sé de thoradh ar mhodheolaíocht an Choimisiúin, i gcásanna áirithe, go bhfaightear praghsanna ar léir nach iad na praghsanna ‘arna n-íoc iarbhír’ ag custaiméirí Qualcomm. Mar shampla, ní raibh aon éiginnteacht ann maidir leis an bpraghas arna íoc ag Huawei iarbhír as na horduithe ó [rúnda] nár seoladh d’fhoirne sliseanna MDM8200 arna ndíol ag Qualcomm, arbh é an praghas deiridh fosaithe USD [rúnda] in aghaidh na foirne sliseanna, i ndiaidh gach dreasacht a bhaint; os a choinne sin, is amhlaidh gurbh é USD [rúnda] in aghaidh na foirne sliseanna an praghas arna athchruthú ag an gCoimisiún i ndiaidh na próiseála a rinne sé. Mar an gcéanna, sa chéad ráithe de 2011, b’ionann an praghas a d’íoc Huawei le haghaidh fhoireann sliseanna MDM8200 agus USD [rúnda] in aghaidh na foirne sliseanna, cé gur tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, ar bhonn a mhodheolaíochta earráidí gurbh é USD [rúnda] an glanphraghas díolacháin le haghaidh na foirne sliseanna sin. |
|
353 |
Thairis sin, ní raibh an Coimisiún in ann a mhíniú cén fáth go raibh an meánphraghas díolacháin glan don phríomhdhreasacht don chéad ráithe de 2011 ar neamhréir leis an meánphraghas díolacháin glan den phríomhdhreasacht a luaitear i sleamhnán [rúnda]: is léir nach iad na fíorphraghsanna iad an dá phraghas athfhoirmlithe a raibh an Coimisiún ag iarraidh bonn cirt a thabhairt dóibh trí thagairt don sleamhnán i gcur i láthair an [rúnda] 4 Lúnasa 2010. |
|
354 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
355 |
Maidir leis an gcéad ghearán lena n‑éilítear, go bunúsach, nárbh fhéidir leis na ‘pacáistí doiciméad’ ina raibh na hiarrataí ar dhreasachtaí arna gcur faoi bhráid Qualcomm ag Huawei agus ZTE iontaofacht na hanailíse ar phraghsanna/costais a áirithiú, ní mór a thabhairt faoi deara, dála an Choimisiúin, gur úsáid an t‑iarratasóir féin na doiciméid lena mbaineann le linn na nótaí creidmheasa a eisiúint agus na cuntais a shocrú, mar a luaitear in aithris 597 den chinneadh atá faoi chonspóid, gan an t‑iarratasóir a bheith ag cur ina choinne sin. Dá thoradh sin, in éagmais fianaise eile arna cur chun cinn ag an iarratasóir, ní mór diúltú don ghearán seo. |
|
356 |
Maidir leis an dara gearán gur úsáid an Coimisiún cur chuige cúlghabhálach nach raibh call leis, a mhéid a d’aistrigh sé na cúlchistí bunaithe ar an tuiscint go bhféadfadh Qualcomm na hiarrataí ar dhreasachtaí a thuar go lánchinnte tráth an díolacháin, ní mór a thabhairt faoi deara, contrártha d’argóintí an iarratasóra, nach bhfuil modheolaíocht an Choimisiúin bunaithe ar na critéir nach raibh Qualcomm in ann measúnú a dhéanamh orthu. Go deimhin, bhí praghsanna Qualcomm struchtúrtha mar ollphraghsanna ar a cuireadh dreasachtaí, is é sin laghduithe, i bhfeidhm. Dá réir sin, nuair a ghlac Qualcomm cinntí maidir le praghsanna a shocrú, bhí a fhios aige cérbh é an praghas íosta in aghaidh an aonaid dá gcuirfí i bhfeidhm na dreasachtaí. Mar a áitíonn an Coimisiún, bhí an ríomh sin ceaptha go díreach chun an praghas arna íoc iarbhír ag Huawei agus ZTE a dhéanamh amach, ar bhonn na faisnéise a bhí ag Qualcomm agus a úsáid sé ina chuntasaíocht. Is leor na breithnithe sin chun diúltú don ghearán seo. |
|
357 |
Maidir leis an tríú gearán, lena n‑éilítear go bhfuil neamhréireacht ag baint le cur chuige an Choimisiúin maidir le praghsanna Qualcomm, is leor a thabhairt faoi deara, chun diúltú dó go bhfuil sé bunaithe ar an mbonn tuisceana mícheart gur cinneadh sa chinneadh atá faoi chonspóid go raibh praghsanna cuntasaíochta Qualcomm ‘mí-oiriúnach’. In aithrisí 603, 613 agus 618 den chinneadh sin, a luaigh an t‑iarratasóir, sainaithníonn an Coimisiún go soiléir na heilimintí sna praghsanna cuntasaíochta a bhí mí-oiriúnach, gan diúltú don fhéidearthacht iad a úsáid tar éis na coigeartuithe is gá a dhéanamh, ar bhonn foinsí eile faisnéise. |
|
358 |
Maidir leis an gceathrú gearán, lena n‑éilítear go raibh neamhréireacht le Cinneadh C(2014) 7465 final a glacadh i gcás an 15 Deireadh Fómhair 2014 maidir le nós imeachta um chur i bhfeidhm Airteagal 102 CFAE agus Airteagal 54 de Chomhaontú LEE (Cás AT.39523 – Slovak Telekom), ní mór a thabhairt faoi deara, cé gurb amhlaidh, i gcásanna áirithe, gur úsáid an Coimisiún na figiúirí ó chuntais an ghnóthais cheannasaigh ar dtús, ar leor é sin, uaireanta, nuair nach raibh na figiúirí sin ar fáil nó nach raibh siad ag teacht le cúinsí an mhargaidh, chruthaigh sé luachanna ionadaíocha iomchuí, bunaithe freisin ar aon fhaisnéis ábhartha arna soláthar ag an ngnóthas ceannasach. Mar a tugadh faoi deara i mír 332 thuas, rinne an Chúirt Ghinearálta an cur chuige sin a fhaomhadh. Dá bhrí sin, ní mór diúltú don ghearán seo. |
|
359 |
Maidir leis an gcúigiú gearán, lena n‑éilítear gur socraíodh praghsanna le modheolaíocht an Choimisiúin, i gcásanna áirithe, ar léir nach iad na praghsanna ‘arna n‑íoc iarbhír’ ag custaiméirí Qualcomm, ní mór a thabhairt faoi deara gurb amhlaidh, maidir leis an gcéad sampla arna lua ag an iarratasóir, go léiríonn an sleamhnán ar a bhfuil cosaint an Choimisiúin bunaithe (Iarscríbhinn A.2.2.19 den iarratas) gurbh é an praghas a d’íoc Huawei as foireann sliseanna MDM8200 i ndiaidh chur i bhfeidhm na dreasachta [rúnda] (slánaithe go dtí USD [rúnda]) in aghaidh na foirne sliseanna, a bhí ag teacht leis an bpraghas arna ríomh ag an gCoimisiún agus a luaitear in aithris 743 den chinneadh atá faoi chonspóid. Maidir leis an dara sampla, ní mór a thabhairt faoi deara go ndeimhnítear sa doiciméad a luaigh an Coimisiún (Iarscríbhinn A.2.4.12 den iarratas) chun a léiriú go raibh athruithe i ndiaidh a chéile ar na praghsanna a d’fhormheas an [rúnda], mar a shoiléirítear i bhfreagra an Choimisiúin ar na ceisteanna ón gCúirt Ghinearálta, go raibh an praghas a seoladh chuig Huawei d’fhoireann sliseanna MDM8200 sa chéad ráithe de 2011 níos ísle ná an praghas a cuireadh faoi bhráid an [rúnda] agus gurbh ionann é agus an praghas iarbhír USD [rúnda] arna ríomh ag an gCoimisiún. |
|
360 |
Dá bhrí sin, níor léirigh an t‑iarratasóir gurbh ann d’earráid sa mhodheolaíocht a d’úsáid an Coimisiún agus sna torthaí ar tháinig sé orthu sa chinneadh atá faoi chonspóid. Sna himthosca sin, ní mór diúltú don ghearán seo. |
|
361 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don dara cuid den chúigiú saincheist dlí. Dá thoradh sin, ós rud é gur diúltaíodh don chéad chuid den tsaincheist dlí sin freisin (féach mír 344 thuas), ní mór diúltú don tsaincheist dlí sin ina hiomláine. |
An séú saincheist dlí, lena n‑éilítear go ndearnadh ‘sannadh mícheart costas innealtóireachta neamh-aisfhillteach’
|
362 |
Leis an tsaincheist dlí seo, áitíonn an t‑iarratasóir, ina mheasúnú ar íocaíochtaí CIN, go ndearna an Coimisiún ‘earráidí follasacha fíorais agus dlí agus gur sháraigh sé prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, an toimhde neamhchiontachta agus an prionsabal in dubio pro reo’. Thairis sin, maíonn sé nach bhfuil cúiseanna leordhóthanacha leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, a mhéid a mhainnigh sé a lán argóintí tábhachtacha a chuir Qualcomm ar aghaidh le linn an nós imeachta riaracháin ‘a chur san áireamh’. Mar sin, mhainnigh an Coimisiún ina ‘oibleagáid dea-riaracháin’. |
|
363 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
364 |
De bhun Airteagal 21 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 76(d) de na Rialacha Nós Imeachta, ní mór a lua in aon iarratas cuspóir na díospóide agus achoimre ar na saincheisteanna agus is gá, chun go mbeidh an chaingean inghlactha, gur léir na heilimintí fíorais agus dlí ar a bhfuil an chaingean bunaithe, ar a laghad go hachomair, ach go comhleanúnach agus go hintuigthe, ó théacs an iarratais féin. |
|
365 |
Ní mór an méid sin a bheith sách soiléir agus beacht ionas gur féidir leis an gcosantóir a chosaint a ullmhú agus gur féidir leis an gCúirt Ghinearálta breith a thabhairt ar an gcaingean. Is amhlaidh atá i ndáil le haon chonclúid, nach mór saincheisteanna dlí agus argóintí a bheith ag gabháil leis, lena gcuirtear ar chumas an chosantóra agus na cúirte an tsubstaint a mheasúnú (breithiúnas an 13 Nollaig 2018, Slovak Telekom v an Coimisiún, T‑851/14, EU:T:2018:929, míreanna 74 agus 75 (nár foilsíodh)). |
|
366 |
Sa chás seo, ní mór a thabhairt faoi deara, cé gur féidir argóintí an iarratasóra arna n‑ardú i gcomhthéacs na saincheiste seo a léamh sa chaoi go bhfuil earráidí measúnaithe líomhainte ann a bhaineann, ar thaobh amháin, le híocaíocht CIN le ZTE (an chéad chuid) agus, ar an taobh eile, le híocaíocht CIN le Huawei (an dara cuid), arna ndéanamh ag an gCoimisiún, níl aon rud sna sáruithe arna lua ag an iarratasóir lenar féidir a mheasúnú an bhfuil bunús leo. Dá bhrí sin, ní mór a mheas go bhfuil argóintí an iarratasóra bunaithe ar na sáruithe sin, go háirithe an sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, an sárú ar phrionsabal na toimhde neamhchiontachta agus an sárú ar an bprionsabal in dubio pro reo, a mheas sa chaoi go bhfuil siad do-ghlactha a mhéid nach bhfuil siad sách mionsonraithe chun gur féidir a mheas an bhfuil bunús leo. |
|
367 |
Ina theannta sin, ní mór a thabhairt faoi deara, de réir an chásdlí, cé go gceanglaítear le hAirteagal 296 CFAE ar an gCoimisiún, nuair a ghlacann sé cinneadh i gcomhthéacs chur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta, na heilimintí fíorais agus dlí ar tháinig sé ar an gcinneadh sin a lua, ní cheanglaítear leis an bhforáil sin go ndéanfaidh an Coimisiún plé ar na pointí fíorais agus dlí go léir a pléadh le linn an nós imeachta riaracháin. Ní mór do na cúiseanna le cinneadh a dhéanann dochar do dhuine a chur ar chumas na Cúirte athbhreithniú ar dhlíthiúlacht a dhéanamh agus gach faisnéis a chur ar fáil don duine lena mbaineann chun a fháil amach an bhfuil bunús leis an gcinneadh sin (breithiúnas an 11 Iúil 1985, Remia agus páirtithe eile v an Coimisiún, 42/84, EU:C:1985:327, mír 26). I bhfianaise an chásdlí sin, ní fhéadfadh an t‑iarratasóir brath ar an bhfíoras nár fhreagair an Coimisiún go sonrach sa chinneadh atá faoi chonspóid gach barúil fíorais nó dlí a d’ardaigh sé le linn an nós imeachta riaracháin. |
An chéad chuid a bhaineann le híocaíocht CIN le ZTE
|
368 |
Mar thaca leis an gcéad chuid, tar éis cur síos a dhéanamh ar chroineolaíocht na bhfíoras a bhaineann, inter alia, leis an gcomhaontú maidir leis na costais innealtóireachta neamh-aisfhillteacha a tugadh i gcrích le ZTE agus íocaíocht CIN le ZTE, gan cur ina choinne, áitíonn an t‑iarratasóir gur mheas an Coimisiún go mícheart gurbh ionann an íocaíocht sin agus laghdú USD [rúnda] in aghaidh an aonaid le haghaidh fhoirne sliseanna MDM6200 arna gceannach ag ZTE in 2010, cé nár cuireadh an formheas i Nollaig 2009 ar bhonn foirmiúil i gcomhaontú riamh agus nár cuireadh in iúl do ZTE é. |
|
369 |
Dar leis an iarratasóir, murach gur chuir an Coimisiún san áireamh an laghdú sin in aghaidh an aonaid i ndáil le ZTE, ní bheadh an creachadh san anailís ar phraghsanna/costais ar fhoirne sliseanna MDM6200 tugtha faoi deara aige. |
|
370 |
Sa chéad áit, measann an Coimisiún go raibh formheas, ag deireadh 2009 agus i mBealtaine 2010 dreasachtaí féideartha le haghaidh ZTE ina chuid de shraith beart dreasachta níos leithne i ndáil leis, nach raibh teoranta don deighleog den mhargadh d’fhoirne sliseanna UMTS ar thús cadhnaíochta. |
|
371 |
Sa dara háit, maidir le breithniú an Choimisiúin gurbh ionann íocaíocht CIN le ZTE agus laghdú in aghaidh an aonaid le haghaidh na bhfoirne sliseanna MDM6200 a cheannaigh ZTE in 2010, déanann an t‑iarratasóir na hargóintí seo a leanas. |
|
372 |
Ar an gcéad dul síos, áitíonn an t‑iarratasóir gur athraíodh na coinníollacha formheasa idir Nollaig 2009 agus Bealtaine 2010, bunaithe ar athmheasúnú meáite, a raibh de thoradh air nárbh fhéidir glacadh leis an íocaíocht CIN go ZTE mar laghdú a thuilleadh. Áitíonn sé freisin go measann an Coimisiún go bhfuil an íocaíocht chnapshuime USD [rúnda] ina laghdú USD [rúnda] in aghaidh na foirne sliseanna, eadhon mar laghdú i bhfad níos airde ná an laghdú USD [rúnda] in aghaidh na foirne sliseanna a mhaítear a bheith beartaithe ag Qualcomm i Nollaig 2009. |
|
373 |
Ar an dara dul síos, níor chuir an Coimisiún aon fhianaise ar fáil den fhíoras go raibh sé i gceist ag Qualcomm, nó fiú go raibh sé feasach faoi dhreasacht a dheonú do ZTE arbh ionann í agus lascaine USD [rúnda] in aghaidh na foirne sliseanna ná go raibh ZTE feasach go raibh lascaine in aghaidh an aonaid den sórt sin ann. Is léir ón méid sin nach bhféadfadh íocaíocht CIN le ZTE a bheith ina dhreasacht dó chun foirne sliseanna MDM6200 a cheannach in 2010. Os a choinne sin, thug an Coimisiún féin cruthúnas, i súile Qualcomm go raibh praghas na bhfoirne sliseanna arna ndíol le ZTE níos airde ná an praghas a bheadh ann dá gcuirfí i bhfeidhm laghdú USD [rúnda] in aghaidh na foirne sliseanna. |
|
374 |
Ar an tríú dul síos, trí íocaíocht CIN le ZTE a láimhseáil mar laghdú a fuarthas le haghaidh gach foirne sliseanna a cheannaigh sé, bheadh sé de thoradh ar an gcinneadh atá faoi chonspóid go mbeadh lascaine in aghaidh na foirne sliseanna arna mhéadú go saorga de USD [rúnda] go díreach toisc go raibh an íocaíocht sin neamhspleách ar líon na n‑aonad arna ndíol agus, ag an am céanna, b’ionann éileamh ZTE ar fhoirne sliseanna MDM6200 in 2010 agus cuid bheag den mhéid a raibh Qualcomm ag súil leis i Nollaig 2009, agus mar sin rinne an Coimisiún an íocaíocht sin USD [rúnda] a leithdháileadh ar chuid bheag de na 1250000 aonad a luadh sna ríomhphoist ó Nollaig 2009. Dá mba rud é go raibh an íocaíocht atá i gceist ina fíordhreasacht do ZTE chun tuilleadh aonad d’fhoirne sliseanna MDM6200 a cheannach, bheadh an laghdú intuigthe in aghaidh an aonaid níos lú agus bheadh dóchúlacht níos lú ann go gcinnfí go raibh praghas faoi bhun an ‘chostais’ i gceist. |
|
375 |
Ar an gceathrú dul síos, áitíonn an t‑iarratasóir, cé go n‑admhaíonn an Coimisiún, sa chinneadh atá faoi chonspóid go bhfuil an figiúr áibhéileach ina thoradh ar éileamh lag ar thaobh ZTE le haghaidh fhoireann sliseanna MDM6200, measann sé go bhféadfadh an t‑éileamh níos laige sin a bheith ar na cúiseanna leis na leasuithe ar na coinníollacha íocaíochta a dheonaigh Qualcomm le linn chruinniú an [rúnda] an 24 Bealtaine 2010. Shainaithin Qualcomm comhfhreagras ó Bhealtaine 2010, ónar léir go ndearna ZTE foráil d’iarraidh ar 475000 aonad d’fhoireann sliseanna MDM6200 don bhliain sin. Dar le Qualcomm, dá gcuirfí an figiúr sin i bhfeidhm ar íocaíocht USD [rúnda], gheofaí laghdú hipitéiseach USD [rúnda] in aghaidh na foirne sliseanna tráth an fhormheasa i mBealtaine 2010 agus bheadh na praghsanna arna n‑íoc ag ZTE le haghaidh fhoireann sliseanna MDM6200 níos airde i gcónaí ná na LRAICanna sa chinneadh atá faoi chonspóid. |
|
376 |
Ar an gcúigiú dul síos, fiú más rud é go raibh Qualcomm ag iarraidh go mbeadh íocaíochtaí CIN ina laghdú aonaid USD [rúnda], ní bheadh sin ábhartha, ar aon nós, ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta de, ós rud é nach mbeadh an íocaíocht sin ina dreasacht riamh do ZTE foirne sliseanna MDM6200 a cheannach seachas na foirne sliseanna arna soláthar ag iomaitheoir, ós rud é go raibh méid na dreasachta socraithe agus nár mhéadaigh sé bunaithe ar líon na bhfoirne sliseanna arna gceannach. |
|
377 |
Ar an séú dul síos, i Feabhra 2011, tháinig Qualcomm ar iarraidh ó ZTE an tréimhse chun bheith ina oibreoir gléasanna d’fhoireann sliseanna MDM8200A go dtí an 30 Meitheamh 2011, ach dhiúltaigh sé d’iarraidh chomhionann do na gléasanna ina bhfuil foireann sliseanna MDM6200 go raibh an íocaíocht chnapshuime ceangailte go conarthach agus go héifeachtach le foireann sliseanna MDM8200A, rud a deimhníodh freisin le comhfhreagras inmheánach Qualcomm. |
|
378 |
Sa tríú háit, cáineann an t‑iarratasóir neamhréireacht sa chinneadh atá faoi chonspóid idir, ar thaobh amháin, na conclúidí a bhaineann le creachadh agus, ar an taobh eile, an cinneadh maidir le méadú ar phraghas chorrlaigh fhoirne sliseanna MDM6200 arna ndíol le ZTE. Dar leis, tá aimhrialtacht i leithdháileadh na gcostas líomhainte T&F idir foirne sliseanna MDM6200 agus MDM6600 in 2010, toisc nach laghdófaí na praghsanna arna n‑úsáid i ríomh an Choimisiúin do na foirne sliseanna MDM6200 a díoladh le ZTE de réir na lascaine a thagann ó na costais innealtóireachta neamh-aisfhillteacha. |
|
379 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
380 |
Mar réamhphointe, ní mór a thabhairt faoi deara, go háirithe in aithrisí 677 go 693 den chinneadh atá faoi chonspóid, go ndearna an Coimisiún na praghsanna arna n‑íoc ag ZTE agus ag Huawei a ríomh agus, i gcomhréir leis na breithnithe arna leagan amach go háirithe i bpointí 12.4.2.3, 12.4.2.4, 12.4.2.6 agus 12.4.2.11 den chinneadh sin, d’athdháileadh dhá lascaine a thagann ó na costais innealtóireachta neamh-aisfhillteacha arna ndeonú ag Qualcomm dá dhá chustaiméir. Dar leis an gCoimisiún, cé gur cláraíodh gach lascaine go foirmiúil sa chaoi go raibh feidhm aici maidir le foirne sliseanna MDM8200A arna ndíol lena chustaiméirí, léiríonn fianaise ón tráth sin gurbh é a bhí i gceist ag Qualcomm i ndáiríre, ar an gcéad dul síos, íocaíocht chnapshuime USD [rúnda] (USD [rúnda] ar dtús) le ZTE, le cur i bhfeidhm ar dhíolacháin arna ndéanamh in 2010, chun spreagadh a thabhairt dó réitigh a cheannach agus a fhorbairt bunaithe ar an bhfoireann sliseanna MDM6200 agus, ar an dara dul síos, lascaine chúlghabhálach i bhfoirm íocaíocht chnapshuime USD [rúnda] le Huawei d’fhonn praghas an aonaid d’fhoirne sliseanna MDM8200 a laghdú a bhí faighte aige ó Qualcomm, ach a bhí róchostasach chun go bhféadfadh Huawei conarthaí a tairiscintí iartheachtacha a bhuachan. |
|
381 |
Maidir le híocaíocht CIN le ZTE, chun teacht ar a chonclúid, déanann an Coimisiún tagairt, i bpointí 12.4.2.4, 12.4.2.6 agus 12.4.2.11 den chinneadh atá faoi chonspóid, do dhoiciméid inmheánacha Qualcomm, lena léirítear ina thuairim nach raibh sé in ann praghas níos ísle a thairiscint do ZTE ná an praghas a tairgeadh do Huawei agus go raibh imní air go laghdófaí an praghas d’fhoireann sliseanna MDM6200 go róluath, nach raibh seolta an tráth sin. Dá thoradh sin, moladh, ó Nollaig 2009 ar aghaidh, an cheist maidir le socrú na bpraghsanna i bhfoirm laghduithe aon uaire a eascraíonn ó chostais innealtóireachta neamh-aisfhillteacha, a raibh cuid acu bainteach leis an gcoinníoll go mbeadh ZTE ina oibreoir gléasanna d’fhoireann sliseanna MDM8200A agus an ceann eile ar an gcoinníoll go mbeidh ZTE ina oibreoir gléasanna d’fhoireann sliseanna MDM6200 agus sin roimh an 31 Nollaig 2010 (teorainn ama a cuireadh siar don 31 Meitheamh 2011, i bhfianaise dheimhniúchán fhoireann sliseanna MDM8200A). Dar leis an gCoimisiún, bhí sé mar chuspóir ag an íocaíocht sin, i ndáiríre, praghas fhoireann sliseanna MDM6200 a laghdú de USD [rúnda] in aghaidh na foirne sliseanna a raibh sé i gceist ag Qualcomm a dhíol le ZTE in 2010. I ndiaidh laghdú suntasach ar orduithe ZTE i gcomparáid le réamhaisnéis Qualcomm, b’ionann méid an laghdaithe arna dheonú go díreach agus USD [rúnda] in aghaidh na foirne sliseanna. |
|
382 |
Sa chéad áit, ní mór a thabhairt faoi deara nach gciallaíonn an fíoras gur chuir Qualcomm i bhfeidhm sraith beart dreasachta i ndáil leis na foirne sliseanna éagsúla, lena n‑áirítear na foirne sliseanna nár úsáideadh don deighleog den mhargadh d’fhoirne sliseanna UMTS ar thús cadhnaíochta, i ndáil le ZTE, nach féidir cuid acu a chur san áireamh chun críoch na hanailíse ar phraghsanna/costais arna déanamh chun an creachadh a mheasúnú. |
|
383 |
Sa dara háit, is léir ón tuairisc a thug an t‑iarratasóir gurb í an difríocht idir an dreasacht a formheasadh i Nollaig 2009 agus an dreasacht a formheasadh i mBealtaine 2010, go raibh íocaíocht USD [rúnda] ag baint leis an gcéad cheann, a d’fhéadfaí a dhéanamh ar shíniú an chomhaontaithe agus USD [rúnda], a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gcoinníoll go mbeadh ZTE ina oibreoir gléasanna d’fhoireann sliseanna MDM8200A, agus go mbeadh íocaíocht USD [rúnda], iníoctha ar an gcoinníoll go mbeadh ZTE ina oibreoir gléasanna d’fhoireann sliseanna MDM6200. Ní mhíníonn an t‑iarratasóir, áfach, cén fáth a ‘léiríonn téarmaí an údaraithe ó Nollaig go Bealtaine go ndearnadh athmheasúnú meáite’ ná conas a bheadh sé sin fabhrach chun an measúnú ar chreachadh a dhéanamh. |
|
384 |
Os a choinne sin, mar a thuairiscítear in aithrisí 501 agus 502 den chinneadh atá faoi chonspóid, léiríonn an chumarsáid inmheánach i Nollaig 2009 idir na comhaltaí ardbhainistíochta (amhail an stiúrthóir um bainistíocht tháirgí QCT agus na Leas-Uachtaráin airgeadais agus díolachán), sa chéad áit, nach bhféadfadh na praghsanna arna dtairgeadh ag ZTE le haghaidh fhoirne sliseanna MDM6200 a bheith níos ísle ná na praghsanna arna dtairgeadh ag Huawei agus nach raibh Qualcomm ag iarraidh ‘éagsúlacht mhór sna praghsanna’; sa dara háit, a mhéid a bhí imní ar Qualcomm faoi fhoirne sliseanna MDM6200 mar gheall ar an gcomhoibriú idir ZTE agus Icera agus, sa tríú háit, gurbh í íocaíochtaí CIN ceangailte le foirne sliseanna MDM6200 nó MDM8200A ‘chun a sheachaint go bhfaigheadh Icera cuid mhór gnó’. Aithníodh an réiteach ar an gcúis imní sin sa togra ‘ZTE MDM6200 Price Proposal’ ó Nollaig 2009, nach raibh ina ‘éagsúlacht mhór sna praghsanna’ ar bhealach, a mhéid nár éagsúlacht sna praghsanna a bhí ann, ach dreasacht, ina raibh íocaíocht a bhí ceangailte le hoibreoir gléasanna d’fhoireann sliseanna MDM8200A agus méid áirithe aonad a cheannach d’fhoireann sliseanna MDM6200, agus an fhéidearthacht an íocaíocht a choimeád siar i gcás nár comhlíonadh ceann amháin nó ceann eile de na coinníollacha. |
|
385 |
Ina theannta sin, is léir ón gcur i láthair ag cruinniú [rúnda] an 8 Feabhra 2010, i ndiaidh fhormheas Nollaig 2009, gurbh é an t‑aon chuspóir i ndáiríre a bhí leis an íocaíocht, a bhí ceaptha an tráth sin le haghaidh fhoireann sliseanna MDM8200A agus fhoireann sliseanna MDM6200, praghas na foirne sliseanna deireanaí sin a laghdú. |
|
386 |
Thairis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, dála an Choimisiúin, nár cuireadh ar bhonn foirmiúil i bhformheas an [rúnda] an coinníoll a moladh ar dtús chun go gceannódh ZTE [rúnda] aonad d’fhoireann sliseanna MDM6200 in 2010 (a fhreagraíonn do réamhaisnéis éileamh ZTE an tráth sin). Mar sin féin, i mBealtaine 2010, i bhfianaise gur thit réamhaisnéis éileamh ZTE go 475000 aonad, d’athraigh an [rúnda] struchtúr íocaíochtaí CIN. Thairis sin, contrártha don mhéid a áitíonn an Coimisiún, níl aon rud a léiríonn go raibh na leasuithe sin ina n‑athrú ar an rún a bhí taobh thiar de ar na híocaíochtaí sin, arbh é a bhí ann ceannacháin fhoirne sliseanna MDM6200 ag ZTE a spreagadh. Go deimhin, dá mba rud é gurbh é a bhí sa rún tosaigh, i Nollaig 2009, foireann sliseanna MDM8200A a chur chun cinn, nó dá mba rud é gurbh é sin an cuspóir a bhí ann i mBealtaine 2010, níor ghá agus ní bheadh sé loighiciúil an lascaine d’fhoirne sliseanna MDM8200A a laghdú ó USD [rúnda] go [rúnda] (eadhon laghdú 60 %). Os a choinne sin, ós rud é go ndearnadh athrú mór ar réamhaisnéis éileamh ZTE ar fhoirne sliseanna MDM6200 ó [rúnda] aonad go dtí níos lú ná [rúnda] aonad, ní raibh bonn cirt leis, i súile Qualcomm, an lascaine a ndearnadh foráil dó ar dtús de USD [rúnda] a thairiscint do ZTE. |
|
387 |
Mar sin féin, leis an athrú ar struchtúr íocaíochtaí CIN, cuireadh ar chumas íocaíocht chomhionann le lascaine USD [rúnda] in aghaidh an aonaid a choimeád, a bhí nasctha go hoifigiúil le foirne sliseanna MDM8200A (ach a bhí ceaptha, i ndáiríre, le haghaidh fhoirne sliseanna MDM6200) agus tairiscint á déanamh an íocaíocht a mhéadú faoi dhó (agus USD [rúnda] a bheadh inti ansin) dá bhfaigheadh an custaiméir deimhniú mar oibreoir d’fhoireann sliseanna MDM6200 i ndiaidh dheireadh na bliana 2010, is é sin dá spreagfadh ZTE forbairt réiteach MDM6200 le linn na bliana 2010. Sonraíonn an Coimisiún, agus an ceart aige, go bhfuil diúltú Qualcomm an tréimhse chun teacht chun bheith ina oibreoir d’fhoirne sliseanna MDM6200 i Feabhra 2011 ag teacht leis an struchtúr sin agus le conclúid Qualcomm nach raibh a dhóthain déanta ag ZTE chun foireann sliseanna MDM6200 a spreagadh in 2010 chun go bhfaigheadh sé an chuid eile den lascaine a eascraíonn ó chostais innealtóireachta neamh-aisfhillteacha. |
|
388 |
Maidir le hargóint an iarratasóra go léiríonn an fíoras gur dhiúltaigh Qualcomm i bhFeabhra 2011 don tréimhse chun teacht chun bheith ina oibreoir gléasanna ina bhfuil foireann sliseanna MDM6200 go raibh íocaíochtaí CIN le ZTE ceangailte go conarthach agus go héifeachtach le foireann sliseanna MDM82000A, ní mór béim a chur air go bhfuil an fíoras sin agus, dá thoradh sin an fíoras nár aistrigh Qualcomm an tsuim USD [rúnda] a bhí bainteach leis, ag teacht go hiomlán le rún tosaigh Qualcomm foráil a dhéanamh do shásra aisghabhála le haghaidh cuid d’íocaíocht CIN mura cheannaigh ZTE na méideanna beartaithe d’fhoirne sliseanna MDM6200. |
|
389 |
Maidir le próiseáil íocaíocht CIN le ZTE mar lascaine in aghaidh an aonaid, ní mór a thabhairt faoi deara nach ndearna an Coimisiún aon earráid a bhaineann leis an íocaíocht sin a ríomh sna haonaid lena mbaineann, ná le ríomh na lascaine, ná leis an measúnú ar an gcomhthéacs. |
|
390 |
Ar an gcéad dul síos, chun méid íocaíocht CIN le ZTE a chainníochtú, ní mór gach íocaíocht a bhaineann le foirne sliseanna MDM6200 a ordaíodh agus a seachadadh, eadhon 145775 aonad, a láimhseáil sna cuntais, trí mhéid iomlán na n‑íocaíochtaí a roinnt ar líon iomlán na n‑aonad arna n‑ordú agus arna gceannach. |
|
391 |
Níl san fhíoras go bhfaightear ó íocaíocht CIN le ZTE lascaine in aghaidh an aonaid atá trí oiread níos airde ná an lascaine a beartaíodh ar dtús ach toradh ar laghdú suntasach ar an líon foirne sliseanna MDM6200 arna n‑ordú agus arna gceannach ag ZTE i gcomparáid leis an méid a bhí beartaithe ag Qualcomm, eadhon [rúnda] aonad. Ós rud é gur cinneadh méid na dreasachta a priori, cuireadh i bhfeidhm laghdú ar an bpraghas i bhfad níos airde ná an laghdú a bhí beartaithe ar dtús. I bhfocail eile, níl san argóint maidir le lascaine arna cur i bhfeidhm ar gach foireann sliseanna ach toradh ar réamhaisnéis díolacháin earráideach a bheith déanta ag Qualcomm a mhéid a bhaineann le ZTE. |
|
392 |
Maidir leis an bhfíoras nach raibh ZTE ar an eolas go raibh íocaíocht CIN a bhí ceaptha dó le láimhseáil mar lascaine in aghaidh an aonaid, ní mór a thabhairt faoi deara nach gceanglaíonn an cásdlí go mbeidh an gnóthas ceannasach ar an eolas faoin modheolaíocht a úsáideadh chun teacht ar phraghas níos ísle ná an costas a chur i bhfeidhm. Go deimhin, is leor go léiríonn an anailís ar phraghsanna/costais praghas níos airde ná an tomhas ar chostais a roghnaítear agus go bhfuil rún ann an t‑iomaitheoir a bhfuiltear ag díriú air a eisiamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Iúil 1991, AKZO v an Coimisiún, C‑62/86, EU:C:1991:286, míreanna 71 agus 72). |
|
393 |
Thairis sin, maidir leis an argóint nár spreag an íocaíocht ZTE chun tuilleadh foirne sliseanna a cheannach, ní mór a thabhairt faoi deara, i mbreithiúnas an 12 Bealtaine 2022, Servizio Elettrico Nazionale agus páirtithe eile (C‑377/20, EU:C:2022:379, mír 53 agus an cásdlí dá dtagraítear), gur chinn an Chúirt nach gá a léiriú, chun a chinneadh go bhfuil cleachtas gnóthais cheannasaigh mí-úsáideach, i gcás cleachtas gnóthais den sórt sin atá dírithe ar a iomaitheoirí a eisiamh ón margadh lena mbaineann, gur baineadh an toradh sin amach agus, ansin, éifeacht eisiaimh nithiúil ar an margadh sin a léiriú. Go deimhin, le hAirteagal 102 CFAE, dírítear ar phionós a chur ar an bhfíoras gur bhain gnóthas amháin nó níos mó mí-úsáid as ceannasacht sa mhargadh inmheánach nó i gcuid shuntasach den mhargadh sin, beag beann air an raibh rath ar an mí-úsáid sin nó nach raibh. |
|
394 |
Sa tríú háit, is ar éigin atá argóint an iarratasóra bunaithe ar neamhréireachtaí sa chinneadh atá faoi chonspóid déanta amach ar chor ar bith, sa chaoi go bhfuil sé deacair a thuiscint conas a d’fhéadfadh neamhréireachtaí den sórt sin tionchar a bheith acu ar dhleathacht an chinnidh sin, agus dá thoradh sin, ní mór a dhearbhú go bhfuil an argóint sin do-ghlactha. In aon chás, tá an míniú a thug an Coimisiún, eadhon go bhfuil an méadú ar an bpraghas agus ar chorrlach fhoirne sliseanna MDM6200 arna ndíol le ZTE le linn na tréimhse ábhartha ina thoradh ar na laghduithe a d’eascair as íocaíochtaí CIN ag teacht go hiomlán leis an gcuid eile dá réasúnaíocht. Maidir leis an aimhrialtacht a mhaítear a bheith sna costais T&F líomhainte idir foirne sliseanna MDM6200 agus MDM6600 in 2010, is leor a thabhairt faoi deara go mínítear in aithris 841 den chinneadh sin go mionsonraithe agus go hinchreidte na cúiseanna go ndearna an Coimisiún an méid sin, ar cúiseanna nár chuir an t‑iarratasóir ina gcoinne ach ar bhealach ginearálta. |
|
395 |
I bhfianaise an mhéid sin thuas, ní mór diúltú don chéad chuid den séú saincheist dlí. |
An dara cuid a bhaineann le híocaíocht CIN le Huawei
|
396 |
Dar leis an iarratasóir, fiú má tá íocaíochtaí CIN faighte aige ó Huawei mar ‘chúiteamh’ ar stoic fhoirne sliseanna MDM8200 a bhí carntha ag Huawei, bhain an íocaíocht sin le foirne sliseanna a ceannaíodh cheana agus nach bhféadfadh a bheith ina dreasacht do Huawei níos mó de na foirne sliseanna sin a cheannach. Thairis sin, de réir mar ba léir freisin ó fhreagra Huawei ar iarraidh ar fhaisnéis ón gCoimisiún, ní raibh téarmaí an chomhaontaithe maidir le costais innealtóireachta neamh-aisfhillteacha arna chur i gcrích le Huawei agus an íocaíocht sin, a bhain le bheith ina oibreoir gléasanna le haghaidh fhoireann sliseanna MDM8200A, ina ndreasacht do Huawei chun na foirne sliseanna a cheannach, ach seachas sin, chun foirne sliseanna MDM8200A a cheannach, agus sin ar feadh tréimhse éiginnte. |
|
397 |
Go ginearálta, cuireann an t‑iarratasóir i leith an Choimisiúin gur scrios sé an abairt in aithris 1142 den chinneadh atá faoi chonspóid, ina bhfuil an ‘samhail de líomhain’ sainráite go ndearnadh ‘folú’ sa ráiteas agóidí forlíontach a mhéid a bhaineann le híocaíochtaí CIN le ZTE agus Huawei, ar thug Qualcomm freagra air le linn an nós imeachta riaracháin, agus an chuid eile den aithris maidir le híocaíochtaí CIN á fágáil. Dar leis, is ionann an scriosadh sin agus cúiseanna neamhleora, a léiríonn freisin nár éirigh leis an gCoimisiún a léiriú go raibh rún ag Qualcomm Icera a eisiamh ón margadh. |
|
398 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
399 |
Mar réamhphointe, ní mór a thabhairt faoi deara, a mhéid a bhaineann le híocaíocht CIN le Huawei go dtagraíonn an Coimisiún, i bpointe 12.4.2.3 den chinneadh atá faoi chonspóid, do dhoiciméid inmheánacha Qualcomm lena léirítear, ina thuairim, de bharr go raibh roinnt comhaltaí d’ardbhainistíocht Qualcomm i gcoinne géilleadh don bhrú ó Huawei, a bhí ag lorg laghduithe suntasacha praghais ar fhoirne sliseanna MDM8200, gur tháinig Qualcomm ar an gconclúid ar deireadh laghdú praghais cúlghabhálach a dheonú i leith sheoltaí fhoirne sliseanna MDM8200 i ndiaidh an 23 Samhain 2009, chomh maith le ‘MDM8200A CIN’ is é sin íocaíocht a bhí ceaptha go hoifigiúil chun costais innealtóireachta neamh-aisfhillteacha arna dtacú le haghaidh deimhniú teirminéil shonraigh ina raibh foireann sliseanna MDM8200A comhtháite ar USD [rúnda] (agus ansin USD [rúnda]). Dar leis an gCoimisiún, cé go bhfuil íocaíocht CIN ceangailte le deimhniú mar oibreoir don fhoireann sliseanna sin a fháil, tá ceangal sainráite ag íocaíocht CIN leis an stoc d’fhoireann sliseanna MDM8200 atá ag Huawei agus chuirfeadh sé ar a chumas laghdú cúlghabhálach ar an bpraghas in aghaidh an aonaid a fháil. |
|
400 |
Sa chéad áit, maidir le hargóint an iarratasóra gur cheannaigh Huawei foirne sliseanna MDM8200 cheana agus nach bhféadfaí dreasacht a thabhairt dó trí íocaíocht CIN a bhí ceaptha chun go gceannódh sé níos mó, ní féidir glacadh léi. Is léir ó na doiciméid agus ón gcomhfhreagras dá dtagraítear, go háirithe in aithrisí 480 go 486 den chinneadh atá faoi chonspóid gur deonaíodh an dreasacht sin do Huawei chun cabhrú leis foirne sliseanna breise a chur de, i gcomhthéacs ina raibh an brú iomaíoch ó Icera á lua aige níos mó i gcónaí, tríd an bhfoireann sliseanna ICE8042, chun coinníollacha níos fabhraí a fháil. |
|
401 |
Thairis sin, is léir ó na doiciméid agus ón gcomhfhreagras a luadh, go háirithe, in aithrisí 480 go 486 den chinneadh atá faoi chonspóid, nárbh fhéidir le Qualcomm neamhaird a dhéanamh de na hiarrataí ó Huawei, rud a léiríonn go raibh an idirbheartaíocht ar an praghsanna fós ar siúl tráth a chinn Qualcomm íocaíocht CIN a dheonú do Huawei agus nach raibh na coinníollacha díolacháin d’fhoirne sliseanna MDM8200 socraithe go cinntitheach an tráth sin. |
|
402 |
Maidir le hargóint an iarratasóra nach raibh téarmaí an chomhaontaithe maidir leis na costais innealtóireachta neamh-aisfhillteacha agus íocaíochtaí CIN le Huawei ina ndreasacht dó chun foirne sliseanna MDM8200 a cheannach, ach foirne sliseanna MDM8200A, ní mór a thabhairt faoi deara, mar a rinne an Coimisiún, nach léiríonn na freagraí ó Huawei ar na ceisteanna ón gCoimisiún gur mheas sé gur bhain an íocaíocht sin le foirne sliseanna MDM8200A. Seachas sin, mar a luaitear in aithris 681 den chinneadh atá faoi chonspóid, tá freagra Huawei teoranta do théarmaí an chomhaontaithe sin a athrá, nach dtagann leis an bhfianaise a bhaineann le fíorchuspóir na híocaíochta sin. Is léir ón bhfianaise dá dtagraítear in aithrisí 482 agus 679 den chinneadh sin, áfach, agus ón méid a d’admhaigh Qualcomm fiú sa fhreagra ar an ráiteas agóidí go raibh an íocaíocht sin ceaptha a bheith mar lascaine cúlghabhálach le haghaidh fhoirne sliseanna MDM8200. Thairis sin, tá ráiteas Qualcomm gur mheas Huawei gur bhain an íocaíocht atá i gceist le foirne sliseanna MDM8200A ar neamhréir leis an bhfianaise ón tráth sin dá dtagraítear in aithrisí 491, 527 agus 543 den chinneadh sin, gur iarr Huawei ar Qualcomm na lascainí a eascraíonn ó chostais innealtóireachta neamh-aisfhillteacha a choigeartú chun stoc breise aonad le haghaidh fhoirne sliseanna MDM8200 a bhí taifeadta aige a chur san áireamh. Is léir ón méid sin go raibh a fhios ag Huawei gurbh é an rún a bhí taobh thiar d’íocaíocht CIN i ndáiríre go mbeadh sé ina lascaine d’fhoirne sliseanna MDM8200, seachas d’fhoirne sliseanna MDM8200A. |
|
403 |
Ar deireadh, maidir leis an ‘garlíomhain’ shainráite maidir le ‘cur faoi cheilt’ atá sa ráiteas agóidí forlíontach a bhaineann le híocaíochtaí CIN le ZTE agus Huawei, is fíor, ar thaobh amháin, gur cuireadh an cheist san abairt dheireanach de phointe 771 den ráiteas agóidí arbh amhlaidh nárbh ionann an fíoras nach ndearna Qualcomm an láimhseáil chuntasaíochta cheart ar na costais innealtóireachta neamh-aisfhillteacha le haghaidh na bhfoirne sliseanna agus iarracht chun an lascaine a bhaineann le híocaíocht na gcostas sin a chur faoi cheilt agus, ar an taobh eile, nach ndearnadh athrá ar an gcinneadh sin sa chinneadh atá faoi chonspóid. Mar sin féin, ní féidir glacadh leis an ngearán ón iarratasóir maidir le scriosadh na ‘garlíomhna’ sin, gurb ionann an scriosadh sin agus easpa cúiseanna agus go léiríonn sé freisin nárbh fhéidir leis an gCoimisiún rún Qualcomm chun Icera a eisiamh ón margadh a léiriú. |
|
404 |
Go deimhin, is leor a thabhairt faoi deara i ndáil leis sin gurb amhlaidh, i bhfianaise an chásdlí dá dtagraítear i mír 307 thuas, nach raibh sé de cheangal ar an gCoimisiún freagairt go sonrach sa chinneadh atá faoi chonspóid ar gach barúil fíorasach agus dlí a bhí ardaithe aige le linn an phróisis riaracháin. Thairis sin, mar a léiríonn an Coimisiún, léiríonn an scriosadh sa chinneadh atá faoi chonspóid den abairt dheireanach i bpointe 771 den ráiteas agóidí forlíontach, contrártha don mhéid a mhaíonn an t‑iarratasóir, gur chuir an Coimisiún freagra Qualcomm san áireamh le linn an nós imeachta riaracháin, gan tionchar a bheith aige sin ar an gcruthúnas maidir le rún Qualcomm Icera a eisiamh ón margadh ábhartha. |
|
405 |
I bhfianaise na mbreithnithe thuas, ní mór diúltú don dara cuid den séú saincheist dlí. Dá thoradh sin, ós rud é gur diúltaíodh don chéad chuid den tsaincheist dlí sin freisin (féach mír 395 thuas), ní mór diúltú don tsaincheist dlí sin ina hiomláine. |
An seachtú saincheist dlí, lena n‑éilítear ‘easpa tagarmharc cuí ó thaobh costais tagartha’
|
406 |
Leis an seachtú saincheist dlí, atá roinnte i dtrí chuid, agus lena n‑éilítear sa chéad chuid go ndearnadh sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus ar an bprionsabal in dubio pro reo, an dara cuid nach é LRAIC an costas tagartha iomchuí agus an tríú ceann nach bhfreagraíonn na LRAICanna arna ríomh ag an gCoimisiún leis na ‘fíor’ LRAICanna, áitíonn an t‑iarratasóir go bhfuil roinnt earráidí agus sáruithe ar phrionsabail ghinearálta an dlí ag baint le láimhseáil na gcostas sa chinneadh atá faoi chonspóid. |
Réamhbharúlacha
|
407 |
I bpointe 12.6 den chinneadh atá faoi chonspóid, mhínigh an Coimisiún, a mhéid a bhaineann leis na foirne sliseanna a bhí mar ábhar don fhiosrúchán, na cúiseanna a mheas sé gurbh é LRAIC an bealach is oiriúnaí chun an anailís ar phraghsanna/costais a dhéanamh. I gcomhthéacs an ríomha sin, chur sé san áireamh, ar thaobh amháin, na costais mhonaraithe a athraíonn de réir mhéid na bhfoirne sliseanna arna dtáirgeadh agus a sheasann mar sin do chuid ábhartha athraitheach LRAICanna (pointe 12.6.2 den chinneadh sin) agus, ar an taobh eile, costais T&F Qualcomm, arna dtaifeadadh sa bhunachar sonraí a bhaineann le costais T&F Qualcomm [rúnda], a chuimsíonn mar sin an chuid shocraithe is mó den chostas incriminteach táirgthe le haghaidh foireann sliseanna (pointe 12.6.3 den chinneadh sin). Luann sé freisin nach raibh cineálacha eile costas seasta, amhail costais mhargaíochta, san áireamh, ós rud é go raibh LRAICanna arna ríomh aige, dá bhrí sin, níos ísle ná ATCanna Qualcomm. |
|
408 |
Dar leis an gCoimisiún, i bhfianaise na gcritéar arna leagan síos ag cúirteanna an Aontais sa réimse seo, ba iad LRAICanna an tomhas do na costais ab iomchuí sa chás seo chun an t‑íosráta cuimsithe costas a bhí curtha in iúl ag Qualcomm maidir leis na táirgí atá i gceist a ríomh. Measann sé, ós rud é gur gnóthas iltáirg é Qualcomm lena mbaineann barainneachtaí scála, gur féidir go raibh na gníomhaíochtaí táirgthe céanna riachtanach do roinnt tairgí, agus é de thoradh air nár athraigh na costais ábhartha de réir líon na dtáirgí arna soláthar (‘costais choitinne’). Dá réir sin, dar leis an gCoimisiún, níor cuireadh na costais san áireamh i gcomhthéacs LRAICanna, ós rud é nach n‑áirítear leo ach na costais táirgthe shonracha do tháirgí a bhí mar ábhar don fhiosrúchán. Dá bhrí sin, bhí meánmhéid na gcostas athraitheach agus seasta a bhí le híoc ag Qualcomm chun táirge sonrach a tháirgeadh, eadhon LRAICanna níos ísle, le haghaidh gach táirge, ná na ATCanna. |
|
409 |
Measann an Coimisiún sa chinneadh atá faoi chonspóid nach gcuirtear an breithniú go raibh LRAICanna níos ísle, le haghaidh gach táirge, ná na ATCanna faoi cheist leis an bhfíoras go bhféadfadh tairbhí ó thaobh T&F teacht as gach foireann sliseanna i bhfabhar na bhfoirne sliseanna a bhí le teacht nó go bhféadfadh tairbhí den sórt sin dul dá sochar. Dar leis an gCoimisiún, d’fhéadfaí na tairbhí a bhí ag foireann sliseanna shonrach a chúiteamh go neasach le tairbhí arna nginiúint ag an bhfoireann sliseanna áirithe sin féin i bhfabhar na bhfoirne sliseanna a bhí le teacht. Luann an Coimisiún, dá bhrí sin, nár laghdaíodh na costais T&F le haghaidh foireann sliseanna, de réir na dtairbhí a d’fhéadfadh a bheith ginte ag an bhfoireann sliseanna sin i bhfabhar foireann sliseanna eile a bhí le teacht. Maidir le foirne sliseanna MDM8200 agus MDM8200A, áfach, rinne an Coimisiún leithdháileadh na gcostas forbartha a choigeartú i bhfianaise gur léir ón gcáschomhad go raibh i bhfad níos mó tairbhí ón bhfoireann sliseanna MDM8200 i bhfabhar na foirne sliseanna MDM8200A ná mar a bhí ag an bhfoireann sliseanna sin féin. |
|
410 |
Go praiticiúil, chun AVCanna a ríomh, d’úsáid an Coimisiún an ‘meánchostas in aghaidh an aonaid’ mar ba léir ó shonraí Qualcomm, arbh fhéidir a bhriseadh síos in dhá chritéar cuntasaíochta: léirigh an chéad chritéar meánchostas in aghaidh an aonaid ar na foirne sliseanna arna ndíol ar feadh ráithe faoi leith agus léirigh an dara ceann costais na bhfoirne sliseanna arna bhfáil ag Qualcomm (ó theilgcheártaí) le linn ráithe faoi leith. Ar dtús, sa ráiteas agóidí, lean an Coimisiún an chéad chritéar sin. Ina dhiaidh sin, sa ráiteas agóidí forlíontach, chun barúlacha áirithe ón gCoimisiún a chur san áireamh, lean an Coimisiún an dara critéar, agus coigeartuithe áirithe ag gabháil leis chun an fhadhb a bhain le láimhseáil cuntasaíochta fardail a réiteach go príomha. |
|
411 |
Os a choinne sin, chun costais T&F Qualcomm a ríomh a bhí le leithdháileadh ar gach foireann sliseanna, shainaithin an Coimisiún go raibh codanna áirithe den chostas sa [rúnda] ‘incriminteach’ i ndáil leo a d’úsáid Qualcomm chun costais áirithe sheasta a thaifeadadh agus a leithdháileadh i ndáil le foireann sliseanna amháin nó ceann eile. Go sonrach, rinneadh sainaithint na gcostas ‘incriminteach’ ar bhonn dhoiciméad inmheánach Qualcomm inar úsáideadh an téarma céanna sin, eadhon an cur i láthair inmheánach dar teideal [rúnda] maidir le [rúnda] ([rúnda]) agus ar bhonn mínithe a thug Qualcomm le linn an nós imeachta riaracháin a bhaineann le catagóirí costas a mheastar a bheith ‘incriminteach’ sa doiciméad sin. |
An chéad chuid, lena n‑éilítear go ndearnadh sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus ar an bprionsabal in dubio pro reo
|
412 |
Áitíonn an t‑iarratasóir gur sháraigh an Coimisiún prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, prionsabal thoimhde na neamhchiontachta agus an prionsabal in dubio pro reo trí dhá chur chuige éagsúla a úsáid, ceann amháin ‘ó bharr anuas’ nó ‘top-down’ agus ceann eile ‘ón mbun aníos’ nó ‘bottom-up’ chun cur síos a dhéanamh ar an infheistíocht iomlán a rinne Qualcomm ar T&F sa ráiteas agóidí, ar thaobh amháin agus sa ráiteas agóidí forlíontach agus sa chinneadh atá faoi chonspóid, ar an taobh eile. Go sonrach, maíonn sé gur admhaigh an Coimisiún sa ráiteas agóidí go raibh an [rúnda] mí-oiriúnach le haghaidh anailís ar phraghsanna/costais. Os a choinne sin, sa ráiteas agóidí forlíontach agus sa chinneadh atá faoi chonspóid, maítear gur úsáid an Coimisiún sonraí bunaithe ar an mbunachar sonraí sin agus ar an modheolaíocht a úsáidtear ann chun teacht ar chorrlaigh a bhí an‑difriúil idir foirne sliseanna agus ó ráithe amháin go ráithe eile, uathu siúd dá dtagraítear sa ráiteas agóidí. |
|
413 |
Áitíonn an t‑iarratasóir freisin gur baineadh an deis de leis an difríocht idir an modheolaíocht a úsáideadh sa ráiteas agóidí forlíontach agus sa chinneadh atá faoi chonspóid an mhodheolaíocht a bhí le húsáid faoi dheireadh ag an gCoimisiún a thuaradh chomh maith leis na torthaí nuair a rinne sé cinntí ábhartha maidir le praghsanna na bhfoirne sliseanna nó, a fortiori, cinntí infheistíochta T&F. Dar leis nach raibh an Coimisiún féin in ann na heilimintí bunúsacha den mhodheolaíocht a úsáideadh ar deireadh sa chinneadh sin a thuaradh, ná sna torthaí, i ndiaidh fiosrúchán a mhair níos mó ná 5 bliana. |
|
414 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
415 |
Mar réamhphointe, ní mór a thabhairt faoi deara, mar a rinneadh i míreanna 364 go 366 thuas, nach mór a mheas go bhfuil gearáin an iarratasóra atá bunaithe ar phrionsabal thoimhde na neamhchiontacha agus ar an bprionsabal in dubio pro reo do-ghlactha a mhéid nach bhfuil a ndóthain faisnéise ag gabháil leo chun a mheas an bhfuil bunús leo. |
|
416 |
Thairis sin, sa chéad áit, maidir le hargóintí an iarratasóra lena n‑éilítear, go bunúsach, go bhfuil difríocht idir na modheolaíochtaí anailíse a d’úsáid an Coimisiún, ar thaobh amháin, sa ráiteas agóidí agus, ar an taobh eile, sa ráiteas agóidí forlíontach agus sa chinneadh atá faoi chonspóid, ní mór a thabhairt faoi deara, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 146 thuas, go dtí go nglacfar cinneadh críochnaitheach go bhféadfaidh an Coimisiún i bhfianaise, go háirithe, na mbarúlacha i scríbhinn nó ó bhéal ó na páirtithe, gearáin áirithe nó na gearáin go léir a ardaíodh ina gcoinne ar dtús a thréigean agus a sheasamh ina dtaobh a athrú nó a chinneadh gearáin eile a chur leis, ar choinníoll go dtugann sé deis do na gnóthais lena mbaineann a ndearcadh a chur in iúl i ndáil leis sin. Is amhlaidh atá maidir leis an modheolaíocht a d’úsáid an Coimisiún ina anailís ar phraghsanna/costais. |
|
417 |
Ní mór a thabhairt faoi deara, de réir cásdlí socair, go gceanglaítear le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla go mbeidh rialacha dlí soiléir agus beacht agus beartaítear leis intuarthacht staideanna agus caidreamh dlíthiúla a thagann faoi dhlí an Aontais a áirithiú (féach breithiúnas an 15 Meán Fómhair 2005, Éire v an Coimisiún, C‑199/03, EU:C:2005:548, mír 69 agus an cásdlí dá dtagraítear; breithiúnas an 29 Márta 2012, an Spáinn v an Coimisiún, T‑398/07, EU:T:2012:173, mír 107), ach fós féin is léir ó chineál sealadach na modheolaíochta a roghnaíodh sa ráiteas agóidí chun an tomhas costais is iomchuí chun an anailís ar phraghsanna/costais a dhéanamh nach féidir cinneadh críochnaitheach an Choimisiúin a chur ar neamhní ar an mbonn amháin nach raibh na torthaí ó chur i bhfeidhm modheolaíochta eile sa ráiteas agóidí forlíontach agus sa chinneadh atá faoi chonspóid ag teacht go díreach leis na torthaí ón modheolaíocht a cinneadh ar dtús sa ráiteas agóidí (féach, de réir analaí, breithiúnas an 5 Nollaig 2013, SNIA v an Coimisiún, C‑448/11 P, nár foilsíodh, EU:C:2013:801, mír 43). |
|
418 |
Thairis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, sa chás seo, nach gcuireann an t‑iarratasóir ina choinne go raibh an deis aige a dhearcadh a mhíniú le linn an nós imeachta riaracháin agus, go sonrach, i ndiaidh sheoladh an ráitis agóidí fhorlíontaigh, maidir leis an modheolaíocht a bhí le roghnú sa chinneadh atá faoi chonspóid. |
|
419 |
Thairis sin, ní luann an t‑iarratasóir ach gur ‘ón mbun aníos’ agus ‘ó bharr anuas’ iad na modheolaíochtaí a d’úsáid an Coimisiún agus difríocht idir na corrlaigh riachtanacha idir na foirne sliseanna ó ráithe amháin go ráithe eile, gan a mhíniú, seachas trí thagairt de na doiciméid a thíolaic sé le linn an nós imeachta agus i gceangal leis an iarratas, cad go díreach iad na difríochtaí idir an cur chuige ‘ó bharr anuas’ agus an cur chuige ‘ón mbun aníos’ agus a n‑impleachtaí praiticiúla. I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, dála an Choimisiúin, go bhfuil an mhodheolaíocht a glacadh sa chinneadh atá faoi chonspóid (agus sa ráiteas agóidí forlíontach) bunaithe ar an costais iarbhír T&F a chuir Qualcomm san áireamh sa chuntasaíocht le haghaidh gach foirne sliseanna. Ar an gcúis sin, mheas an Coimisiún gur léirigh an mhodheolaíocht sin na costais T&F arna dtabhú iarbhír le haghaidh forbairt gach foirne sliseanna ar bhealach níos dílse ná an mhodheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm sa ráiteas agóidí. |
|
420 |
Dá réir sin, fiú más rud é go dtagann torthaí difriúla as na modheolaíochtaí anailíse a d’úsáid an Coimisiún sa ráiteas agóidí, ar thaobh amháin agus sa ráiteas agóidí forlíontach agus sa chinneadh atá faoi chonspóid ar an taobh eile, mar a áitíonn an t‑iarratasóir, ní féidir a mheas ar bhonn an mhéid sin sa chás seo go ndearna an Coimisiún earráid tríd an gcinneadh atá faoi chonspóid a ghlacadh ar bhonn modheolaíocht bunaithe ar fhíorchostais T&F a chuir Qualcomm féin san áireamh ina chuntasaíocht le haghaidh gach foirne sliseanna. Sna himthosca sin, ní féidir glacadh leis an argóint sin. |
|
421 |
Sa dara háit, maidir le hargóint an iarratasóra nach féidir leis an modheolaíocht a d’úsáid an Coimisiún, tráth a ghlac sé na cinntí a bhaineann le praghas na bhfoirne sliseanna agus leis na hinfheistíochtaí in T&F, a bheadh le húsáid ag an gCoimisiún a bheith ar eolas aige chun an tomhas ábhartha costas a chinneadh, mar thaca leis an sárú líomhainte ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla amháin, ní mór a thabhairt faoi deara, sa ráiteas agóidí forlíontach, gur luaigh an Coimisiún go ndearnadh an t‑athrú ar ríomh LRAICanna chun na hagóidí a rinne an t‑iarratasóir sa fhreagra ar an ráiteas agóidí i ndáil le ríomh LRAICanna arna ndéanamh sa ráiteas agóidí a chur san áireamh. |
|
422 |
I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, cé gur fíor, má chuirtear san áireamh costais an ghnóthais cheannasaigh gur féidir leis, i bhfianaise na freagrachta sonraí atá air de bhun Airteagal 102 CFAE dlíthiúlacht a iompair féin a mheasúnú agus go bhfuil sé sin i gcomhréir le prionsabal ginearálta na deimhneachta dlíthiúla mar sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 14 Deireadh Fómhair 2010, Deutsche Telekom v an Coimisiún, C‑280/08 P, EU:C:2010:603, mír 202, agus an 17 Feabhra 2011, Teliasonera Sverige, C‑52/09, EU:C:2011:83, mír 44), ní fhágann sin nach féidir leis an gCoimisiún coigeartuithe áirithe a dhéanamh, bunaithe ar na ráitis maidir le praghsanna agus costais an ghnóthais cheannasaigh agus ar aon fhaisnéis eile ábhartha arna soláthar aige (féach, chuige sin, breithiúnais an 30 Eanáir 2007, France Télécom v an Coimisiún, T‑340/03, EU:T:2007:22, míreanna 131 go 137; an 10 Aibreán 2008, Deutsche Telekom v an Coimisiún, T‑271/03, EU:T:2008:101, míreanna 208 go 211, agus an 13 Nollaig 2018, Slovak Telekom v an Coimisiún, T‑851/14, EU:T:2018:929, míreanna 220 go 235). |
|
423 |
Dá réir sin, ní cheanglaítear le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla go mbeidh an réamhaisnéis mhionsonraithe ag an ngnóthas ceannasach maidir leis an modheolaíocht bheacht a úsáidfidh an Coimisiún chun a chostais a ríomh. Go deimhin, ní mór don mhodheolaíocht arna glacadh ag an gCoimisiún imthosca sonracha an cháis a chur san áireamh agus, go háirithe, an fhaisnéis atá ar fáil arna soláthar ag an ngnóthas ceannasach. |
|
424 |
I bhfianaise an mhéid sin thuas, ní mór diúltú don chéad chuid den seachtú saincheist dlí. |
An dara cuid, lena n‑éilítear nach é critéar LRAICanna an costas tagartha iomchuí
|
425 |
Dar leis an iarratasóir, ba cheart don Choimisiún a mheas gurbh iad AVCanna nó na meánchostais inseachanta (‘AAC’) seachas LRAICanna an costas tagartha ab iomchuí chun críocha na hanailíse ar phraghsanna/costais. |
|
426 |
Sa chéad áit, bhí na cinntí maidir le praghsanna bunaithe ar na dálaí iomaíochta a glacadh tráth a bhí costais T&F Qualcomm ‘do-aisghabhála’ sa chiall nárbh fhéidir iad a sheachaint. Dar leis an iarratasóir go gcuirfí ar chumas le praghsanna faoi bhun LRAICanna brabúis a uasmhéadú sa ghearrthéarma agus níor gá brabús a ghéilleadh. |
|
427 |
Sa dara háit, ceapadh LRAICanna le haghaidh domhan socair, ós rud é go raibh siad dírithe ar tháirge faoi leith agus nach gcuirtear san áireamh leo táirgí nasctha a bhí ann roimhe seo nó a bheidh ann amach anseo. In earnáil dhinimiciúil amhail earnáil na leathsheoltóirí, a bhfuil tairbhí idirthréimhseacha ag baint leo, ní bheadh sé iomchuí iad a úsáid. |
|
428 |
Sa tríú háit, bheadh sé de thoradh ar chineál an‑teoranta na líomhaintí mí-úsáide sa chás seo (a bhaineann le trí fhoireann sliseanna a dhíol le dhá chustaiméir ar feadh cúpla raithe) gurbh iad na ‘fíor’ LRAICanna i ndáiríre ná AACanna nó AVCanna, nó costais an‑ghar dóibh. |
|
429 |
I ndáil leis sin, rinne an Coimisiún earráid nuair a mheas sé go raibh costais chorrlaigh nó athraitheacha ísle ag baint leis na táirgí a thagann faoin margadh ábhartha, cé gur dhearbhaigh sé féin roinnt uaireanta go raibh AVCanna ina gcritéar tábhachtach don iomaíocht. |
|
430 |
Sa cheathrú hait, áitíonn an t‑iarratasóir nach raibh an rogha a rinne an Coimisiún a anailís a bhunú ar LRAICanna seachas ar ATCanna, contrártha don mhéid a mhaíonn an Coimisiún, níos fabhraí don iarratasóir. Dar leis an iarratasóir, ní dócha go mbeadh ATCanna, arna ríomh i gceart, níos airde ná LRAICanna, ós rud é go n‑áirítear iontu sin costais choitinne, gan ioncam óna ghnó ceadúnas paitinní a rinneadh próiseáil orthu post hoc a chur san áireamh, agus é de thoradh air sin go méadaítear go suntasach na LRAICanna le haghaidh fhoireann sliseanna MDM8200A. |
|
431 |
Cuireann an Coimisiún agus an t‑idiragraí i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
432 |
Ar dtús, ní mór a thabhairt faoi deara, nuair a chuirtear caingean le haghaidh neamhniú faoina bráid, i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE, maidir le cinneadh lena gcuirtear Airteagal 102 CFAE i bhfeidhm, nach mór don Chúirt Ghinearálta athbhreithniú iomlán a dhéanamh, ar bhonn na fianaise arna cur ar fáil ag an iarratasóir mar thaca leis na saincheisteanna dlí, ar an gceist an bhfuil na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na forála sin comhlíonta nó nach bhfuil agus, le linn an athbhreithnithe sin, nach féidir leis an gCúirt Ghinearálta brath ar an gcorrlach breithmheasa atá ag an gCoimisiún mar gheall ar an ról a thugtar dó, i réimse an bheartais iomaíochta, le Conarthaí AE agus FAE, chun diúltú d’athbhreithniú domhain a dhéanamh ó thaobh an dlí agus na bhfíoras de (féach, de réir analaí, breithiúnas an 11 Meán Fómhair 2014, MasterCard agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑382/12 P, EU:C:2014:2201, míreanna 155 agus 156). |
|
433 |
Ina theannta sin, ní mór a thabhairt faoi deara go n‑eascraíonn an úsáid a bhain an Coimisiún as modheolaíocht bunaithe ar phraghsanna os cionn AVCanna agus faoi bhun ATCanna go díreach ón gcásdlí. Dar leis an gCúirt Bhreithiúnais, ní mór a mheas go bhfuil praghsanna faoi bhun AVCanna lena bhfuil an gnóthas ceannasach ag iarraidh iomaitheoir a eisiamh mí-úsáideach. Go deimhin, níl aon leas ag gnóthas ceannasach i bpraghsanna den sórt sin a chleachtadh, ach a chuid iomaitheoirí a eisiamh ionas go bhféadfaidh sé ansin, na praghsanna a mhéadú arís agus teacht i dtír ar a staid mhonaplachta, ós rud é go bhfuil caillteanas ag gabháil le gach díolachán, eadhon iomlán na gcostas seasta (eadhon na costais a fhanann socair beag beann ar na cainníochtaí arna dtáirgeadh) agus cuid amháin, ar a laghad, de na costais athraitheacha a bhaineann leis an aonad arna tháirgeadh. Thairis sin, ní mór praghsanna faoi bhun ATCanna, lena n‑áirítear costais sheasta agus costais athraitheacha, ach atá os cionn AVCanna a mheas a bheith mí-úsáideach i gcás ina socraítear iad i gcomhthéacs plean a bhfuil sé de chuspóir aige iomaitheoir a eisiamh. Go deimhin, féadfaidh na praghsanna sin a eisiamh ón margadh gnóthais a d’fhéadfadh a bheith chomh héifeachtach céanna leis an ngnóthas ceannasach ach, mar gheall ar a acmhainn airgeadais níos lú, nach féidir leo cur i gcoinne na hiomaíochta ina gcoinne (breithiúnas an 3 Iúil 1991, AZKO v an Coimisiún, C‑62/86, EU:C:1991:286, míreanna 71 agus 72). |
|
434 |
Deimhnítear an cásdlí sin i roinnt breithiúnas ina dhiaidh sin ina gcinntear go comhsheasmhach nach mór a mheas go bhfuil praghsanna faoi bhun AVCanna, i bprionsabal, mí-úsáideach, ós rud é go nglactar leis nach bhfuil gnóthas ceannasach ag saothrú aon chuspóir eacnamaíoch seachas a chuid iomaitheoirí a eisiamh, nuair a chuireann sé praghsanna den sórt sin i bhfeidhm. Os a choinne sin, níor cheart a mheas go bhfuil na praghsanna atá faoi bhun na ATCanna ach os cionn AVCanna mí-úsáideach ach nuair a socraíodh iad i bplean a bhfuil de chuspóir aige iomaitheoir a eisiamh (breithiúnais an 14 Samhain 1996, Tetra Pak v an Coimisiún, C‑333/94 P, EU:C:1996:436, mír 41, agus an 2 Aibreán 2009, France Télécom v an Coimisiún, C‑202/07 P, EU:C:2009:214, mír 109). |
|
435 |
I bhfianaise chásdlí bhreithiúnas an 3 Iúil 1991, AKZO v an Coimisiún (C‑62/86, EU:C:1991:286, míreanna 71 agus 72), bhí oibleagáid ar an gCoimisiún, chun a chinneadh gurbh ann do mhí-úsáid ceannasachta, sa chás seo, ar an gcéad dul síos, a chinneadh go raibh praghsanna an iarratasóra faoi bhun na ATCanna agus, ar an dara dul síos, a rún chun iomaitheoir a eisiamh a chruthú. Measann an Coimisiún sa chinneadh atá faoi chonspóid, mar a dhearbhaítear i míreanna 408 agus 409 thuas, go raibh LRAICanna Qualcomm faoi bhun na ATCanna, le haghaidh gach táirge. |
|
436 |
I ndáil leis sin, contrártha don mhéid a mhaíonn an t‑iarratasóir i ndáil leis an gceathrú gearán, ní mór a mheas, ós rud é gur áiríodh le ATCanna, inter alia, gach costas coiteann, agus nár áiríodh in LRAICanna ach na costais a bhaineann leis na táirgí sonracha a bhí i gceist, cuirtear as an áireamh, go bunúsach, go bhfuil ATCanna faoi bhun LRAICanna. Go deimhin, fiú dá measfadh an Coimisiún go hearráideach go raibh costais choitinne áirithe sonrach do na táirgí atá i gceist, ní fhéadfadh an t‑iarratasóir argóint bhailí a dhéanamh go bhféadfadh LRAICanna a bheith níos airde ná na ATCanna. |
|
437 |
Thairis sin, ní mór a thabhairt faoi deara gur ríomh an Coimisiún na ATCanna i bpointe 12.7.5.2 den chinneadh atá faoi chonspóid agus gur tháinig sé ar an gconclúid go raibh siad os cionn na LRAICanna. Níor chuir Qualcomm i gcoinne an phointe sin agus ní mhol sé modh eile ríofa. Dá bhrí sin, ní féidir an Coimisiún a cháineadh as LRAICanna a úsáid in áit ATCanna ina anailís ar phraghsanna/costais, ós rud é go bhfuil na LRAICanna sin níos fabhraí don iarratasóir ná mar atá na ATCanna. Thairis sin, mar a chuireann an t‑idiragraí in iúl, níor ghá don Choimisiún a chinneadh an raibh praghsanna an iarratasóra faoi bhun na AVCanna nó na LRAICanna freisin, ós rud é gur roghnaigh sé rún Qualcomm chun iomaitheoir a eisiamh a fhíorú ar aon nós. Dá bhrí sin, ní féidir glacadh leis an gceathrú gearán ón iarratasóir. |
|
438 |
Maidir leis na trí ghearán eile a rinne an t‑iarratasóir lena gcuirtear i gcoinne oiriúnacht LRAICanna mar chostais tagartha, ní mór a thabhairt faoi deara, mar a rinne an Coimisiún, nach bhfuil ríomh na bpraghsanna bunaithe ar chostais athraitheacha amháin oiriúnach chun praghsáil chreiche a aithint in earnáil, mar is léir ó aithrisí 109 go 119 agus 280 go 284 den chinneadh atá faoi chonspóid, ina ngineann gníomhaíocht T&F agus tábhacht na gceart maoine intleachtúla costais arda ó thaobh T&F, nach gcuirfear san áireamh i ríomh atá bunaithe ar na costais athraitheacha amháin. |
|
439 |
Go sonrach, ní chuirtear ina choinne, mar a luaigh an Coimisiún in aithris 787 den chinneadh atá faoi chonspóid, go bhfuil costais athraitheacha ísle i dtionscadal na leathsheoltóirí (mar shampla, na costais a bhaineann le monarú foirne sliseanna) agus costais sheasta arda (mar shampla, na costais a bhaineann le hinfheistíocht T&F a bhfuil gá leo chun foirne sliseanna a dhearadh agus a fhorbairt) atá do-aisghabhála den chuid is mó tráth a chuirtear na táirgí ar an margadh. Dá bhrí sin, mura gcuirtear costais do-aisghabhála atá sonrach don táirge san áireamh, amhail infheistíocht T&F, ní léirítear na dálaí ar an margadh i dtaobh costais iontrála agus iomaíochta ar an margadh, rud a fhágann go bhfuil sé an‑deacair, mura bhfuil sé dodhéanta, cás creiche atá dírithe ar iomaitheoir a eisiamh a aithint. |
|
440 |
Is ionann LRAICanna lena gcuimsítear na costais sheasta agus athraitheacha atá sonrach do gach táirge a thabhaítear roimh an tréimhse inar tharla an t‑iompar mí-úsáideach agus le linn na tréimhse sin, agus, dá thoradh sin, an costas tagartha is iomchuí sa chás seo chun an t‑íosráta aisghabhála costas atá riachtanach le haghaidh na dtáirgí atá ina n‑ábhar don fhiosrúchán a ríomh (aithris 780 den chinneadh atá faoi chonspóid). |
|
441 |
Ina theannta sin, ní féidir glacadh le hargóint an iarratasóra gur féidir díolachán ar phraghas os cionn AVCanna, ach atá faoi bhun LRAICanna, a bheith ina uasmhéadú brabúis sa ghearrthéarma. Ní mór a thabhairt faoi deara, mar a rinne an Coimisiún, go n‑aithnítear sa chásdlí is infheidhme nach mbeadh praghsáil os cionn AVCanna, ach faoi bhun ATCanna (atá os cionn LRAICanna, sa chás seo) mí-úsáideach ach dá ndéanfaí sin chun iomaitheoir a eisiamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Iúil 1991, AKZO v an Coimisiún, C‑62/86, EU:C:1991:286, míreanna 71 agus 72). Mar a mheabhraítear in aithris 785 den chinneadh atá faoi chonspóid, is é sin go díreach a léirigh an Coimisiún. Ar an gcéad dul síos, chuir an t‑iarratasóir praghsanna faoi bhun LRAICanna i bhfeidhm agus, ar an dara dul síos, rinne sé é sin i gcomhthéacs plean a bhí beartaithe chun Icera a eisiamh. Dá bhrí sin, níl san argóint go bhféadfadh praghsanna os cionn AVCanna fónamh do chríocha dlisteanacha, ach deimhniú an idirdhealaithe a dhéantar sa chásdlí is infheidhme agus ní léiríonn an argóint sin go bhfuil LRAICanna ina dtagairt mhí-oiriúnach sa chás seo. |
|
442 |
Maidir le ráiteas an iarratasóra go bhfuil LRAICanna ina dtagairt mhí-oiriúnach sa chás seo mar gheall ar raon teoranta an tsáraithe, ní mór a thabhairt faoi deara, i dtaca le cleachtas creiche a mhair 2 bhliain in earnáil ina bhfuil, mar a dheimhnigh an t‑iarratasóir féin (féach, go háirithe míreanna 333 go 337 den fhreagra ón iarratasóir sa ráiteas agóidí forlíontach, Iarscríbhinní A.2.2 agus A.2.4 den iarratas agus míreanna 715 go 723 den fhreagra ón iarratasóir ar an ráiteas agóidí), timthriallta nuálaíochta gearra dá bhfuil infheistíocht shuntasach T&F riachtanach, dá ndéanfaí neamhaird ar gach costas a bhaineann le forbairt na dtáirgí atá ina n‑ábhar don chreachadh líomhainte, go ndéanfaí neamhaird de chuid shuntasach de na costais lena gcinntear cinntí praghsanna an ghnóthais cheannasaigh agus a iomaitheoirí. Dá mbeadh sé fíor, mar a mhaígh an t‑iarratasóir, in earnálacha ina bhfuil ‘leibhéal ard T&F’, gur féidir leis na gnóthais praghsanna optamacha a shocrú ar leibhéil nach gceadaíonn aisghabháil na gcostas T&F go léir a d’fhéadfadh a bheith bainteach le táirge faoi leith, chuirfí brabúsacht a ngníomhaíochtaí go mór i mbaol. Seachas sin, tá ról tábhachtach ag na costais sa straitéis chun praghsanna a shocrú, go háirithe i margaí ina bhfuil táirgí ag teacht i ndiaidh a chéile go tapa, agus ina dtagann táirgí níos nuálaí in ionad táirgí réasúnta sean laistigh d’achar ama sách gairid. Más amhlaidh gur féidir go rachaidh gníomhaíocht T&F chun tairbhe do thorthaí a bhí ann roimhe sin nó go n‑éascófar forbairtí nó fionnachtana todhchaí, ní chiallaíonn sé sin nach féidir na hinfheistíochtaí sin a chur san áireamh, is í an iarmhairt atá air nach mór na costais idir na táirgí éagsúla a leithdháileadh go cúramach. |
|
443 |
I bhfianaise na mbreithnithe sin, ní mór diúltú d’agóidí an iarratasóra lena gcuirtear i gcoinne LRAICanna a bheith oiriúnach mar chostas tagartha. Cé go bhfuil corrlach breithmheasa ag an gCoimisiún i réimse an bheartais iomaíochta, atá faoi réir athbhreithniú domhain ó thaobh an dlí agus na bhfíoras de ag an gCúirt Ghinearálta (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Meán Fómhair 2014, MasterCard agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑382/12 P, EU:C:2014:2201, mír 156), fós féin ní féidir a mheas, ar bhonn na fianaise a thug an t‑iarratasóir ar aird, go ndearna an Coimisiún earráid nuair a roghnaigh sé gan AVCanna ná AACanna a úsáid mar chostas tagartha. |
|
444 |
I bhfianaise an mhéid sin thuas, ní mór diúltú don dara cuid den seachtú saincheist dlí. |
An tríú cuid, lena n‑éilítear nárbh iad na ‘fíor’ LRAICanna iad na LRAICanna arna ríomh ag an gCoimisiún
|
445 |
Mar thaca leis an tríú cuid, déanann an Coimisiún ocht ngearán. |
|
446 |
Sa chéad áit, cáineann an t‑iarratasóir an Coimisiún as earráid a dhéanamh i sainiú LRAICanna, a mhéid nár cuireadh san áireamh leis sin, i gcás go dtéann foireann sliseanna amháin chun tairbhe d’fhoireann sliseanna eile, nárbh fhéidir na costais a d’fhéadfadh teacht faoi sin, de réir a nádúir neamhshonraigh, a cheangal le foireann sliseanna faoi leith agus nach bhféadfadh siad teacht faoin ríomh ar LRAICanna ar chor ar bith. |
|
447 |
Sa dara háit, cáineann an t‑iarratasóir neamhréireacht idir na húdair arna gcur chun cinn ag an gCoimisiún maidir leis na ríomhanna sa ráiteas agóidí forlíontach agus na húdair leis na ríomhanna sa chinneadh atá faoi chonspóid. Dar leis an iarratasóir, sa ráiteas agóidí forlíontach, ardaíonn an Coimisiún an gá le ‘saobhadh mar gheall ar an gcóras cuntasaíochta’, a aithníodh sa fhreagra ar an ráiteas agóidí, a réiteach, ach sa chinneadh atá faoi chonspóid, is amhlaidh go luann sé an gá le déileáil leis an gcáineadh a ardaíodh. Go sonrach, cáineann an t‑iarratasóir an fíoras go bhfuil athchruthú ríomh AVCanna ag an gCoimisiún sa chinneadh sin róchasta agus nár ghlac an Coimisiún an critéir ‘meánchostais in aghaidh an aonaid’ (MCA) ina ríomhanna, contrártha don modheolaíocht a chosain sé ina fhreagraí ar an ráiteas agóidí agus ar an ráiteas agóidí forlíontach. |
|
448 |
Sa tríú háit, áitíonn an t‑iarratasóir nach bhfuil [rúnda] oiriúnach chun costais incriminteacha T&F a aithint, a mhéid atá an [rúnda] inúsáide chun críocha bainistíochta inmheánaí agus cuntasaíochta agus nár dearadh é agus nár cuireadh in oiriúint é chun críocha anailís an Choimisiúin. |
|
449 |
Sa cheathrú háit, cáineann an t‑iarratasóir an Coimisiún as costais áirithe a taifeadadh sa [rúnda], eadhon na costais a thagann faoi na catagóirí [rúnda] agus [rúnda], mar chostais ‘incriminteacha’ cé nár chostais ‘incriminteacha’ a bhí iontu, ós rud é go raibh siad ceangailte le foireann sliseanna faoi leith mar gheall ar leithdháileadh [rúnda], seachas ar an bhforas go raibh baint acu leis an bhfoireann sliseanna sin go sonrach. |
|
450 |
I ndáil leis sin, áitíonn an t‑iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go bhfuil idirdhealú le déanamh idir na costais arna gcur síos go díreach don fhoireann sliseanna sin agus na costais arna gcur síos ex post lena sannadh, is é sin, ní ar an bhforas gur measadh go bhfuil siad ceangailte go sonrach leis an bhfoireann sliseanna sin ach mar gheall ar shásra leithdháilte inmheánach amháin. Dar leis an iarratasóir, maidir le fostaithe QCT, [rúnda]. |
|
451 |
Dá réir sin, níor cuireadh na costais a bhain le crua-earraí síos d’fhoireann sliseanna go díreach, eadhon [rúnda] sa chatagóir [rúnda], [rúnda]. |
|
452 |
Mar an gcéanna, d’eascair na costais a bhain leis na bogearraí, ó Mheán Fómhair 2009, ó [rúnda]. |
|
453 |
I bhfianaise chineál sonrach T&F in earnáil na leathsheoltóirí, fiú na costais arna dtaifeadadh in [rúnda] mar gheall ar fhoireann sliseanna, d’fhéadfadh siad gan bheith sonrach go díreach don fhoireann sliseanna sin. In aon chás, dá measfadh an Coimisiún gurbh iad costais T&F amháin arna sannadh d’fhoireann sliseanna ‘incriminteach’ nó ‘sonrach do tháirge’, na haon chostais T&F arna sannadh d’fhoireann sliseanna, ní fhéadfadh sé a chinneadh go raibh creachadh i gceist. |
|
454 |
I gcleachtas, dar leis nár thug an Coimisiún aon údar iontaofa maidir leis na costais a thagann faoi na catagóirí [rúnda] agus [rúnda] a bheith ‘incriminteach’ agus nach raibh sé ag brath, ach ar an bhfocal ‘incremental’ i mBéarla a bheith in úsáid in aon doiciméad amháin de chuid Qualcomm a bhí aige, eadhon an [rúnda], ar thaobh amháin, agus ar na mínithe a thug sé le linn an nós imeachta riaracháin, ar an taobh eile, agus léiríonn sé sin nach ndearna sé aon mheasúnú neamhspleách. |
|
455 |
Ar an dara dul síos, maidir leis an [rúnda] a d’úsáid an Coimisiún chun an chatagóir costas incriminteach a aithint i measc na gcatagóirí costas a bhí ar an iarratasóir, áitíonn an t‑iarratasóir gur bhain an doiciméad sin le foireann sliseanna shonrach, an [rúnda] nach raibh i gceist san fhiosrúcháin, nár forbraíodh ag an am céanna leis na foirne sliseanna a bhí i gceist san fhiosrúchán sin agus nach raibh ina móideim ‘slim’, murab ionann agus iadsan. Os a choinne sin, ní dhéantar tagairt do chostais incriminteacha i roinnt doiciméad atá ag an gCoimisiún, lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann leis na foirne sliseanna a bhí i gceist san fhiosrúchán. |
|
456 |
Thairis sin, rinneadh an [rúnda], dar dháta Aibreán 2011, i ndiadh na bpríomhchinntí infheistíochta T&F a glacadh maidir leis na foirne sliseanna a bhí i gceist. |
|
457 |
Ina theannta sin, in aithris 847 den chinneadh atá faoi chonspóid, rinne an Coimisiún sárú agus míléiriú ar [rúnda], áit a raibh tagairt do chostais T&F a dúradh go raibh siad ‘incriminteach’. Dar leis an iarratasóir, ba cheart don Choimisiún an tagairt sa doiciméad céanna don choincheap ‘corrlach punainne incriminteach’ a chur san áireamh freisin, rud a thabharfadh tuiscint níos fearr ar an bhfocal Béarla ‘incremental’. Mar an gcéanna, maíonn an t‑iarratasóir nár dhearbhaigh sé riamh, mar a luann an Coimisiún in aithris 848 den chinneadh atá faoi chonspóid, go raibh an nath [rúnda] i bhfeidhm ar bhonn níos ginearálta laistigh de Qualcomm ná mar atá sa doiciméad sin. |
|
458 |
Ar an tríú dul síos, áitíonn an t‑iarratasóir gur mhínigh sé roinnt uaireanta go raibh níos mó ná [rúnda] de na USD [rúnda] a taifeadadh in earráid i gcostais [rúnda] agus [rúnda] agus a mheas an Coimisiún a bheith ‘incriminteach’ le haghaidh fhoirne sliseanna MDM8200 agus MDM8200A bainteach i ndáiríre le forbairt [rúnda], nach raibh sonrach d’aon fhoireann sliseanna. I ndáil leis sin, tugann [rúnda] le tuiscint [rúnda], a léiríonn nach raibh na USD [rúnda] sin sonrach d’fhoireann sliseanna faoi leith. |
|
459 |
Thairis sin, dar leis an iarratasóir, níl na húdair a tugadh sa chinneadh atá faoi chonspóid chun diúltú do na hargóintí ar an bpointe sin inchreidte. |
|
460 |
Sa chúigiú háit, cáineann an t‑iarratasóir an Coimisiún as earráid a dhéanamh nuair nár chuir sé san áireamh an t‑ioncam a ghin Qualcomm i gcomhthéacs an ghnó ceadúnaithe paitinní. Go bunúsach, measann sé gur cheart don Choimisiún costais T&F a bhaineann leis na foirne sliseanna atá i gceist a eisiamh a mhéid a bhain na costais sin le paitinní a chuir Qualcomm san áireamh ina phunann paitinní ceadúnaithe agus nárbh fhéidir a mheas go raibh siad sonrach do na foirne sliseanna atá i gceist dá réir sin. Dar leis an iarratasóir, rinne an Coimisiún earráid nuair a mheas sé, ar thaobh amháin, [rúnda] agus, ar an taobh eile, nach bhféadfadh an t‑ioncam incriminteach arna ghiniúint ag na ceadúnais sin aon tionchar intomhaiste a bheith aige ar an ioncam arna ghiniúint ag an ngnó sin. |
|
461 |
Luann an t‑iarratasóir gur dhearbhaigh an Coimisiún féin, áfach, i bhfonóta 1238 den chinneadh atá faoi chonspóid, go [rúnda]. Luann sé freisin nach í an cheist i dtaobh an bhféadfadh sé go mbeadh an gnó ceadúnaithe paitinní tionchar intomhaiste a bheith aige a bheag nó a mhór ar an ioncam arna ghiniúint ag an ngnó ceadúnaithe teicneolaíochtaí an cheist ba cheart a chur. Dar leis, is é an rud atá le déanamh ná a fhíorú an bhfuil an T&F atá i gceist ‘incriminteach’ i ndáiríre i bhfianaise na dtrí fhoireann sliseanna atá i gceist agus an ndearnadh paitinní a chomhdú mar gheall air sin, agus is é an iarmhairt air sin nach bhfuil an T&F sin sonrach do na foirne sliseanna sin. |
|
462 |
Dar leis an iarratasóir, ní fhéadfaí na foirne sliseanna atá i gceist a cheangal go díreach leis na paitinní le haghaidh bogearraí, ós rud é nach bhfuil na costais a bhaineann leo siúd nasctha go díreach le foireann sliseanna shonrach. |
|
463 |
Sa séú háit, áitíonn an t‑iarratasóir go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid bunaithe ar shliocht ón [rúnda] nach gceanglaíonn aon cheann de na costais atá ann le custaiméirí sonracha. Measann an Coimisiún, áfach, go raibh costais T & F a bhaineann leis na foirne sliseanna lena mbaineann ina gcostais ‘incriminteacha’ le haghaidh Huawei agus ZTE. Dar leis an iarratasóir, ba cheart d’anailís ar phraghsanna/costais a bhaineann le Huawei agus ZTE amháin gach costas T&F a eisiamh, rud atá i bhfabhar AVCanna nó AACanna a úsáid níos déanaí. |
|
464 |
Go sonrach, ar an gcéad dul síos, dar leis an iarratasóir, ní léiríonn an fíoras nár tugadh bunús leis na díolacháin do chustaiméir seachas ZTE agus Huawei le forbairt na bhfoirne sliseanna atá i gceist gur leor na díolacháin le Huawei agus ZTE chun bonn cirt a thabhairt d’fhorbairt na bhfoirne sliseanna sin. Ar an dara dul síos, dar leis gur admhaigh an Coimisiún féin, in aithrisí 131, 132 agus 354 den chinneadh atá faoi chonspóid, gur forbraíodh foireann sliseanna MDM8200 i gcomhar le hoibreoirí seachas ZTE agus Huawei. Ar an tríú dul síos, ní thacaíonn na sonraí maidir le díolacháin fhoireann sliseanna MDM8200A le ZTE agus Huawei, mar a leagtar amach in aithris 980 agus i dTábla 58 den chinneadh sin, leis an áiteamh gur cheart T&F a bhaineann leis an bhfoireann sliseanna sin a mheas a bheith sonrach don dá chustaiméir sin. Ar an gceathrú dul síos, ní thacaíonn na doiciméid a ndearna an Coimisiún tagairt dóibh i bhfonóta 1277 den chinneadh sin le hargóint an Choimisiúin ar aon nós. Ar an gcúigiú dul síos, maidir le Qualcomm, [rúnda]. |
|
465 |
Sa seachtú háit, cáineann an t‑iarratasóir an láimhseáil post hoc a rinne an Coimisiún trí na costais a taifeadadh sa [rúnda] a athshannadh d’fhoirne sliseanna éagsúla, go háirithe trí chostais fhoireann sliseanna MDM8200 a aistriú chuig foireann sliseanna MDM8200A, a thabharfadh LRAICanna le haghaidh fhoireann sliseanna MDM8200A ó USD [rúnda] go [rúnda]; in éagmais próiseáil den sórt sin, ní bheadh na praghsanna faoi bhun na gcostas i ndáil leis an bhfoireann sliseanna sin. Go bunúsach, ar an gcéad dul síos, áitíonn an t‑iarratasóir nach gcuirtear ina choinne go ndearnadh cinneadh Qualcomm chun an fhoireann sliseanna sin a fhorbairt i ndiadh, agus go neamhspleách ar a chinneadh chun foireann sliseanna MDM8200 a fhorbairt agus nach raibh tionscadal coiteann i gceist leis an dá fhoireann sliseanna sin, mar is léir ón tábla a leagtar amach in aithris 880(a) den chinneadh atá faoi chonspóid. |
|
466 |
Ar an dara dul síos, dearbhaíonn an t‑iarratasóir gur fhorbair sé roinnt foirne sliseanna i ndiaidh fhoireann sliseanna MDM8200 agus fhoireann sliseanna MDM8200A, atá comhoiriúnach le teicneolaíocht HSPA+ agus le teicneolaíochtaí níos forbartha ná sin. De bhreis air sin, níl aon rud a fhágann go bhfuil an gaol idir foireann sliseanna MDM8200 agus foireann sliseanna MDM8200A ‘uathúil’: ní rud uathúil ná neamhghnách fiú é go mbeadh garghaol teicniúil idir dhá fhoireann sliseanna. |
|
467 |
Ar an tríú dul síos, cé gur fíor, go dtí pointe áirithe, idir 2013 agus 2015, [rúnda], níor tharla sé sin ach mar gheall ar earráid scríbhneoireachta amháin nach mbeadh an oiread sin fadhbanna ag baint leis, an tráth sin. Thairis sin, tá an cinneadh atá faoi chonspóid neamhréireach a mhéid a bhaineann le láimhseáil fhoirne sliseanna MDM8200 agus MDM8200A, ar thaobh amháin, agus foireann sliseanna MDM6200, ar an taobh eile, a mhaítear a bheith ina foireann sliseanna ‘ar thús cadhnaíochta’ atá ceangailte go dlúth le foirne sliseanna eile de chuid Qualcomm, go háirithe foireann sliseanna QSC6295, a forbraíodh roimhe sin. |
|
468 |
Ar an gceathrú dul síos, ní dhéanann an Coimisiún aon iarracht chun fiosrúchán a dhéanamh faoin teicneolaíocht agus faoi na gníomhaíochtaí T&F atá i gceist agus ní cheanglaíonn sé a láimhseáil le hiontrálacha ná le catagóirí costas sonrach sa [rúnda]. |
|
469 |
San ochtú háit, cáineann an t‑iarratasóir an Coimisiún as na costais ‘incriminteacha’ a leithdháileadh in earráid ar bhonn an ioncaim, seachas ar bhonn méideanna díolacháin. |
|
470 |
Níl aon bhunús ábhartha sa litríocht dhlíthiúil ná eacnamaíoch leis an modheolaíocht sin. Thairis sin, fágann an mhodheolaíocht sin go leithdháiltear costais bhreise do na díolacháin go díreach toisc go bhfuil na praghsanna le linn tréimhse ábhartha sách ard, rud a chuireann go mór lena chinneadh go bhfuil praghsáil chreiche ann, áit nach bhfuil. Ar deireadh, b’ionann fíorthástáil ar eisiamh agus a fhíorú go méadaíonn an gnóthas a phraghsanna ina dhiaidh sin (rud nach ndearna an t‑iarratasóir) agus a chiallaíonn, de réir na modheolaíochta sin, go leithdháiltear costais T&F níos lú do dhíolacháin a mhaítear a bheith creachach de bhrí go n‑aistrítear iad chuig an tréimhse aisghabhála. Dar leis an iarratasóir nach bhfuil aon chiall leis sin ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha de agus nach bhfuil sé ag teacht leis an gcoincheap ‘aisghabháil’. |
|
471 |
Déanann an Coimisiún earráid freisin tríd an modheolaíocht atá i gceist a shainiú mar ‘mheastachán ar an bhforbairt ar phraghas foirne sliseanna’, agus gan a mheas mar sin go bhfuil LRAICanna ina dtomhas ar na costais, seachas ar an bpraghas. |
|
472 |
Thairis sin, measann an t‑iarratasóir go bhfuil ‘cuspóir athraitheach’ á shaothrú leis an modheolaíocht atá i gceist, ar dá réir, dá mbeadh a phraghsanna méadaithe aige chun an creachadh líomhainte a sheachaint, bheadh méadú ar an ioncam ann mar gheall air sin ag an am céanna, agus bheadh costais T&F níos airde ann i ngach ráithe, agus é de thoradh air sin go mbeadh sé ciontach i gcónaí as creachadh. Cáineann an t‑iarratasóir freisin na ‘torthaí neamh-intuartha agus paradacsúla’ ar thángthas orthu leis an modheolaíocht arna glacadh ag an gCoimisiún. Áitíonn an t‑iarratasóir freisin, dá nglacfaí leithdháileadh bunaithe ar mhéideanna, is beag nach mbeadh aon phraghsanna faoi bhun na gcostas faighte ar chor ar bith. |
|
473 |
Cuireann an Coimisiún agus an t‑idiragraí i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
474 |
Maidir leis an gcéad ghearán, lena n‑éilítear go ndearnadh earráid agus LRAICanna á sainiú, ní mór a thabhairt faoi deara gur aithin an Coimisiún, sa chinneadh atá faoi chonspóid, go bhféadfadh tairbhí teacht chun cinn i dtionscal na bhfoirne sliseanna de réir mar a fheabhsaíonn na táirgí. Fós féin, bhí ar an iarratasóir na costais a bhaineann go sonrach le forbairt foirne sliseanna sonraí a sheasamh agus ní fhéadfadh sé an fhoireann sliseanna sin a sheoladh ar an margadh gan na costais sin a sheasamh. Dá réir sin, fiú má tá tairbhí ann, ní dhearna an Coimisiún earráid nuair a roghnaigh sé na costais forbartha incriminteacha a bhaineann go sonrach leis an táirge atá i gceist a chur san áireamh. |
|
475 |
Thairis sin, trí thomhas na gcostas a bhunú ar an [rúnda], níor chuir an Coimisiún san áireamh, mar is léir ó aithris 835 den chinneadh atá faoi chonspóid ach na costais a chuir an t‑iarratasóir san áireamh go díreach nó go hindíreach ina chuntasaíocht chun na foirne sliseanna lena mbaineann a fhorbairt. I gcás ina raibh fianaise shonrach maidir le tairbhí ann, chuir an Coimisiún sin san áireamh, mar is léir, a mhéid a bhaineann leis na tairbhí ó na costais T&F idir na foirne sliseanna MDM8200 agus MDM8200A, i bpointe 12.6.3.2 den chinneadh sin. |
|
476 |
Maidir le tairbhí féideartha ar bhonn níos ginearálta, in éagmais faisnéis lena bhféadfadh an Coimisiún na tairbhí sin a chainníochtú, mar a mheas an Coimisiún in aithris 783 den chinneadh atá faoi chonspóid, ba é an cur chuige ba réasúnta ná glacadh leis go raibh na tairbhí a bhí ag dul d’fhoireann sliseanna faoi leith cothromaithe, a bheag nó a mhór, leis na tairbhí a tháinig ón bhfoireann sliseanna sin go foirne sliseanna eile. Dá thoradh sin, níor cuireadh as an áireamh na costais forbartha a sheas an fhoireann sliseanna sin mar gheall ar an tairbhí ar dócha a bheith ginte aici. |
|
477 |
Dá réir sin, ní mór diúltú don ghearán seo. |
|
478 |
Maidir leis an dara gearán, bunaithe ar neamhréireacht idir na húdair arna gcur ar aghaidh ag an gCoimisiún i ndáil leis na ríomhanna sa ráiteas forlíontach agóidí agus iad siúd arna dtabhairt i ndáil leis na ríomhanna sa chinneadh atá faoi chonspóid, ní mór a thabhairt faoi deara nach bhféadfaí an gearán sin, fiú dá mbeadh bunús leis, a bheith ina cúis le neamhdhleathacht na modheolaíochta atá i gceist. Dá réir sin, ní mór diúltú dó mar ghearán gan éifeacht. |
|
479 |
Maidir leis an tríú gearán, lena n‑éilítear go raibh [rúnda] mí-oiriúnach chun costais incriminteacha T&F a aithint, ní mór a thabhairt faoi deara go ndearna an t‑iarratasóir taifead ar na costais, le haghaidh gach foirne sliseanna, ar mhaithe le bainistíocht inmheánach agus cuntasaíocht. I bhfianaise an leithdháilte sin in aghaidh na foirne sliseanna ar na costais agus ós rud é go n‑úsáideann Qualcomm an bunachar sonraí sin go hinmheánach, ní éiríonn leis a mhíniú cén fáth ba cheart a mheas go raibh siad mí-oiriúnach chun costais a athchruthú ag an gCoimisiún. Ina theannta sin, mar a luaitear in aithris 845 den chinneadh atá faoi chonspóid, rinne an t‑iarratasóir féin, chun freagairt do na hiarrataí ar fhaisnéis a bhain le cainníochtú na gcostas, faisnéis a bhaint as an mbunachar sonraí sin. |
|
480 |
Thairis sin, a mhéid a bhaineann leis an dearbhú a rinne Qualcomm nach bhfuil na sonraí ar fad atá sa [rúnda] ceaptha chun LRAICanna a ríomh chun críocha dhlí na hiomaíochta, ní mór a thabhairt faoi deara nach gcuirtear cosc leis an bhfíoras sin ar an gCoimisiún brath ar bhunachar sonraí den sórt sin a mhéid atá faisnéis ábhartha dá iarratas ann. |
|
481 |
Ar deireadh, fiú dá mbeadh cinneadh déanta ag an gCoimisiún ar dtús gan [rúnda] a úsáid sa ráiteas agóidí agus nár thug sé míniú maidir leis an athrú intinne sin i ndáil leis sin sa ráiteas agóidí forlíontach, is leor a thabhairt faoi deara, i bhfianaise an chásdlí dá dtagraítear i mír 367 thuas, nach bhféadfadh an t‑iarratasóir brath ar an bhfíoras nár thug an Coimisiún freagra go sonrach sa chinneadh atá faoi chonspóid ar gach barúil fíorais agus dlí a d’ardaigh sé le linn an nós imeachta riaracháin. Dá réir sin, ní mór diúltú don ghearán seo. |
|
482 |
Maidir leis an gceathrú gearán, lena n‑éilítear go ndearnadh earráid i láimhseáil costas áirithe a taifeadadh sa [rúnda] mar chostais ‘incriminteacha’, ní mór a thabhairt faoi deara, ar dtús, go bhfuil míniú sa chinneadh atá faoi chonspóid, i bpointe 12.6.3.1 faoi thomhas an chuid sheasta de chostais T&F arna dtabhú ag Qualcomm le haghaidh tháirgeadh gach foirne sliseanna a cuireadh san áireamh chun LRAICanna a ríomh. Luaitear in aithris 835 den chinneadh sin na catagóirí éagsúla de chostais T&F a shanntar do gach foireann sliseanna sa bhunachar sonraí sin, go díreach, de réir forbairt táirge shonraigh, nó ‘ex post’. |
|
483 |
Thairis sin, mar a leagtar amach i mír 411 thuas, sonraítear sa chinneadh atá faoi chonspóid, in aithrisí 836 agus 837, go raibh an Coimisiún faoi theoir úsáid an fhocail ‘incremental’ i mBéarla, agus na nithe a bhí le cur san áireamh san anailís ar na costais á roghnú, sa [rúnda] mar chostais ‘incriminteacha’, agus d’iarr sé ar Qualcomm ina leith sin, i gceist 8.3 den iarraidh ar fhaisnéis trí chinneadh an 30 Eanáir 2017 an fhaisnéis chéanna maidir le T&F incriminteach a sholáthar le haghaidh na bhfoirne sliseanna atá i gceist agus an fhaisnéis a soláthraíodh le haghaidh [rúnda]. Déantar an fhaisnéis a soláthraíodh mar fhreagra a leagan amach in Iarscríbhinn A.15.1 den iarratas. |
|
484 |
Ar deireadh, rinne an Coimisiún na costais incriminteacha a athchruthú trí na costais [rúnda] agus na costais [rúnda] a shuimiú, eadhon na codanna go léir de na costais a bhí sa bhunachar sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn A.15.1 den iarratas, d’eisiamh iad siúd a bhí cláraithe mar chostais [rúnda], ós rud é gur dhealaigh Qualcomm na costais sin ó iomlán na gcostas ‘incriminteacha (eadhon, de réir [na modheolaíochta] céanna le [rúnda])’ sa bhunachar sonraí céanna sin, cé gur atáirgeadh iad sa bhunachar sonraí sin. |
|
485 |
Ní mór a mheas, i ndáil leis sin, go ndéantar achoimre ar an bhfaisnéis a áirítear san asbhaint ón mbunachar sonraí a cháin an t‑iarratasóir in aithris 835 den chinneadh atá faoi chonspóid agus gur shainaithin an Coimisiún iad ar bhonn faisnéis arna soláthar ag Qualcomm. |
|
486 |
Go deimhin, chuir an t‑iarratasóir, sa chéad áit, ina fhreagra ar an iarraidh ar fhaisnéis an 10 Iúil 2013, dar dháta Nollaig 2013 agus, go sonrach, ina fhreagra ar cheist 19 a bhaineann leis na príomhchéimeanna forbartha do na chéad fhoirne sliseanna MDM agus na costais lena mbaineann, sa dara háit, ina fhreagra ar Cheisteanna 8 agus 9 den iarraidh ar fhaisnéis an 13 Deireadh Fómhair 2014 (Iarscríbhinn A.4.8.b den iarratas) ar phointí 38 et seq. agus, sa tríú háit, ina fhreagra ar Cheist 8.3 den iarraidh ar fhaisnéis trí chinneadh an 30 Eanáir 2017 (Iarscríbhinn A.4.10.b den iarratas) an fhaisnéis chéanna i gcónaí, bíodh nó ná bíodh sé i gceist iad a aicmiú de réir [rúnda]. |
|
487 |
I bhfocail eile, i bhfreagraí an iarratasóra, aithnítear na catagóirí éagsúla costas agus sanntar iad d’fhoireann sliseanna faoi leith go rialta agus, in éagmais neamhréireachtaí idir na táblaí arna n‑atáirgeadh sna freagraí éagsúla (seachas a mhéid a bhaineann le costais [rúnda]), is féidir a mheas mar sin gurb ionann na catagóirí sin agus costais ‘incriminteacha’ foirne sliseanna den sórt sin. Go deimhin, is é an t‑aon difríocht idir an mhodheolaíocht a chur san áireamh nó gan a chur san áireamh an ghné dheireanach sin de na costais a chur san áireamh, a rinne an Coimisiún, in aon chás, a eisiamh óna ríomhanna. |
|
488 |
Sna himthosca sin, ní mór a mheas, ionas go bhféadfar costas faoi leith a chur san áireamh i ríomh LRAICanna, nach féidir le húsáid an fhocail Béarla ‘incremental’ i ndáil leis sin sa ‘rúnda’ a bheith ina chritéir cinntitheach ann féin. Seachas sin, is é cineál an chostais ann féin (eadhon go n‑eascraíonn sé ó cheann de na catagóirí costas a mheastar go ginearálta a bheith ina gcostais incriminteacha) agus an mhodheolaíocht aicmithe a lean an t‑iarratasóir féin ina fhreagraí atá le cur san áireamh. |
|
489 |
Dá thoradh sin, ní mór a mheas, ar bhonn na bhfreagraí agus na mínithe a chuir an t‑iarratasóir ar fáil le linn an nós imeachta riaracháin, go n‑athchruthaítear i gceart sa chinneadh atá faoi chonspóid an fhaisnéis atá le cur san áireamh chun LRAICanna a ríomh. Thairis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, ina bhfreagra ar Cheist 19 san iarraidh ar fhaisnéis an 10 Iúil 2013 (is é Nollaig 2013 an chéad tréimhse ábhartha i ndáil leis sin) (Iarscríbhinn A.4.3 den iarratas), nach ndearna an t‑iarratasóir aon tagairt do leithdháileadh na gcostas ná don fhíoras nach raibh na costais sin inchurtha d’fhoirne sliseanna sonracha, i gcleachtas. |
|
490 |
Ina theannta sin, maidir le costais forbartha na mbogearraí sin, luaigh an t‑iarratasóir, i bpointí 90 agus 92 den fhreagra ar Cheist 19 san iarraidh ar fhaisnéis an 10 Iúil 2013 (Iarscríbhinn A.4.3 den iarratas) go raibh dlúthnasc idir saol bogearra agus saol foirne sliseanna faoi leith agus gur lean na costais lena mbaineann saol tráchtála na foirne sliseanna sin, rud a thacaíonn leis an gconclúid in aithris 860 den chinneadh atá faoi chonspóid, go bhfuil an chuid sin de [rúnda] ina bhunús iontaofa chun costais T&F a chinneadh a bhaineann le forbairt bogearraí atá le cur síos d’fhoireann sliseanna shonrach. Ní chuirtear as an áireamh leis sin, go deimhin, go bhféadfaí cuid de bhogearraí a úsáid ina dhiaidh sin le haghaidh foirne sliseanna ina dhiaidh sin. |
|
491 |
Thairis sin, ní mór a thabhairt faoi deara gur cuireadh in iúl forchoimeádas an iarratasóra maidir le leithdháileadh na gcostas ar bhealach sách doiléir le linn an nós imeachta riaracháin agus san iarratas. |
|
492 |
Déantar dochar do chreidiúnacht argóintí an iarratasóra leis an easpa beachtais sin in aithint na gcatagóirí costas nach bhfuil incriminteach, a fortiori ós rud é, dá leanfaí a réasúnaíocht, gurbh amhlaidh gur bheag nach bhféadfaí costas T&F ar bith a shannadh d’fhoireann sliseanna shonrach. |
|
493 |
Maidir le luach fianaise na nithe atá luaite ag an gCoimisiún, ní mór a thabhairt faoi deara go mbraitheann creidiúnacht agus, dá réir sin, luach fianaise doiciméid ar a thionscnamh, ar na himthosca inar dréachtaíodh é, ar a sheolaí agus ar a inneachar (breithiúnais an 15 Márta 2000, Cimenteries CBR agus páirtithe eile v an Coimisiún, T‑25/95, T‑26/95, T‑30/95 go T‑32/95, T‑34/95 go T‑39/95, T‑42/95 go T‑46/95, T‑48/95, T‑50/95 go T‑65/95, T‑68/95 go T‑71/95, T‑87/95, T‑88/95, T‑103/95 agus T‑104/95, EU:T:2000:77, míreanna 1053 agus 1838, agus an 12 Iúil 2011, Hitachi agus páirtithe eile v an Coimisiún, T‑112/07, EU:T:2011:342, mír 70). |
|
494 |
Sa chás seo, bhraith an Coimisiún, san athchruthú ar na praghsanna, ar tháblaí agus ar fhreagraí arna soláthar ag an iarratasóir féin, lena n‑áirítear na figiúirí arna n‑asbhaint ó [rúnda] agus, thairis sin, ní dhearna sé ach na critéir aicmithe a d’úsáid sé cheana a chur i bhfeidhm. Ós rud é go dtagann na sonraí sin ón iarratasóir féin, ní mór a mheas go bhfuil siad sách inchreidte chun tacú le hathchruthú na bpraghsanna arna dhéanamh ag an gCoimisiún. |
|
495 |
Sa chomhthéacs sin, ní leor don ghnóthas lena mbaineann imthoisc a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do luach fianaise na fianaise a lua. Seachas sin, ní mór don ghnóthas lena mbaineann a léiriú ar an gcaighdeán dlíthiúil cuí, gurb ann don imthoisc a luann sé agus, go dtugtar faoi cheist leis an imthoisc sin luach fianaise na fianaise arna tabhairt ar aird ag an gCoimisiún (féach, chuige sin agus de réir analaí, breithiúnas an 26 Meán Fómhair 2018, Infineon Technologies v an Coimisiún, C‑99/17 P, EU:C:2018:773, míreanna 65 go 67). |
|
496 |
Sa chás seo, ní dhéanann an t‑iarratasóir ach athrá ar na hargóintí a cuireadh isteach le linn an nós imeachta riaracháin, óna fhreagra ar iarraidh ar fhaisnéis an 13 Deireadh Fómhair 2014, trí bhéim a leagan ar an bhfíoras nach bhféadfaí na sonraí a cuireadh ar fáil a úsáid chun críoch anailíse in aghaidh trustaí, gan aon doiciméad a chur isteach chun tacú lena argóint go mbeadh modheolaíocht eile aicmithe níos oiriúnaí ná an mhodheolaíocht a roghnaigh an Coimisiún. In éagmais fianaise den sórt sin, ní mór teacht ar an gconclúid, i gcás láimhseáil chuntasaíochta dhíreach nó indíreach, go bhfuil na costais a d’aithin an t‑iarratasóir féin sa fhreagra ar an gceist ón gCoimisiún le meas i bprionsabal mar incriminteach a mhéid a bhaineann le gach ceann de na foirne sliseanna atá i gceist. |
|
497 |
Thairis sin, dála an Choimisiúin, ní mór a thabhairt faoi deara go bhféadfadh rogha na modheolaíochta sonraí láimhseála cuntais (díreach nó indíreach, eadhon de réir leithdháileadh) ar thaobh an ghnóthais cheannasaigh coinníollacha a chur leis an anailís ar na costais. Go deimhin, cé gurb amhlaidh go bhféadfadh gné áirithe den chostas a bheith mar thoradh ar leithdháileadh, ní fhéadfadh sé sin, ann féin, cosc a chur air a áireamh i ríomh LRAICanna. Dá mba rud é gurbh amhlaidh an cás, d’fhéadfadh gnóthas ceannasach aon anailís ar phraghsanna/costais a sheachaint i gcónaí trína mhaíomh nach féidir an leithdháileadh a shannadh do chostais shonracha. Thairis sin, sa chás seo, rinneadh an leithdháileadh ar bhonn measúnuithe arna ndéanamh ag an iarratasóir féin ar na costais atá le ceangal le foireann sliseanna faoi leith. |
|
498 |
Maidir le USD [rúnda] i gcostais T&F, arna láimhseáil sna cuntais le haghaidh fhoireann sliseanna MDM8200, ach a bhaineann le [rúnda] i ndáiríre, ní mór a thabhairt faoi deara gur ardaigh an t‑iarratasóir an ghné sin den chéad uair sa fhreagra ar an ráiteas agóidí forlíontach. Roimhe sin, ní raibh aon chúis ag an gCoimisiún cruinneas na sonraí a fuarthas a thabhairt faoi cheist, a fortiori ós rud é go bhforchuirtear oibleagáid le hAirteagal 18(4) de Rialachán Uimh. 1/2003 ar na gnóthais lena mbaineann faisnéis iomlán, chruinn agus neamhshaofa a chur ar fáil. |
|
499 |
Go deimhin, is léir ó [rúnda] agus ó na freagraí ón iarratasóir, atá le meas mar fhianaise atá an‑iontaofa a mhéid a théann siad i gcoinne leasanna an té a dhearbhaigh iad, gur láimhseáladh na costais sin sna cuntais i dtaca le foireann sliseanna MDM8200 (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Márta 2011, Siemens v an Coimisiún, T‑110/07, EU:T:2011:68, míreanna 54 agus 75). I dtaca leis an méid sin, is é an t‑aon phíosa fianaise a thug an t‑iarratasóir ar aird ná doiciméad an 9 Iúil 2009 dar teideal [rúnda] (Iarscríbhinn A.18.1 den iarratas) ina bhfuil fonóta 20 maidir le heisiamh USD [rúnda], toisc go bhfreagraíonn sé do [rúnda]. Ní mór a thabhairt faoi deara, i ndáil leis sin, mar a luaigh an Coimisiún in aithris 851 den chinneadh atá faoi chonspóid, go bhfuil tábla lena gcuirtear costais T&F a bhaineann le foireann sliseanna MDM8200 i gcomparáid leo siúd a bhaineann le foireann sliseanna MDM8200A a mheastar nach bhfuil siad iomaíoch ó thaobh na gcostas de (‘not cost competitive’). Is cosúil nach léiríonn an tábla sin áfach, ach chun críocha comparáid a dhéanamh idir costais an dá fhoireann sliseanna sin sa chur i láthair, nach gcuirtear an méid don [rúnda] san áireamh, ach ní léirítear, i ríomh na gcostas a bhaineann leis an bhfoireann sliseanna MDM8200 nár cuireadh na costais shonracha sin san áireamh, nó nár cheart iad a chur san áireamh. Don chuid eile, níl aon doiciméad a thacaíonn le hargóintí an iarratasóra agus, iontu féin, ní féidir leo an fhaisnéis a chuir an t‑iarratasóir féin ar fáil cheana a thabhairt faoi cheist. Sna himthosca sin, ní mór diúltú dóibh. Dá réir sin, ní mór diúltú don ghearán seo. |
|
500 |
Maidir leis an gcúigiú gearán, lena n‑éilítear go ndearnadh earráid ós rud é nár cuireadh san áireamh an t‑ioncam arna ghiniúint ag Qualcomm i gcomhthéacs an ghnó ceadúnaithe paitinní, ní mór a thabhairt faoi deara, fiú más rud é gur athraigh an t‑iarratasóir a bheartas deonaithe ceadúnas, ní chiallaíonn sé sin nár dheonaigh sé ceadúnais ar a phunann paitinní go léir le linn na tréimhse ábhartha. In aon chás, mar is léir ó fhonóta 1238 den chinneadh atá faoi chonspóid, ní thugann an t‑iarratasóir faoi cheist go [rúnda]. |
|
501 |
Ina theannta sin, ní mór a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go n‑áitíonn an t‑iarratasóir gur shainaithin sé thart ar [rúnda] paitinní agus iarrataí ar phaitinní ‘a bhféadfadh sé’ go ndearnadh ‘go leor acu’ a ghiniúint ‘go hiomlán nó go páirteach’ leis an obair a measann an Coimisiún a bheith sonrach do na foirne sliseanna atá i gceist. Ar an dara dul síos, ní shainaithníonn an t‑iarratasóir na paitinní agus na hiarrataí sin ar phaitinní agus ní dhéanann sé cainníochtú ar an ioncam arna ghiniúint uathu ach an oiread. Seachas sin, ní mhaíonn sé ach, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na paitinní a bhí ceangailte le bogearraí, go bhfuil sé dodhéanta iad siúd atá nasctha leis na foirne sliseanna atá i gceist a aithint. Sna himthosca sin, ní leor argóintí an iarratasóra chun conclúidí an Choimisiúin ar an ábhar sin a thabhairt faoi cheist. Dá réir sin, ní mór diúltú don ghearán seo. |
|
502 |
Maidir leis an séú gearán lena n‑éilítear, go bunúsach, go ndearnadh earráidí agus costais T&F a bhaineann le forbairt foirne sliseanna Qualcomm á gcur san áireamh, ní mór a mheas, mar is léir ón gcinneadh atá faoi chonspóid, go háirithe ó aithris 862 agus, ar bhonn níos ginearálta ó phointe 12.6.3 de, go raibh na díolacháin le Huawei agus ZTE an‑tábhachtach chun costais T&F a aisghabháil. |
|
503 |
Ina theannta sin, mar a luaitear in aithris 888 den chinneadh atá faoi chonspóid, b’iomchuí na costais incriminteacha a bhaineann le T&F a áireamh sa tomhas costais chun a mheasúnú an ndearnadh na díolacháin le Huawei agus le ZTE ar phraghsanna a bhí níos ísle ná na costais, ós rud é gur léirigh an réamhaisnéis le haghaidh dhíolacháin Huawei agus le ZTE cuid thábhachtach den éileamh a rabhthas ag súil leis, rud a thug údar d’fhorbairt na bhfoirne sliseanna sin i dtús báire. Thairis sin, contrártha don mhéid a mhaíonn an t‑iarratasóir, sa chás gur chuir an réamhaisnéis díolacháin d’aonaid fhoirne sliseanna MDM8200, MDM6200 agus MDM8200A do chustaiméirí eile le haisghabháil na gcostas forbartha corrlaigh, ní raibh na díolacháin sin ar leibhéal go mbeadh údar leis na táirgí sin a fhorbairt. Tacaítear leis an gconclúid sin go háirithe leis na doiciméid dá dtagraítear i bhfonóta 1277 leis an gcinneadh sin. |
|
504 |
Dá réir sin, ní mór diúltú don ghearán seo. |
|
505 |
Maidir leis an seachtú gearán, lena n‑éilítear go ndearnadh láimhseáil post hoc trí na costais a cláraíodh sa [rúnda] a athdháileadh ar fhoirne sliseanna eile, ní mór a thabhairt faoi deara gur aithin an t‑iarratasóir féin, go dtí Nollaig 2013, nach ndearnadh na costais a bhaineann le bogearraí a úsáidtear le haghaidh fhoirne sliseanna MDM8200 agus MDM8200A, mar a cláraíodh sa [rúnda] sin, a idirdhealú de réir na dtairbhí a bhí i gceist leo do cheann amháin nó ceann eile den dá fhoireann sliseanna sin (fonóta 78 den fhreagra ar an iarraidh ar fhaisnéis an 13 Deireadh Fómhair 2014). |
|
506 |
Ní mór a thabhairt faoi deara freisin, sa tábla a baineadh as [rúnda], atá in Iarscríbhinn A.15.1 den iarratas, cé gur tosaíodh ar fhorbairt fhoireann sliseanna MDM8200A in Aibreán 2009, níl aon chostas ceangailte leis go dtí an ráithe dheireanach den bhliain 2009 agus, fiú ón dáta sin ar aghaidh, go bhfuil na costais a bhaineann leis an bhfoireann sliseanna sin fós íseal i gcomparáid leis na costais a bhaineann leis an bhfoireann sliseanna MDM8200 agus MDM6200. Tacaíonn an imthoisc sin, i bhfianaise chosúlacht theicniúil an dá fhoireann sliseanna sin agus a margú leanúnach, le hargóintí an Choimisiúin in aithris 880 den chinneadh atá faoi chonspóid, a léiríonn ceangal uathúil idir foireann sliseanna MDM8200 agus foireann sliseanna MDM8200A, nach bhfuil inchomparáide léi sin a d’fhéadadh a bheith ann idir foireann sliseanna MDM8200 agus aon fhoireann sliseanna eile a thacaíonn le teicneolaíocht HSPA+. |
|
507 |
Tugann an t‑idiragraí dá aire, agus an ceart aige, go bhfuil ‘anailís brabúsachta saolré’ sa chinneadh atá faoi chonspóid, ina scrúdaítear brabúsacht na ndíolachán go léir d’fhoireann sliseanna MDM8200 agus foireann sliseanna MDM8200A, le linn a saolré ar fad agus a bhaineann le gach custaiméir agus gur léir ón anailís sin nár leor an t‑ioncam thar shaolré an dá fhoireann sliseanna sin chun a gcostais T&F monaraithe agus forbartha a chlúdach. Dá réir sin, ní fhéadfadh praghsanna Qualcomm maidir leis an dá fhoireann sliseanna sin a chur ar chumas soláthraí chomh héifeachtach céanna a chostais le haghaidh foireann sliseanna iomaíoch a chlúdach. |
|
508 |
Sna himthosca sin, ní mór diúltú don ghearán seo. |
|
509 |
Maidir leis an ochtú gearán, lena n‑éilítear leithdháileadh mícheart ar na costais ‘incriminteacha’ ar bhonn an ioncaim, seachas méideanna díolacháin, ní mór a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, cé nach luann an Coimisiún ach foinse amháin i bhfabhar na modheolaíochta a glacadh, eadhon prionsabal ECFE a bhfuil feidhm acu maidir le praghsáil aistrithe le haghaidh ghnóthais ilnáisiúnta agus riarachán cánach 2017, i bhfonóta 1293 den chinneadh atá faoi chonspóid, ní thagraíonn an t‑iarratasóir d’aon staidéar ná d’aon phrionsabal a thacaíonn leis an modheolaíocht athchuir a mholann sé. Thairis sin, a mhéid, lena argóint go bhfuil an mhodheolaíocht a ghlac an Coimisiún claonta go mór i dtreo praghsáil chreiche a aimsiú, áit nach ann di, a áitíonn an t‑iarratasóir go bhfágann an mhodheolaíocht sin go sainaithnítear go saorga na praghsanna eisiatacha, ní chuireann sé aon fhianaise chun cinn mar thaca leis an líomhain sin. |
|
510 |
Ar an dara dul síos, is leor a thabhairt faoi deara, mar a rinne an Coimisiún, nach gciallaíonn argóint an iarratasóra go bhfágfadh an mhodheolaíocht arna glacadh ag an gCoimisiún go ndéanfaí na costais T&F níos ísle a leithdháileadh ar na díolacháin a mhaítear a bheith creachach toisc go n‑aistreofaí iad chuig an tréimhse aisghabhála, go bhfuil an mhodheolaíocht sin mí-oiriúnach. Ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil sé de thoradh ar an modheolaíocht arna glacadh ag an gCoimisiún go ndéantar na costais sin a leithdháileadh bunaithe ar an bhfíoras go bhfuil na praghsanna le linn tréimhse faoi leith, go sonrach, an chéad tréimhse ina ndéantar na foirne sliseanna a chur ar an margadh sách ard, agus dá bhrí sin, go bhfuil an t‑ioncam sách ard freisin. Tá sé de thoradh ag an modheolaíocht a mhol an t‑iarratasóir, áfach, go ndéantar na costais a shannadh go haonfhoirmeach, ar bhonn prorata, sa chaoi nach mór do gach aonad (beag beann ar an tráth a dhíoltar é le linn shaolré na foirne sliseanna) an méid céanna costas a aisghabháil. Dá réir sin, mar a luann an Coimisiún, agus an ceart aige, in aithris 917 den chinneadh atá faoi chonspóid, i bhfianaise na forbartha ar phraghsanna na bhfoirne sliseanna, ní raibh cur chuige den sórt sin iomchuí sa chás seo, toisc go mbeadh sé de thoradh air go n‑aistreofaí cuid shuntasach de na costais forbartha chuig deireadh shaolré na dtáirgí, tráth a bhíonn na praghsanna agus na corrlaigh íseal, agus cruthaítear go leor torthaí bréagdheimhneacha dá bhrí sin, sa chritéar praghais/costais. |
|
511 |
Ar an tríú dul síos, maidir leis an nath ‘proxy for the price evolution of a chipset’ a úsáideann an Coimisiún chun an mhodheolaíocht a glacadh a shainiú, ní féidir glacadh le hargóint an iarratasóra nár chuir an Coimisiún san áireamh go raibh LRAICanna ina dtomhas ar na costais, seachas na praghsanna, ós rud é nach dtagraíonn an nath sin ach don fhíoras go ndearnadh iarracht sa mhodheolaíocht sin próifíl na bpraghsanna san am a chur san áireamh, sa chaoi go gcuirtear cuid níos mó de na costais ar na tréimhsí ina gceaptar go nginfidh na foirne sliseanna níos mó ioncaim. |
|
512 |
Ar an gceathrú dul sios, maidir le hargóint an iarratasóra gurb ionann modheolaíocht an Choimisiúin agus ‘cuspóir athraitheach’, ní mór a thabhairt faoi deara, mar a shonraítear in aithris 935 den chinneadh atá faoi chonspóid go mbaineann an fhadhb chéanna leis an modheolaíocht a mhol an t‑iarratasóir ós rud é, gach uair a mhéadaíonn na praghsanna i ráithí áirithe nó sna ráithí go léir de shaolré an táirge, titeann líon na ndíolachán don táirge sin, sa chaoi nach mór do gach aonad a dhíoltar cuid nós mó de chostas forbartha seasta an táirge a sheasamh. Dá réir sin, is féidir nach mbeadh praghsanna níos airde fós chun dul thar na costais tagartha a fhaightear trí leithdháileadh na gcostas forbartha bunaithe ar na méideanna. |
|
513 |
Ar an gcúigiú dul síos, níl bunús le hargóint an iarratasóra nach mbeadh sé de thoradh ar leithdháileadh bunaithe ar mhéideanna gur bheag nach mbeadh aon phraghsanna a bheadh níos ísle ná na costais. Go deimhin, mar a áitíonn an Coimisiún, léiríonn Tábla 13 in Iarscríbhinn A.2.4.5 den iarratas gurb amhlaidh a bheadh i gcás fhoirne sliseanna MDM8200A ach ní i gcás fhoirne sliseanna MDM8200 agus fhoirne sliseanna MDM6200. Tá an praghas ar dhíolacháin chreiche fhoirne sliseanna MDM6200 ag Qualcomm le ZTE chomh híseal sin, faoi bhun AVCanna fiú, nach ndéanfadh leithdháileadh na gcostas bunaithe ar mhéideanna seachas ar bhonn ioncaim aon difear don fhíoras go gcuireann Qualcomm praghsanna faoi bhun na gcostas i bhfeidhm i gcónaí (aithris 891 den chinneadh atá faoi chonspóid). Is amhlaidh atá maidir le foirne sliseanna MDM8200. Ní fhaightear torthaí atá difriúil go suntasach do Qualcomm trí na costais a leithdháileadh bunaithe ar mhéideanna seachas ar ioncam. Dá bhrí sin, ní mór diúltú don ghearán sin. |
|
514 |
I bhfianaise an mhéid sin thuas, ní mór diúltú don tríú cuid den seachtú saincheist dlí. Dá bhrí sin, ós rud é gur diúltaíodh do na codanna go léir den tsaincheist dlí sin (féach míreanna 424 agus 444 thuas), ní mór diúltú don tsaincheist dlí sin ina hiomláine. |
An naoú saincheist dlí, lena n‑éilítear ‘earráidí follasacha measúnaithe’ agus dlí a mhéid a bhaineann leis an gconclúid gur eisiadh Icera leis na praghsanna arna gcleachtadh ag an iarratasóir agus go ndearnadh dochar do thomhaltóirí
|
515 |
Tá ceithre chuid sa tsaincheist dlí seo. Leis an gcéad chuid, éilítear go raibh easpa anailíse arna déanamh ag an gCoimisiún ar an iomaitheoir ‘chomh héifeachtach céanna’. Leis an dara cuid, éilítear go raibh neamhréireacht idir an cinneadh sa chinneadh atá faoi chonspóid go raibh foriamh ann agus na torthaí iarbhír a bhí ag Icera le linn na tréimhse ábhartha. Tá an tríú cuid, éilítear go bhfuil easpa fianaise gurbh ann don chreachadh airgeadais líomhainte, i bhfianaise an fhíorais, le linn na tréimhse ábhartha, go bhfuair Icera cistí breise, go bhfuair Nvidia seilbh air agus go raibh sé fós gníomhach ar an margadh. Leis an gceathrú cuid, éilítear nárbh fhéidir leis an iarratasóir an iomaíocht ó theicneolaíocht Icera a eisiamh. |
|
516 |
Ós rud é go mbaineann an dara cuid, an tríú cuid agus an ceathrú cuid, go bunúsach le heaspa éifeachtaí an iompair líomhainte, déanfar scrúdú orthu i dteannta a chéile. |
An chéad chuid, lena n‑éilítear go bhfuil easpa anailíse arna déanamh ag an gCoimisiún ar an iomaitheoir ‘chomh héifeachtach céanna’
|
517 |
Dar leis an iarratasóir, ní dhearna an Coimisiún anailís ar an iomaitheoir ‘chomh héifeachtach céanna’ ar an margadh ábhartha agus ar an deighleog den mhargadh ar thús cadhnaíochta agus, dá bhrí sin, níor chomhlíon sé an riail dlí is infheidhme, mar is léir ó na hargóintí arna ndéanamh chun tacú leis an tríú saincheist dlí. Dá réir sin, ní dhearna an Coimisiún scrúdú air an raibh ráta clúdaithe an mhargaidh ag an iompar líomhainte ar scála leordhóthanach chun go bhféadfadh sé éifeachtaí frithiomaíocha a bheith aige, mar a d’éiligh an Chúirt i mbreithiúnas an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún (C‑413/14 P, EU:C:2017:632). |
|
518 |
Measann an t‑iarratasóir freisin nach raibh Icera ina iomaitheoir ‘chomh héifeachtach céanna’ ós rud é, de bhrí nach raibh sé iomaíoch taobh amuigh den deighleog den mhargadh d’fhoirne sliseanna UMTS ar thús cadhnaíochta, ní fhéadfadh sé freastal ar chuid shuntasach den éileamh ar an margadh lena mbaineann. Dar leis, ba cheart d’iomaitheoir ‘chomh héifeachtach céanna’ ar aon nós a bheith in ann tairiscint iomlán an ghnóthais cheannasaigh a chur ar fáil. |
|
519 |
Cuireann an Coimisiún agus an t‑idiragraí i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
520 |
De réir an chásdlí i réimse na praghsála creiche, ní mór a mheas go bhfuil praghsanna atá faoi bhun AVCanna mí-úsáideach i gcónaí, ós rud é nach bhfuil aon leas ag gnóthas ceannasach i bpraghsanna den sórt sin a chleachtadh, seachas a iomaitheoirí a eisiamh. Thairis sin, ní mór a mheas go bhfuil praghsanna faoi bhun na ATCanna, ach atá os cionn AVCanna mí-úsáideach i gcás ina socraítear iad i gcomhthéacs plean a bhfuil de chuspóir aige iomaitheoir a eisiamh, ós rud é go bhféadfaidh praghsanna den sórt sin gnóthas a eisiamh ón margadh a d’fhéadfadh a bheith chomh héifeachtach céanna leis an ngnóthas ceannasach ach, mar gheall ar a n‑acmhainn airgeadais níos lú, nach bhfuil in ann seasamh in aghaidh na hiomaíochta ina gcoinne (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Iúil 1991, AKZO v an Coimisiún, C‑62/86, EU:C:1991:286, míreanna 70 agus 72). |
|
521 |
Dá réir sin, ar an gcéad dul síos, tá toimhde mí-úsáide ann nuair a chuireann gnóthas ceannasach praghsanna faoi bhun AVCanna i bhfeidhm, gan gá a bheith ann don Choimisiún anailís eile a dhéanamh amhail comparáid idir na praghsanna arna gcur i bhfeidhm ag an ngnóthas ceannasach agus cuid dá chostais. Ar an dara dul síos, i gcás ina gcuireann gnóthas ceannasach praghsanna atá faoi bhun na ATCanna i bhfeidhm, ach atá os cionn AVCanna, ceanglaítear ar an gCoimisiún chun a léiriú gurb ann do mhí-úsáid, comparáid a dhéanamh idir na praghsanna arna gcur i bhfeidhm ag an ngnóthas ceannasach agus cinn áirithe dá chostais agus a léiriú go raibh plean ann a bhfuil sé de chuspóir aige iomaitheoir a eisiamh, ós rud é go bhféadfadh na praghsanna sin, go bunúsach, iomaitheoirí chomh héifeachtach céanna a eisiamh ón margadh. Dá bhrí sin, níl aon cheanglas ar an gCoimisiún anailísí eile a dhéanamh de bhreis ar an méid sin d’fhonn, go háirithe a léiriú go raibh éifeachtaí frithiomaíocha ann mar gheall ar an gcleachtas lena mbaineann. |
|
522 |
Contrártha le líomhaintí an iarratasóra, ní cheanglaítear ar an gCoimisiún, dá réir sin, le linn a fhiosrúcháin ar phraghsáil chreiche a bheith ann arna cur i bhfeidhm ag gnóthas ceannasach, scrúdú a dhéanamh an bhfuil ráta clúdaithe an mhargaidh ag an gcleachtas a chuirtear ina choinne ar scála leordhóthanach chun go mbeidh éifeachtaí frithiomaíocha ag an gcleachtas sin. Sa chás seo, ní fhéadfaí a chur i leith an Choimisiúin nach ndearna sé scrúdú den sórt sin. |
|
523 |
I ndáil leis sin, is léir freisin ó mhíreanna 72 agus 73 den teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le treoirlínte agus tosaíochtaí an Choimisiúin chun Airteagal [102 CFAE] a chur i bhfeidhm i ndáil le cleachtais eisiatacha mí-úsáideacha gnóthas ceannasach (IO 2009 C 45, lch. 7‘an teachtaireacht maidir leis na tosaíochtaí’) go bhféadfadh sé a bheith níos éasca don ghnóthas ceannasach iompar creachach a ghlacadh trí dhíriú ar chustaiméirí áirithe trí phraghsanna ísle, toisc gur féidir leis, mar sin a chaillteanas a theorannú, agus go bhfuil seans níos lú go ngníomhóidh sé amhlaidh trí phraghsanna ísle a chleachtadh go ginearálta ar feadh tréimhse fhada. Is léir ón méid sin, maidir le praghsáil chreiche go mbíonn ráta clúdaithe an mhargaidh ag an iompar líomhainte íseal, go ginearálta agus, más rud é nach bhféadfaí ach creachadh a bhaineann le cuid sách mhór den mhargadh a phionósú, d’fhéadfadh aon chleachtas creiche roghnaitheach gan bheith cuimsithe faoin toirmeasc faoi Airteagal 102 CFAE, agus sin toisc go bhféadfadh a bheith mar thoradh air go n‑eisiafaí iomaitheoir atá chomh héifeachtach céanna. Is léir ón gcásdlí nach mór cleachtas praghsála creiche a phionósú má tá riosca an go ndéanfar iomaitheoirí a eisiamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Samhain 1996, Tetra Pak v an Coimisiún, C‑333/94 P, EU:C:1996:436, mír 44). |
|
524 |
Thairis sin, is léir freisin ón gcásdlí gurb é atá i gceist le cur i bhfeidhm chritéir an iomaitheora ‘chomh héifeachtach céanna’ scrúdú a dhéanamh an bhfuil riosca ann go n‑eisiafaí iomaitheoir atá chomh héifeachtach céanna leis an ngnóthas sin ón margadh le cleachtais praghsála gnóthais cheannasaigh agus go bhfuil an critéir sin bunaithe ar chomparáid idir na praghsanna arna gcur i bhfeidhm ag gnóthas ceannasach agus ar chostais áirithe arna dtabhú ag an ngnóthas sin agus ar a straitéis (breithiúnais an 27 Márta 2012, Post Danmark, C‑209/10, EU:C:2012:172, mír 28, agus an 6 Deireadh Fómhair 2015, Post Danmark, C‑23/14, EU:C:2015:651, míreanna 53 agus 54). |
|
525 |
Dá bhrí sin, i gcomhthéacs fiosrúchán a bhaineann le praghsáil chreiche fhéideartha, áirítear cheana anailís ar an iomaitheoir ‘chomh héifeachtach céanna’ in anailís ina ndéanann an Coimisiún comparáid idir na praghsanna arna gcleachtadh ag gnóthas atá i staid cheannasach i ndáil le cuid dá chostais chun measúnú a dhéanamh ar chuir sé praghsanna i bhfeidhm atá faoi bhun na ATCanna ach os cionn na AVCanna. |
|
526 |
A mhéid a shocraíonn an gnóthas ceannasach a phraghsanna ar leibhéal atá faoi bhun na ATCanna ach os cionn na AVCanna, ní fhéadfadh iomaitheoir ‘chomh héifeachtach céanna’ leis an ngnóthas sin, i bprionsabal, mar gheall ar a acmhainn airgeadais níos ísle, dul san iomaíocht leis na praghsanna sin gan caillteanais nach féidir leis a sheasamh san fhadtéarma a dhéanamh. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh praghsanna den sórt sin iomaitheoir ‘atá chomh héifeachtach céanna’ a eisiamh, a fhreagraíonn don mhéid nach mór don Choimisiún a léiriú i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an chritéir ‘an t‑iomaitheoir chomh éifeachtach céanna’ chun a léiriú go bhféadfadh cleachtas frithiomaíoch a bheith eisiatach. |
|
527 |
Dá thoradh sin, i gcás inar léirigh an Coimisiún go bailí, mar is amhlaidh sa chás seo, go raibh praghsanna atá faoi bhun na ATCanna, ach atá os cionn na AVCanna á gcleachtadh ag ngnóthas ceannasach, rinne sé, dá bhrí sin, an critéir ‘an t‑iomaitheoir chomh héifeachtach céanna’ a chur i bhfeidhm go hintuigthe, agus is leor sin chun diúltú don chéad chuid den naoú saincheist dlí. |
Na codanna eile, lena n‑éilítear, go bunúsach, nach ann d’éifeachtaí an iompair líomhainte
|
528 |
Mar thaca leis an dara cuid, maíonn an t‑iarratasóir gurb amhlaidh go raibh rath ar Icera le linn na tréimhse ábhartha, rud a bhaineann an bonn de líomhain an Choimisiúin go raibh sé d’éifeacht ag an iompar líomhainte gur cuireadh cosc ar Icera, ag céim chinntitheach dá fhorbairt, teacht ar Huawei nó ar ZTE, rud a mhaíonn sé go raibh sé ag brath air chun forbairt a dhéanamh sa deighleog den mhargadh d’fhoirne sliseanna UMTS ar thús cadhnaíochta. |
|
529 |
Mar thaca leis an tríú cuid, áitíonn an t‑iarratasóir, le linn na tréimhse ábhartha, gur thiomsaigh Icera cistí breise, go háirithe trí Nvidia a cheannach, rud a bhaineann an bonn do líomhain an Choimisiún go raibh sé d’éifeacht ag an iompar líomhainte go raibh ar Icera díolacháin ar caillteanas a dhéanamh agus a chaipiteal riosca a ídiú. |
|
530 |
Mar thaca leis an gceathrú cuid, maíonn an t‑iarratasóir nach bhféadfadh sé a bheith d’éifeacht ag an iompar líomhainte go n‑eisiafaí an iomaíocht ó theicneolaíocht Icera. Dar leis, ní bheadh ach tionchar teoranta ann i gcás aistarraingt Icera ón margadh, nó tionchar ar bith fiú, ar na praghsanna arna ghearradh aige as a fhoirne sliseanna UMTS ‘ar thús cadhnaíochta’ nó aon fhoireann sliseanna UMTS eile, go háirithe toisc go raibh teicneolaíocht agus eolas Icera inaistrithe, sa chaoi nach mbeadh tionchar ar an iomaíocht mura mbeadh sé ar an margadh a thuilleadh. |
|
531 |
Cuireann an Coimisiún agus an t‑idiragraí i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
532 |
Ní mór a thabhairt faoi deara, mar a mhaíonn an Coimisiún ina phléadálacha, gur ar mhaithe le hiomláine amháin a léirigh sé, i bpointe 12.7.4 den chinneadh atá faoi chonspóid, go raibh éifeachtaí frithiomaíocha ag an iompar líomhainte, rud a chuireann an t‑iarratasóir ina choinne i gcomhthéacs na gcodanna eile. Is léir ó chásdlí socair nach mór diúltú do ghearáin arna ndíriú i gcoinne forais iomarcacha i gcinneadh ón gCoimisiún ón tús toisc iad a bheith gan éifeacht, de bhrí nach bhféadfadh sé a bheith de thoradh orthu go gcuirfí an gníomh sin ar neamhní (breithiúnais an 8 Bealtaine 2003, T. Port v an Coimisiún, C‑122/01 P, EU:C:2003:259, mír 17, agus an 8 Iúil 2004, Dalmine v an Coimisiún, T‑50/00, EU:T:2004:220, mír 146), rud a fhágann go bhfuil na codanna sin gan éifeacht, ar aon nós (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Márta 2012, Telefónica agus Telefónica de España v an Coimisiún, T‑336/07, EU:T:2012:172, mír 283). |
|
533 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don dara cuid agus don cheathrú cuid den naoú saincheist dlí ón iarratasóir. Dá thoradh sin, ós rud é gur diúltaíodh don chéad chuid den tsaincheist dlí sin freisin (féach mír 527 thuas), ní mór diúltú don tsaincheist dlí sin ina hiomláine. |
An deichiú saincheist dlí, lena n‑éilítear ‘earráidí follasacha measúnaithe’ fíorais agus dlí, cúiseanna neamhleora agus sárú ar an gceart chun éisteachta agus ar phrionsabal an dea-riaracháin, a mhéid a tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur áirithíodh le cleachtais phraghsála an iarratasóra gur cuireadh chun feidhme plean a bhí ceaptha chun Icera a eisiamh
|
534 |
Tá an deichiú saincheist dlí comhdhéanta de trí chuid. Leis an gcéad chuid, éilítear go bhfuil neamhréireacht ag baint leis an ‘teoiric dhíobhála’ a d’fhorbair an Coimisiún ar bhonn na ndoiciméad dá dtagraítear sa chinneadh atá faoi chonspóid. Leis an dara cuid, éilítear go ndearnadh léiriú mícheart agus cur i láthair mícheart ar dhoiciméid inmheánacha áirithe a bhfuil an Coimisiún ag brath orthu sa chinneadh sin chun an rún chun iomaitheoir a eisiamh a léiriú. Tá an tríú cuid bunaithe ar fhostaí de chuid an iarratasóra a bheith sóisearach, nach raibh cumhacht chinnteoireachta aige maidir le praghsanna, a bhfuil roinnt doiciméid inmheánacha a scríobh sé luaite ag an gCoimisiún chun a léiriú go raibh straitéis chreiche ann. |
|
535 |
Cuireann an Coimisiún agus an t‑idiragraí i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
536 |
In aithris 1118 den chinneadh atá faoi chonspóid, shonraigh an Coimisiún, chun rún an iarratasóra chun iomaitheoir a eisiamh a léiriú, gur bhraith sé ní hamháin ar na doiciméid arna lua go sainráite i bpointe 12.8 den chinneadh sin, a bhaineann go sonrach le rún den sórt sin, ach freisin ar fhianaise eile a leagtar amach i bpointe 12.4.2 den chinneadh sin agus ar na naisc a bhí sé in ann a léiriú idir an fhianaise sin agus an anailís ar phraghsanna/costais laistigh den chinneadh céanna a mhéid a bhaineann le foireann sliseanna MDM8200 (aithrisí 954 go 956 den chinneadh atá faoi chonspóid), a mhéid a bhaineann le foireann sliseanna MDM6200 (aithrisí 968 go 971 den chinneadh atá faoi chonspóid) agus a mhéid a bhaineann le foireann sliseanna MDM8200A (aithrisí 977 go 978 den chinneadh atá faoi chonspóid). I ndáil leis sin, luaigh sé, in aithris 1118 den chinneadh atá faoi chonspóid, agus níor chuir an t‑iarratasóir ina choinne sin, go raibh an fhianaise agus na haithrisí sin mar chuid dhílis dá anailís chun rún an iarratasóra eisiamh a dhéanamh a léiriú. |
|
537 |
Léirigh an Coimisiún ina dhiaidh sin go raibh rún ag an iarratasóir iomaitheoir a eisiamh, i dtaca le cur i bhfeidhm praghsanna creachacha i ndáil le Huawei agus ZTE, le haghaidh fhoirne sliseanna MDM8200, MDM6200 agus MDM8200A, ar bhonn fianaise dhíreach, eadhon doiciméid inmheánacha an iarratasóra (pointe 12.8.1 den chinneadh atá faoi chonspóid) agus indíreach, eadhon an comhthéacs (pointe 12.8.2 den chinneadh atá faoi chonspóid). |
|
538 |
Maidir le fianaise dhíreach, go háirithe, is léir ó aithris 1120 den chinneadh atá faoi chonspóid gur roghnaigh an Coimisiún, i measc na fianaise a ndearnadh achoimre uirthi i bpointe 12.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid, naoi gcomhfhreagras ríomhphost inmheánach mar shamplaí an‑soiléir, dar leis, den phlean chun Icera a eisiamh a bhí ag ardbhainistíocht an iarratasóra, a leag sé amach in aithrisí 1121 go 1137 den chinneadh sin. |
|
539 |
Is iad sin an comhfhreagras agus na ríomhphoist seo a leanas:
|
|
540 |
Maidir leis an bhfianaise indíreach, bhraith an Coimisiún ar na cúig ghné den chomhthéacs seo a leanas, eadhon, go raibh an t‑iompar líomhainte an‑dírithe, méid sunstasach na ndíolachán faoi luach a rinne an t‑iarratasóir sa deighleog ar thús cadhnaíochta, an‑straitéiseach, d’fhoireann sliseanna UMTS, nach raibh aon bhriseadh san iompar líomhainte le linn na tréimhse ábhartha, an dá íocaíocht CIN a bhí dírithe ar laghdú praghais faoi cheilt a thabhairt d’fhoirne sliseanna MDM8200 agus MDM6200 agus na híobairtí airgeadais a rinne an t‑iarratasóir ó thaobh praghsanna agus soláthair de a áirithiú. I ndáil leis sin, shonraigh an Coimisiún, in aithris 1138 den chinneadh atá faoi chonspóid, gur leor an fhianaise sin féin, chun a léiriú go raibh rún ag an iarratasóir Icera a eisiamh ón margadh ábhartha. |
|
541 |
De réir cásdlí socair, ós rud é gur leor forais áirithe de chinneadh iontu féin chun an bonn cirt a thabhairt don chinneadh ó thaobh an chaighdeáin dlí de, níl aon tionchar ar an gcuid oibríochtúil den chinneadh ag lochtanna a bhaineann le forais eile den chinneadh, in aon chás (breithiúnais an 21 Meán Fómhair 2005, EDP v an Coimisiún, T‑87/05, EU:T:2005:333, mír 144, agus an 29 Márta 2012, Telefónica agus Telefónica de España v an Coimisiún, T‑336/07, EU:T:2012:172, mír 283). |
|
542 |
Sa chás seo, ní mór scrúdú a dhéanamh an amhlaidh nach bhfuil éifeacht ag an tsaincheist dlí seo a mhéid a mhaíonn an t‑iarratasóir go ndearna an Coimisiún earráidí nuair a tháinig sé ar an gconclúid gur fhág a chleachtais phraghsála gur cuireadh plean i bhfeidhm a bhí beartaithe chun Icera a eisiamh. |
|
543 |
Ar dtús, ní mór a thabhairt faoi deara, maidir leis an bhfianaise dhíreach, nach gcuireann an t‑iarratasóir i gcoinne go sainráite, i gcomhthéacs an dara cuid den tsaincheist dlí seo, an léirithe a thug an Coimisiún ar cheithre cinn de na naoi gcomhfhreagras ríomhphost a measadh sa chinneadh atá faoi chonspóid mar shamplaí an‑soiléir go raibh rún ann chun Icera a eisiamh, eadhon an comhfhreagras i bhFeabhra 2009 (an dara píosa fianaise dírí), an comhfhreagras i mí Eanáir 2010 (an cúigiú agus an séú píosa fianaise dírí) agus an comhfhreagras i Meitheamh 2010 (an seachtú píosa fianaise dírí). |
|
544 |
Maidir leis an bhfostaí a mhaítear a bheith sóisearach, atá i gceist sa tríú cuid den tsaincheist dlí seo, ní raibh sé páirteach ach sa chomhfhreagras ríomhphost i bhFeabhra 2009 (eadhon an dara píosa fianaise dírí), sa dara comhfhreagras ríomhphost i Nollaig 2009 (eadhon an ceathrú píosa fianaise dírí) agus sa dá chomhfhreagras ríomhphost in Eanáir 2010 (eadhon an cúigiú agus an séú píosa fianaise dírí), ach ní i gcomhthéacs na ríomhphost a seoladh i Nollaig 2008 (eadhon an chéad phíosa fianaise dírí), an chéad chomhfhreagras ríomhphost i Nollaig 2009 (eadhon an tríú píosa fianaise dírí), agus an comhfhreagras ríomhphost i Meitheamh 2010 (eadhon an seachtú píosa fianaise dírí) agus an comhfhreagras ríomhphost i Nollaig 2010 (eadhon an t‑ochtú píosa fianaise dírí) agus an comhfhreagras ríomhphost i mBealtaine 2011 (eadhon an naoú píosa fianaise dírí). |
|
545 |
Is léir ón méid sin, san iarratas, nach gcáineann an t‑iarratasóir, mar thaca leis an tsaincheist dlí seo, an léiriú a thug an Coimisiún sa chinneadh atá faoi chonspóid ar na ríomhphoist a seoladh i Nollaig 2008 (eadhon an chéad phíosa fianaise dírí), ar an gcéad chomhfhreagras ríomhphost i Nollaig 2009 (eadhon an tríú píosa fianaise dírí), ar an gcomhfhreagras ríomhphost i Nollaig 2010 (eadhon an t‑ochtú píosa fianaise dírí) agus an comhfhreagras ríomhphost i mBealtaine 2011 (eadhon an naoú píosa fianaise dírí). |
|
546 |
Léiríonn an comhfhreagras ríomhphoist thuasluaite, iontu féin, go raibh straitéis ag an iarratasóir chun Icera a eisiamh. |
|
547 |
Mar is léir ó phointe 539 thuas, tagraíonn an comhfhreagras ríomhphost ó Nollaig 2008 (eadhon an chéad phíosa fianaise dírí) don fhíoras gan ligean d’Icera aon ‘deis’ a fháil le Huawei, a bheith ag obair le Huawei chun ZTE a bhrú i gcás ina bhfaigheadh Icera ZTE agus laghdú breise praghais de 2 nó 3 % a thabhairt do Huawei chun a áirithiú go mbeadh sciar 100 % aige leis an gcustaiméir sin. Dá réir sin, sainaithnítear Icera go soiléir sa chomhfhreagras sin, mar an gcéanna leis an ngá don iarratasóir gníomhú ina leith trí bheith ag obair le Huawei trí laghdú breise praghais a thabhairt dó ionas nach ligfí d’Icera aon ‘deis’ a bheith aige leis an gcustaiméir sin. |
|
548 |
Ní mór a thabhairt faoi deara freisin go raibh sé de cheart ag an gCoimisiún brath ar an gcomhfhreagras ríomhphost i Nollaig 2008, fiú más rud é gur tharla an comhfhreagras sin cúpla mí roimh thús na tréimhse ábhartha. Is léir ón gcásdlí gur féidir leis an gCoimisiún gnéithe a chur san áireamh a léiríodh lasmuigh de thréimhse an tsáraithe má tá na gnéithe sin mar chuid den tsraith fianaise arna hagairt ag an gCoimisiún chun an sárú sin a chruthú (féach, chuige sin, breithiúnais an 2 Feabhra 2012, Denki Kagaku Kogyo agus Denka Chemicals v an Coimisiún, T‑83/08, nár foilsíodh, EU:T:2012:48, mír 193, agus an 16 Meitheamh 2015, FSL agus páirtithe eile v an Coimisiún, T‑655/11, EU:T:2015:383, mír 178). Thairis sin, is cosúil go mbeadh tréimhse ama áirithe cur chun feidhme nithiúil straitéise chun iomaitheoir a eisiamh ag teastáil agus, dá réir sin, go dtarlóidh sé roinnt míonna i ndiadh é a bheartú. |
|
549 |
Tagraíonn an chéad chomhfhreagras ríomhphost i Nollaig 2009 (eadhon an tríú píosa fianaise dírí) do laghdú ar phraghas fhoireann sliseanna MDM6200 le haghaidh ZTE agus don fhíoras nach féidir leis an iarratasóir ligean do Icera líon mór conarthaí a fháil, rud a chabhródh leis é féin a neartú. Is léir ón méid sin go sainaithnítear Icera go soiléir sa chomhfhreagras sin, agus an gá go ngníomhódh an t‑iarratasóir i ndáil leis, tríd an laghdú céanna praghais a dheonú do ZTE ionas nach neartódh Icera é féin trí chonarthaí a bhaint amach leis an gcustaiméir sin, go háirithe. |
|
550 |
Sa chomhfhreagras ríomhphost i Nollaig 2010 (eadhon an t‑ochtú píosa fianaise dírí), tagraítear do thacaíocht speisialta do ZTE seachas do ghnáthchoigeartuithe ar phraghsanna. Ar an gcaoi chéanna, is léir ón gcomhfhreagras sin go sainaithnítear Icera go soiléir, mar an gcéanna leis an réamhaisnéis seachadta chuig ZTE sa chás nach dtabharfaí tacaíocht speisialta do ZTE seachas gnáthchoigeartuithe ar na praghsanna. |
|
551 |
Tagraítear sa chomhfhreagras i mBealtaine 2011 (eadhon an naoú píosa fianaise dírí) do na deacrachtaí airgeadais a bhí ag Icera, a d’fhág go raibh amhras ann gur thug fostaí sinsearach an iarratasóra laghduithe breise ar na praghsanna le haghaidh fhoireann sliseanna MDM8200A, a léiríonn go raibh tionchar ar staid airgeadais Icera ar bheartas praghsanna an iarratasóra le linn na tréimhse ábhartha. |
|
552 |
Leis an bhfíoras nach dtagann an t‑iarratasóir faoi cheist an léiriú a thug an Coimisiún sa chinneadh atá faoi chonspóid ar an gcomhfhreagras ríomhphoist dá dtagraítear i mír 545 thuas, fágtar go bhfuil an tsaincheist dlí seo gan éifeacht mar sin a mhéid a thagraíonn an t‑iarratasóir d’earráidí a rinne an Coimisiún nuair a tháinig sé ar an gconclúid gur áirithíodh lena chleachtais phraghsála gur cuireadh chun feidhme plean chun Icera a eisiamh. Fiú más gá aontú leis an iarratasóir a leanúint a mhéid a bhaineann lena cháineadh ar an léiriú a thug an Coimisiún ar chomhfhreagras áirithe ríomhphost a bhfuil sé ag brath air mar fhianaise dhíreach, fós féin, léiríonn an fhianaise nach gcuireann sé ina gcoinne, inti féin, go raibh rún aige chun Icera a eisiamh. |
|
553 |
In aon chás, chun a léiriú go raibh sé de rún ag an iarratasóir iomaitheoir a eisiamh, bhraith an Coimisiún, sa chinneadh atá faoi chonspóid ar fhianaise indíreach freisin. |
|
554 |
Is léir ó aithris 1138 den chinneadh atá faoi chonspóid, nár chuir an t‑iarratasóir ina choinne, gur leor an fhianaise indíreach chun a léiriú go raibh rún ag an iarratasóir Icera a eisiamh. |
|
555 |
Thairis sin, mar thaca leis an tsaincheist dlí seo, ardaíonn an t‑iarratasóir trí chuid, ach ní cháintear le haon cheann acu an slabhra fianaise indíreach atá i gceist i bpointe 12.8.2 den chinneadh atá faoi chonspóid, ós rud é go mbaineann an chéad cheann leis an ‘teoiric dhíobhála’ arna forbairt ag an gCoimisiún, go dtugtar faoi cheist leis an dara ceann an léiriú agus an cur i láthair a rinne an Coimisiún ar fhianaise áirithe, eadhon doiciméid inmheánacha áirithe de chuid an iarratasóra, agus go maítear leis an dara ceann gur fostaí sóisearach a bhí i gceist, a luaigh an Coimisiún i gcuid de na doiciméid a scríobh sé mar fhianaise dhíreach. |
|
556 |
Dá bhrí sin, ós rud é gur leor an tsraith fianaise indírí ar a raibh an Coimisiún ag brath i bpointe 12.8.2 den chinneadh atá faoi chonspóid, inti féin, chun a léiriú go raibh rún ag an iarratasóir Icera a eisiamh, tá sé d’éifeacht ag an bhfíoras nach dtugann an t‑iarratasóir faoi cheist an fhianaise sin i gcomhthéacs na saincheiste dlí seo go bhfuil an tsaincheist dlí sin gan éifeacht a mhéid a thagraíonn an t‑iarratasóir d’earráidí a rinne an Coimisiún nuair a tháinig sé ar an gconclúid gur áirithíodh lena chleachtais phraghsála gur cuireadh chun feidhme plean chun Icera a eisiamh. |
|
557 |
In aon chás, de réir an chásdlí, i gcás ina gcuireann gnóthas ceannasach praghsanna i bhfeidhm atá faoi bhun na ATCanna, chun a léiriú go raibh mí-úsáid ann, ní mór don Choimisiún brath ar shraith fianaise dáiríre agus comhsheasmhaí lenar féidir a léiriú go raibh an rún ag an ngnóthas sin iomaitheoir a eisiamh (féach, chuige sin, breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 1994, Tetra Pak v an Coimisiún, T‑83/91, EU:T:1994:246, mír 151, agus 30 Eanáir 2007, France Télécom v an Coimisiún, T‑340/03, EU:T:2007:22, mír 197). Ní mór don réasúnaíocht a bheith dírithe ar a léiriú, trí bhraith ar ghnéithe anailíse agus fianaise shonrach agus nithiúil, go raibh sé d’acmhainn ag an iompar sin, ar a laghad, éifeachtaí eisiatacha a chruthú (féach breithiúnas an 21 Nollaig 2023, European Superleague Company, C‑333/21, EU:C:2023:1011, mír 130). |
|
558 |
I gcás ina bhfuil sraith fianaise ann atá leordhóthanach prima facie, is faoin iarratasóir atá sé míniú eile a sholáthar ina iarratas, atá iomlán agus comhsheasmhach, lenar féidir brí eile a bhaint as na píosaí éagsúla fianaise dá dtagraítear sa chinneadh atá faoi chonspóid (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Nollaig 2012, Almamet v an Coimisiún, T‑410/09, nár foilsíodh, EU:T:2012:676, mír 145). |
|
559 |
Sa chás seo, chuir an Coimisiún i leith an iarratasóra gur chuir sé i bhfeidhm praghsanna a bhí faoi bhun na LRAICanna, ach os cionn na AVCanna. Ar mhaithe le sárú a léiriú sa chás seo, bhí ar an gCoimisiún a chur ar fáil, inter alia, fianaise dháiríre go raibh rún ag an iarratasóir Icera a eisiamh, rud a rinne sé i bpointe 12.8 den chinneadh atá faoi chonspóid. |
|
560 |
Mar is léir ó mhír 538 thuas, i bpointe 12.8.1 den chinneadh atá faoi chonspóid, tagraíonn an Coimisiún do roinnt doiciméid inmheánacha de chuid an iarratasóra, eadhon naoi gcomhfhreagras ríomhphost a léiríonn, dar leis, go han‑sonrach go raibh straitéis ann chun Icera a eisiamh ón margadh ábhartha. |
|
561 |
Mar a luaitear i mír 545 thuas, san iarratas, ní cháineann an t‑iarratasóir, mar thaca leis an tsaincheist dlí seo, an léiriú a thug an Coimisiún sa chinneadh atá faoi chonspóid ar na ríomhphoist a seoladh i Nollaig 2008 (eadhon an chéad phíosa fianaise dírí), ar an gcéad chomhfhreagras ríomhphoist i Nollaig 2009 (eadhon an tríú píosa fianaise dírí), ar an gcomhfhreagras ríomhphost i Nollaig 2010 (eadhon an t‑ochtú píosa fianaise dírí) agus an comhfhreagras ríomhphost i mBealtaine 2011 (eadhon an naoú píosa fianaise dírí). Mar a cinneadh i mír 546 thuas, léiríonn an comhfhreagras ríomhphost sin, ann féin, gurb ann do straitéis chun Icera a eisiamh, agus sin go háirithe i bhfianaise na ndoiciméad dá dtagraítear i bpointe 12.4.2 den chinneadh sin. |
|
562 |
Maidir leis na cúig chomhfhreagras ríomhphost eile, a chuirtear i gcoinne an léirithe a rinne an Coimisiún go sainráite san iarratas, is sraith fianaise dáiríre agus comhsheasmhaí iad ónar féidir a léiriú go raibh rún ag an iarratasóir Icera a eisiamh. |
|
563 |
Ar dtús, ní mór a thabhairt faoi deara go ndearna an Coimisiún iarracht a léiriú, trí bhrath ar fhianaise dhíreach i bpointe 12.8.1 den chinneadh atá faoi chonspóid go raibh an rún ag an iarratasóir Icera a eisiamh, seachas na gnéithe eile den sárú amhail, go sonrach, go raibh praghsanna creachacha ann a mhéid a bhaineann leis na trí fhoirne sliseanna lena mbaineann a dtagraítear dóibh i bpointí eile den chinneadh sin. Dá thoradh sin, is é an rud atá le deimhniú sa chás seo ná an amhlaidh go bhfuil sraith fianaise dáiríre agus comhsheasmhaí sna doiciméid ar a bhfuil an Coimisiún ag brath ónar féidir a léiriú, ina n‑iomláine, go raibh sé de rún ag an iarratasóir Icera a eisiamh, agus níl aon bhreithniú eile ábhartha chuige sin. |
|
564 |
I ndáil leis sin, léirítear go soiléir leis na focail a úsáidtear i ngach ceann de na ríomhphoist sin go raibh an rún ag an iarratasóir Icera a eisiamh. |
|
565 |
Sa chéad áit, sa chomhfhreagras ríomhphost ó Fheabhra 2009 tagraítear go sainráite do Icera mar ‘bhagairt’ agus tagraítear do bhearta coisctheacha atá le glacadh ionas nach sroichfidh sé leibhéal leordhóthanach ó thaobh méideanna de agus nach n‑éireoidh leis i dtaca leis na mórmhonaróirí trealaimh tosaigh. Thairis sin, moltar sa chomhfhreagras ríomhphost Icera a ‘threascairt’ i ndáil le ZTE agus gan ligean do Icera aon deis a fháil le Huawei. Is léir ón méid sin go n‑aithnítear Icera go soiléir sa chomhfhreagras sin, mar a aithnítear an gá don iarratasóir bearta a ghlacadh chun bac a chur air leibhéal méideanna leordhóthanacha a bhaint amach agus é a eisiamh, go háirithe i dtaca leis an dá chustaiméir Huawei agus ZTE. |
|
566 |
Cuireann an t‑iarratasóir i gcoinne na gconclúidí a bhain an Coimisiún as an gcomhfhreagras ríomhphost i bhFeabhra 2009, trína áitiú gur tharla sé sin 3 mhí roimh thús an tsáraithe, nach raibh aon tagairt ann do phraghsáil na dtrí fhoireann sliseanna a bhí i gceist agus go mbainfí de ‘theoiric na creiche indírí’ leis. |
|
567 |
I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 548 thuas, gur féidir leis an gCoimisiún gnéithe arna gcruthú lasmuigh de thréimhse an tsáraithe a chur san áireamh má tá an fhianaise sin mar chuid den tsraith fianaise ar a bhfuil an Coimisiún ag brath chun an sárú sin a chruthú. Thairis sin, is amhlaidh gur féidir an rún chun iomaitheoir a eisiamh a chur in iúl roinnt míonna roimh chur chun feidhme nithiúil na straitéise a bhfuil sé mar chuspóir léi eisiamh den sórt sin. Chomh maith leis sin, níl sé ábhartha nach bhfuil aon tagairt sa chomhfhreagras ríomhphost ó Fheabhra 2009 do phraghsáil na dtrí fhoirne sliseanna nó go dtéann sé i gcoinne ‘theoiric na creiche indírí’, ós rud é nach bhfuil na nithe sin de chineál go dtugtar faoi cheist go raibh an rún ag an iarratasóir Icera a eisiamh. Thairis sin, fiú mura leagtar amach sa chomhfhreagras ríomhphost sin na bearta ba cheart a ghlacadh i ndáil le Icera, fós féin moltar go sainráite bearta coisctheacha i gcoinne Icera a ghlacadh. |
|
568 |
Sa dara háit, sainaithnítear sa chéad chomhfhreagras ríomhphost in Eanáir 2010 (eadhon an cúigiú píosa fianaise dírí) Icera arís agus, go sonrach, a fhoireann sliseanna ICE8042 mar an phríomhbhagairt don iarratasóir agus luaitear na bearta atá le déanamh ag an iarratasóir chun é a eisiamh, eadhon comhoibriú le Huawei agus cistí teoranta Icera a ídiú. Is léir ón méid sin go sainaithnítear Icera go soiléir sa chomhfhreagras sin, chomh maith leis an ngá don iarratasóir gníomhú chun é a eisiamh, go háirithe i dtaca le Huawei. |
|
569 |
Maidir leis an dara comhfhreagras ríomhphost in Eanáir 2010 (eadhon an séú píosa fianaise dírí), tagraítear do bhearta atá le glacadh chun fás Icera ó thaobh méideanna a theorannú agus chun an méid atá bainte amach ag an iarratasóir lena chustaiméirí tábhachtacha, eadhon Huawei agus ZTE, a chosaint, a deirtear gur ábhar ‘tosaíochta’ iad, go háirithe coigeartú ar phraghas fhoirne sliseanna MDM6200 agus MDM8200A. Tagraítear don fhíoras, i gcur i láthair atá i gceangal leis an gcomhfhreagras sin, do ‘bhrú’ a chur ar Icera ar feadh 6 mhí ar mhaithe lena chistí teoranta a ídiú. Is léir ón méid sin go sainaithnítear Icera go soiléir sa chomhfhreagras sin, mar aon leis an ngá don iarratasóir gníomhú d’fhonn é a eisiamh i dtaca le Huawei agus ZTE, go háirithe trí phraghas fhoirne sliseanna MDM6200 agus MDM8200A a choigeartú. |
|
570 |
Déanann an t‑iarratasóir iarracht na conclúidí a bhaineann an Coimisiún as an gcomhfhreagras ríomhphost in Eanáir 2010 a thabhairt faoi cheist trí bhrath ar shraith fhada líomhaintí éagsúla, amhail nár chuir an Coimisiún san áireamh an iomaíocht arna feidhmiú ag HiSilicon sa ‘teoiric dhíobhála’ a d’fhorbair sé, cé go dtagraítear di i ríomhphoist an 1 Eanáir 2010, easpa tagartha d’fhoireann sliseanna MDM8200 nó don fhíoras gurbh é an príomhábhar do na ríomhphoist sin an iomaíocht le Vodafone. Ní féidir a mheas go bhfuil líomhaintí den sórt sin ábhartha, áfach, os rud é nach bhfuil siad de chineál gur féidir rún an iarratasóra chun Icera a eisiamh a thabhairt faoi cheist. |
|
571 |
Thairis sin, ní chuireann an t‑iarratasóir ina choinne go dtagraíonn na ríomhphoist ó Eanáir 2010 do bhearta, go háirithe bearta taraife, atá le glacadh i ndáil le Huawei agus ZTE chun fás Icera a theorannú agus iallach a chur ar a chistí teoranta a ídiú. I ndáil leis sin, cé go gcuireann an t‑iarratasóir i gcoinne an léirithe a thug an Coimisiún ar an téarma ‘brú’ nach gciallaíonn ‘cistí a ghearradh’, dar leis, fós féin tagraíonn an abairt ina n‑úsáidtear an téarma sin, eadhon ‘brú a chur ar Icera ar feadh thart ar [6] mhí chun a chistí an‑teoranta a thagann ó chaipiteal riosca [caipiteal fiontair] a ídiú’, gan débhrí, do straitéis atá dírithe ar Icera a spíonadh ó thaobh airgeadais de. Ní mór a thabhairt faoi deara freisin nach maíonn an t‑iarratasóir gur cheart aon léiriú eile a thabhairt don téarma ‘brú’ lenar féidir a thabhairt faoi cheist go raibh an straitéis sin díobhálach do Icera. |
|
572 |
Sa tríú háit, tagraítear sa tríú comhfhreagras ríomhphost i Meitheamh 2010 (eadhon an seachtú píosa fianaise dírí) don fhíoras sainráite nach raibh ag éirí go maith le foireann sliseanna ICE8042 le Huawei agus ZTE a thuilleadh agus gur cruthaíodh go raibh ‘rath’‘ar an straitéis sin brú a chur ar fhoireann sliseanna ICE8042 leis an dá fhoireann sliseanna MDM6200 agus MDM8200A’. Is léir ón méid sin gur chuir an t‑iarratasóir straitéis chun feidhme, i ndáil le Huawei agus ZTE, ag brath ar fhoirne sliseanna MDM6200 agus MDM8200A agus a bhí dírithe ar Icera. |
|
573 |
I ndáil leis sin, braitheann an t‑iarratasóir ar shraith líomhaintí éagsúla neamhábhartha, toisc nach dtugtar faoi cheist leo go raibh rún aige Icera a eisiamh, amhail an easpa trácht d’fhoireann sliseanna MDM8200 sa chomhaontú a bhaineann le costais innealtóireachta neamh-aisfhillteacha arna thabhairt i gcrích le ZTE nó maoiniú breise ó chistí dílse a d’fhógair Icera i mBealtaine 2010. Leis sin, ní chuireann an t‑iarratasóir ina choinne, áfach, go dtagraíonn an comhfhreagras ríomhphost in 2010 do straitéis i ndáil le Huawei agus ZTE i gcoinne Icera, trí fhoirne sliseanna MDM6200 agus MDM8200A agus a cuireadh chun feidhme iarbhír, toisc go raibh sé léirithe gurbh fhiú í. |
|
574 |
Sa cheathrú háit, mar thaca, go háirithe, leis an tríú cuid den tsaincheist dlí seo, áitíonn an t‑iarratasóir go bhfuil an Coimisiún ag brath ar dhoiciméid arna ndréachtú ag fostaí sóisearach nach bhfuil údarás ná tionchar aige ar na praghsanna agus dá réir sin, nach bhféadfadh ról cinntitheach a bheith aige chun straitéis eisiata Icera a chur chun feidhme. I ndáil leis sin, is léir ó phointe 12.8.1 den chinneadh atá faoi chonspóid go raibh an fostaí sin páirteach sa chomhthéacs sin sa chomhfhreagras ríomhphost i bhFeabhra 2009, Nollaig 2009 agus Eanáir 2010. |
|
575 |
Maidir leis an gcomhfhreagras ríomhphost i bhFeabhra 2009 (eadhon an dara píosa fianaise dírí), is léir ó aithris 1122 den chinneadh atá faoi chonspóid gur chuir an fostaí lena mbaineann a ‘anailís maidir le bagairt Icera’ ar aghaidh chuig duine d’ardbhainisteoirí an iarratasóra, a d’fhormheas an anailís sin agus gur chuir sé é ar aghaidh chuig comhaltaí eile den ardbhainistíocht sin. |
|
576 |
Maidir leis an dara comhfhreagras ríomhphost i Nollaig 2009 (eadhon an ceathrú píosa fianaise dírí), ní chuireann an t‑iarratasóir ina choinne gur duine d’ardbhainistíocht a mhol ceist gan tábhacht a dhéanamh den phraghas atá i gceist chun ligean d’fhoireann sliseanna MDM8200 ‘an bhearna a líonadh’. |
|
577 |
Ar deireadh, maidir leis an gcomhfhreagras ríomhphost in Eanáir 2010 (eadhon an cúigiú agus an séú píosa fianaise dírí), ina bhfuil moladh an fhostaí lena mbaineann chun ‘brú’ a chur ar Icera ar mhaithe lena chistí teoranta a ídiú, aontaítear gur seoladh é chuig roinnt comhaltaí den ardbhainistíocht. Thairis sin, luadh an moladh sin in athuair i gcur i láthair a d’ullmhaigh an fostaí sin, atá i gceangal le miontuairisc a bhaineann le ‘scrúdú Icera’ a sheol comhalta den ardbhainistíocht sin chuig ardbhainistíocht an iarratasóra. |
|
578 |
Is léir ón méid sin gurb amhlaidh go raibh comhaltaí d’ardbhainistíocht an iarratasóra, a bhfuil údarás agus tionchar acu ar na praghsanna páirteach sa chomhfhreagras ríomhphoist sin, ónar léir go raibh rún ann Icera a eisiamh. |
|
579 |
Is léir ón méid sin thuas gur chruthaigh an Coimisiún ar an gcaighdeán dlí cuí, i bpointe 12.8.1 den chinneadh atá faoi chonspóid, trí fhianaise dhíreach ar sraith fianaise dáiríre agus comhsheasmhaí í, go raibh an rún ag an iarratasóir Icera a eisiamh agus, dá bhrí sin, nár mhainnigh an Coimisiún ina oibleagáid cúiseanna a lua. |
|
580 |
Ar deireadh, ní mór a thabhairt faoi deara nach dtagraíonn an t‑iarratasóir d’aon fhianaise chun a léiriú gur sháraigh an Coimisiún an ceart chun éisteachta agus prionsabal an dea-riaracháin trí theacht ar an gconclúid go raibh sé i gceist lena chleachtais phraghsála plean a chur chun feidhme a bhí beartaithe chun Icera a eisiamh. |
|
581 |
Dá bhrí sin, ní mor an tsaincheist dlí seo a dhiúltú. |
An 11ú saincheist dlí, lena n‑éilítear go ndearnadh ‘earráidí follasacha measúnaithe’ fíorais agus dlí agus cúiseanna neamhleora a mhéid a bhaineann le diúltú an Choimisiúin don bhonn cirt oibiachtúil a chuir an t‑iarratasóir ar aghaidh
|
582 |
Mar thaca leis an 11ú saincheist dlí, déanann an t‑iarratasóir na hargóintí seo a leanas. |
|
583 |
Sa chéad áit, measann an t‑iarratasóir nár chuir an Coimisiún san áireamh an fíoras, trí na laghduithe líomhainte ar phraghsanna a dheonú, nach ndearna sé ach dul leis na praghsanna ‘ionsaitheacha’ arna gcleachtadh ag a iomaitheoir Icera agus go raibh na praghsanna a bhí á gcleachtadh aige os cionn a AVCanna agus dá réir sin, brabúsach agus bailí. Ag tagairt don 4ú saincheist dlí agus don 8ú go dtí an 10ú saincheist dlí, athdhearbhaíonn sé nár chuir sé ‘plean’ chun feidhme ar aon chaoi chun Icera a eisiamh mar gheall air sin. |
|
584 |
Sa dara háit, áitíonn an t‑iarratasóir gur cheart don Choimisiún a chur san áireamh gur deonaíodh na laghduithe praghais a thug Huawei d’fhoireann sliseanna MDM8200 mar fhreagra ar bhrú mór a chuir sé air agus go raibh sé mar aidhm aige, ar thaobh amháin, cabhrú le Huawei orduithe nár comhlíonadh agus fardal imithe i léig a ídiú agus, ar an taobh eile, dul san iomaíocht ó thaobh praghsanna de le gléasanna ZTE lena n‑áirítear foireann sliseanna Icera. |
|
585 |
Sa tríú háit, dearbhaíonn an t‑iarratasóir, le linn an nós imeachta riaracháin, gur mhínigh sé ar bhealach mionsonraithe don Choimisiún gur mheas sé go raibh a stoic féin d’fhoirne sliseanna MDM8200 iomarcach agus imithe i léig. Dar leis, is mar gheall ar an gcúis sin a laghdaigh sé an praghas d’fhoireann sliseanna sin dá chustaiméirí tábhachtacha go léir, rud a chuaigh chun dochair do Huawei agus a d’fhág ar deireadh, gur dheonaigh sé laghdú ar an bpraghas do gach ordú a rinneadh roimhe sin. Dearbhaíonn sé nach bhfágann an fíoras go ndearnadh na horduithe in 2010 agus 2011 ar chor ar bith nach raibh bonn cirt oibiachtúil lena chinneadh chun praghas na bhfoirne sliseanna sin a laghdú d’fhonn éilimh nua a spreagadh. Ar deireadh, cuireann sé béim air, contrártha do líomhaintí an Choimisiúin, gurb amhlaidh gur dheonaigh sé laghduithe ar phraghsanna do gach custaiméir tábhachtach eile, a fuair praghsanna a bhí ag teacht leis na meánphraghsanna díolacháin a deonaíodh do Huawei. |
|
586 |
I bhfianaise an mhéid sin thuas, áitíonn an t‑iarratasóir go raibh bonn cirt oibiachtúil leis an iompar líomhainte agus go ndearna an Coimisiún earráid nuair a tháinig sé ar a mhalairt de chonclúid sa chinneadh atá faoi chonspóid, agus nach raibh cúiseanna bailí aige chuige sin. |
|
587 |
Cuireann an Coimisiún agus an t‑idiragraí i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
588 |
Is léir, go bunúsach, ó Airteagal 2 de Rialachán Uimh. 1/2003 gurbh amhlaidh, i ngach nósanna imeachta chun Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur chun feidhme go bhfuil an t‑ualach cruthúnais maidir le sárú ar na forálacha sin ar an bpáirtí nó an údarás a líomhnaíonn an sárú, ach gur ar an ngnóthas a ardaíonn bonn cirt oibiachtúil é sin a chruthú. |
|
589 |
Thairis sin, is léir, go bunúsach ó aithris 5 de Rialachán Uimh. 1/2003, cé gur faoin bpáirtí nó faoin údarás a líomhnaíonn go ndearnadh sárú ar Airteagail 101 nó 102 CFAE atá sé an sárú sin a chruthú, ar an taobh eile, is faoin ngnóthas a ardaíonn cosaint i gcoinne sárú an fhianaise atá riachtanach faoin dlí a thabhairt ar aird lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha chun an chosaint sin a úsáid. |
|
590 |
Is léir ón méid sin nach mór do ghnóthas amhail an t‑iarratasóir, a ardaíonn bonn cirt oibiachtúil, lena n‑áirítear gnóthachain éifeachtúlachta, d’iompar atá contrártha d’Airteagal 102 CFAE prima facie an méid sin a chruthú ar an gcaighdeán dlíthiúil cuí. |
|
591 |
Sa chás seo, is faoin iarratasóir atá sé a léiriú ar an gcaighdeán dlí cuí nach mór a mheas mar sin féin go bhfuil bonn cirt oibiachtúil leis an iompar sin. |
|
592 |
I ndáil leis sin, is léir ó chásdlí socair nach bhfuil iompar mí-úsáideach má tá údar leis mar gheall ar bhuntáistí a théann chun sochair don iomaíocht nó má fhónann sé do leasanna dlisteanacha. Go sonrach, féadfaidh an gnóthas ceannasach a léiriú, chuige sin, go bhfuil gá lena iompar go hoibiachtúil nó gur féidir leis na tairbhí éifeachtúlachta a théann chun sochair do thomhaltóirí freisin an éifeacht sin a fhritháireamh, nó a bheith níos suntasaí ná mar atá sé fiú. Chuige sin, ní mór don ghnóthas ceannasach lena mbaineann a léiriú, ar an gcéad dul síos, gur féidir gnóthachain éifeachtúlachta a dhéanamh lena iompar trí fhírinne agus raon feidhme na ngnóthachain sin a léiriú, ar an dara dul síos, go ndéantar na héifeachtaí díobhálacha dóchúla atá ag an iompar sin ar an iomaíocht agus ar thomhaltóirí ar an margadh lena mbaineann nó ar na margaí lena mbaineann a fhritháireamh, ar an tríú dul síos go bhfuil fíorghá leis an iompar sin chun na gnóthachain éifeachtúlachta sin a dhéanamh agus, ar an gceathrú dul síos, nach ndéantar an iomaíocht a dhíothú leis trí na foinsí iomaíochta iarbhír nó féideartha a eisiamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Márta 2012, Post Danmark, C‑209/10, EU:C:2012:172, míreanna 40 agus 42 agus an cásdlí dá dtagraítear). Is i bhfianaise na bprionsabal sin is gá na boinn chirt arna gcur ar aghaidh ag an iarratasóir a mheas. |
|
593 |
Ar dtús, ní mór a thabhairt faoi dara nach míníonn an t‑iarratasóir ar chor ar bith conas a d’fhéadfadh sé go raibh ‘gá’ leis an iompar creachach ‘go hoibiachtúil’ a cuireadh ina leith agus cad iad na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis do thomhaltóirí agus fiú go ndéanfaí an éifeacht eisiatach iarbhír nó féideartha do Icera ar an margadh, nó go raibh ‘fíorghá’ leis an iompar sin chun gnóthachain éifeachtúlachta chun sochar do thomhaltóirí a bhaint amach, de réir an chásdlí dá dtagraítear i mír 592 thuas. |
|
594 |
Ní léirítear leis na trí bhonn cirt arna n‑ardú ag an iarratasóir dá iompar creachach eadhon, ar an gcéad dul síos, ailíniú le praghsanna ‘ionsaitheacha’ Icera agus cur i bhfeidhm praghsanna atá os cionn AVCanna, ar an dara dul síos, laghduithe ar phraghas fhoireann sliseanna MDM8200 arna ndeonú do Huawei chun cabhrú leis a stoic de na foirne sliseanna iomarcacha agus imithe i léig a ídiú agus, ar an tríú dul síos, laghduithe ar phraghas na foirne sliseanna sin do Huawei chun a stoic féin iomarcacha agus imithe i léig den fhoireann sliseanna sin a ídiú, go bhfuil gá leis an iompar líomhainte go hoibiachtúil ná go bhféadfadh na tairbhí a théann chun sochair do thomhaltóirí freisin an éifeacht eisiatach atá aige i ndáil le Icera a fhritháireamh nó a bheith níos láidre ná é fiú. |
|
595 |
Nuair a cuireadh an cheist sin air le linn na héisteachta, ní dhearna an t‑iarratasóir ach tagairt don bhrú arna chur ag Huawei chun praghsanna níos ísle le haghaidh fhoireann sliseanna MDM8200 a fháil agus don riosca go gcuirfeadh sé orduithe eile ar ceal, trí na cúirteanna, más gá. I bhfianaise an chásdlí dá dtagraítear i mír 592 thuas, ní féidir leis na gnéithe sin a léiriú go hoibiachtúil go dtagann mí-úsáid faoin toirmeasc in Airteagal 102 CFAE. |
|
596 |
Is léir ón méid sin nár léirigh an t‑iarratasóir go leordhóthanach, de réir bhrí Airteagal 2 de Rialachán Uimh. 1/2003 agus an chásdlí dá dtagraítear i mír 592 thuas, go raibh bonn cirt oibiachtúil leis an iompar sin, ar leor é sin chun an 11ú saincheist dlí a dhiúltú gan gá a bheith ann scrúdú a dhéanamh an ndearna an Coimisiún earráidí fíorais, dlí agus measúnuithe agus go ndearnadh sárú ar a oibleagáid chun cúiseanna a lua trí na húdair a chuir an t‑iarratasóir ar aghaidh le linn an nós imeachta riaracháin. |
|
597 |
In aon chás, is cosúil go dtugtar cúiseanna leordhóthanacha i bpointe 12.9 den chinneadh atá faoi chonspóid agus nach bhfuil earráidí measúnaithe ná fíorais ag baint leo. |
|
598 |
Maidir leis an ailíniú ar phraghsanna ‘ionsaitheacha’ Icera, is leor a thabhairt faoi deara nach n‑aithnítear sa chásdlí go bhfuil aon cheart ag an ngnóthas ceannasach chun é féin a ailíniú le praghsanna a iomaitheoirí, agus sin go háirithe i gcás ina bhfuil sé de thoradh ar an ailíniú sin go dtugtar bonn cirt do phraghsanna creachacha a úsáid atá toirmiscthe ag an gConradh freisin (féach, chuige sin, breithiúnas an 30 Eanáir 2007, France Télécom v an Coimisiún, T‑340/03, EU:T:2007:22, mír 182). |
|
599 |
Ina theannta sin, má líomhnaítear go raibh sé ‘réasúnach’ go ndéanfadh an t‑iarratasóir é féin a ailíniú le praghsanna Icera, ní fhágann sé sin go bhfuil ‘bonn cirt’ oibiachtúil leis de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 592 thuas, de bhrí go gcruthódh sé gnóthachain éifeachtúlachta. Ní leor gur féidir iompar a aicmiú mar ‘réasúnach’ ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta de i súile an ghnóthais a chuireann chun feidhme é chun go mbeidh bonn cirt oibiachtúil leis de réir bhrí dhlí na hiomaíochta. |
|
600 |
Maidir le cur i bhfeidhm praghsanna os cionn AVCanna, ní mór a thabhairt faoi deara, de réir an chásdlí a eascraíonn ó bhreithiúnas an 3 Iúil 1991, AKZO v an Coimisiún (C‑62/86, EU:C:1991:286, míreanna 71 agus 72) go mbaineann gnóthas ceannasach, fiú má chuireann sé i bhfeidhm praghsanna atá faoi bhun na ATCanna, ach os cionn AVCanna mí-úsáid as a cheannasacht má ghníomhaíonn sé ar an mbealach sin i gcomhthéacs plean atá beartaithe chun iomaitheoir a eisiamh. I gcás ina bhfuil straitéis eisiatach den sórt sin ann, mar is amhlaidh sna príomhimeachtaí, is beag tábhacht go maítear go raibh na praghsanna arna gcleachtadh ‘brabúsach agus bonn cirt leo’ a mhéid a bhí siad os cionn AVCanna. |
|
601 |
Maidir leis na laghduithe ar phraghas fhoireann sliseanna MDM8200 a tugadh do Huawei chun cabhrú leis na stoic bhreise agus imithe i léig den fhoireann sliseanna sin a ídiú, ní mór a thabhairt faoi deara nach mbaineann siad ach leis na praghsanna arna dtairgeadh do Huawei le haghaidh fhoireann sliseanna MDM8200. Ní fhéachann an t‑iarratasóir le bonn cirt a thabhairt, trí mhínithe fada, ar phraghsanna creachacha arna ndeonú do ZTE nó praghsanna creachacha arna ndeonú d’fhoirne sliseanna MDM6200 agus MDM8200A. |
|
602 |
Ní mór a thabhairt faoi deara freisin, maidir leis na laghduithe ar phraghas fhoireann sliseanna MDM8200 arna ndeonú do Huawei chun cabhrú leis na stoic iomarcacha agus imithe i léig den fhoireann sliseanna sin a ídiú, gurb amhlaidh, mar a luaigh an Coimisiún in aithris 1185 den chinneadh atá faoi chonspóid, go ndearna Huawei orduithe nua den fhoireann sliseanna sin le Qualcomm in 2010 agus 2011, rud a dheimhnigh an t‑iarratasóir, nuair a cuireadh an cheist sin air le linn na héisteachta. Dá bhrí sin, ní dhearna an Coimisiún earráid nuair a mheas sé nach raibh sé inchreidte go bhféadfaí na laghduithe sin ar phraghsanna a thabhairt chun cabhrú le Huawei a stoic iomarcacha d’fhoireann sliseanna a bhí imithe i léig a ídiú. |
|
603 |
Mar an gcéanna, maidir leis na laghduithe ar praghas fhoireann sliseanna MDM8200 a dheonaigh an t‑iarratasóir do Huawei ar mhaithe lena stoic iomarcacha agus imithe i léig den fhoireann sliseanna sin a ídiú, is deacair a chreidiúint gurbh é sin an cuspóir a bhí ag na laghduithe sin. Mar a mhaíonn an Coimisiún, agus an ceart aige, dá mba rud é gurbh amhlaidh an cás, bheadh laghduithe ar phraghas deonaithe ag an iarratasóir don fhoireann sliseanna sin dá chustaiméirí go léir. Is léir ó Thábla 74 den chinneadh atá faoi chonspóid gurbh é Huawei an t‑aon chustaiméir a fuair na laghduithe sin agus ar tairgeadh praghsanna a bhí níos ísle go suntasach ná na cinn a chuir an t‑iarratasóir i bhfeidhm maidir lena phríomhchustaiméirí eile. Thairis sin, is léir ó aithris 1185 den chinneadh sin go raibh ar an iarratasóir, i Lúnasa 2010, aonaid nua d’fhoirne sliseanna MDM8200 a tháirgeadh chun déileáil leis an éileamh ó Huawei, rud a dheimhnigh an t‑iarratasóir, nuair a cuireadh ceist air faoi sin le linn na héisteachta, freisin. Ar deireadh, deimhnítear an creachadh indíreach arna thabhairt faoi deara ag an gCoimisiún le hargóint ón iarratasóir gur deonaíodh na laghduithe ar phraghsanna do Huawei chun dul san iomaíocht le gléasanna ZTE a úsáideann foireann sliseanna Icera. |
|
604 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don 11ú saincheist dlí ar aon nós. |
An tríú saincheist dlí, lena n‑éilítear go ndearadh ‘earráid dlí de bharr nár cuireadh an caighdeán dlí ceart i bhfeidhm’
|
605 |
Tá an tríú saincheist dlí comhdhéanta de trí chuid. Leis an gcéad cheann éilítear ‘earráid fhollasach dlí’ agus sárú ar phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus na n‑ionchas dlisteanach, de bharr nár chuir an Coimisiún an ‘caighdeán dlí ceart’ i bhfeidhm, arna leagan síos sa teachtaireacht maidir le tosaíochtaí. Leis an dara ceann, éilítear gur cuireadh i bhfeidhm an cásdlí a bhaineann le praghsáil eisiatach go mícheart, agus, ar bhonn níos ginearálta, le cleachtais phraghsála. Tá an tríú ceann bunaithe ar shárú ar phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus na hintuarthachta. |
An chéad chuid, lena n‑éilítear nár cuireadh i bhfeidhm an ‘caighdeán dlí ceart’ arna leagan síos sa teachtaireacht maidir le tosaíochtaí
|
606 |
Dar leis an iarratasóir is léir ón teachtaireacht maidir leis na tosaíochtaí gurb í an cheist atá ábhartha le linn an scrúdaithe ar chleachtas eisiatach féideartha arna chur i bhfeidhm ag gnóthas ceannasach ná an bhféadfadh an cleachtas sin a bheith ina chúis le hiomaitheoir atá ‘chomh héifeachtach céanna’ a eisiamh. I gcomhréir leis an teachtaireacht sin, ba cheart don Choimisiún freisin, le linn scrúdú den sórt sin, a chruthú, ar an gcéad dul síos, gur sheas an gnóthas ceannasach atá i gceist, tríd an gcleachtas sin a ghlacadh, le caillteanais nó gur tharscaoil sé brabús sa ghearrthéarma d’aon ghnó agus, ar an dara dul síos, go bhféadfadh sé a bheith ag súil leis na caillteanais sin a aisghabháil i ndiaidh na tréimhse creiche líomhainte. Ós rud é gur gheall an Coimisiún go poiblí déanamh de réir na teachtaireachta sin, chruthaigh sé ionchais dhlisteanacha i measc na ngnóthas lena mbaineann. |
|
607 |
Thairis sin, níor fhág an teachtaireacht maidir leis na tosaíochtaí gurbh fhéidir leis an gCoimisiún pionós a fhorchur ar ghnóthas a chuir iompar i bhfeidhm de mheon macánta a tharla nach raibh sé chomh brabúsach agus a bhí sé ag súil leis ar dtús. Ar deireadh, is léir ó phointe 66 den teachtaireacht maidir leis na tosaíochtaí nach bhféadfadh an Coimisiún brath ar an bhfianaise dhoiciméadach ach go heisceachtúil, ar an gcoinníoll go léiríonn siad sin go soiléir go raibh straitéis chreiche ann. |
|
608 |
Sa chás seo, maítear nár chuir an Coimisiún an teachtaireacht maidir leis na tosaíochtaí i bhfeidhm, rud a léirítear leis an easpa tagairt don doiciméad sin sa ráiteas agóidí, sa ráiteas agóidí forlíontach agus sa litir fíoras. Agus é ag tagairt don 8ú go dtí an 10ú saincheist dlí, maíonn an t‑iarratasóir freisin nár léirigh an Coimisiún ar chor ar bith, sa chinneadh atá faoi chonspóid go ndearna sé aon íobairt ó thaobh brabúis de, nach ndearna sé anailís ar an iomaitheoir atá ‘chomh héifeachtach céanna’ agus nár chuir sé san áireamh fianaise a léiríonn, in éagmais an iompair líomhainte, nach mbeadh Icera ag soláthar Huawei agus ZTE. Ag tagairt don 11ú saincheist dlí freisin, measann an t‑iarratasóir go ndearna an Coimisiún earráid fhollasach mheasúnaithe agus fíorais trí dhiúltú don bhonn cirt oibiachtúil a chuir sé ar aghaidh. Ag tagairt don 10ú agus don 11ú saincheist dlí, áitíonn sé gur chuir sé i bhfeidhm an t‑iompar líomhainte de mheon macánta, ós rud é nach bhféadfadh sé an mhodheolaíocht chun costais T&F arna cur chun feidhme ag an gCoimisiún sa chinneadh sin a thuar agus go bhféadfadh sé a bheith ag súil leis go réasúnta go mbeadh a chleachtais phraghsála brabúsach. |
|
609 |
Dá réir sin, rinne an Coimisiún ‘earráid fhollasach mheasúnaithe’ agus sháraigh sé prionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus na n‑ionchas dlisteanacha, agus prionsabal an dea-riaracháin agus an oibleagáid cúiseanna a lua. |
|
610 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
611 |
Mar réamhphointe, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil an teachtaireacht ar na tosaíochtaí teoranta do chur chuige an Choimisiúin a theorannú maidir le rogha na gcásanna nach mór dó a leanúint mar ábhar tosaíochta, sa chaoi nach mbeidh feidhm ag an gcleachtas riaracháin a ghlac sé maidir leis na húdaráis iomaíochta ná na cúirteanna náisiúnta (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2015, Post Danmark, C‑23/14, EU:C:2015:651, mír 52), agus nach bhfuil sé mar chuspóir aige an dlí is infheidhme a chinneadh (breithiúnas an 13 Nollaig 2018, Deutsche Telekom v an Coimisiún, T‑827/14, EU:T:2018:930, mír 114). |
|
612 |
Is léir ón méid sin, dála aon doiciméid eile, cé nach bhfuil sé ceangailteach, lena socraítear an creat ginearálta don anailís a úsáideann an Coimisiún chun a chinneadh an gá gníomhú, go gcuirtear teorainn le discréid an Choimisiúin leis an teachtaireacht maidir leis na tosaíochtaí. Dá réir sin, i gcás faoi leith, ní féidir leis an gCoimisiún imeacht uaithi gan cúiseanna a chur ar fáil. Go deimhin, i gcás mar sin, tá tábhacht níos mó fós ag baint le comhlíonadh na ráthaíochtaí arna ndeonú le dlíchóras an Aontais i nósanna imeachta riaracháin ag an gCoimisiún, lena n‑áirítear an oibleagáid cúiseanna a lua (féach, chuige sin, agus de réir analaí, breithiúnas an 10 Samhain 2017, Icap agus páirtithe eile v an Coimisiún, T‑180/15, EU:T:2017:795, mír 289 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
613 |
Dá réir sin, ní mór a scrúdú an amhlaidh, mar a mhaíonn an t‑iarratasóir ar imigh an Coimisiún ón gcreat ginearálta anailíse arna leagan síos sa teachtaireacht maidir le tosaíochtaí agus an méid sin gan chúis. |
|
614 |
Sa chéad áit, maidir le hargóint an iarratasóra ar dá réir, go bunúsach, nár scrúdaigh an Coimisiún an bhféadfadh sé a bheith de thoradh ag an gcleachtas líomhainte go ndéanfaí an t‑iomaitheoir atá ‘chomh héifeachtach céanna’ a eisiamh i gcomhréir leis an teachtaireacht ar na tosaíochtaí, is léir ón scrúdú ar an gcéad chuid den naoú saincheist dlí agus, go sonrach ó phointí 524 go 527 thuas, go n‑áirítear leis an anailís ina ndéanann an Coimisiún comparáid idir na praghsanna arna gcleachtadh ag gnóthas ceannasach le cuid dá chostais chun a mheas ar chuir sé praghsanna creachacha i bhfeidhm anailís ar an iomaitheoir ‘chomh héifeachtach céanna’ agus, ós rud é gur léirigh an Coimisiún, mar is amhlaidh sa chás seo go raibh praghsanna den sórt sin á gcleachtadh ag an ngnóthas ceannasach, go ndearna sé anailís den sórt sin go hintuigthe, ar leor sin chun an argóint sin a eisiamh. |
|
615 |
Thairis sin, is léir ó phointe 26 den teachtaireacht maidir leis na tosaíochtaí go léiríonn an fíoras nach raibh LRAICanna cuimsithe, rud a léirigh an Coimisiún sa chás seo sa chinneadh atá faoi chonspóid nach gcuimsíonn an gnóthas ceannasach na costais sheasta go léir (inchurtha) do tháirgeadh an earra nó na seirbhíse atá i gceist agus go bhféadfaí iomaitheoir atá ‘chomh héifeachtach céanna’ a eisiamh ón margadh, rud a léiríonn i gcomhthéacs na comparáide idir praghsanna agus costais an ghnóthais cheannasaigh, go ndearna an Coimisiún anailís ar an iomaitheoir atá ‘chomh héifeachtach céanna’ go hintuigthe, ach go riachtanach. |
|
616 |
Sa dara háit, maidir le hargóint an iarratasóra go raibh sé de cheangal ar an gCoimisiún, de réir na teachtaireachta maidir leis na tosaíochtaí a chruthú gur sheas an gnóthas ceannasach caillteanais nó gur tharscaoil sé brabús sa ghearrthéarma, is léir ó phointe 66 den teachtaireacht sin go bhféadfadh an Coimisiún i gcásanna áirithe, chun a léiriú go raibh íobairt den sórt sin ann, brath ar fhianaise dhíreach, arb éard atá ann ná doiciméid an ghnóthais cheannasaigh lena léirítear go soiléir go raibh straitéis chreiche ann, amhail plean mionsonraithe lena bhforáiltear, go háirithe, d’íobairt ar mhaithe le hiomaitheoir a eisiamh. |
|
617 |
Mar is léir ón scrúdú ar an 10ú saincheist dlí, bhraith an Coimisiún i bpointe 12.8.1 den chinneadh atá faoi chonspóid ar dhoiciméid an iarratasóra lena léirítear go soiléir go raibh sé de rún aige Icera a eisiamh, arna chur chun feidhme trí laghduithe ar phraghsanna arna ndeonú do Huawei agus ZTE, ar leor é sin chun an argóint seo atá bunaithe, go bunúsach, ar easpa fianaise den íobairt sa chinneadh atá faoi chonspóid. I ndáil leis sin, contrártha do líomhaintí an iarratasóra, ní léir ar chor ar bith ó phointe 66 den teachtaireacht maidir leis na tosaíochtaí nach bhféadfadh an Coimisiún brath ar fhianaise dhoiciméadach lena léirítear go raibh straitéis chreiche ann ach go heisceachtúil. Seachas sin, ag an bpointe sin, úsáideann an Coimisiún an nath ‘i gcásanna áirithe’ seachas ‘i gcásanna áirithe eisceachtúla’ nó ‘go heisceachtúil’ ná ‘in imthosca eisceachtúla’ a úsáidtear i bhfonóta 50 den teachtaireacht maidir leis na tosaíochtaí. I bhfonóta 44 den teachtaireacht sin, a thagraíonn do phointe 66 den teachtaireacht sin, tagraíonn an Coimisiún do dhá bhreithiúnas lenar dheimhnigh an Chúirt Ghinearálta go raibh sé de cheart ag an gCoimisiún brath ar fhianaise dhoiciméadach den sórt sin, eadhon breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 1994, Tetra Pak v an Coimisiún (T‑83/91, EU:T:1994:246, míreanna 151 agus 171), agus an 30 Eanáir 2007, France Télécom v an Coimisiún (T‑340/03, EU:T:2007:22, míreanna 198 go 215). |
|
618 |
Sa tríú háit, maidir le hargóint an iarratasóra go raibh oibleagáid ar an gCoimisiún de bhun na teachtaireachta maidir leis na tosaíochtaí a chruthú go bhféadfadh an gnóthas ceannasach a bheith ag súil leis go ndéanfaí na caillteanais a ceadaíodh le linn na tréimhse creiche a aisghabháil i ndiaidh na tréimhse sin, is léir ó phointe 70 den ráiteas sin amháin go bhféadfadh an gnóthas ceannasach a bheith ag súil leis go réasúnta go mbeadh cumhacht mhargaidh níos láidre aige, nuair a bheadh deireadh curtha aige lena iompar creachach, ná mar a bheadh sé mura mbeadh an t‑iompar sin glactha aige agus go bhféadfadh sé tairbhe a bhaint as an íobairt sin mar sin. Thairis sin, de réir an chásdlí, is féidir le hiompar a bheith mí-úsáideach, gan ghá lena léiriú go sonrach go bhféadfadh an gnóthas atá i gceist a bheith ag súil leis go réasúnta go ndéanfadh sé na caillteanais a cheadaigh sé a aisghabháil (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 1994, Tetra Pak v an CoimisiúnT‑83/91, EU:T:1994:246, mír 150), ar leor é chun an argóint seo a eisiamh. |
|
619 |
Sa cheathrú háit, maidir le hargóint an iarratasóra, ar dá réir, ós rud é nach raibh sé in ann modh leithdháilte chostais T&F arna chur i bhfeidhm ag an gCoimisiún sa chinneadh atá faoi chonspóid a thuar agus, dá réir sin, gur ghníomhaigh sé de mheon macánta, nach bhféadfadh an Coimisiún, i gcomhréir leis an teachtaireacht maidir leis na tosaíochtaí, pionós a fhorchur air, ní mór a thabhairt faoi deara gur cinneadh, i gcomhthéacs an scrúdaithe ar an 10ú saincheist dlí, nach ndearna an Coimisiún earráid trí theacht ar an gconclúid gur áirithíodh le cleachtais phraghsála an iarratasóra gur cuireadh plean chun Icera a eisiamh chun feidhme, ar leor é chun diúltú don argóint seo. |
|
620 |
Sa chúigiú háit, maidir le hargóint an iarratasóra bunaithe ar an easpa tagartha don teachtaireacht maidir leis na tosaíochtaí sa ráiteas agóidí, sa ráiteas agóidí forlíontach agus sa litir fíoras, ní mhíníonn an t‑iarratasóir ar chor ar bith conas a chiallódh sé sin go ndearna an Coimisiún neamhaird ar an gcreat ginearálta anailíse a úsáideann sé chun a chinneadh an gá gníomhú a leagtar amach sa ráiteas sin. Ní cheanglaítear leis an gcreat sin ar an gCoimisiún ar chor ar bith tagairt dó go sonrach ina chuid cinntí maidir le mí-úsáid ceannasachta. Dá réir sin, ní mór diúltú don argóint seo. |
|
621 |
Sa séú háit, maidir le hargóint an iarratasóra nár chuir an Coimisiún san áireamh nach mbeadh níos mó soláthairtí faighte ag Huawei agus ZTE ó Icera in éagmais an iompair líomhainte agus gur dhiúltaigh sé in earráid do na cúiseanna oibiachtúla arna lua chun bonn cirt a thabhairt don iompar sin, ní mór a thabhairt faoi deara nach míníonn an t‑iarratasóir conas a rinne an Coimisiún neamhaird, mar sin, ar an gcreat ginearálta anailíse a úsáideann sé chun a chinneadh ar cheart gníomhú a leagtar amach sa teachtaireacht maidir leis na tosaíochtaí. |
|
622 |
Is léir ón méid sin thuas nach mór diúltú don chéad chuid den tríú saincheist dlí. |
An dara saincheist dlí, lena n‑éilítear gur cuireadh i bhfeidhm an cásdlí a bhaineann le praghsáil eisiatach go mícheart, agus, ar bhonn níos ginearálta, le cleachtais phraghsála
|
623 |
Áitíonn an t‑iarratasóir go ndearna an Coimisiún neamhaird ar an gcásdlí a bhaineann le praghsáil eisiatach agus, ar bhonn níos ginearálta ar na cleachtais phraghsála, eadhon an cleachtas lena gcinntear an caighdeán dlí is infheidhme. Mar thaca leis an méid sin, leagann sé amach roinnt sleachta ó bhreithiúnais a mheasann sé a bheith ábhartha agus chuir sé i gcoinne an Choimisiúin nach ndearna sé anailís ar an iomaitheoir atá ‘chomh héifeachtach céanna’ sa chinneadh atá faoi chonspóid, cé go gceanglaítear an anailís a dhéanamh faoin gcásdlí. |
|
624 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
625 |
Ní mór a thabhairt faoi deara nach ndéanann an t‑iarratasóir ach sleachta ón gcásdlí a lua, gan míniú a thabhairt ar an gcaoi a n‑imíonn an cinneadh atá faoi chonspóid ón gcaighdeán dlí atá leagtha síos ann, seachas a mhéid a bhaineann leis an anailís ar an iomaitheoir atá ‘chomh héifeachtach céanna’ ina gcáineann sé an Coimisiún sa chás seo, tar éis tagairt a dhéanamh do bhreithiúnas an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún (C‑413/14 P, EU:C:2017:632), as anailís den sórt sin a dhéanamh agus, ar an dara dul síos, toisc nár fhíoraigh sé an tábhacht a bhaineann le ráta clúdaithe an mhargaidh leis an gcleachtas atá i gceist. |
|
626 |
Ar thaobh amháin, is léir ón scrúdú ar an gcéad chuid den naoú saincheist dlí agus, go sonrach, míreanna 524 go 527 thuas go n‑áirítear cheana san anailís ar an iomaitheoir atá chomh héifeachtach céanna lena gcuireann an Coimisiún na praghsanna arna gcleachtadh ag gnóthas ceannasach i gcomparáid le costais áirithe dá chuid chun a mheasúnú ar chuir sé praghsanna creachacha i bhfeidhm agus, de bhrí gur léirigh an Coimisiún, sa chás seo, go raibh praghsanna den sórt sin á gcleachtadh ag an ngnóthas ceannasach agus, dá bhrí sin, go ndearna sé an anailís sin go hintuigthe, is leor sin chun diúltú do ghearán an iarratasóra lena n‑éilítear nach raibh anailís den sórt sin sa chinneadh atá faoi chonspóid. |
|
627 |
Ar an taobh eile, mar is léir ó phointí 521 go 523 thuas, ní cheanglaítear ar an gCoimisiún, de bhun an chásdlí dá dtagraítear i mír 520 thuas, le linn scrúdú ar phraghsáil chreiche a bheith ann arna cur i bhfeidhm ag gnóthas ceannasach, a fhíorú freisin an leor ráta clúdaithe an mhargaidh ag an gcleachtas atá faoi chonspóid chun go mbeidh éifeachtaí frithiomaíocha ag an gcleachtas sin, rud ar leor é chun diúltú don ghearán a rinne an t‑iarratasóir bunaithe ar easpa fíoraithe den sórt sin. |
|
628 |
Dá thoradh sin, ní mór diúltú don dara cuid den tríú saincheist dlí. |
An tríú cuid, lena n‑éilítear go ndearnadh sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus na hintuarthachta
|
629 |
Ag tagairt don seachtú agus don ochtú saincheist dlí, áitíonn an t‑iarratasóir go ndearna an Coimisiún, sa chinneadh atá faoi chonspóid, anailís shaorga ar phraghsanna/costais nach ndearnadh riamh cheana, atá difriúil ón anailís sa ráiteas agóidí a mhéid a bhaineann leis an dá fhoireann sliseanna lena mbaineann agus neamh-intuartha a mhéid a bhaineann leis an tríú ceann. Dar leis, rinne an Coimisiún, dá bhrí sin, sárú ar phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus na hintuarthachta. |
|
630 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
631 |
Ní mór a thabhairt faoi deara, mar thaca leis an gcuid seo, nach ndéanann an t‑iarratasóir ach na líomhaintí arna gcur in iúl i gcomhthéacs an chéad chuid den tsaincheist dlí seo agus an seachtú agus an ochtú saincheist dlí, dá dtagraíonn sé go sainráite gan aon argóint shonrach a fhorbairt. |
|
632 |
Dá réir sin, ní mór diúltú don tríú cuid den tríú saincheist dlí toisc í a bheith do-ghlactha. |
|
633 |
Is léir ón méid sin thuas nach mór diúltú don tríú saincheist dlí. |
An ceathrú saincheist dlí, lena n‑éilítear go bhfuil ‘teoiric na creiche’‘míloighiciúil agus nach bhfuil aon fhianaise mar bhunús léi’
|
634 |
Tá an ceathrú saincheist dlí bunaithe ar 13 chuid. Leis an gcéad chuid, éilítear nach bhfuil aon bhaint ag ‘teoiric na creiche’ a bhí ag an gCoimisiún, a bhí ‘spriocdhírithe agus roghnaitheach’, le sainiú an mhargaidh agus gur cuireadh in oiriúint é chun teacht ar chonclúid réamhchinnte. Leis an dara cuid, éilítear go bhfuil an teoiric sin neamh-chomhsheasmhach ó nádúr agus nár tugadh cúiseanna leordhóthanacha léi. Leis an tríú cuid, éilítear nár léirigh an Coimisiún go raibh iompar an iarratasóra agus a straitéis chreiche míréasúnach. Leis an gceathrú cuid, éilítear go raibh praghsanna an iarratasóra níos airde ná praghsanna Icera agus, dá réir sin, nach raibh an margadh foriata. Leis an gcúigiú cuid, éilítear nár chuir an Coimisiún san áireamh fianaise shaorthach thábhachtach. Leis an séú cuid, éilítear nach bhfuil fianaise maidir le creachadh airgeadais ann. Leis an seachtú cuid, éilítear go bhfuil ‘teoiric na creiche’ nua, earráideach agus nach bhfuil bunús léi. Leis an ochtú cuid, éilítear go ndearnadh ‘earráidí follasacha measúnaithe’ a mhéid a bhaineann le creachadh díreach idir an tríú ráithe de 2010 agus an dara ráithe de 2011. Leis an naoú cuid, éilítear go ndearna an Coimisiún neamhaird ar na dálaí tráchtála d’fhoireann sliseanna MDM8200. Leis an 10ú cuid, éilítear go raibh an teoiric sin míloighiciúil agus contrártha do rialacha bunúsacha eacnamaíocha. Leis an 11ú cuid, éilítear nár léirigh an Coimisiún gur aisghabhadh na caillteanais a tharla le linn na tréimhse ábhartha agus nár tugadh le fios an tráth ar tháinig deireadh leis an gcreachadh. Leis an 12ú cuid, éilítear nár cuireadh i bhfeidhm critéir an iomaitheora atá ‘chomh héifeachtach céanna’ agus dea-thorthaí Icera le linn na tréimhse sin, atá contrártha don teoiric sin. Leis an 13ú cuid, éilítear go ndearna an Coimisiún earráid chun dochair don fhíoriomaíocht. |
Réamhbharúlacha
|
635 |
Ní mór a thabhairt faoi deara, i bpointe 12 den chinneadh atá faoi chonspóid, go gcuireann an Coimisiún a anailís ar an mí-úsáid a rinne an t‑iarratasóir chun feidhme. |
|
636 |
Go sonrach, i bpointe 12.1 den chinneadh atá faoi chonspóid, tosaíonn an Coimisiún le meabhrú de na prionsabail ghinearálta is infheidhme, go háirithe a bhaineann le praghsanna creachacha. Ansin, i bpointe 12.2 den chinneadh sin, déanann sé achoimre ar an gcur i bhfeidhm a rinne sé ar na prionsabail ghinearálta sin i bpointí 12.3 go 12.11 den chinneadh sin, a ndéanann an t‑iarratasóir cur síos air mar ‘theoiric na creiche’. |
|
637 |
Sa chomhthéacs sin, míníonn an Coimisiún in aithris 334 den chinneadh atá faoi chonspóid gur tháinig sé ar an gconclúid gurb amhlaidh, idir an 1 Iúil 2009 agus an 30 Meitheamh 2011, gur dhíol an t‑iarratasóir cainníochtaí áirithe de thrí cinn dá fhoirne sliseanna UMTS, eadhon foirne sliseanna MDM8200, MDM6200 agus MDM8200A, le dhá cheann dá phríomhchustaiméirí, eadhon Huawei agus ZTE, ar phraghsanna faoi bhun na gcostas, agus go ndearna sé sin leis an rún chun Icera a eisiamh, arbh é a phríomhiomaitheoir sa deighleog den mhargadh d’fhoirne sliseanna UMTS ar thús cadhnaíochta. Dar leis, trí ghníomhú mar sin, bhí an t‑iarratasóir ag iarraidh bac a chur ar Icera, ar gnólacht bheag nua-thionscanta í a raibh srianta airgeadais uirthi, clú agus méid leordhóthanach a bhaint amach chun cur i gcoinne a cheannasachta ar an margadh sin. Luann sé gur tháinig sé ar an gconclúid, de bhrí nár chuir an t‑iarratasóir bonn cirt bailí in iúl don iompar sin, gur bhain an t‑iarratasóir sin, le linn na tréimhse sin, mí-úsáid as a cheannasacht, contrártha d’Airteagal 102 CFAE agus Airteagal 54 de Chomhaontú LEE. |
An chéad chuid, lena n‑éilítear nach bhfuil aon bhaint ag ‘teoiric na creiche’ a bhí ag an gCoimisiún, a bhí ‘spriocdhírithe agus roghnaitheach’, le sainiú an mhargaidh agus gur cuireadh in oiriúint é chun teacht ar chonclúid réamhchinnte
|
638 |
Maíonn an t‑iarratasóir, agus é ag tagairt don 10ú saincheist dlí, nach raibh an t‑iompar líomhainte dírithe na roghnaitheach agus nach bhfuil baint ag ‘teoiric na creiche’ a bhí ag an gCoimisiún le sainiú an mhargaidh ábhartha, ós rud é, toisc gur tagraíodh don deighleog ar thús cadhnaíochta den mhargadh sin, nach raibh sainithe i gceart ach an oiread, gur eisiadh foirne sliseanna áirithe ‘ar thús cadhnaíochta’ ón deighleog sin. |
|
639 |
Áitíonn an t‑iarratasóir freisin gur fhorbair an Coimisiún ‘teoiric na creiche’ mar ghnás, ós rud é nach raibh aon nasc ag an teoiric sin leis an ngearán. Dar leis, díoladh foirne sliseanna MDM8200 agus MDM8200A le custaiméirí eile seachas Huawei agus ZTE roimh an tréimhse ábhartha agus ina diaidh, ar phraghsanna a bhí faoi bhun na LRAICanna arna ríomh ag an gCoimisiún, rud a thug an teoiric sin faoi cheist. |
|
640 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
641 |
Ar dtús, a mhéid a bhaineann le líomhain an iarratasóra nach raibh an t‑iompar líomhainte dírithe ná roghnaitheach, ní mór a thabhairt faoi deara gur léir ón bhfianaise dhíreach ar a raibh an Coimisiún ag brath a ndearnadh scrúdú níos mionsonraithe uirthi i míreanna 538 agus 539 thuas i gcomhthéacs an scrúdaithe ar an 10ú saincheist dlí, gur dheonaigh an t‑iarratasóir laghduithe ar phraghsanna do Huawei agus ZTE a sainaithníodh go soiléir sna doiciméid sin, ar mhaithe le bac a chur ar Icera teacht ar an dá chustaiméir ríthábhachtacha sin agus dá réir sin, é a eisiamh ón margadh. Ní fhéadfaidh an t‑iarratasóir a mhaíomh i gceart mar sin nach raibh a iompar dírithe ná roghnaitheach. |
|
642 |
Ina dhiaidh sin, maidir le líomhain an iarratasóra gur bhain ‘teoiric na creiche’ a bhí ag an gCoimisiún, a bhaineann leis an deighleog sin ar thús cadhnaíochta amháin, gan bheith bainteach le sainiú an mhargaidh, ní féidir glacadh leis ach an oiread. Go deimhin, is léir ó mhír 64 den teachtaireacht maidir leis na tosaíochtaí, i réimse na creiche, go bhfuil íobairt ag baint le hiompar má shocraíonn an gnóthas ceannasach praghas níos ísle dá tháirgeadh go léir nó cuid shonrach dá tháirgeadh. Is léir ón méid sin go bhféadfadh sé nár bhain an t‑iompar creachach ach le deighleog theoranta den mhargadh lena mbaineann, seachas leis an margadh iomlán. I ndáil leis sin, is léir ón gcásdlí gur féidir gur tháinig an t‑iompar creachach chun cinn ar mhargadh eile fiú seachas an margadh lena mbaineann, nach sainítear go docht (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Iúil 1991, AKZO v an Coimisiún, C‑62/86, EU:C:1991:286, míreanna 35 agus 45). |
|
643 |
Is léir ón méid sin go raibh sé de cheart ag an gCoimisiún, ar an gcéad dul síos, iompar a bhí teoranta do dheighleog den mhargadh ábhartha a phionósú agus nach raibh sé de cheangal air, ar an dara dul síos, teorainneacha na deighleoige sin a shainiú go beacht, mar atá sé d’oibleagáid air a dhéanamh i dtaca leis an margadh ábhartha chun a fhíorú an bhfuil ceannasacht ann. |
|
644 |
Thairis sin, a mhéid a bhaineann leis an easpa ceangail idir ‘teoiric na creiche’ a bhí ag an gCoimisiún agus an gearán, ní mór a thabhairt faoi deara gur léir ó phointe 55 den teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le láimhseáil gearán arna dtaisceadh de bhun Airteagail [101] agus [102] CFAE ag an gCoimisiún (IO 2004 C 101, lch. 65), gurb amhlaidh, le linn na chéad chéime i ndiaidh an gearán a thaisceadh, go scrúdaíonn an Coimisiún an gearán sin agus go bhfaigheann sé aon eolas breise chun a chinneadh cad iad na bearta a dhéanfar, gur féidir plé neamhfhoirmiúil a bheith mar chuid den chéim sin idir an Coimisiún agus an gearánaí chun a shonrú cad iad na heilimintí fíorais agus dlí atá i gceist sa ghearán agus go bhféadfadh sé tarlú, le linn na céime sin, go gcuirfidh an Coimisiún in iúl a chéad fhreagairt don ghearánaí, agus go dtugtar an deis dó mar sin a líomhaintí a fhorbairt i bhfianaise a chéad fhreagartha. |
|
645 |
Sa chás seo, is léir ó aithrisí 11 go 13 den chinneadh atá faoi chonspóid gurb amhlaidh, i ndiaidh nuashonrú agus athbhreithniú ar an ngearán, gur tharla go leor plé idir Icera agus an Coimisiún, as ar tháinig, i Meitheamh 2012, líomhaintí maidir le creachadh arna gcur in iúl ag Icera, mar a admhaíonn an t‑iarratasóir féin. I bhfianaise phointe 55 den teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le láimhseáil na ngearán a taisceadh de bhun Airteagail [101] agus [102] CFAE, ní mór a mheas gur gnáthchleachtas é go bhforbródh an gearánaí, mar a rinneadh sa chás seo na líomhaintí a rinneadh sa ghearán ar mhaithe leis an gcéad fhreagairt ón gCoimisiún a chur san áireamh. Ina theannta sin, is léir ón ngá atá ann lena áirithiú go héifeachtach go gcuirtear i bhfeidhm na rialacha i réimse na hiomaíochta nach féidir leis an gCoimisiún a bheith faoi cheangal ag an gcreat agus na measúnuithe dlí arna gcur in iúl ag gearánaí. In aon chás, ní mór a thabhairt faoi deara nach míníonn an t‑iarratasóir conas a d’fhéadfadh an fíoras nár chuir Icera na líomhaintí maidir le creachadh in iúl ach go sách déanach ‘teoiric na creiche’ mar a chuir sé air sa chinneadh sin a thabhairt faoi cheist, i ndiaidh fiosrúchán domhain arna dhéanamh ag an gCoimisiún. |
|
646 |
Ar deireadh, maidir le líomhain an iarratasóra gur chuir sé i bhfeidhm praghsanna faoi bhun LRAICanna a mhéid a bhaineann le foirne sliseanna MDM8200 agus MDM8200A i ndáil le custaiméirí eile seachas Huawei agus ZTE, roimh an tréimhse ábhartha agus ina dhiaidh, ní mór a thabhairt faoi deara nach míníonn an t‑iarratasóir ar chor ar bith conas a d’fhéadfadh sé sin ‘teoiric na creiche’ mar a chuireann sé air sa chinneadh atá faoi chonspóid a thabhairt faoi cheist. Seachas sin, is cosúil, dá mbeadh an Coimisiún tar éis teacht ar fhianaise go raibh praghsanna creachacha á gcur i bhfeidhm ag an iarratasóir i ndáil le custaiméirí eile lasmuigh den tréimhse sin, d’fhéadfadh sé iad a chur san áireamh chun an teoiric sin a neartú nó a leathnú ó thaobh ama de. |
|
647 |
I bhfianaise an mhéid sin thuas, ní mór diúltú don chéad chuid den cheathrú saincheist dlí. |
An dara cuid, lena n‑éilítear go raibh ‘teoiric na creiche’ a bhí ag an gCoimisiún neamh-chomhsheasmhach agus nach raibh cúiseanna leordhóthanacha tugtha léi
|
648 |
Tagraíonn an t‑iarratasóir do roinnt frithráiteas agus neamhréireachtaí sa chinneadh atá faoi chonspóid. |
|
649 |
Sa chéad áit, measann an t‑iarratasóir nach bhfuil ‘teoiric na creiche’ a eascraíonn freisin ó aithris 993 den chinneadh atá faoi chonspóid, gur úsáid sé foirne sliseanna MDM8200 chun a chustaiméirí Huawei agus ZTE a ascnamh ó na foirne sliseanna sin go dtí foirne sliseanna MDM6200 agus MDM8200A, atá níos forbartha, agus gur dhírigh sé a straitéis phraghsála ansin ar fhoireann sliseanna MDM8200A, de bhrí nach raibh rath ar fhoireann sliseanna MDM6200, ag teacht le ‘teoiric na creiche’ bunaithe ar praghsáil eisiatach, ós rud é nach ndéanfadh cinneadh den sórt sin ach iomaíocht dhian arna feidhmiú ag an iarratasóir a léiriú trí tháirgí nua a sheoladh. |
|
650 |
Sa dara háit, áitíonn an t‑iarratasóir go gcuireann an t‑iarratasóir ina choinne sa chinneadh atá faoi chonspóid gur chuir sé an t‑iompar atá faoi dhíospóid chun feidhme d’fhonn bac a chur ar Icera clú a bhaint amach, cé gur léir ó dhoiciméad inmheánach, dá dtagraítear sa chinneadh céanna sin gur mheas sé, roinnt míonna roimh an tréimhse ábhartha gur éirigh le Icera bacainní a bhaineann lena chlú a shárú, rud a thugann faoi cheist ‘teoiric na creiche’ atá ag an gCoimisiún. |
|
651 |
Sa tríú háit, áitíonn an t‑iarratasóir nach bhféadfadh an Coimisiún, gan frithrá a dhéanamh, ar thaobh amháin, a lua in aithrisí 411 go 419 den chinneadh atá faoi chonspóid nach raibh rath tráchtála ar fhoireann sliseanna MDM6200 le linn na tréimhse ábhartha agus, ar an taobh eile a mhaíomh in aithris 420 den chinneadh céanna gur bhraith sé ar an bhfoireann sliseanna sin ina straitéis i ndáil le ZTE. Ar an gcaoi chéanna, measann sé nach bhféadfadh an Coimisiún a mhaíomh, ar thaobh amháin, in aithris 959 den chinneadh sin go raibh foireann sliseanna MDM8200 fós tábhachtach fiú i ndiaidh fhoireann sliseanna MDM8200A a chur ar an margadh agus, ar an taobh eile, a dhearbhú in aithris 420 den chinneadh céanna gurbh í an fhoireann sliseanna dheireanach sin an táirge ríthábhachtach ar a raibh sé ag brath chun a straitéis a chur chun feidhme in 2010 agus 2011. |
|
652 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
653 |
Ar dtús, ní mór a thabhairt faoi deara nach mór diúltú don chuid seo toisc í a bheith gan éifeacht ós rud é, fiú dá mbeadh bunús leis na trí argóint a cuireadh ar aghaidh mar thaca leis an gcuid seo, ní dhéanfadh sé sin difear do dhlíthiúlacht an chinnidh atá faoi chonspóid. |
|
654 |
Go deimhin, ní féidir leis an bhfíoras go maítear gur fheidhmigh an t‑iarratasóir iomaíocht dhian trí tháirgí nua a sheoladh, gur éirigh le Icera clú a bhaint amach nó nach raibh an t‑iarratasóir in ann brath ar a straitéis chreiche le haghaidh fhoireann sliseanna MDM6200 mar gheall ar a easpa rath tráchtála nó ar fhoireann sliseanna MDM8200 i ndiaidh foireann sliseanna MDM8200A a sheoladh gur féidir an cinneadh a rinne an Coimisiún a bhréagnú, gur chuir an t‑iarratasóir praghsanna creachacha i bhfeidhm agus an rún aige a iomaitheoir Icera a eisiamh, ar leor é sin chun a léiriú go raibh mí-úsáid i gceist ar thaobh an iarratasóra (breithiúnas an 3 Iúil 1991, AKZO v an Coimisiún, C‑62/86, EU:C:1991:286, míreanna 70 agus 71). |
|
655 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don dara cuid den cheathrú saincheist dlí. |
Leis an tríú cuid, éilítear nár léirigh an Coimisiún go raibh iompar an iarratasóra agus a straitéis chreiche neamhréasúnach
|
656 |
Áitíonn an t‑iarratasóir, sa chinneadh atá faoi chonspóid, nár léirigh an Coimisiún go raibh a iompar neamhréasúnach, seachas go raibh sé i gceist aige Icera a eisiamh, nó gurbh é a bhí i gcur i bhfeidhm a phraghsanna ná cur chun feidhme plean chun Icera a eisiamh. Dar leis, tagann na doiciméid ar a bhfuil an Coimisiún ag brath chun a léiriú go raibh plean ann a tháinig ó fhostaithe sóisearacha nach raibh cumhacht chinnteoireachta acu i dtaca le praghsanna. Luann sé freisin nach gcuireann an Coimisiún aon fhianaise ar fáil go ndearna sé íobairt, cé gur ceanglaíodh air a léiriú gurbh ann d’íobairt den sórt sin, de bhun na teachtaireachta maidir leis na tosaíochtaí. |
|
657 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
658 |
Ní mór a thabhairt faoi deara, mar thaca leis an gcuid seo, nach ndéanann an t‑iarratasóir ach athrá ar na hargóintí a rinne sé i gcomhthéacs an chéad chuid den tríú saincheist dlí, a mhéid a bhaineann leis an líomhain nach bhfuil fianaise ann go raibh íobairt i gceist, nó i gcomhthéacs an 10ú saincheist dlí, a mhéid a bhaineann leis an easpa fianaise go raibh straitéis ann chun Icera a eisiamh. |
|
659 |
Ní mór diúltú do na hargóintí sin, ar diúltaíodh dóibh i gcomhthéacs an scrúdaithe ar an gcéad chuid den tríú saincheist dlí agus i gcomhthéacs an 10ú saincheist dlí ar na cúiseanna céanna a mhéid a ardaítear iad i gcoinne an tríú cuid den cheathrú saincheist dlí, ar leor sin chun í a dhíbhe. |
An ceathrú cuid, lena n‑éilítear go raibh praghsanna an iarratasóra níos airde ná praghsanna Icera
|
660 |
Áitíonn an t‑iarratasóir gur aithin an Coimisiún, sa chinneadh atá faoi chonspóid, ar an gcéad dul síos, go raibh praghsanna an iarratasóra níos airde ná praghsanna Icera agus dearbhaíonn sé, ar an dara dul síos, go raibh foirne sliseanna Icera ar chaighdeán níos fearr. Dar leis, más rud é go raibh sé sin fior, bheadh ciall leis go laghdódh sé praghsanna a fhoirne sliseanna mar chúiteamh do chaighdeán níos ísle a tháirgí, rud nár chuir an Coimisiún san áireamh. |
|
661 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
662 |
Ní mór a thabhairt faoi deara go mbaineann gnóthas ceannasach mí-úsáid as a cheannasacht má chuireann sé i bhfeidhm praghsanna atá faoi bhun AVCanna nó praghsanna atá faoi bhun na ATCanna ach os cionn AVCanna i gcás ina bhfuil na praghsanna sin socraithe i gcomhthéacs straitéis chun iomaitheoir a eisiamh (breithiúnas an 3 Iúil 1991, AKZO v an Coimisiún, C‑62/86, EU:C:1991:286, míreanna 70 go 72). |
|
663 |
Sa chás seo, is léir ó scrúdú ar an 5ú go dtí an 8ú agus an 10ú saincheist dlí gur léirigh an Coimisiún go cuí gur chuir an Coimisiún praghsanna creachacha i bhfeidhm leis an rún chun a iomaitheoir Icera a eisiamh, agus is leor sin chun a léiriú gur bhain an t‑iarratasóir mí-úsáid as a cheannasacht. |
|
664 |
Thairis sin, is léir ón scrúdú ar an 11ú saincheist dlí nach ndearna an Coimisiún earráid agus nár mhainnigh sé ina oibleagáid cúiseanna a lua nuair a dhiúltaigh sé do na boinn chirt oibiachtúla arna gcur ar aghaidh ag an iarratasóir, lena n‑áirítear a líomhain gur cuireadh i bhfeidhm na praghsanna creachacha mar fhreagairt ar phraghsanna ionsaitheacha Icera. |
|
665 |
Dá bhrí sin, ní féidir a chur i leith an Choimisiúin nár chuir sé san áireamh an fíoras go raibh bonn cirt leis na praghsanna creachacha arna gcleachtadh ag an iarratasóir mar gheall ar phraghsanna níos ísle Icera nó caighdeán níos ísle a chuid táirgí. Thairis sin, tá an critéar tagartha chun measúnú a dhéanamh an ann do chleachtais phraghsála chreachacha bunaithe ar phraghsanna agus costais an ghnóthais cheannasaigh seachas ar phraghsanna agus costais an ghnóthais a gcuirtear cleachtais den sórt sin i bhfeidhm ina choinne nó maidir le caighdeán na dtáirgí lena mbaineann. |
|
666 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don cheathrú cuid den cheathrú saincheist dlí. |
An cúigiú cuid, lena n‑éilítear nár chuir an Coimisiún san áireamh fianaise shaorthach ríthábhachtach
|
667 |
Maíonn an t‑iarratasóir nár chuir an Coimisiún san áireamh roinnt píosaí fianaise saorthaí ‘ríthábhachtacha’ eadhon, sa chéad áit, gur dhearbhaigh Huawei agus ZTE nach mbeadh tuilleadh soláthairtí faighte acu ó Icera in éagmais an iompair líomhainte, sa dara háit, go raibh foirne sliseanna níos forbartha go teicniúil ann ná foirne sliseanna Icera agus nach mbeadh Icera in ann foireann sliseanna LTE a fhorbairt roimhe agus, sa tríú háit, nár eisiadh Icera ón margadh le linn na tréimhse ábhartha, ós rud é gur éirigh leis infheistíocht shuntasach sheachtrach a mhealladh agus gur cheannaigh Nvidia é. |
|
668 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
669 |
Ní mór a thabhairt faoi deara, de réir an chásdlí, go mbaineann gnóthas ceannasach mí-úsáid as a cheannasacht má chuireann sé i bhfeidhm praghsanna atá faoi bhun AVCanna nó praghsanna atá faoi bhun na ATCanna ach os cionn AVCanna i gcás ina bhfuil na praghsanna sin socraithe i gcomhthéacs straitéis chun iomaitheoir a eisiamh (breithiúnas an 3 Iúil 1991, AKZO v an Coimisiún, C‑62/86, EU:C:1991:286, míreanna 70 go 72). Sa chás seo, is léir, go háirithe, ó scrúdú ar an gcúigiú go dtí an ochtú agus an deichiú saincheist dlí gur léirigh an Coimisiún go cuí gur chuir an Coimisiún na praghsanna creachacha sin i bhfeidhm leis an rún chun a iomaitheoir Icera a eisiamh, agus is leor sin chun a léiriú gur bhain an t‑iarratasóir mí-úsáid as a cheannasacht. |
|
670 |
Dá bhrí sin, leis an bhfíoras nach mbeadh tuilleadh soláthairtí faighte ag an dá chustaiméir a bhaineann an t‑iompar líomhainte leo in éagmais iompar den sórt sin, go raibh teicneolaíocht níos forbartha ann ná a theicneolaíocht nó go raibh maoiniú seachtrach meallta ag Icera agus gur ceannaíodh é le linn na tréimhse ábhartha, fiú dá mba rud é gurbh fhíor iad, ní fhéadfadh tionchar a bheith acu ar chonclúid an Choimisiúin go raibh mí-úsáid ann, bunaithe ar an gcinneadh gur chuir an t‑iarratasóir praghsanna faoi bhun a chuid costas i bhfeidhm agus an rún aige a iomaitheoir Icera a eisiamh. Is amhlaidh is fíre go bhfuil na trí ghné arna lua ag an iarratasóir ina ngnéithe seachtracha uaidh, nach bhfuil tionchar aige orthu agus nach bhféadfadh, dá bhrí sin, é a dhíolmhú ó aon dliteanas i leith sárú a rinne sé. |
|
671 |
In aon chás, ní mór a thabhairt faoi deara freisin nach ndéanann an t‑iarratasóir ach trí ghné atá i gceist a aicmiú mar ‘ríthábhachtach’, gan míniú a chur ar fáil ar an bhfáth go bhféadfadh siad ‘teoiric na creiche’ mar a thug an Coimisiún air a thabhairt faoi cheist dá mbeadh siad curtha san áireamh. |
|
672 |
Dá bhrí sin, ní mó diúltú don chúigiú cuid den cheathrú saincheist dlí. |
An séú cuid, lena n‑éilítear go bhfuil easpa fianaise maidir le creachadh airgeadais ann
|
673 |
Áitíonn an t‑iarratasóir nach dtacaítear leis an gcreachadh a luaitear sa chinneadh atá faoi chonspóid le fianaise inchreidte agus go mbréagnaítear í leis an bhfíoras gur cheannaigh Nvidia Icera le linn na tréimhse ábhartha. Luann sé leis sin gur chuir sé i gcoinne ‘creachadh airgeadais’ a bheith ann le linn an nós imeachta riaracháin, rud a thug ar an gCoimisiún é a thréigean sa chinneadh sin agus gan ach ‘creachadh traidisiúnta’ a chur ina leith. |
|
674 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
675 |
Chun diúltú don chuid seo, is leor a thabhairt faoi deara, mar a d’admhaigh an t‑iarratasóir féin, nár bhunaigh an Coimisiún an cinneadh atá faoi chonspóid ar chás creiche airgeadais, ach ar chreachadh traidisiúnta, nó cás inar chuir gnóthas ceannasach praghsanna atá faoi bhun a chuid costas i bhfeidhm agus an rún aige iomaitheoir a eisiamh. |
|
676 |
Dá thoradh sin, ní mór diúltú d’argóint an iarratasóra lena n‑éilítear nach bhfuil fianaise ann go raibh creachadh airgeadais mar argóint gan éifeacht agus ní mór diúltú don séú cuid den cheathrú saincheist dlí. |
An seachtú cuid, éilítear go bhfuil ‘teoiric na creiche’ nua, earráideach agus nach bhfuil bunús léi
|
677 |
Míníonn an t‑iarratasóir nach bhfuil ‘teoiric na creiche’ atá ag an gCoimisiún, gur sholáthair sé foirne sliseanna MDM8200 do Huawei ar phraghsanna creachacha ionas go bhféadfaidh sé a chur ina luí ar oibreoirí gréasán móibíleach gléasanna ina bhfuil na foirne sliseanna sin a úsáid, seachas gléasanna ZTE ina bhfuil foirne sliseanna Icera, inchosanta. |
|
678 |
Dar leis an iarratasóir, shamhlaigh an Coimisiún ‘teoiric na creiche’ mar gheall ar an t‑aon fhíoras amháin, don tréimhse ó Iúil 2009 go Meitheamh 2010, nár tháinig sé ar fhianaise maidir le praghsanna creachacha d’fhoirne sliseanna MDM8200 i ndáil le Huawei, seachas i ndáil le ZTE. |
|
679 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
680 |
Ní mór a thabhairt faoi deara gur léir, go háirithe, ó scrúdú ar an gcúigiú saincheist dlí go dtí an ochtú saincheist dlí gur léirigh an Coimisiún go cuí gur chuir an t‑iarratasóir na praghsanna creachacha sin i bhfeidhm, go háirithe i ndáil le Huawei a mhéid a bhaineann le foireann sliseanna MDM8200, agus an rún aige an t‑iomaitheoir Icera a eisiamh, rud nach gcuireann an t‑iarratasóir ina choinne i gcomhthéacs na coda seo. |
|
681 |
Dá thoradh sin, ní mór a dhearbhú go bhfuil an argóint a rinne an t‑iarratasóir i gcoinne an chinnidh a rinne an Coimisiún gur thairg sé praghsanna creachacha do Huawei amháin, agus ní do ZTE go fóill, ionas gurbh fhearr gléasanna Huawei ina bhfuil ceann dá fhoirne sliseanna i gcomparáid le gléasanna ZTE ina bhfuil foireann sliseanna Icera gan éifeacht, ós rud é nach dtugtar faoi cheist leis ‘teoiric na creiche’ mar a thugann sé air. |
|
682 |
Maíonn an t‑iarratasóir, thairis sin, gur fhorbair an Coimisiún ‘teoiric na creiche’ toisc gur aimsigh sé, a mhéid a bhaineann leis an tréimhse ó Iúil 2009 go Meitheamh 2010, fianaise go raibh praghsáil chreiche ann maidir le foirne sliseanna MDM8200 i ndáil le Huawei amháin, seachas i ndáil le ZTE. Is leor gur chuir an t‑iarratasóir praghsanna creachacha i bhfeidhm i ndáil le Huawei agus an rún aige Icera a eisiamh chun a léiriú go raibh mí-úsáid i gceist. Dá réir sin, ní raibh sé de cheangal ar an gCoimisiún ar chor ar bith a léiriú go raibh praghsanna creachacha ann i ndáil le ZTE chun an t‑iarratasóir a phionósú. |
|
683 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don seachtú cuid den cheathrú saincheist dlí. |
An t‑ochtú cuid, lena n‑éilítear go ndearnadh ‘earráidí follasacha measúnaithe’ a mhéid a bhaineann le creachadh díreach idir an tríú ráithe de 2010 agus an dara ráithe de 2011
|
684 |
Agus é ag tagairt don séú agus don seachtú saincheist dlí, tagraíonn an t‑iarratasóir do dhá earráid a rinne an Coimisiún, a mbaineann ceann amháin acu le leithdháileadh costas T&F agus an ceann eile le leithdháileadh íocaíocht CIN do ZTE. |
|
685 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
686 |
Ní mór a thabhairt faoi deara gur scrúdaíodh na hargóintí sin agus gur diúltaíodh dóibh i gcomhthéacs an scrúdaithe ar an séú agus ar an seachtú saincheist dlí, ar leor é chun diúltú don ochtú cuid den cheathrú saincheist dlí. |
An naoú cuid, lena n‑éilítear go ndearna an Coimisiún neamhaird ar na dálaí tráchtála d’fhoireann sliseanna MDM8200
|
687 |
Áitíonn an t‑iarratasóir gur thángthas ar fhadhbanna teicniúla le foireann sliseanna MDM8200, agus é de thoradh air sin gur charn Huawei stoic iomarcacha den fhoireann sliseanna sin agus go raibh sé go hiomlán réasúnach go ndeonódh sé laghduithe ar phraghsanna na foirne sliseanna sin. Dar leis, níor deonaíodh na laghduithe sin leis an rún chun eisiamh a dhéanamh. |
|
688 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
689 |
Mar is léir, go háirithe, ón scrúdú ar an 5ú go dtí an 8ú agus an 10ú saincheist dlí, léirigh an Coimisiún go cuí gur chuir an t‑iarratasóir praghsanna creachacha i bhfeidhm agus an rún aige chun a iomaitheoir Icera a eisiamh. Thairis sin, mar is léir ón scrúdú ar an 11ú saincheist dlí, ní dhearna an Coimisiún earráid agus níor mhainnigh sé ina oibleagáid cúiseanna a lua nuair a dhiúltaigh sé do na boinn chirt oibiachtúla arna gcur ar aghaidh ag an iarratasóir, lena n‑áirítear a líomhain gur cuireadh i bhfeidhm praghsanna creachacha chun cabhrú le Huawei an stoc iomarcach d’fhoireann sliseanna MDM8200 ídiú. Thairis sin, mar a thug an Coimisiún dá aire, agus an ceart aige, ina phléadálacha, más féidir go bhfuil iompar creachach réasúnach, ní fhágann sé sin go bhfuil sé dleathach ach an oiread. |
|
690 |
Dá bhrí sin, ní féidir a chur i leith an Choimisiúin go bailí nár chuir sé san áireamh na dálaí tráchtála d’fhoireann sliseanna MDM8200, eadhon na fadhbanna teicniúla a thángthas orthu leis an táirge sin. |
|
691 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don naoú cuid den cheathrú saincheist dlí. |
An 10ú cuid, lena n‑éilítear go raibh ‘teoiric na creiche’ míloighiciúil agus contrártha do rialacha bunúsacha eacnamaíocha
|
692 |
Chun a léiriú go bhfuil ‘teoiric na creiche’ míloighiciúil agus contrártha do na rialacha eacnamaíocha, áitíonn an t‑iarratasóir go raibh a chuid praghsanna os cionn praghsanna Icera agus go raibh líon na bhfoirne sliseanna a margaíodh ar phraghsanna creiche, le linn na tréimhse ábhartha, an‑bheag i gcomparáid le líon na bhfoirne sliseanna arna gcur ar an margadh ábhartha agus sa deighleog ar thús cadhnaíochta den mhargadh sin. |
|
693 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
694 |
Mar is léir, go háirithe, ón scrúdú ar an 5ú go dtí an 8ú agus an 10ú saincheist dlí thuas, léirigh an Coimisiún go cuí gur chuir an t‑iarratasóir praghsanna creachacha i bhfeidhm de réir bhrí bhreithiúnas an 3 Iúil 1991, AKZO v an Coimisiún (C‑62/86, EU:C:1991:286), agus an rún aige chun a iomaitheoir Icera a eisiamh, ar leor é sin chun a léiriú gur bhain an t‑iarratasóir mí-úsáid as a cheannasacht. Dá bhrí sin, mar is léir i gcomhthéacs an scrúdaithe ar an gceathrú cuid den tsaincheist dlí seo, ní féidir a chur i leith an Choimisiúin go bailí nár chuir sé san áireamh an fíoras go raibh na praghsanna creachacha arna gcleachtadh ag an iarratasóir os cionn phraghsanna Icera. |
|
695 |
Thairis sin, mar is léir ón anailís ar an gcéad chuid den naoú saincheist dlí agus, go sonrach, ó mhíreanna 521 go 523 thuas, ní cheanglaítear ar an gCoimisiún, le linn a scrúdaithe ar phraghsanna creachacha arna gcur i bhfeidhm ag gnóthas ceannasach, a fhíorú an bhfuil ráta cumhdaithe an mhargaidh leis an gcleachtas a chuirtear ina choinne ar scála leordhóthanach chun go mbeidh éifeachtaí frithiomaíocha ag an gcleachtas sin. |
|
696 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don 10ú cuid den cheathrú saincheist dlí. |
An 11ú cuid, lena n‑éilítear nár léirigh an Coimisiún gur aisghabhadh na caillteanais a tharla le linn na tréimhse ábhartha agus nár tugadh le fios an tráth ar tháinig deireadh leis an gcreachadh
|
697 |
Agus é ag tagairt don tríú saincheist dlí, áitíonn an t‑iarratasóir, sa chéad áit, nár chruthaigh an Coimisiún go bhfuair sé ar ais, na caillteanais a tharla le linn na tréimhse i ndiaidh thréimhse an tsáraithe, d’ainneoin go raibh dualgas air an méid sin a chruthú, i gcomhréir leis an teachtaireacht maidir leis na tosaíochtaí. Cáineann sé an Coimisiún, áfach, toisc nár chruthaigh sé, sa chinneadh atá faoi chonspóid, an dáta a maítear gur tháinig deireadh lena rún creiche líomhainte. |
|
698 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
699 |
Dá réir sin, mar is léir ón scrúdú ar an tríú saincheist dlí agus, go sonrach, ó phointe 618 thuas, ní cheanglaítear ar an gCoimisiún, de bhun, go háirithe na teachtaireachta maidir leis na tosaíochtaí, a léiriú go ndearna an gnóthas ceannasach caillteanais a bhain dó le linn na tréimhse creiche a aisghabháil. |
|
700 |
Thairis sin, ní mór a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon ní ann lena gcuirtear d’oibleagáid ar an gCoimisiún céim dheiridh a aithint inar tháinig deireadh leis an gcreachadh agus ciallaíonn an fíoras nach ndearna sé aon anailís eile sa chinneadh atá faoi chonspóid don tréimhse i ndiaidh an 30 Meitheamh 2011 nach raibh fianaise leordhóthanach eile aimsithe aige gurbh ann d’iompar creiche arna chur i bhfeidhm ag an iarratasóir. |
|
701 |
Dá réir sin, ní mór diúltú don 11ú cuid den cheathrú saincheist dlí. |
An dara cuid déag, lena n‑éilítear nár cuireadh i bhfeidhm critéar an iomaitheora ‘chomh héifeachtach céanna’ agus dea-thorthaí Icera le linn na tréimhse ábhartha, lena gcuirtear i gcoinne ‘theoiric na creiche’
|
702 |
Ag tagairt don naoú saincheist dlí, áitíonn an t‑iarratasóir ar dtús nár chuir an Coimisiún an anailís ar an iomaitheoir atá ‘chomh héifeachtach céanna’ chun feidhme. Míníonn sé ansin nár chuir an Coimisiún san áireamh an fhianaise lena léirítear nár eisiadh Icera ón margadh le linn na tréimhse ábhartha agus gur éirigh go maith leis fiú, rud a thugann ‘teoiric na creiche’ faoi cheist. |
|
703 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
704 |
Ar dtús, ní mór a thabhairt faoi deara gur léir ón scrúdú ar an gcéad chuid den naoú saincheist dlí agus, go sonrach, pointí 524 go 527 thuas go n‑áirítear cheana san anailís ar an iomaitheoir atá chomh héifeachtach céanna lena gcuireann an Coimisiún na praghsanna arna gcleachtadh ag gnóthas ceannasach i gcomparáid le costais áirithe dá chuid chun a mheasúnú ar chuir sé praghsanna creachacha i bhfeidhm agus, de bhrí gur léirigh an Coimisiún, sa chás seo, go raibh praghsanna den sórt sin á gcleachtadh ag an ngnóthas ceannasach agus, dá bhrí sin, go ndearna sé an anailís sin go hintuigthe, is leor sin chun diúltú do ghearán an iarratasóra lena n‑éilítear nach raibh anailís den sórt sin sa chinneadh atá faoi chonspóid. |
|
705 |
Ina dhiaidh sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne, mar is léir ó mhíreanna 520 agus 521 thuas nach bhfuil sé de cheangal ar an gCoimisiún a léiriú go raibh éifeachtaí frithiomaíocha ag an iompar creachach, agus is leor sin chun diúltú don ghearán a bhaineann le heaspa eisiamh éifeachtach do Icera le linn na tréimhse ábhartha. |
|
706 |
Dá réir sin, ní mór diúltú don 12ú cuid den cheathrú saincheist dlí. |
An 13ú cuid, lena n‑éilítear go ndearna an Coimisiún earráid a bhí díobhálach don fhíoriomaíocht
|
707 |
Áitíonn an t‑iarratasóir go raibh sé ag dul i mbun ‘iomaíocht ar na tuillteanais’ dian, ach normálta, agus gur chun sochair na hiomaíochta atá an cur i bhfeidhm de phraghsanna ísle, sa chás seo, i ndáiríre. Dar leis, is é seo an chéad chás ina gcinneann an Coimisiún go bhfuil creachadh ann toisc nár cuimsíodh costais T&F. |
|
708 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
709 |
Mar is léir ón scrúdú ar an 10ú saincheist dlí, léirigh an Coimisiún go cuí, sa chinneadh atá faoi chonspóid gur chuir an t‑iarratasóir praghsanna creachacha chun feidhme i ndáil le Huawei agus ZTE le haghaidh fhoirne sliseanna MDM8200, MDM6200 agus MDM8200A agus é de rún aige Icera a eisiamh, trí bhrath ar fhianaise dhíreach, eadhon doiciméid inmheánacha an iarratasóra agus ar fhianaise indíreach, eadhon gnéithe comhthéacsúla. Is léir ón méid sin nach féidir leis an iarratasóir a mhaíomh go bailí gurbh amhlaidh gur ghníomhaigh sé ar bhealach a bhí fabhrach don iomaíoch. |
|
710 |
Thairis sin, maidir le líomhain an iarratasóra gur chinn an Coimisiún sa chás seo, den chéad uair, go raibh creachadh ann toisc nár cuimsíodh costais T&F, ní mór a thabhairt faoi deara gur scrúdaíodh an argóint sin agus gur diúltaíodh í i gcomhthéacs an scrúdaithe ar an seachtú saincheist dlí agus nach mór diúltú di ar na cúiseanna céanna a mhéid a ardaítear í mar thaca leis an gcuid seo. |
|
711 |
Dá réir sin, ní mór diúltú don 13ú cuid den 4ú saincheist dlí. Dá bhrí sin, ós rud é gur diúltaíodh do na 12 chuid eile den tsaincheist dlí seo freisin, ní mór diúltú don tsaincheist dlí sin ina hiomláine. |
An t‑ochtú saincheist dlí, lena n‑éilítear ‘go bhfuil an anailís ar phraghsanna/costais go follasach mícheart’
|
712 |
Tá an t‑ochtú saincheist dlí comhdhéanta de trí chuid. Baineann an chéad chuid leis an tréimhse thosaigh don anailís ar phraghsanna/costais. Baineann an dara cuid leis na hearráidí is bunúsaí a rinneadh san anailís ar phraghsanna/costais. Baineann an tríú cuid leis an bhfíoras nár ceartaíodh na hearráidí sin sa chinneadh atá faoi chonspóid. |
|
713 |
Ós rud é go mbaineann an dara agus an tríú cuid den tsaincheist dlí seo, go bunúsach, le hearráidí a rinne an Coimisiún san anailís ar phraghsanna/costais nach raibh ceartaithe aige sa chinneadh atá faoi chonspóid, déanfar scrúdú orthu le chéile. |
Réamhbharúlacha
|
714 |
I bpointe 12.7.1 den chinneadh atá faoi chonspóid, rinne an Coimisiún anailís ar phraghsanna/costais ráithiúla i dtaca leis na trí fhoirne sliseanna lena mbaineann a mhéid a bhaineann leis an dá chustaiméir a bhí i gceist, chun a fhíorú ar chuir an t‑iarratasóir i bhfeidhm praghsanna faoi bhun AVCanna nó LRAICanna. |
|
715 |
I bpointe 12.7.1.1 den chinneadh atá faoi chonspóid, thosaigh an Coimisiún le míniú, ag tús shaolré tráchtála foirne sliseanna, go raibh AVCanna an‑ard agus nach mbíonn an AVC sin cobhsaí go dtí go bhfuil táirgeadh ar scála mór bainte amach aige. Ar an gcúis sin, luaigh an Coimisiún ina dhiaidh sin nár chuir sé san áireamh, ina anailís ar phraghsanna/costais, na ráithí roimhe sin ag céim an táirgthe a mhórscála agus go raibh an cur chuige sin chun sochair don iarratasóir, ós rud é gur cinneadh ar bhonn na hanailíse sin, do na ráithí sin, go raibh praghsáil chreiche ann, i gcomparáid leis na costais táirgthe a bhí ard ar chúiseanna saorga ag tús an tsaolré (aithris 940 den chinneadh atá faoi chonspóid). Ar deireadh, chinn sé an ráithe ina raibh táirgeadh ar mhórscála bainte amach ag gach ceann de na trí fhoireann sliseanna sin lena mbaineann, dar leis, agus a bhí mar thúsphointe don anailís sin, eadhon an tríú ráithe de 2009 a mhéid a bhaineann le foireann sliseanna MDM8200 agus an tríú ráithe de 2010 a mhéid a bhaineann le foirne sliseanna MDM6200 agus MDM8200A (aithrisí 941 go 943 den chinneadh atá faoi chonspóid). |
|
716 |
Ina dhiaidh sin, rinne an Coimisiún a anailís ar phraghsanna/costais agus tháinig sé ar an gconclúid go raibh an t‑iarratasóir ag cleachtadh praghsanna creachacha don trí fhoireann sliseanna lena mbaineann agus i dtaca leis an dá chustaiméir lena mbaineann, idir an 1 Iúil 2009 agus an 30 Meitheamh 2011, mar is léir, go háirithe ó tháblaí 55 go 57 den chinneadh atá faoi chonspóid. |
An chéad chuid, a bhaineann leis an tréimhse thosaigh don anailís ar phraghsanna/costais
|
717 |
Áitíonn an t‑iarratasóir gur chinn an Coimisiún go hearráideach, agus gan cúiseanna leordhóthanacha, an tréimhse thosaigh don anailís ar phraghsanna/costais. |
|
718 |
Go sonrach, cáineann an t‑iarratasóir an Coimisiún as a mheas go treallach agus gan cúiseanna leordhóthanacha gur bhain foireann sliseanna a tháirgeadh ar mórscála amach an tráth a tugadh faoi deara méadú suntasach ar a mhéid táirgthe. Dar leis, ba cheart don Choimisiún an tráth a tharla laghdú suntasach agus buan ar AVC na foirne sliseanna sin, toisc nár bhain an fhoireann sliseanna sin amach a lán‑acmhainn táirgeachta go dtí go raibh an AVC sin cobhsaí. |
|
719 |
De bhun a chur chuige bunaithe ar laghdú suntasach ar AVCanna, áitíonn an t‑iarratasóir nár bhain foireann sliseanna MDM8200 táirgeadh ar ardscála amach go dtí an dara ráithe de 2010, agus nár bhain foirne sliseanna MDM8200A agus MDM6200 iad amach go dtí an chéad ráithe de 2011. |
|
720 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
721 |
Mar réamhphointe, ní mór a thabhairt faoi deara nach gcuireann na páirtithe ina choinne go mbíonn AVC d’fhoireann sliseanna, go ginearálta, níos airde ag tús a shaolré tráchtála, go laghdaíonn sé go suntasach ina dhiaidh sin de réir mar a mhéadaíonn an táirgeadh agus go mbíonn sé cobhsaí le linn an chuid dheireanach dá shaolré. Tá difríocht idir seasamh na bpáirtithe, áfach, a mhéid a bhaineann leis an gceist cén chéim de shaolré tráchtála foirne sliseanna is féidir leis an gCoimisiún a anailís ar phraghsanna/costais a dhéanamh d’fhonn a fhíorú ar cuireadh i bhfeidhm praghsanna creachacha. |
|
722 |
I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara nach ndéanann an t‑iarratasóir ach cur chuige eile a mholadh, ach ní mhíníonn sé conas a bheadh cur chuige an Choimisiúin sa chinneadh atá faoi chonspóid mícheart ná cad iad na cúiseanna gur cheart do phointe tosaigh na hanailíse ar phraghsanna/costais a bheith ag teacht leis an tráth a dtugtar faoi deara laghdú suntasach agus buan ar AVC d’fhoireann sliseanna. Thairis sin, leis an bhfíoras nach bhfuil an cur chuige a ghlac an Coimisiún níos fabhraí don iarratasóir ná an cur chuige a mholann sé nó nach bhfuil an dá chur chuige cosúil lena chéile go bhfuil cinntí an Choimisiúin mícheart (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Márta 2012, Telefónica agus Telefónica de España v an Coimisiún, T‑336/07, EU:T:2012:172, mír 225), ar leor é sin chun diúltú don chéad chuid sin. |
|
723 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don chéad chuid sin. |
Na codanna eile, a bhaineann leis na hearráidí is bunúsaí a rinneadh san anailís ar phraghsanna/costais nár ceartaíodh sa chinneadh atá faoi chonspóid
|
724 |
Mar thaca leis an dara cuid, áitíonn an t‑iarratasóir, dá gceartófaí na hearráidí is bunúsaí atá san anailís ar phraghsanna/costais, nach dtiocfaí ar an gconclúid go raibh na praghsanna faoi bhun LRAICanna a mhéid a bhaineann le foireann sliseanna MDM8200, le linn na dtrí ráithe i ndáil le Huawei agus le linn na chéad ráithe i ndáil le ZTE. Ag tagairt, faoi seach, don cheathrú, don séú agus don seachtú saincheist dlí, míníonn sí go mbaineann na hearráidí is bunúsaí le ‘teoiric na creiche’, ríomh na bpraghsanna agus ríomh na gcostas. |
|
725 |
Mar thaca leis an tríú cuid, maíonn an t‑iarratasóir gur dhiúltaigh an Coimisiún go hearráideach, agus ar bhealach nach raibh cúiseanna leordhóthanacha leis, do na ceartúcháin a mhol sé ar na hearráidí ba bhunúsaí a bhaineann leis an anailís ar phraghsanna/costais. Go sonrach, ag tagairt, ar thaobh amháin, don naoú saincheist dlí, cuireann sé i gcoinne an Choimisiúin nach ndearna sé anailís ar an iomaitheoir ‘chomh héifeachtach’ céanna, rud a d’fhág go raibh a anailís ar phraghsanna/costais claonta agus, ar an taobh eile, cuireann sé i gcoinne na ráiteas a dhéantar in aithrisí 994 et seq. den chinneadh atá faoi chonspóid. |
|
726 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
727 |
Ní mór a thabhairt faoi deara nach gcuireann an t‑iarratasóir aon fhianaise nua ar fáil mar thaca leis an dara agus an tríú cuid den ochtú saincheist dlí agus nach dtagraíonn ach, ar bhealach sách doiléir do shaincheisteanna dlí áirithe eile, go háirithe a mhéid a bhaineann le hearráidí a bhaineann le ‘teoiric na creiche’ arna forbairt sa chinneadh atá faoi chonspóid, ríomh na bpraghsanna agus na gcostas arna dhéanamh ag an gCoimisiún agus easpa anailíse ar an iomaitheoir ‘chomh héifeachtach céanna’. Diúltaíodh do na hargóintí sin i gcomhthéacs an scrúdaithe ar an gceathrú saincheist dlí a mhéid a bhaineann leis an hearráidí líomhainte a bhaineann le ‘teoiric na creiche’ a forbraíodh sa chinneadh sin, i gcomhthéacs an scrúdaithe ar an séú agus an seachtú saincheist dlí a mhéid a bhaineann leis na hearráidí líomhainte a bhaineann le ríomh na bpraghsanna agus na gcostas arna dhéanamh ag an gCoimisiún agus i gcomhthéacs an chéad chuid den naoú saincheist dlí a mhéid a bhaineann leis an easpa anailíse ar an iomaitheoir ‘chomh héifeachtach céanna’, ar leor é sin chun diúltú don dara agus don tríú cuid den ochtú saincheist dlí. |
|
728 |
Dá bhrí sin, ní mór diúltú don dara agus don tríú cuid den ochtú saincheist dlí. Dá thoradh sin, ós rud é gur diúltaíodh don chéad chuid den tsaincheist dlí sin freisin (féach mír 723 thuas), ní mór diúltú don tsaincheist dlí sin ina hiomláine. |
An 12ú saincheist dlí, lena n‑éilítear go raibh cúiseanna neamhleora leis an gcinneadh atá faoi chonspóid
|
729 |
Áitíonn an t‑iarratasóir go ndearnadh sárú ar Airteagal 41 den Chairt agus ar Airteagal 296 CFAE, mar gheall ar chúiseanna neamhleora sa chinneadh atá faoi chonspóid. |
|
730 |
Go sonrach, áitíonn an t‑iarratasóir, sa chéad áit, go bhfuil frithrá, measúnuithe neamhiomlána agus ráitis dhoiléire sa chinneadh atá faoi chonspóid, ag tagairt i ndáil leis sin d’Iarscríbhinn A.12 a ghabhann leis an iarratas ina ndearna sé liosta de na neamhréireachtaí sin. |
|
731 |
Sa dara háit, maíonn an t‑iarratasóir go ndearna an Coimisiún dearbhuithe nach raibh bunús leo sa chinneadh atá faoi chonspóid agus go nglacann sé le dearbhuithe an ghearánaí gan anailís chritice a dhéanamh orthu. |
|
732 |
Sa tríú háit, tagraíonn an t‑iarratasóir do chásanna nár thug an Coimisiún aghaidh ar argóintí áirithe a ardaíodh le linn an nós imeachta riaracháin, agus inar lú a ndearna sé scrúdú dáiríre orthu eadhon, ar an gcéad dul síos, an argóint go raibh na ceisteanna a cuireadh i gcomhthéacs na n‑iarrataí ar fhaisnéis chun an margadh lena mbaineann a shainiú míchuí, ar an dara dul síos, an argóint a bhaineann le cineál corrlaigh na gcostas forbartha le haghaidh na bhfoirne sliseanna atá i gceist do Huawei agus ZTE, ar an tríú dul síos, an argóint a bhaineann leis an bhfíoras nach raibh aon tagairt sna doiciméid arna n‑úsáid ag an gCoimisiún chun a léiriú go raibh rún eisiata ag an iarratasóir d’fhoireann sliseanna MDM8200, ar an gceathrú dul síos, an argóint a bhaineann le creachadh indíreach agus, ar an gcúigiú dul síos, an argóint nach ndearna sé ach a phraghsanna a ailíniú ar phraghsanna Icera. |
|
733 |
Sa cheathrú háit, dearbhaíonn an t‑iarratasóir nár luaigh an Coimisiún an modh ríofa don chostas tagartha a mhol sé le linn an nós imeachta riaracháin agus, gan mínithe, nár chuir sé san áireamh iad sa chinneadh atá faoi chonspóid. |
|
734 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
735 |
Ní mór a thabhairt faoi deara go leagtar oibleagáid ar na húdaráis riaracháin le hAirteagal 41(1)(c) den Chairt cúiseanna a thabhairt lena chinntí. Ar an gcaoi chéanna, foráiltear le hAirteagal 296 CFAE nach mór cúiseanna a thabhairt le gníomhartha an Aontais. |
|
736 |
De réir cásdlí socair, ní mór na cúiseanna le gníomhartha institiúidí an Aontais a cheanglaítear le hAirteagal 296 CFAE a chur in oiriúint do chineál an ghnímh atá i gceist agus ní mór réasúnaíocht na hinstitiúide sin, arb í an t‑údar don ghníomh, a léiriú sa chaoi gur féidir leis na daoine leasmhara a bheith ar an eolas faoi na cúiseanna leis an mbeart a glacadh agus an chúirt a bhfuil dlínse aici chun athbhreithniú a dhéanamh. Ní mór an ceanglas maidir le cúiseanna a lua a mheas de réir na n‑imthosca go léir sa chás, go háirithe inneachar an ghnímh, chineál na gcúiseanna a luaitear agus an leas ar féidir go mbeidh ag seolaithe an ghnímh nó daoine eile lena mbaineann go díreach agus go haonair i mínithe a fháil. Ní cheanglaítear go sonrófar leis na cúiseanna a luaitear na gnéithe fíorasacha agus dlí go léir is ábhartha, a mhéid nach mór a mheas an gcomhlíonann na cúiseanna a luaitear le gníomh ceanglais Airteagal 296 CFAE ní hamháin maidir le foclaíocht na gcúiseanna, ach freisin a gcomhthéacs chomh maith leis na rialacha dlí uile lena rialaítear an t‑ábhar lena mbaineann (féach breithiúnas an 10 Márta 2016, HeidelbergCement v an Coimisiún, C‑247/14 P, EU:C:2016:149, mír 16 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
737 |
Ní mór a thabhairt faoi deara nach mór idirdhealú a dhéanamh idir cúiseanna a bheith ann ón gceist a bhaineann leis an mbunús leis na cúiseanna sin. Dá réir sin, i gcomhthéacs na saincheiste dlí a bhaineann le heaspa cúiseanna nó cúiseanna neamhleora, tá na gearáin agus na hargóintí lena gcuirtear i gcoinne bhunús an chinnidh atá faoi chonspóid gan éifeacht (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Iúil 2018, Nexans France agus Nexans v an Coimisiún, T‑449/14, EU:T:2018:456, mír 164). |
|
738 |
Maidir leis an gcéad ghearán, lena n‑éilítear go bhfuil frithrá, measúnuithe neamhiomlána agus ráitis dhoiléire sa chinneadh atá faoi chonspóid, ní mór a thabhairt faoi deara, contrártha do líomhaintí an iarratasóra, nach bhfuil aon cheann de na frithráite, measúnuithe neamhiomlána agus ráitis dhoiléire a liostaítear in Iarscríbhinn A.12 den iarratas, ar leor é sin chun an gearán seo a dhiúltú. |
|
739 |
Maidir leis an dara gearán, lena n‑éilítear go ndearna an t‑iarratasóir dearbhuithe nach bhfuil bunús leo agus gur glacadh leo gan anailís chritice a dhéanamh sa chinneadh atá faoi chonspóid, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil an gearán sin dírithe ar chur i gcoinne bhunús an chinnidh atá faoi chonspóid agus dá bhrí sin, go bhfuil sé gan éifeacht i gcomhthéacs na saincheiste dlí seo. |
|
740 |
Maidir leis an tríú gearán, lena n‑éilítear nár thug an Coimisiún aghaidh ar argóintí áirithe a ardaíodh le linn an nós imeachta riaracháin, ní mór a thabhairt faoi deara gur ardaigh an t‑iarratasóir gach ceann de na hargóintí sin i gcomhthéacs an dara saincheist dlí (a mhéid a bhaineann leis na ceisteanna a cuireadh i gcomhthéacs na n‑iarrataí ar fhaisnéis chun an margadh ábhartha a shainiú), an 4ú saincheist dlí (a mhéid a bhaineann le creachadh indíreach), an 7ú saincheist dlí (a mhéid a bhaineann leis na costais forbartha), an 10ú saincheist dlí (a mhéid a bhaineann leis an rún eisiata) agus an 11ú saincheist dlí (a mhéid a bhaineann le hailíniú le praghsanna Icera) cheana, agus go ndearna an Chúirt Ghinearálta scrúdú orthu go sonrach i gcomhthéacs an scrúdaithe ar na saincheisteanna dlí sin inar diúltaíodh dóibh, ar leor é sin chun diúltú don ghearán seo. |
|
741 |
Thairis sin, a mhéid a chuireann an t‑iarratasóir i leith an Choimisiúin nach ndearna sé scrúdú dáiríre ar na hargóintí atá i gceist, tá an cáineadh dírithe ar bhunús an chinnidh atá faoi chonspóid, agus dá bhrí sin, tá sé gan éifeacht i gcomhthéacs na saincheiste dlí seo. |
|
742 |
Maidir leis an tríú gearán, lena n‑éilítear nár luadh sa chinneadh atá faoi chonspóid modh ríofa an chostais tagartha a mhol an Coimisiún le linn an nós imeachta riaracháin agus nár cuireadh an modh sin san áireamh, ní mór a thabhairt faoi deara nach féidir a rá gur sháraigh an Coimisiún an oibleagáid cúiseanna a lua toisc gur chuir sé i bhfeidhm a mhodh ríofa féin don chostas tagartha seachas an modh a mhol an t‑iarratasóir a chur san áireamh, mar a líomhnaíonn sé. Ní mór a thabhairt faoi deara, sa chás seo, gur mhínigh an Coimisiún go mionsonraithe, go soiléir agus gan débhrí, i bpointe 12.6 den chinneadh sin, a mhodh ríofa don chostas tagartha, mar a mhínigh sé na cúiseanna ar cheap sé gurbh é sin an modh ab iomchuí. Dá bhrí sin, ní mór diúltú don ghearán sin. |
|
743 |
Dá réir sin, ní mór diúltú don 12ú saincheist dlí. |
An 13ú saincheist dlí, lena n‑éilítear go ndearnadh ‘earráidí follasacha measúnaithe’, easpa bunús agus easpa cúiseanna leis an gcinneadh atá faoi chonspóid a mhéid a bhaineann le fad an tsáraithe
|
744 |
I gcomhthéacs an 13ú saincheist dlí, cáineann an t‑iarratasóir dáta tosaigh an tsáraithe agus dáta deiridh an tsáraithe a shocraigh an Coimisiún. |
|
745 |
Maidir le dáta tosaigh an tsáraithe, agus é ag tagairt do na hargóintí a forbraíodh mar thaca leis an ochtú saincheist dlí, áitíonn an t‑iarratasóir nach bhféadfadh an Coimisiún an dáta sin a shocrú ar an 1 Iúil 2009, ós rud é nár bhain foireann sliseanna MDM8200 amach an táirgeadh ar mhórscála go dtí an dara ráithe de 2010 agus nár bhain foirne sliseanna MDM6200 agus MDM8200A an táirgeadh sin amach go dtí an chéad ráithe de 2011. |
|
746 |
Maidir leis an dáta ar tháinig deireadh leis an sárú, ag tagairt do na hargóintí a rinneadh mar thaca leis an gceathrú agus an deichiú saincheist dlí, áitíonn an t‑iarratasóir nach bhféadfadh an Coimisiún an dáta sin a shocrú ar an 30 Meitheamh 2011. |
|
747 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
748 |
Ní mór a thabhairt faoi deara, i gcomhthéacs na saincheiste dlí seo, nach ndéanann an t‑iarratasóir tagairt ach do na hargóintí a forbraíodh mar thaca leis an 4ú, an 8ú agus an 10ú saincheist dlí. Nuair a cuireadh ceist air faoi sin ag an éisteacht, dheimhnigh an t‑iarratasóir go sainráite nach bhfuil an tsaincheist dlí seo bunaithe ar aon argóint shonrach, nár forbraíodh mar thaca le saincheist dlí eile. |
|
749 |
Go deimhin, diúltaíodh do na hargóintí a forbraíodh mar thaca leis an gceathrú, an ochtú agus an deichiú saincheist dlí a ndearna an t‑iarratasóir tagairt dóibh i gcomhthéacs na saincheiste dlí seo, ar leor é sin chun an 13ú saincheist dlí a dhiúltú. |
An 14ú saincheist dlí, lena n‑éilítear go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid ‘go follasach earráideach’ a mhéid a bhaineann le ríomh agus forchur na fíneála
|
750 |
Tá seacht gcuid sa tsaincheist dlí seo. Leis an gcéad chuid, éilítear nach ndearnadh an sárú d’aon ghnó ná trí fhaillí. Leis an dara cuid, éilítear go ndearnadh earráidí measúnaithe agus dlí, gur sáraíodh prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus go bhfuil easpa cúiseanna ann a mhéid a bhaineann leis an gcinneadh maidir le luach na ndíolachán. Leis an tríú cuid, éilítear go ndearnadh ‘earráidí follasacha measúnaithe’ agus dlí mar gheall ar easpa measúnuithe ar éifeachtaí an tsáraithe. Leis an gceathrú cuid, éilítear go ndearnadh earráidí measúnaithe agus dlí agus sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua a mhéid a bhaineann le tromchúis an tsáraithe. Leis an gcúigiú cuid, éilítear go ndearnadh ‘earráidí follasacha measúnaithe’ agus dlí agus sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua a mhéid a bhaineann le méid breise an tsáraithe. Leis an séú cuid, éilítear go ndearnadh earráidí measúnaithe agus dlí a mhéid a bhaineann le heaspa imthosca maolaitheacha de bhun threoirlínte 2006 agus sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua maidir leis an rún nó leis an bhfaillí. Leis an seachtú cuid, éilítear go ndearnadh sárú ar phrionsabal na comhréireachta. |
Réamhbharúlacha
|
751 |
Sa chinneadh atá faoi chonspóid, chinn an Coimisiún fíneáil a fhorchur ar an iarratasóir, arna ríomh ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach i dtreoirlínte 2006. |
|
752 |
Ar dtús, chinn an Coimisiún, trí bhrath an na sonraí a chuir an t‑iarratasóir ar fáil, méid luach na ndíolachán díreach agus indíreach d’fhoirne sliseanna UMTS, eadhon na hearraí lena mbaineann an sárú, arna dhéanamh aige in LEE. Sa chomhthéacs sin, ghlac sé luach éifeachtach na ndíolachán arna sannadh, trí shuim de luach na ndíolachán d’fhoirne sliseanna UMTS a rinne an t‑iarratasóir le linn na tréimhse ábhartha a dhéanamh, eadhon an dara ráithe de 2009, 2010 ina hiomláine agus an chéad ráithe de 2011. Chun bunmhéid na fíneála a ríomh, chuir sé i bhfeidhm fachtóir tromchúise [rúnda], agus leag sé amach sa chinneadh atá faoi chonspóid na nithe a chuir sé san áireamh chun teacht ar an gcéatadán sin. |
|
753 |
Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún le bunmhéid na fíneála méid breise díspreagtha a socraíodh ag [rúnda] de mheánmhéid na ndíolachán d’fhoirne sliseanna UMTS a rinne an t‑iarratasóir in LEE le linn na tréimhse ábhartha aon [rúnda] de leath den luach éifeacht de na díolacháin a sannadh, mar a cinneadh roimhe sin. Mhínigh sé freisin, in aithrisí 1274 go 1278 den chinneadh atá faoi chonspóid, na fachtóirí a cuireadh san áireamh chun teacht ar an gcéatadán sin. |
|
754 |
Ar deireadh, mheas an Coimisiún, in éagmais imthoisc géaraitheach nó maolaitheach, nár cheart méid na fíneála a athrú. |
|
755 |
I bhfianaise an mhéid sin, shocraigh an Coimisiún méid na fíneála a cuireadh ar an iarratasóir ag EUR 242042000, agus é á shonrú aige, i bhfianaise an láimhdeachais EUR 19105 milliún a rinne sé le linn na bliana airgeadais sular glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid, go raibh an méid sin fós faoi bhun na tairsí de 10 % dá bhforáiltear le hAirteagal 23(2) de Rialachán Uimh. 1/2003. |
|
756 |
Sa chás seo, measann an Chúirt Ghinearálta gurb iomchuí tosú le scrúdú ar an dara cuid den tsaincheist dlí seo. |
An dara cuid, lena n‑éilítear go ndearnadh earráidí measúnaithe agus dlí, gur sáraíodh prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus go bhfuil easpa cúiseanna ann a mhéid a bhaineann leis an gcinneadh maidir le luach na ndíolachán
|
757 |
Mar thaca leis an dara cuid, ardaíonn an t‑iarratasóir trí argóint. Sa chéad áit, áitíonn sé gur mhaolaigh an Coimisiún, le linn an mheasúnaithe ar luach na ndíolachán indíreach d’fhoirne sliseanna UMTS in LEE, ó phointe 15 de threoirlínte 2006 trí shonraí a bhaineann le bliain shibhialta a úsáid, seachas sonraí a bhaineann leis an mbliain airgeadais dheireanach. |
|
758 |
Sa dara háit, maíonn an t‑iarratasóir gur mhaolaigh an Coimisiún ó phointí 13 agus 24 de threoirlínte 2006 trí dhíolacháin a rinneadh le linn na tréimhse ábhartha a úsáid, seachas díolacháin a rinneadh le linn na bliana cánach iomláine, agus sin gan aon mhíniú a thabhairt. |
|
759 |
Sa tríú háit, déanann an t‑iarratasóir gearán nach raibh an deis aige a bharúlacha a chur in iúl don Choimisiún faoin modheolaíocht lena ndearnadh measúnú ar luach a dhíolachán a raibh sé i gceist ag an gCoimisiún a chur i bhfeidhm. |
|
760 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. Freagraíonn an Coimisiún, sa chéad áit, chun luach na ndíolachán a rinne an t‑iarratasóir a ríomh, go raibh air na sonraí a bhaineann leis an mbliain 2015 a úsáid, is é sin in tempore non suspecto, tráth nach raibh sé i gceist go fóill an fhíneáil a ríomh, seachas na sonraí a bhaineann leis an mbliain chánach dheireanach, a chuir an t‑iarratasóir ar fáil in 2019 agus a ceartaíodh roinnt uaireanta ina dhiaidh sin mar gheall ar earráidí éagsúla agus a measadh, dá bhrí sin, gan bheith iontaofa. Luann sé leis sin nárbh fhéidir leis na díolacháin a rinneadh le linn na bliana cánach deiridh ar bhonn na sonraí a cuireadh ar fáil le linn na bliana féilire a mheasúnú, toisc nár sheol an t‑iarratasóir miondealú de réir ráithe de na díolacháin sin chuige, rud a chuirfeadh ar a chumas é sin a dhéanamh. |
|
761 |
Sa dara háit, maidir le húsáid luach na ndíolachán a bhain leis an tréimhse ábhartha ar fad, maíonn an Coimisiún, ag céim an athfhreagra, nárbh fhéidir leis ríomhanna na bliana iomláine deireanaí den sárú a chur san áireamh, toisc go raibh figiúirí comhthiomsaithe don bhliain féilire sna sonraí maidir le hathchruthú an mhargaidh a chuir an t‑iarratasóir ar fáil. Luann sé, leis sin, ón gcéad iarraidh ar fhaisnéis a rinne an t‑iarratasóir an 5 Feabhra 2019, gur iarr sé ar an iarratasóir luach dhíolacháin fhoirne sliseanna UMTS le haghaidh gach bliana féilire a chur in iúl ó 2009 go 2011, is é sin le haghaidh na tréimhse iomláine agus, dá réir sin, gur cheart don iarratasóir a thuiscint go bhfuil sé i gceist aige an tréimhse iomlán sin a úsáid, seachas an bhliain dheireanach amháin. |
|
762 |
Sa tríú háit, áitíonn an Coimisiún go raibh an deis ag an iarratasóir barúlacha a chur in iúl faoin modheolaíocht a bhí le cur i bhfeidhm aige, ós rud é gur chuir sé é ar an eolas an 13 Meitheamh 2019, sa chaoi go raibh deis aige a bharúlacha a chur in iúl dó. |
|
763 |
Maidir leis an gcéad argóint ón iarratasóir, a bhaineann leis an úsáid a bhain an Coimisiún as na sonraí a bhaineann leis an mbliain féilire seachas na sonraí a bhaineann leis an mbliain airgeadais dheireanach, is léir ó phointe 13 threoirlínte 2006, d’fhonn bunmhéid na fíneála atá le forchur a chinneadh, úsáidfidh an Coimisiún luach na n‑earraí nó na seirbhísí arna soláthar don ghnóthas, a bhí ceangailte go díreach nó go hindíreach leis an sárú, sa limistéar geografach lena mbaineann laistigh de limistéar LEE, agus gur gnách go n‑úsáidfidh sé díolacháin an ghnóthais le linn na bliana deireanaí iomláine dá rannpháirtíocht sa sárú. |
|
764 |
Sonraítear i bpointe 15 de threoirlínte 2006, d’fhonn luach na ndíolachán de ghnóthas a chinneadh, go n‑úsáidfidh an Coimisiún na sonraí is fearr atá ar fáil ón ngnóthas sin agus go bhforáiltear le pointe 16 de na treoirlínte sin, i gcás ina bhfuil na sonraí arna gcur ar fáil ag gnóthas neamhiomlán nó neamhiontaofa, go bhféadfaidh an Coimisiún luach na ndíolachán a rinne an gnóthas sin a chinneadh ar bhonn na sonraí páirteacha a fuair sé ó ar bhonn aon fhaisnéis eile a mheasann sé a bheith ábhartha nó iomchuí. |
|
765 |
Is léir ón méid sin nach bhfuil sé de cheangal ar an gCoimisiún na díolacháin a rinneadh le linn na bliana cánach deireanaí a úsáid, ós rud é nach bhfuil ann ach féidearthacht di, agus go ndeimhnítear le húsáid an téarma ‘gur gnách’ i bpointe 13 threoirlínte 2006 gur féidearthacht atá ann, seachas oibleagáid. Thairis sin, i gcás ina bhfuil amhras ann maidir le hiontaofacht na sonraí arna gcur ar fáil ag an ngnóthas lena mbaineann, cuirtear ar chumas an Choimisiúin, le pointe 16 de na treoirlínte sin aon fhaisnéis eile a úsáid a mheasann sé a bheith ábhartha nó iomchuí d’fhonn luach na ndíolachán don ghnóthas lena mbaineann a chinneadh. |
|
766 |
Sa chás seo, aontaíonn na páirtithe gur úsáid an Coimisiún, chun bunmhéid na fíneála a ríomh, na sonraí ó na díolacháin a rinne an t‑iarratasóir ina aghaidh na bliana féilire, seachas na sonraí a bhaineann leis na díolacháin a rinneadh in aghaidh na bliana cánach, agus a mhínigh sé go mionsonraithe in aithrisí 1246 go 1266 den chinneadh atá faoi chonspóid na cúiseanna gur ghníomhaigh sé mar sin, eadhon, go háirithe, fadhb iontaofachta leis na sonraí arna dtarchur ag an iarratasóir maidir lena dhíolacháin in aghaidh na bliana cánach. |
|
767 |
Ní mór a thabhairt faoi deara freisin, nuair a chuir an Coimisiún in iúl don iarratasóir, an 13 Meitheamh 2019, go raibh an rún aige na sonraí a bhaineann le díolacháin a rinneadh in aghaidh na bliana féilire a úsáid, go bhféadfadh sé sonraí a bhaineann le díolacháin a rinneadh in aghaidh na bliana féilire a chur ar fáil, miondealaithe de réir ráithe, rud a chuirfeadh ar chumas an Choimisiúin luach na ndíolachán arna ndéanamh ag an iarratasóir le linn na bliana airgeadais 2010 a ríomh, ar bhonn na faisnéise sin. Ní dhearna an t‑iarratasóir amhlaidh agus dá bhrí sin, ní féidir leis an Coimisiún a cháineadh toisc nár úsáid sé sonraí nach raibh ar fáil dó. |
|
768 |
Dá bhrí sin, ní dhearna an Coimisiún sárú ar a oibleagáid cúiseanna a lua agus ní dhearna sé earráid nuair a chinn sé úsáid a bhaint as na sonraí a chuir an t‑iarratasóir ar fáil maidir le luach a dhíolachán arna gcur in iúl de réir na bliana féilire, seachas de réir na bliana cánach. |
|
769 |
Maidir leis an dara hargóint ón iarratasóir, gur úsáid an Coimisiún na díolacháin a rinneadh thar tréimhse iomlán an tsáraithe, seachas na díolacháin a rinneadh le linn thréimhse an tsáraithe, is léir ó phointe 24 threoirlínte 2006, ar mhaithe le fad rannpháirtíocht gach gnóthais sa sárú a chur san áireamh go hiomlán, go ndéanfar an méid arna chinntiú ar bhonn luach na ndíolachán a iolrú faoi líon na mblianta rannpháirtíochta sa sárú. |
|
770 |
Sa chás seo, ní chuirtear ina choinne gur ríomh an Coimisiún bunmhéid na fíneála trí luach na ndíolachán a rinne an t‑iarratasóir le linn na tréimhse ábhartha, a shuimiú, eadhon le linn an dara ráithe de 2009, le linn 2010 agus le linn an chéad ráithe de 2011, seachas é a dhéanamh trí luach na ndíolachán a rinneadh le linn na bliana féilire deireanaí a iolrú faoi líon na mblianta rannpháirtíochta sa sárú, eadhon 2 bhliain. |
|
771 |
Contrártha do phointe 13 de na treoirlínte, a fhágann an fhéidearthacht don Choimisiún luach eile díolachán a úsáid seachas an luach a bhaineann leis an mbliain airgeadais dheireanach, ní fhoráiltear le pointe 24 de na treoirlínte sin gur féidir aon mhaolú a dhéanamh. |
|
772 |
Cé gur fíor go gceadaítear le pointe 37 de threoirlínte 2006 don Choimisiún, go ginearálta, imeacht ón modh a cheanglaítear leis na treoirlínte sin, fós féin, i gcás den sórt sin, ceanglaítear ar an gCoimisiún na cúiseanna a d’fhág gurbh fhéidir leis imeacht ón modh sin a mhíniú. |
|
773 |
Go deimhin, is léir ón gcásdlí, ar thaobh amháin, i gcás ina gcinneann an Coimisiún imeacht ón modheolaíocht ghinearálta a leagtar amach i dtreoirlínte 2006, lena raibh sé teoranta d’fheidhmiú a dhiscréide maidir le socrú mhéid na bhfíneálacha, trí bhrath ar phointe 37 de na treoirlínte sin, go bhfuil an ceanglas cúiseanna a lua níos déine fós agus, ar an taobh eile, go leagtar amach sna treoirlínte sin riail iompair a léiríonn an cleachtas atá le leanúint nach féidir leis an gCoimisiún imeacht uaidh, i gcás faoi leith, gan cúiseanna a bheadh i gcomhréir, inter alia, le prionsabal an chomhionannais. Ní mór na cúiseanna sin a bheith níos beaichte fós de bharr go bhfuil an pointe sin teoranta do thagairt dhoiléir do ‘saintréithe cás faoi leith’ agus go bhfágtar discréid leathan don Choimisiún mar sin chun bunmhéideanna na bhfíneálacha do na gnóthais lena mbaineann a chur in oiriúint. Go deimhin, i gcás mar sin, tá tábhacht níos mó fós ag baint le comhlíonadh na ráthaíochtaí arna ndeonú le dlíchóras an Aontais i nósanna imeachta riaracháin ag an gCoimisiún, lena n‑áirítear an oibleagáid cúiseanna a lua (féach breithiúnas an 13 Nollaig 2016, Printeos agus páirtithe eile v an Coimisiún, T‑95/15, EU:T:2016:722, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
774 |
Mar sin féin, cé gur fíor go míníonn an Coimisiún cén fáth ar úsáid sé luach na ndíolachán a bhaineann leis an mbliain féilire 2010, seachas sa bhliain airgeadais dheireanach, ní éiríonn leis úsáid luach na ndíolachán a bhaineann le fad iomlán an tsáraithe (seachas luach na ndíolachán a rinneadh le linn na bliana deireanaí den sárú, iolraithe faoi dhó, i bhfianaise thréimhse an tsáraithe de 2 bhliain), ós rud é nach n‑áitíonn sé ach nach bhféadfadh sé a ríomhanna a bhunú ar an mbliain dheireanach iomlán den sárú, toisc nach raibh na figiúirí comhthiomsaithe in aghaidh na bliana féilire aige. Go deimhin, d’fhéadfadh an Coimisiún luach na ndíolachán a rinneadh le linn na bliana féilire deireanaí den sárú a úsáid, a bhí aige agus a mheas sé a bheith iontaofa, agus an luach sin a iolrú faoi thréimhse an tsáraithe, is é sin faoi dhó. |
|
775 |
Thairis sin, is léir ón gcásdlí nach mór na cúiseanna, i bprionsabal, a chur in iúl don duine lena mbaineann ag an am céanna leis an gcinneadh lena ndéantar dochar dó. Ní féidir easpa cúiseanna a thabhairt chun rialtachta leis an bhfíoras go gcuirtear an duine lena mbaineann ar an eolas faoi na cúiseanna leis an gcinneadh le linn na n‑imeachtaí os comhair chúirteanna an Aontais (breithiúnais an 29 Meán Fómhair 2011, Elf Aquitaine v an Coimisiún, C‑521/09 P, EU:C:2011:620, mír 149; an 19 Iúil 2012, Alliance One International agus Standard Commercial Tobacco v an Coimisiún agus an Coimisiún v Alliance One International agus páirtithe eile, C‑628/10 P agus C‑14/11 P, EU:C:2012:479, mír 74, agus an 13 Nollaig 2016, Printeos agus páirtithe eile v an Coimisiún, T‑95/15, EU:T:2016:722, mír 46). Is léir ón méid sin nach bhféadfadh an míniú a thug an Coimisiún i gcomhthéacs na n‑imeachtaí seo, agus go sonrach, ag céim an athfhreagra, maidir leis na cúiseanna a d’fhág gur imigh sé ó phointe 24 de threoirlínte 2006, fiú dá mbeadh sé áititheach, an easpa cúiseanna sa chinneadh atá faoi chonspóid a chúiteamh. |
|
776 |
Dá réir sin, sa chinneadh atá faoi chonspóid, d’imigh an Coimisiún, gan chúis, ón modheolaíocht a leagtar síos le treoirlínte 2006 trí bhrath, i gcomhthéacs na n‑imeachtaí seo, ag céim an athfhreagra, ar chúis neamhleor. |
|
777 |
Maidir leis an tríú hargóint ón iarratasóir i dtaca leis an easpa féidearthachta a dhearcadh a chur chun cinn maidir leis an modheolaíocht a raibh sé i gceist ag an gCoimisiún a chur i bhfeidhm chun bunmhéid na fíneála a fhorchur, aontaíonn na páirtithe gur cuireadh an t‑iarratasóir ar an eolas faoin modheolaíocht sin an 13 Meitheamh 2019 agus, go sonrach, go raibh sé i gceist ag an gCoimisiún sonraí a bhaineann leis na díolacháin a rinneadh in aghaidh na bliana féilire a úsáid. Dá bhrí sin, bhí an fhéidearthacht ag an iarratasóir a bharúlacha a chur in iúl ar an ábhar sin. |
|
778 |
Mar sin féin, contrártha don mhéid a mhaíonn an t‑iarratasóir, ní fhéadfadh an t‑iarratasóir a bheith ag súil leis go bailí go ndéanfadh sé bunmhéid na fíneála a ríomh ar bhonn luach na ndíolachán a rinneadh le linn na tréimhse ábhartha, go díreach toisc gur iarr an Coimisiún air luach na ndíolachán d’fhoirne sliseanna UMTS a chur in iúl dó le haghaidh gach bliana iomláine, ó 2009 go 2011, is é sin don tréimhse iomlán sin. |
|
779 |
Is léir ón méid sin thuas nach mór glacadh leis an gcuid seo agus, dá réir sin, leis an 14ú saincheist dlí, go páirteach. Dá réir sin, ní mór Airteagal 2 den chinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní gan gá a bheith ann na codanna eile den tsaincheist dlí a scrúdú, atá dírithe go léir leis an Airteagal sin a chur ar neamhní. |
An 15ú saincheist dlí, lena n‑éilítear go ndearnadh ‘earráidí follasacha measúnaithe’ fíorais agus dlí, mar aon le mainneachtain cúiseanna a lua sa chinneadh atá faoi chonspóid, a mhéid a aithnítear inniúlacht an Choimisiúin agus tionchar ar an trádáil
|
780 |
Tá dhá chuid sa tsaincheist dlí seo. Leis an gcéad chuid, éilítear easpa inniúlachta an Choimisiúin chun Airteagal 102 CFAE a chur chun feidhme. Leis an dara cuid, éilítear go raibh éifeachtaí ar an trádáil idir na Ballstáit mar gheall ar an iompar líomhainte. |
An chéad chuid, lena n‑éilítear easpa inniúlachta an Choimisiúin chun Airteagal 102 CFAE a chur chun feidhme
|
781 |
Áitíonn an t‑iarratasóir gur dhearbhaigh an Coimisiún in earráid go raibh inniúlacht aige chun Airteagal 102 CFAE a chur i bhfeidhm sa chinneadh atá faoi chonspóid, agus sin ar na cúiseanna seo a leanas. |
|
782 |
Sa chéad áit, níor cuireadh an t‑iompar líomhainte chun feidhme in LEE, i bhfianaise an easpa díolacháin dhíreacha de na foirne sliseanna lena mbaineann in LEE nó i dtreo LEE. |
|
783 |
Sa dara háit, ar na cúiseanna a leagtar amach mar thaca leis an naoú saincheist dlí, ní fhéadfadh an t‑iompar líomhainte éifeachtaí eisiatacha frithiomaíocha a bheith aige laistigh de LEE. Agus fiú dá mba rud é gurbh amhlaidh an cás, ní raibh na héifeachtaí sin substainteach, láithreach ná intuartha. |
|
784 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
785 |
Ní mór a thabhairt chun cuimhne, maidir le hiompar a glacadh lasmuigh de chríoch LEE, gur féidir inniúlacht an Choimisiúin i ndáil leis an dlí idirnáisiúnta poiblí chun sárú ar Airteagal 102 CFAE a chinneadh agus a phionósú a bhunú i bhfianaise chritéar an chur chun feidhme, nó i bhfianaise chritéar na n‑éifeachtaí cáilithe (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún, C‑413/14 P, EU:C:2017:632, míreanna 40 go 47; féach freisin, chuige sin agus de réir analaí, breithiúnas an 12 Iúil 2018, Brugg Kabel agus Kabelwerke Brugg v an Coimisiún, T‑441/14, EU:T:2018:453, míreanna 95 go 97). |
|
786 |
I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi dear freisin go bhfuil na critéir cur chun feidhme agus na héifeachtaí cáilithe malartach seachas carnach (féach, chuige sin, breithiúnais an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún, C‑413/14 P, EU:C:2017:632, míreanna 62 go 64, agus an 12 Iúil 2018, Brugg Kabel agus Kabelwerke Brugg v an Coimisiún, T‑441/14, EU:T:2018:453, mír 98). |
|
787 |
Sa chás seo, ní mór a thabhairt faoi deara, i bpointe 13 den chinneadh atá faoi chonspóid, ar mhaithe lena inniúlacht a bhunú i bhfianaise an dlí idirnáisiúnta phoiblí chun sárú ar Airteagal 102 CFAE a chinneadh agus a phionósú, gur bhraith an Coimisiún ar chritéar an chur chun feidhme (aithris 1203 den chinneadh atá faoi chonspóid) agus ar chritéar na n‑éifeachtaí cáilithe (aithrisí 1204 go 1210 den chinneadh atá faoi chonspóid). |
|
788 |
Maidir leis an gcritéar cur chun feidhme, in aithris 1203 den chinneadh atá faoi chonspóid, míníonn an Coimisiún gur comhlíonadh an critéar sin, ós rud é go raibh a fhios ag an iarratasóir nó gur cheart go raibh a fhios aige go ndéanfaí na gléasanna arna gcur le chéile ag Huawei agus ZTE ina bhfuil ceann dá fhoirne sliseanna bunbhanda a mhargú in LEE freisin, rud ar léir ó roinnt fianaise ón tráth sin de na fíorais líomhainte agus, go sonrach, ó fhreagra an iarratasóra a cuireadh in iúl le linn an nós imeachta riaracháin agus le roinnt doiciméid inmheánacha atá ag an iarratasóir. |
|
789 |
Ní chuireann an t‑iarratasóir ina choinne ar chor ar bith go ndearna Huawei agus ZTE, ar dhíol sé na foirne sliseanna leo ar phraghsanna creachacha iad a chomhtháthú i ngléasanna arna margú in LEE ná go raibh sin ar eolas aige nó gur cheart go raibh sé ar eolas aige, arb é sin an chúis gur mheas an Coimisiún, sa chinneadh atá faoi chonspóid, gur comhlíonadh an critéar maidir le cur chun feidhme. |
|
790 |
Thairis sin, ní fhéadfadh an t‑iarratasóir a mhaíomh go bailí go raibh easpa díolacháin dhíreacha in LEE, toisc nach dtagraíonn an Coimisiún don mhéid sin sa chinneadh atá faoi chonspóid chun a léiriú go gcomhlíontar an critéar maidir le cur chun feidhme. |
|
791 |
Dá thoradh sin, ní dhearna an Coimisiún earráid trí theacht ar an gconclúid gur comhlíonadh critéar an chur chun feidhme sa chás seo. |
|
792 |
Ina theannta sin, ag féachaint don chritéar malartach maidir le cur chun feidhme agus don chritéar maidir leis na héifeachtaí cáilithe, mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 786 thuas, ós rud é nár éirigh leis an iarratasóir conclúid an Choimisiúin a bhréagnú ar dá réir a sásaíodh an critéar maidir le cur chun feidhme, ní gá a scrúdú an ndearna an Coimisiún measúnú ar comhlíonadh an critéar eile, eadhon an critéar maidir leis na héifeachtaí cáilithe, ós rud é gur cuireadh ar chumas leis an gcritéar cur chun feidhme bunús a thabhairt d’inniúlacht an Choimisiúin chun Airteagal 102 CFAE a chur chun feidhme. |
|
793 |
I bhfianaise an mhéid sin thuas, ní mór diúltú don chéad chuid den 15ú saincheist dlí. |
An dara cuid, lena n‑éilítear go raibh éifeachtaí ar an trádáil idir na Ballstáit mar gheall ar an iompar líomhainte
|
794 |
Áitíonn an t‑iarratasóir, trí thagairt do na hargóintí a forbraíodh mar thaca leis an naoú saincheist dlí, gur tháinig an Coimisiún ar an gconclúid mhícheart in aithris 1216 den chinneadh atá faoi chonspóid go raibh éifeacht shuntasach ag an iompar líomhainte ar an trádáil idir na Ballstáit. |
|
795 |
Cuireann an Coimisiún i gcoinne argóintí an iarratasóra. |
|
796 |
Ní mór a thabhairt faoi deara, de réir cásdlí socair, chun a chinneadh an féidir go bhfuil tionchar ag ceannasacht ar an trádáil idir na Ballstáit, nach mór na hiarmhairtí atá aige ar struchtúr na hiomaíochta éifeachtaí laistigh den mhargadh inmheánach a chur san áireamh (féach breithiúnas an 4 Bealtaine 1988, Bodson, 30/87, EU:C:1988:225, mír 24 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
797 |
Sna himthosca sin, tá cleachtais a bhfuil sé de chuspóir acu an príomhiomaitheoir atá bunaithe sa mhargadh inmheánach a eisiamh ón margadh, de réir a gcineáil, de chineál gur féidir leo tionchar a bheith acu ar struchtúr na hiomaíochta sa mhargadh inmheánach agus dá bhrí sin, tionchar a bheith acu ar an trádáil idir na Ballstáit de réir bhrí Airteagal 102 CFAE (breithiúnas an 8 Deireadh Fómhair 1996, Compagnie maritime belge transports agus páirtithe eile v an Coimisiún, T‑24/93 go T‑26/93 agus T‑28/93, EU:T:1996:139, mír 203). |
|
798 |
Thairis sin, is léir ón gcásdlí go bhféadfadh cleachtas frithiomaíoch a bhaineann le táirge leathchríochnaithe tionchar a bheith aige ar an trádáil laistigh den margadh inmheánach, fiú mura bhfuil an táirge leathchríochnaithe ina ábhar do thrádáil idir na Ballstát, i gcás inar amhábhar é an táirge sin de tháirge arna mhargadh in áit eile san Aontas Eorpach (féach, chuige sin, breithiúnas an 30 Eanáir 1985, Clair, 123/83, EU:C:1985:33, mír 29). |
|
799 |
Sa chás seo, is léir ón scrúdú ar an 10ú saincheist dlí gur léirigh an Coimisiún ar an gcaighdeán dlí leordhóthanach go raibh sé de chuspóir ag an iompar líomhainte Icera a eisiamh, arb é príomhiomaitheoir an iarratasóra, a bhí bunaithe laistigh den Aontas tráth na bhfíoras, rud a dheimhnigh an t‑idiragraí le linn na héisteachta. Thairis sin, bhain an t‑iompar sin le foirne sliseanna UMTS, eadhon táirgí leathchríochnaithe, atá dírithe ar ghléasanna MBB arna margú, go háirithe, san Aontas Eorpach, rud nach gcuireann an t‑iarratasóir ina choinne. |
|
800 |
Dá réir sin, ní dhearna an Coimisiún sárú ar a oibleagáid cúiseanna a lua agus ní dhearna sé earráid nuair a chinn sé, sa chinneadh atá faoi chonspóid, go bhféadfadh an t‑iompar líomhainte tionchar a bheith aige ar an trádáil idir na Ballstáit. Dá réir sin, ní mór diúltú don 2ú cuid den 15ú saincheist dlí. |
|
801 |
Is léir ón méid sin thuasluaite nach mór diúltú don 15ú saincheist dlí. |
An iarraidh ar mhéid na fíneála a chur ar neamhní nó a laghdú
|
802 |
Leis an dlínse neamhtheoranta atá ag an gCúirt Ghinearálta, údaraítear di, taobh amuigh den athbhreithniú ar dhlíthiúlacht an phionóis, nach gceadaítear di ach diúltú don chaingean le haghaidh neamhniú nó an gníomh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, a measúnú a chur in ionad mheasúnú an Choimisiúin agus, dá bhrí sin, an gníomh atá faoi chonspóid a leasú, fiú in éagmais neamhniú, i bhfianaise na gcúinsí fíorais go léir, d’fhonn, inter alia, méid na fíneála a leasú, chun an méid sin a laghdú nó a mhéadú (féach, chuige sin, breithiúnais 8 Feabhra 2007, Groupe Danone v an Coimisiún, C‑3/06 P, EU:C:2007:88, míreanna 61 agus 62, agus an 3 Meán Fómhair 2009, Prym agus Prym Consumer v an Coimisiún, C‑534/07 P, EU:C:2009:505, mír 86). |
|
803 |
I bhfeidhmiú a dlínse neamhtheoranta, is féidir leis an gCúirt Ghinearálta méid na fíneála a chinneadh agus na cúinsí go léir a bhaineann leis an gcás á gcur san áireamh. Chun é sin a dhéanamh, de bhun Airteagal 23(3) de Rialachán Uimh. 1/2003, ní mór tromchúis an tsáraithe a rinneadh chomh maith lena fad a chur san áireamh, i gcomhréir le prionsabail na comhréireachta agus indibhidiúlú na bpionós (féach breithiúnas an 21 Eanáir 2016, Galp Energía España agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑603/13 P, EU:C:2016:38, mír 90 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
804 |
I gcomhthéacs a hoibleagáide cúiseanna a lua, ní mór don Chúirt Ghinearálta na fachtóirí go léir a chuireann sé san áireamh agus méid na fíneála á shocrú a leagan amach go mionsonraithe (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Meán Fómhair 2016, Trafilerie Meridionali v an Coimisiún, C‑519/15 P, EU:C:2016:682, mír 52). |
|
805 |
Sa chás seo, chun méid na fíneála a chinneadh atá ceaptha chun an t‑iarratasóir a phionósú agus praghsanna creachacha roghnaitheacha a chur chun feidhme ar feadh 2 bhliain, ar mhaithe lena phríomhiomaitheoir a eisiamh, measann an Chúirt Ghinearálta gur ceart an méid seo a leanas a dhéanamh, chun an scrúdú ar an dara cuid den 14ú saincheist dlí a chur san áireamh. |
Réamhbharúil
|
806 |
Cé nach bhfuil sí faoi cheangal ag treoirlínte an Choimisiúin chun fíneálacha a ríomh (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Meán Fómhair 2016, Trafilerie Meridionali v an Coimisiún, C‑519/15 P, EU:C:2016:682, míreanna 52 go 55), measann an Chúirt Ghinearálta gur cheart an mhodheolaíocht a leagtar síos i dtreoirlínte 2006 a chur i bhfeidhm, nach gcuireann an t‑iarratasóir ina coinne. |
Bunmhéid na fíneála a ríomh
|
807 |
De bhrí nach bhforáiltear d’oibleagáid i bpointe 13 threoirlínte 2006 chun luach na ndíolachán a rinneadh le linn na bliana cánach deireanaí a úsáid, mar is léir ó mhíreanna 763 go 765 thuas, ní mór luach na ndíolachán ar an margadh d’fhoirne sliseanna UMTS arna dhéanamh in LEE ag an iarratasóir le linn na bliana féilire deireanaí den sárú, eadhon bliain féilire 2010, a chur san áireamh. Go deimhin, tá bonn cirt leis an rogha sin ós rud é sa chás seo, nach bhfuil na sonraí arna gcur i láthair ag an iarratasóir in aghaidh na bliana cánach iontaofa, ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí 1246 go 1266 den chinneadh atá faoi chonspóid. |
|
808 |
I ndáil leis sin, is léir ó Thábla 75 den chinneadh atá faoi chonspóid, nár chuir na páirtithe ina choinne, le linn bhliain féilire 2010, gurbh ionann luach na ndíolachán d’fhoirne sliseanna UMTS a rinne an t‑iarratasóir in LEE agus [rúnda]. |
Leibhéal tromchúise an tsáraithe
|
809 |
Maidir le cionroinnt luach na ndíolachán atá le cur san áireamh, ní mór na himthosca go léir atá ábhartha sa chás a chur san áireamh agus, go háirithe, tábhacht eacnamaíoch an mhargaidh d’fhoirne sliseanna UMTS ar an leibhéal domhanda, cineál an tsáraithe a rinne an t‑iarratasóir, an fíoras go raibh an cleachtas líomhainte dírithe ar an t‑aon iomaitheoir a d’fheadfadh dúshlán a thabhairt don iarratasóir ar an deighleog ar thús cadhnaíochta den mhargadh sin, an fíoras gurbh fhéidir leis an iompar sin iontrálaithe eile féideartha sa mhargadh a dhíspreagadh agus cumhdach geografach an tsáraithe, raon domhanda agus lena n‑áirítear an LEE ina iomláine. |
|
810 |
Dá réir sin, is iomchuí fachtóir tromchúise de 11 % a chur i bhfeidhm, arb ionann é sin agus méid [rúnda]. |
Líon na mblianta a mhair an sárú
|
811 |
Is léir ó phointe 24 threoirlínte 2006, ar mhaithe le fad na rannpháirtíochta de gach gnóthas sa sárú a chur san áireamh go hiomlán, déanfar an méid arna chinneadh bunaithe ar luach na ndíolachán a iolrú faoi líon na mblianta de rannpháirtíocht sa sárú. |
|
812 |
Sa chás seo, ós rud é gur mhair an sárú 2 bhliain (aithris 1295 den chinneadh atá faoi chonspóid), ní mór an méid arna chinneadh ar bhonn luach na ndíolachán a iolrú faoi dhó, arb ionann sin agus méid [rúnda]. |
Méid breise
|
813 |
Is léir ó phointe 25 threoirlínte 2006, ar mhaithe le gnóthais den mhéid céanna agus a bhfuil acmhainní comhionanna acu dul i mbun cleachtais fhrithiomaíocha atá cosúil leo siúd a chuirtear faoi phionós sa chás seo, gur féidir suim idir 15 % agus 25 % de luach na ndíolachán a áireamh i mbunmhéid na fíneála. |
|
814 |
Sa chás seo, measann an Chúirt Ghinearálta gur féidir an cuspóir díspreagtha a ráthú trí ráta atá faoi bhun an ráta sách táscach, dá bhforáiltear i bpointe 25 threoirlínte 2006. |
|
815 |
Ar na cúiseanna sin, ní mór a áireamh i mbunmhéid na fíneála suim a fhreagraíonn do 11 % de luach na ndíolachán d’fhoirne sliseanna UMTS arna ndéanamh in LEE ag an iarratasóir le linn na bliana féilire 2010, mar is léir ó thábla 75 den chinneadh atá faoi chonspóid, nár chuir na páirtithe ina choinne, arb ionann sin agus [rúnda]. |
Imthosca maolaitheacha nó géaraitheacha
|
816 |
Sa chás seo, ní fhéadfadh aon cheann de na gnéithe dá dtagraíonn an t‑iarratasóir go ginearálta a fhágáil go ndéanfaí laghdú ar mhéid na fíneála de bhun phointe 29 de na treoirlínte sin agus, i bhfianaise na n‑imthosca ábhartha go léir, níl aon choigeartú ar bhunmhéid na fíneála iomchuí. |
|
817 |
Measann an Chúirt Ghinearálta freisin, mar a mheasann an Coimisiún sa chinneadh atá faoi chonspóid, nár cheart méid na fíneála sa chás seo a mhéadú mar gheall ar imthosca géaraitheacha. |
|
818 |
Dá bhrí sin, ní cheart méid na fíneála a choigeartú mar gheall ar imthosca maolaitheacha nó géaraitheacha. |
Conclúid maidir le méid na fíneála
|
819 |
Is léir ón méid sin thuas go socraítear an fhíneáil a fhorchuirtear ar an iarratasóir ag EUR 238732 659.33. |
Costais
|
820 |
De réir théarmaí Airteagal 134(1) de na Rialacha Nós Imeachta, ní mór a ordú don pháirtí caillteach na costais a íoc, má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí a n‑éireoidh leis. Thairis sin, de réir Airteagal 134(3) de na Rialacha sin, i gcás go n‑éireoidh le gach páirtí i roinnt de na pointí agus go dteipfidh orthu i roinnt eile, íocfaidh gach páirtí a chostais féin. Más dealraitheach údar maith a bheith leis de réir imthosca an cháis, áfach, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta a ordú go n‑íocfaidh páirtí amháin, chomh maith lena chostais féin, sciar de chostais an pháirtí eile. |
|
821 |
Sa chás seo, d’éirigh leis an iarratasóir agus leis an gCoimisiún i roinnt de na pointí agus theip orthu i roinnt eile. |
|
822 |
Sna himthosca sin, ní mór a ordú don iarratasóir 9/10 dá chostais féin a íoc, chomh maith le 9/10 de chostais an Choimisiúin Eorpaigh agus costais iomlána an idiragraí. Ní mór don Choimisiún an 10ú cuid dá chostais féin a íoc, mar aon leis an 10ú cuid de chostais an iarratasóra. |
|
Ar na forais sin, |
|
rialaíonn AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Chéad Dlísheomra méadaithe) mar seo a leanas: |
|
|
|
|
|
|
Spielmann Mastroianni Gâlea Fógraíodh amhlaidh i gcúirt phoiblí i Lucsamburg, an 18 Meán Fómhair 2024. An Cláraitheoir V. Di Bucci An tUachtarán D. Spielmann |
Clár
|
Cúlra na díospóide |
|
|
Comhthéacs an cháis |
|
|
Nós imeachta riaracháin |
|
|
Inneachair an chinnidh atá faoi chonspóid |
|
|
Táirgí lena mbaineann |
|
|
An margadh ábhartha |
|
|
Ceannasacht |
|
|
Mí-úsáid ceannasachta |
|
|
– Easpa bonn cirt |
|
|
– Sárú aonair leanúnach |
|
|
– Inniúlacht an Choimisiúin |
|
|
– Pionós |
|
|
An nós imeachta agus an t‑ordú atá á lorg ag na páirtithe |
|
|
Nós imeachta |
|
|
An t‑ordú atá á lorg ag na páirtithe |
|
|
An dlí |
|
|
An chéad saincheist dlí, lena n‑éilítear go ndearnadh earráidí nós imeachta |
|
|
An chéad chuid, lena n‑éilítear go ndearnadh sárú ar phrionsabal an dea-riaracháin |
|
|
– Réamhbharúlacha |
|
|
– An chéad ghearán a bhaineann leis an bhfiosrúchán a bheith rófhada |
|
|
– An dara gearán, lena n‑éilítear nach bhfuil an comhad lena mbaineann sách críochnúil agus beacht |
|
|
– An tríú gearán, lena n‑éilítear go ndearnadh fiosrúchán claonta |
|
|
An dara cuid, lena n‑éilítear gur sáraíodh cearta na cosanta agus prionsabal an chomhionannais idir na páirtithe |
|
|
– Réamhbharúlacha |
|
|
– An chéad ghearán, lena n‑éilítear go raibh rochtain neamhleor ar an gcáschomhad |
|
|
– An dara gearán, lena n‑éilítear go raibh inneachar an chomhaid a cuireadh ar aghaidh neamhleor |
|
|
An dara saincheist dlí, lena n‑éilítear ‘earráidí follasacha measúnaithe’ fíorais agus dlí, agus mainneachtain san oibleagáid cúiseanna a lua a mhéid a bhaineann le sainiú an mhargaidh ábhartha agus a cheannasacht le linn na tréimhse ábhartha |
|
|
An chéad chuid, a bhaineann le heasnaimh sa chinneadh atá faoi chonspóid ó thaobh shainiú an mhargaidh |
|
|
– Réamhbharúlacha |
|
|
– An chéad ghearán, lena n‑éilítear earráidí follasacha measúnaithe agus dlí de bharr gur bhraith an Coimisiún ar rogha freagraí doiléire ar cheisteanna doiléire |
|
|
– An dara gearán, lena n‑éilítear go ndearnadh earráidí follasacha measúnaithe agus dlí a mhéid nach ndearna an Coimisiún scrúdú ar aon slabhra ionadaithe a bheith ann |
|
|
– An tríú gearán, lena n‑éilítear go ndearnadh earráidí follasacha measúnaithe agus dlí a mhéid a tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh air tástáil SSNIP a chur i bhfeidhm |
|
|
An dara cuid, maidir le srianta iomaíochta arna bhfeidhmiú go díreach ag an soláthar ‘gafa’ ar an saormhargadh |
|
|
An tríú cuid, maidir le srianta iomaíochta arna bhfeidhmiú go díreach ag an tairiscint ‘gafa’ ar an saormhargadh |
|
|
An ceathrú cuid, a bhaineann le ceannasacht an iarratasóra le linn na tréimhse ábhartha |
|
|
An cúigiú cuid, a bhaineann le sainiú na deighleoige den mhargadh d’fhoirne sliseanna UMTS ar thús cadhnaíochta ar a bhfuil anailís an Choimisiúin bunaithe |
|
|
An cúigiú saincheist dlí, lena n‑éilítear ‘earráidí follasacha measúnaithe’ agus mainneachtain sa dualgas cúiseanna a lua a mhéid a bhaineann le hathchruthú na bpraghsanna ‘arna n‑íoc iarbhír’ |
|
|
An chéad chuid, lena n‑éilítear go raibh ‘athphróiseáil na bpraghsanna’ a rinneadh sa chinneadh atá faoi chonspóid mífhóinteach |
|
|
An dara cuid, lena n‑éilítear go ndearnadh earráidí sa chinneadh atá faoi chonspóid a bhaineann leis an ‘athphróiseáil’ a rinneadh |
|
|
An séú saincheist dlí, lena n‑éilítear go ndearnadh ‘sannadh mícheart costas innealtóireachta neamh-aisfhillteacha’ |
|
|
An chéad chuid a bhaineann le híocaíocht CIN le ZTE |
|
|
An dara cuid a bhaineann le híocaíocht CIN le Huawei |
|
|
An seachtú saincheist dlí, lena n‑éilítear ‘easpa tagarmharc cuí ó thaobh costais tagartha’ |
|
|
Réamhbharúlacha |
|
|
An chéad chuid, lena n‑éilítear go ndearnadh sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus ar an bprionsabal in dubio pro reo |
|
|
An dara cuid, lena n‑éilítear nach é critéar LRAICanna an costas tagartha iomchuí |
|
|
An tríú cuid, lena n‑éilítear nárbh iad na ‘fíor’ LRAICanna iad na LRAICanna arna ríomh ag an gCoimisiún |
|
|
An naoú saincheist dlí, lena n‑éilítear ‘earráidí follasacha measúnaithe’ agus dlí a mhéid a bhaineann leis an gconclúid gur eisiadh Icera leis na praghsanna arna gcleachtadh ag an iarratasóir agus go ndearnadh dochar do thomhaltóirí |
|
|
An chéad chuid, lena n‑éilítear go bhfuil easpa anailíse arna déanamh ag an gCoimisiún ar an iomaitheoir ‘chomh héifeachtach céanna’ |
|
|
Na codanna eile, lena n‑éilítear, go bunúsach, nach ann d’éifeachtaí an iompair líomhainte |
|
|
An deichiú saincheist dlí, lena n‑éilítear ‘earráidí follasacha measúnaithe’ fíorais agus dlí, cúiseanna neamhleora agus sárú ar an gceart chun éisteachta agus ar phrionsabal an dea-riaracháin, a mhéid a tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur áirithíodh le cleachtais phraghsála an iarratasóra gur cuireadh chun feidhme plean a bhí ceaptha chun Icera a eisiamh |
|
|
An 11ú saincheist dlí, lena n‑éilítear go ndearnadh ‘earráidí follasacha measúnaithe’ fíorais agus dlí agus cúiseanna neamhleora a mhéid a bhaineann le diúltú an Choimisiúin don bhonn cirt oibiachtúil a chuir an t‑iarratasóir ar aghaidh |
|
|
An tríú saincheist dlí, lena n‑éilítear go ndearadh ‘earráid dlí de bharr nár cuireadh an caighdeán dlí ceart i bhfeidhm’ |
|
|
An chéad chuid, lena n‑éilítear nár cuireadh i bhfeidhm an ‘caighdeán dlí ceart’ arna leagan síos sa teachtaireacht maidir le tosaíochtaí |
|
|
An dara saincheist dlí, lena n‑éilítear gur cuireadh i bhfeidhm an cásdlí a bhaineann le praghsáil eisiatach go mícheart, agus, ar bhonn níos ginearálta, le cleachtais phraghsála |
|
|
An tríú cuid, lena n‑éilítear go ndearnadh sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus na hintuarthachta |
|
|
An ceathrú saincheist dlí, lena n‑éilítear go bhfuil ‘teoiric na creiche’‘míloighiciúil agus nach bhfuil aon fhianaise mar bhunús léi’ |
|
|
Réamhbharúlacha |
|
|
An chéad chuid, lena n‑éilítear nach bhfuil aon bhaint ag ‘teoiric na creiche’ a bhí ag an gCoimisiún, a bhí ‘spriocdhírithe agus roghnaitheach’, le sainiú an mhargaidh agus gur cuireadh in oiriúint é chun teacht ar chonclúid réamhchinnte |
|
|
An dara cuid, lena n‑éilítear go raibh ‘teoiric na creiche’ a bhí ag an gCoimisiún neamh-chomhsheasmhach agus nach raibh cúiseanna leordhóthanacha tugtha léi |
|
|
Leis an tríú cuid, éilítear nár léirigh an Coimisiún go raibh iompar an iarratasóra agus a straitéis chreiche neamhréasúnach |
|
|
An ceathrú cuid, lena n‑éilítear go raibh praghsanna an iarratasóra níos airde ná praghsanna Icera |
|
|
An cúigiú cuid, lena n‑éilítear nár chuir an Coimisiún san áireamh fianaise shaorthach ríthábhachtach |
|
|
An séú cuid, lena n‑éilítear go bhfuil easpa fianaise maidir le creachadh airgeadais ann |
|
|
An seachtú cuid, éilítear go bhfuil ‘teoiric na creiche’ nua, earráideach agus nach bhfuil bunús léi |
|
|
An t‑ochtú cuid, lena n‑éilítear go ndearnadh ‘earráidí follasacha measúnaithe’ a mhéid a bhaineann le creachadh díreach idir an tríú ráithe de 2010 agus an dara ráithe de 2011 |
|
|
An naoú cuid, lena n‑éilítear go ndearna an Coimisiún neamhaird ar na dálaí tráchtála d’fhoireann sliseanna MDM8200 |
|
|
An 10ú cuid, lena n‑éilítear go raibh ‘teoiric na creiche’ míloighiciúil agus contrártha do rialacha bunúsacha eacnamaíocha |
|
|
An 11ú cuid, lena n‑éilítear nár léirigh an Coimisiún gur aisghabhadh na caillteanais a tharla le linn na tréimhse ábhartha agus nár tugadh le fios an tráth ar tháinig deireadh leis an gcreachadh |
|
|
An dara cuid déag, lena n‑éilítear nár cuireadh i bhfeidhm critéar an iomaitheora ‘chomh héifeachtach céanna’ agus dea-thorthaí Icera le linn na tréimhse ábhartha, lena gcuirtear i gcoinne ‘theoiric na creiche’ |
|
|
An 13ú cuid, lena n‑éilítear go ndearna an Coimisiún earráid a bhí díobhálach don fhíoriomaíocht |
|
|
An t‑ochtú saincheist dlí, lena n‑éilítear ‘go bhfuil an anailís ar phraghsanna/costais go follasach mícheart’ |
|
|
Réamhbharúlacha |
|
|
An chéad chuid, a bhaineann leis an tréimhse thosaigh don anailís ar phraghsanna/costais |
|
|
Na codanna eile, a bhaineann leis na hearráidí is bunúsaí a rinneadh san anailís ar phraghsanna/costais nár ceartaíodh sa chinneadh atá faoi chonspóid |
|
|
An 12ú saincheist dlí, lena n‑éilítear go raibh cúiseanna neamhleora leis an gcinneadh atá faoi chonspóid |
|
|
An 13ú saincheist dlí, lena n‑éilítear go ndearnadh ‘earráidí follasacha measúnaithe’, easpa bunús agus easpa cúiseanna leis an gcinneadh atá faoi chonspóid a mhéid a bhaineann le fad an tsáraithe |
|
|
An 14ú saincheist dlí, lena n‑éilítear go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid ‘go follasach earráideach’ a mhéid a bhaineann le ríomh agus forchur na fíneála |
|
|
Réamhbharúlacha |
|
|
An dara cuid, lena n‑éilítear go ndearnadh earráidí measúnaithe agus dlí, gur sáraíodh prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus go bhfuil easpa cúiseanna ann a mhéid a bhaineann leis an gcinneadh maidir le luach na ndíolachán |
|
|
An 15ú saincheist dlí, lena n‑éilítear go ndearnadh ‘earráidí follasacha measúnaithe’ fíorais agus dlí, mar aon le mainneachtain cúiseanna a lua sa chinneadh atá faoi chonspóid, a mhéid a aithnítear inniúlacht an Choimisiúin agus tionchar ar an trádáil |
|
|
An chéad chuid, lena n‑éilítear easpa inniúlachta an Choimisiúin chun Airteagal 102 CFAE a chur chun feidhme |
|
|
An dara cuid, lena n‑éilítear go raibh éifeachtaí ar an trádáil idir na Ballstáit mar gheall ar an iompar líomhainte |
|
|
An iarraidh ar mhéid na fíneála a chur ar neamhní nó a laghdú |
|
|
Réamhbharúil |
|
|
Bunmhéid na fíneála a ríomh |
|
|
Leibhéal tromchúise an tsáraithe |
|
|
Líon na mblianta a mhair an sárú |
|
|
Méid breise |
|
|
Imthosca maolaitheacha nó géaraitheacha |
|
|
Conclúid maidir le méid na fíneála |
|
|
Costais |
( *1 ) Teanga an cháis: an Béarla.
( i ) Rinneadh leasuithe teanga ar mhír 286 tar éis dó a bheith foilsithe ar líne den chéad uair.
( 1 ) Sonraí rúnda folaithe.