BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

20 Meán Fómhair 2022 ( *1 )

[Téacs leasaithe le hordú an 27 Deireadh Fómhair 2022]

(Tarchur chun réamhrialú — Sonraí pearsanta a phróiseáil san earnáil cumarsáide leictreonaí — Rúndacht na cumarsáide — Soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí — Sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach — Treoir 2002/58/CE — Airteagal 15(1) — Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh — Airteagail 6, 7, 8, 11 agus 52(1) — Airteagal 4(2) TUE)

I gcásanna uamtha C-793/19 agus C-794/19,

Iarraidh ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ón Bundesverwaltungsgericht (Cúirt Chónaidhme Riaracháin, an Ghearmáin), trí bhreitheanna an 25 Meán Fómhair 2019, a fuarthas ag an gCúirt an 29 Deireadh Fómhair 2019, sna himeachtaí idir

Bundesrepublik Deutschland, arna ionadú ag Bundesnetzagentur für Elektrizität, Gas, Telekommunikation, Post und Eisenbahnen,

v

SpaceNet AG (C-793/19),

Telekom Deutschland GmbH (C-794/19),

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, S. Rodin, I. Jarukaitis agus I. Ziemele, Uachtaráin ar Dhlísheomra, T. von Danwitz, M. Safjan, F. Biltgen, P. G. Xuereb (Rapóirtéir), N. Piçarra, L.S. Rossi agus A. Kumin, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Campos Sánchez-Bordona,

Cláraitheoir: D. Dittert, Ceann Aonaid,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 13 Meán Fómhair 2021,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, arna hionadú ag Bundesnetzagentur für Elektrizität, Gas, Telekommunikation, Post und Eisenbahnen, ag C. Mögelin, i gcáil Gníomhaire,

[Arna leasú le hordú an 27 Deireadh Fómhair 2022] SpaceNet AG, ag M. Bäcker, Universitätsprofessor,

Telekom Deutschland GmbH, ag T. Mayen, Rechtsanwalt,

Rialtas na Gearmáine, ag J Möller, F. Halibi, M. Hellmann, D. Klebs, agus E. Lankenau, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Danmhairge, ag M. Jespersen, J. Nymann-Lindegren, V. Pasternak Jørgensen agus M. Søndahl Wolff, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na hEastóine, A. Kalbus agus M. Kriisa, i gcáil Gníomhairí,

Éire, A. Joyce agus J. Quaney, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó P. Gallagher, Abhcóide Sinsir, agus D. Fennelly, Abhcóide,

Rialtas na Spáinne, L. Aguilera Ruiz, i gcáil Gníomhaire,

Rialtas na Fraince, ag A. Daniel, D. Dubois, J. Illouz, E. de Moustier agus T. Stéhelin, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na hÍsiltíre, ag K. Bulterman, A. Hanje agus C.S. Schillemans, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, D. Lutostańska agus J. Sawicka, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Fionlainne, ag A. Laine agus M. Pere, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Sualainne, ag A. Falk agus H. Shev, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag G. Braun, S.L. Kalėda, H. Kranenborg, M. Wasmeier agus F. Wilman, i gcáil Gníomhairí,

an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ag A. Buchta, D. Nardi, N. Stolič agus K. Ujazdowski, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 18 Samhain 2021

an Breithiúnas seo a leanas

Breithiúnas

1

Baineann na hiarrataí ar réamhrialú le léirmhíniú ar Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO 2002 L 201, lch. 37), arna leasú ag Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 (IO 2009 L 337, lch. 11) (“Treoir 2002/58”), arna léamh i bhfianaise Airteagail 6 go 8,agus 11 agus 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), agus ar Airteagal 4(2) CAE.

2

Rinneadh na hiarrataí in imeachtaí idir Bundesrepublik Deutschland (Poblacht Chónaidhme na Gearmáine), arna hionadú ag Bundesnetzagentur für Elektrizität, Gas, Telekommunikation, Post und Eisenbahnen (Gníomhaireacht Chónaidhme na nGréasán um Leictreachas, Gás, Teileachumarsáid, Post agus Iarnróid, an Ghearmáin) agus Spacenet AG (Cás C-793/19) agus Telekom Deutschland GmbH (Cás C-794/19) maidir leis an oibleagáid sonraí tráchta agus sonraí suímh a bhaineann le teileachumarsáid a gcustaiméirí a choinneáil.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

Treoir 95/46/CE

3

Rinneadh Treoir 95/46/CE an 24 Deireadh Fómhair 1995 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO 1995 L 281, lch. 31), a aisghairm, le héifeacht ón 25 Bealtaine 2018, le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46 (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).

4

De réir Airteagal 3(2) de Threoir 95/46/CE:

“Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sna cásanna seo a leanas:

Má dhéantar an phróiseáil mar chuid de ghníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Chomhphobail, amhail na cinn dá bhforáiltear faoi Theideal V agus Teideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus i gcás ar bith, maidir le próiseáil a bhaineann le slándáil phoiblí, cosaint, slándáil an Stáit (lena n-áirítear leas eacnamaíoch an Stáit nuair a bhaineann an oibríocht phróiseála le cúrsaí slándála an Stáit) agus gníomhaíochtaí an Stáit i réimsí an dlí choiriúil.

má dhéanann duine nádúrtha an phróiseáil agus an duine sin i mbun gníomhaíocht atá de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin.”

Treoir 2002/58/CE

5

Leagtar amach in aithrisí 2, 6, 7 agus 11 de Threoir 2002/58:

“ (2)

Leis an Treoir seo, féachtar leis na cearta bunúsacha a urramú agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe [sa Chairt]. Go háirithe, leis an Treoir seo féachtar le hurraim iomlán do na cearta atá leagtha amach in Airteagail 7 agus 8 [den Chairt] a áirithiú.

[...]

(6)

Tá struchtúir thraidisiúnta an mhargaidh á dtiontú bun os cionn ag an Idirlíon trí bhonneagar coiteann domhanda a chur ar fáil chun réimse leathan seirbhísí leictreonacha a sholáthar. Tá deiseanna nua d'úsáideoirí ann mar thoradh ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí ach tá rioscaí ann freisin maidir lena sonraí pearsanta agus a bpríobháideachas.

(7)

I gcás líonraí cumarsáide poiblí, ba cheart forálacha sonracha dlíthiúla, rialála agus teicniúla a dhéanamh d'fhonn cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha agus leasanna dlisteanacha daoine dlítheanacha a chosaint, go háirithe i ndáil le hacmhainn na stórála uathoibrithe agus na próiseála sonraí a bhaineann le síntiúsóirí agus úsáideoirí.

[...]

(11)

Amhail Treoir [95/46], ní thugann an Treoir seo aghaidh ar shaincheisteanna maidir le cosaint ceart agus saoirsí bunúsacha a bhaineann le gníomhaíochtaí nach rialaítear faoi dhlí an Chomhphobail. Dá bhrí sin, ní athraíonn sí an chothromaíocht reatha idir ceart an duine aonair chun an saol príobháideach agus an fhéidearthacht do na Ballstáit na bearta dá dtagraítear in Airteagal 15(1) den Treoir seo a dhéanamh, bearta atá riachtanach maidir leis an tslándáil phoiblí, an chosaint, slándáil an Stáit (lena n-áirítear rathúnas eacnamaíoch an Stáit nuair a bhaineann na gníomhaíochtaí le hábhair slándála an Stáit) agus forfheidhmiú an dlí choiriúil a chosaint. Dá bharr sin, ní dhéantar difear leis an Treoir seo do chumas na mBallstát idircheapadh dleathach a dhéanamh ar chumarsáid leictreonach nó bearta eile a dhéanamh, más gá chun na gcríoch sin agus i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint [arna shíniú sa Róimh an 4 Samhain 1950], arna léirmhíniú ag na rialuithe ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine. Ní mór bearta den sórt sin a bheith cuí, go hiomlán comhréireach leis an gcuspóir atá beartaithe agus riachtanach laistigh de shochaí dhaonlathach. Ba cheart dóibh a bheith faoi réir cosaintí leordhóthanacha i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6

Foráiltear mar a leanas in Airteagal 1 den Treoir sin, dar teideal “Raon feidhme agus aidhm” [Aistriúchán neamhoifigiúil]:

“1.   Comhchuibhítear leis an Treoir seo na forálacha sin de chuid na mBallstát is gá chun leibhéal coibhéiseach cosanta do chearta agus do shaoirsí bunúsacha a áirithiú, go háirithe an ceart chun an saol príobháideach, maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil in earnáil na cumarsáide leictreonaí agus saorghluaiseacht na sonraí den sórt sin agus trealamh agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a áirithiú sa Chomhphobal.

2.   Sonrú agus comhlánú ar Threoir [95/46] atá i bhforálacha na Treorach seo chun na gcríoch a luaitear i mír 1. Thairis sin, déantar foráil leo do chosaint leasanna dlisteanacha síntiúsóirí ar daoine dlítheanacha iad.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le gníomhaíochtaí atá lasmuigh de raon feidhme [Chonradh FAE], amhail iad siúd a chumhdaítear faoi Theideal V agus Teideal VI den Chonradh [AE], agus le gníomhaíochtaí, i gcás ar bith, a bhaineann le slándáil phoiblí, cosaint, slándáil Stáit (lena n-áirítear leas eacnamaíoch an Stáit nuair a bhaineann na saincheisteanna le cúrsaí slándála an Stáit) agus gníomhaíochtaí an Stáit i réimsí an dlí choiriúil.” [Aistriúchán neamhoifigiúil] ” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

7

De réir Airteagal 2 den Treoir sin, dar teideal “Sainmhínithe” [Aistriúchán neamhoifigiúil]:

“Mura bhforáiltear a mhalairt, beidh feidhm ag na sainmhínithe i dTreoir [95/46] agus i dTreoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialúcháin i gcomhair líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (‘Creat-Treoir’) [(IO 2002 L 108, lch. 33),] chun críocha na Treorach seo.

Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas chomh maith:

a.

ciallaíonn ‘úsáideoir’ aon duine nádúrtha a úsáideann seirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, chun críoch príobháideach nó gnó, gan gá a bheith suibscríofa don tseirbhís sin;

b.

ciallaíonn ‘sonraí tráchta’ aon sonraí a dhéantar a phróiseáil chun cumarsáid a iompar ar líonraí cumarsáide leictreonaí nó chun críoch billeála;

c.

ciallaíonn ‘sonraí suímh’ aon sonraí a dhéantar a phróiseáil i líonra cumarsáide leictreonaí nó trí sheirbhís cumarsáide leictreonaí, a léiríonn suíomh geografach an trealaimh teirminéil d’úsáideoir seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí;

d.

ciallaíonn ‘cumarsáid’ aon fhaisnéis a dhéantar a mhalartú nó a iompar idir líon teoranta páirtithe trí mheán seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí. Ní áirítear air sin aon fhaisnéis a dhéantar a iompar mar chuid de sheirbhís craolacháin don phobal thar líonraí cumarsáide leictreonaí seachas a mhéid gur féidir an fhaisnéis sin a cheangal leis an síntiúsóir nó úsáideoir aonair a fhaigheann an fhaisnéis; [Aistriúchán neamhoifigiúil]

[...] ” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

8

Foráiltear in Airteagal 3 de Threoir 2002/58, dar teideal “Seirbhísí lena mbaineann” [Aistriúchán neamhoifigiúil]:

“Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le próiseáil sonraí pearsanta i ndáil le seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí a sholáthar i líonraí cumarsáide poiblí [sa Chomhphobal].” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

9

De réir Airteagal 5 den Treoir seo, dar teideal “Rúndacht na cumarsáide[Aistriúchán neamhoifigiúil]”:

“1.   Áiritheoidh na Ballstáit rúndacht na cumarsáide agus na sonraí gaolmhara tráchta trí mheán líonra cumarsáide poiblí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal, trí reachtaíocht náisiúnta. Go háirithe, cuirfidh siad toirmeasc ar éisteacht, cúléisteacht, stóráil nó cineálacha eile idircheaptha nó faireachais ar chumarsáid agus na sonraí gaolmhara tráchta ag daoine seachas na húsáideoirí, gan toiliú ó na húsáideoirí lena mbaineann, ach amháin nuair a údaraítear déanamh amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 15(1). Ní chuirfidh an mhír seo cosc ar stóráil theicniúil atá riachtanach chun cumarsáid a iompar gan dochar do phrionsabal na rúndachta.

[...]

3.   Áiritheoidh na Ballstáit nach gceadófar stóráil faisnéise, nó rochtain ar fhaisnéis atá stóráilte cheana, i dtrealamh teirminéil an úsáideora ach amháin ar choinníoll go bhfuil toiliú tugtha ag an síntiúsóir nó an úsáideoir tar éis dó faisnéis shoiléir, chuimsitheach, i gcomhréir le Treoir [95/46], a fháil inter alia faoi chuspóirí na próiseála. Ní chuirfí cosc leis sin ar stóráil nó ar rochtain theicniúil chun tarchur cumarsáide a dhéanamh nó a éascú thar líonraí cumarsáide leictreonaí, nó de réir mar is gá d'fhonn seirbhís na sochaí faisnéise arna hiarraidh go sainráite ag an síntiúsóir nó ag an úsáideoir a sholáthar, agus ar an mbonn sin amháin.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

10

Foráiltear mar a leanas in Airteagal 6 de Threoir 2002/58, dar teideal “Sonraí tráchta” [Aistriúchán neamhoifigiúil]:

“1.   Ní mór sonraí tráchta a bhaineann le síntiúsóirí agus úsáideoirí arna stóráil ag soláthraí líonra cumarsáide poiblí nó seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal a scriosadh nó a choinneáil anaithnid nuair nach bhfuil gá leo a thuilleadh chun cumarsáid a tharchur gan dochar do mhíreanna 2, 3 agus 5 den Airteagal seo agus d'Airteagal 15(1).

2.   Féadfar próiseáil a dhéanamh ar shonraí tráchta atá riachtanach chun críoch billeála nó íocaíochtaí idirnaisc ón síntiúsóir. [Ní cheadaítear próiseáil den chineál sin [ach amháin] go dtí deireadh na tréimhse lena linn ar féidir agóid a dhéanamh i gcoinne an bhille nó íocaíocht a shaothrú lena linn.

3.   D’fhonn seirbhísí cumarsáide leictreonaí a mhargú nó seirbhísí breisluacha a sholáthar, féadfaidh soláthraí seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a phróiseáil a mhéid is gá do sheirbhísí nó margú den chineál sin agus ar feadh na tréimhse sin, má tá toiliú tugtha ag an síntiúsóir nó ag an úsáideoir lena mbaineann na sonraí. Tabharfar an deis d'úsáideoirí nó do shíntiúsóirí a dtoiliú chun sonraí a phróiseáil a tharraingt siar aon am.

[...]

5.   Ní mór próiseáil sonraí tráchta, i gcomhréir le míreanna 1, 2, 3 agus 4 a shrianadh do dhaoine a ghníomhaíonn faoi údarás soláthraithe líonraí cumarsáide poiblí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí atá freagrach as cúrsaí billeála, bainistíocht tráchta, ceisteanna ó chustaiméirí a fhreagairt, seirbhísí cumarsáide leictreonaí a mhargú nó seirbhís breisluacha a sholáthar; ní mór an phróiseáil sin a shrianadh don mhéid is gá chun críoch gníomhaíochtaí den chineál sin. [Aistriúchán neamhoifigiúil]

[...] ” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

11

Foráiltear mar a leanas in Airteagal 9(1) den Treoir sin, dar teideal “Sonraí suímh seachas sonraí tráchta” [Aistriúchán neamhoifigiúil]:

“I gcás inar féidir sonraí suímh seachas sonraí tráchta, a bhaineann le húsáideoirí nó síntiúsóirí líonraí cumarsáide poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, a phróiseáil, ní féidir sonraí den chineál sin a phróiseáil ach amháin má dhéantar anaithnid iad, nó le toiliú na n-úsáideoirí nó na síntiúsóirí, a mhéid is gá chun seirbhís breisluacha a sholáthar agus ar feadh na tréimhse sin. Ní mór don soláthraí seirbhíse na húsáideoirí nó na síntiúsóirí a chur ar an eolas, sula bhfaigheann siad toiliú uathu, maidir le cineál na sonraí suímh seachas sonraí tráchta a phróiseálfar, cuspóirí agus fad na próiseála agus cé acu an dtarchuirfear na sonraí chuig tríú páirtí chun an tseirbhís breisluacha a sholáthar. Tabharfar an deis d'úsáideoirí nó do shíntiúsóirí a dtoiliú chun sonraí suímh seachas sonraí tráchta a phróiseáil a tharraingt siar aon am. [...] ” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

12

Leagtar amach an méid seo a leanas in Airteagal 15 de Threoir 2002/58, dar teideal “Forálacha áirithe i dTreoir [95/46] a chur i bhfeidhm” [Aistriúchán neamhoifigiúil]:

“Féadfaidh na Ballstáit bearta reachtacha a ghlacadh chun raon feidhme na gceart agus na n-oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 5, in Airteagal 6, in Airteagal 8(1), (2), (3) agus (4) agus in Airteagal 9 den Treoir seo a shrianadh nuair is beart riachtanach, iomchuí, comhréireach é srianadh den chineál sin laistigh de shochaí dhaonlathach chun an tslándáil náisiúnta (i.e. slándáil an Stáit), an chosaint agus an tslándáil phoiblí a shlánchoimeád nó chun cionta coiriúla nó úsáid neamhúdaraithe an chórais cumarsáide leictreonaí, dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Threoir [95/46], a chosc, a fhiosrú, a bhrath agus a ionchúiseamh. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit, inter alia, bearta reachtacha a ghlacadh ina bhforáiltear do shonraí a choinneáil ar feadh tréimhse shrianta le bonn cirt ar na forais a leagtar síos sa mhír seo. Beidh gach beart dá dtagraítear sa mhír seo i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an [Aontais], lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. ” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí na Gearmáine

An TKG

13

Is mar a leanas atá an fhoclaíocht sa chéad abairt d’Airteagal 113a(1) den Telekommunikationsgesetz (an Dlí maidir le Teileachumarsáid) an 22 Meitheamh 2004 (BGBl. 2004 I, lch. 1190), sa leagan is infheidhme maidir leis na príomhimeachtaí (‘TKG’):

“Baineann na hoibleagáidí maidir le coinneáil sonraí tráchta, úsáid sonraí agus slándáil sonraí, a shainmhínítear in Airteagail 113b go 113g, le hoibreoirí a sholáthraíonn seirbhísí teileachumarsáide atá ar fáil go poiblí d'úsáideoirí deiridh.”

14

De réir Airteagal 113b de TKG:

“(1)   Ceanglófar ar na hoibreoirí dá dtagraítear in Airteagal 113a(1) na sonraí a choinneáil ar an gcríoch náisiúnta ar an mbealach seo a leanas:

1.

ar feadh deich seachtaine i ndáil leis na sonraí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3,

2.

ar feadh ceithre seachtaine i ndáil leis na sonraí suímh dá dtagraítear i mír 4.

(2)   Coinneoidh soláthraithe seirbhísí teileafóin atá ar fáil go poiblí an méid seo a leanas:

1.

uimhir theileafóin nó aitheantóir eile na línte óna ndéantar glao agus ar a nglaoitear, chomh maith le gach líne eile a úsáidtear i gcás glaonna a mhalartú nó a chur ar aghaidh,

2.

dáta agus am thús agus dheireadh na cumarsáide, ina sonrófar an crios ama atá i gceist,

3.

faisnéis a bhaineann leis an tseirbhís a úsáidtear, más féidir seirbhísí éagsúla a úsáid i gcomhthéacs na seirbhíse teileafóin,

4.

agus freisin, i gcás seirbhísí teileafóin shoghluaiste,

a)

aitheantas suibscríobhaí soghluaiste idirnáisiúnta na bpáirtithe a dhéanann glao agus ar a nglaoitear,

b)

aitheantas idirnáisiúnta an trealaimh teirminéil a dhéanann glao agus ar a nglaoitear,

c)

i gcás seirbhísí réamhíoctha, an dáta agus an t-am a ghníomhachtaítear an tseirbhís den chéad uair agus léiriú ar an gcrios ama iomchuí,

5.

chomh maith leis sin, i gcás seirbhísí teileafóin ar an idirlíon, seolta prótacail idirlín (IP) an ghlaoiteora agus an té ar a nglaoitear, agus na huimhreacha aitheantais atá sannta.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag an gcéad fhomhír

1.

i gcás cumarsáide trí theachtaireacht SMS, teachtaireacht ilmheán nó cumarsáid chomhchosúil; sa chás sin, cuirfear an tráth a sheoltar agus a fhaightear an teachtaireacht in ionad na faisnéise dá dtagraítear i bhfomhír 2 den chéad fhomhír;

2.

maidir le glaonna nár freagraíodh nó nár éirigh leo mar thoradh ar idirghabháil ón oibreoir córais [...].

(3)   Coinneoidh soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín atá ar fáil go poiblí

1.

seoladh IP a sannadh ar an suibscríobhaí chun an t-idirlíon a úsáid,

2.

aitheantóir uathúil an naisc trína gceadaítear úsáid an idirlín, chomh maith leis an aitheantas úsáideora arna leithdháileadh,

3.

dáta agus am thús agus dheireadh na húsáide idirlín ón seoladh IP leithdháilte, ina sonrófar an crios ama atá i gceist,

(4)   I gcás ina n-úsáidtear seirbhísí teileafóin shoghluaiste, is gá ainmniú na gceall a d'úsáid an glaoiteoir agus an té ar a nglaodh ag tús na cumarsáide a choinneáil. Maidir le seirbhísí rochtana idirlín atá ar fáil go poiblí, is gá ainmniú na gceall a úsáideadh ag tús an naisc idirlín a choinneáil i gcás úsáid shoghluaiste. Ba cheart sonraí a choinneáil freisin ionas gur féidir an suíomh geografach agus treonna radaíocht uasta na n-aeróg a fhónann don chill lena mbaineann a choinneáil.

(5)   Ní fhéadfar ábhar na cumarsáide, na sonraí a bhaineann leis na suíomhanna idirlín a bhfuarthas rochtain orthu agus sonraí na seirbhísí ríomhphoist a choinneáil faoin bhforáil seo.

(6)   Ní fhéadfar na sonraí is bonn leis na cumarsáidí dá dtagraítear in Airteagal 99(2) a choinneáil faoin bhforáil seo. Beidh feidhm aige sin, mutatis mutandis, maidir le cumarsáid teileafóin ó na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 99(2). Beidh feidhm mutatis mutandis ag an dara habairt go dtí an seachtú habairt d’Airteagal 99(2).

[...] ”

15

Is éard atá sna cumarsáidí atá luaite in Airteagal 99(2) de TKG, dá dtagraítear in Airteagal 113b(6) de TKG, ná cumarsáid le daoine, le húdaráis agus le heagraíochtaí de chineál sóisialta nó reiligiúnach a thairgeann do ghlaoiteoirí a fhanann i bprionsabal anaithnid, seirbhísí cúnaimh teileafóin i gcás éigeandáil shíceolaíoch nó shóisialta agus atá faoi réir nó a bhfuil a bhfostaithe faoi réir oibleagáidí rúndachta speisialta ina leith sin. Tá an maolú dá bhforáiltear sa dara habairt agus sa cheathrú habairt d’Airteagal 99(2) de TKG faoi réir clárú daoine, arna iarraidh sin dóibh, ar liosta arna tharraingt suas ag Gníomhaireacht Chónaidhme na nGréasán um Leictreachas, Gás, Teileachumarsáid, Post agus Iarnróid, tar éis do shealbhóirí uimhreacha glao a ndualgais a bhunú trí dheimhniú a sholáthar ó údarás, comhlacht, bunaíocht nó fondúireacht arna rialú ag an dlí poiblí.

16

Faoi Airteagal 113c (1) agus (2) de TKG:

“(1)   Féadfar a leanas a dhéanamh le sonraí a choinnítear faoi Airteagal 113b

1.

iad a tharchur chuig údarás forfheidhmithe dlí nuair a iarrann an t-údarás sin an tarchur trí fhoráil reachtúil a agairt lena n-údaraítear dó na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 113b a bhailiú chun críocha cionta coiriúla fíor-thromchúiseacha a phionósú;

2.

iad a tharchur chuig údarás slándála de na Länder nuair a iarrann an tÚdarás sin, trí fhoráil reachtúil a agairt, lena n-údaraítear dó na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 113b a bhailiú chun baol nithiúil do shláine coirp, do shaol nó do shaoirse duine a chosc, nó chun baol i leith bheatha an Stáit chónaidhme nó an Land a chosc;

[...]

(2)   Ní fhéadfaidh an duine atá faoi réir na hoibleagáide a leagtar síos in Airteagal 113b úsáid a bhaint as na sonraí a choinnítear i gcomhréir le hAirteagal 113a(1) ach chun na críocha dá dtagraítear i mír 1. ”

17

Leagtar amach in Airteagal 113d den TKG:

“Ní mór don duine atá faoi réir na hoibleagáide a leagtar síos in Airteagal 113a(1) a áirithiú go ndéanfar na sonraí. a choinnítear i gcomhréir le hAirteagal 113b(1) de bhua na hoibleagáide coinneála, a chosaint, trí bhearta teicniúla eagraíochtúla atá úrscothach, i gcoinne rialaithe agus úsáide neamhúdaraithe. Áirítear leis na bearta sin, go háirithe:

1.

próiseas criptithe atá fíor-shlán a úsáid,

2.

stóráil i saoráidí stórála ar leithligh, atá scartha ó na saoráidí sin a shanntar do ghnáth-fheidhmeanna oibríochta,

3.

stóráil, le hardleibhéal cosanta i gcoinne cibirionsaithe, ar chórais ríomhaireachta ar a bpróiseáiltear sonraí díchúpláilte,

4.

srian a chur le rochtain ar shuiteálacha a úsáidtear le haghaidh próiseáil sonraí ach amháin do dhaoine a bhfuil údarú speisialta acu arna thabhairt ag an duine atá faoi réir na hoibleagáide; agus

5.

an oibleagáid, agus rochtain á fáil acu ar na sonraí, páirt a thabhairt do bheirt ar a laghad a bhfuil údarú speisialta tugtha dóibh ag an duine atá faoi réir na hoibleagáide. ”

18

Is mar a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 113e de TKG:

“(1)   Ní mór don duine atá faoi réir na hoibleagáide a leagtar síos in Airteagal 113a(1) a áirithiú, chun críocha faireachán a dhéanamh ar chosaint sonraí, go dtaifeadfar gach rochtain ar shonraí, lena n-áirítear léamh, cóipeáil, athrú, scriosadh nó blocáil na sonraí sin, a choinnítear i gcomhréir le hAirteagal 113b(1), de bhua na hoibleagáide coinneála. Ní mór a leanas a thaifeadadh

1.

an t-am rochtana,

2.

na daoine atá ag fáil rochtana ar na sonraí.

3.

cuspóir agus cineál na rochtana.

(2)   Ní fhéadfar na sonraí a thaifeadtar a úsáid ach chun críocha faireachán a dhéanamh ar chosaint sonraí.

(3)   Ní mór don duine atá faoi réir na hoibleagáide a leagtar síos in Airteagal 113a(1), a áirithiú go scriosfar na sonraí taifeadta tar éis bliain amháin.”

19

D’fhonn leibhéal an-ard slándála sonraí agus cáilíochta sonraí a áirithiú, bunaítear leis Gníomhaireacht Chónaidhme na nGréasán um Leictreachas, Gás, Teileachumarsáid, Post agus Iarnróid, i gcomhréir le hAirteagal 113f (1) de TKG, tacar ceanglas nach mór, de bhun Airteagal 113f (2) de TKG, a mheasúnú agus a oiriúnú go leanúnach i gcás inarb iomchuí. Ceanglaítear le hAirteagal 113g de TKG go gcuirfear bearta slándála sonracha san áireamh i ráiteas an bheartais slándála atá le tíolacadh ag an duine atá faoi réir na hoibleagáide.

An StPO

20

Is mar a leanas atá an fhoclaíocht den chéad abairt d’Airteagal 100g(2) de Strafprozessordnung (Cód um Nós Imeachta Coiriúil, “StPO”):

“Má tá fíorais áirithe ann le bheith in amhras go ndearna duine éigin, mar dhéantóir ciona nó comhchoirí, ceann de na cionta coiriúla fíor-thromchúiseacha dá dtagraítear sa dara habairt nó, i gcásanna inar féidir an iarracht a phionósú, go ndearna sé iarracht cion den sórt sin a dhéanamh agus má tá an cion fíor-thromchúiseach freisin sa chás faoi leith, féadfar sonraí tráchta, arna stóráil i gcomhréir le hAirteagal 113b den [TKG], a bhailiú más rud é go mbeadh an t-imscrúdú ar fhíorais nó ar shuíomh an duine atá faoi imscrúdú ródheacair nó gur dócha go gclisfeadh air, agus má tá bailiú na sonraí i gcomhréir le tábhacht an cháis.”

21

Le hAirteagal 101a(1) de StPO, cuirtear bailiú sonraí tráchta, i gcomhréir, le hAirteagal 100(g) de StPO, faoi réir údarú breithiúnach. Faoi Airteagal 101a (2) de StPO, ní mór na breithnithe bunúsacha a bhaineann le riachtanas agus oiriúnacht an bhirt, sa chás faoi leith lena mbaineann, a áireamh sna forais leis an gcinneadh. Leagtar síos oibleagáid le hAirteagal 101a(6) de StPO chun na rannpháirtithe sa teileachumarsáid lena mbaineann a chur ar an eolas.

Na díospóidí sna príomhimeachtaí agus an cheist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

22

Cuireann Spacenet agus Telekom Deutschland seirbhísí rochtana idirlín atá ar fáil go poiblí ar fáil sa Ghearmáin. Cuireann an dara ceann díobh siúd seirbhísí teileafóin atá ar fáil go poiblí sa Ghearmáin ar fáil freisin.

23

Thug na soláthraithe seirbhíse sin agóid os comhair Verwaltungsgericht Köln (an Chúirt Riaracháin, Köln, an Ghearmáin) i gcoinne na hoibleagáide a fhorchuirtear orthu le hAirteagal 113a(1) i gcomhar le hAirteagal 113b den TKG chun sonraí tráchta agus suímh a bhaineann le teileachumarsáid a gcustaiméirí a choinneáil ón 1 Iúil 2017.

24

Le breithiúnais an 20 Aibreán 2018, chinn Verwaltungsgericht Köln (an Chúirt Riaracháin, Köln) nár ceanglaíodh ar Spacenet agus Telekom Deutschland na sonraí tráchta a bhaineann le teileachumarsáid, dá dtagraítear in Airteagal 113b (3) de TKG, de na custaiméirí dá soláthraíonn siad rochtain idirlín a choinneáil agus nach raibh sé de cheangal ar Telekom Deutschland, ina theannta sin, sonraí tráchta a bhaineann le teileachumarsáid, dá dtagraítear sa chéad abairt agus sa dara habairt d’Airteagal 113b (2) de TKG, de na custaiméirí dá soláthraíonn sé seirbhísí teileafóin atá ar fáil go poiblí, a choinneáil ach oiread. Chinn an Chúirt i bhfianaise bhreithiúnas an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile (C-203/15 agus C-698/15, EU:C:2016:970), go raibh an oibleagáid choinneála seo contrártha do dhlí an Aontais.

25

Rinne Poblacht Chónaidhme na Gearmáine achomhairc ar phointe dlí i gcoinne na mbreithiúnas sin os comhair Bundesverwaltungsgericht (an Chúirt Chónaidhme Riaracháin, an Ghearmáin), an chúirt a rinne an tarchur.

26

Measann an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil an cheist maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an oibleagáid choinneála a fhorchuirtear le forálacha comhcheangailte Airteagal 113a(1) agus 113b de TKG contrártha le dlí an Aontais ag brath ar léirmhíniú ar Threoir 2002/58.

27

I ndáil leis sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire gur shuigh an Chúirt go cinntitheach cheana féin, i mbreithiúnas an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile (C-203/15 agus C-698/15, EU:C:2016:970), go dtagann reachtaíocht maidir le sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil agus maidir le rochtain ar na sonraí sin ag na húdaráis náisiúnta, i bprionsabal, faoi raon feidhme Threoir 2002/58.

28

Tugann sí dá haire freisin nach féidir údar a thabhairt leis an oibleagáid choinneála atá i gceist sna príomhimeachtaí, a mhéid a chuirtear teorainn leis ar na cearta a eascraíonn as Airteagal 5(1), 6(1) agus 9(1) de Threoir 2002/58, ach amháin ar bhonn Airteagal 15(1) den Treoir sin.

29

I ndáil leis sin, cuireann sí in iúl gur léir ó bhreithiúnas an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile (C-203/15 agus C-698/15, EU:C:2016:970), nach mór Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 11 agus 52(1) den Chairt, a léirmhíniú sa chiall go gcuirtear bac leo ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, chun críocha coireacht a chomhrac, do choinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach shonraí tráchta agus suímh uile na rannpháirtithe agus na n-úsáideoirí cláraithe uile, maidir le gach modh cumarsáide leictreonaí.

30

De réir na cúirte a rinne an tarchur, amhail an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna cásanna ba bhun leis an mbreithiúnas sin, ní cheanglaítear leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí go mbeadh aon chúis ann leis na sonraí a choinneáil ná aon nasc idir na sonraí a choinnítear agus cion coiriúil ná riosca don tslándáil phoiblí. Ceanglaítear leis an reachtaíocht náisiúnta sin go gcoinneofaí, gan chúis, go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ó thaobh pearsana de, formhór na sonraí tráchta ábhartha a bhaineann le teileachumarsáid, ar coinneáil ama agus gheografach í.

31

Measann an chúirt a rinne an tarchur, áfach, nach féidir a eisiaimh go bhféadfadh údar cuí a bheith leis an oibleagáid choinneála atá i gceist sna príomhimeachtaí faoi Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58.

32

Ar an gcéad dul síos, tugann sí dá haire, murab ionann agus an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna cásanna ba bhun le breithiúnas an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile (C-203/15 agus C-698/15, EU:C:2016:970), nach gceanglaítear leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí go gcoinneofar na sonraí tráchta uile a bhaineann le teileachumarsáid na síntiúsóirí agus na n-úsáideoirí cláraithe uile maidir le gach modh cumarsáide leictreonaí. Ní hamháin go bhfuil ábhar na cumarsáide eisiata ón oibleagáid choinneála, ach ní féidir na sonraí a bhaineann le suíomhanna gréasáin, na sonraí ó sheirbhísí ríomhphoist agus na sonraí is bunús le cumarsáid shóisialta nó reiligiúnach chuig nó ó bhealaí áirithe a choinneáil, mar is léir ó Airteagal 113b (5) agus (6) de TKG.

33

Sa dara háit, luaigh an chúirt sin go bhforáiltear le hAirteagal 113b(1) de TKG do thréimhse choinneála ceithre seachtaine i gcás sonraí suímh agus deich seachtaine i gcás sonraí tráchta, cé gur foráladh le Treoir 2006/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le sonraí a ghintear nó a phróiseáiltear i dtaca le soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí nó líonraí cumarsáide poiblí a choinneáil agus lena leasaítear Treoir 2002/58/CE (IO 2006 L 105, lch. 54), ar a bunaíodh na rialacha náisiúnta atá i gceist sna cásanna ba chúis le breithiúnas an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile (C-203/15 agus C-698/15, EU:C:2016:970), do thréimhse choinneála idir sé mhí agus dhá bhliain.

34

De réir na cúirte a rinne an tarchur, cé nach leor modhanna áirithe cumarsáide nó catagóirí áirithe sonraí a eisiamh agus an tréimhse choinneála a theorannú chun deireadh a chur le haon riosca go mbunófaí próifíl iomlán na ndaoine lena mbaineann, laghdófaí an riosca sin go mór, ar a laghad, i gcomhthéacs chur chun feidhme na reachtaíochta náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí.

35

Sa tríú háit, tá teorainneacha dochta sa reachtaíocht sin maidir le sonraí coinnithe a chosaint agus maidir le rochtain ar na sonraí sin. Dá bhrí sin, ar an gcéad dul síos, áirithítear leis cosaint éifeachtach na sonraí coinnithe ar an mbaol mí-úsáide agus ar aon rochtain neamhdhleathach ar na sonraí sin. Ar an dara dul síos, ní féidir na sonraí a coinníodh a úsáid ach amháin chun coireacht thromchúiseach a chomhrac nó chun baol nithiúil do shláine coirp, do shaol nó do shaoirse duine a chosc, nó chun baol i leith bheatha an Stáit chónaidhme nó an Land a chosc.

36

Sa cheathrú háit, d’fhéadfadh an léirmhíniú ar Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 sa chiall go bhfuil aon choinneáil sonraí gan chúis contrártha go ginearálta le dlí an Aontais, ar neamhréir le hoibleagáid na mBallstát chun gníomhú, oibleagáid a eascraíonn as an gceart chun slándála a chumhdaítear in Airteagal 6 den Chairt.

37

Sa chúigiú háit, measann an chúirt a rinne an tarchur go gcuirfeadh léirmhíniú ar Airteagal 15 de Threoir 2002/58 sa chiall go gcuirtear cosc leis ar choinneáil ghinearálta sonraí srian mór ar lánrogha an reachtais náisiúnta i réimse a bhaineann le coireanna a ionchúiseamh agus leis an tslándáil phoiblí, ar réimse é a leanann, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) CAE, de bheith ina fhreagracht iomlán ar gach Ballstát.

38

Sa séú háit, measann an chúirt a rinne an tarchur gur cheart cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (ECtHR) a chur san áireamh agus tugann sí dá haire gur chinn ECtHR nach gcuirtear cosc le hAirteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint ar fhorálacha náisiúnta lena bhforáiltear d’oll-idircheapadh sreabha trasteorann sonraí, ag féachaint do na bagairtí atá ag roinnt Stáit faoi láthair agus do na huirlisí teicneolaíochta ar féidir le sceimhlitheoirí agus coirpigh brath orthu anois chun éagóir a dhéanamh.

39

Sna himthosca sin, chinn Bundesverwaltungsgericht (an Chúirt Riaracháin Chónaidhme) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú:

“An gcaithfear Airteagal 15 de Threoir [2002/58], arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 11 agus 52(1) den [Chairt], ar thaobh amháin, agus Airteagal 6 den [Chairt sin] agus Airteagal 4 [CAE], ar an taobh eile, a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí sonraí tráchta agus sonraí suímh úsáideoirí deiridh na seirbhísí sin a choinneáil i gcás

1)

nach gceanglaítear leis an oibleagáid sin cúis shonrach ó thaobh suímh, ama nó réigiúin de,

2)

ina bhfuil na sonraí seo a leanas faoi réir na hoibleagáide stórála i gcomhthéacs soláthar seirbhísí teileafóin atá ar fáil go poiblí — lena n-áirítear cumarsáid trí theachtaireachtaí SMS, teachtaireachtaí ilmheán nó teachtaireachtaí comhchosúla agus glaonna nár freagraíodh nó nár éirigh leo:

a)

uimhir theileafóin nó aitheantóir eile na línte óna ndéantar glao agus ar a nglaoitear, chomh maith le gach líne eile a úsáidtear i gcás glaonna a mhalartú nó a chur ar aghaidh,

b)

dáta agus am thús agus dheireadh na cumarsáide nó — i gcás tarchur theachtaireacht SMS, theachtaireacht ilmheán nó theachtaireacht chomhchosúil — tráthanna seolta agus fála na teachtaireachta, ina sonrófar agus an crios ama atá i gceist,

c)

faisnéis a bhaineann leis an tseirbhís a úsáidtear, más féidir seirbhísí éagsúla a úsáid i gcomhthéacs na seirbhíse teileafóin,

d)

ina theannta sin, i gcás seirbhísí teileafóin shoghluaiste,

i)

aitheantas suibscríobhaí shoghluaiste idirnáisiúnta na bpáirtithe a dhéanann glao agus ar a nglaoitear,

ii)

aitheantóir idirnáisiúnta an trealaimh teirminéil a dhéanann glao agus ar a nglaoitear,

iii)

i gcás seirbhísí réamhíoctha, an dáta agus an t-am a ghníomhachtaítear an tseirbhís den chéad uair, ina sonrófar an crios ama atá i gceist,

iv)

ainmniú na gceall a d’úsáid an glaoiteoir agus an té ar a nglaodh ag tús na cumarsáide.

e)

chomh maith leis sin, i gcás seirbhísí teileafóin ar an idirlíon, seolta prótacail idirlín (IP) an ghlaoiteora agus an té ar a nglaoitear, agus na huimhreacha aitheantais atá sannta .

3)

tá na sonraí seo a leanas faoi réir na hoibleagáide stórála agus seirbhísí rochtana idirlín atá ar fáil go poiblí á soláthar:

a)

seoladh IP a sannadh ar an suibscríobhaí chun an t-idirlíon a úsáid,

b)

aitheantóir uathúil an naisc trína gceadaítear úsáid an idirlín, chomh maith le haitheantas úsáideora leithdháilte,

c)

dáta agus am thús agus dheireadh na húsáide idirlín ón seoladh IP leithdháilte, ina sonrófar an crios ama atá i gceist.

d)

i gcás úsáid shoghluaiste, is gá ainmniú na gceall a úsáidtear ag tús an naisc idirlín,

4)

ní féidir na sonraí seo a leanas a choinneáil:

a)

ábhar na cumarsáide,

b)

sonraí maidir leis na suíomhanna idirlín a bhfuarthas rochtain orthu,

c)

sonraí ó sheirbhísí ríomhphoist,

d)

sonraí is bunús le cumarsáid chuig nó ó bhealaí áirithe atá sannta do dhaoine, d’údaráis agus d’eagraíochtaí i réimsí sóisialta nó reiligiúnacha,

5)

is é ceithre seachtaine an tréimhse choinneála i gcás sonraí suímh, is é sin le rá, ainmniú na cille a úsáidtear, agus deich seachtaine i gcás na sonraí eile,

6)

ráthaítear cosaint éifeachtach ar shonraí coinnithe ar an mbaol mí-úsáide agus ar aon rochtain neamhdhleathach ar na sonraí sin,

7)

ní féidir na sonraí a coinníodh a úsáid ach amháin chun pionóis a ghearradh ar chionta tromchúiseacha nó chun baol nithiúil do shláine coirp, do shaol nó do shaoirse duine a chosc, nó chun baol i leith bheatha an Stáit chónaidhme nó an Land a chosc, agus is eisceacht é seo ón seoladh IP a shanntar don suibscríobhaí chun an t-idirlíon a úsáid, ar féidir é a úsáid i ndáil le faisnéis a sholáthar faoi shonraí an tsuibscríobhaí chun críocha cionta coiriúla a phionósú, beag beann ar an gcion, chun críocha an baol do shlándáil agus ord poiblí a chosc agus chun críocha seirbhísí faisnéise a fheidhmiú? ”

An nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

40

Le hordú ó Uachtarán na Cúirte an 3 Nollaig 2019, rinneadh Cásanna C-793/19 agus C-794/19 a uamadh chun críocha an nós imeachta i scríbhinn agus ó bhéal agus chun críocha an bhreithiúnais.

41

Le cinneadh ó Uachtarán na Cúirte an 14 Iúil 2020, cuireadh bac ar na himeachtaí i gCásanna Uamtha C-793/19 agus C-794/19 de bhun Airteagal 55(1) (b) de na Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais go dtí go dtabharfar an breithiúnas in La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18, C-512/18 agus C-520/18).

42

Tar éis dó a bhreithiúnas a thabhairt, an 6 Deireadh Fómhair 2020, in La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791) d’ordaigh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais, an 8 Deireadh Fómhair 2020, go ndéanfaí na himeachtaí i gCásanna Uamtha C-793/19 agus C-794/19 a atosú.

43

Thug an chúirt a rinne an tarchur, ar chuir an Chlárlann an breithiúnas sin in iúl di, le fios go raibh sí ag leanúint lena hiarraidh ar réamhrialú.

44

I ndáil leis sin, thug an chúirt a rinne an tarchur faoi deara, ar an gcéad dul síos, go mbaineann an oibleagáid choinneála a leagtar síos leis an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí le líon níos lú sonraí agus le tréimhse choinneála níos giorra ná mar a fhoráiltear sa reachtaíocht náisiúnta a bhí i gceist sna cásanna as ar eascair breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791). Leis na sonraíochtaí sin, laghdaítear an fhéidearthacht go bhféadfaí tátal an-mhionsonraithe a bhaint maidir le saol príobháideach na ndaoine ar coinníodh a gcuid sonraí.

45

Ina dhiaidh sin, luaigh sí arís go n-áirithíonn an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí cosaint éifeachtach ar shonraí a choinnítear ar an mbaol go mbainfí mí-úsáid astu agus ar rochtain neamhdhleathach orthu.

46

Ar deireadh, luaigh sí go bhfuil éiginnteacht ann, i leith bheith i gcomhréir le dlí an Aontais, maidir le coinneáil seoltaí IP, dá bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, mar gheall ar neamhréireacht idir míreanna 155 agus 168 de bhreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791). Dá bhrí sin, de réir na cúirte a rinne an tarchur, fágtar go bhfuil éiginnteacht sa bhreithiúnas i dtaobh cibé éilíonn nó nach n-éilíonn an chúirt, chun seoltaí IP a choinneáil, go mbeadh cúis choinneála ann a bhaineann leis an gcuspóir maidir le slándáil náisiúnta a chosaint, coireacht thromchúiseach a chomhrac nó bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc, mar is léir ó mhír 168 den bhreithiúnas sin, nó an gceadaítear seoltaí IP a choinneáil fiú in éagmais cúise sonraí, ós rud é nach bhfuil ach úsáid na sonraí a choinnítear teoranta ag na cuspóirí sin, mar is léir ó mhír 155 den bhreithiúnas sin.

An cheist arna tarchur

47

Lena ceist, tá an chúirt ag iarraidh a fháil amach, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna léamh i bhfianaise Airteagail 6 go 8 agus 11 agus Airteagal 52 (l) den Chairt agus Airteagal 4(2) CAE, a léirmhíniú sa chiall go gcuirtear cosc leis ar bheart reachtach náisiúnta lena gceanglaítear, cé is moite d’eisceachtaí áirithe, ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí chun na gcríoch a liostaítear in Airteagal 15(1) den Treoir sin, agus go háirithe chun críocha cionta coiriúla tromchúiseacha a phionósú, nó chun baol nithiúil don tslándáil náisiúnta a chosc, coinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach de thromlach na sonraí tráchta agus sonraí suímh úsáideoirí deiridh na seirbhísí sin, agus foráil á déanamh do thréimhse choinneála roinnt seachtainí agus do rialacha chun cosaint éifeachtach na sonraí coinnithe a áirithiú in aghaidh bhaol mí-úsáide agus i gcoinne rochtain neamhdhleathach ar shonraí den sórt sin.

Infheidhmeacht Threoir 2002/58

48

Maidir le hargóint na hÉireann agus Rialtais na Fraince, na hÍsiltíre, na Polainne agus na Sualainne nach dtagann an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, a mhéid a glacadh í, inter alia, chun an tslándáil náisiúnta a chosaint, faoi raon feidhme Threoir 2002/58, is leor a thabhairt faoi deara go dtagann reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí tráchta agus suímh a choinneáil, chun críocha, inter alia, an tslándáil náisiúnta a chosaint agus an choireacht a chomhrac, amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, faoi raon feidhme Threoir 2002/58 (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791, mír 104).

Léirmhíniú ar Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58

Meabhrúchán ar na prionsabail a eascraíonn as cásdlí na Cúirte Breithiúnais

49

De réir chásdlí socair na Cúirte, ar mhaithe le foráil dhlí an Aontais a léirmhíniú, ní mór tagairt a dhéanamh ní hamháin dá foclaíocht ach aird a thabhairt ar a comhthéacs agus na cuspóirí a dtugtar fúthu sa reachtaíocht a bhfuil sí ina cuid di chomh maith, agus bunús na reachtaíochta sin go háirithe a chur san áireamh ina theannta sin (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258 , mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear).

50

Is léir ó fhoclaíocht Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 nach bhféadfadh na bearta reachtacha lena n-údaraítear leis an Treoir sin do na Ballstáit a ghlacadh, faoi na coinníollacha a leagtar síos léi, ach chun raon feidhme na gceart agus na n-oibleagáidí dá bhforáiltear, go háirithe, in Airteagail 5, 6, agus 9 de Threoir 2002/58, a shrianadh (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258 , mír 33).

51

Le haghaidh an chórais a bhunaítear leis an Treoir seo ina gcomhshnaidhmtear Airteagal 15(1) di, ní foláir a choinneáil i gcuimhne go bhfuil na Ballstáit faoi cheangal rúndacht na cumarsáide arna déanamh trí líonraí cumarsáide poiblí, trí na seirbhísí agus na cumarsáidí leictreonacha atá ar fáil go poiblí agus na sonraí tráchta i gceist i reachtaíocht náisiúnta a ráthú lena reachtaíocht náisiúnta, de bhun Airteagal 5(1), an chéad agus an dara habairt, den Treoir sin. Go háirithe, tá sé de chúram orthu cosc a chur ar an dara duine seachas an t-úsáideoir féin éisteacht le cumarsáidí nó na sonraí tráchta i gceist, iad a thascradh, a stóráil nó a chur faoi réir aon mhodh tascartha nó faireachais gan toiliú na n-úsáideoirí lena mbaineann cé is moite den chás ina bhfuil an duine sin údaraithe de réir dlí, i gcomhréir le hAirteagal 15(1) den Treoir sin (breithiúnas an Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 34).

52

Chuige sin, chinn an Chúirt Bhreithiúnais cheana go gcumhdaítear le hAirteagal 5(1) de Threoir 2002/58 prionsabal rúndachta na cumarsáide leictreonaí agus na sonraí tráchta lena mbaineann, agus tá toirmeasc mar riail ar stóráil na gcumarsáidí agus sonraí sin ag aon duine seachas na húsáideoirí gan a dtoiliú i gceist leis ach go háirithe (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791, mír 107 agus an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 35).

53

Léirítear leis an bhforáil seo cuspóir reachtóir an Aontais agus Treoir 2002/58 á glacadh aige. Go deimhin, is léir ón meabhrán míniúcháin leis an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí [COM(2000) 385 final], as a dtagann Treoir 2002/58, gur bheartaigh reachtóir an Aontais “a áirithiú go leanfar le hardleibhéal cosanta maidir le sonraí pearsanta agus príobháideachas a chosaint a ráthú do gach seirbhís cumarsáide leictreonaí is cuma an teicneolaíocht a úsáidtear”. Mar is léir go háirithe ó aithrisí 6 agus 7 den Treoir sin, is amhlaidh gurb éard is cuspóir [léi] úsáideoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chosaint ar an mbaol dá sonraí pearsanta agus dá bpríobháideachas a leanann as teicneolaíochtaí nua agus, inter alia, as an gcumas feabhsaithe sonraí a stóráil agus a uathphróiseáil go háirithe. Go háirithe, mar a leagtar amach in aithris 2 den Treoir sin, is é toil reachtóra an Aontais a ráthú go n-urramófar go hiomlán na cearta arna leagan amach in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, a bhaineann, faoi seach, le príobháideachas a chosaint agus cosaint sonraí pearsanta (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 36 agus an cásdlí a luaitear).

54

Dá réir sin, agus Treoir 2002/58 á glacadh, rinne reachtóir an Aontais na cearta seo a dhaingniú ionas go mbeadh úsáideoirí na modhanna cumarsáide leictreonaí i dteideal a bheith ag [súil] leis, mar riail, go mbeadh a gcumarsáidí agus na sonraí lena mbaineann anaithnid agus do-thaifeadta, in éagmais a dtoiliú dá mhalairt (breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791, mír 109, agus an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 37).

55

Maidir le próiseáil agus stóráil na sonraí tráchta a bhaineann leis na suibscríobhaithe agus na húsáideoirí, arna ndéanamh ag soláthraithe na seirbhísí cumarsáide leictreonaí, foráiltear in Airteagal 6(1) de Threoir 2002/58 nach mór na sonraí sin a scriosadh nó a dhéanamh anaithnid i gcás nach mbeadh gá leo a thuilleadh chun cumarsáid a tharchur, agus sonraítear sa dara fomhír di, nach bhféadfar na sonraí tráchta atá riachtanach chun cúrsaí billeála na síntiúsóirí nó íocaíochtaí idirnaisc a phróiseáil ach amháin go dtí deireadh na tréimhse ar féidir agóid a dhéanamh i gcoinne an bhille nó íocaíocht a shaothrú lena linn. Maidir leis na sonraí suímh seachas sonraí tráchta, leagtar amach in Airteagal 9(1) den Treoir sin nach bhféadfar sonraí den sórt sin a phróiseáil ach amháin faoi choinníollacha áirithe agus má dhéantar anaithnid iad nó le toiliú na n-úsáideoirí nó na síntiúsóirí.

56

Dá réir sin, ní hamháin go rialaítear rochtain ar shonraí den sórt sin le Treoir 2002/58 trí chosaintí arb é is cuspóir dóibh mí-úsáid a chosc, ach cumhdaítear go háirithe léi chomh maith an prionsabal go bhfuil a stóráil ag tríú páirtithe [á toirmeasc] (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 39).

57

Sa mhéid go ligtear do na Ballstáit, le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58, bearta reachtacha a ghlacadh arb é is cuspóir dóibh teorainn a chur le raon feidhme na gceart agus na n-oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 5, 6 agus 9 den Treoir sin, amhail iad siúd a eascraíonn ó phrionsabal rúndacht na cumarsáide agus an prionsabal go ndéanfar stóráil na sonraí lena mbaineann a thoirmeasc, prionsabail arna dtabhairt chun cuimhne i mír 52 den bhreithiúnas seo, leagtar amach san fhoráil sin eisceacht ón riail ghinearálta dá bhforáiltear in Airteagail 5, 6 agus 9 a chaithfear a léirmhíniú go dian i gcomhréir le cásdlí comhsheasmhach dá bhrí sin. Ar an gcúis sin, ní féidir [le] foráil den sórt sin údar a thabhairt leis go ndéanfaí riail den mhaolú ar an [oibleagáid phrionsabail chun] rúndacht na cumarsáide agus na sonraí lena mbaineann a ráthú agus, go háirithe, an prionsabal go ndéanfar stóráil na sonraí sin a thoirmeasc mar a shonraítear in Airteagal 5 den Treoir sin, mura mbainfí an chuid is mó dá feidhm den fhoráil sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 40 agus an cásdlí a luaitear).

58

Mar thaca leis na cuspóirí a d’fhéadfadh údar a thabhairt le teorainn ar na cearta agus na hoibleagáidí a shonraítear in Airteagal 5, 6 agus 9 de Threoir 2002/58 go háirithe, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais cheana féin go liostaítear na cuspóirí sa chéad abairt d’Airteagal 15(1) den Treoir seo go mion, ar bhealach a fhágann nach mór do bheart reachtach arna ghlacadh faoin bhforáil sin ceann de na cuspóirí a chomhlíonadh go héifeachtúil agus go dian (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 41 agus an cásdlí a luaitear).

59

Ina theannta sin, is léir ón tríú habairt d’Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 nach mór prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais a urramú leis na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit faoin bhforáil sin, lena n-áirítear prionsabal na comhréireachta, agus a áirithiú go n-urramófar na cearta bunúsacha arna ráthú leis an gCairt. I ndáil leis sin, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais cheana féin go dtarraingítear ceisteanna anuas leis an oibleagáid arna forchur ag Ballstát ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí trí bhíthin reachtaíocht náisiúnta ar mhaithe le sonraí tráchta a choinneáil chun iad a chur ar fáil de réir mar a bheadh do na húdaráis náisiúnta inniúla, ceisteanna a bhaineann ní hamháin le comhlíonadh Airteagail 7 agus 8 den Chairt, ach freisin le hAirteagal 11 den Chairt, maidir le saoirse tuairimí a nochtadh, ar cheann de bhunchlocha de shochaí iolraíoch agus dhaonlathach agus cheann de na luachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe é, i gcomhréir le hAirteagal 2 CAE (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 42 agus 43 agus an cásdlí a luaitear).

60

I ndáil leis sin, ní mór a shonrú gur maolú í, ar an gcéad dul síos, ar an toirmeasc maidir le stóráil na sonraí sin ag duine seachas an t-úsáideoir féin, dá bhforáiltear in Airteagal 5(1) de Threoir 2002/58, agus gur cur isteach í, ar an dara dul síos, ar na bunchearta príobháideachais agus ar chosaint shonraí pearsanta, a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, coinneáil na sonraí suímh agus na sonraí tráchta inti féin, is cuma an bhfuil íogaireacht á tíolacadh ag an bhfaisnéis nó nach bhfuil, ar fhulaing na páirtithe leasmhara míbhuntáistí féideartha as siocair an chur isteach seo nó nár fhulaing, nó an úsáidfear na sonraí a choinnítear nó nach n-úsáidfear fiú (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258 mír 44 agus an cásdlí a luaitear).

61

Is mó an t-údar leis an tátal seo fós ó tharla go bhféadfadh sonraí tráchta agus sonraí suímh faisnéis faoi líon mór gnéithe de shaol príobháideach na ndaoine lena mbaineann a chur in iúl, lena n-áirítear faisnéis íogair, amhail gnéaschlaonadh, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach, fealsúnach, sóisialta nó eile agus stádas sláinte, fad, thairis sin, agus a thugtar cosaint ar leith do shonraí den sórt sin le dlí an Aontais. Maidir leis na sonraí sin a chur san áireamh ina n-iomláine, féadfar tátal an‑mhionsonraithe a bhaint maidir le saol príobháideach na ndaoine ar coinníodh a gcuid sonraí, amhail a nósanna laethúla, a n‑áiteanna cónaithe buana nó sealadacha, a gcuid imeachtaí laethúla nó eile, na gníomhartha a dhéanann siad, a

gcaidreamh sóisialta agus na timpeallachtaí sóisialta ina mbíonn siad. Go háirithe, leis na sonraí sin, tá bealach ann chun próifíl de na hábhair sonraí a chur le chéile, ar faisnéis í sin atá cé chomh híogair le hábhar na gcumarsáidí i bhfianaise an chirt chun príobháideachais í (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 45 agus an cásdlí a luaitear).

62

Mar sin, de pháirt, le sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil chun críoch póilíneachta, d’fhéadfaí difear a dhéanamh don cheart chun cumarsáidí a urramú, arna thíolacadh in Airteagal 7 den Chairt, agus [d’fhéadfadh éifeachtaí díspreagthacha] a bheith ag an gcoinneáil sin ar úsáid na saoirse [chun] tuairimí a nochtadh ag úsáideoirí na modhanna cumarsáide leictreonaí, arna ráthú in Airteagal 11 di, ar níos tromchúisí fós na héifeachtaí sin i bhfianaise réimse agus líon na sonraí coinnithe. Den pháirt eile, ag féachaint don lear mór sonraí tráchta agus sonraí suímh a d’fhéadfadh a bheith coinnithe go leanúnach le beart lena gcoinnítear iad go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach agus íogaireacht na faisnéise a d’fhéadfaí a sholáthar leis na sonraí sin, tá baol ann go mbainfí mí-úsáid astu agus go mbeadh rochtain aindleathach orthu i gceist le coinneáil na sonraí sin ag na soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí inti féin (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 46 agus an cásdlí a luaitear).

63

Dá ainneoin sin, a mhéid a ligtear do na Ballstáit teorainn a chur leis na cearta agus na hoibleagáidí dá dtagraítear i míreanna 51 go 54 den bhreithiúnas seo, is léiriú é Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 nach bhfuil cuma ar na cearta a chumhdaítear in Airteagail 7, 8 agus 11 den Chairt amhail gur sainchearta daingne iad, ach ní mór iad a chur san áireamh i ndáil lena bhfeidhm sa tsochaí. Go deimhin, mar is léir ó Airteagal 52(1) den Chairt, ceadaítear leis an bhforáil sin teorainneacha a chur le feidhmiú na gceart sin, ar choinníoll go bhforáiltear do na teorainneacha sin le dlí, go n-urramaítear bunábhar na gceart sin leo agus, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, go bhfuil gá leo agus go gcomhlíontar cuspóirí leasa ghinearálta arna n-aithint ag an Aontas a bheag nó a mhór leo nó an gá atá le cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint. Dá réir sin, ní mór aird a thabhairt chomh maith ar thábhacht na gceart a chumhdaítear in Airteagail 3, 4, 6 agus 7 den Chairt agus ar an tábhacht a bhaineann leis an gcuspóir an tslándáil náisiúnta a chosaint agus an cuspóir coireacht thromchúiseach a chomhrac trí chur le cosaint ceart agus saoirsí daoine eile, agus Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 i bhfianaise na Cairte á léirmhíniú (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 48 agus an cásdlí a luaitear).

64

Dá bhrí sin, i dtaobh cionta coiriúla a chosc agus a chomhrac, arb iad go háirithe mionaoisigh agus daoine leochaileacha íospartaigh na gcionta sin, ní mór a chur san áireamh go bhféadadh oibleagáidí dearfacha a bheith ag na húdaráis phoiblí de thoradh Airteagal 7 den Chairt, ar mhaithe le bearta dlíthiúla a ghlacadh arb é is cuspóir dóibh an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a chosaint. D’fhéadfadh oibleagáidí den sórt sin teacht as Airteagal 7 maidir le cosaint an bhaile agus cosaint cumarsáide, agus as Airteagail 3 agus 4 maidir le hiomláine coirp agus mheabhrach an duine a chosaint agus as an toirmeasc ar chéastóireacht agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 49 agus an cásdlí a luaitear).

65

I bhfianaise na n-oibleagáidí dearfacha éagsúla sin, ní mór comhréiteach a fháil idir na leasanna agus na cearta dlisteanacha éagsúla i gceist agus creat dlíthiúil a thabhairt isteach lena bhféadfar comhréiteach a fháil (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258 mír 50 agus an cásdlí a luaitear).

66

Sa chomhthéacs sin, is léir ó fhoclaíocht na chéad abairte d’Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, go bhféadfadh na Ballstáit beart a ghlacadh lena maolaítear ó phrionsabal na rúndachta dá dtagraítear i mír 52 den bhreithiúnas seo “i gcás gur beart riachtanach, iomchuí agus comhréireach é, i sochaí dhaonlathach”, ar beart den sórt sin é gur cheart a bheith comhréireach “go docht” leis an aidhm a dtugtar fúithi, mar a thugtar le fios in aithris 11 den Treoir [Aistriúcháin neamhoifigiúla]

67

I ndáil leis sin, ní mór a choinneáil i gcuimhne gur gá, de réir chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, chun an ceart bunúsach chun príobháideachais a chosaint, nach mbeadh feidhm ag maoluithe nó teorainneacha ar chosaint sonraí pearsanta ná ag teorainneacha ach a mhéid a bhfuil dianghá leo. Ina theannta sin, ní féidir cuspóir leasa ghinearálta a shaothrú gan an gá le comhréiteach a fháil idir é sin agus cearta bunúsacha is ábhar don bheart a chur san áireamh, trí chothromaíocht a bhaint amach idir an cuspóir leasa ghinearálta de pháirt agus na cearta atá i gceist den pháirt eile (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 52 agus an cásdlí a luaitear).

68

Go sonrach, tugtar le tuiscint ó chásdlí na Cúirte Breithiúnais nach mór measúnú a dhéanamh ar an gcumhacht atá ag na Ballstáit údar a thabhairt le teorainn ar na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear, go háirithe, in Airteagail 5, 6 agus 9 de Threoir 2002/58 trí thromchúis chur isteach na teorann sin a mheas agus trína fhíorú an bhfuil tábhacht chuspóir an leasa phoiblí a shaothraítear leis an teorainn sin i gcomhréir leis an tromchúis sin (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 53 agus an cásdlí a luaitear).

69

Ar mhaithe le ceanglas na comhréireachta a chomhlíonadh, ní mór rialacha soiléire mionsonraithe a fhoráil leis an reachtaíocht náisiúnta lena rialófar raon feidhme agus cur i bhfeidhm an bhirt atá i gceist agus lena bhforchuirfear íoscheanglais, ionas go mbeadh cosaintí leordhóthanacha ag na daoine lena mbaineann na sonraí pearsanta chun na sonraí sin a chosaint go héifeachtúil ar an mbaol go mbainfí mí-úsáid astu. Ní mór don reachtaíocht sin a bheith ceangailteach de réir dlí intíre agus, go háirithe, é a thabhairt le fios na himthosca agus na coinníollacha faoina bhféadfar beart a dhéanamh lena bhforáiltear do phróiseáil sonraí den sórt sin agus, mar sin, lena ráthaítear nach bhfuil ach dianghá leis an gcur isteach. Is mó an gá atá ag cosaint den sórt sin fós i gcás ina ndéantar próiseáil uathoibrithe ar shonraí pearsanta, go háirithe i gcás ina bhfuil baol suntasach ann go mbeadh rochtain neamhdhleathach ar na sonraí sin. Tá feidhm ag na cúinsí sin go háirithe i gcás ina bhfuil cosaint na sonraí íogaire i gceist, ar catagóir speisialta sonraí pearsanta í sin (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 54 agus an cásdlí a luaitear).

70

Dá bhrí sin, ní mór don reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do choinneáil sonraí pearsanta critéir oibiachtúla a chomhlíonadh i gcónaí agus ceangal a bhunú idir na sonraí le coinneáil agus an cuspóir saothraithe (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 55 agus an cásdlí a luaitear).

71

Le haghaidh na gcuspóirí leasa ghinearálta lena bhféadfaí údar a thabhairt le beart arna dhéanamh faoi Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, is léir ó chásdlí na Cúirte Breithiúnais, agus go háirithe breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791), i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, gurb ann do chliarlathas idir na cuspóirí seo de réir a dtábhachta faoi seach agus tábhacht an chuspóra a shaothraítear le beart den sórt sin i gcomhréir leis an tromchúis ar de thoradh an chur isteach í (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 56).

72

Dá bhíthin sin, chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach gcuirtear toirmeasc le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58, léite i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) den Chairt, ar bhearta reachtacha lena gceadaítear, chun an tslándáil náisiúnta a choimirciú, dul i muinín teagasc ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí chun sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach, i gcásanna: i) ina bhfuil bagairt thromchúiseach ar an tslándáil náisiúnta roimh an mBallstát lena mbaineann atá iarbhír faoi láthair nó is féidir a thuar; ii) ina bhfuil an cinneadh lena bhforchuirtear teagasc den sórt sin faoi réir grinnscrúdú éifeachtach ag cúirt nó ag eintiteas neamhspleách riaracháin a bhfuil a chinneadh ceangailteach; iii) gur cuspóir don ghrinnscrúdú sin a fhíorú an ann do cheann de na cásanna sin agus an gcomhlíontar na coinníollacha agus na cosaintí nach mór a fhoráil; agus iv) nach n-eisítear an teagasc seo ach ar feadh tréimhse ama atá teoranta go téarma a bhfuil dianghá leis, ach atá in-athnuaite má leanann an bhagairt sin ar aghaidh (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 58 agus an cásdlí a luaitear).

73

Maidir leis an gcuspóir cionta tromchúiseacha a chosc, a bhrath, a imscrúdú, agus a ionchúiseamh, luaigh an Chúirt Bhreithiúnais, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, nach bhféadfaí an oiread sin údar a thabhairt le cur isteach tromchúiseach ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt ach amháin chun coireacht thromchúiseach a chomhrac agus chun bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc, amhail iad atá i gceist le sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí údar a thabhairt le cur isteach ar na cearta bunúsacha gan tromchúis ag gabháil leo ach leis an gcuspóir cionta coiriúla tromchúiseacha a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh go ginearálta amháin (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 59 agus an cásdlí a luaitear).

74

Ó thaobh an chuspóra coireacht thromchúiseach a chomhrac, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais go sáraíonn reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, chuige sin, do choinneáil na sonraí tráchta agus na sonraí suímh go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach teorainneacha an dianghá agus nach bhféadfaí a mheas go bhfuil údar leo i sochaí dhaonlathach. Go deimhin, i bhfianaise íogaireacht na faisnéise a d’fhéadfaí a sholáthar le sonraí tráchta agus sonraí suímh, tá rúndacht na sonraí sin fíor-riachtanach don cheart chun príobháideachais. Dá bhrí sin, i bhfianaise na n-éifeachtaí díspreagthach ar úsáid na gceart bunúsach a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 11 den Chairt de pháirt, dá dtagraítear i mír 62 den bhreithiúnas seo, a d’fhéadfadh coinneáil na sonraí seo a bheith i gceist leo, agus tromchúis an chuir isteach i gceist le coinneáil den sórt sin den pháirt eile, tá sá tábhachtach gurb eisceacht seachas riail í an choinneáil seo i sochaí dhaonlathach mar a fhoráiltear sa chóras arna bhunú le Treoir 2002/58, agus nach bhféadfaí na sonraí seo a bheith faoi réir coinneáil atá córasach agus leanúnach. Tá feidhm ag an tátal seo fiú maidir leis na cuspóirí coireacht thromchúiseach a chomhrac agus bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc agus an tábhacht nach mór a cheangal leo (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258 mír 65 agus an cásdlí a luaitear).

75

Os a choinne sin, shoiléirigh an Chúirt nach gcuirtear toirmeasc le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58, léite i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) den Chairt, ar bhearta reachtacha lena bhforáiltear, chun coireacht thromchúiseach a chomhrac agus chun bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc,

do choinneáil sonraí tráchta agus sonraí suímh ar bhonn spriocdhírithe, ar bhonn gnéithe oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha, de réir chatagóirí na n-ábhar sonraí nó trí bhíthin critéir gheografacha, ar feadh tréimhse ama atá teoranta go téarma a bhfuil dianghá leis ach atá inathnuaite;

do choinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach seoltaí IP atá curtha i leith foinse cheangail ar feadh tréimhse ama atá teoranta go téarma a bhfuil dianghá leis;

do choinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach sonraí a bhaineann le stádas sibhialta úsáideoirí na modhanna cumarsáide leictreonaí, agus

do dhul i muinín teagasc ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí tabhairt faoi, go ceann tréimhse ar leith, caomhnú brostaithe (quick freeze) ar na sonraí tráchta agus na sonraí suímh atá ag na soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí seo, trí bhíthin cinneadh ón údarás inniúil atá faoi réir grinnscrúdaithe breithiúnach éifeachtach,

ós rud é go n‑áirítear, le rialacha soiléire mionsonraithe, go gcoinneofar na sonraí atá i gceist i gcomhréir leis na coinníollacha substainteacha agus nós imeachta lena mbaineann agus go mbeidh cosaintí leordhóthanacha ag na hábhair sonraí i gcoinne an bhaoil go mbainfí mí-úsáid astu (breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791, mír 168, agus an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 67).

Beart lena bhforáiltear d’fhormhór na sonraí tráchta agus na sonraí suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ar feadh roinnt seachtainí

76

Is i bhfianaise na mbreithnithe prionsabail sin nach mór scrúdú a dhéanamh ar shaintréithe na reachtaíochta náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, arna léiriú ag an gcúirt a rinne an tarchur.

77

Ar an gcéad dul síos, maidir le raon feidhme na sonraí a choinnítear, is léir ón ordú tagartha, i gcomhthéacs seirbhísí teileafóin a sholáthar, go mbaineann an oibleagáid choinneála a leagtar síos leis an reachtaíocht sin, inter alia, leis na sonraí is gá chun foinse cumarsáide agus a ceann scríbe a shainaithint, dáta agus am thús agus dheireadh na cumarsáide nó — i gcás cumarsáide trí theachtaireacht SMS, ilmheáin nó teachtaireacht chomhchosúil — an t-am a seoladh agus a fuarthas an teachtaireacht agus, i gcás úsáid shoghluaiste, ainmniú na gceall a úsáideann an glaoiteoir agus an té ar a nglaoitear ag tús na cumarsáide. I gcomhthéacs seirbhísí rochtana ar an idirlíon a sholáthar, baineann an oibleagáid choinneála, inter alia, leis an seoladh IP a shanntar ar an síntiúsóir, le dáta agus am thús agus dheireadh na húsáide idirlín ón seoladh IP atá sannta agus, i gcás úsáid shoghluaiste, le hainmniú na gceall a úsáidtear ag tús an naisc idirlín. Coinneofar freisin sonraí lenar féidir an suíomh geografach agus treonna radaíochta uasta na n-aeróg a fhónann don chill lena mbaineann a choinneáil.

78

Cé go n-eisiatar ón oibleagáid choinneála, leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, ábhar na cumarsáide agus na sonraí a bhaineann leis na suíomhanna gréasáin agus nach gceanglaítear léi go gcoinneofaí an t-aitheantas cille ach amháin ag tús na cumarsáide, ba cheart a thabhairt faoi deara go raibh an méid céanna fíor, go bunúsach, maidir leis an reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2006/24 a bhí i gceist sna cásanna is cúis le breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791). In ainneoin na teorann sin, chinn an Chúirt sa bhreithiúnas sin go raibh catagóirí na sonraí a coinníodh faoin Treoir sin agus faoin reachtaíocht náisiúnta sin de chineál go bhféadfaí a bheith in ann teacht ar tátal an-mhionsonraithe astu maidir le saol príobháideach na ndaoine lena mbaineann, amhail a nósanna laethúla, a n‑áiteanna cónaithe buana nó sealadacha, a gcuid imeachtaí laethúla nó imeachtaí eile, na gníomhartha a dhéanann siad, a gcaidreamh sóisialta agus na timpeallachtaí sóisialta ina mbíonn siad agus, go háirithe, a bheith in ann bealaí a chur ar fáil chun próifíl na ndaoine sin a chur le chéile.

79

Tá sé tábhachtach a chur i dtreis freisin, cé nach gcumhdaítear na sonraí a bhaineann leis na suíomhanna gréasáin a bhfuarthas rochtain orthu sa reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, mar sin féin, déantar foráil inti do choinneáil sheoltaí IP. Ós rud é gur féidir na seoltaí sin a úsáid chun, inter alia, rianú iomlán a dhéanamh ar shruth nascleanúna an úsáideora idirlín agus, dá bhrí sin, ar a ghníomhaíocht ar líne, táthar in ann, leis na sonraí sin, próifíl mhionsonraithe an úsáideora idirlín sin a chur le chéile. Dá bhrí sin, cuireann coinneáil agus anailís na seoltaí IP sin a éilítear leis an rianú sin isteach go mór ar chearta bunúsacha an úsáideora idirlín a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791, mír 153).

80

Ina theannta sin, agus de réir mar a luaigh Spacenet ina chuid barúlacha i scríbhinn, ní hionann na sonraí a bhaineann le seirbhísí ríomhphoist, cé nach bhfuil siad cumhdaithe ag an oibleagáid choinneála a leagtar síos leis an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, ach cuid an-bheag de na sonraí atá i gceist.

81

Dá bhrí sin, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta, go bunúsach, i bpointe 60 dá Thuairim, baineann an oibleagáid choinneála atá leagtha síos leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí le sraith an-leathan sonraí tráchta agus suímh, arb ionann é, ó thaobh substainte de, agus iadsan is cúis leis an gcásdlí comhsheasmhach dá dtagraítear i mír 78 den bhreithiúnas seo.

82

Ina theannta sin, mar fhreagra ar cheist a cuireadh ag an éisteacht, dúirt Rialtas na Gearmáine nár cuireadh ach 1300 eintiteas ar liosta na ndaoine, na n-údarás nó na n-eagraíochtaí de chineál sóisialta nó reiligiúnach nach gcoinnítear a sonraí cumarsáide leictreonaí de bhun Airteagal 99(2) agus Airteagal 113b (6) de TKG, a léiríonn go soiléir cuid bheag d'úsáideoirí uile na seirbhísí teileachumarsáide sa Ghearmáin a dtagann a gcuid sonraí faoin oibleagáid choinneála a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí. Dá bhrí sin, coinnítear sonraí úsáideoirí atá faoi réir rúndachta gairmiúla, amhail dlíodóirí, dochtúirí agus iriseoirí.

83

Dá bhrí sin, is léir ón iarraidh ar réamhrialú go mbaineann an choinneáil de shonraí tráchta agus suímh dá bhforáiltear leis an reachtaíocht náisiúnta sin le beagnach gach duine atá sa daonra gan iad a bheith, fiú go hindíreach, i staid a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le himeachtaí coiriúla. Ar an gcaoi chéanna, forchuirtear léi go gcoinneofaí, gan chúis, go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ó thaobh pearsana, ama agus geografaíochta de, formhór na sonraí tráchta agus suímh, ar sonraí iad a bhfreagraíonn a raon feidhme, go bunúsach, do raon feidhme na sonraí a choinnítear sna cásanna as ar eascair an cásdlí dá dtagraítear i mír 78 den bhreithiúnas seo.

84

Dá bhrí sin, i bhfianaise an chásdlí a luaitear i mír 75 thuas, ní féidir oibleagáid chun sonraí a choinneáil amhail an oibleagáid atá i gceist sna príomhimeachtaí a mheas mar choinneáil sonraí ar bhonn spriocdhírithe, i gcontrárthacht leis an méid atá á mhaíomh ag Rialtas na Gearmáine.

85

Sa dara háit, maidir leis an tréimhse choinneála, leanann sé ón dara habairt d’Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 go bhfuil an tréimhse choinneála dá bhforáiltear le beart náisiúnta lena bhforchuirtear oibleagáid choinneála ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach, ina gné ábhartha, i measc tosca eile, d'fhonn a chinneadh an gcoisctear beart den sórt sin le dlí an Aontais, ós rud é go gceanglaítear leis an abairt sin go ndéanfaí an tréimhse sin a “theorannú”.

86

Sa chás seo, is fíor go bhfuil na tréimhsí sin, arb ionann iad, de réir Airteagal 113b(1) de TKG, agus ceithre seachtaine i gcás sonraí suímh agus deich seachtaine i gcás sonraí eile, i bhfad níos giorra ná na tréimhsí dá bhforáiltear le reachtaíocht náisiúnta lena bhforchuirtear oibleagáid choinneála ghinearálta neamh-idirdhealaitheach a scrúdaigh an Chúirt i mbreithiúnais an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile (C-203/15 agus C-698/15, EU:C:2016:970); an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791); agus an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (C-140/20, EU:C:2022:258).

87

Mar sin féin, mar is léir ón gcásdlí a luaitear i mír 61 den bhreithiúnas seo, eascraíonn tromchúis an chur isteach as an riosca, go háirithe i bhfianaise a lín agus a n-ilghnéitheachta, go mbeifí in ann, leis na sonraí a coinníodh, ag féachaint dóibh ina n-iomláine teacht ar tátail mhionsonraithe maidir le saol príobháideach an duine nó na ndaoine ar coinníodh a gcuid sonraí agus, go háirithe, bealach a sholáthar chun próifíl an duine nó na ndaoine lena mbaineann a chur le cheile, ar faisnéis í sin atá chomh híogair céanna le hábhair na gcumarsáidí i bhfianaise an chirt maidir le meas ar an saol príobháideach

88

Dá réir sin, tá coinneáil na sonraí tráchta nó suímh, a d’fhéadfadh faisnéis a sholáthar maidir leis an gcumarsáid a dhéanann úsáideoir modha leictreonaigh cumarsáide nó maidir le suíomh an trealaimh teirminéil a úsáideann sé, de chineál tromchúiseach in aon chás, beag beann ar fhad na tréimhse coinneála, ar chainníocht nó ar chineál na sonraí a choinnítear, i gcás inar dócha go bhféadfaí teacht ar tátail mhionsonraithe maidir le príobháideachas an duine nó na ndaoine lena mbaineann leis sonraí sin a choinnítear ina n-iomláine (féach, maidir le rochtain ar na sonraí, breithiúnas an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí maidir le cumarsáid leictreonach), C-746/18, EU:C:2021:152, mír 39).

89

I ndáil leis sin, fiú má choinnítear méid teoranta sonraí tráchta nó suímh nó má choinnítear sonraí den sórt sin thar thréimhse ghearr ama, féadfar faisnéis mhionsonraithe a sholáthar maidir le príobháideachas úsáideora modha leictreonaigh cumarsáide. Ina theannta sin, ní féidir measúnú a dhéanamh ar chainníocht na sonraí atá ar fáil ná ar an bhfaisnéis mhionsonraithe maidir le príobháideachas an duine lena mbaineann a eascraíonn astu ach amháin tar éis féachaint ar na sonraí sin. Tarlaíonn an cur isteach a eascraíonn as coinneáil na sonraí sin sular féidir féachaint ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis a eascraíonn astu. Dá bhrí sin, is gá go ndéanfaí measúnú ar thromchúis an chur isteach a dhéantar leis an gcoinneáil ar bhonn an riosca a ghabhann go ginearálta le catagóir na sonraí a choinnítear do shaol príobháideach na ndaoine lena mbaineann, gan é a bheith riachtanach, thairis sin, chun a fháil amach an bhfuil an fhaisnéis a bhaineann leis an bpríobháideachas de chineál íogair nó nach bhfuil (féach chuige sin, breithiúnas an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí maidir le cumarsáid leictreonach), C-746/18, EU:C:2021:152, mír 40).

90

Sa chás seo, mar is léir ó mhír 77 den bhreithiúnas seo agus mar a deimhníodh ag an éisteacht, maidir le sraith sonraí tráchta agus suímh a choinnítear ar feadh deich seachtaine agus ceithre seachtaine faoi seach, féadfar tátal an‑mhionsonraithe a bhaint astu maidir le saol príobháideach na ndaoine ar coinníodh a gcuid sonraí, amhail a nósanna laethúla, a n‑áiteanna cónaithe buana nó sealadacha, a gcuid imeachtaí laethúla nó eile, na gníomhartha a dhéanann siad, a gcaidreamh sóisialta agus na timpeallachtaí sóisialta ina mbíonn siad, agus, go háirithe, féadfar próifíl na ndaoine sin a chur le chéile.

91

Sa tríú háit, maidir leis na cosaintí dá bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, arb é is aidhm dóibh na sonraí a choinnítear a chosaint ar bhaol mí-úsáide agus ar aon rochtain neamhdhleathach, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil coinneáil na sonraí sin agus an rochtain orthu, mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 60 den bhreithiúnas seo, éagsúil óna chéile mar chineáil chur isteach ar na cearta bunúsacha a ráthaítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 11 den Chairt, lena n-éilítear údar ar leith, faoi Airteagal 52(1) den Chairt. Tugtar le tuiscint uaidh sin nach bhféadfaí le reachtaíocht náisiúnta inti féin, ina ndearbhaítear lán-urraim na gcoinníollacha de thoradh an chásdlí lena ndearnadh Treoir 2002/58 a léirmhíniú i dtaobh rochtain ar na sonraí a choinnítear, teorainn nó leigheas a chur le cur isteach tromchúiseach ar na cearta arna ráthú in Airteagail 5 agus 6 den Treoir sin agus ag na cearta bunúsacha atá ionchorpraithe sna hAirteagail sin a leanfadh as coinneáil ghinearálta na sonraí dá bhforáiltear iontu (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 47).

92

Sa cheathrú háit agus san áit dheireanach, maidir le hargóint an Choimisiúin go bhféadfaí déileáil le coireacht an-tromchúiseach ar an gcaoi chéanna le bagairt don tslándáil náisiúnta, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais cheana féin gurb ionann an cuspóir maidir leis an tslándáil náisiúnta a chaomhnú agus an leas sáraitheach dualgais maidir le leasanna bunúsacha na sochaí a chosaint, trí ghníomhaíochtaí a d'fhéadfadh bunstruchtúir pholaitiúla, bhunreachtúla, eacnamaíocha nó shóisialta tíre a dhíchobhsú go tromchúiseach agus go háirithe, a d'fhéadfadh a bheith ina mbagairt dhíreach ar an tsochaí, ar an daonra nó ar an Stát go díreach, amhail, inter alia, gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 61 agus an cásdlí a luaitear).

93

Murab ionann agus an choireacht, fiú má tá sí thar a bheith tromchúiseach, go gcaithfeadh bagairt ar an tslándáil náisiúnta a bheith iarbhír faoi láthair nó, ar a laghad, a bheith amhail go bhféadfaí í a thuar, tromchúis de chineál a thabharfadh le tuiscint go bhfuil imthosca nithiúla ann go leordhóthanach chun údar a thabhairt le beart lena gcoinnítear sonraí tráchta agus sonraí suímh go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ar feadh tréimhse theoranta. Is inaitheanta í bagairt den sórt sin ón mbaol ginearálta agus buan go dtarlóidh teannas nó go gcuirfí isteach, fiú go tromchúiseach, ar an tslándáil phoiblí nó go ndéanfaí cionta coiriúla tromchúiseacha de bharr a cineáil, a tromchúise agus shainiúlacht a himthosca (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 62 agus cásdlí a luaitear).

94

Dá bhrí sin, ní fhéadfaí caitheamh mar bhagairt ar an tslándáil náisiúnta le coireacht, fiú coireacht atá thar a bheith tromchúiseach. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí caitheamh mar bhagairt ar an tslándáil náisiúnta le coireacht, fiú coireacht atá thar a bheith tromchúiseach. Dá gcaithfí léi mar sin, d’fhéadfaí meánchatagóir a thabhairt isteach idir an tslándáil náisiúnta agus an tslándáil phoiblí, chun ceanglais na slándála náisiúnta a chur i bhfeidhm maidir leis an tslándáil phoiblí (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 63).

Bearta lena bhforáiltear do choinneáil spriocdhírithe, do chaomhnú tapa nó do chaomhnú seoltaí IP

95

Tá sé curtha in iúl ag roinnt rialtas, lena n-áirítear Rialtas na Fraince, nach féidir na cuspóirí arna saothrú leis na bearta coinneála a bhaint amach go héifeachtach ach le coinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach, cé gur áitigh Rialtas na Gearmáine, go bunúsach, nach bhfuil an chonclúid sin á bréagnú leis an gcúinse go bhféadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as na bearta coinneála spriocdhírithe agus tapa dá dtagraítear i mír 75 den bhreithiúnas seo.

96

I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, is fíor nach ar ionstraim imscrúdaitheach amháin a bhraitheann éifeachtúlacht imeachtaí coiriúla go ginearálta ach ar na hionstraimí imscrúdaitheacha go léir atá ag na húdaráis náisiúnta inniúla chun na gcríoch sin (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 69).

97

Ar an dara dul síos, ceadaítear le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58, léite i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) den Chairt, mar a léirmhínítear leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 75 den bhreithiúnas seo, do na Ballstáit bearta a ghlacadh, chun coireacht thromchúiseach a chomhrac agus bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc, ní hamháin bearta faoina ndéantar coinneáil ar bhonn spriocdhírithe agus caomhnú brostaithe, ach bearta lena bhforáiltear do choinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach sonraí úsáideoirí na modhanna cumarsáide leictreonaí de pháirt, agus seoltaí IP atá curtha i leith foinse cheangail den pháirt eile, chomh maith (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 70).

98

I ndáil leis sin, tá comhthuiscint ann go bhféadfadh coinneáil sonraí úsáideoirí na modhanna cumarsáide leictreonaí cur leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí, a mhéid a chuirtear, leis na sonraí sin, ar chumas na ndaoine a d’úsáid na modhanna sin a shainaithint i gcomhthéacs gníomh a bhaineann le coireacht thromchúiseach a ullmhú nó a dhéanamh (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 71).

99

Ach ní chuirtear toirmeasc le Treoir 2002/58, chun coireacht a chomhrac go ginearálta, ar choinneáil ghinearálta na sonraí stádas sibhialta. Sna himthosca sin, ní mór a shonrú nach gcuireann an Treoir sin ná aon ghníomh eile de dhlí an Aontais toirmeasc ar reachtaíocht náisiúnta, arb é is cuspóir di coireacht thromchúiseach a chomhrac, faoina bhfuil fáil modhanna cumarsáide leictreonaí, amhail cárta SIM réamhíoctha, faoi réir fíorú doiciméad oifigiúil lena bhfionntar stádas an cheannaitheora agus na faisnéise a thagann as a chlárú ag an díoltóir, lena gceanglaítear ar an díoltóir, de réir mar a bheadh, rochtain ar an bhfaisnéis sin a thabhairt do na húdaráis inniúla náisiúnta (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 72).

100

Thairis sin, ní mór a mheabhrú gurb ionann stóráil ghinearálaithe sheoltaí IP fhoinse an naisc agus cur isteach tromchúiseach ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 den Chairt, ós rud é go bhféadfaidh na seoltaí IP sin teacht ar tátail mhionsonraithe maidir le saol príobháideach úsáideoir na modhanna leictreonacha cumarsáide lena mbaineann agus go bhféadfadh éifeachtaí díspreagthacha a bheith acu ar fheidhmiú na saoirse chun tuairimí a nochtadh a ráthaítear in Airteagal 11 den Chairt. Maidir le coinneáil den sórt sin, áfach, chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach mór, chun críocha an chomhréitigh is gá idir na cearta agus na leasanna dlisteanacha atá i gceist mar a cheanglaítear leis an gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 65 go 68 den bhreithiúnas seo, é a chur san áireamh, i gcás cion coiriúil a dhéantar ar líne agus, go háirithe sa chás ina ndéantar pornagrafaíocht leanaí a fháil, a scaipeadh, a tharchur nó a chur ar fáil ar líne, de réir bhrí Airteagal 2(c) de Threoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO 2011 L 335, lch. 1, agus ceartúchán IO 2012, L 18lch. 7), go bhféadfadh sé gurb é an seoladh IP an t-aon bheart imscrúdaitheacha lena gcuirtear ar chumas an duine a bhfuil an seoladh seo curtha ina leith nuair a dhéantar an cion seo a aithint (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 73).

101

Sna himthosca sin, cé gur fíor go ndíreoidh beart reachtach lena bhforáiltear do choinneáil seoltaí IP gach duine nádúrtha ar leis trealamh teirminéil ónar féidir rochtain idirlín a fháil, ar dhaoine nach bhfuil aon nasc acu, prima facie, de réir bhrí an chásdlí a luaitear i mír 70 thuas, leis na cuspóirí atá á saothrú agus go bhfuil sé de cheart ag úsáideoirí idirlín, i gcomhréir leis na torthaí i mír 54 den bhreithiúnas seo, a bheith ag súil leis, faoi Airteagal 7 agus Airteagal 8 den Chairt, nach nochtfar, i bprionsabal, a gcéannacht, is cosúil nach bhfuil beart reachtach lena bhforáiltear do choinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach na seoltaí IP a shanntar ar fhoinse naisc, i bprionsabal, contrártha le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 11 agus Airteagal 52(1) den Chairt, ar choinníoll go bhfuil an fhéidearthacht sin faoi réir chomhlíonadh dian na gcoinníollacha substainteacha agus nós imeachta nach mór úsáid na sonraí sin a rialú leo (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791, mír 155).

102

I bhfianaise a thromchúisí a bhfuil an cur isteach atá i gceist leis an gcoinneáil sin ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 den Chairt, ní féidir údar a thabhairt leis an gcur isteach sin ach amháin le gníomhaíocht chun coireacht thromchúiseach a chomhrac, bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc agus an tslándáil náisiúnta a choimirciú. Thairis sin, níor cheart go rachadh an tréimhse choinneála thar a bhfuil riachtanach i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú. Ar deireadh, ní mór do bheart den chineál sin coinníollacha agus ráthaíochtaí dochta a leagan síos maidir le saothrú na sonraí sin, go háirithe trí rianú, maidir le cumarsáid agus gníomhaíochtaí arna ndéanamh ar líne ag na daoine lena mbaineann (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791, mír 156).

103

Dá bhrí sin, murab ionann agus an méid a luaigh an chúirt a rinne an tarchur, níl aon easaontas idir míreanna 155 agus 168 de bhreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791). Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 81 agus i mír 82 dá Thuairim, gur léir ó phointe 155, arna léamh in gcomhar le mír 156 agus le mír 168 den bhreithiúnas sin, nach bhfuil ach an comhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí agus an cosc ar bhagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí in ann, amhail coimirciú na slándála náisiúnta, údar cuí a thabhairt do choinneáil ghinearálta seoltaí IP arna sannadh ar fhoinse naisc, beag beann ar cibé an bhféadfadh nó nach bhféadfadh na daoine lena mbaineann nasc a léiriú, ar a laghad go hindíreach, leis na cuspóirí atá á saothrú.

104

Ar an tríú dul síos, ó thaobh na mbeart reachtach lena bhforáiltear do choinneáil thapa na sonraí tráchta agus na sonraí suímh ar bhonn spriocdhírithe, tugtar le fios, le roinnt cúinsí arna léiriú ag Ballstáit in aghaidh leithéide de bhearta, go bhfuil tuiscint níos cúinge ar raon feidhme na mbeart sin ná mar a thugtar le fios leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 75 den bhreithiúnas seo. Cé, i gcomhréir leis an méid a cuireadh i gcuimhne i mír 57 den bhreithiúnas seo, nach mór cineál maolaithe a bheith ag na bearta coinneála atá mar chuid den chóras arna bhunú le Treoir 2002/58, ní fhágann an Treoir sin, léite i bhfianaise na gceart bunúsach a chumhdaítear in Airteagal 7, in Airteagal 8 agus in Airteagal 11 agus in Airteagal 52(1) den Chairt, go ndéanfaí an fhéidearthacht chun ordú a eisiúint, lena bhforchuirtear coinneáil ar bhonn spriocdhírithe, a chur faoi réir an choinníll go mbeadh na háiteanna ar dócha go mbeadh siad ina láthair coire tromchúisí nó na daoine a bhfuil drochamhras go mbeadh baint acu le gníomh den sórt sin ar eolas roimh ré. A dhála sin, ní cheanglaítear leis an Treoir sin nach mbeadh baint ag ordú lena n-éilítear caomhnú brostaithe ach leo siúd ar a bhfuiltear i ndrochamhras mar a shainaithnítear iad roimh ordú den sórt sin amháin (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 75).

105

Maidir le coinneáil ar bhonn spriocdhírithe ar an gcéad dul síos, chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach gcuirtear toirmeasc le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58 ar reachtaíocht náisiúnta atá bunaithe ar ghnéithe oibiachtúla lena gceadaítear go bhféadfaí díriú ar dhaoine ar dócha go nochtfar, de dheasca a sonraí tráchta agus sonraí suímh, nasc, ar a laghad indíreach, le gníomhartha coireachta tromchúisí, chun cur leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí nó chun baol tromchúiseach don tslándáil phoiblí nó don tslándáil náisiúnta a chosc (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 76 agus an cásdlí dá dtagraítear).

106

Shonraigh an Chúirt Bhreithiúnais, chuige sin, sa chás ina bhféadfadh malairt gnéithe oibiachtúla a bheith ann de réir na mbeart arna nglacadh chun coireacht tromchúisí a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, gur féidir díriú ar na daoine a aithníodh roimh ré mar bhagairt ar shlándáil phoiblí agus slándáil náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, mar chuid d’fhorálacha náisiúnta infheidhme agus ar bhonn gnéithe oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 77).

107

Dá réir sin, tá sé de chumhacht ag na Ballstáit, inter alia, bearta coinneála a ghlacadh a bhaineann le daoine atá, mar gheall ar an tsainaithint sin, faoi réir imscrúdaithe nó faoi réir beart faireachais reatha eile nó faoi réir iontráil sa taifead coiriúil náisiúnta ina luaitear gur ciontaíodh i gcoireanna tromchúiseanna roimhe seo é lena bhféadfaí tabhairt le tuiscint go bhfuil baol mór ann go ndéanfaidh siad cion eile. I gcás ina bhfuil sainaithint den sórt sin bunaithe ar ghnéithe oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha, arna sainiú leis an dlí náisiúnta, tá údar le coinneáil ar bhonn spriocdhírithe ar dhaoine a shainaithnítear mar sin (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 78).

108

Den pháirt eile, féadfar beart maidir le sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil ar bhonn spriocdhírithe, ar rogha an reachtais náisiúnta agus i gcomhréir go docht le prionsabal na comhréireachta, a bhunú chomh maith mar chritéar geografach i gcás ina measfadh na húdaráis inniúla náisiúnta, ar bhonn gnéithe oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha, gurb ann, i limistéar geografach amháin nó níos mó, do staid lena mbaineann baol níos mó go n-ullmhófaí nó go ndéanfaí gníomh coireachta tromchúisí. D’fhéadfadh na limistéir seo a bheith, inter alia, ina n-áiteanna a bhfuil líon níos mó gníomhartha coireachta tromchúisí de thréith acu, ceantair atá thíos go mór mór le gníomhartha coireachta tromchúisí, amhail ceantair nó bonneagar ina mbíonn ardlíon daoine go minic nó a mbaineann siad úsáid mhinic astu nó fiú áiteanna straitéiseacha, amhail aerfoirt, stáisiúin, calafoirt nó limistéir dola (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 79 agus an cásdlí dá dtagraítear).

109

Ní mór a chur i dtreis, de réir an chásdlí sin, go bhféadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta, i ndáil leis na limistéir dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, beart coinnithe ar bhonn spriocdhírithe atá bunaithe ar chritéar geografach, amhail, go háirithe, meánráta na coireachta i limistéar geografach, gan ghá go mbeadh fianaise nithiúil acu maidir le coireacht thromchúiseach a ullmhú nó a dhéanamh sna limistéir lena mbaineann. A mhéid is dócha go ndéanfadh coinneáil ar bhonn spriocdhírithe atá bunaithe ar chritéar den sórt sin difear, de réir na gcionta coiriúla tromchúiseacha lena mbaineann agus staid na mBallstát faoi seach féin, d’áiteanna a bhfuil ardlíon gníomhartha coireachta tromchúisí mar thréith acu agus d’áiteanna atá thíos go háirithe lé gníomhartha den sórt sin araon, ní féidir, mar riail, idirdhealú a chruthú, ós rud é nach bhfuil baint ann féin ag an gcritéar a bhaineann le meánráta na coireachta tromchúisí le gnéithe a d’fhéadfadh a bheith idirdhealaitheach (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 80).

110

Ina theannta sin agus thar aon ní eile, cuirtear na húdaráis inniúla ar chumas sonraí tráchta agus, go háirithe, sonraí suímh gach duine a bhfuil modh cumarsáide leictreonaí á n-úsáid aige ag uair áirithe i gceann de na háiteanna sin, le beart coinnithe ar bhonn spriocdhírithe áiteanna nó bonneagair ina mbíonn ardlíon daoine go minic nó a mbaineann siad úsáid mhinic astu nó áiteanna straitéiseacha, amhail aerfoirt, stáisiúin, calafoirt nó limistéir dola. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh beart den sórt sin atá spriocdhírithe ar na húdaráis sin a chur ar chumas faisnéis a fháil, trí bhíthin rochtain ar na sonraí a choinnítear dá bhrí sin, faoi láithreacht na ndaoine sin sna háiteanna nó sna limistéir gheografacha dá dtagraítear leis an mbeart sin agus faoi imeachtaí na ndaoine sin eatarthu nó iontu agus tátail a bhaint, chun coireacht thromchúiseach a chomhrac, maidir lena láithreacht agus lena ngníomhaíocht sna háiteanna sin nó sna limistéir gheografacha sin ag uair áirithe le linn na tréimhse coinneála (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 81).

111

Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go bhféadfar agus, i gcás inarb iomchuí, nach mór na limistéir gheografacha a chumhdaítear le caomhnú spriocdhírithe den sórt sin a leasú i bhfianaise athruithe sna coinníollacha a thug údar lena roghnú, agus ar an gcaoi sin go bhféadfar, inter alia, freagairt d’fhorbairtí sa chomhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí. Chinn an Chúirt Bhreithiúnais cheana féin nach féidir le fad na mbeart coinnithe ar bhonn spriocdhírithe, ar a ndéantar tuairisc i míreanna 105 go 110 den bhreithiúnas seo, a bheith níos faide ná an tréimhse a bhfuil dianghá léi i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú agus na n-imthosca lena dtugtar údar, gan dochar dó go bhféadfadh é a athnuachan as siocair an ghá leanúnaigh le coinneáil den sórt sin (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791, mír 151, agus breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 82).

112

Maidir le critéir ar leith seachas an critéar pearsanta nó geografach chun coinneáil na sonraí tráchta nó na sonraí suímh ar bhonn spriocdhírithe a chur chun feidhme a d’fhéadfaí a fhoráil, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfar critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha eile a chur sa mheá ar mhaithe lena áirithiú go bhfuil teorainn an raon feidhme coinneála ar bhonn spriocdhírithe teoranta do mhéid a bhfuil dianghá leis, agus ar mhaithe le nasc a fhionnadh, go hindíreach ar a laghad, idir an choireacht thromchúiseach agus ábhair na sonraí lena mbaineann. Dá ainneoin sin, ós bearta reachtacha na mBallstát a bheith i gceist le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58, is fúthu agus ní faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé critéir den sórt sin a aithint, ar chuntar nach féidir le coinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach na sonraí tráchta agus na sonraí suímh a thabhairt isteach in athuair trína bhíthin seo ar chor ar bith (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 83).

113

Ar aon chaoi, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 50 den Tuairim, toisc gurb ann do dheacrachtaí na cásanna agus na coinníollacha a shainiú go soiléir faoina bhféadfaí coinneáil ar bhonn spriocdhírithe a dhéanamh ní féidir údar a thabhairt lena fhoráil ag na Ballstáit, agus eisceacht de riail á déanamh acu, do choinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach na sonraí tráchta agus na sonraí suímh mar gheall orthu sin (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 84).

114

Ar an dara dul síos, maidir le caomhnú brostaithe sonraí tráchta agus sonraí suímh á bpróiseáil agus á stóráil ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar bhonn Airteagal 5, 6 agus 9 de Threoir 2002/58 nó bearta reachtacha arna nglacadh de bhun Airteagal 15(1) den Treoir sin, ba cheart a choinneáil i gcuimhne nach mór, mar riail, na sonraí sin a scriosadh nó a dhéanamh anaithnid, de réir mar a bheidh, ag deireadh na dtréimhsí reachtúla inar gá, i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta lena ndéantar an Treoir sin a thrasuí, iad a phróiseáil agus a stóráil. Mar sin féin, chinn an Chúirt Bhreithiúnais go bhféadfadh cásanna teacht chun cinn, le linn na próiseála agus na stórála sin, inar gá na sonraí sin a choinneáil i ndiaidh na dtréimhsí sin chun cionta coiriúla tromchúiseacha nó ionsaí ar an tslándáil náisiúnta a réiteach, sa chás ina bhfuil sé cruthaithe cheana féin go ndearnadh na cionta nó na hionsaithe sin agus faoina bhfuiltear i ndrochamhras réasúnta gurb ann dóibh, sna sála ar ghrinnscrúdú oibiachtúil a dhéanamh ar na himthosca ábhartha go léir (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 85).

115

Sna cásanna sin, tá sé incheadaithe ag na Ballstáit, i bhfianaise an chomhréitigh is gá idir na cearta agus na leasanna dlisteanacha atá i gceist dá dtagraítear i míreanna 65 go 68 den bhreithiúnas seo, an rogha achtú ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí a thabhairt faoi chaomhnú brostaithe na sonraí tráchta agus sonraí suímh atá acu, trí bhíthin cinneadh ón údarás inniúil atá faoi réir grinnscrúdú breithiúnach éifeachtach, a fhoráil le reachtaíocht arna glacadh de réir Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 (breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791, mír 163, agus an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 86).

116

Sa mhéid nach ionann cuspóir caomhnaithe brostaithe den sórt sin agus na cuspóirí lenar bailíodh agus lenar coinníodh na sonraí sin ar dtús a thuilleadh agus nach mór gach próiseáil na sonraí eile agus na cuspóirí socruithe a bheith ionann de réir Airteagal 8(2) den Chairt, ní mór do na Ballstáit an cuspóir lena bhféadfaí caomhnú brostaithe na sonraí a dhéanamh a shonrú ina reachtaíocht féin. Ag féachaint do thromchúis an chuir isteach ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagal 7 agus 8 den Chairt a d‘fhéadfadh a bheith i gceist le coinneáil den sórt sin, ní féidir údar a thabhairt leis an gcur isteach sin ach ar mhaithe leis an gcoireacht thromchúiseach a chomhrac agus, a fortiori, leis an tslándáil náisiúnta a choimirciú, ar an gcoinníoll go n-urramaítear teorainneacha an dianghá leis an mbeart sin agus le rochtain ar na sonraí mar sin, mar a leagtar amach i míreanna 164 go 167 de bhreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile. (C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791) (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 87).

117

Shonraigh an Chúirt Bhreithiúnais nach gcaithfear beart coinnithe den chineál sin a theorannú do shonraí a aithníodh roimh ré mar bhagairt ar an tslándáil phoiblí agus an tslándáil náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann nó do dhaoine faoina bhfuiltear i ndrochamhras nithiúil go bhfuil coireacht thromchúiseach nó ionsaí ar shlándáil náisiúnta déanta acu. Dar leis an gCúirt Bhreithiúnais, agus an creat a leagadh amach le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58, léite i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 11 agus Airteagal 52(1) den Chairt á urramú, agus na breithnithe a bhforáiltear dóibh i mír 70 thuas á gcur san áireamh, féadfar beart den sórt sin, ar rogha an reachtais náisiúnta, agus teorainneacha an dianghá á n-urramú, a leathnú go dtí sonraí tráchta agus sonraí suímh a bhaineann le daoine seachas iad siúd faoina bhfuil drochamhras go bhfuil cion coiriúil tromchúiseach nó ionsaí ar an tslándáil náisiúnta beartaithe acu, a mhéid go bhféadfaí cur le réiteach cion den sórt sin nó d’ionsaí ar an tslándáil náisiúnta, amhail sonraí íospartach an chiona agus a chomhluadar sóisialta nó proifisiúnta leis na sonraí sin, ar bhonn gnéithe oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791, mír 165, agus Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 88).

118

Dá réir sin, féadfar a údarú le beart reachtach go rachfar i muinín teagasc ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí tabhairt faoi chaomhnú brostaithe sonraí tráchta agus sonraí suímh na ndaoine, inter alia, lena raibh íospartach i dteagmháil trí bhíthin na modhanna cumarsáide leictreonaí sula raibh bagairt thromchúiseach ar an tslándáil phoiblí nó sula ndéanadh coireacht thromchúiseach (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 89).

119

Féadfar an caomhnú brostaithe sin, de réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais dá dtagraítear i mír 117 den bhreithiúnas seo agus faoi na coinníollacha céanna dá dtagraítear ann, a leathnú go limistéir gheografacha socruithe chomh maith, amhail na háiteanna ina ndéantar an cion nó an t-ionsaí ar an tslándáil náisiúnta i gceist. Ní foláir a shonrú go bhfuil sonraí tráchta agus sonraí suímh a bhaineann leis an áit ina bhfuil duine, a d’fhéadfadh a bheith ina íospartach coireachta tromchúisí, ar an gcoinníoll go n-urramaítear teorainneacha an dianghá leis an mbeart sin agus le rochtain ar na sonraí dá réir sin chun coireacht thromchúiseach a chomhrac agus chun an tslándáil náisiúnta a choimirciú mar a leagtar amach i míreanna 164 go 167 de bhreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791) (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 90).

120

Thairis sin, is den tábhacht é a shonrú nach gcuirtear toirmeasc le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58 ar na húdaráis náisiúnta inniúla beart caomhnaithe brostaithe a ordú ón gcéad chéim den imscrúdú ar bhagairt thromchúiseach ar an tslándáil phoiblí nó do choireacht thromchúiseach a d’fhéadfadh a bheith ann, eadhon ón uair a d’fhéadfaidh na húdaráis sin, i gcomhréir le forálacha ábhartha an dlí náisiúnta, imscrúdú dá sórt a thionscnamh (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 91).

121

Maidir le héagsúlacht na mbeart chun sonraí tráchta agus sonraí suímh dá dtagraítear i mír 75 den bhreithiúnas seo a choinneáil, tá sé tábhachtach a shonrú go bhféadfar na bearta éagsúla sin a chur i bhfeidhm go comhpháirteach, ar rogha an reachtais náisiúnta agus teorainneacha an dianghá á n-urramú chomh maith acu. Sna himthosca sin, ní chuirtear toirmeasc le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58, léite i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) den Chairt, mar a léirmhínítear le cásdlí bhreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791), ar mheascán na mbeart seo (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 92).

122

Ar an gceathrú dul síos, agus ar deireadh, is den tábhacht é a chur i dtreis, i dtaobh chomhréireacht na mbeart arna nglacadh de bhua Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, de réir chásdlí comhsheasmhach na Cúirte Breithiúnais mar a achoimríodh i mbreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791), go n-éilítear urramú ní hamháin na gceanglas oiriúnachta agus riachtanais, ach an cheanglais maidir le comhréireacht na mbeart sin i ndáil leis an gcuspóir saothraithe, chun go mbeadh na bearta arna, ar mheascán na mbeart seo (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 93).

123

Sa chomhthéacs sin, ní mór a choinneáil i gcuimhne gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais, i mír 51 dá breithiúnas an 8 Aibreán 2014, Digital Rights Ireland agus páirtithe eile (C-293/12 agus C-594/12, EU:C:2014:238), bíodh is go bhfuil an comhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí ríthábhachtach chun slándáil phoiblí a ráthú agus go bhféadfadh éifeachtúlacht na coireachta sin a bheith ag brath cuid mhaith ar úsáid teicnící nua-aimseartha imscrúdaitheacha, is cuspóir leasa ghinearálta é sin, dá bhunúsaí is atá sé, nach bhféadfadh sé a bheith ina údar ann féin lena cheapadh mar riachtanach é beart lena gcoinnítear sonraí tráchta agus sonraí suímh go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach, amhail a leithéid arna thabhairt isteach le Treoir 2006/24 (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 94).

124

Shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais ar an dul céanna, i mír 145 de bhreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791), go bhféadfaí fiú oibleagáidí dearfacha na mBallstát, a d’fhéadfadh éirí as Airteagail 3, 4, agus 7 den Chairt de réir mar a bheidh, maidir le rialacha a bhunú lena gceadaítear ciontaí coiriúla a chomhrac mar atá luaite i mír 64 den bhreithiúnas seo, go dtabharfar údar le cur isteach a thromchúisí atá an cur isteach i gceist sa reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do choinneáil na sonraí tráchta agus na sonraí suímh d’fhormhór an daonra i ndáil le cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, gan bheith in ann nasc, ar a laghad indíreach, a nochtadh le sonraí na n-ábhar lena mbaineann (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 95).

125

Thairis sin, ní fhéadfaí, le breithiúnais ECtHR an 25 Bealtaine 2021, Big Brother Watch and Others v. an Ríocht Aontaithe (CE:ECHR:2021:0525JUD 005817013), agus Centrum för Rättvisa v. an tSualainn (CE:ECHR:2021:0525JUD 003525208), a bhfuil rialtais áirithe á n-agairt ag an éisteacht chun a mhaíomh nach gcuirtear cosc le CECD ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, go bunúsach, do choinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach sonraí tráchta agus suímh, amhras a chaitheamh ar an léirmhíniú ar Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 a eascraíonn as an méid thuasluaite. Bhain na breithiúnais sin le holl-idircheapadh sonraí a ghabhann le cumarsáid idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, agus mar a luaigh an Coimisiún ag an éisteacht, níor rialaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine sna breithiúnais sin, an bhfuil sonraí tráchta agus suímh ar chríoch náisiúnta nó ar idircheapadh mórscála ar na sonraí sin ag luí le CECD chun cionta coiriúla tromchúiseacha a chosc, a bhrath agus a imscrúdú. Ar chaoi ar bith, ní mór a mheabhrú go bhféachtar le hAirteagal 52(3) den Chairt leis an gcomhsheasmhacht is gá a áirithiú idir na cearta atá sa Chairt agus na cearta comhfhreagracha arna ráthú ag CECD, gan dochar a dhéanamh do neamhspleáchas dhlí an Aontais ná do neamhspleáchas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus mar thoradh air sin nach mór cearta comhfhreagracha CECD a chur san áireamh chun críche léirmhíniú a dhéanamh ar an gCairt (breithiúnas an 17 Nollaig 2020, Centraal Israëlitisch Consistorie van België agus páirtithe eile, C-336/19, EU:C:2020:1031, mír 56).

Rochtain ar shonraí a choinnítear ar bhealach ginearálta agus neamh-idirdhealaitheach

126

Le linn na héisteachta, d’áitigh Rialtas na Danmhairge go gcaithfeadh rochtain ar shonraí tráchta agus ar shonraí suímh arna gcoinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach a bheith ag na húdaráis náisiúnta inniúla chun coireacht thromchúiseach a chomhrac, i gcomhréir le cásdlí bhreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791, míreanna 135 go 139), chun bagairt thromchúiseach ar an tslándáil náisiúnta a chomhrac atá iarbhír faoi láthair nó is féidir a thuar.

127

I dtosach báire, is fíor go bhfágfadh sé, dá ndéanfaí rochtain a údarú, chun coireacht thromchúiseach a chomhrac, ar shonraí tráchta agus sonraí suímh arna gcoinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach, go mbeadh rochtain ag brath ar chúinsí nach mbaineann leis an gcuspóir sin, ag brath air an ann do bhagairt thromchúiseach ar an tslándáil náisiúnta dá dtagraítear sa Bhallstát lena mbaineann, dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, ach, i bhfianaise an aon chuspóra atá leis an gcoireacht thromchúiseach a chomhrac nach mór údar maith a bheith leis na sonraí sin a choinneáil agus rochtain a fháil orthu, níl údar ar bith lena bpróiseáil go difriúil, go háirithe, ag na Ballstáit éagsúla (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 97).

128

Mar a rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais cheana féin, ní féidir, mar riail, údar a thabhairt le rochtain ar shonraí tráchta agus sonraí suímh a bhíonn á gcoinneáil ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí de bhun beart arna ghlacadh faoi Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, nach mór a dhéanamh agus na coinníollacha a eascraíonn as an gcásdlí arna léiriú i dTreoir 2002/58 á gcomhlíonadh go hiomlán, ach amháin de bharr chuspóir leas an phobail ar ina leith ar forchuireadh an choinneáil sin ar na soláthraithe sin. Is amhlaidh é seo ach amháin má sháraíonn tábhacht an chuspóra saothraithe ag an rochtain tábhacht an chuspóra lenar tugadh údar leis an gcoinneáil (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 98).

129

Tá cás ina mbaineann tábhacht níos lú le cuspóir na hiarrata beartaithe ar rochtain mar thagairt in argóintí Rialtas na Danmhairge, eadhon an comhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí, i gcliarlathas na gcuspóirí leasa ghinearálta, nó an tábhacht a bhaineann le coinneáil, eadhon an tslándáil náisiúnta a choimirciú. Dá n-údarófaí rochtain ar shonraí arna gcoinneáil i gcás den sórt sin, thiocfadh sé salach ar an gcliarlathas cuspóirí leasa phoiblí dá dtagraítear sa mhír roimhe seo agus i míreanna 68, 71, 72 agus 73 den bhreithiúnas seo (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 99).

130

Ina theannta sin agus thar aon ní eile, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 74 den bhreithiúnas seo, ní féidir sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach chun coireacht thromchúiseach a chomhrac agus ní féidir údar a thabhairt le rochtain ar na sonraí chun na gcríoch céanna, uime sin. I gcás, ar bhonn eisceachtúil, gur coinníodh na sonraí sin go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach, chun an tslándáil náisiúnta a shlánchoimeád in aghaidh bagairt thromchúiseach ar an tslándáil náisiúnta atá iarbhír faoi láthair nó is féidir a thuar, sna himthosca dá dtagraítear i mír 71 den bhreithiúnas seo, ní féidir le rochtain ar na sonraí sin a bheith ag na húdaráis náisiúnta atá inniúil i ndáil le himscrúduithe coiriúla i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla, gan aon éifeacht úsáideach a bhaint den toirmeasc ar stóráil den sórt sin chun coireacht thromchúiseach a chomhrac, dá dtagraítear i mír 74 (breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile, C-140/20, EU:C:2022:258, mír 100).

131

I bhfianaise an méid thuas ina iomláine, an freagra atá le tabhairt mar sin ar an gcéad, ar an dara agus ar an gceathrú ceist ná nach mór Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8 11 agus 52(1) den Chairt, a léirmhíniú amhail agus go gcuirtear cosc leis ar bhearta reachtacha lena bhforáiltear, mar bheart réamhchúraim, chun coireacht thromchúiseach a chomhrac agus bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc, do choinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach sonraí tráchta agus sonraí suímh. Os a choinne sin, ní mór Airteagal 15(1), léite i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) den Chairt a léirmhíniú ar bhealach nach gcuirtear cosc leis ar bhearta reachtacha lena bhforáiltear mar a leanas:

chun an tslándáil náisiúnta a choimirciú, dul i muinín ordú ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí chun sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach, i gcásanna ina bhfuil an Ballstát lena mbaineann ag tabhairt aghaidh ar bhagairt thromchúiseach ar an tslándáil náisiúnta atá iarbhír faoi láthair nó is féidir a thuar; ina bhfuil an cinneadh lena bhforchuirtear ordú den sórt sin faoi réir grinnscrúdú éifeachtach ag cúirt nó ag eintiteas neamhspleách riaracháin a bhfuil a chinneadh ceangailteach, arb é is cuspóir don ghrinnscrúdú sin a fhíorú an ann do cheann de na cásanna sin agus an gcomhlíontar na coinníollacha agus na cosaintí nach mór foráil a dhéanamh dóibh agus i gcás nach n-eisítear an t-ordú seo ach ar feadh tréimhse ama atá teoranta go chun coireacht thromchúiseach a chomhrac

chun críocha slándáil náisiúnta a chosaint, coireacht thromchúiseach a chomhrac agus bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc, do choinneáil sonraí tráchta agus sonraí suímh ar bhonn spriocdhírithe, ar bhonn gnéithe oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha, de réir chatagóirí na n-ábhar sonraí nó trí bhíthin critéir gheografacha, ar feadh tréimhse ama atá teoranta go téarma a bhfuil dianghá leis ach atá inathnuaite;

chun críocha slándáil náisiúnta a chosaint, coireacht thromchúiseach a chomhrac agus bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc, maidir le coinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach seoltaí IP a shanntar d’fhoinse naisc idirlín ar feadh tréimhse atá teoranta ó thaobh ama de don mhéid a bhfuil fíorghá leis;

chun críocha slándáil náisiúnta a choimirciú, coireacht a chomhrac agus slándáil phoiblí a chosaint, maidir le coinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach sonraí a bhaineann le céannacht shibhialta úsáideoirí córas cumarsáide leictreonaí;

chun críocha coireacht thromchúiseach a chomhrac agus bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc, do dhul i muinín ordú ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí tabhairt faoi, go ceann tréimhse socraithe, caomhnú brostaithe ar na sonraí tráchta agus na sonraí suímh atá ag na soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí seo, trí bhíthin cinneadh ón údarás inniúil atá faoi réir grinnscrúdaithe breithiúnach éifeachtach,

ós rud é go n-áirítear, le rialacha soiléire mionsonraithe, go gcoinneofar na sonraí atá i gceist i gcomhréir leis na coinníollacha substainteacha agus nós imeachta lena mbaineann agus go mbeidh cosaintí leordhóthanacha ag na hábhair sonraí i gcoinne an bhaoil go mbainfí mí-úsáid astu.

Costais

132

Ós rud é, a mhéid a bhaineann leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

Ní mór Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach), arna leasú ag Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 , léite i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

 

a léirmhíniú amhail agus:

 

go gcuirtear cosc leis ar bhearta reachtacha lena bhforáiltear, mar bheart réamhchúraim, chun coireacht thromchúiseach a chomhrac agus bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc, do choinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach sonraí tráchta agus sonraí suímh.

 

nach gcuirtear bac ar bhearta reachtacha lena bhforáiltear don mhéid seo a leanas:

 

chun an tslándáil náisiúnta a choimirciú, dul i muinín ordú ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí chun sonraí tráchta agus sonraí suímh a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach, i gcásanna ina bhfuil an Ballstát lena mbaineann ag tabhairt aghaidh ar bhagairt thromchúiseach ar an tslándáil náisiúnta atá iarbhír faoi láthair nó is féidir a thuar; ina bhfuil an cinneadh lena bhforchuirtear ordú den sórt sin faoi réir grinnscrúdú éifeachtach ag cúirt nó ag eintiteas neamhspleách riaracháin a bhfuil a chinneadh ceangailteach, arb é is cuspóir don ghrinnscrúdú sin a fhíorú an ann do cheann de na cásanna sin agus an gcomhlíontar na coinníollacha agus na cosaintí nach mór foráil a dhéanamh dóibh agus i gcás nach n-eisítear an t-ordú seo ach ar feadh tréimhse ama atá teoranta go chun coireacht thromchúiseach a chomhrac

 

chun críocha slándáil náisiúnta a chosaint, coireacht thromchúiseach a chomhrac agus bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc, do choinneáil sonraí tráchta agus sonraí suímh ar bhonn spriocdhírithe, ar bhonn gnéithe oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha, de réir chatagóirí na n-ábhar sonraí nó trí bhíthin critéir gheografacha, ar feadh tréimhse ama atá teoranta go téarma a bhfuil dianghá leis ach atá inathnuaite;

 

chun críocha slándáil náisiúnta a chosaint, coireacht thromchúiseach a chomhrac agus bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc, maidir le coinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach sheoltaí IP a shanntar d’fhoinse naisc idirlín ar feadh tréimhse atá teoranta ó thaobh ama de don mhéid a bhfuil fíorghá leis;

 

chun críocha slándáil náisiúnta a choimirciú, coireacht a chomhrac agus slándáil phoiblí a chosaint, maidir le coinneáil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach sonraí a bhaineann le céannacht shibhialta úsáideoirí córas cumarsáide leictreonaí;

 

chun críocha coireacht thromchúiseach a chomhrac agus bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí a chosc, do dhul i muinín ordú ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí tabhairt faoi, go ceann tréimhse socraithe, caomhnú brostaithe ar na sonraí tráchta agus na sonraí suímh atá ag na soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí seo, trí bhíthin cinneadh ón údarás inniúil atá faoi réir grinnscrúdaithe breithiúnach éifeachtach,

 

ós rud é go n-áirítear, le rialacha soiléire mionsonraithe, go gcoinneofar na sonraí atá i gceist i gcomhréir leis na coinníollacha substainteacha agus nós imeachta lena mbaineann agus go mbeidh cosaintí leordhóthanacha ag na hábhair sonraí i gcoinne an bhaoil go mbainfí mí-úsáid astu.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.