BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

8 Samhain 2022 ( *1 )

(Achomharc – Státchabhair – Cabhair arna cur i bhfeidhm ag Ard-Diúcacht Lucsamburg – Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair ar neamhréir leis an margadh inmheánach agus neamhdhleathach, agus lena n‑ordaítear a haisíoc – Rialú cánach – Buntáiste – Roghnaíocht – Prionsabal an fheidhmithe neamhspleách – Creat tagartha – Dlí náisiúnta infheidhme – “Gnáthchánachas”)

I gCásanna uamtha C‑885/19 P agus C‑898/19 P,

maidir le dhá achomharc faoi Airteagal 56 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a tionscnaíodh an 4 Nollaig 2019,

Fiat Chrysler Finance Europe, atá bunaithe in Ard-Diúcacht Lucsamburg (Lucsamburg, dá ndéanann N. de Boynes, avocat, M. Doeding, solicitor, M. Engel, Rechtsanwalt, F. Hoseinian, advokat, G. Maisto, A. Massimiano, avvocati, J. Rodríguez, abogado, M. Severi, avvocato, agus A. Thomson, solicitor, ionadaíocht,

achomharcóir (Cás C‑885/19 P)

iarratasóir ag an gcéad chéim (C‑898/19 P),

agus

Éire, dá ndéanann M. Browne, A. Joyce agus J. Quaney, i gcáil Gníomhairí, ionadaíocht, le cúnamh ó B. Doherty, BL, P. Gallagher, AS, agus S. Kingston, AS,

achomharcóir (Cás C‑898/19 P)

idiragraí ag an gcéad chéim (C‑885/19 P),

na páirtithe eile sna himeachtaí:

Ard-Diúcacht Lucsamburg, dá ndéanann A. Germeaux agus T. Uri ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó J. Bracker, A. Steichen agus D. Waelbroeck, avocats,

iarratasóir ag an gcéad chéim (C‑898/19 P),

an Coimisiún Eorpach, dá ndéanann P.-J. Loewenthal agus B. Stromsky ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,

cosantóir ag an gcéad chéim (C‑885/19 P agus C‑898/19 P),

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta de K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, K. Jürimäe, C. Lycourgos, E. Regan, agus P. G. Xuereb, Uachtaráin Dlísheomra, S. Rodin, F. Biltgen, N. Piçarra, A. Kumin, N. Jääskinen, N. Wahl (Raipóirtéir), I. Ziemele agus J. Passer, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: P. Pikamäe,

Cláraitheoir: C. Strömholm, Riarthóir,

ag féachaint don chuid i scríbhinn den nós imeachta agus i ndiaidh éisteacht an 10 Bealtaine 2021,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 16 Nollaig 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Lena n‑achomhairc féin faoi seach, iarrann Fiat Chrysler Finance Europe, ar a dtugtaí Fiat Finance and Trade Ltd roimhe seo (“FFT”) (C‑885/19 P) agus Éire (C‑898/19 P) go gcuirfí ar ceal breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 24 Meán Fómhair 2019, Lucsamburg agus Fiat Chrysler Finance Europe v an Coimisiún (T‑755/15 agus T‑759/15, “an breithiúnas atá faoi achomharc”, EU:T:2019:670), lenar díbheadh a gcaingne chun Cinneadh (AE) 2016/2326 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2015 maidir le Státchabhair SA.38375 (2014/C ex 2014/NN) arna cur i ngníomh ag Lucsamburg i bhfabhar Fiat (IO 2016 L 351, lch. 1, “an cinneadh atá faoi chonspóid”) a chur ar neamhní.

I. Cúlra na díospóide

2

Chun críocha na n‑imeachtaí reatha, is féidir achoimre a dhéanamh ar chúlra na díospóide, mar a leagtar amach i míreanna 1 go 46 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, mar a leanas.

A. Maidir leis an rialú cánach arna dheonú ag údaráis chánach Lucsamburg do FFT

3

An 14 Márta 2012, sheol comhairleoir cánach FFT litir chuig údaráis chánach Lucsamburg ag iarraidh go bhformheasfaí comhaontú praghsála aistrithe.

4

An 3 Meán Fómhair 2012, d’eisigh údaráis chánach Lucsamburg rialú cánach i bhfabhar FFT (“an rialú cánach atá faoi chaibidil”). Ba i litir a bhí an rialú sin, inar luadh, “maidir leis an litir dar dáta an 14 Márta 2012 maidir le gníomhaíocht maoinithe inghrúpa FFT, deimhníodh léi go ndearnadh an anailís ar phraghsáil i gcomhréir le Ciorclán 164/2 an 28 Eanáir 2011 agus gur urramaíodh prionsabal an fheidhmithe neamhspleách”.

B. Maidir leis na himeachtaí riaracháin os comhair an Choimisiúin

5

An 19 Meitheamh 2013, chuir an Coimisiún Eorpach an chéad iarraidh ar fhaisnéis maidir le faisnéis mhionsonraithe faoi chleachtais rialaithe cánach náisiúnta chuig Ard-Diúcacht Lucsamburg. Tar éis na hiarrata tosaigh sin ar fhaisnéis, bhí malartú fada comhfhreagrais ann idir Ard-Diúcacht Lucsamburg agus an Coimisiún go dtí gur ghlac an Coimisiún an 24 Márta 2014 cinneadh lenar ceanglaíodh ar Ard-Diúcacht Lucsamburg faisnéis a sholáthar dó.

6

An 11 Meitheamh 2014, thionscain an Coimisiún an nós imeachta foirmiúil imscrúdaithe dá bhforáiltear in Airteagal 108(2) CFAE maidir leis an rialú cánach atá faoi chaibidil.

C. An cinneadh atá faoi chonspóid

7

An 21 Deireadh Fómhair 2015, ghlac an Coimisiún an cinneadh atá faoi chonspóid.

1.   Cur síos an Choimisiúin ar an rialú cánach atá faoi chaibidil

8

Le Roinn 2 den chinneadh atá faoi chonspóid, dar teideal “Tuairisc ar an mbeart”, ar an gcéad dul síos, thug an Coimisiún tuairisc ar FFT, tairbhí an rialaithe cánach atá faoi chaibidil, a bhí mar chuid den mhótarghrúpa Fiat/Chrysler (“grúpa Fiat/Chrysler”). Dúirt sé gur chuir FFT seirbhísí cisteáin agus maoinithe ar fáil do na cuideachtaí de chuid ghrúpa Fiat/Chrysler atá bunaithe san Eoraip, cé is moite díobh siúd atá bunaithe san Iodáil, agus gurb ó Lucsamburg a d’oibrigh sé, áit a raibh a cheannoifig lonnaithe. Dúirt an Coimisiún go raibh FFT gníomhach go háirithe maidir le maoiniú ón margadh agus infheistíochtaí leachtachta, le caidreamh le rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, comhordú airgeadais agus seirbhísí comhairle do chuideachtaí sa ghrúpa, seirbhísí bainistíochta cisteáin do chuideachtaí sa ghrúpa, maoiniú idirchuideachta gearrthéarmach agus meántéarmach agus comhordú le cuideachtaí maoiniúcháin eile (aithrisí 34 go 51 den chinneadh atá faoi chonspóid).

9

Ar an dara dul síos, luaigh an Coimisiún gur lean an rialú cánach atá faoi chaibidil, ar dtús, litir an 14 Márta 2012 ó chomhairleoir cánach FFT chuig údarás riaracháin cánach Lucsamburg, ina raibh iarratas ar chomhaontú praghsála aistrithe a fhormheas, agus, anuas air sin, tuarascáil ar phraghsáil aistrithe ina raibh anailís chríochnúil ar phraghsáil aistrithe a d’ullmhaigh an comhairleoir cánach chun tacú le hiarraidh FFT ar rialú cánach (aithrisí 9, 53 agus 54 den chinneadh atá faoi chonspóid).

10

Rinne an Coimisiún cur síos ar an rialú cánach atá faoi chaibidil mar fhormheas ar mhodh chun brabúis a leithdháileadh ar FFT laistigh den ghrúpa Fiat/Chrysler, rud a chuir ar chumas FFT an méid a dhlitear air i leith cáin ioncaim chorparáide a íoc le hArd-Diúcacht Lucsamburg a chinneadh ar bhonn bliantúil. Luaigh sé go raibh an cinneadh sin ceangailteach ar feadh tréimhse cúig bliana, ón mbliain chánach 2012 go dtí an bhliain chánach 2016 (aithrisí 52 agus 54 den chinneadh atá faoi chonspóid).

2.   Cur síos ar rialacha Lucsamburg agus Treoirlínte ECFE maidir le Praghsáil Aistrithe

11

Luaigh an Coimisiún gur glacadh an rialú cánach atá faoi chaibidil ar bhonn Airteagal 164(3) de Chód Cánach Ioncaim Lucsamburg (“an Cód Cánach”) agus Ciorclán L. I. R. Uimh. 164/2 ó Stiúrthóir Cánachais Lucsamburg an 28 Eanáir 2011 (“Ciorclán Uimh. 164/2”). I ndáil leis sin, thug an Coimisiún dá aire, ar an gcéad dul síos, gur bunaíodh leis an bhforáil sin prionsabal an fheidhmithe neamhspleách i ndlí cánach Lucsamburg, lena bhforáiltear gur cheart idirbhearta idir chuideachtaí sa ghrúpa céanna (“cuideachtaí comhtháite”) a bheith íoctha amhail is gur cuideachtaí neamhspleácha i mbun trádáil in imthosca inchomparáide faoi choinníollacha an fheidhmithe neamhspleách (“cuideachtaí neamhspleácha”) a bhí tar éis glacadh leo. Ar an dara dul síos, thug sé dá aire gur sonraíodh i gCiorclán Uimh. 164/2, inter alia, conas íocaíocht faoi fheidhmiú neamhspleách a chinneadh maidir le cuideachtaí maoinithe grúpa go sonrach (aithrisí 74 go 83 den chinneadh atá faoi chonspóid).

12

Thairis sin, leag an Coimisiún amach prionsabail na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le Praghsáil Aistrithe d’Fhiontair Ilnáisiúnta agus d’Údaráis Riaracháin Chánach, arna nglacadh ag Coiste ECFE um Ghnóthaí Cánach (“Treoirlínte ECFE”), agus luaigh sé gur thagair praghsanna aistrithe do phraghsanna a ghearrtar ar idirbhearta tráchtála idir eintitis éagsúla ar cuid den ghrúpa céanna cuideachtaí iad. D’áitigh an Coimisiún, ionas nach mbeadh dreasacht airgeadais ag cuideachtaí ilnáisiúnta a laghad brabúis agus is féidir a leithdháileadh ar chríocha a ghearrann níos mó cánach ar a gcuid brabús, nár cheart d’údaráis riaracháin chánach glacadh le praghsanna aistrithe idir cuideachtaí comhtháite ach amháin, i gcomhréir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách, gur íocadh as na hidirbhearta amhail is go raibh cuideachtaí neamhspleácha tar éis glacadh leo agus iad i mbun trádáil in imthosca inchomparáide faoi choinníollacha an fheidhmithe neamhspleách (aithrisí 84 go 87 den chinneadh atá faoi chonspóid).

13

Mheabhraigh an Coimisiún freisin gur liostaíodh cúig mhodh i dTreoirlínte ECFE chun neasluach a thabhairt ar phraghsanna an fheidhmithe neamhspleách do na hidirbhearta agus do leithdháileadh na mbrabús idir na cuideachtaí comhtháite. Ní raibh ach dhá cheann de na modhanna sin ábhartha sa chás seo dar leis an gCoimisiún, eadhon an modh praghsanna inchomparáide ar an saormhargadh agus modh idirbheartaíochta an ghlanchorrlaigh (aithris 88 agus aithris 89 den chinneadh atá faoi chonspóid).

3.   Measúnú ar an rialú cánach atá faoi chaibidil

14

I Roinn 7 (aithrisí 185 go 347) den chinneadh atá faoi chonspóid, leag an Coimisiún amach na cúiseanna, dar leis, gur chomhlíon an rialú cánach atá faoi thrácht na coinníollacha go léir a leagtar síos in Airteagal 107(1) CFAE ionas go n‑aicmeofaí ina Státchabhair é de réir bhrí na forála sin.

15

Ar dhóigh níos sonraí i dtaca leis an gcoinníoll a bhaineann le buntáiste roghnaitheach a bheith ann, mheas an Coimisiún gur thug an rialú cánach atá faoi chaibidil buntáiste den sórt sin do FFT, a mhéid is gur tháinig laghdú ar an gcáin a dhlitear air i Lucsamburg trí chlaonadh ón gcáin a bheadh air a íoc faoin ngnáthchóras cánach ioncaim corparáide (aithris 190 den chinneadh atá faoi chonspóid). Tháinig sé ar an gconclúid sin tar éis scrúdú comhchéimneach ar bhuntáiste agus ar roghnaíocht, arna struchtúrú de réir na dtrí chéim arna sainaithint ag an gCúirt Bhreithiúnais chun a chinneadh an bhfuil beart cánach roghnaitheach (aithris 192 den chinneadh atá faoi chonspóid agus mír 119 den bhreithiúnas atá faoi achomharc).

16

Maidir leis an gcéad chéim, a bhaineann le cinneadh an chreata tagartha, mheas an Coimisiún gurbh é a bhí sa chreat sin, sa chás seo, ná córas ginearálta cánach ioncaim corparáide Lucsamburg, a raibh sé mar chuspóir leis cáin a ghearradh ar bhrabúis na gcuideachtaí uile atá cónaitheach i Lucsamburg. I ndáil leis sin, shonraigh sé go raibh feidhm ag an gcóras ginearálta sin maidir le cuideachtaí intíre agus cuideachtaí eachtracha atá cónaitheach i Lucsamburg, lena n‑áirítear brainsí de chuideachtaí eachtracha i Lucsamburg. Mheas an Coimisiún nach raibh aon tionchar ag an bhfíric go raibh difríocht i ríomh na mbrabús inchánach idir cuideachtaí neamhspleácha agus cuideachtaí comhtháite ar chuspóir chóras ginearálta cánach ioncaim corparáide Lucsamburg, arbh é cáin a ghearradh ar bhrabúis na gcuideachtaí uile a bhfuil sainchónaí orthu i Lucsamburg, bídís comhtháite nó ná bíodh, agus go raibh an dá chineál cuideachta i staid inchomparáide fhíorasach agus dhlíthiúil i bhfianaise chuspóir bunúsach an chórais sin. Dhiúltaigh an Coimisiún do na hargóintí uile a d’ardaigh Ard-Diúcacht Lucsamburg agus a d’ardaigh FFT gurb é Airteagal 164 den Chód Cánach nó Ciorclán Uimh. 164/2 an creat tagartha ábhartha chomh maith lena n‑argóint nach ceart ach gnóthais atá faoi réir rialacha maidir le praghsáil aistrithe (aithrisí 193 go 215 den chinneadh atá faoi chaibidil) a áireamh sa chreat tagartha atá le cur san áireamh agus roghnaíocht an rialaithe cánach atá faoi chonspóid á meas.

17

Maidir leis an dara céim, chuir an Coimisiún in iúl go mbíonn an cheist an ionann beart cánach agus maolú ar an gcóras tagartha ag teacht go ginearálta leis an gcinneadh gur tugadh buntáiste don tairbhí tríd an mbeart sin. Ina thuairim, i gcás ina mbeadh laghdú gan údar ar dhliteanas cánach tairbhí mar thoradh ar bheart cánach, ar tairbhí é a mbeadh air, in éagmais an bhirt sin, cáin níos airde a íoc faoin gcreat tagartha, is ionann an laghdú sin agus an buntáiste a thugtar leis an mbeart cánach agus an maolú ar an gcóras tagartha araon. Ina theannta sin, mheabhraigh an Coimisiún, de réir an chásdlí, i gcás beart aonair, go bhféadfaí, i bprionsabal, de bharr an bhuntáiste eacnamaíoch a shainaithint, toimhde a dhéanamh go bhfuil sé roghnaitheach (aithrisí 216 go 218 den chinneadh atá faoi chonspóid).

18

Maidir leis an gcinneadh maidir leis an mbuntáiste, chinn an Coimisiún, go bunúsach, go dtugann beart cánach a thugann ar chuideachta grúpa praghsanna aistrithe a ghearradh nach léiríonn na praghsanna sin a ghearrfaí faoi choinníollacha saoriomaíochta, is é sin le rá, praghsanna arna gcaibidliú ag gnóthais neamhspleácha in imthosca inchomparáide faoi phrionsabal an fheidhmithe neamhspleách, buntáiste a thabhairt don chuideachta sin a mhéid is go dtagann laghdú ar a bonn cánach agus, dá bhrí sin, ar an gcáin is iníoctha faoin gcóras ginearálta cánach ioncaim corparáide. I dtuairim an Choimisiúin, ghlac an Chúirt, dá bhrí sin, sa chás ba bhun le breithiúnas an 22 Meitheamh 2006, an Bheilg agus Forum 187 v an Coimisiún (C‑182/03 agus C‑217/03, EU:C:2006:416), le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách, eadhon “an prionsabal gur chóir idirbhearta idir cuideachtaí sa ghrúpa céanna a bheith íoctha amhail is gur cuideachtaí neamhspleácha iad a bhí i mbun trádála in imthosca inchomparáide faoi choinníollacha an fheidhmithe neamhspleách” mar chritéar chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil buntáiste ag grúpchuideachta de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE mar thoradh ar bheart lena gcinntear a praghsanna aistrithe agus, dá bhrí sin, a bonn cánach. Mar thoradh air sin, mheas an Coimisiún go raibh air a fhíorú, sa chás seo, ar chlaon an modh lena dtacaíonn údarás riaracháin cánach Lucsamburg sa rialú cánach atá faoi chonspóid chun críocha brabúis inchánach FFT i Lucsamburg a chinneadh ó mhodh as a n‑eascraíonn neasluachú iontaofa ar thoradh margadhbhunaithe agus, dá bhrí sin, ó phrionsabal an fheidhmithe neamhspleách. Sa chás sin, ba cheart a mheas, dar leis an gCoimisiún, go dtugann an rialú cánach atá faoi chaibidil buntáiste roghnaitheach do FFT de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE (aithrisí 222 go 227 den chinneadh atá faoi chonspóid).

19

Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur gá go mbeadh prionsabal an fheidhmithe neamhspleách mar chuid lárnach dá mheasúnú, faoi Airteagal 107(1) CFAE, ar na bearta cánach a dheonaítear do chuideachtaí comhtháite, beag beann ar an gceist an bhfuil nó nach bhfuil an prionsabal sin tugtha isteach ag Ballstát ina chóras dlí náisiúnta. D’áitigh an Coimisiún, mar fhreagra ar argóintí Ard-Diúcacht Lucsamburg a ardaíodh i gcomhthéacs an nós imeachta riaracháin, nár scrúdaigh sé ar chomhlíon an rialú cánach atá faoi chaibidil prionsabal an fheidhmithe neamhspleách, mar a shainmhínítear in Airteagal 164(3) den Chód Cánach nó i gCiorclán Uimh. 164/2, ach gur fhéach sé lena chinneadh ar thug nó nár thug údarás riaracháin cánach Lucsamburg buntáiste roghnaitheach do FFT de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE (aithrisí 228 go 231 den chinneadh atá faoi chonspóid).

20

I bhfianaise na mbreithnithe sin agus ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí 241 go 301 den chinneadh atá faoi chonspóid, mheas an Coimisiún go raibh laghdú ar an gcáin chorparáide ar cheart a bheith iníoctha ag cuideachtaí neamhspleácha mar thoradh ar roghanna modheolaíochta áirithe arna bhformheas ag Ard-Diúcacht Lucsamburg agus arna n‑úsáid chun anailís a dhéanamh ar phraghsáil aistrithe sa rialú cánach atá faoi chaibidil (aithrisí 234 go 240 den chinneadh atá faoi chonspóid).

21

Mar mhalairt air sin, mheas an Coimisiún, in aon chás, gur thug an rialú cánach atá faoi chaibidil buntáiste roghnaitheach, fiú amháin i bhfianaise an chreata tagartha níos teoranta, ar bhraith Ard-Diúcacht Lucsamburg agus FFT air, arb é atá ann Airteagal 164(3) den Chód Cánach agus Ciorclán Uimh. 164/2, lenar leagadh síos prionsabal an fheidhmithe neamhspleách i ndlí cánach Lucsamburg (aithrisí 315 go 317 den chinneadh atá faoi chonspóid). Ina theannta sin, dhiúltaigh an Coimisiún d’argóint FFT gur cheart, d’fhonn a léiriú go gcaitear go roghnaitheach ina fhabhar de thoradh an rialaithe cánach atá faoi chaibidil, an rialú cánach sin a chur i gcomparáid le cleachtas údaráis riaracháin cánach Lucsamburg ar bhonn Chiorclán Uimh. 164/2, agus, go háirithe leis na rialuithe cánach a deonaíodh do chuideachtaí maoinithe agus cisteáin eile a chuir Ard-Diúcacht Lucsamburg ar fáil don Choimisiún mar shampla ionadaíoch dá chleachtas rialaithe cánach (aithrisí 318 go 336 den chinneadh atá faoi chonspóid).

22

I gcomhthéacs an tríú céim dá anailís, chinn an Coimisiún nár thug Ard-Diúcacht Lucsamburg ná FFT aon chúis a d’fhéadfadh bonn cirt a thabhairt don chaoi ar caitheadh go fabhrach le FFT mar thoradh ar an rialú cánach atá faoi chaibidil agus, in aon chás, nár sainaithníodh aon bhonn dlí a d’fhéadfaí a mheas mar bhonn a eascraíonn go díreach ó bhunphrionsabail an chreata tagartha, nó a eascraíonn as na sásraí is gné dhílis den chreat atá riachtanach dá fheidhmiú agus dá éifeachtacht (aithrisí 337 agus 338 den chinneadh atá faoi chonspóid).

23

Tháinig an Coimisiún ar an tuairim, i bhfianaise na mbreithnithe thuas, gur deonaíodh buntáiste roghnaitheach do FFT leis an rialú cánach atá faoi chaibidil, a mhéid a bhí laghdú tagtha ar dhliteanas cánach FFT, go príomha, faoi chóras ginearálta cánach ioncaim corparáide Lucsamburg i gcomparáid le cuideachtaí neamhspleácha, agus, de bhreis air sin, faoin gcóras comhtháite cánach corparáide (aithrisí 339 agus 340 den chinneadh atá faoi chonspóid). Mheas sé gurbh é an grúpa Fiat/Chrysler ina iomláine tairbhí an bhuntáiste atá faoi chonspóid, a mhéid arbh ionann FFT agus aonad eacnamaíoch le heintitis eile an ghrúpa sin, agus go raibh sé d’éifeacht ag an laghdú ar an gcáin a bhí iníoctha ag FFT na coinníollacha praghsála a ísliú d’iasachtaí laistigh den ghrúpa arna ndeonú ag FFT (aithrisí 341 go 345 den chinneadh atá faoi chonspóid).

24

Is é seo a leanas foclaíocht Airteagal 1:

“[An rialú cánach atá faoi chaibidil], lena gceadaítear do [FFT] a bhonn cánach a shocrú ar bhonn bliantúil ar feadh tréimhse cúig bliana, is ionann é agus cabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) [CFAE] nach luíonn leis an margadh inmheánach agus a chuir [Ard-Diúcacht Lucsamburg] i bhfeidhm go neamhdhleathach de shárú ar Airteagal 108(3) [CFAE].”

II. Na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus an breithiúnas atá faoi achomharc

25

Le hiarratais a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 29 agus an 30 Nollaig 2015, faoi seach, thionscain FFT (Cás T‑759/15) agus Ard-Diúcacht Lucsamburg (Cás T-755/15) caingne chun an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní.

26

Le hordú Uachtarán an Seachtú Dlísheomra Méadaithe den Chúirt Ghinearálta an 18 Iúil 2016, tugadh cead d’Éirinn idiragairt a dhéanamh mar thaca leis an ordú atá á lorg ag FFT agus ag Ard-Diúcacht Lucsamburg.

27

Le hordú Uachtarán an Seachtú Dlísheomra Méadaithe den Chúirt Ghinearálta, tar éis éisteacht a thabhairt do na páirtithe, rinneadh Cásanna T‑755/15 agus T‑759/15 a uamadh chun críocha an nós imeachta ó bhéal.

28

Mar thaca lena gcaingean, mhaígh Ard-Diúcacht Lucsamburg agus FFT cúig shraith de shaincheisteanna dlí a bhí bunaithe ar an méid seo a leanas:

An chéad sraith, lena n‑éilítear sárú ar Airteagail 4 agus 5 CAE agus ar Airteagal 114 CFAE, san anailís a rinne an Coimisiún, a mhéid a rinneadh comhchuibhiú cánach faoi cheilt (an tríú cuid den chéad saincheist i gCás T‑755/15);

An dara sraith, lena n‑éilítear sárú ar Airteagal 107 CFAE, ar an oibleagáid réasúin a shonrú dá bhforáiltear in Airteagal 296 CFAE, agus ar phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus ar chosaint ionchais dhlisteanaigh, a mhéid is gur mheas an Coimisiún gur tugadh buntáiste leis an rialú cánach atá faoi chaibidil, go háirithe ar an mbonn nach raibh an rialú cánach sin i gcomhréir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách (an dara cuid den chéad saincheist agus an chéad chuid den dara saincheist i gCás T‑755/15; an dara agus an tríú hagóid sa chéad chuid den chéad saincheist; an chéad chuid den dara saincheist agus an tríú saincheist agus an ceathrú saincheist i gCás T‑759/15);

An tríú sraith, lena n‑éilítear sárú ar Airteagal 107 CFAE, a mhéid is gur chinn an Coimisiún gur bhuntáiste roghnaitheach é (an chéad chuid den chéad saincheist i gCás T‑755/15 agus an chéad agóid sa chéad chuid den chéad saincheist i gCás T‑759/15);

An ceathrú sraith, lena n‑éilítear sárú ar Airteagal 107 CFAE, ar an oibleagáid réasúin a shonrú dá bhforáiltear in Airteagal 296 CFAE, a mhéid is gur chinn an Coimisiún go ndearna an beart atá faoi chonspóid iomaíocht a shrianadh agus trádáil a shaobhadh idir na Ballstáit (an dara cuid den dara saincheist i gCás T‑755/15; an dara cuid den chéad saincheist agus den dara cuid den dara saincheist i gCás T‑759/15), agus;

An cúigiú sraith, lena n‑éilítear sárú ar phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus cearta na cosanta, a mhéid is gur ordaigh an Coimisiún an chabhair atá faoi chaibidil a aisghabháil (an tríú saincheist dlí i gCás T‑759/15).

29

Tar éis uamadh Chásanna T‑755/15 agus T‑759/15 chun críocha an bhreithiúnais atá faoi achomharc, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta, leis an mbreithiúnas sin, do na saincheisteanna sin go léir agus, dá bhrí sin, dhiúltaigh sí na caingne sna cásanna sin ina n‑iomláine.

30

Maidir leis an dara sraith saincheisteanna, go háirithe na saincheisteanna sin ina líomhnaítear gur cuireadh prionsabal an fheidhmithe neamhspleách maidir leis an ngrinnscrúdú ar Státchabhair i bhfeidhm go mícheart, thug an Chúirt Ghinearálta dá haire, ar an gcéad dul síos, i gcomhthéacs staid chánach cuideachta comhtháite a chinneadh, nach mbunaítear praghsanna na n‑idirbheart laistigh de ghrúpa faoi choinníollacha an mhargaidh. Mheas sí, chun a chinneadh an raibh buntáiste ann de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, agus scrúdú á dhéanamh aici ar bheart cánach a deonaíodh do chuideachta chomhtháite dá leithéid, go bhféadfaidh an Coimisiún an t‑ualach cánach ar an gcuideachta sin de thoradh chur i bhfeidhm an bhirt cánach sin a chur i gcomparáid leis an ualach cánach de thoradh chur i bhfeidhm na ngnáthrialacha cánachais faoin dlí náisiúnta ar chuideachta atá i mbun a gníomhaíochtaí faoi choinníollacha margaidh, i gcás nach ndéantar idirdhealú sa dlí cánach náisiúnta idir “gnóthais” chomhtháite agus “gnóthais” neamhspleácha chun críocha a ndliteanais i leith cáin ioncaim chorparáide agus, dá bhrí sin, go bhféachann sé le cáin a ghearradh ar bhrabúis de chuid an chéad sórt cuideachta sin amhail is gur mar thoradh ar idirbhearta a rinneadh ar phraghsanna margaidh iad (míreanna 140 agus 141 den bhreithiúnas atá faoi achomharc).

31

Sa chomhthéacs sin, chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl le béim gur “uirlis” é prionsabal an fheidhmithe neamhspleách nó, mar a chinn an Coimisiún in aithris 225 den chinneadh atá faoi chonspóid, “tagarmharc” chun a fhíorú an gcomhfhreagraíonn praghsanna na n‑idirbheart laistigh de ghrúpa a nglacann na húdaráis náisiúnta leo do phraghsanna arna ngearradh faoi choinníollacha an mhargaidh, chun a chinneadh an é go mbaineann cuideachta chomhtháite tairbhe, faoi bheart cánach lena sainítear a praghsanna aistrithe, as buntáiste de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE (mír 143 den bhreithiúnas atá faoi achomharc).

32

Ina dhiaidh sin, thug an Chúirt Ghinearálta dá haire, sa chás seo, gur bhain an rialú cánach atá faoi chaibidil le cinneadh bhrabúis inchánach FFT faoin gCód Cánach, ina bhféachtar le cáin a ghearradh ar an mbrabús a eascraíonn as gníomhaíocht eacnamaíoch an “ghnóthais” comhtháite sin amhail is gur de thoradh idirbhearta arna ndéanamh ar phraghsanna margaidh a tháinig sé. Ar an mbonn sin, mheas sé go bhféadfadh an Coimisiún brabús inchánach FFT a chur i gcomparáid, mar thoradh ar chur i bhfeidhm an rialaithe cánach atá faoi chaibidil, leis an mbrabús inchánach, de thoradh chur i bhfeidhm ghnáthrialacha cánach Lucsamburg, gnóthais atá i staid fhíorasach inchomparáide agus a oibríonn faoi choinníollacha saoriomaíochta (míreanna 145 agus 148 den bhreithiúnas atá faoi achomharc). Sa chomhthéacs sin, chuir sí in iúl nach féidir an Coimisiún a cháineadh as úsáid a bhaint as modh chun praghsanna a chinneadh ar mheas sé a bheith iomchuí, d’ainneoin go raibh sé riachtanach fós údar a thabhairt lena rogha modheolaíochta (mír 146 den bhreithiúnas atá faoi achomharc).

33

Ar deireadh, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta d’argóintí Ard-Diúcacht Lucsamburg agus FFT a bhí ag iarraidh an chonclúid sin a thabhairt faoi cheist.

34

Ar an gcéad dul síos, maidir leis na hargóintí nár chuir an Coimisiún aon bhunús dlí chun cinn maidir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách a cuireadh i bhfeidhm sa chinneadh atá faoi chonspóid agus nár shonraigh sé a bhfuil i gceist leis, chinn an Chúirt Ghinearálta gur luaigh an Coimisiún, ar an gcéad dul síos, gur ghá go mbeadh prionsabal an fheidhmithe neamhspleách ina chuid lárnach den scrúdú, faoi Airteagal 107(1) CFAE, ar na bearta cánach a deonaíodh do ghrúpchuideachtaí agus, ar an dara dul síos, gur prionsabal ginearálta maidir leis an gcóir chomhionann sa chánachas a thagann faoi raon feidhme an Airteagail sin é an prionsabal sin (míreanna 150 agus 151 den bhreithiúnas atá faoi achomharc). Maidir lena bhfuil i gceist le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách, mheas an Chúirt Ghinearálta gur léir ón gcinneadh atá faoi chonspóid gur uirlis é chun a fhíorú go raibh idirbhearta laistigh de ghrúpa á n‑íoc amhail is go raibh gnóthais neamhspleácha tar éis caibidlíocht a dhéanamh i dtaca leo (mír 155 den bhreithiúnas atá faoi achomharc).

35

Sa dara háit, maidir leis an argóint gur critéar nach mbaineann le dlí cánach Lucsamburg é prionsabal an fheidhmithe neamhspleách a cuireadh i bhfeidhm sa chinneadh atá faoi chonspóid agus gur chuir sé ar chumas an Choimisiúin comhchuibhiú faoi cheilt a chur i gcrích ar deireadh i réimse an chánachais dhírigh i gcontrárthacht le neamhspleáchas cánach na mBallstát, mheas an Chúirt Ghinearálta nach raibh bunús leis an argóint sin, ós rud é gur ceadaíodh úsáid a bhaint as an bprionsabal sin toisc go bhforáiltear le rialacha cánach Lucsamburg go ngearrfaí cáin ar chuideachtaí comhtháite ar an mbealach céanna le cuideachtaí neamhspleácha. Dá bhrí sin, agus an critéar sin á chur i bhfeidhm sa chás seo, níor sháraigh an Coimisiún a chumhachtaí (míreanna 156 go 158 den bhreithiúnas atá faoi achomharc).

36

Sa tríú háit, maidir leis an argóint go raibh an Coimisiún go mícheart, nuair a dhearbhaigh sé, sa chinneadh atá faoi chonspóid, gurb ann do phrionsabal ginearálta maidir le cóir chomhionann sa chánachas, mheas an Chúirt Ghinearálta nár cheart foclaíocht an Choimisiúin a ghlacadh as a chomhthéacs agus, dá bhrí sin, nach bhféadfaí í a léiriú sa chaoi gur aithin an Coimisiún gurb ann do phrionsabal na córa comhionainne i gcúrsaí cánachais a bhaineann go dlúth le hAirteagal 107(1) CFAE (míreanna 160 agus 161 den bhreithiúnas atá faoi achomharc).

III. Éilimh na bpáirtithe

A. Cás C‑885/19 P

37

Lena achomharc, iarrann FFT ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní;

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, nó mar mhalairt air sin, mura bhfuil an Chúirt Bhreithiúnais in ann cinneadh cinntitheach a dhéanamh, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta, agus

a ordú don Choimisiún costais an achomhairc agus costais na n‑imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.

38

Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an t‑achomharc a dhíbhe agus

a ordú do FFT na costais a íoc.

39

Iarrann Éire ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní;

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

B. Cás C‑898/19 P

40

Lena achomharc, iarrann Éire ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní;

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc,

41

Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an t‑achomharc a dhíbhe agus

a ordú d’Éirinn na costais a íoc,

42

Iarrann FFT ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an t‑achomharc a dhíbhe agus

a ordú don Choimisiún a chuid costas maidir lena fhrithaighneacht agus lena rannpháirtíocht ar deireadh sna himeachtaí arna tionscnamh ag an achomharc.

43

Iarrann an Ard-Diúcacht Lucsamburg ar an gCúirt Bhreithiúnais:

iarrataí na hÉireann a dheonú;

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní;

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; agus

a ordú don Choimisiún na costais a thabhaigh sé a íoc.

IV. An nós imeachta os comhair na Cúirte

44

An 9 Márta 2020, d’iarr Uachtarán na Cúirte Breithiúnais ar na páirtithe a dtuairimí a chur in iúl maidir leis an bhféidearthacht Cásanna C-885/19 P agus C-898/19 P a uamadh chun críocha a raibh fágtha de na himeachtaí.

45

Le litreacha dar dáta an 16 Márta 2020, chuir FFT, Éire, an Coimisiún agus Ard-Diúcacht Lucsamburg in iúl don Chúirt nach raibh aon agóid acu i gcoinne na cásanna sin a uamadh. Le litir dar dáta an 14 Aibreán 2020, áfach, chuir an Coimisiún in iúl go raibh sé den tuairim, tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar ábhar na saincheisteanna a thaisc na hiarratasóirí, nárbh iomchuí na cásanna sin a uamadh chun críocha a raibh fágtha de na himeachtaí.

46

Le cinneadh ó Uachtarán na Cúirte an 20 Aibreán 2020, cuireadh in iúl do na páirtithe nach raibh aon ghá na cásanna a uamadh ag an gcéim sin de na himeachtaí.

V. Maidir leis na hachomhairc

47

Ag féachaint don cheangal eatarthu, is iomchuí na cásanna reatha a uamadh chun críocha an bhreithiúnais, i gcomhréir le hAirteagal 54(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais.

A. Maidir leis an achomharc i gCás C‑898/19 P

48

Mar thaca lena hachomharc i gCás C-898/19 P, arb iomchuí scrúdú a dhéanamh air ar dtús, ardaíonn Éire, a dtacaíonn Ard-Diúcacht Lucsamburg agus FFT léi, cúig shaincheist dlí.

49

Leis an gcéad saincheist dlí, a roinntear ina ocht gcuid, áitíonn Éire go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus gur chuir sí Airteagal 107(1) CFAE i bhfeidhm go míchuí ina cur chuige maidir le húsáid phrionsabal an fheidhmithe neamhspleách ag an gCoimisiún sa chinneadh atá faoi chonspóid. Lena dara saincheist dlí, áitíonn Éire go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid agus roghnaíocht an rialaithe cánach atá faoi chaibidil á scrúdú aici. Leis an tríú saincheist dlí, líomhnaítear sárú ar an oibleagáid réasúin a shonrú. Tá an ceathrú saincheist dlí bunaithe ar shárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla. Ar deireadh, leis an cúigiú saincheist dlí, maítear go ndearnadh sárú ar Airteagail 4 agus 5 CAE agus ar Airteagal 114 CFAE a mhéid a úsáideadh na rialacha maidir le Státchabhair, sa chás seo, chun rialacha na mBallstát maidir le cánachas díreach a chomhchuibhiú.

50

Áitíonn an Coimisiún go bhfuil an t‑achomharc do-ghlactha i bpáirt agus cuireann sé leis, i gcás ar bith, nach mór diúltú do na saincheisteanna ar a bhfuiltear ag brath chun tacú leis an achomharc toisc iad a bheith gan bhunús.

1.   Inghlacthacht

51

Áitíonn an Coimisiún go bhfuil an t‑achomharc do-ghlactha i bpáirt. Éilíonn sé, go bunúsach, go bhféachann bunbhrí na n‑argóintí a chuir Éire chun cinn i gcomhthéacs na chéad saincheiste agus an tríú saincheist dlí go dtí an chúigiú saincheist dlí leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, cleachtas ginearálta an Choimisiúin maidir le rialuithe cánach agus doiciméid áirithe de chuid na hinstitiúide sin ina ndéantar cur síos ar chur chuige an Choimisiúin i leith na rialuithe sin a thabhairt faoi cheist, seachas míreanna sonracha den bhreithiúnas atá faoi achomharc.

52

I ndáil leis sin, eascraíonn sé ón dara fomhír d’Airteagal 256(1) CFAE, ón gcéad mhír d’Airteagal 58 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus ó Airteagal 168(1)(d) agus Airteagal 169(2) de na Rialacha Nós Imeachta go gcaithfear a chur in iúl go beacht in achomharc na míreanna a ndéantar cáineadh orthu sa bhreithiúnas a n‑iarrtar a chur ar neamhní, agus na hargóintí dlíthiúla lena dtacaítear go sonrach leis sin, nó beidh an t‑achomharc nó an tsaincheist dlí lena mbaineann do-ghlactha (breithiúnas an 23 Samhain 2021, an Chomhairle v Hamas, C‑833/19 P, EU:C:2021:950, mír 50 agus an cásdlí dá dtagraítear).

53

Sa chás seo, aithnítear go sách beacht an t‑achomharc, i ngach ceann de na saincheisteanna dlí atá ann, na míreanna den bhreithiúnas atá faoi achomharc atá á gcur faoi chonspóid agus leagtar amach ann na cúiseanna, dar le hÉirinn, go bhfuil na míreanna sin curtha ó bhail de dheasca mainneachtain réasúin a lua agus earráidí dlí, rud a chuireann ar chumas na Cúirte a hathbhreithniú ar dhlíthiúlacht a dhéanamh. Go háirithe agus mar a aithníonn an Coimisiún, is léir ó phléadálacha i scríbhinn de chuid na hÉireann go dtagraítear go sainráite sna saincheisteanna a chuireann sí ar aghaidh mar thaca lena hachomharc do bhreithnithe na Cúirte Ginearálta a leagtar amach, inter alia, i míreanna 113, 140 go 142, 145, 147, 149, 150 go 152, 161 agus 180 go 184 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.

54

Dá bhrí sin, ní foláir diúltú don phléadáil maidir le do-ghlacthacht a tharraing an Coimisiún anuas maidir le cuid den achomharc.

2.   Substaint an cháis

55

I dtosach báire, is iomchuí scrúdú a dhéanamh ar an gcúigiú agus ar an séú cuid den chéad saincheist agus ar an gcúigiú saincheist.

(a)   Argóintí na bpáirtithe

56

I gcomhthéacs an chúigiú cuid den chéad saincheist, measann Éire nach mór an creat tagartha faoinar gá a chinneadh an bhfuil buntáiste roghnaitheach ann de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE a bheith bunaithe ar an gcóras cánach náisiúnta atá faoi chonspóid seachas ar chóras cánach hipitéiseach. Áitíonn sí gur féidir prionsabal an fheidhmithe neamhspleách a chur i bhfeidhm chun a fhíorú an ann do bhuntáiste den sórt sin i gcás mar sin sa chás reatha seo má tá an prionsabal sin tugtha isteach sa chóras cánach náisiúnta, arb ionann é agus “gnáthchánachas”, agus sa chás sin amháin. Nuair a thagann an cheist chun cinn i dtaobh an maolaíonn beart ar an “ngnáthchóras” cánach, is gá na rialacha a chuirtear i bhfeidhm i ndáiríre sa Bhallstát lena mbaineann a chur san áireamh agus ní rialacha atá lasmuigh den chóras sin nó atá hipitéiseach. Sa chás seo, níor chomhlíon an Chúirt Ghinearálta an ceanglas sin nuair a d’fhormhuinigh sí, i míreanna 141 agus 145 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, an úsáid a bhain an Coimisiún as prionsabal an fheidhmithe neamhspleách ar bhonn an chuspóra arna thoimhdiú atá ag dlí cánach Lucsamburg. Dá bhrí sin, rinne an Chúirt Ghinearálta neamhaird ar rialacha sonracha an dlí náisiúnta a bhfuil feidhm acu maidir le cuideachtaí comhtháite agus rialuithe cánach á n‑ullmhú acu lena nglacann údaráis chánach Bhallstáit seasamh, arna iarraidh sin ag cuideachta chomhtháite, maidir leis na praghsanna aistrithe is infheidhme maidir leis an gcineál cuideachta sin.

57

Faoin séú cuid den chéad saincheist dlí, déanann Éire agóid gur chinn an Chúirt Ghinearálta, i mír 142 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go raibh an ceart ag an gCoimisiún tagairt a dhéanamh sa chinneadh atá faoi chonspóid do bhreithiúnas an 22 Meitheamh 2006, in an Bheilg agus Forum 187 v an Coimisiún (C‑182/03 agus C‑217/03, EU:C:2006:416). Dar le hÉirinn, ní thacaíonn an breithiúnas sin le conclúid an Choimisiúin go dtagann prionsabal an fheidhmithe neamhspleách ó Airteagal 107(1) CFAE is cuma cé acu ar tugadh isteach sa dlí náisiúnta é nó nár tugadh. Seachas sin, sa chás inar tugadh an breithiúnas sin, mheas an Chúirt nach raibh an prionsabal maidir le maolú ar phrionsabal an fheidhmithe neamhspleách ábhartha toisc go raibh an prionsabal sin tugtha isteach sa dlí náisiúnta a bhí faoi chonspóid, eadhon dlí na Beilge, agus dá thoisc sin amháin.

58

Leis an gcúigiú saincheist dlí atá aici, a dhírítear i gcoinne mhíreanna 100 go 117 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, déanann Éire agóid i gcoinne dhiúltú na Cúirte Ginearálta dá hargóint gurb ionann an cinneadh atá faoi chonspóid agus comhchuibhiú cánach faoi cheilt, i gcontrárthacht leis na rialacha maidir le cumhachtaí a thabhairt, de shárú ar Airteagail 3 go 5 CAE agus d’Airteagal 114 CFAE. Dar le hÉirinn, bhí an Coimisiún ag brath ar rialacha nach cuid den chóras cánach náisiúnta iad maidir leis an gcinneadh atá faoi chonspóid agus neamhaird á tabhairt aige ar fhorálacha ábhartha an chórais sin. Tugann Éire dá haire, dá n‑éireodh leis an gCoimisiún sa chás seo, go mbeadh prionsabal an fheidhmithe neamhspleách, mar a cheap an Coimisiún é, ina cheangal ar na Ballstáit uile, beag beann ar an méid dá bhforáiltear ina reachtaíocht chánach féin.

59

Tá an Coimisiún den tuairim nach bhfuil aon éifeacht ag argóint na hÉireann. Tá an argóint sin, atá bunaithe den chuid is mó ar léamh mícheart claonta ar an mbreithiúnas atá faoi achomharc, gan bhunús pé scéal é.

60

Maidir leis an gcúigiú cuid den chéad saincheist dlí, ar an gcéad dul síos, a mhéid a fhéachtar le hargóintí na hÉireann agóid a dhéanamh i gcoinne chinntí na Cúirte Ginearálta i mír 145 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ar dá réir a dhéantar, faoin gCód Cánach, cáin a ghearradh ar chuideachtaí comhtháite agus ar chuideachtaí neamhspleácha i Lucsamburg ar an mbealach céanna maidir le cáin chorparáide agus, ar an dara dul síos, go bhféachann dlí Lucsamburg le cáin a ghearradh ar an mbrabús a eascraíonn as gníomhaíocht eacnamaíoch cuideachta comhtháite den sórt sin amhail is gur de thoradh idirbhearta arna ndéanamh ar phraghsanna margaidh a tháinig sé, tá na hargóintí sin dírithe, ar deireadh, le cinntí fíorais nach féidir a athbhreithniú i gcomhthéacs achomhairc a thabhairt faoi cheist.

61

Measann an Coimisiún, in aon chás, nach mbaineann tábhacht sa chás seo le cibé acu an minic a ndéantar idirdhealú faoin dlí cánach agus faoi dhlí na gcuideachtaí idir cuideachtaí neamhspleácha agus grúpchuideachtaí, ach an ndéantar idirdhealú faoi na dlíthe sin idir na cineálacha cuideachtaí sin agus a mbrabús inchánach á chinneadh faoin gcóras ginearálta cánach ioncaim corparáide. Mar a thug an Chúirt Ghinearálta faoi deara go cuí i mír 145 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ní dhéantar idirdhealú den sórt sin le Cód Cánach Lucsamburg. Dá bhrí sin, bhí an ceart ag an gCúirt Ghinearálta agus í á thabhairt dá haird go bhféachtar le reachtaíocht chánach Lucsamburg cáin a ghearradh ar an mbrabús a eascraíonn as gníomhaíocht eacnamaíoch cuideachta chomhtháite dá leithéid amhail is gur de thoradh idirbhearta arna ndéanamh ar phraghsanna margaidh a tháinig sé.

62

Sa dara háit, mar fhreagra ar an séú hagóid den chéad saincheist dlí ag Éirinn, áitíonn an Coimisiún go raibh an Chúirt Ghinearálta ag brath mar ba cheart ar bhreithiúnas an 22 Meitheamh 2006, an Bheilg agus Forum 187 v an Coimisiún (C‑182/03 agus C‑217/03, EU:C:2006:416), chun teacht ar an gconclúid, i gcás ina gcaitheann córas cánach Ballstáit le cuideachtaí grúpa agus cuideachtaí neamhspleácha ar an mbealach céanna maidir le cáin chorparáide, go dtugtar buntáiste de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE do ghrúpchuideachta le beart praghsála aistrithe lena gceadaítear di luach a chur ar a hidirbhearta laistigh de ghrúpa atá faoi bhun leibhéal na feidhme neamhspleáiche.

63

Is ionann go beacht an tagarmharc a chuir an Chúirt Bhreithiúnais i bhfeidhm i míreanna 95 agus 96 den bhreithiúnas sin chun a mheas arbh ann do bhuntáiste agus an tagarmharc a leag an Coimisiún amach i Roinn 7.2.2.1 den chinneadh atá faoi chonspóid agus a d’fhormhuinigh an Chúirt Ghinearálta i míreanna 141 agus 145 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, eadhon an chaoi a gcaitear le cuideachtaí neamhspleácha faoi na gnáthrialacha cánach. Níl aon amhras ann, dar leis an gCoimisiún, gur chuir an Chúirt Bhreithiúnais prionsabal an fheidhmithe neamhspleách i bhfeidhm i mbreithiúnas an 22 Meitheamh 2006, an Bheilg agus Forum 187 v an Coimisiún (C‑182/03 agus C‑217/03, EU:C:2006:416). Fiú mura luaitear an prionsabal sin go sainráite sa bhreithiúnas sin, measann an Coimisiún nach féidir aon léiriú difriúil a dhéanamh ar úsáid na dtéarmaí “i mbun a chuid gníomhaíochtaí faoi choinníollacha na saoriomaíochta”, i mír 95 den bhreithiúnas sin, agus “praghasanna aistrithe”, i mír 96 den bhreithiúnas sin.

64

Sa tríú háit, luann an Coimisiún, mar fhreagra ar an gcúigiú saincheist dlí, go ndearna sé measúnú ar an rialú cánach atá faoi chaibidil i bhfianaise chóras ginearálta cánach ioncaim corparáide Lucsamburg agus, dá seasfaí leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc lenar cinneadh gurb ann do bhuntáiste roghnaitheach, ní bheadh de thoradh air sin ach nach féidir leis na Ballstáit a ghearrann cáin ar bhrainsí nó ar fhochuideachtaí de chuid cuideachtaí ilnáisiúnta de réir a ngnáthrialacha amhail is gur eintitis ar leithligh iad teacht timpeall ar an athbhreithniú ar a gcuid rialuithe cánach i bhfianaise na rialacha maidir le Státchabhair, díreach toisc nach ndéanann a reachtaíocht chánach códú go sainráite ar na critéir oibiachtúla maidir le brabúis a leithdháileadh ar na brainsí nó ar na fochuideachtaí sin.

(b)   Breithniú na Cúirte Breithiúnais

(1) Réamhbharúlacha

65

Ní mór a thabhairt chun cuimhne, de réir chásdlí socair na Cúirte, nach bhfuil idirghabháil na mBallstát i réimsí nach bhfuil faoi réir comhchuibhiú i ndlí an Aontais eisiata ó raon feidhme fhorálacha Chonradh FAE maidir le Státchabhair a rialú. Dá réir sin, ní mór do na Ballstáit staonadh ó aon bheart cánach a ghlacadh a d’fhéadfadh a bheith ina Státchabhair nach luíonn leis an margadh inmheánach (breithiúnas an 16 Márta 2021, an Coimisiún v an Pholainn, C‑562/19 P, EU:C:2021:201, mír 26 agus an cásdlí dá dtagraítear).

66

I ndáil leis sin, eascraíonn sé as cásdlí socair na Cúirte go gceanglaítear chun go mbeidh beart náisiúnta ina “Státchabhair” de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas. Ar an gcéad dul síos, ní mór don chabhair a bheith ina hidirghabháil ag Stát nó trí acmhainní Stáit. Ar an dara dul síos, ní mór gur dóigh don idirghabháil sin dul i gcion ar thrádáil idir na Ballstáit. Ar an tríú dul síos, ní mór di buntáiste roghnaitheach a thabhairt dá tairbhí. Ar an gceathrú dul síos, ní mór di an iomaíocht a shaobhadh nó gur baolach di í a shaobhadh (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, World Duty Free Group agus an Spáinn v an Coimisiún, C‑51/19 P agus C-64/19 P, EU:C:2021:793, mír 30 agus an cásdlí dá dtagraítear).

67

Maidir leis an gcoinníoll a bhaineann le buntáiste roghnaitheach, ceanglaítear leis an gcoinníoll sin go gcaithfear a chinneadh, faoi réim dlí ar leith, an bhfuil an beart náisiúnta atá faoi chaibidil ag taobhú le “gnóthais áirithe nó táirgeadh earraí áirithe” thar ghnóthais eile atá, i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú ag an réim sin, i staid inchomparáide fhíorasach agus dhlíthiúil agus, dá bhrí sin, atá faoi réir cóireáil dhifreáilte ar féidir, go bunúsach, a aicmiú mar chóireáil idirdhealaitheach (breithiúnas an 16 Márta 2021, an Coimisiún v an Pholainn, C‑562/19 P, EU:C:2021:201, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear).

68

Chun beart cánach náisiúnta a aicmiú mar bheart “roghnaitheach”, ní mór don Choimisiún an córas tagartha a shainaithint ar dtús, eadhon an gnáthchóras cánach is infheidhme sa Bhallstát lena mbaineann, agus a léiriú, ar an dara dul síos, go maolaíonn an beart cánach atá faoi chaibidil ón gcóras tagartha sin, a mhéid a thugtar isteach idirdhealú idir oibreoirí atá, i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú ag an gcóras sin, i staid inchomparáide fhíorasach agus dhlíthiúil. Ní chumhdaítear leis an gcoincheap “Státchabhair”, áfach, bearta lena ndéantar idirdhealú idir gnóthais atá, i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú ag an gcóras dlí atá faoi chaibidil, i staid inchomparáide fhíorasach agus dhlíthiúil agus, dá bhrí sin, atá roghnaitheach a priori, i gcás ina n‑éiríonn leis an mBallstát lena mbaineann a léiriú, i dtríú céim, go bhfuil údar leis an idirdhealú sin, sa mhéid is go n‑eascraíonn sé as cineál nó scéim ghinearálta an chórais ar cuid de nó di na bearta sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, World Duty Free Group agus an Spáinn v an Coimisiún, C‑51/19 P agus C-64/19 P, EU:C:2021:793, míreanna 35 agus 36 agus an cásdlí dá dtagraítear).

69

I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú go bhfuil tábhacht mhór ag baint le cinneadh an chreata tagartha i gcás beart cánach, ós rud é nach féidir buntáiste eacnamaíoch a bheith ann de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE ach amháin i gcomparáid le “gnáthchánachas”. Dá bhrí sin, braitheann cinneadh na ngnóthas uile i gcás inchomparáide fíorasach agus dlíthiúil ar na rialacha dlí a sainíodh roimh ré i bhfianaise an chuspóra faoina bhfuil inchomparáide na staide fíorasaí agus dlíthiúla de chuid na ngnóthas a dtaobhaíonn an beart atá faoi chaibidil leo agus iad siúd nach dtaobhaíonn sé leo, faoi seach, le scrúdú, i gcás inarb iomchuí (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, World Duty Free Group agus an Spáinn v an Coimisiún, C‑51/19 P agus C‑64/19 P, EU:C:2021:793, mír 60 agus an cásdlí dá dtagraítear).

70

Mar sin féin, ba cheart a shoiléiriú nach féidir leis an teicníc rialála a bheith cinntitheach chun roghnaíocht birt cánach a shuí, agus é mar thoradh air sin nach gá i gcónaí é a bheith ina mhaolú ar chóras cánach i gcomparáid le córas coiteann nó le gnáthchóras cánach. Dar ndóigh, mar is léir go háirithe ó mhír 101 de bhreithiúnas an 15 Samhain 2011, an Coimisiún agus an Spáinn v Rialtas Ghiobráltar agusan Ríocht Aontaithe (C‑106/09 P agus C‑107/09 P, EU:C:2011:732), féadfaidh beart nach maolaíonn go foirmiúil fiú agus atá bunaithe ar chritéir de chineál ginearálta, a bheith roghnaitheach má dhéanann sé idirdhealú i ndáiríre idir cuideachtaí i gcásanna inchomparáide i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú ag na rialacha cánach lena mbaineann (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Nollaig 2018, A-Brauerei, C‑374/17, EU:C:2018:1024, míreanna 32 agus 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).

71

Chun críocha measúnú a dhéanamh an bhfuil beart cánach roghnaitheach, ní mór, dá bhrí sin, an córas coiteann cánach nó an córas tagartha is infheidhme sa Bhallstát lena mbaineann a shainaithint i gceart sa chinneadh ón gCoimisiún agus ní mór don chúirt a éistfidh agóid maidir leis an sainaithint sin é a scrúdú. Ó tharla gurb é cinneadh an chórais tagartha túsphointe an scrúdaithe chomparáidigh nach mór a dhéanamh i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar an roghnaíocht, is gá go gcuirfeadh earráid a rinneadh sa chinneadh sin an anailís iomlán ar an roghnaíocht ó bhail (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, World Duty Free Group agus an Spáinn v an Coimisiún, C‑51/19 P agus C‑64/19 P, EU:C:2021:793, mír 61 agus an cásdlí dá dtagraítear).

72

Sa chomhthéacs sin, ba cheart a shonrú, ar an gcéad dul síos, gur gá go mbeadh cinneadh an chreata tagartha, a chaitear a dhéanamh tar éis díospóireacht sáraíochta leis an mBallstát lena mbaineann, bunaithe ar scrúdú oibiachtúil ar ábhar, ar struchtúr agus ar fhíoréifeachtaí na rialacha is infheidhme faoi dhlí náisiúnta an Stáit sin (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, World Duty Free Group agus an Spáinn v an Coimisiún, C‑51/19 P agus C‑64/19 P, EU:C:2021:793, mír 62 agus an cásdlí dá dtagraítear).

73

Ar an dara dul síos, lasmuigh de na réimsí ina bhfuil comhchuibhiú déanta ar dhlí cánach an Aontais, is é an Ballstát lena mbaineann a chinneann, trí fheidhmiú a chumhachtaí féin i réimse an chánachais dhírigh agus i gcomhréir lena neamhspleáchas fioscach, saintréithe comhpháirteacha na cánach, lena sainítear, i bprionsabal, an córas tagartha nó an gnáthchóras cánach, a gcaithfear anailís a dhéanamh ar an gcoinníoll a bhaineann le roghnaíocht ar a bhonn. Tá feidhm aige sin go háirithe maidir le cinneadh an bhoinn measúnaithe agus an teagmhais inmhuirearaithe (féach, chuige sin, breithiúnais an 16 Márta 2021, an Coimisiún v an Pholainn, C‑562/19 P, EU:C:2021:201, míreanna 38 agus 39, agus an 16 Márta 2021, an Coimisiún v an Ungáir, C‑596/19 P, EU:C:2021:202, míreanna 44 agus 45).

74

Dá réir sin, ní mór an dlí náisiúnta is infheidhme sa Bhallstát lena mbaineann amháin a chur san áireamh chun an córas tagartha i réimse an chánachais dhírigh a shainaithint, agus gur réamhriachtanas fíor-riachtanach ann féin an tsainaithint sin, chun measúnú a dhéanamh ní hamháin ar bhuntáiste a bheith ann ach an buntáiste roghnaitheach é an buntáiste sin freisin.

75

Sa chás seo, le hargóintí na hÉireann a bhfuil achoimre déanta orthu i míreanna 56 go 58 den bhreithiúnas seo, ardaítear an cheist maidir le cé acu a rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí ar dheimhniú an chórais tagartha a d’úsáid an Coimisiún sa chinneadh atá faoi chonspóid di, leis na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 30 go 36 den bhreithiúnas sin.

76

I ndáil leis sin, is fiú a thabhairt faoi deara gur mheas an Coimisiún, de réir aithris 228 den chinneadh atá faoi chonspóid, gur ghá go mbeadh prionsabal an fheidhmithe neamhspleách mar chuid lárnach dá mheasúnú, faoi Airteagal 107(1) CFAE, ar na bearta cánach a dheonaítear do chuideachtaí grúpa, beag beann cé acu ar thug Ballstát an prionsabal sin isteach ina chóras dlí náisiúnta nó nár thug.

77

Luaigh an Coimisiún, in aithris 228 chéanna sin, go gcuirtear prionsabal an fheidhmithe neamhspleách i bhfeidhm d’fhonn a chinneadh ar cinneadh brabús inchánach de chuid cuideachta ar cuid de ghrúpa í chun críocha cáin chorparáide a ríomh trí mhodh a úsáid atá cosúil le coinníollacha an mhargaidh, ionas nach bhfaighidh an chuideachta sin cóir níos fabhraí faoin gcóras ginearálta cánach ioncaim corparáide ná an modh atá forchoimeádta do chuideachtaí neamh-chomhtháite a gcinneann an margadh a mbrabúis inchánach.

78

Is léir freisin ó scéimre an chinnidh atá faoi chonspóid, go háirithe ón anailís ar an gcóras tagartha in aithrisí 193 go 209 de, gur chuir an Coimisiún san áireamh nach ndéanann an córas ginearálta cánach corparáide i Lucsamburg idirdhealú idir cuideachtaí comhtháite agus cuideachtaí neamh-chomhtháite, ó tharla gurb é cuspóir an chórais sin cáin a ghearradh ar gach cuideachta chónaitheach.

79

Is i bhfianaise na mbreithnithe sin a shonraigh an Chúirt Ghinearálta, i mír 161 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nár cheart an ráiteas in aithris 228 den chinneadh atá faoi chonspóid, ar dá réir is prionsabal ginearálta na córa comhionainne i gcánachas a thagann faoi raon feidhme Airteagal 107(1) CFAE é prionsabal an fheidhmithe neamhspleách, a thógáil amach óna chomhthéacs agus nach bhféadfaí é a léiriú mar ráiteas a chiallaíonn gur dhearbhaigh an Coimisiún go raibh prionsabal ginearálta na córa comhionainne ann i gcúrsaí cánachais ar dlúthchuid é d’Airteagal 107(1) CFAE.

80

Mar is léir ó mhír 141 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chinn an Chúirt Ghinearálta go bhfuil feidhm ag prionsabal an fheidhmithe neamhspleách i gcás nach ndéantar idirdhealú sa dlí cánach náisiúnta ábhartha idir “gnóthais” chomhtháite agus “gnóthais” neamhspleácha chun críocha a ndliteanas i leith cáin chorparáide, ós rud é, i gcás den sórt sin, go mbeadh an dlí sin ceaptha cáin a fhorchur ar an mbrabús a eascraíonn as gníomhaíocht eacnamaíoch “gnóthais” chomhtháite dá leithéid amhail is gur de thoradh idirbhearta arna ndéanamh ar phraghsanna margaidh a tháinig sé. Tar éis di an bunús dlí sin a shuí, chinn an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, i mír 145 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go raibh feidhm ag an bprionsabal sin sa chás seo a mhéid a bhí sé beartaithe leis an gCód Cánach cáin chorparáide a fhorchur ar an mbealach céanna ar chuideachtaí comhtháite agus cuideachtaí neamhspleácha.

(2) Arbh ann d’earráid dlí agus an “gnáthchóras” cánach is infheidhme sa Bhallstát lena mbaineann á chinneadh

81

I dtosach báire, is gá diúltú d’argóint an Choimisiúin go bhfuil an t‑achomharcóir, leis na hagóidí a chuireann sé chun cinn, ag déanamh agóid i ndáiríre i gcoinne chinntí na Cúirte Ginearálta maidir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, go háirithe i mír 145 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, cinntí fíorais nach féidir athbhreithniú a dhéanamh orthu i gcomhthéacs achomharc faoi chásdlí na Cúirte Breithiúnais.

82

Go deimhin, maidir leis an scrúdú, i gcomhthéacs achomhairc, ar mheasúnuithe na Cúirte Ginearálta ar an dlí náisiúnta, ar measúnuithe ar fhíorais iad i réimse na Státchabhrach, nach bhfuil dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais ach chun a chinneadh go ndearnadh saobhadh ar an dlí sin (breithiúnas an 28 Meitheamh 2018, Andres (féimheacht Heitkamp Bauholding) v an Coimisiún, C‑203/16 P, EU:C:2018:505, mír 78 agus an cásdlí dá dtagraítear).

83

Sa chás seo, áfach, trína hargóintí, ní fhéachann Éire le léiriú na Cúirte Ginearálta ar an dlí náisiúnta a thabhairt faoi cheist, ach iarrann sí ar an gCúirt Bhreithiúnais a chinneadh nach ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus an sainiú ar an gcreat tagartha ábhartha á ghlacadh mar chritéar cinntitheach chun críocha scrúdú a dhéanamh ar cibé an ann do bhuntáiste roghnaitheach, gan na rialacha sonracha maidir le praghsáil aistrithe is infheidhme maidir le cuideachtaí comhtháite faoi dhlí Lucsamburg a chur san áireamh.

84

I ndáiríre, ní dhéanann Éire ach agóid i gcoinne chur i bhfeidhm na tástála dlíthiúla ag an gCúirt Ghinearálta chun a chinneadh an dtugann rialú cánach amhail an rialú cánach atá faoi chonspóid buntáiste roghnaitheach.

85

Is ceist dlí í an cheist an ndearna an Chúirt Ghinearálta an córas tagartha ábhartha a shainiú go hiomchuí agus, dá réir sin, an tástáil dhlíthiúil a chur i bhfeidhm i gceart, amhail prionsabal an fheidhmithe neamhspleách, ar féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh uirthi ar achomharc. Go deimhin, tá na hargóintí atá dírithe ar rogha an chórais tagartha a thabhairt faoi cheist i gcomhthéacs na chéad chéime den anailís ar bhuntáiste roghnaitheach a bheith ann inghlactha, ós rud é go bhfuil an anailís sin bunaithe ar aicmiú dlíthiúil an dlí náisiúnta ar bhonn foráil de chuid dhlí an Aontais (féach, de réir analaí, breithiúnas an 28 Meitheamh 2018, Andres (féimheacht Heitkamp Bauholding) v an Coimisiún, C‑203/16 P, EU:C:2018:505, míreanna 80 agus 81).

86

Maidir le tuillteanais argóintí na hÉireann, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar is léir, go bunúsach, ó aithris 210 den chinneadh atá faoi chonspóid, go ndearna FFT agus Ard-Diúcacht Lucsamburg argóint os comhair an Choimisiúin nach raibh le háireamh sa chóras tagartha ach grúpchuideachtaí, nó fiú grúpchuideachtaí atá i mbun gníomhaíochtaí maoinithe, a thagann faoi raon feidhme Airteagal 164(3) den Chód Cánach, ionas gur ghá an rialú cánach atá faoi chaibidil a chur i gcomparáid leis na rialuithe cánach a bhaineann leis an tréimhse 2010-2013 agus a bhaineann le 21 cháiníocóir eile, a cuireadh in iúl dó an 15 Eanáir 2014. Dar le hArd-Diúcacht Lucsamburg agus FFT, ós rud é gur chomhlíon an chóireáil dár thaithigh FFT Airteagal 164(3) den Chód Cánach, Ciorclán Uimh. 164/2 agus an cleachtas riaracháin sa réimse sin, níor tugadh aon bhuntáiste roghnaitheach tríd an rialú cánach sin.

87

Mar sin féin, chuir an Coimisiún in iúl, in aithrisí 211 go 215 den chinneadh atá faoi chonspóid, nach raibh aon ghá na forálacha speisialta sin a chur san áireamh chun an córas tagartha ábhartha a chinneadh, agus chuir sé in iúl, chuige sin, go mbeadh cóireáil den sórt sin contrártha le cuspóir chóras ginearálta Lucsamburg maidir le cáin chorparáide, a d’aithin an institiúid sin cheana féin, in aithrisí 193 go 209 den chinneadh atá faoi chonspóid, mar chóras tagartha. Sa chás seo, chinn sé gurbh é cuspóir an chórais sin cáin a ghearradh ar bhrabúis na gcuideachtaí uile a thagann faoina dhlínse chánach, cibé acu cuideachtaí comhtháite nó cuideachtaí neamh-chomhtháite iad (aithrisí 198 agus 212 den chinneadh atá faoi chonspóid).

88

Chuir an Coimisiún in iúl nach raibh sé chun scrúdú a dhéanamh ar chomhlíon an rialú cánach atá faoi chaibidil prionsabal an fheidhmithe neamhspleách mar a shainmhínítear in Airteagal 164(3) den Chód Cánach nó i gCiorclán Uimh. 164/2 (aithris 229 den chinneadh atá faoi chonspóid). Go deimhin féin, dá bhféadfaí a léiriú gur imigh an modh a d’fhormheas údarás riaracháin cánach Lucsamburg tríd an rialú cánach sin chun críocha brabúis inchánach FFT i Lucsamburg a chinneadh ó mhodh as a n‑eascraíonn neasúchán iontaofa ar thoradh margadhbhunaithe agus, dá bhrí sin, ó phrionsabal an fheidhmithe neamhspleách, mheasfaí go dtugann an cinneadh sin buntáiste roghnaitheach do FFT de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE (aithris 231 den chinneadh atá faoi chonspóid).

89

Is léir ó mhíreanna 149 go 151 den bhreithiúnas atá faoi achomharc gur fhormhuinigh an Chúirt Ghinearálta modheolaíocht an Choimisiúin arb é a bhí inti, go bunúsach, i dtaca le córas cánach lena saothraítear an cuspóir cáin a ghearradh ar bhrabúis na gcuideachtaí cónaitheacha go léir, bídís comhtháite nó ná bíodh, go bhfuil údar cuí le cur i bhfeidhm phrionsabal an fheidhmithe neamhspleách chun Airteagal 107(1) CFAE a chur i bhfeidhm, is cuma an bhfuil an prionsabal sin tugtha isteach sa dlí náisiúnta.

90

Dá bhrí sin, is gá a chinneadh an ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí sheasamh le cur chuige an Choimisiúin, arb éard a bhí ann, go bunúsach, gan an prionsabal sin a chur san áireamh, mar a leagtar síos in Airteagal 164(3) den Chód Cánach agus mar a leagtar amach i gCiorclán Uimh. 164/2 lena mbaineann, i gcomhthéacs an scrúdaithe a rinneadh faoi Airteagal 107(1) CFAE, go háirithe agus an córas tagartha á shainiú d’fhonn a chinneadh an dtugann an rialú cánach atá faoi chonspóid buntáiste roghnaitheach don tairbhí lena mbaineann.

91

I ndáil leis sin, trí ábharthacht Airteagal 164(3) den Chód Cánach agus Chiorclán Uimh. 164/2 a chur as an áireamh, chuir an Coimisiún prionsabal an fheidhmithe neamhspleách i bhfeidhm atá éagsúil ón bprionsabal sin mar a shainítear é faoi dhlí Lucsamburg. Dá bhrí sin, ní dhearna sé ach léiriú teibí an phrionsabail sin a shainaithint, i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú ag córas ginearálta cánach ioncaim corparáide i Lucsamburg, agus scrúdú a dhéanamh ar an rialú cánach atá faoi chaibidil gan aird a thabhairt ar an gcaoi a ndéantar an prionsabal sin a thabhairt isteach go sonrach sa dlí sin maidir le cuideachtaí comhtháite go háirithe.

92

Agus an cur chuige sin á fhormhuiniú aici, mhainnigh an Chúirt Ghinearálta an ceanglas a eascraíonn as an gcásdlí a luaitear i míreanna 68 go 74 den bhreithiúnas seo a chur san áireamh, ar dá réir, d’fhonn a chinneadh ar thug beart cánach buntáiste roghnaitheach do ghnóthas, ní mór don Choimisiún comparáid a dhéanamh leis an gcóras cánach is infheidhme de ghnáth sa Bhallstát lena mbaineann, tar éis scrúdú oibiachtúil a dhéanamh ar ábhar, ar idirghníomhú agus ar éifeachtaí nithiúla na rialacha is infheidhme faoi dhlí náisiúnta an Stáit sin. Agus an méid sin á dhéanamh aici, rinne sí earráid dlí i gcur i bhfeidhm Airteagal 107(1) CFAE.

93

Is fíor, agus tá na páirtithe uile ar comhintinn faoi, go bhféachann an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le cuideachtaí i Lucsamburg, i ndáil le cáin a fhorchur ar chuideachtaí comhtháite, le neasúchán iontaofa ar phraghas an mhargaidh a bhaint amach. Cé go bhfreagraíonn an cuspóir sin, go ginearálta, do phrionsabal an fheidhmithe neamhspleách, is amhlaidh fós, in éagmais comhchuibhiú i ndlí an Aontais, go sainítear sa dlí náisiúnta na rialacha mionsonraithe maidir leis an bprionsabal sin a chur i bhfeidhm agus nach mór iad a chur san áireamh d’fhonn an creat tagartha a shainaithint chun a chinneadh an ann do bhuntáiste roghnaitheach.

94

Thairis sin, trí ghlacadh leis, i mír 113 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go bhféadfadh an Coimisiún brath ar rialacha nach raibh mar chuid de dhlí Lucsamburg, cé gur tugadh chun aird, i mír 112 den bhreithiúnas sin, nach raibh sé d’inniúlacht ag an institiúid sin, ag an gcéim seo d’fhorbairt dhlí an Aontais, “gnáthchánachas” cuideachta comhtháite a shainiú go neamhspleách agus neamhaird á tabhairt ar rialacha náisiúnta cánach, sháraigh an Chúirt Ghinearálta forálacha Chonradh FAE maidir le bearta a bheith á nglacadh ag an Aontas Eorpach chun dlíthe na mBallstát a bhaineann le cánachas díreach a chomhfhogasú, go háirithe Airteagal 114(2) CFAE agus Airteagal 115 CFAE. Go deimhin, ní féidir uathriail Bhallstáit i réimse an chánachais dhírigh, mar a aithnítear leis an gcásdlí socair dá dtagraítear i mír 73 den bhreithiúnas seo, a ráthú go hiomlán más rud é, gan aon bheart comhfhogasaithe den sórt sin, nach bhfuil an scrúdú a dhéantar faoi Airteagal 107(1) CFAE bunaithe go heisiach ar na gnáthrialacha cánach arna leagan síos ag reachtas an Bhallstáit lena mbaineann.

95

I ndáil leis sin, ba cheart béim a leagan air, sa chéad áit, in éagmais comhchuibhiú ina leith sin, go dtagann an socrú féideartha maidir le modhanna agus critéar chun toradh de réir “an fheidhmithe neamhspleách” a chinneadh faoi shainrogha na mBallstát. Cé go n‑aithníonn Ballstáit ECFE an fiúntas a bhaineann le leas a bhaint as prionsabal an fheidhmithe neamhspleách chun leithdháileadh ceart brabúis chorparáidigh idir tíortha éagsúla a leagan síos, tá difríochtaí suntasacha idir na Stáit sin maidir le cur i bhfeidhm mionsonraithe na modhanna praghsála aistrithe. Mar a luaigh an Coimisiún féin in aithris 88 den chinneadh atá faoi chonspóid, liostaítear i dTreoirlínte ECFE roinnt modhanna chun neasúchán a dhéanamh ar phraghsanna an fheidhmithe neamhspleách le haghaidh idirbheart agus leithdháileadh brabúis idir cuideachtaí den ghrúpa céanna.

96

Thairis sin, fiú má ghlactar leis go bhfuil comhdhearcadh áirithe ann i réimse an chánachais idirnáisiúnta nach mór idirbhearta idir cuideachtaí atá nasctha go heacnamaíoch, go háirithe idirbhearta laistigh de ghrúpa, a mheasúnú chun críoch cánach amhail is go raibh siad tugtha i gcrích idir cuideachtaí atá neamhspleách go heacnamaíoch, agus, dá bhrí sin, go bhfuil go leor údaráis chánach náisiúnta ag féachaint do threoirlínte ECFE maidir le praghsáil aistrithe a fhorbairt agus a rialú, níl ábhartha ach, gan dochar do na breithnithe a leagtar amach i míreanna 120 go 122 thuas, na forálacha náisiúnta, chun críocha anailís a dhéanamh an gcaithfear idirbhearta áirithe a scrúdú i bhfianaise phrionsabal an fheidhmithe neamhspleách agus, más amhlaidh sin, cé acu an imíonn nó nach n‑imíonn praghsanna aistrithe, arb iad an bonn iad d’ioncam inchánach duine inchánach agus a chionroinnt i measc na Stát lena mbaineann, ó thoradh feidhmithe neamhspleách. Dá bhrí sin, agus scrúdú á dhéanamh ar bhuntáiste cánach roghnaíoch a bheith ann de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE agus chun an t‑ualach cánach a chinneadh a bheadh le hiompar de ghnáth ag gnóthas, ní féidir critéir ná rialacha lasmuigh den chóras cánach náisiúnta atá faoi cheist a chur san áireamh, ach amháin má thagraíonn an córas sin go sainráite dóibh.

97

Is léiriú é an cinneadh sin ar phrionsabal na dlíthiúlachta cánach, ar cuid de dhlíchóras an Aontais Eorpaigh é mar phrionsabal ginearálta dlí, lena gceanglaítear nach mór foráil a dhéanamh de réir dlí maidir le haon oibleagáid cáin a íoc agus maidir leis na gnéithe riachtanacha uile lena sainítear a shaintréithe bunúsacha, ós rud é nach mór don duine inchánach a bheith in ann méid na cánach atá dlite a thuar agus a ríomh agus a dhéanamh amach cén uair a bheidh sí dlite air (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Bealtaine 2019, Związek Gmin Zagłębia Miedziowego, C‑566/17, EU:C:2019:390, mír 39).

98

Sa dara háit, luaigh Ard-Diúcacht Lucsamburg ag an éisteacht nach amháin nach bhfuil Treoirlínte ECFE ina gceangal ar Bhallstáit na heagraíochta sin, ach leagtar síos i gCiorclán Uimh. 164/2 lena léirítear Airteagal 164(3) den Chód Cánach rialacha sonracha maidir le praghsáil aistrithe a ríomh i gcás cuideachtaí maoinithe de chuid an ghrúpa, amhail FFT, a thugann le fios nach gcuirtear gníomhaíochtaí a bhaineann le sealbhú scairshealbha san áireamh agus na praghsanna sin á ríomh. Le haithris 79 den chinneadh atá faoi chonspóid, atá i Roinn 2.3.2 den chinneadh sin agus ina bhfuil tuairisc ar inneachar an chiorcláin sin, deimhnítear gur leag an Ballstát sin síos rialacha sonracha chun íocaíocht faoi fheidhmiú neamhspleách a chinneadh i ndáil leis na cuideachtaí sin agus gur cuireadh na rialacha sin in iúl don Choimisiún i gcomhthéacs an nós imeachta riaracháin.

99

Ní chuirtear san áireamh san anailís a rinne an Coimisiún ar an gcóras tagartha agus, dá réir sin, ar bhuntáiste roghnaitheach a bheith ann a dheonaítear do FFT, mar a d’fhormhuinigh an Chúirt Ghinearálta, na roghanna normatacha sin, áfach, lena mbeartaítear raon feidhme phrionsabal an fheidhmithe neamhspleách agus a chur chun feidhme i ndlí Lucsamburg a shoiléiriú.

100

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar fhreagra ar cheist a cuireadh uirthi ag an éisteacht, gur luaigh an Coimisiún, sa rialú cánach atá faoi chaibidil, go ndearna údarás riaracháin cánach Lucsamburg “cur i bhfeidhm mícheart ar na rialacha a chuireann sé i bhfeidhm de ghnáth” maidir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách agus maidir le ríomh na praghsála aistrithe. Ní mór a shonrú, áfach, sa chinneadh atá faoi chonspóid, nach ndearna an Coimisiún, ar dhearbhaigh an Chúirt Ghinearálta a chur chuige, aon scrúdú ar an gcaoi ar léiríodh agus ar cuireadh i bhfeidhm prionsabal an fheidhmithe neamhspleách, mar a chumhdaítear go bunúsach in Airteagal 164(3) den Chód Cánach.

101

D’fhormhuinigh an Chúirt Ghinearálta go sainráite an anailís sin i mír 146 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nuair a luaigh sí nach bhféadfaí an Coimisiún a cháineadh as modh praghsála aistrithe a úsáid a mheas sé a bheith iomchuí sa chás seo chun scrúdú a dhéanamh ar leibhéal na praghsála aistrithe d’idirbheart, nó ar roinnt idirbheart a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile, ar cuid den bheart atá á chonspóid é, agus chomh maith leis sin i mír 147 den bhreithiúnas sin, inar thug sí le fios go bhfuil Treoirlínte ECFE “bunaithe ar an obair thábhachtach a rinne grúpaí saineolaithe aitheanta”, go “léirítear leo an comhdhearcadh ar thángthas air ar an leibhéal idirnáisiúnta maidir le praghsanna aistrithe” agus go bhfuil “tábhacht chinnte phraiticiúil ag baint leo chun ceisteanna i ndáil le praghsanna aistrithe a léiriú”.

102

Sa tríú háit, murab ionann agus an méid a chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl i mír 142 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ní thacaíonn breithiúnas an 22 Meitheamh 2006, an Bheilg agus Forum 187 v an Coimisiún (C‑182/03 agus C‑217/03, EU:C:2006:416), leis an seasamh go bhfuil prionsabal an fheidhmithe neamhspleách infheidhme i gcás ina bhféachtar leis an dlí cánach náisiúnta le cáin a fhorchur ar chuideachtaí comhtháite agus cuideachtaí neamhspleácha ar an mbealach céanna, is cuma an bhfuil an prionsabal sin tugtha isteach sa dlí sin agus conas a dhéantar sin.

103

Sa bhreithiúnas sin, chinn an Chúirt, i gcás inar roghnaigh Ballstát modh a thabhairt isteach ina dhlí náisiúnta chun brabús inchánach cuideachtaí comhtháite a chinneadh atá cosúil le modh cost plus de chuid ECFE agus, dá bhrí sin, go raibh sé beartaithe aige cáin a fhorchur ar na cuideachtaí sin ar bhonn atá inchomparáide leis an mbonn a bheadh mar thoradh ar chur i bhfeidhm na ngnáthrialacha dlí, go dtugann an Stát sin buntáiste eacnamaíoch do na cuideachtaí sin má áirítear sa mhodh sin forálacha a bhfuil d’éifeacht acu an t‑ualach cánach a bheadh ar na cuideachtaí sin de ghnáth a laghdú faoin gcóras sin.

104

Dá réir sin, sa bhreithiúnas sin, ba i bhfianaise na rialacha maidir le cánachas a leagtar amach sa dlí náisiúnta ábhartha, eadhon dlí na Beilge, a rinne foráil do shásra chun cáin a ghearradh ar bhrabúis de réir modh cost plus de chuid ECFE, a chinn an Chúirt gur cheart prionsabal an fheidhmithe neamhspleách a úsáid. Dá bhrí sin, ní féidir a thuiscint ón mbreithiúnas sin go raibh sé beartaithe ag an gCúirt prionsabal neamhspleách an fheidhmithe neamhspleách a leagan síos cibé acu atá nó nach bhfuil an prionsabal sin tugtha isteach sa dlí náisiúnta chun críocha scrúdú a dhéanamh ar bhearta de chineál fioscach i gcomhthéacs chur i bhfeidhm Airteagal 107(1) CFAE.

105

Is léir ó na breithnithe sin go léir go bhfuil earráid dlí i bhforais an bhreithiúnais atá faoi achomharc a bhaineann leis an scrúdú ar phríomh-shnáithe réasúnaíochta an Choimisiúin, ar dá réir a mhaolaigh an rialú cánach atá faoi chaibidil ó chóras ginearálta cánach ioncaim corparáide Lucsamburg, dá dtagraítear i míreanna 17 go 20 den bhreithiúnas seo, a mhéid a d’fhormhuinigh an Chúirt Ghinearálta cur chuige an Choimisiúin arb é a bhí ann, go bunúsach, gan prionsabal an fheidhmithe neamhspleách dá bhforáiltear in Airteagal 164(3) den Chód Cánach agus a leagtar amach i gCiorclán Uimh. 164/2 a bhaineann leis a chur san áireamh, agus an córas tagartha á shainiú i gcomhthéacs an scrúdaithe a rinneadh faoi Airteagal 107(1) CFAE, chun a chinneadh an dtugann an rialú cánach atá faoi chaibidil buntáiste roghnaitheach don tairbhí.

106

Is gá, áfach, scrúdú a dhéanamh an amhlaidh go gcuirfear an breithiúnas atá faoi achomharc ar ceal de dheasca na hearráide dlí a rinne an Chúirt Ghinearálta.

107

Go deimhin, d’áitigh an Coimisiún nach dócha go mbeadh aon earráid dlí i míreanna 125 go 286 den bhreithiúnas atá faoi achomharc ina chúis leis an mbreithiúnas faoi achomharc a chur ar neamhní dá seasfaí le hanailís na Cúirte Ginearálta i míreanna 290 go 299 den bhreithiúnas sin.

108

Measann an Coimisiún, dá bhrí sin, go bhfuil an t‑achomharc neamhéifeachtach ós rud é, fiú má chinntear go bhfuil bunús maith le ceann de na pléadálacha ar a bhfuiltear ag brath, nach féidir an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar leataobh mar gheall ar chúinse den sórt sin. Sa chinneadh atá faoi chonspóid, tá réasúnaíocht choimhdeach bunaithe ar Airteagal 164(3) den Chód Cánach agus ar Chiorclán Uimh.164/2, nach bhfuil a fhormhuiniú ag an gCúirt Ghinearálta faoi dhíospóid ar bhealach ar bith ag Éirinn.

109

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 290 go 299 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur fhormhuinigh an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, an réasúnaíocht a chuir an Coimisiún chun cinn “mar mhalairt air sin” in aithrisí 315 go 317 den chinneadh atá faoi chonspóid, ar dá réir a bhí an rialú cánach atá faoi chaibidil ag maolú ón gcóras tagartha a bunaíodh le hAirteagal 164(3) den Chód Cánach agus le Ciorclán Uimh. 164/2.

110

Mura bhfuil agóid dhíreach déanta ag Éirinn i gcoinne na bhforas atá leagtha amach sa tsliocht sin den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ní féidir a áitiú, de réir mar a mhaíonn an Coimisiún, nach mór a dhearbhú go bhfuil an t‑achomharc gan éifeacht a mhéid nach féidir leis na hargóintí a chuireann Éire isteach difear a dhéanamh do chuid oibríochtúil an bhreithiúnais atá faoi achomharc.

111

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 42 dá Thuairim, níl anailís sa réasúnú a leagtar amach i míreanna 290 go 299 den bhreithiúnas atá faoi achomharc atá inscartha agus neamhspleách ar an anailís a bhaineann leis an gcóras tagartha arna ghlacadh ag an gCoimisiún mar phríomhargóint agus, dá bhrí sin, ní féidir an earráid a leigheas sa chaoi sin. Is fíor gur chinn an Coimisiún, in aithris 317 den chinneadh atá faoi chonspóid, gur tháinig laghdú ar dhliteanas cánach FFT mar thoradh ar an rialú cánach “i gcomparáid leis an gcás ina gcuirfí prionsabal an fheidhmithe neamhspleách a leagtar amach [in Airteagal 164(3) den Chód Cánach] i bhfeidhm i gceart”. Mar sin féin, mar a thug an Chúirt Ghinearálta dá haire i mír 294 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, rinne an Coimisiún tagairt ina iomláine, maidir leis an gcur i bhfeidhm ceart sin, dá phríomhanailís ar an gcóras tagartha atá bunaithe ar an gcóras ginearálta cánach corparáide i Lucsamburg.

112

Dá bhrí sin, leis an réasúnaíocht ar a raibh an Coimisiún ag brath ar bhonn malartach, ní dhéantar ach ceartú soiléir ar an earráid a bhaineann leis an gcóras tagartha a shainaithint, córas ba cheart a bheith mar bhonn lena anailís ar bhuntáiste roghnaitheach a bheith ann. Sna himthosca sin, mar gheall ar an earráid dlí a rinne an Chúirt Ghinearálta ina hanailís ar phríomh-shnáithe réasúnaíochta an Choimisiúin maidir leis an gcóras tagartha, cuirtear an anailís a rinne sí ar an bhfolíne réasúnaíochta atá sa chinneadh atá faoi chonspóid maidir leis an ngné sin ó bhail freisin.

113

Leanann sé ón méid sin roimhe seo nach foláir seasamh leis an gcúigiú agus leis an séú cuid den chéad saincheist dlí agus leis an gcúigiú saincheist dlí agus, dá réir sin, ní foláir an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní, gan é a bheith riachtanach rialú ar na codanna eile den chéad saincheist dlí agus ar na saincheisteanna eile.

B. Maidir leis an achomharc i gCás C‑885/19 P

114

De bharr go bhfuil an breithiúnas atá faoi achomharc curtha ar neamhní, ní gá breith a thabhairt ar achomharc FFT.

VI. Na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta

115

Faoin dara habairt den chéad mhír d’Airteagal 61 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, i gcás ina gcuirfear breith na Cúirte Ginearálta ar neamhní, breithiúnas críochnaitheach a thabhairt ar an díospóid má cheadaíonn staid na n‑imeachtaí a leithéid.

116

Is amhlaidh é sin sa chás seo, ós rud é go raibh na saincheisteanna sna himeachtaí chun an cinneadh atá á chonspóid a chur ar neamhní ina n‑ábhar do dhíospóireacht sáraíochta os comhair na Cúirte Ginearálta agus nach gá aon bheart breise eagrúcháin nós imeachta ná bearta imscrúdaithe a ghlacadh.

117

I ndáil leis sin, is leor a chur in iúl, ar na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 81 go 112 thuas, nach mór an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a rinne an Coimisiún earráid dlí lena chinneadh gurb ann do bhuntáiste roghnaitheach i bhfianaise creat tagartha lena n‑áirítear prionsabal an fheidhmithe neamhspleách nach raibh ina thoradh ar scrúdú iomlán ar an dlí cánach náisiúnta ábhartha, tar éis díospóireacht sáraíochta ar an ábhar sin leis an mBallstát lena mbaineann, agus gur sháraigh sé, dá bhrí sin, forálacha Chonradh FAE a bhaineann le beart chun comhfhogasú a dhéanamh ar dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cánachas díreach a bheith á nglacadh ag an Aontas Eorpach, go háirithe Airteagal 114(2) CFAE agus Airteagal 115 CFAE.

118

Mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 71 den bhreithiúnas seo, is gá go ndéanann earráid den sórt sin i gcinneadh na rialacha is infheidhme iarbhír faoin dlí náisiúnta ábhartha agus, dá bhrí sin, agus an “gnáthchánachas” mar a thugtar air á shainaithint, a raibh measúnú le déanamh ar an rialú cánach atá faoi chaibidil ina fhianaise sin, an réasúnaíocht iomlán a bhaineann le buntáiste roghnaitheach a bheith ann a chur ó bhail.

119

Ní choisctear le cinneadh den sórt sin, áfach, bearta cánachais dhírigh, amhail rialuithe cánach arna ndeonú ag na Ballstáit, a aicmiú mar Státchabhair ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 107(1) CFAE dá dtagraítear i mír 66 den bhreithiúnas seo.

120

I ndáiríre, mar a tugadh chun cuimhne ag mír 65 den bhreithiúnas seo, níl gníomhartha na mBallstát i réimsí nach bhfuil faoi réir comhchuibhiú faoi dhlí an Aontais eisiata ó raon feidhme fhorálacha Chonradh FAE maidir le Státchabhair a rialú.

121

Dá bhrí sin, ní mór do na Ballstáit a n‑inniúlacht a fheidhmiú i réimse an chánachais dhírigh, amhail an inniúlacht atá acu i ndáil le rialuithe cánach a ghlacadh, i gcomhréir le dlí an Aontais agus, go háirithe, leis na rialacha a bunaíodh le Conradh FAE maidir le Státchabhair. Dá bhrí sin, agus an inniúlacht sin á feidhmiú acu, ní mór dóibh staonadh ó bhearta a ghlacadh a d’fhéadfadh a bheith ina Státchabhair nach luíonn leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107 CFAE (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Meán Fómhair 2021, an Coimisiún v an Bheilg agus Magnetrol International, C‑337/19 P, EU:C:2021:741, míreanna 161 agus 162 agus an cásdlí dá dtagraítear).

122

Go háirithe, tar éis dó a mheas gur roghnaigh Ballstát prionsabal an fheidhmithe neamhspleách a chur i bhfeidhm chun praghsanna aistrithe cuideachtaí comhtháite a chinneadh, ní mór don Choimisiún, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 70 den bhreithiúnas seo, a bheith in ann a shuí gur follas nach bhfuil na critéir arna leagan síos leis an dlí náisiúnta ábhartha ag teacht leis an gcuspóir cánachas neamh-idirdhealaitheach ar na cuideachtaí cónaitheacha uile, bíodh siad comhtháite nó ná bíodh, arna shaothrú ag an gcóras cánach náisiúnta, trí phraghsanna aistrithe atá infheidhme maidir le cuideachtaí comhtháite nó maidir le cuid díobh a mheas faoina luach go córasach, amhail cuideachtaí maoinithe, i gcomparáid le praghsanna an mhargaidh ar idirbhearta inchomparáide arna ndéanamh ag cuideachtaí neamh-chomhtháite.

123

Mar a cinneadh i mír 105 den bhreithiúnas seo, ní dhearna an Coimisiún scrúdú den sórt sin sa chinneadh atá faoi chonspóid, ós rud é nach raibh na rialacha ábhartha uile lena gcuirtear prionsabal an fheidhmithe neamhspleách faoi dhlí Lucsamburg san áireamh san anailís.

124

De réir na mbreithnithe sin go léir, ní mór seasamh leis an gcéad chuid agus leis an tríú cuid den chéad saincheist dlí arna cur ag Ard-Diúcacht Lucsamburg i gCás T‑755/15 agus leis an gcéad agóid faoin gcéad saincheist dlí a d’ardaigh FFT i gCás T‑759/15. Dá bhrí sin, ní mór an cinneadh atá á chonspóid a chur ar neamhní, gan aon ghá scrúdú a dhéanamh ar na saincheisteanna eile sna caingne le haghaidh neamhniú.

VII. Na costais

125

Faoi Airteagal 184(2) de na Rialacha Nós Imeachta, i gcás ina bhfuil bunús maith leis an achomharc agus ina dtugann an Chúirt féin breithiúnas críochnaitheach sa chás, tabharfaidh an Chúirt breith i dtaobh na gcostas.

126

Faoi Airteagal 138(1) de na Rialacha Nós Imeachta, a bhfuil feidhm aige maidir le hachomhairc de bhua Airteagal 184(1) díobh, ní mór a ordú don pháirtí nár éirigh leis na costais a íoc, más rud é go ndearna an páirtí eile é sin a iarraidh.

127

Sa chás seo, maidir leis an achomharc a rinneadh i gCás C‑898/19 P, ós rud é gur éirigh le hÉirinn, is cuí, i gcomhréir leis an ordú atá á lorg ag Éirinn, a ordú don Choimisiún a chostais féin a íoc agus na costais arna dtabhú ag Éirinn a íoc.

128

Maidir leis an achomharc i gCás C‑885/19 P, faoi Airteagal 149 de na Rialacha Nós Imeachta, is infheidhme maidir le himeachtaí achomhairc de bhua Airteagal 190 díobh, i gcás nach dtéann cás ar aghaidh chun breithiúnais, tabharfaidh an Chúirt breith i dtaobh na gcostas. Faoi Airteagal 142 de na Rialacha Nós Imeachta, is infheidhme maidir le himeachtaí achomhairc de bhua Airteagal 184 díobh, i gcás nach dtéann cás ar aghaidh chun breithiúnais, tabharfaidh an Chúirt breith i dtaobh na gcostas. Sa chás seo, is iomchuí a ordú do gach páirtí a chostais féin a bhaineann leis an achomharc i gCás C‑885/19 P a íoc.

129

Ina theannta sin, ós rud é gur seasadh leis na caingne os comhair na Cúirte Ginearálta, ordaítear don Choimisiún na costais uile a bhaineann leis na himeachtaí ag an gcéad chéim a íoc.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Déantar cásanna C‑885/19 P agus C‑898/19 P a uamadh chun críocha an bhreithiúnais;

 

2.

Cuirtear breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 24 Meán Fómhair 2019, Lucsamburg agus Fiat Chrysler Finance Europe v an Coimisiún (T‑755/15 agus T‑759/15, EU:T:2019:670) ar ceal;

 

3.

Cuirtear Cinneadh (AE) 2016/2326 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2015 maidir le Státchabhair SA.38375 (2014/C ex 2014/NN) arna cur i ngníomh ag Lucsamburg i bhfabhar Fiat ar neamhní;

 

4.

Nach gá breith a thabhairt ar an achomharc i gCás C‑885/19 P;

 

5.

Ordaítear do gach páirtí a chostais féin i gCás C‑885/19 P a íoc;

 

6.

Ordaítear don Choimisiún Eorpach costais an achomhairc i gCás C‑898/19 P a íoc;

 

7.

Ordaítear don Choimisiún Eorpach costais na n‑imeachtaí ag an gcéad chéim a íoc.

 

Sínithe:


( *1 ) Teanga an cháis: an Béarla.