BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

17 Bealtaine 2022 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú — Treoir 93/13/CEE — Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra — Prionsabal na coibhéise — Prionsabal na héifeachtachta — Nósanna imeachta maidir le hordú íocaíochta agus astuithe tríú páirtí — Res judicata lena gcumhdaítear go hintuigthe bailíocht théarmaí infhorfheidhmithe — Cumhacht na cúirte forfheidhmithe chun scrúdú a dhéanamh uaithi féin an bhfuil téarma conarthach éagórach)

I gCásanna Uamtha C-693/19 agus C-831/19,

IARRATAÍ ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ó Tribunale di Milano (Cúirt Dúiche Milano, an Iodáil), trí bhreitheanna an 10 Lúnasa 2019 agus an 31 Deireadh Fómhair 2019, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais an 13 Meán Fómhair 2019 agus an 14 Samhain 2019, sna himeachtaí idir

SPV Project 1503 Srl,

Dobank SpA

v

YB (C-693/19),

agus

Banco di Desio e della Brianza SpA,

Banca di Credito Cooperativo di Carugate e Inzago sc,

Intesa Sanpaolo SpA,

Banca Popolare di Sondrio s.c.p.a,

Cerved Credit Management SpA

v

YX,

ZW (C-831/19),

tugann AN CHÚIRT BHREITHIÚNAIS (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, A. Arabadjiev, K. Jürimäe, C. Lycourgos, E. Regan, S. Rodin (Rapóirtéir) agus I. Jarukaitis, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič, J.-C. Bonichot, M. Safjan, F. Biltgen, P.G. Xuereb, N. Piçarra, L.S. Rossi agus A. Kumin, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: E. Tanchev,

Cláraitheoir: R. Schiano, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus i ndiaidh éisteacht an 27 Aibreán 2021,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Banco di Desio e della Brianza, ag F.L. Monti, S. Sironi agus P. Vitiello, avvocati,

ZW, ag S.M. Zigni agus M. Buzzini, avvocati,

Rialtas na hIodáile, ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó A. Grumetto, avvocato dello Stato,

Rialtas na Gearmáine, ag U. Kühne, J. Möller agus M. Hellmann, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Spáinne, ag S. Centeno Huerta, J. Ruiz Sánchez agus J. Rodríguez de la Rúa Puig, agus ag M.J. Ruiz Sánchez, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na hUngáire, ag M. Z Fehér agus K. Szíjjártó, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag G. Gattinara agus N. Ruiz García, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 15 Iúil 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann na hiarrataí ar réamhrialú le léirmhíniú ar Airteagail 6 agus 7 de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO 1993 L 95, lch. 29) agus le léirmhíniú ar Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”).

2

Rinneadh na hiarrataí seo in imeachtaí idir, ar thaobh amháin, SPV Project 1503 Srl (“SPV”) agus Dobank SpA, ionadaí de chuid Unicredit SpA, agus YB agus, ar an taobh eile, Banco di Desio e della Brianza SpA (“BDB”) agus institiúidí creidmheasa eile agus YX agus ZW, maidir le nósanna imeachta forfheidhmithe atá bunaithe ar ionstraimí infhorfheidhmithe a bhfuil res judicata faighte acu.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

3

Sonraítear sa cheathrú haithris is fiche de Threoir 93/13 nach mór do “chúirteanna nó údaráis riaracháin na mBallstát modhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha a bheith ar fáil dóibh chun cosc a chur ar chur i bhfeidhm téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra”.

[...][Aistriúchán neamhoifigiúil]

4

Foráiltear le hAirteagal 2(b) den Treoir sin:

“Chun críoch na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]ciallaíonn “Tomhaltóir”: aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gconarthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo, chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó nó gairm an duine sin;

[...][Aistriúchán neamhoifigiúil]

5

Foráiltear le hAirteagal 6(1) den Treoir sin:

“Déanfaidh na Ballstáit foráil nach mbeidh téarmaí éagóracha a úsáidtear i gconradh arna chur i gcrích le tomhaltóir ag díoltóir nó ag soláthróir ina gceangal ar an tomhaltóir, amhail dá bhforáiltear faoina ndlí náisiúnta, agus go leanfaidh an conradh de bheith ina cheangal ar na páirtithe de réir na dtéarmaí sin, más féidir leis leanúint de bheith ann gan na téarmaí éagóracha.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6

De réir Airteagal 7(1) den Treoir chéanna:

“Áiritheoidh na Ballstáit, ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí agus na n‑iomaitheoirí, gurb ann do mhodhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha chun bac a chur ar úsáid leanúnach a bhaint as téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra arna dtabhairt i gcrích ag díoltóirí nó soláthróirí.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí na hIodáile

7

Decreto legislativo n. 206, recante Codice del consumo a norma dell’articolo 7 della legge 29 luglio 2003, n. 229 (Foraithne Reachtach Uimh. 206 maidir leis an gCód Tomhaltóra de bhun Airteagal 7 de Dhlí Uimh. 229 an 29 Iúil 2003), an 6 Meán Fómhair 2005 (gnáth fhorlíonadh de chuid GURI Uimh. 235, an 8 Deireadh Fómhair 2005), lenar trasuíodh Treoir 93/13, foráiltear in Airteagal 33(1) agus (2):

“1.   I gconradh idir tomhaltóir agus díoltóir nó soláthróir, measfar gur téarmaí éagóracha iad téarmaí lena gcruthaítear, d’ainneoin meon macánta, éagothroime shuntasach sna cearta agus sna hoibleagáidí faoin gconradh chun aimhleasa an tomhaltóra.

2.   Is téarmaí éagóracha iad mura bhforáiltear cruthúnas dá mhalairt, arb é is cuspóir nó is éifeacht dóibh:

[...]

f)

forchur ar an tomhaltóir, i gcás neamh-fheidhmíochta nó i gcás moille ar chomhlíonadh, suim airgid iomarcach follasach a íoc mar chúiteamh, téarma pionóis nó a choibhéis;

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8

Foráiltear le hAirteagal 36(1) agus (3) den fhoraithne reachtach sin:

“1.   Tá na téarmaí a mheastar a bheith éagórach de bhun Airteagail 33 agus 34 ar neamhní, agus leanfaidh an chuid eile den chonradh de bheith bailí.

[...]

3.   Níl feidhm ag neamhniú ach amháin maidir le leas an tomhaltóra agus féadfaidh an chúirt é a ardú.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9

Foráiltear le hAirteagal 633, sa leagan is infheidhme sna príomhimeachtaí, den Codice di procedura civile (“Cód an Nós Imeachta Sibhialta”) maidir leis na coinníollacha le haghaidh inghlacthachta:

“Ar iarraidh ó aon chreidiúnaí de shuim shonraithe airgid nó de chainníocht shonraithe earraí idirmhalartacha, nó ó fhaighteoir soláthair shonraigh maoine sochorraithe, eiseoidh an chúirt inniúil ordú íocaíochta nó loghadh:

1)

Má tá fianaise i scríbhinn mar thaca leis an gceart a éilítear;

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10

Foráiltear le hAirteagal 640 den chód sin mar a leanas:

“Déanfaidh an chúirt, má mheasann sí nach bhfuil údar leordhóthanach leis an iarraidh, a ordú don chlárlann an t-iarratasóir a chur ar an eolas dá réir sin, agus iarrfaidh sé air an fhianaise a sholáthar.

Mura bhfreagraíonn an t-iarratasóir don iarraidh sin, mura dtarraingeoidh sé siar a iarratas nó mura féidir an t-iarratas a dheonú, diúltóidh an chúirt don iarraidh le cinneadh réasúnaithe.

Tá an cinneadh sin gan dochar don fhéidearthacht an iarraidh a athdhearbhú, lena n-áirítear faoin ngnáthnós imeachta.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

11

Foráiltear le hAirteagal 641 den chód sin, má dheonaítear an iarraidh, go bhfuil an chúirt chun ordú a thabhairt don pháirtí eile an tsuim airgid a íoc agus a chur in iúl dó gur féidir agóid a thaisceadh laistigh de 40 lá.

12

In Airteagal 647 de Chód an Nós Imeachta Sibhialta, sa leagan is infheidhme sna príomhimeachtaí, dar teideal “Infhorfheidhmitheacht ar easpa agóide nó táimhe ar thaobh an pháirtí fhreasúraigh”, luaitear an méid seo a leanas:

“Mura dtaisctear aon agóid laistigh den teorainn ama forordaithe, nó mura bhfuil imeachtaí dlí curtha isteach ag an bpáirtí freasúrach, dearbhóidh [an chúirt] a d’eisigh an t-ordú é a bheith infhorfheidhmithe, ar iarraidh, fiú ó bhéal, ón iarratasóir. [...]

I gcás ina ndearbhófar go bhfuil an t-ordú infhorfheidhmithe de bhun an Airteagail seo, ní fhéadfar an agóid a thaisceadh ná leanúint leis a thuilleadh, gan dochar d’fhorálacha Airteagal 650, agus scaoilfear aon urrús a cuireadh ar fáil.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

13

De réir Airteagal 650 den chód sin, a bhaineann leis an agóid dhéanach

“Féadfaidh an cosantóir agóid a thaisceadh fiú tar éis don teorainn ama arna socrú san ordú dul in éag má chruthaíonn sé nach raibh a fhios aige in am mar gheall ar neamhrialtachtaí san fhógra, de bharr cúinsí neamh-intuartha nó de bharr force majeure.

[...]

Ní fhéadfar aon agóid a thaisceadh tar éis dhul in éag thréimhse 10 lá ón gcéad ghníomh cur chun feidhme.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

14

Foráiltear le hAirteagal 2909 den Codice civile (Cód Sibhialta) maidir le res judicata:

“Beidh éifeacht iomlán ag na cinntí sa bhreithiúnas a bhfuil feidhm res judicata aige amhail idir na páirtithe, a n-oidhrí nó a gcomharbaí i dteideal.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

15

Luann an chúirt a rinne an tarchur, de réir chásdlí tromlaigh an Corte suprema di cassazione (an Chúirt Freaschuir Uachtarach, an Iodáil), go bhfuil feidhm res judicata á bhaint amach le hordú chun suim airgid a íoc nach raibh ina ábhar agóide, ní hamháin i ndáil leis an éileamh a bhfuil aisghabháil á lorg ina leith amháin, ach freisin maidir leis an ionstraim ar a bhfuiltear ag brath mar bhonn don éileamh sin, lena ndéanfar aon rialú ina dhiaidh sin ar na forais ar an údar leis an iarraidh a bhfuiltear ag brath air a eisiamh. Mar thoradh ar an gcásdlí sin, cuireadh i bhfeidhm prionsabal an “res judicata intuigthe” ar ordú neamhagóideach, ar dá réir a mheastar gur réitigh an chúirt a rinne an cinneadh i leith na ceiste ar leith na réamhcheisteanna eile go léir.

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

Cás C-693/19

16

Thug SPV agus creidiúnaithe eile nós imeachta forfheidhmithe os comhair na cúirte a rinne an tarchur chun fiacha a d'eascair as conarthaí airgeadais arna dtabhairt i gcrích le YB a ghnóthú. Tá an nós imeachta seo bunaithe ar ordú íocaíochta atá críochnaitheach anois, toisc nach bhfuil freasúra déanta ag YB ina choinne.

17

Foráladh leis na conarthaí airgeadais atá i gceist, i gcás moill a bheith ar fhéichiúnaí a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh, go gcuirfí téarma pionóis agus ús mainneachtana i bhfeidhm.

18

Ag an éisteacht, d’ordaigh an chúirt forfheidhmithe, ag cur san áireamh go bhféadfadh an téarma a bhaineann le ríomh an úis mhainneachtana a bheith éagórach, do SPV na conarthaí ar ar a mbonn a eisíodh an t-ordú íocaíochta a sholáthar agus d’iarr an chúirt ar YB teacht i láthair ag an gcéad éisteacht eile agus a chur in iúl go bhfuil sé ar intinn aige a éagóraí atá an téarma sin a phlé.

19

Ag an éisteacht ina dhiaidh sin, dúirt YB gur mhian leis brath ar a éagóraí a bhfuil an téarma sin. Dá bhrí sin, ar bhonn bhreithiúnas an 9 Samhain 2010, VB Pénzügyi Lízing (C-137/08, EU:C:2010:659), mheas an chúirt forfheidhmithe go raibh sí in ann measúnú a dhéanamh ar a éagóraí atá an téarma céanna sin a d’fhéadfadh a bheith ann agus shocraigh sí éisteacht nua. Ina phléadálacha, mhaígh SPV go dtoirmisctear leis an res judicata a ghabhann leis an ordú aon rialú ar théarmaí na gconarthaí ar ar a mbonn a eisíodh an t-ordú sin.

20

Luann an chúirt a rinne an tarchur, i gcás ina mbeidh ionstraim infhorfheidhmithe faighte ag creidiúnaí, go bhféadfaidh sé éilimh a fhéichiúnaí féin i gcoinne tríú páirtithe a chur faoi réir nós imeachta astuithe. Luaitear go gceanglaítear ar an gcúirt forfheidhmithe a áirithiú go mbeidh ionstraim infhorfheidhmithe ann a bheidh bailí le linn thréimhse na nósanna imeachta forfheidhmithe ar fad. Dá bhrí sin, bheadh cumhacht na cúirte sin teoranta don rialú ar an ionstraim infhorfheidhmithe a bheith ann agus ní féidir léi, dá bhrí sin, “ábhar bunúsach” a chuimsiú. Déanfar rialú den sórt sin a eisiamh freisin i gcás ina gcuirfeadh an féichiúnaí agóid i gcoinne an fhorfheidhmithe.

21

Fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, agus tagairt á déanamh aici do chásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir le dualgais na cúirte náisiúnta i réimse chosaint na dtomhaltóirí agus an chásdlí a bhaineann leis an bhféidearthacht res judicata a chur ar leataobh in imthosca áirithe, ar a éagóraí atá an téarma a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le hús mainneachtana agus an téarma pionóis sna conarthaí atá i gceist sna príomhimeachtaí sa díospóid atá ar feitheamh os a comhair.

22

Luann an chúirt sin a rinne an tarchur, sa mhéid sin nár thug an chúirt a d’eisigh an t-ordú íocaíochta atá i gceist rialú ar a éagóraí atá na téarmaí thuasluaite a d’fhéadfadh a bheith ann agus, mar gheall ar easpa agóide ó YB, go raibh feidhm res judicata faighte ag an ordú. Dá bhrí sin, agus prionsabal an “res judicata intuigthe” á chur i bhfeidhm, meastar gur scrúdaigh an chúirt sin na téarmaí go léir sna conarthaí airgeadais atá i gceist sna príomhimeachtaí, lena n-áirítear an dá théarma atá i gceist, agus go gcumhdaítear iad leis an bhfoirm sin res judicata.

23

Dá bhrí sin, ní féidir leis an gcúirt forfheidhmithe measúnú a dhéanamh ar a éagóraí atá na téarmaí conarthacha, ní hamháin toisc nach ndéanann sí rialú ar ábhar an ordaithe íocaíochta a eisíodh ar bhonn an ordaithe sin, ach toisc go bhfuil res judicata faighte ag an ordú sin freisin, i gcás nár thaisc an féichiúnaí agóid ina choinne. De réir na cúirte a rinne an tarchur, mura ndéantar rialú sainráite ar a éagóraí atá na téarmaí sna himeachtaí, ní leor an chosaint agus is cosaint neamhiomlán atá ann don tomhaltóir.

24

Sna himthosca sin, chinn Tribunale di Milano bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhair réamhrialú:

“An dtoirmisctear le hAirteagail 6 agus 7 de Threoir 93/13/CEE agus Airteagal 47 den [Chairt], agus faoi cén coinníollacha, reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht a bhfuil cur síos déanta uirthi lena gcuirtear cosc ar an gcúirt forfheidhmithe rialú bunúsach a dhéanamh ar an ionstraim infhorfheidhmithe a bhfuil feidhm res judicata aici agus lena gcuirtear cosc ar an gcúirt chéanna, i gcás ina dtugtar le fios go bhfuil sé ar intinn ag an tomhaltóir brath ar a éagóraí atá an téarma atá sa chonradh ar ar a bhonn a fuarthas an ionstraim infhorfheidhmithe, ó éifeachtaí an res judicata intuigthe a chur ar leataobh?”

Cás C-831/19

25

In 2005, thug BDB conarthaí ráthaíochta i gcrích le YX agus ZW chun fiacha cuideachta a ráthú.

26

Tá nós imeachta athshealbhaithe tionscanta ag BDB os comhair na cúirte a rinne an tarchur i gcoinne na maoine faoi úinéireacht YX agus ZW. Tá an nós imeachta seo, ina ndearna creidiúnaithe eile idirghabháil, bunaithe ar orduithe íocaíochta a d'eisigh cúirt i bhfabhar BDB agus na creidiúnaithe eile seo i gcoinne cuideachta amháin, an príomhfhéichiúnaí, agus ceithre ráthóir, lena n-áirítear YX agus ZW, in 2012 agus 2013. Toisc nár cuireadh agóid i gcoinne na n-orduithe, tá res judicata faighte acu.

27

Le linn na nósanna imeachta athshealbhaithe, bhraith ZW ar a stádas mar thomhaltóir chun a bheith in ann brath ar a éagóraí atá na téarmaí a d’fhéadfadh a bheith ann atá sna conarthaí ráthaíochta ar eisíodh na horduithe íocaíochta ar a mbonn.

28

Áitíonn BDB, cosúil leis na hinstitiúidí creidmheasa eile a bhfuil baint acu leis an nós imeachta athshealbhaithe, nach féidir le ZW brath ar an stádas sin mar gheall ar a stádas mar scairshealbhóir sa phríomhchuideachta is féichiúnaí agus an nasc pósta le YX, ionadaí dlíthiúil na cuideachta sin. Áitíonn siad freisin, beag beann ar an stádas sin a aithint, nach féidir leis an gcúirt forfheidhmithe rialú a dhéanamh ar ionstraim infhorfheidhmithe atá ceart agus críochnaitheach go foirmiúil, amhail ordú íocaíochta neamhagóideach.

29

Measann an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil stádas tomhaltóra ag ZW, sa díospóid os a comhair, ar an bhforas nár cruthaíodh, ar an dáta a thug sé na conarthaí ráthaíochta arna n-eisiúint i gcrích sna príomhimeachtaí, ar an gcéad dul síos, a scair uile i scairchaipiteal na cuideachta is féichiúnaí, arb ionann é agus 22 %, ar an dara dul síos, nach raibh sé cruthaithe go bhfuair sé díbhinní i ndáil leis na scaireanna a bhí á sealbhú agus, ar an tríú dul síos, go raibh sé bunaithe, ó 1976 i leith, bhí caidreamh fostaíochta ar thuarastal aige le cuideachta eile agus mar sin, ag an am a cuireadh na conarthaí ráthaíochta i gcrích, ní raibh aon fheidhm orgánach aige sa phríomhfhéichiúnaí.

30

Maidir leis an gceart atá ag tomhaltóir brath ar a éagóraí atá téarmaí conarthacha ar eisíodh ordú íocaíochta ar a bhonn, leagann an chúirt sin amach na rialacha náisiúnta a bhaineann le nósanna imeachta forfheidhmithe agus maíonn sí, i gcás athshealbhú, go ndéanann an creidiúnaí, ar bhonn ionstraim infhorfheidhmithe, an ceart in rem ar mhaoin dhochorraithe ar leis an bhféichiúnaí í a chur faoi réir forfheidhmithe. Luaitear ann, i gcur i bhfeidhm na gcumhachtaí a fhéadfaidh an chúirt forfheidhmithe a fheidhmiú le linn an nós imeachta astaithe a chur i gcrích, nach ndéanfaidh an breitheamh sin rialú, mar is léir ó mhír 20 den bhreithiúnas seo, ar “ábhar bunúsach” na hionstraime infhorfheidhmithe.

31

Luaitear ann freisin, faoin dlí náisiúnta, nach gá aon fhoirm ar leith chun agóid i gcoinne an fhorfheidhmithe a thaisceadh agus go bhféadfar í a dhéanamh ó bhéal fiú ag an éisteacht os comhair na cúirte forfheidhmithe nó trí fhreagra a thaisceadh, ag an éisteacht sin.

32

Fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, ag tagairt do chásdlí na Cúirte Breithiúnais lena sainítear uathriail nós imeachta na mBallstát d’fhonn éifeachtacht iomlán dhlí substainteach an Aontais a áirithiú, maidir le dualgais na cúirte náisiúnta i réimse na cosanta tomhaltóirí agus an chásdlí a bhaineann leis an bhféidearthacht res judicata a chur ar leataobh i gcúinsí áirithe, maidir leis a éagóraí a d’fhéadfadh a bheith ann, sa díospóid a bhí ar feitheamh os a comhair, na téarmaí sna conarthaí ráthaíochta a bhí i gceist sna príomhimeachtaí a tugadh chun críche idir ZW agus BDB chomh maith le idir ZW agus creidiúnaithe eile, ar eisíodh na horduithe íocaíochta ar a mbonn.

33

I ndáil leis sin, deir an chúirt a rinne an tarchur nach féidir brath ar an gcéim sin, de réir na gcreidiúnaithe, in éagmais agóid a bheith déanta ag ZW, go bhfuil na téarmaí sin éagórach soiléir freisin ó bhreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2009, Asturcom Telecomunicaciones (C-40/08, EU:C:2009:615).

34

Léiríonn an chúirt a rinne an tarchur, áfach, gur léirigh ZW, murab ionann agus an tomhaltóir sa chás a raibh breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2009 mar thoradh air, Asturcom Telecomunicaciones (C-40/08, EU:C:2009:615), sa díospóid sna príomhimeachtaí, go raibh sé ar intinn aige cineál éagórach téarmaí áirithe a dhearbhú agus ar an gcaoi sin deireadh a chur leis an easpa gnímh a léiríodh go dtí go mbunófar an res judicata intuigthe lena gclúdaítear na hionstraimí infhorfheidhmithe.

35

Measann an chúirt sin freisin, ar an dáta ar eisíodh na horduithe íocaíochta a bhí i gceist sna príomhimeachtaí, nár leag an Chúirt síos na coinníollacha faoinar féidir an ráthóir a bheidh ag agairt duine dhlítheanaigh a aicmiú mar thomhaltóir, ar na coinníollacha sin a leagan síos ina dhiaidh sin, le horduithe an 19 Samhain 2015, Tarcău (C-74/15EU:C:2015:772), agus an 14 Meán Fómhair 2016, Dumitraș (C-534/15EU:C:2016:700). Dá bhrí sin, measann an chúirt sin nach raibh ZW in ann a chinneadh, agus láneolas aige ar na fíorais, arbh iomchuí brath, i gcomhthéacs agóide ar na horduithe, ar a éagóraí atá na téarmaí sna conarthaí le díoltóirí nó le soláthraithe, toisc nach raibh sé ar an eolas faoina stádas féin mar thomhaltóir.

36

Dá bhrí sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil an easpa cinnteachta maidir leis an bhféidearthacht ráthóir a aicmiú mar thomhaltóir ar an dáta a fógraíodh na hionstraimí infhorfheidhmithe atá i gceist, rud a d’fhágfadh go mbeadh sé dodhéanta nó ródheacair na cearta a thugtar do thomhaltóirí leis an reachtaíocht náisiúnta lenar trasuíodh Treoir 93/13 a fheidhmiú.

37

Luaitear ann freisin, de bhua phrionsabail an dlí nós imeachta náisiúnta, in éagmais agóide a bheith déanta ag an tomhaltóir, go gcumhdaítear le res judicata orduithe íocaíochta cineál neamhéagórach théarmaí an chonartha ráthaíochta, fiú amháin in éagmais aon scrúdaithe fhollasaigh ag an gcúirt a d’eisigh an t-ordú sin, ar a éagóraí atá na téarmaí sin. Is é an toradh atá air sin, ar an gcéad dul síos, nach féidir cineál éagórach na dtéarmaí conarthacha le linn na bpríomhimeachtaí a dhearbhú agus, ar an dara dul síos, neamh-inghlacthacht na hagóide i gcoinne an fhorfheidhmithe i gcás ina bhfuil sí bunaithe ar fhorais ar cheart a bheith ardaithe ag an bpáirtí nuair a dréachtaíodh an ionstraim infhorfheidhmithe.

38

I ndáil leis sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire i mír 49 de bhreithiúnas an 26 Eanáir 2017, Banco Primus (C-421/14EU:C:2017:60), gur chinn an Chúirt nach dtoirmisctear le Treoir 93/13 riail náisiúnta lena gcuirtear cosc ar an gcúirt náisiúnta athbhreithniú a dhéanamh uaithi féin ar a éagóraí atá na téarmaí conarthacha le díoltóir nó le soláthróir, i gcás inar cinneadh cheana féin dlíthiúlacht na dtéarmaí conarthacha go léir i bhfianaise na Treorach sin le cinneadh a bhfuil res judicata aige. Cuireann sé in iúl gur mheas an Chúirt freisin, sa bhreithiúnas sin, i gcás nach ndearnadh rialú ar a éagóraí atá na téarmaí conarthacha le linn rialú breithiúnach a rinneadh roimhe sin ar an gconradh atá i gceist le cinneadh ag a bhfuil res judicata, nó i gcás nach raibh ach cuid acu faoi réir rialú den sórt sin, ceanglaítear ar an gcúirt náisiúnta, mar sin féin, measúnú a dhéanamh ar a éagóraí atá na téarmaí a d’fhéadfadh a bheith ann atá i gceist.

39

Measann an chúirt a rinne an tarchur freisin go bhféadfar, leis an mbreithiúnas sin, na coinníollacha a leagan síos faoina bhféadfar res judicata sainráite a agairt chun an chúirt náisiúnta a chosc ó rialú a dhéanamh ar a éagóraí atá na téarmaí conarthacha. Os a choinne sin, measann sí nach bhfuil an deis fós ag an gCúirt Bhreithiúnais rialú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht an phrionsabail “res judicata intuigthe” le hAirteagail 6 agus 7 de Threoir 93/13 agus le hAirteagal 47 den Chairt.

40

Sna himthosca sin, chinn Tribunale di Milano bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhair réamhrialú:

“1)

An dtoirmisctear le hAirteagail 6 agus 7 de Threoir 93/13/CEE agus Airteagal 47 den [Chairt], agus faoi cén coinníollacha, reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht a bhfuil cur síos déanta uirthi lena gcuirtear cosc ar an gcúirt forfheidhmithe rialú bunúsach a dhéanamh ar an ionstraim infhorfheidhmithe a bhfuil feidhm res judicata aici, nuair is tomhaltóir í atá díreach tar éis teacht ar an eolas faoina stádas mar thomhaltóir (an ceart dearfach a bhí ann roimhe sin tar éis dó an fheasacht sin a chur as an áireamh) a iarrann go ndéanfaí an rialú sin?

2)

An dtoirmisctear le hAirteagail 6 agus 7 de Threoir 93/13/CEE agus Airteagal 47 den [Chairt], agus faoi cén coinníollacha, reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht a bhfuil cur síos déanta uirthi, mar gheall ar an res judicata intuigthe a fuarthas i ndáil le heaspa éagóir an téarma chonarthaigh, lena gcuirtear cosc ar an gcúirt forfheidhmithe, rialú a dhéanamh ar agóid i gcoinne an fhorfheidhmithe arna déanamh ag an tomhaltóir, ón éagóir sin a aimsiú; agus an féidir bonn cirt a bheith leis an gcosc sin freisin i gcás, i bhfianaise an chirt dhearfaigh a bhí i bhfeidhm tráth go mbunófar an res judicata, nach raibh gá measúnú a dhéanamh ar a éagóraí atá an téarma toisc nárbh fhéidir an ráthóir a aicmiú mar thomhaltóir ansin?”

41

Le cinneadh ó Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 23 Feabhra 2021, rinneadh Cásanna C-693/19 agus C-831/19 a uamadh le haghaidh an nós imeachta ó bhéal agus an bhreithiúnais.

Inghlacthacht iarratais ar réamhrialú i gcás C-831/19

42

Áitíonn BDB go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú neamh-inghlactha ar an bhforas nach tomhaltóir é ZW agus, dá bhrí sin, nach bhfuil Treoir 93/13 infheidhme maidir leis.

43

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, de bhua cásdlí socair, sa nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 267 CFAE, atá bunaithe ar dheighilt shoiléir feidhmeanna idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt, nach bhfuil dlínse ach ag an gcúirt náisiúnta amháin rialú agus measúnú a dhéanamh ar na fíricí sa díospóid sna príomhimeachtaí agus an dlí náisiúnta a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm. Ar an gcaoi chéanna, is faoin gcúirt náisiúnta amháin atá sé, ar tugadh an díospóid os a comhair agus nach mór di freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach atá le déanamh, measúnú a dhéanamh, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, ar an ngá atá leis agus ábharthacht na gceisteanna a chuireann sí faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais. Dá bhrí sin, nuair a bhaineann na ceisteanna a cuireadh isteach le léirmhíniú dhlí an Aontais, tá an Chúirt faoi cheangal, i bprionsabal, rialú a dhéanamh (breithiúnas an 14 Meitheamh 2012, Banco Español de Crédito, C‑618/10EU:C:2012:349, mír 76 agus an cásdlí a luaitear).

44

Ní féidir leis an gCúirt Breithiúnais diúltú do rialú a dhéanamh ar iarraidh ar réamhrialú arna déanamh ag cúirt náisiúnta ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léirmhíniú arna n-iarraidh ar dhlí an Aontais Eorpaigh le fíricí iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, más fadhb de chineál hipitéiseach í nó mura bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt Bhreithiúnais chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (breithiúnas an 14 Meitheamh 2012, Banco Español de Crédito, C-618/10EU:C:2012:349, mír 77 agus an cásdlí a luaitear).

45

Ní hamhlaidh atá sa chás seo.

46

Is léir ón ordú tarchuir agus ó na doiciméid atá os comhair na Cúirte Breithiúnais nach mór, murab ionann agus a céile YX, ZW a aicmiú mar thomhaltóir, ós rud é, ar an dáta ar tugadh na conarthaí ráthaíochta i gcrích le BDB agus leis na creidiúnaithe eile, go raibh ZW ag gníomhú chun críocha atá lasmuigh dá thrádáil nó dá trádáil, dá ghnó nó dá gnó, dá ghairm nó dá gairm agus nach raibh aon nasc feidhmiúil aige leis an gcuideachta lena mbaineann, an príomhfhéichiúnaí. De réir na cúirte a rinne an tarchur, bhí ZW, ó 1976 i leith, nasctha le cuideachta eile trí chaidreamh fostaíochta agus nach raibh aon fheidhm bainistíochta aige laistigh den chuideachta atá i gceist. Thug an chúirt a rinne an tarchur dá haire, chuige sin, go bhfuair ZW, i bhfianaise na ndoiciméad arna dtabhairt ar aird ag ZW le linn an nós imeachta forfheidhmithe, scairshealbhán 22 % i scairchaipiteal an phríomhfhéichiúnaí an 31 Eanáir 2013, cé go raibh na conarthaí ráthaíochta idir ZW agus na creidiúnaithe go léir curtha i gcrích roimh an dáta sin, agus go ndearnadh an t-ordú íocaíochta a fuair BDB sula bhfuair ZW na scaireanna sin.

47

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá aire i mír 51 dá Thuairim, is léir ó bhreithiúnas an 30 Bealtaine 2013, Asbeek Brusse agus de Man Garabito (C‑488/11, EU:2013:341, mír 29), go bhfuil feidhm ag Treoir 93/13 maidir le “haon chonradh” idir tomhaltóir agus díoltóir nó soláthróir, ós rud é go sainítear tomhaltóir in Airteagal 2(b) den Treoir sin mar aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gconarthaí a chumhdaítear leis an Treoir sin, chun críocha atá lasmuigh dá thrádáil nó dá trádáil, dá ghnó nó dá gnó, dá ghairm nó dá gairm.

48

Dá bhrí sin, ós rud é nár chuir ZW an conradh ráthaíochta i gcrích le linn a trádála, a gnó, nó a gairme, ní mór an conradh sin a mheas mar chonradh idir díoltóir nó soláthróir agus tomhaltóir agus, dá bhrí sin, go dtagann sé faoi raon feidhme Threoir 93/13.

49

Dá bhrí sin, ní mór a mheas go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú inghlactha.

Na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

50

Lena ceisteanna dá dtagraítear i gCás C-693/19 agus i gCás C-831/19, ceisteanna ar cheart iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13 a léirmhíniú ar chaoi a gciallaíonn go dtoirmisctear reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, i gcás nach raibh ordú íocaíochta arna eisiúint ag cúirt arna iarraidh sin ag creidiúnaí ina ábhar agóide arna thaisceadh ag an bhféichiúnaí, ní fhéadfaidh an chúirt forfheidhmithe, ar an bhforas go bhfuil sé intuigthe go gclúdaítear le res judicata bailíocht na dtéarmaí seo, lena n-eisiatar aon rialú ar bhailíocht na dtéarmaí, scrúdú a dhéanamh ina dhiaidh sin ar a éagóraí atá na téarmaí conarthacha ar a raibh an t-ordú sin bunaithe. I gCás C-831/19, fiafraítear freisin an raibh aon tionchar, ar an dáta a tháinig an t-ordú chun a bheith críochnaitheach, nach raibh an féichiúnaí ar an eolas go bhféadfaí é a aicmiú mar “thomhaltóir” de réir bhrí na Treorach sin i ndáil leis sin.

51

De réir chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, tá an córas cosanta arna chur chun feidhme le Treoir 93/13 bunaithe ar an dtuiscint go bhfuil an tomhaltóir i riocht níos ísle i leith an díoltóra nó an tsoláthróra maidir le cumhacht margála agus leibhéal eolais (féach, go háirithe, breithiúnas an 26 Eanáir 2017, Banco Primus, C-421/14EU:C:2017:60, mír 40 agus an cásdlí a luaitear).

52

I ndáil leis an seasamh níos laige sin, foráiltear le hAirteagal 6(1) den Treoir sin nach bhfuil téarmaí éagóracha ceangailteach ar na tomhaltóirí. Is foráil shainordaitheach í a bhfuil sé mar aidhm aici cothromaíocht éifeachtach a chur in ionad na cothromaíochta foirmiúla a bhunaítear leis an gconradh idir cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe conarthacha chun comhionannas a athbhunú eatarthu (féach, go háirithe, breithiúnais an 21 Nollaig 2016, Gutiérrez Naranjo agus páirtithe eile, C-154/15, C-307/15 agus C-308/15EU:C:2016:980, míreanna 53 agus 55, agus an 26 Eanáir 2017, Banco Primus, C‑421/14EU:C:2017:60, mír 41).

53

I ndáil leis sin, is léir ó chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais go gceanglaítear ar an gcúirt náisiúnta measúnú a dhéanamh uaithi féin ar a éagóraí atá an téarma conarthach, a thagann faoi raon feidhme Threoir 93/13 agus, ar an dóigh sin, chun an éagothroime idir an tomhaltóir agus an díoltóir nó an soláthróir a chúiteamh, ar choinníoll go bhfuil na gnéithe dlíthiúla agus fíorasacha is gá chun na críche sin aici (breithiúnais an 14 Márta 2013, Aziz, C-415/11EU:C:2013:164, mír 46 agus an cásdlí a luaitear; an 21 Nollaig 2016, Gutiérrez Naranjo agus páirtithe eile, C-154/15, C-307/15 agus C-308/15, EU:C:2016:980, mír 58, agus an 26 Eanáir 2017, Banco Primus, C-421/14, EU:C:2017:60, mír 43).

54

Thairis sin, ceanglaítear le Treoir 93/13 ar na Ballstáit, mar is léir ó Airteagal 7(1), arna léamh in éineacht leis an gceathrú haithris is fiche di, foráil a dhéanamh maidir le modhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha chun bac a chur ar úsáid na dtéarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra arna dtabhairt i gcrích ag díoltóirí nó soláthróirí (breithiúnas an 26 Meitheamh 2019, Addiko Bank, C-407/18EU:C:2019:537, mír 44 agus an cásdlí a luaitear).

55

Cé go bhfuil sé leagtha síos cheana féin ag an gCúirt Bhreithiúnais, agus ceanglais Airteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13 á gcur san áireamh aici, an bealach nach mór don chúirt náisiúnta a áirithiú go gcosnófar na cearta atá ag tomhaltóirí faoin Treoir sin, is é fírinne an scéil fós, i bprionsabal, nach ndéantar le dlí an Aontais na nósanna imeachta is infheidhme maidir le rialú a dhéanamh ar a éagóraí atá an téarma conarthach a chomhchuibhiú, agus go dtagann na nósanna imeachta sin, faoi réir dhlíchóras náisiúnta na mBallstát dá bhrí sin, de bhun phrionsabal an neamhspleáchais nós imeachta na mBallstát sin, ar choinníoll, áfach, nach bhfuil siad níos lú fabhair leo siúd lena rialaítear cásanna comhchosúla atá faoi réir an dlí náisiúnta (prionsabal na coibhéise) agus nach bhfágann siad feidhmiú na gceart a thugtar le dlí an Aontais dodhéanta sa chleachtas nó ródheacair (prionsabal na héifeachtachta) (féach, go háirithe, breithiúnas an 26 Meitheamh 2019, Addiko Bank, C-407/18, EU:C:2019:537, míreanna 45 agus 46 agus an cásdlí a luaitear).

56

Sna himthosca sin, ba cheart cinneadh a dhéanamh an gceanglaítear, leis na forálacha sin, ar an gcúirt forfheidhmithe rialú a dhéanamh ar a éagóraí atá na téarmaí conarthacha a d’fhéadfadh a bheith ann d’ainneoin na rialacha nós imeachta náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme an prionsabal res judicata maidir le cinneadh breithiúnach nach léiríonn go sainráite aon rialú ar an bpointe sin.

57

I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara an tábhacht, i ndlíchóras an Aontais agus sna dlíchórais náisiúnta, a bhaineann leis an bprionsabal res judicata. Bhí deis ag an gCúirt Bhreithiúnais cheana féin a shoiléiriú, chun cobhsaíocht an dlí agus an chaidrimh dhlíthiúil agus dea-riarachán an cheartais a áirithiú freisin, ní mór go bhféadfar cinntí cúirte a tháinig chun bheith críochnaitheach tar éis gach leighis atá ar fáil a bheith éilithe nó tar éis dhul in éag na dteorainneacha ama chun na leigheasanna sin a fheidhmiú a bheith faoi cheist a thuilleadh (féach, go háirithe, breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2009, Asturcom Telecomunicaciones, C-40/08, EU:C:2009:615, míreanna 35 agus 36, agus an 26 Eanáir 2017, Banco Primus, C-421/14EU:C:2017:60, mír 46).

58

Dá bhrí sin, d’aithin an Chúirt nach cosaint iomlán í cosaint tomhaltóirí. Rinne an Chúirt measúnú, go háirithe, nach gceanglaítear le dlí an Aontais ar chúirt náisiúnta gan rialacha nós imeachta náisiúnta lena dtugtar res judicata do chinneadh a chur i bhfeidhm, fiú i gcás ina ndéanfadh sé sárú ar fhoráil a leigheas, de chineál ar bith, i dTreoir 93/13 (féach, go háirithe, breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2009, Asturcom Telecomunicaciones, C-40/08, EU:C:2009:615, mír 37, agus an 21 Nollaig 2016, Gutiérrez Naranjo agus páirtithe eile, C-154/15, C-307/15 agus C-308/15, EU:C:2016:980, mír 68) faoi réir, áfach, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 55 den bhreithiúnas seo, i gcomhréir le comhlíonadh phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta.

59

Maidir le prionsabal na coibhéise, ní mór a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon fhaisnéis os comhair na Cúirte Breithiúnais a thabharfadh amhras maidir le comhlíonadh an phrionsabail sin le reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí. Dealraíonn sé, mar a léiríonn Rialtas na hIodáile, nach gceadaítear leis an dlí náisiúnta don chúirt forfheidhmithe rialú a dhéanamh ar ordú íocaíochta a bhfuil res judicata aige, fiú i gcás sárú a d’fhéadfadh a bheith ann ar rialacha náisiúnta maidir leis an mbeartas poiblí.

60

Maidir le prionsabal na héifeachtachta, chinn an Chúirt nach mór anailís a dhéanamh ar gach cás ina n-eascraíonn an cheist an bhfágann foráil náisiúnta nós imeachta chur i bhfeidhm dhlí an Aontais dodhéanta nó ródheacair lena n-áirítear ionad na forála sin sa nós imeachta ina iomláine, maidir leis an chaoi a stiúradh na himeachtaí agus na gnéithe sonracha a bhaineann leo, agus, i gcás inarb iomchuí, na prionsabail atá mar bhonn ag an gcóras dlí náisiúnta, amhail cearta na cosanta a chosaint, prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus stiúradh cuí na n-imeachtaí (breithiúnas an 22 Aibreán, Profi Credit Slovakia, C-485/19, EU:C:2021:313, mír 53). Rinne an Chúirt measúnú, áfach, nach féidir le hurramú phrionsabal na héifeachtachta dul chomh fada le caillteanas iomlán an tomhaltóra lena mbaineann a chúiteamh (breithiúnas an 1 Deireadh Fómhair 2015, ERSTE Bank Hungary, C-32/14, EU:C:2015:637, mír 62).

61

Thairis sin, shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil ceanglas maidir le cosaint éifeachtach bhreithiúnach i gceist leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit éifeachtacht na gceart atá ag daoine aonair faoi dhlí an Aontais a áirithiú, go háirithe do na cearta a eascraíonn as Treoir 93/13, a athdhearbhaítear in Airteagal 7(1) den Treoir sin agus a chumhdaítear freisin in Airteagal 47 den Chairt, a bhfuil feidhm aige, inter alia, maidir le sainiú na rialacha mionsonraithe nós imeachta a bhaineann le caingne os comhair na gcúirteanna atá bunaithe ar na cearta sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Meitheamh 2021BNP Paribas Personal Finance, C-776/19 go C-782/19EU:C:2021:470, mír 29 agus an cásdlí a luaitear).

62

I ndáil leis sin, chinn an Chúirt Bhreithiúnais, in éagmais rialú éifeachtach ar a éagóraí atá nó nach bhfuil na téarmaí conarthacha lena mbaineann, nach féidir urramú na gceart a thugtar le Treoir 93/13 a ráthú (breithiúnas an 4 Meitheamh 2020, Kancelaria Medius, C-495/19, EU:C:2020:431, mír 35 agus an cásdlí a luaitear).

63

Dá réir sin, ní féidir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Threoir 93/13, difear a dhéanamh do shubstaint an chirt a fhaigheann tomhaltóirí ón bhforáil sin, arna léiriú i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais dá dtagraítear, go háirithe, i mír 53 den bhreithiúnas seo, gan a bheith faoi cheangal ag téarma a mheastar a bheith éagórach (breithiúnais an 21 Nollaig 2016, Gutiérrez Naranjo agus páirtithe eile, C-154/15, C-307/15 agus C-308/15EU:C:2016:980, mír 71, agus an 26 Eanáir 2017, Banco Primus, C-421/14EU:C:2017:60, mír 51).

64

Sna cásanna sna príomhimeachtaí, foráiltear leis an reachtaíocht náisiúnta, in imeachtaí maidir le horduithe íocaíochta nach bhfuil freasúra déanta ina gcoinne a fhorfheidhmiú, nach bhféadfaidh an chúirt forfheidhmithe rialú a dhéanamh ar shubstaint an ordaithe íocaíochta nó rialaithe, uaithi féin nó arna iarraidh sin ag an tomhaltóir, ar a éagóraí atá na téarmaí conarthacha atá mar bhonn leis an ordú sin, mar gheall ar res judicata intuigthe a fuarthas leis an ordú sin.

65

Mar sin féin, is dócha go mbainfidh reachtaíocht náisiúnta faoina meastar go ndearnadh scrúdú uaithi féin ar a éagóraí atá téarmaí conarthacha agus go bhfuil sé res judicata fiú amháin in éagmais aon ráitis maidir leis na cúiseanna chuige sin i gcinneadh amhail cinneadh lena bhforchuirtear ordú íocaíochta an bonn den oibleagáid atá ar an gcúirt náisiúnta scrúdú a dhéanamh uaithi féin ar a éagóraí atá téarmaí conarthacha a d’fhéadfadh a bheith ann, agus aird á tabhairt ar nádúr agus ar thábhacht an leasa phoiblí is bunús leis an gcosaint a thugtar do thomhaltóirí le Treoir 93/13.

66

Dá bhrí sin, ceanglaítear leis an gceanglas maidir le cosaint dlí éifeachtach go mbeadh an chúirt forfheidhmithe in ann measúnú a dhéanamh, lena n-áirítear den chéad uair, ar a éagóraí atá téarmaí conarthacha a d’fhéadfadh a bheith ann a bhí mar bhonn d’ordú íocaíochta arna eisiúint ag cúirt arna iarraidh sin do chreidiúnaí agus nár thaisc an féichiúnaí agóid ina choinne.

67

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta dá aire i míreanna 56 agus 57 dá Thuairim, níl an easpa eolais a bhí ag an bhféichiúnaí ar a stádas mar thomhaltóir, de réir bhrí Threoir 93/13 tráth ar tháinig an cinneadh breithiúnach níos luaithe sin chun bheith críochnaitheach ábhartha, ós rud é, mar a thugtar faoi deara i mír 53 den bhreithiúnas seo, go bhfuil oibleagáid ar an gcúirt náisiúnta measúnú a dhéanamh uaithi féin ar a éagóraí atá téarma conarthach a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin.

68

I bhfianaise an mhéid thuas, is é an freagra ar na ceisteanna a chuirtear i gCás C-693/19 agus i gCás C-831/19, ná nach mór Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13 a léirmhíniú ar chaoi a gciallaíonn go dtoirmisctear reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, i gcás nach raibh ordú íocaíochta arna eisiúint ag cúirt arna iarraidh sin ag creidiúnaí ina ábhar agóide arna thaisceadh ag an bhféichiúnaí, ní fhéadfaidh an chúirt forfheidhmithe, ar an bhforas go bhfuil sé intuigthe go gclúdaítear le res judicata bailíocht na dtéarmaí seo, lena n-eisiatar aon rialú ar bhailíocht na dtéarmaí, rialú a dhéanamh ina dhiaidh sin ar a éagóraí atá téarmaí conarthacha ar a raibh an t-ordú sin bunaithe. Níl sé ábhartha, i ndáil leis sin, tráth a tháinig an t-ordú chun bheith críochnaitheach, nach raibh an féichiúnaí ar an eolas go bhféadfaí é a aicmiú mar “thomhaltóir” de réir bhrí na Treorach sin.

Costais

69

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

Ní mór Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13 ón gComhairle an 5 Aibreán 1993, maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, a léirmhíniú ar chaoi a gciallaíonn go dtoirmisctear reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, i gcás nach raibh ordú íocaíochta arna eisiúint ag cúirt arna iarraidh sin ag creidiúnaí ina ábhar agóide arna thaisceadh ag an bhféichiúnaí, ní fhéadfaidh an chúirt forfheidhmithe, ar an bhforas go bhfuil sé intuigthe go gclúdaítear le res judicata bailíocht na dtéarmaí seo, lena n-eisiatar aon rialú ar bhailíocht na dtéarmaí, rialú a dhéanamh ina dhiaidh sin ar a éagóraí atá téarmaí conarthacha ar a raibh an t-ordú sin bunaithe. Níl sé ábhartha, i ndáil leis sin, tráth a tháinig an t-ordú chun bheith críochnaitheach, nach raibh an féichiúnaí ar an eolas go bhféadfaí é a aicmiú mar “thomhaltóir” de réir bhrí na Treorach sin.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Iodáilis.