30.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 35/46 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Nollaig 2022 – PNB Banka v BCE
(Cás T-301/19) (1)
(Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta - Maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa - Airteagal 6(5)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 - An gá atá le maoirseacht dhíreach ag BCE ar institiúid chreidmheasa nach bhfuil chomh suntasach sin - Iarratas ón údarás inniúil náisiúnta - Airteagal 68(5) de Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 - Cinneadh BCE lena n – aicmítear PNB Banka mar eintiteas suntasach atá faoi réir a mhaoirseachta stuamachta dhíreach - Oibleagáid cúiseanna a lua - Comhréireacht - Cearta cosanta - Rochtain ar chomhad riaracháin - Tuarascáil dá bhforáiltear in Airteagal 68(3) de Rialachán Uimh. 468/2014 - Airteagal 106 de na Rialacha Nós Imeachta - Iarratas ar éisteacht gan cúis)
(2023/C 35/52)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: PNB Banka AS (Ríge, an Laitvia) (ionadaí: O. Behrends, Dlíodóir)
Cosantóir: an Banc Ceannais Eorpach (ionadaithe: C. Hernández Saseta, F Bonnard agus D. Segoin, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) ar tugadh fógra ina leith i litir an 1 Márta 2019, chun é a aicmiú mar eintiteas suntasach faoi réir a mhaoirseacht stuamachta dhíreach, a neamhniú.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do PNB Banka AS a chostais féin agus iad siúd a thabhaigh an Banc Ceannais Eorpach (BCE) a íoc. |