BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

17 Bealtaine 2022 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Treoir 93/13/CEE – Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra – Prionsabal na coibhéise – Prionsabal na héifeachtachta – Nós imeachta um fhorfheidhmiú conartha léasaithe ar ionstraim infhorfheidhmithe é – Agóid i gcoinne an fhorfheidhmithe – Reachtaíocht náisiúnta nach gceadaítear léi don chúirt ar tugadh an agóid sin os a comhair a sheiceáil an bhfuil téarmaí ionstraime infhorfheidhmithe éagórach – Cumhacht na cúirte atá freagrach as forfheidhmiú a chinneadh scrúdú a dhéanamh uaithi féin i dtaobh nádúr éagórach féideartha téarma – Leigheas faoin dlí coiteann a bheith ann lenar féidir athbhreithniú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil na téarmaí sin éagórach – Ceanglas urrúis maidir le himeachtaí forfheidhmiúcháin a chur ar fionraí)

I gCás C‑725/19,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ó Judecătoria Sectorului 2 Bucureşti (Cúirt chéadchéime an 2ú ceantar de Bhúcairist, an Rómáin), trí bhreith an 18 Meán Fómhair 2019, a fuarthas ag an gCúirt an 8 Bealtaine 2020, sna himeachtaí idir

IO

agus

Impuls Leasing România IFN SA,

Tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, A. Arabadjiev, K. Jürimäe, C. Lycourgos, E. Regan, S. Rodin (Rapóirtéir) agus I. Jarukaitis, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič, J.‑C. Bonichot, M. Safjan, F. Biltgen, P. G. Xuereb, N. Piçarra, L. S. Rossi agus A. Kumin, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: E. Tanchev,

Cláraitheoir: R. Şereş, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn, agus i ndiaidh éisteacht an 27 Aibreán 2021,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Impuls Leasing România IFN SA, ag N. M. Ionescu, avocată,

Rialtas na Rómáine, ag E. Gane, i gcáil Gníomhaire,

an Coimisiún Eorpach, ag N. Ruiz García, C. Gheorghiu agus M. Carcea, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 15 Iúil 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léirmhíniú ar Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO 1993 L 95, lch. 29).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir IO agus Impuls Leasing România IFN SA (“ILR”) maidir le hagóid i gcoinne forfheidhmiú a thionscain an t-iarratasóir sna príomhimeachtaí i gcoinne bearta forfheidhmiúcháin a bhaineann le conradh léasaithe.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

3

Sonraítear sa cheathrú haithris is fiche de Threoir 93/13 nach mór do “chúirteanna nó údaráis riaracháin na mBallstát modhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha a bheith ar fáil dóibh chun cosc a chur ar chur i bhfeidhm téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra” [aistriúchán neamhoifigiúil].

4

Foráiltear le hAirteagal 6(1) den Treoir sin:

“Déanfaidh na Ballstáit foráil nach mbeidh téarmaí éagóracha a úsáidtear i gconradh arna chur i gcrích le tomhaltóir ag díoltóir nó ag soláthróir ina gceangal ar an tomhaltóir, amhail dá bhforáiltear faoina ndlí náisiúnta, agus go leanfaidh an conradh de bheith ina cheangal ar na páirtithe de réir na dtéarmaí sin más féidir leis leanúint de bheith ann gan na téarmaí éagóracha.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

5

De réir Airteagal 7(1) den Treoir chéanna:

“Áiritheoidh na Ballstáit, ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí agus na n‑iomaitheoirí, gurb ann do mhodhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha chun cosc a chur ar úsáid leanúnach a bhaint as téarmaí éagóracha i gconarthaí arna dtabhairt i gcrích ag díoltóirí nó ag soláthraithe le tomhaltóirí.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí na Rómáine

6

Leasaíodh an Cód Nós Imeachta Sibhialta le Legea nr. 310/2018 pentru modificarea și completarea Legii nr. 134/2010 privind Codul de procedură civilă, precum și pentru modificarea și completarea altor acte normative (Dlí Uimh. 310/2018 lena leasaítear agus lena bhforlíontar Dlí Uimh. 134/2010 maidir leis an gCód Nós Imeachta Sibhialta, agus gníomhartha normatacha eile) (Monitorul Oficial al României, Cuid I, Uimh. 1074), an 18 Nollaig 2018, a tháinig i bhfeidhm an 21 Nollaig 2018. Ós rud é gur taisceadh an iarraidh ar fhorfheidhmiú atá i gceist sna príomhimeachtaí an 26 Márta 2019, tá sí faoi réir fhorálacha an Chóid sin, arna leasú leis an dlí sin (“an Cód Nós Imeachta Sibhialta Leasaithe”).

7

Foráiltear le hAirteagal 24 den Chód Nós Imeachta Sibhialta Leasaithe:

“Ní bheidh feidhm ag forálacha an Dlí Nós Imeachta nua ach amháin maidir le himeachtaí agus le forfheidhmiú a gcuirfear tús leo tar éis a theacht i bhfeidhm.”

8

Foráiltear le hAirteagal 632(1) den Chód Nós Imeachta Sibhialta Leasaithe:

“Ní fhéadfar forfheidhmiú a chur i gcrích ach amháin de bhua ionstraim infhorfheidhmithe.”

9

De réir Airteagal 638(1), pointe 4, den Chód Nós Imeachta Sibhialta Leasaithe:

“Is ionstraimí infhorfheidhmithe iad freisin ionstraimí fiachais nó doiciméid eile atá infhorfheidhmithe le dlí agus féadfar iad a fhorfheidhmiú.”

10

Foráiltear le hAirteagal 638(2) den Chód Nós Imeachta Sibhialta Leasaithe:

“Féadfar a iarraidh freisin forfheidhmiú na n-ionstraimí dá bhforáiltear i bpointe 2 agus i bpointe 4 de mhír 1 a chur ar fionraí i gcomhthéacs caingean ar an tsubstaint ina n-iarrtar na hionstraimí sin a neamhniú. Tá forálacha Airteagal 719 infheidhme de réir analaí.”

11

Foráiltear le hAirteagal 713(2) den Chód Nós Imeachta Sibhialta Leasaithe:

“Má dhéantar forfheidhmiú de bhua ionstraim infhorfheidhmithe seachas cinneadh cúirte, ní fhéadfar pointí fíorais nó dlí a bhaineann le substaint an chirt dá dtagraítear san ionstraim infhorfheidhmithe a agairt mar thaca leis an agóid ach amháin mura bhforáiltear leis an dlí d’aon nós imeachta chun an ionstraim sin a neamhniú, lena n-áirítear caingean faoin dlí coiteann.”

12

De réir Airteagal 8 de Ordonanța Guvernului nr. 51/1997 privind operațiunile de leasing și societățile de leasing (Ordú Rialtais Uimh. 51/1997 maidir le hidirbhearta léasaithe agus cuideachtaí léasaithe):

“Is ionstraimí infhorfheidhmithe iad conarthaí léasaithe, mar aon le comhthaobhachtaí réadacha agus pearsanta, a bhunaítear chun na hoibleagáidí a ghlactar faoin gconradh léasaithe a ráthú.”

13

Foráiltear le hAirteagal 15 d’Ordú Rialtais Uimh. 51/1997:

“Mura sonraítear a mhalairt sa chonradh, i gcás ina mainníonn an léasaí/úsáideoir a oibleagáid an cíos a íoc ina iomláine ar feadh dhá mhí as a chéile, arna ríomh ón dáta dlite dá bhforáiltear sa chonradh léasaithe, tá sé de cheart ag an léasóir/léasóir airgid an conradh léasaithe a fhoirceannadh, agus beidh sé de cheangal ar an léasaí/úsáideoir an mhaoin a thabhairt ar ais agus na méideanna go léir atá dlite a íoc, suas go dtí an dáta tabhairt ar ais faoin gconradh léasaithe.”

14

Foráiltear le hAirteagal 10(d) d’Ordú Rialtais Uimh. 51/1997:

“Gabhann an léasaí/úsáideoir air féin na méideanna go léir atá dlite i gcomhréir leis an gconradh léasaithe — cíos, árachas, cánacha agus muirir — a íoc suas go dtí an t-uasmhéid agus laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa chonradh.”

15

Rinne Legea nr. 193/2000 privind clauzele abuzive din contractele încheiate între profesioniști și consumatori (Dlí Uimh. 193/2000 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí a tugadh i gcrích idir díoltóirí/soláthróirí agus tomhaltóirí) Treoir 93/13 a thrasuí i ndlí na Rómáine.

16

De réir Airteagal 1 de Dhlí Uimh. 193/2000:

“1.   Beidh téarmaí conarthacha soiléire i ngach aon chonradh a thugtar i gcrích idir trádálaí agus tomhaltóir chun earraí a dhíol nó chun seirbhísí a sholáthar, nach gá eolas sonrach chun iad a thuiscint.

2.   I gcásanna amhrais maidir le léirmhíniú aon téarmaí conarthacha, ní mór iad a léirmhíniú i bhfabhar an tomhaltóra.

3.   Tá toirmeasc ar thrádálaithe téarmaí éagóracha a chur isteach i gconarthaí tomhaltóra.”

17

Foráiltear le hAirteagal 2 de Dhlí Uimh. 193/2000:

“1.   Ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha nó aon ghrúpa de dhaoine nádúrtha atá mar chomhlachas agus atá, i gcomhthéacs conradh a thagann faoi raon feidhme an Dlí seo, ag gníomhú chun críocha nach mbaineann lena ghníomhaíochtaí tráchtála, tionsclaíocha nó táirgthe, ceardaithe nó gairmiúla.

2.   Ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach údaraithe atá, i gcomhthéacs conradh a thagann faoi raon feidhme an Dlí seo, ag gníomhú chun críocha a ghníomhaíochtaí tráchtála, tionsclaíocha nó táirgthe, ceardaithe nó gairmiúla, chomh maith le haon duine atá ag gníomhú in ainm an duine sin nó thar a cheann chun na gcríoch sin.”

18

Foráiltear le hAirteagal 4 de Dhlí Uimh. 193/2000:

“1.   Meastar gur téarma éagórach é téarma conarthach nach ndearnadh a chaibidliú go díreach leis an tomhaltóir más rud é go gcruthaíonn sé, ina aonar nó in éineacht le forálacha eile an chonartha, chun aimhleas an tomhaltóra agus contrártha do cheanglais an mheoin mhacánta, éagothroime shuntasach i gcearta agus in oibleagáidí na bpáirtithe.

2.   Measfar nár caibidlíodh téarma conarthach go díreach leis an tomhaltóir más rud é gur leagadh síos é gan deis a bheith ag an tomhaltóir tionchar a bheith aige ar nádúr an téarma sin, amhail i gcás conarthaí caighdeánacha nó téarmaí agus coinníollacha ginearálta díolacháin a úsáideann trádálaithe atá ag oibriú ar an margadh le haghaidh na n-earraí nó na seirbhíse lena mbaineann.

3.   Ní fhágann an fíoras go ndearnadh eilimintí áirithe de théarmaí an chonartha nó go ndearnadh ceann amháin de na téarmaí sin a chaibidliú go díreach leis an tomhaltóir, bac ar fhorálacha an Dlí seo a chur i bhfeidhm ar an gcuid eile den chonradh más léir ó mheasúnú foriomlán an chonartha go raibh sé réamhbhunaithe go haontaobhach ag an trádálaí. Má mhaíonn an trádálaí go ndearnadh téarma caighdeánach réamhdhréachtaithe a chaibidliú leis an tomhaltóir, beidh dualgas air cruthúnas a thabhairt ina leith sin.

4.   Tá, mar shampla, liosta de théarmaí a mheastar a bheith éagórach san Iarscríbhinn ar cuid dhílis den Dlí seo í.

5.   Gan dochar d’fhorálacha an Dlí seo, déanfar nádúr éagórach téarma chonarthaigh a mheasúnú de réir:

a)

nádúr na n-earraí nó na seirbhísí is ábhar don chonradh tráth a thugtar i gcrích é;

b)

na bhfachtóirí go léir a bhí taobh thiar den chonradh a thabhairt i gcrích;

c)

téarmaí conarthacha eile nó conarthaí eile ar a bhfuil sé spleách.

6.   Ní bhaineann measúnú ar nádúr éagórach na dtéarmaí le príomhábhar an chonartha a shainiú ná leis an gcumas na ceanglais maidir le praghas agus íocaíocht a chomhlíonadh, ar thaobh amháin, ná leis na hearraí nó na seirbhísí arna soláthar mar mhalairt air sin, ar an taobh eile, ar choinníoll go gcuirtear na téarmaí sin in iúl i bhfriotal soiléir sothuigthe.”

19

De réir Airteagal 6 de Dhlí Uimh. 193/2000:

“Ní bheidh éifeacht, i leith an tomhaltóra, ag téarmaí éagóracha atá san áireamh sa chonradh agus atá tugtha faoi deara go pearsanta nó ag comhlachtaí atá údaraithe go dlíthiúil agus leanfaidh éifeacht an chonartha, le haontú an tomhaltóra, sa chás gur féidir leanúint leis tar éis na téarmaí éagóracha a bhaint, agus sa chás sin amháin.”

20

Foráiltear le mír 1(i) den Iarscríbhinn a ghabhann le Dlí Uimh. 193/2000:

“Measfar gur téarmaí éagóracha iad forálacha conarthacha a chuireann d’oibleagáid ar thomhaltóir a mhainníonn a oibleagáidí conarthacha a chomhlíonadh cúiteamh a íoc de mhéid atá díréireach ard i ndáil leis an damáiste a d’fhulaing an trádálaí.”

An díospóid sna príomhimeachtaí agus an cheist a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

21

An 20 Lúnasa 2008, thug IO conradh léasaithe i gcrích le ILR ar feadh tréimhse 48 mí a bhaineann le mótarfheithicil a bhfuil luach aici glan ó cháin bhreisluacha (CBL) de 7 810.94 euro. Is léir ó théarmaí an chonartha sin gurbh é 6 248.75 euro an luach maoinithe, go raibh an ráta úis socraithe ag 8.25 %, go raibh an muirear ar dheonú an chreidmheasa, a socraíodh ag 4 %, comhionann le 312.44 euro agus gur 5 euro sa mhí a bhí sa táille bhainistíochta. Rinneadh foráil sa chonradh sin, i gcás mainneachtain na hoibleagáidí conarthacha a chomhlíonadh, go bhféadfadh an léasóir a iarraidh go bhforfheidhmeofaí na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar an léasaí leis an gconradh, mar aon le damáistí a íoc, nó go ndéanfadh sé, go carnach nó go malartach, aon bheart a mheas sé a bheith riachtanach, nó an conradh a fhoirceannadh gan fógra roimh ré ná foirmiúlacht bhreise a bheith riachtanach, gan imeachtaí breithiúnacha ná eadrána, agus bheadh damáistí le híoc.

22

An 7 Nollaig 2009, ós rud é nach raibh IO in ann na cíosanna a socraíodh a íoc a thuilleadh, rinneadh an conradh léasaithe atá i gceist a fhoirceannadh. An 19 Márta 2010, tugadh an mhótarfheithicil lena mbaineann ar ais chuig ILR, de bhua an chonartha sin mar ionstraim infhorfheidhmithe, agus díoladh ansin í an 29 Meitheamh 2010, ar 5 294.12 euro, CBL san áireamh.

23

Tar éis an fhoirceanta, thionscain ILR, an 15 Deireadh Fómhair 2010, imeachtaí forfheidhmiúcháin i leith 12 592.32 leu na Rómáine (RON) (thart ar 2547 euro), d’fhonn aisghabháil na bhfiachas arna sealbhú faoin ionstraim infhorfheidhmithe a áirithiú, eadhon sonraisc neamhíoctha a bhain le cíosanna, muirir urghaire, pionóis, difríochtaí sa ráta malairte, árachas agus costais aisghabhála.

24

An 28 Márta 2013, chuir ILR iarraidh isteach ar fhorfheidhmiú leanúnach i gcoinne IO le haghaidh shuim RON 70 601.12 (thart ar 14280 euro). Le breithiúnas sibhialta an 13 Samhain 2015, arna thabhairt ag Judecătoria Sectorului 1 București (Cúirt Chéadchéime an 1ú cheantair de Bhúcairist, an Rómáin), fuarthas deimhniú ar an urghabháil maidir le hurghabháil tríú páirtí.

25

An 16 Samhain 2016, cuireadh deireadh leis an bhforfheidhmiú le gníomhas báille, ar an bhforas nach raibh maoin a d’fhéadfaí a ghabháil san áireamh i sócmhainní IO.

26

An 26 Márta 2019, rinne ILR iarraidh nua ar fhorfheidhmiú i gcoinne IO a thaisceadh, lenar lorgaíodh fiachas a leachtú de mhéid RON 137 502.84 (thart ar 27900 euro), arb ionann é sin agus méid na sonrasc cánach a eisíodh agus nár íocadh, pionóis as íocaíocht dhéanach, an chuid eile den chaipiteal a maoiníodh agus nár aisíocadh, fiachas de thoradh neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí conarthacha agus na costais aisghabhála.

27

Le hordú an 12 Aibreán 2019, d’fhormheas Judecătoria Sectorului 2 București (Cúirt Chéadchéime an 2ú ceantar de Bhúcairist, an Rómáin) an forfheidhmiú, suas go dtí an méid a éilíodh, móide na costais fhorfheidhmithe, a socraíodh ina dhiaidh sin le gníomhas báille, ag RON 8 719.29 (thart ar 1764 euro).

28

An 24 Bealtaine 2019, rinne IO agóid i gcoinne an fhorfheidhmithe. Chun tacú lena hagóid, d’áitigh sí go raibh tús curtha in 2010 leis an tréimhse teorann trí bliana, ina bhféadfadh ILR iarraidh a dhéanamh ar fhorfheidhmiú agus forfheidhmiú a fháil faoin ionstraim infhorfheidhmithe atá sa chonradh léasaithe, nuair a scoir sí de na híocaíochtaí léasa a íoc, agus bhí sí in éag faoin dáta a thaisc ILR an dara hiarraidh ar fhorfheidhmiú. Luaigh sí freisin gur chuir ILR tús leis an dara nós imeachta forfheidhmiúcháin in 2019, le haghaidh méid thart ar 30000 euro, i leith maoiniú tosaigh de 6 248.75 euro, ar íoc sí cuid mhór de le linn na tréimhse ó 2008 go 2010.

29

Cuireann ILR ina choinne sin go bhfuil éileamh aige atá cinnte, de mhéid seasta agus dlite in aghaidh IO, arb é atá ann ná fuílleach an chaipitil arna mhaoiniú ar dháta foirceanta an chonartha léasaithe, ús, pionóis as íocaíocht dhéanach, suim na bpréimheanna árachais a íocadh leis an árachóir, an coimisiún aisghabhála agus suim na sonrasc neamhíoctha, as ar asbhaineadh suim phraghas díola na feithicle atá cumhdaithe ag an gconradh léasaithe.

30

Luann an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil téarmaí áirithe sa chonradh léasaithe ar a bhonn a tionscnaíodh imeachtaí forfheidhmiúcháin i gcoinne IO a d’fhéadfaí a mheas mar éagórach faoi Dhlí Uimh. 193/2000 lena ndearnadh Treoir 93/13 a thrasuí i ndlí na Rómáine. Sonraíonn an chúirt sin gurbh fhéidir le cúirt náisiúnta, faoi Airteagal 713(2) de Chód an Nós Imeachta Sibhialta, de réir an leagain a bhí ann sular leasaíodh é le Dlí Uimh. 310/2018, nádúr éagórach na dtéarmaí conarthacha sna conarthaí léasaithe a scrúdú i gcomhthéacs agóid i gcoinne an fhorfheidhmithe mura raibh aon nós imeachta sonrach ann chun iad a neamhniú. Faoi Airteagal 713(2) den Chód Leasaithe sin, is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, áfach, ní fhéadfadh an chúirt sin nádúr éagórach na dtéarmaí conarthacha sin a scrúdú a thuilleadh ach amháin mura bhfuil nós imeachta ann chun na conarthaí sin a neamhniú, lena n-áirítear caingean faoin dlí coiteann. Dar léi, tugann Dlí Uimh. 193/2000 an deis anois do thomhaltóirí caingean a thionscnamh faoin dlí coiteann, agus sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh cúirt náisiúnta athbhreithniú a dhéanamh ar nádúr éagórach féideartha téarmaí conarthacha.

31

Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, áfach, i gcomhréir le prionsabal na héifeachtachta, nár cheart, de dheasca sásraí forfheidhmithe náisiúnta, é a bheith dodhéanta sa chleachtas nó ródheacair na cearta a thugtar do thomhaltóirí le dlí an Aontais a fheidhmiú. Ní féidir cosaint éifeachtach na gceart sin a ráthú ach amháin ar choinníoll go gceadaítear leis an gcóras nós imeachta náisiúnta athbhreithniú féinrialaitheach ar nádúr éagórach féideartha na dtéarmaí conarthacha sna himeachtaí forfheidhmiúcháin féin. Dá bhrí sin, tá amhras ann faoi chomhréireacht Airteagal 713(2) de Chód an Nós Imeachta Sibhialta Leasaithe le Treoir 93/13, ós rud é go bhfuil sé d’oibleagáid ar thomhaltóirí feasta caingean a thionscnamh faoin dlí coiteann gan bheith in ann na cearta a thugtar dóibh leis an Treoir sin a fheidhmiú agus iad ag déanamh agóide i gcoinne an fhorfheidhmithe.

32

Sna himthosca sin, chinn Judecătoria Sectorului 2 București (Cúirt Chéadchéime an 2ú ceantar de Bhúcairist) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt i gcomhair réamhrialú:

“An gcaithfear Treoir 93/13/CEE a léirmhíniú, i bhfianaise phrionsabal na héifeachtachta, sa chiall go gcuirtear bac ar reachtaíocht náisiúnta, amhail reachtaíocht na Rómáine atá i bhfeidhm maidir le coinníollacha inghlacthachta na hagóide i gcoinne an fhorfheidhmithe — Airteagal 713(2) de Chód an Nós Imeachta Sibhialta [Leasaithe], [...] — nach dtugtar leis do chúirt, i gcomhthéacs agóid i gcoinne forfheidhmiú, an fhéidearthacht scrúdú a dhéanamh, uaithi féin nó arna iarraidh sin ag an tomhaltóir, cé acu atá nó nach bhfuil na téarmaí conartha léasaithe, ar ionstraim infhorfheidhmithe é, éagórach, ar an bhforas go bhfuil caingean faoin dlí coiteann ann faoina bhféadfaí na conarthaí a tugadh i gcrích idir “tomhaltóir” agus “trádálaí” (díoltóir nó soláthraí) a sheiceáil le haghaidh téarmaí éagóracha de réir bhrí na Treorach sin?”

Dlínse na Cúirte

33

Áitíonn ILR nach bhfuil dlínse ag an gCúirt an iarraidh seo ar réamhrialú a éisteacht, ar an bhforas go mbaineann an iarraidh sin le léirmhíniú an dlí náisiúnta.

34

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara gurb í an chúirt náisiúnta amháin a bhfuil dlínse aici, de réir cásdlí socair, in imeachtaí faoi Airteagal 267 CFAE atá bunaithe ar scaradh soiléir feidhmeanna idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, fíorais na díospóide sna príomhimeachtaí a chinneadh agus a mheas agus an dlí náisiúnta a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm (breithiúnas an 14 Meitheamh 2012, Banco Español de Crédito, C‑618/10, EU:2012:349, mír 76 agus an cásdlí dá dtagraítear). In imeachtaí den chineál sin, tá dlínse na Cúirte teoranta, dá bhrí sin, d’fhorálacha dhlí an Aontais amháin a scrúdú (breithiúnas an 11 Iúil 2018, Somoza Hermo agus Ilunión Seguridad, C‑60/17, EU:C:2018:559, mír 44).

35

Is amhlaidh atá sa chás seo.

36

Is leor a thabhairt faoi deara go bhfuil an chúirt a rinne an tarchur ag lorg léirmhíniú na Cúirte ar Threoir 93/13 chun bheith in ann díospóid a bhaineann le conradh a tugadh i gcrích idir díoltóir nó soláthróir agus tomhaltóir a réiteach.

37

Dá bhrí sin, tá dlínse ag an gCúirt rialú a thabhairt ar an iarraidh ar réamhrialú seo.

An cheist arna tarchur i gcomhair réamhrialú

38

Lena ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an gcaithfear Treoir 93/13 a léirmhíniú sa chiall go gcuirtear bac léi ar reachtaíocht náisiúnta nach gceadaíonn don chúirt atá freagrach as an bhforfheidhmiú, agus a dhéantar agóid os a comhair i gcoinne fhorfheidhmiú conartha léasaithe a tugadh i gcrích idir tomhaltóir agus díoltóir nó soláthróir ar ionstraim infhorfheidhmithe é, measúnú a dhéanamh ar nádúr éagórach téarmaí an chonartha sin, ar an bhforas go bhfuil caingean faoin dlí coiteann faoina bhféadfaidh an chúirt a éisteann an chaingean athbhreithniú a dhéanamh ar nádúr éagórach théarmaí an chonartha sin.

39

De réir chásdlí socraithe na Cúirte, tá an córas cosanta arna chur chun feidhme le Treoir 93/13 bunaithe ar an tuairim go bhfuil an tomhaltóir i gcás níos íochtaraí i gcomparáid leis an díoltóir nó an soláthróir maidir leis an gcumhacht mhargála agus leibhéal na faisnéise (féach, go háirithe, breithiúnas an 26 Eanáir 2017, Banco Primus, C‑421/14, EU:C:2017:60, mír 40 agus an cásdlí dá dtagraítear).

40

Maidir leis an íochtaráncht sin, foráiltear le hAirteagal 6(1) den Treoir sin nach mbíonn téarmaí éagóracha ceangailteach ar an tomhaltóir. Is foráil shainordaitheach é sin atá dírithe ar fhíorchothromaíocht a athbhunú idir na páirtithe sa chaoi go bhfuil comhionannas eatarthu, in áit na cothromaíochta foirmiúla a bhunaítear leis an gconradh idir cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe conarthacha (féach, go háirithe, breithiúnais an 21 Nollaig 2016, Gutiérrez Naranjo agus páirtithe eile, C‑154/15, C‑307/15 agus C‑308/15, EU:C:2016:980, mír 53 agus mír 55, agus an 26 Eanáir 2017, Banco Primus, C‑421/14, EU:C:2017:60, mír 41).

41

Sa chomhthéacs sin, chinn an Chúirt cheana féin roinnt uaireanta go gceanglaítear ar an gcúirt náisiúnta a mheas uaithi féin an bhfuil téarma conarthach a thagann faoi raon feidhme Threoir 93/13 éagórach agus, tríd an méid sin a dhéanamh, an éagothroime atá ann idir an tomhaltóir agus an díoltóir nó an soláthróir a chúiteamh, ar choinníoll go bhfuil na heilimintí dlíthiúla agus fíorasacha is gá chun na críche sin aici (breithiúnais an 14 Márta 2013, Aziz, C‑415/11, EU:C:2013:164, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear; an 21 Nollaig 2016, Gutiérrez Naranjo agus páirtithe eile, C‑154/15, C‑307/15 agus C‑308/15, EU:C:2016:980, mír 58, agus an 26 Eanáir 2017, Banco Primus, C‑421/14, EU:C:2017:60, mír 43).

42

Thairis sin, ceanglaítear le Treoir 93/13 ar na Ballstáit, mar is léir ó Airteagal 7(1) di, arna léamh in éineacht leis an gceathrú haithris is fiche di, foráil a dhéanamh maidir le modhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha chun bac a chur ar úsáid leanúnach téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra arna dtabhairt i gcrích ag díoltóirí nó ag soláthraithe (breithiúnas an 26 Meitheamh 2019, Addiko Bank, C‑407/18, EU:C:2019:537, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear).

43

Cé gur leag an Chúirt síos go minic cheana, agus ceanglais Airteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13 á gcur san áireamh aici, an bealach nach mór don chúirt náisiúnta a áirithiú go gcosnófar na cearta atá ag tomhaltóirí faoin Treoir sin, is é fírinne an scéil fós, i bprionsabal, nach ndéantar le dlí an Aontais na nósanna imeachta is infheidhme maidir le scrúdú ar théarma conarthach a líomhnaítear a bheith éagórach a chomhchuibhiú, agus go dtagann na nósanna imeachta sin faoi réir chóras dlí inmheánach na mBallstát dá bhrí sin, ar choinníoll, áfach, nach bhfuil siad níos lú fabhair ná iad siúd lena rialaítear cásanna comhchosúla atá faoi réir an dlí inmheánaigh (prionsabal na coibhéise) agus nach bhfágann siad feidhmiú na gceart a thugtar le dlí an Aontais dodhéanta sa chleachtas nó ródheacair (prionsabal na héifeachtachta) (féach, go háirithe, breithiúnas an 26 Meitheamh 2019, Addiko Bank, C‑407/18, EU:C:2019:537, míreanna 45 agus 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).

44

Maidir le prionsabal na coibhéise, ní mór a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon fhaisnéis os comhair na Cúirte a d’fhágfadh go mbeadh amhras maidir le comhlíonadh an phrionsabail sin sa reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí.

45

Maidir le prionsabal na héifeachtachta, ba cheart a thabhairt faoi deara nach mór anailís a dhéanamh ar gach cás ina bhfuil an cheist i dtaobh an bhfágann foráil náisiúnta nós imeachta go bhfuil cur i bhfeidhm dhlí an Aontais dodhéanta nó ródheacair, i bhfianaise ról na forála sin sa nós imeachta ina iomláine, sheoladh an nós imeachta agus a ghnéithe speisialta, agus, i gcás inarb iomchuí, na bprionsabal is bunús leis an gcóras breithiúnach náisiúnta, amhail cosaint chearta na cosanta, prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus seoladh cuí na n-imeachtaí (breithiúnas an 22 Aibreán 2021, Profi Credit Slovakia, C‑485/19, EU:C:2021:313, mír 53). Mar sin féin, ní féidir saintréithe sonracha na nósanna imeachta a bheith ina ngné a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chosaint dhlíthiúil nach mór do thomhaltóirí a fháil faoi fhorálacha Threoir 93/13 (breithiúnas an 21 Aibreán 2016, Radlinger agus Radlingerová, C‑377/14, EU:C:2016:283, mír 50 agus an cásdlí dá dtagraítear).

46

Ina theannta sin, shonraigh an Chúirt go bhfuil ceanglas maidir le cosaint éifeachtach bhreithiúnach i gceist leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit éifeachtacht na gceart atá ag daoine aonair faoi dhlí an Aontais a áirithiú, go háirithe i gcás na gceart a eascraíonn as Treoir 93/13, ceanglas a athdhearbhaítear in Airteagal 7(1) den Treoir sin agus a chumhdaítear freisin in Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a bhfuil feidhm aige, inter alia, maidir le sainiú na rialacha mionsonraithe nós imeachta a bhaineann le caingne os comhair na gcúirteanna atá bunaithe ar na cearta sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Meitheamh 2021, BNP Paribas Personal Finance, C‑776/19 go C‑782/19, EU:C:2021:470, mír 29 agus an cásdlí dá dtagraítear).

47

I ndáil leis sin, chinn an Chúirt, in éagmais athbhreithniú éifeachtach ar nádúr éagórach féideartha théarmaí an chonartha lena mbaineann, nach féidir urramú na gceart a thugtar le Treoir 93/13 a ráthú (breithiúnas an 4 Meitheamh 2020, Kancelaria Medius, C‑495/19, EU:C:2020:431, mír 35 agus an cásdlí dá dtagraítear).

48

Dá bhrí sin, ní féidir leis na coinníollacha a leagtar síos leis an dlí náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Threoir 93/13, an bonn a bhaint de shubstaint an chirt atá ag tomhaltóirí de bhun na forála sin nach mbeidh siad faoi cheangal ag téarma a mheastar a bheith éagórach (breithiúnais an 21 Nollaig 2016, Gutiérrez Naranjo agus páirtithe eile, C‑154/15, C‑307/15 agus C‑308/15, EU:C:2016:980, mír 71, agus an 26 Eanáir 2017, Banco Primus, C‑421/14, EU:C:2017:60, mír 51).

49

Sa chaoi sin, chuir an Chúirt in iúl cheana féin nach féidir cosaint éifeachtach na gceart a thugtar don tomhaltóir leis an Treoir sin a ráthú ach amháin ar choinníoll go gceadaítear leis an gcóras náisiúnta nós imeachta, i gcomhthéacs an nós imeachta um ordú íocaíochta nó faoi chuimsiú an nós imeachta chun an t-ordú íocaíochta a fhorfheidhmiú, athbhreithniú a dhéanamh uaithi féin ar nádúr éagórach féideartha na dtéarmaí atá sa chonradh lena mbaineann (féach, go háirithe, breithiúnais an 18 Feabhra 2016, Finanmadrid EFC, C‑49/14, EU:C:2016:98, mír 46, agus an 13 Meán Fómhair 2018, Profi Credit Polska, C‑176/17, EU:C:2018:711, mír 44).

50

I ndáil leis sin, mheas an Chúirt, i gcás nach bhforáiltear d’athbhreithniú uaithi féin ag an gcúirt ar nádúr éagórach féideartha na dtéarmaí atá sa chonradh lena mbaineann ag céim forfheidhmithe an ordaithe íocaíochta, nach mór a mheas go bhfuil reachtaíocht náisiúnta den chineál go ndéantar an bonn a bhaint d’éifeachtacht na cosanta atá beartaithe le Treoir 93/13 más rud é nach bhforáiltear inti d’athbhreithniú den sórt sin ag an gcéim a dhéantar an t-ordú íocaíochta a eisiúint, nó i gcás ina ndéantar foráil maidir le hathbhreithniú den sórt sin ag céim na hagóide amháin arna taisceadh i gcoinne an ordaithe íocaíochta, más rud é go bhfuil baol neamhdhiomaibhseach ann nach dtaiscfidh an tomhaltóir lena mbaineann an agóid is gá mar gheall ar an sprioc an-ghearr dá bhforáiltear chun na críche sin, nó i bhfianaise na gcostas a bhainfeadh le caingean dlí i ndáil le méid an fhiachais atá faoi dhíospóid, nó toisc nach bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta don oibleagáid an fhaisnéis go léir is gá a chur in iúl ionas go bhféadfaidh sé réimse a cheart a dhéanamh amach (breithiúnas an 20 Meán Fómhair 2018, EOS KSI Slovensko, C‑448/17, EU:C:2018:745, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).

51

Chinn an Chúirt freisin nach mór an Treoir sin a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear bac léi ar reachtaíocht náisiúnta nach gceadaíonn don chúirt atá freagrach as forfheidhmiú fiachais a chinneadh, in imeachtaí forfheidhmiúcháin morgáiste, measúnú a dhéanamh, uaithi féin nó ar iarraidh ón tomhaltóir, ar nádúr éagórach téarma conartha óna n‑eascraíonn an fiachas a éilítear agus atá mar bhunús leis an ionstraim infhorfheidhmithe, ná bearta eatramhacha a ghlacadh, lena n-áirítear, go háirithe, forfheidhmiú a chur ar fionraí, i gcás inar gá na bearta sin a dheonú chun éifeachtacht iomlán an chinnidh chríochnaithigh ón gcúirt atá ag éisteacht shubstaint an cháis a áirithiú, cúirt atá inniúil le nádúr éagórach an téarma sin a fhíorú (ordú an 14 Samhain 2013, Banco Popular Español agus Banco de Valencia, C‑537/12 agus C‑116/13, EU:C:2013:759, mír 60, agus breithiúnas an 17 Iúil 2014, Sánchez Morcillo agus Abril García, C‑169/14, EU:C:2014:2099, mír 28).

52

Sna príomhimeachtaí, is léir ón gcáschomhad atá os comhair na Cúirte go ndearna an chúirt a rinne an tarchur, le hordú an 12 Aibreán 2019, forfheidhmiú an chonartha atá i gceist a fhormheas. Ina theannta sin, is cosúil nach raibh nádúr éagórach féideartha théarmaí an chonartha sin faoi réir athbhreithniú breithiúnach a rinneadh roimhe sin.

53

Is léir ón ordú tarchuir nach gceadaítear a thuilleadh le hAirteagal 713(2) de Chód an Nós Imeachta Sibhialta Leasaithe don chúirt atá freagrach as an bhforfheidhmiú athbhreithniú a dhéanamh, i gcomhthéacs agóid i gcoinne an fhorfheidhmithe, uaithi féin nó arna iarraidh sin ag an tomhaltóir, ar nádúr éagórach téarmaí conartha léasaithe ar ionstraim infhorfheidhmithe é, toisc go bhféadfaidh an chúirt a thabharfaidh breith ar shubstaint an cháis an t‑athbhreithniú sin a dhéanamh mar chuid de chaingean faoin dlí coiteann, nach bhfuil faoi réir aon teorainn ama, agus cumhacht ag an gcúirt sin na himeachtaí forfheidhmiúcháin a chur ar fionraí faoi Dhlí Uimh. 193/2000.

54

I dtaca leis sin, ba cheart a choinneáil i gcuimhne gur chinn an Chúirt, i mír 61 de bhreithiúnas an 26 Meitheamh 2019, Addiko Bank (C‑407/18, EU:2019:537), gur léir nach leor chun lánéifeachtacht na cosanta do thomhaltóirí a cheanglaítear le Treoir 93/13 a áirithiú an fíoras nach féidir leis an gcúirt atá ag éisteacht iarraidh ar fhorfheidhmiú athbhreithniú a dhéanamh, faoin dlí náisiúnta, ar nádúr éagórach féideartha na dtéarmaí atá i gcomhaontú creidmheasa morgáiste arna thabhairt i gcrích idir díoltóir nó soláthróir agus tomhaltóir, agus nach féidir ach leis an gcúirt a éisteann substaint an cháis é sin a dhéanamh ina dhiaidh sin, i gcás inarb infheidhme, arb í an chúirt ar thug an tomhaltóir caingean os a comhair chun téarmaí éagóracha den sórt sin a neamhniú.

55

Chinn an Chúirt, i gcás ina dtugtar na himeachtaí forfheidhmiúcháin chun críche roimh chinneadh na cúirte ar shubstaint an cháis ina ndearbhaítear go bhfuil an téarma conarthach as a n-eascraíonn an forfheidhmiú éagórach agus, dá bhrí sin, lena neamhnítear na himeachtaí sin, ní áiritheofaí leis an gcinneadh sin ach cosaint chúiteach a posteriori don tomhaltóir sin, rud a bheadh neamhiomlán agus neamhleor agus nach mbeadh ina mhodh leordhóthanach ná éifeachtach chun úsáid leanúnach an téarma sin a chosc, contrártha d’Airteagal 7(1) de Threoir 93/13 (ordú an 6 Samhain 2019, BNP Paribas Personal Finance SA Paris Sucursala Bucureşti agus Secapital, C‑75/19, nár foilsíodh, EU:C:2019:950, mir 32 agus an cásdlí dá dtagraítear).

56

Cinnte, murab ionann agus na himthosca fíorasacha agus nós imeachta sna cásanna in Banco Popular Español agus Banco de Valencia agus Sánchez Morcillo agus Abril García, inar tugadh ordú an 14 Samhain 2013 (C‑537/12 agus C‑116/13, EU:2013:759) agus breithiúnas an 17 Iúil 2014 (C‑169/14, EU:2014:2099), cásanna nár ceadaíodh iontu faoin dlí náisiúnta don chúirt bearta sealadacha a ghlacadh go dtí go ndearnadh scrúdú ar na téarmaí conarthacha de réir tuillteanais, sa chás seo, féadfaidh an chúirt atá ag tabhairt breith ar shubstaint an cháis a bhfuil caingean ar leith le breithniú aici ón gcaingean maidir leis na himeachtaí forfheidhmiúcháin na himeachtaí sin a chur ar fionraí.

57

Mar sin féin, is léir ó bharúlacha an Choimisiúin, nach ndearna Rialtas na Rómáine agóid ina leith, go gceanglaítear, sa chaingean ar leith sin os comhair na cúirte a thugann breith ar shubstaint an cháis, ar an tomhaltóir a iarrann go gcuirfí na himeachtaí forfheidhmiúcháin ar fionraí urrús a ríomhtar ar bhonn luach ábhar na caingne a íoc.

58

I dtaca leis sin, is léir ón gcásdlí a luadh i mír 50 den bhreithiúnas seo nach mór na costais a bhainfeadh le caingean dlí i ndáil le méid an fhéich atá faoi dhíospóid gan bheith de chineál go ndíspreagfaí an tomhaltóir dul os comhair na cúirte chun scrúdú a dhéanamh ar nádúr féideartha éagórach téarmaí conarthacha (féach, chuige sin, breithiúnais an 14 Meitheamh 2012, Banco Español de Crédito, C‑618/10, EU:C:2012:349, mír 54; an 18 Feabhra 2016, Finanmadrid EFC, C‑49/14, EU:C:2016:98, míreanna 52 agus 54, agus an 20 Meán Fómhair 2018, EOS KSI Slovensko, C‑448/17, EU:C:2018:745, mír 46).

59

Is dócha nach mbeidh na hacmhainní airgeadais is gá ag féichiúnaí chun an t-urrús is gá a sholáthar (breithiúnas an 26 Meitheamh 2019, Addiko Bank, C‑407/18, EU:C:2019:537, mír 60). Is amhlaidh is mó an cás, de réir mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 58 dá Thuairim, más léir gur mó go suntasach luach ábhar na gcaingne a tionscnaíodh ná luach iomlán an chonartha, mar is cosúil sa chás seo.

60

De thoradh na mbreithnithe uile sin, ní mór Airteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13 a léirmhíniú sa chiall go gcuirtear bac leo ar reachtaíocht náisiúnta nach gceadaíonn don chúirt atá freagrach as an bhforfheidhmiú, a bhfuil agóid os a comhair i gcoinne an fhorfheidhmithe, measúnú a dhéanamh, uaithi féin nó arna iarraidh sin ag an tomhaltóir, ar nádúr éagórach na dtéarmaí i gconradh arna thabhairt i gcrích idir tomhaltóir agus díoltóir nó soláthróir ar ionstraim infhorfheidhmithe é, sa chás nach féidir leis an gcúirt a thugann breith ar shubstaint an cháis, ar féidir caingean ar leith faoin dlí coiteann a chur faoina bráid, d’fhonn scrúdú a fháil ar nádúr éagórach féideartha téarmaí den sórt sin, na himeachtaí forfheidhmiúcháin a chur ar fionraí go dtí go dtabharfaidh sí breith ar na tuillteanais ach amháin má íoctar urrús ar leibhéal ar dóigh dó an tomhaltóir a dhíspreagadh ó chaingean den sórt sin a thabhairt agus a choinneáil ar bun.

Costais

61

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Mór‑Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

Ní mór Airteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra a léirmhíniú sa chiall go gcuirtear bac leo ar reachtaíocht náisiúnta nach gceadaíonn don chúirt atá freagrach as forfheidhmiú fiachais a chinneadh, a bhfuil agóid os a comhair i gcoinne an fhorfheidhmithe sin, measúnú a dhéanamh, uaithi féin nó arna iarraidh sin ag an tomhaltóir, ar nádúr éagórach na dtéarmaí i gconradh arna thabhairt i gcrích idir tomhaltóir agus díoltóir nó soláthróir ar ionstraim infhorfheidhmithe é, sa chás nach féidir leis an gcúirt a thugann breith ar shubstaint an cháis, ar féidir caingean ar leith faoin dlí coiteann a chur faoina bráid, d’fhonn scrúdú a fháil ar nádúr éagórach féideartha téarmaí den sórt sin, na himeachtaí forfheidhmiúcháin a chur ar fionraí go dtí go dtabharfaidh sí breith ar na tuillteanais ach amháin má íoctar urrús ar leibhéal ar dóigh dó an tomhaltóir a dhíspreagadh ó chaingean den sórt sin a thabhairt agus a choinneáil ar bun.

 

Sínithe;


( *1 ) Teanga an cháis: an Rómáinis.