30.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 35/46 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Nollaig 2022 – PNB Banka v BCE
(Cás T-330/19) (1)
(Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta - Maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa - Airteagal 22 de Threoir 2013/36/AE - Agóid ag BCE i gcoinne cheannach sealúchais cháilitheacha in institiúid chreidmheasa - Túsphointe na tréimhse mheasúnaithe - Idirghabháil BCE le linn céim tosaigh an nós imeachta - Critéir chobhsaíochta airgeadais an fhaighteora bheartaithe agus comhlíonadh na gceanglas stuamachta - Foras réasúnach a bheith ann chun cur i gcoinne an cheannaigh ar bhonn critéar meastóireachta amháin nó roinnt critéar meastóireachta - Airteagal 106 de na Rialacha Nós Imeachta - Iarratas ar éisteacht gan cúis)
(2023/C 35/53)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: PNB Banka AS (Ríge, an Laitvia) (ionadaí: O. Behrends, Dlíodóir)
Cosantóir: An Banc Ceannais Eorpach (ionadaithe: C. Hernández Saseta, F Bonnard agus V. Hümpfner, i gcáil Gníomhairí)
Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: D. Triantafyllou, A. Nijenhuis agus A. Steiblytė, i gcáil Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) ar tugadh fógra ina leith i litir an 21 Márta 2019, lenar chur an institúid sin i gcoinne cheannach sealúchais cháilitheacha in B, a neamhniú.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don achomharc. |
2) |
Ordaítear do PNB Banka AS a chostais féin agus iad siúd arna dtabhú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) a íoc. |
3) |
Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin a íoc. |