|
19.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 482/14 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 9 Samhain 2022 – Alfa Acciai v an Coimisiún
(Cás T-656/19) (1)
(Iomaíocht - Comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe - Margadh na mbarraí treisiúcháin - Cinneadh lena ndeimhnítear go ndearnadh sárú ar Airteagal 65 GC, i ndiaidh do Chonradh CEGC dul as feidhm, ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 - Socrú praghsanna - Srian agus smacht ar tháirgeadh agus ar dhíolacháin - Cinneadh arna ghlacadh i ndiaidh do chinntí eile a bheith curtha ar neamhní - Éisteacht nua a thionól i láthair údaráis iomaíochta na mBallstát - Cearta na cosanta - Prionsabal an dea-riaracháin - Tréimhse réasúnta - Oibleagáid cúiseanna a lua)
(2022/C 482/20)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Alfa Acciai SpA (Brescia, an Iodáil) (ionadaithe: D. Fosselard, D. Slater agus G. Carnazza, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: P. Rossi, G. Conte agus C. Sjödin, Gníomhairí, le cúnamh ó P. Manzini, Dlíodóir)
Ábhar
Caingean de bhun Airteagal 263 CFAE lena n-iarrtar Cinneadh C(2019) 4969 final ón gCoimisiún an 4 Iúil 2019 maidir le sárú ar Airteagal 65 de Chonradh CEGC (Cás AT.37956 – Barraí treisiúcháin) a chur ar neamhní, a mhéid a chinntear leis gur sháraigh an t-iarratasóir an fhoráil sin agus a mhéid a ngearrtar fíneáil EUR 3 587 000 air leis.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2) |
Ordaítear do Alfa Acciai SpA na costais a íoc. |