BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

26 Aibreán 2022 ( *1 )

(Caingean le haghaidh neamhniú – Treoir (AE) 2019/790 – Airteagal 17(4)(b) agus (c) in fine – Airteagail 11 agus 17(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil – Cosaint na maoine intleachtúla – Oibleagáidí a fhorchuirtear ar sholáthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne – Athbhreithniú uathoibríoch (scagadh) a dhéanamh roimh ré ar inneachar arna chur ar líne ag na húsáideoirí)

I gCás C‑401/19,

CAINGEAN le haghaidh neamhniú faoi Airteagal 263 CFAE, a tionscnaíodh an 24 Bealtaine 2019,

Poblacht na Polainne, arna hionadú ag B. Majczyna, M. Wiącek agus J. Sawicka, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó J. Barski, i gcáil Saineolaí,

iarratasóir,

agus

Parlaimint na hEorpa, arna hionadú ag D. Warin, S. Alonso de León agus W. D. Kuzmienko, i gcáil Gníomhairí,

Comhairle an Aontais Eorpaigh, arna hionadú ag M. Alver, F. Florindo Gijón agus D. Kornilaki, i gcáil Gníomhairí,

cosantóir,

arna dtacú ag:

Ríocht na Spáinne, arna hionadú ar dtús ag S. Centeno Huerta agus J. Rodríguez de la Rúa Puig, ansin ag J. Rodríguez de la Rúa Puig, i gcáil Gníomhairí,

Poblacht na Fraince, arna hionadú ag A.-L. Desjonquères agus A. Daniel, i gcáil Gníomhairí,

Poblacht na Portaingéile, arna hionadú i dtús báire ag M. A. Capela de Carvalho Galaz Pimenta, P. Barros da Costa, P. Salvação Barreto agus L. Inez Fernandes, agus ina dhiaidh sin ag M. A. Capela de Carvalho Galaz Pimenta, P. Barros da Costa, agus P. Salvação Barreto, i gcáil Gníomhairí,

An Coimisiún Eorpach, arna ionadú ag F. Erlbacher, S. L. Kalėda, J. Samnadda agus B. Sasinowska, i gcáil Gníomhairí,

idiragraithe,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, A. Arabadjiev, K. Jürimäe, C. Lycourgos, E. Regan agus S. Rodin, Uachtaráin an Dlísheomra, M. Ilešič (Rapóirtéir), J.-C. Bonichot, M. Safjan, F. Biltgen agus P. G. Xuereb, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: H. Saugmandsgaard Øe,

Cláraitheoir: L. Carrasco Marco, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteachta an 10 Samhain 2020,

tar éis éisteacht le tuairimí an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 15 Iúil 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Lena caingean, iarrann Poblacht na Polainne ar an gCúirt, go príomha, Airteagal 17(4)(b) agus (c) in fine de Threoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoir 96/9/CE agus Treoir 2001/29/CE (IO 2019 L 130, lch. 92) a chur ar neamhní, agus, mar mhalairt rogha, Airteagal 17 a chur ar neamhní ina iomláine i gcás ina measann an Chúirt nach féidir na forálacha sin a scaradh ó fhorálacha eile Airteagal 17 de Threoir 2019/790, gan a substaint a athrú.

An dlí lena mbaineann

An Chairt

2

Tá foclaíocht mar a leanas ag Airteagal 11(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”):

“Tá ag gach uile dhuine an ceart chun saoirse nochtaithe tuairime. Folóidh an ceart sin saoirse chun tuairimí a bheith ag an duine agus faisnéis agus barúlacha a fháil agus a thabhairt gan cur isteach ó údarás poiblí agus ar neamhaird ar theorainneacha.”

3

Déantar foráil le hAirteagal 17(2) den Chairt go ndéanfar “maoin intleachtúil a chosaint”.

4

De réir Airteagal 52(1) agus (3) den Chairt:

“1.   Ní mór foráil le dlí d'aon teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí arna n‑aithint sa Chairt [...] agus ní mór inneachar sár‑riachtanach na gceart agus na saoirsí sin a urramú. Faoi réir phrionsabal na comhréireachta, ní fhéadfar teorainneacha a dhéanamh ach amháin má tá gá leo agus má fhreagraíonn siad iarbhír do chuspóirí leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas [Eorpach] nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.

[...]

3.   A mhéid a chuimsíonn an Chairt [...] cearta a fhreagraíonn do chearta arna ráthú leis an gCoinbhinsiún [Eorpach] chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (CECD), is ionann an bhrí agus an raon feidhme a bheidh ag na cearta sin agus an bhrí agus an [réim] atá leagtha síos leis an gCoinbhinsiún sin. Ní choiscfidh an fhoráil seo dlí an Aontais ar chosaint níos forleithne a sholáthar.”

5

I gcomhréir le hAirteagal 53 den Chairt, “[n]í léireofar aon fhoráil sa Chairt [...] sa chaoi go ndéanfar cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a shrianadh nó a dhochrú mar atá siad arna n‑aithint, ina raonta feidhme faoi seach, le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta agus le comhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas nó na Ballstáit uile ina bpáirtithe iontu, lena n‑áirítear [CECD], agus le bunreachtanna na mBallstát.”

Treoir 2000/31/CE

6

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 14(1) de Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe an tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (“an Treoir maidir le Tráchtáil Leictreonach”) (IO 2000 L 178, lch. 1):

“Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina soláthraítear seirbhís na sochaí faisnéise ina gcuimsítear stóráil faisnéise nó cead stórála faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, ní bheidh an soláthraí seirbhíse faoi dhliteanas na faisnéise a stóráiltear arna iarraidh sin d’fhaighteoir na seirbhíse, ar choinníoll:

(a)

nach bhfuil eolas iarbhír ag an soláthraí ar ghníomhaíocht neamhdhleathach nó ar fhaisnéis neamhdhleathach agus, a mhéid a bhaineann le héilimh ar dhamáistí, nach bhfuil sé ar an eolas faoi fhíorais nó imthosca ónár léir an ghníomhaíocht neamhdhleathach nó an fhaisnéis neamhdhleathach

(b)

nuair a fhaigheann an soláthraí an t‑eolas sin, go bhfeidhmíonn sé go tapa chun rochtain ar an bhfaisnéis a bhaint nó a dhíchumasú.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

Treoir 2001/29/CE

7

Sonraítear le hAirteagal 3(1) de Threoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe de chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO 2001 L 167, lch. 10):

“Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir leis an gceart eisiach ag na húdair aon chur i láthair dá saothair don phobal, trí mheán sreinge nó gan sreang, lena n‑áirítear a saothair a chur ar fáil don phobal ar bhealach trína bhféadfadh duine den phobal rochtain a fháil orthu ón áit agus ag an am dá rogha féin, a údarú nó a thoirmeasc.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

Treoir 2019/790

8

Leagtar an méid seo a leanas amach in Aithrisí 2, 3, 61, 65, 66, 70 agus 84 de Threoir 2019/790:

“(2)

Na treoracha arna nglacadh i réimse an chóipchirt agus na gceart gaolmhar, rannchuidíonn siad le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, déanann siad foráil maidir le [h]ardleibhéal cosanta do shealbhóirí cirt, éascaíonn siad imréiteach na gceart, agus cruthaíonn siad creat inar féidir saothair agus ábhar cosanta eile a shaothrú. Cuireann an creat dlí comhchuibhithe sin le dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh, agus spreagann sé nuálaíocht, cruthaíocht, infheistiú agus táirgeadh inneachair nua, sa timpeallacht dhigiteach freisin, chun ilroinnt sa mhargadh inmheánach a sheachaint. Chomh maith leis sin, cuireann an chosaint a chuirtear ar fáil leis an gcreat dlí sin le cuspóir an Aontais éagsúlacht chultúrtha a urramú agus a chur chun cinn, agus ag an am céanna comhoidhreacht chultúrtha na hEorpa a thabhairt chun suntais. [...]

(3)

Athraíonn an chaoi a ndéantar saothair agus ábhar eile a chruthú, a tháirgeadh, a dháileadh agus a shaothrú i gcónaí a bhuí le forbairtí gasta teicneolaíochta. Bíonn samhlacha nua gnó agus gníomhairí nua ag teacht chun cinn an t‑am ar fad. Ní mór don reachtaíocht ábhartha a bheith in ann seasamh i bhfad na haimsire ionas nach gcuirfear srian leis an bhforbairt theicneolaíoch. Tá na cuspóirí agus prionsabail a leagtar síos le creat cóipchirt an Aontais fónta i gcónaí. […] I réimsí áirithe [áfach] is gá creat cóipchirt reatha an Aontais a oiriúnú agus a fhorlíonadh, agus ardleibhéal cosanta i dtaca le cóipcheart agus cearta gaolmhara á choinneáil. [...]

[...]

(61)

Le roinnt blianta anuas, tá feidhmiú an mhargaidh ábhair ar líne éirithe níos casta. Tá borradh tagtha faoi sheirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne lena soláthraítear rochtain ar mhéid mór inneachair atá faoi chosaint chóipchirt arna uaslódáil ag a n‑úsáideoirí agus tá siad éirithe chun bheith ina bpríomhfhoinsí rochtana ar inneachar ar líne. Ciallaíonn seirbhísí ar líne rochtain níos leithne ar shaothair chultúrtha agus chruthaitheacha a sholáthar agus deiseanna iontacha a thabhairt do thionscail chultúrtha agus chruthaitheacha chun samhlacha nua gnó a fhorbairt. Cé go gceadaíonn siad éagsúlacht agus éascaíocht maidir le rochtain ar inneachar, áfach, gineann siad dúshláin freisin nuair a uaslódáiltear inneachar faoi chosaint chóipchirt gan údarú roimh ré a fháil ó shealbhóirí cirt. Tá éiginnteacht dhlíthiúil ann i dtaobh an é go ndéanann soláthraithe na seirbhísí sin gníomhartha atá ábhartha do cóipcheart agus an gá dóibh údaruithe a fháil ó shealbhóirí cirt le haghaidh an inneachair atá uaslódáilte ag a n‑úsáideoirí nach bhfuil na cearta ábhartha i seilbh acu san inneachar uaslódáilte, gan dochar do chur i bhfeidhm na n‑eisceachtaí agus na dteorainneacha dá bhforáiltear i ndlí an Aontais. Leis an éiginnteacht sin, déantar difear d’fhéidearthachtaí na sealbhóirí cirt chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh an úsáidfear a saothair agus ábhar eile agus cé na coinníollacha faoina n‑úsáidfear iad, agus chomh maith leis sin an mbeidh siad ábalta luach saothair iomchuí a fháil ina leith. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, forbairt an mhargaidh ceadúnúcháin idir sealbhóirí cirt agus soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne a chothú. Ba cheart na comhaontuithe ceadúnúcháin sin a bheith cothrom agus cóimheá réasúnta a choinneáil don dá pháirtí. Ba cheart go bhfaigheadh na sealbhóirí cirt luach saothair iomchuí as úsáid a saothar nó ábhair eile. Toisc nach ndéantar difear do shaoirse chonarthach leis na forálacha sin, áfach, níor cheart oibleagáid a chur ar na sealbhóirí cirt údarú a thabhairt ná comhaontuithe ceadúnúcháin a thabhairt i gcrích.

[...]

(65)

Nuair a bhíonn soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne faoi dhliteanas as gníomhaíochtaí cumarsáide leis an bpobal nó nuair a dhéanann siad inneachar a chur ar fáil don phobal faoi na coinníollacha a bhunaítear faoin Treoir seo, níor cheart go mbeadh feidhm ag Airteagal 14(1) de Threoir [2000/31] maidir leis an dliteanas a eascraíonn as an bhforáil sa treoir seo maidir le úsáid inneachair chosanta ag soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne. Níor cheart go ndéanfadh an méid sin difear d’Airteagal 14(1) de Threoir [2000/31] a chur i bhfeidhm maidir leis na soláthraithe seirbhíse sin chun na gcríoch atá lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo.

(66)

Á chur san áireamh go ndéanann soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne rochtain a thabhairt d'inneachar nach iad féin ach a gcuid úsáideoirí a uaslódálann é, is iomchuí foráil do shásra dliteanais sonrach chun críocha na Treorach seo le haghaidh cásanna nach bhfuil údarú ar bith deonaithe ina leith. [...] I gcás nach bhfuil aon údarú deonaithe do na soláthraithe seirbhíse, ba cheart go ndéanfaidís a lándícheall i gcomhréir le hardchaighdeáin an díchill ghairmiúil sa tionscal chun go seachnófaí saothair neamhúdaraithe agus ábhar eile, amhail a bheidh aitheanta ag na sealbhóirí cirt ábhartha, a bheith ar fáil ar a gcuid seirbhísí. Chun na críche sin, ba cheart do na sealbhóirí cirt faisnéis ábhartha agus riachtanach a sholáthar do na soláthraithe seirbhíse, á chur san áireamh dóibh, i measc tosca eile, líon na sealbhóirí cirt agus cineál a gcuid saothar agus ábhar eile. Na céimeanna a ghlacann na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne i gcomhar leis na sealbhóirí cirt, níor cheart go leanfadh as go mbeadh cosc á chur ar inneachar neamhsháraitheach a bheith ar fáil, lena n‑áirítear úsáid saothar nó ábhar cosanta eile atá clúdaithe ag comhaontú ceadúnaithe nó ag eisceacht nó teorainn ar chóipcheart. Ar an tslí sin, níor cheart go ndéanfadh sé difear d'úsáideoirí a úsáideann seirbhísí na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne chun faisnéis a uaslódáil agus a rochtain go dleathach ar na seirbhísí sin.

Ina theannta sin, maidir leis na hoibleagáidí a bhunaítear sa treoir seo, níor cheart go leanfadh astu sin go ndéanfadh Ballstáit oibleagáid faireacháin ghinearálta a fhorchur. Nuair a bhítear ag measúnú cibé a bhfuil lándícheall déanta ag soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne i gcomhréir le hardchaighdeáin an díchill ghairmiúil sa tionscal, ba cheart a chur san áireamh cibé an bhfuil na céimeanna go léir glactha ag an soláthraí seirbhíse a bheadh glactha ag oibreoir dícheallach chun an toradh a bhaint amach go gcuirfí cosc ar shaothair neamhúdaraithe nó ábhar neamhúdaraithe eile a bheith ar fáil ar a shuíomh gréasáin, ag cur san áireamh sárchleachtais an tionscail agus a éifeachtaí atá na céimeanna a rinneadh i bhfianaise na dtosca agus forbairtí ábhartha uile, chomh maith le prionsabal na comhréireachta. Chun críocha an mheasúnaithe sin, ba cheart líon áirithe eilimintí a bhreithniú, amhail méid na seirbhíse, úrscothacht éabhlóideach na meán atá cheana ann, lena n‑áirítear forbairtí todhchaíocha féideartha, ar mhaithe leis an gcás a sheachaint go mbeadh fáil ar chineálacha éagsúla inneachair agus costas a ghabhann leis na meáin sin do na seirbhísí. D'fhéadfadh sé go mbeadh bealaí éagsúla chun an fháil ar inneachar neamhúdaraithe faoi chosaint chóipchirt a sheachaint iomchuí agus comhréireach in aghaidh an chineáil inneachair agus, dá bhrí sin, ní féidir é a chur as an áireamh nach bhféadfaí inneachar neamhúdaraithe a sheachaint i gcásanna áirithe ach amháin ar fhógra ina thaobh a bheith faighte ag na sealbhóirí cirt. Aon chéimeanna a ghlacann soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt ábhar ar líne, ba cheart dóibh a bheith éifeachtach a mhéid a bhaineann leis na cuspóirí atá á saothrú ach níor cheart dóibh dul thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a ghnóthú go ndéanfar an fháil atá ar shaothair neamhúdaraithe agus ar ábhar neamhúdaraithe eile a sheachaint agus a scor.

[...]

(70)

Ba cheart […] na céimeanna a ghlacann na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne [a bheith] gan dochar do chur i bhfeidhm na n‑eisceachtaí agus na dteorainneacha ar chóipcheart, lena n‑áirítear go háirithe iadsan a ráthaíonn saorchead cainte na n‑úsáideoirí. Ba cheart [a cheadú] d’úsáideoirí inneachar arna ghiniúint ag úsáideoirí go sonrach ar mhaithe le hathlua, critic, léirmheas, scigmhagadh, scigaithris nó paistís a uaslódáil agus a chur ar fáil. Tá tábhacht ar leith leis seo chun cóimheá a aimsiú idir na cearta bunúsacha atá [sa Chairt], go háirithe an tsaoirse cainte agus saoirse na n‑ealaíon, agus an ceart chun maoine, lena n‑áirítear maoin intleachtúil. Ar na cúiseanna sin, ba cheart […] na heisceachtaí sin [a bheith] éigeantach chun a áirithiú go bhfaigheann úsáideoirí cosaint aonfhoirmeach ar fud an Aontais. Tá sé tábhachtach a áirithiú go mbíonn sásra éifeachtach gearáin agus sásaimh á oibriú ag seirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne chun tacú leis na húsáidí chun na gcríoch sonrach sin.

Ba cheart do na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt ábhar ar líne, freisin, sásraí éifeachtacha agus tapa gearáin agus sásaimh a chur ar bun chun deis a thabhairt d’úsáideoirí gearán a dhéanamh i dtaobh na gcéimeanna atá glactha a mhéid a bhaineann lena n‑uaslódálacha, go háirithe cén uair a d’fhéadfaidís tairbhiú d’eisceacht nó de theorainn ar chóipcheart i ndáil le huaslódáil atá bainte anuas nó a bhfuil rochtain uirthi díchumasaithe. Aon ghearán a [chumhdaítear] faoi na sásraí sin, ba cheart […] é a phróiseáil gan moill mhíchuí agus é a bheith faoi réir cinneadh arna dhéanamh ag duine daonna. Nuair a iarrann na sealbhóirí cirt ar na soláthraithe seirbhíse gníomhaíocht a dhéanamh in aghaidh uaslódálacha ag úsáideoirí, amhail rochtain a dhíchumasú nó inneachar atá uaslódáilte a bhaint anuas, ba cheart do na sealbhóirí cirt údar cuí a thabhairt lena n‑iarrataí. [...] Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go mbíonn rochtain ar shásraí sásaimh lasmuigh den chúirt le haghaidh réiteach díospóidí ag úsáideoirí. Ba cheart do na sásraí sin deis a thabhairt díospóidí a shocrú go neamhchlaonta. Ba cheart […] rochtain [a bheith] ag úsáideoirí ar chúirt nó ar údarás breithiúnach ábhartha eile chun úsáid eisceachta nó teorann ar chearta cóipchirt agus ar chearta gaolmhara a éileamh.

[...]

(84)

Sa [T]reoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt. Dá réir sin, ba cheart an Treoir seo a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.”

9

Foráiltear i mír 1 d’Airteagal 1 de Threoir 2019/790, dar teideal “Ábhar agus raon feidhme” go leagtar síos rialacha leis an Treoir sin arb é is aidhm dóibh comhchuibhiú breise a dhéanamh ar dhlí an Aontais is infheidhme maidir le cóipcheart agus le cearta gaolmhara faoi chuimsiú an mhargaidh inmheánaigh, agus úsáidí digiteacha agus trasteorann inneachair chosanta á gcur san áireamh go háirithe, agus go leagtar síos léi freisin rialacha maidir le heisceachtaí agus maidir le teorainneacha ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara, maidir le ceadúnais a éascú, mar aon le rialacha arb é is aidhm dóibh margadh dea-fheidhmithe a áirithiú chun saothair agus ábhar eile a shaothrú. Tugtar le fios i mír 2 den Airteagal sin, nach ndéanfar difear leis an Treoir sin, i bprionsabal, do na rialacha atá ann cheana a leagtar síos sna Treoracha atá i bhfeidhm sa réimse sin, inter alia, i dTreoracha 2000/31 agus 2001/29.

10

Sainmhínítear an coincheap “soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne” mar “s[h]oláthraí seirbhíse sochaí faisnéise arb é a phríomhchuspóir nó ceann dá chuid príomhchuspóirí lear mór de shaothair atá faoi chosaint chóipchirt nó ábhar cosanta eile, arna n‑uaslódáil ag a úsáideoirí, a stóráil nó rochtain phoiblí orthu a thabhairt, agus arb é féin a eagraíonn an tseirbhís agus a chuireann chun cinn í chun críocha brabús a dhéanamh” sa chéad abairt d’Airteagal 2(6) den Treoir seo. Cuirtear as an áireamh den choincheap sin leis an dara habairt den fhoráil “soláthraithe seirbhíse, amhail ciclipéid ar líne neamhbhrabúsmhara, taisclanna oideachais agus eolaíochta neamhbhrabúsmhara, ardáin forbartha agus comhroinnte bogearraí foinse oscailte, soláthraithe seirbhíse cumarsáide leictreonaí [...], margaí ar líne agus néalseirbhísí gnó le gnó agus néalseirbhísí a cheadaíonn d’úsáideoirí inneachar a uaslódáil dá n‑úsáid féin”.

11

Is é Airteagal 17 den Treoir sin, dar teideal “Úsáid inneachair chosanta ag soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne” an t‑aon fhoráil i gCaibidil 2, dar teideal “Úsáidí áirithe inneachair chosanta ag seirbhísí ar líne”, de Theideal IV dar teideal “Bearta chun margadh dea‑fheidhmithe le haghaidh cóipchirt a bhaint amach” den Treoir sin. Is mar a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 17 sin:

“1.   Forálfaidh na Ballstáit gur gníomh cur i láthair don phobal nó gníomh cur ar fáil don phobal chun críocha na Treorach seo a dhéanann soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne nuair a thugann sé rochtain phoiblí ar shaothair atá faoi chosaint chóipchirt nó ar ábhar cosanta eile atá uaslódáilte ag a húsáideoirí.

Dá bhrí sin, gheobhaidh soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne údarú ó na sealbhóirí cirt dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2) de Threoir [2001/29], mar shampla trí chomhaontú ceadúnaithe a thabhairt i gcrích, chun na saothair nó an t‑ábhar eile a chur i láthair don phobal nó a chur ar fáil don phobal.

2.   Déanfaidh na Ballstáit a fhoráil, nuair a bhíonn údarú faighte ag soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne, mar shampla trí chomhaontú ceadúnaithe a chur i gcríoch, go gclúdóidh an t‑údarú sin freisin gníomhaíochtaí a rinne úsáideoirí na seirbhísí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 3 de Threoir [2001/29] nuair nach bhfuil siad ag gníomhú ar bhonn tráchtála nó sa chás nach ngineann a ngníomhaíocht ioncaim shuntasacha.

3.   Nuair a dhéanann soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne gníomh de chur i láthair don phobal nó de chur ar fáil don phobal, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo, ní bheidh feidhm ag an teorainn dliteanais a bhunaítear in Airteagal 14(1) de Threoir [2000/31] maidir leis na staideanna atá clúdaithe ag an Airteagal seo.

Ní dhéanfaidh an chéad fhomhír den mhír seo difear don fhéidearthacht Airteagal 14(1) de Threoir [2000/31] a chur i bhfeidhm maidir leis na soláthraithe seirbhíse sin chun na gcríoch atá lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo.

4.   Mura mbíonn aon údarú deonaithe, beidh soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne faoi dhliteanas as gníomhaíochtaí neamhúdaraithe de shaothar agus ábhar eile atá faoi chosaint chóipchirt a chur i láthair an phobail lena n‑áirítear na saothair agus ábhair eile atá faoi chosaint chóipchirt a chur ar fáil don phobal, mura rud é go léiríonn na soláthraithe seirbhíse go ndearna siad:

(a)

sárdhícheall chun údarú a fháil; agus

(b)

sárdhícheall, i gcomhréir le hardchaighdeáin an díchill ghairmiúil sa tionscal, a áirithiú nach bhfuil fáil ar shaothair agus ábhar eile ar leith a ndearna sealbhóirí cirt faisnéis ábhartha agus riachtanach ina dtaobh a sholáthar do na soláthraithe seirbhíse, agus in aon chás;

(c)

gníomhú go tapa, ar fhógra leor-réasúnaithe a fháil ó na sealbhóirí cirt, chun saothair nó ábhar a bhfuair siad fógra ina dtaobh a bhaint dá suíomhanna gréasáin nó rochtain orthu a dhíchumasú, agus go ndearna siad sárdhícheall chun aon uaslódálacha todhchaíocha a chosc i gcomhréir le pointe (b).

5.   Ina chinneadh cibé a bhfuil a cuid oibleagáidí faoi mhír 4 comhlíonta ag soláthraí seirbhíse, agus i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta, ba cheart na heilimintí seo a leanas, i measc nithe eile, a chur san áireamh:

(a)

cineál, spriocphobal agus méid na seirbhísí agus na gcineálacha saothair nó ábhar eile a ndearna úsáideoirí na seirbhíse iad a uaslódáil; agus

(b)

an fháil atá ar mheáin oiriúnacha agus éifeachtacha agus costas na meán sin do na soláthraithe seirbhíse.

6.   Forálfaidh na Ballstáit, maidir le soláthraithe seirbhíse nua atá ag comhroinnt inneachar ar líne a bhfuil a gcuid seirbhísí ar fáil don phobal san Aontas ar feadh níos lú ná 3 bliana agus a bhfuil a láimhdeachas bliantúil faoi EUR 10 milliún arna ríomh i gcomhréir le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2003 [maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO 2003 L 124, lch. 36], go bhfuil na coinníollacha leo faoin gcóras dliteanais a leagtar amach i mír 4 teoranta do phointe (a) de mhír 4 a chomhlíonadh agus do ghníomhú go tapa, ar fhógra leor-réasúnaithe a fháil, chun rochtain ar shaothair agus ar ábhair a bhfaigheann siad fógra ina dtaobh a chosc nó chun na saothair nó ábhair eile a bhaint anuas dá suíomhanna gréasáin nó rochtain orthu a dhíchumasú.

I gcás ina mbíonn meánlíon na gcuairteoirí uathúla míosúla atá ag na soláthraithe seirbhíse sin níos mó ná 5 mhilliún, arna ríomh ar bhonn na bliana féilire díreach roimhe sin, léireoidh siad freisin go ndearna siad sárdhícheall chun uaslódálacha breise de na saothair agus ábhar eile a bhfuair siad fógra ina leith agus ar thug na sealbhóirí cirt faisnéis ábhartha agus riachtanach dóibh ina dtaobh a chosc.

7.   An comhar idir soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne agus sealbhóirí cirt, ní hé a bheidh de thoradh air go gcoiscfear an fháil atá ar shaothair agus ar ábhar eile arna n‑uaslódáil ag úsáideoirí agus nach sáraíonn cóipcheart agus cearta gaolmhara, lena n‑áirítear i gcás ina bhfuil na saothair sin nó ábhar eile clúdaithe ag eisceacht nó teorainn.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh úsáideoirí i ngach Ballstát in ann brath ar cheann ar bith de na heisceachtaí nó teorainneacha seo a leanas atá cheana ann nuair a bhíonn inneachar arna ghiniúint ag úsáideoirí á uaslódáil nó á chur ar fáil ar sheirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne:

(a)

athlua, critic, léirmheas;

(b)

úsáid chun críche caracatúir, scigaithrise nó paistíse.

8.   Ní leanfaidh aon oibleagáid faireacháin ghinearálta as cur i bhfeidhm an Airteagal seo.

Forálfaidh na Ballstáit go soláthróidh soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne do na sealbhóirí cirt, arna iarraidh sin dóibh, faisnéis leormhaith maidir le feidhmiú a gcleachtas i ndáil leis an gcomhar dá dtagraítear i mír 4 agus, i gcás comhaontuithe ceadúnaithe a bheith tugtha chun críche idir soláthraithe seirbhíse agus sealbhóirí cirt, faisnéis maidir le húsáid an inneachair atá clúdaithe ag na comhaontuithe.

9.   Forálfaidh na Ballstáit go ndéanfaidh soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne sásra gearáin agus sásaimh atá éifeachtach agus tapa a chur ar bun agus go mbeidh sé ar fáil d’úsáideoirí a seirbhísí i gcás díospóidí i dtaobh saothair nó ábhar eile arna n‑uaslódáil acu a bhaint anuas nó rochtain orthu a dhíchumasú.

Nuair a iarrann sealbhóirí cirt go ndéanfar rochtain ar a saothair nó a n‑ábhair eile ar leith a dhíchumasú, nó na saothair nó an t‐ábhar eile sin a bhaint anuas, tabharfaidh siad réasúnú cuí ar na cúiseanna atá acu lena n‑iarraidh. Gearáin a chuirtear isteach faoin sásra a ndéantar foráil dó sa chéad fhomhír, déanfar iad a phróiseáil gan moill mhíchuí agus cinntí chun inneachar uaslódáilte a bhaint anuas nó chun rochtain air a dhíchumasú, beidh siad faoi réir athbhreithniú ó dhuine daonna. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh fáil ar shásraí sásaimh lasmuigh den chúirt le haghaidh réiteach díospóidí. Leis na sásraí sin, beifear in ann díospóidí a réiteach go neamhchlaonta agus ní cheilfear an chosaint dlí a thugann an dlí náisiúnta ar an úsáideoir, gan dochar do chearta na n‑úsáideoirí dul ar iontaoibh réitigh bhreithiúnacha éifeachtúla. Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag úsáideoirí ar chúirt nó ar údarás breithiúnach ábhartha eile chun úsáid eisceachta nó teorann ar chearta cóipchirt agus cearta gaolmhara a éileamh.

Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear ar aon slí d’úsáidí dlisteanacha, amhail úsáidí faoi eisceachtaí nó teorainneacha dá bhforáiltear i ndlí an Aontais, agus ní fhágfaidh [sí] go bhféadfar úsáideoirí aonair a shainaithint ná sonraí pearsanta a phróiseáil, seachas i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO 2002 L 201, lch. 37)], agus le Rialachán (AE) 2016/679 [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1)].

Déanfaidh soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne na húsáideoirí a chur ar an eolas ina gcuid téarmaí agus coinníollacha gur féidir leo saothair agus ábhar eile a úsáid faoi eisceachtaí nó teorainneacha ar chóipcheart agus cearta gaolmhara dá bhforáiltear i ndlí an Aontais.

10.   Amhail ón 6 Meitheamh 2019, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, idirphléite a eagrú leis na geallsealbhóirí chun dea‑chleachtais don chomhar idir soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne agus sealbhóirí cirt a phlé. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhchomhairle le soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne, le sealbhóirí cirt, le heagraíochtaí úsáideoirí agus le geallsealbhóirí ábhartha eile agus aird á tabhairt ar thorthaí na n‐idirphléite leis na geallsealbhóirí, treoraíocht a eisiúint maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo, go háirithe i ndáil leis an gcomhar dá dtagraítear i mír 4. Nuair a bhíonn na dea-chleachtais á bplé, tabharfar aird ar leith, i measc nithe eile, ar an ngá atá ann le cóimheá a aimsiú idir cearta bunúsacha agus úsáid na n‐eisceachtaí agus na dteorainneacha. Chun críche an idirphlé seo leis na geallsealbhóirí, beidh rochtain ag eagraíochtaí úsáideoirí ar fhaisnéis leormhaith ó sholáthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne maidir le feidhmiú a gcuid cleachtas i ndáil le mír 4.”

An t‐ordú atá á lorg ag na páirtithe agus an nós imeachta os comhair na Cúirte

12

Iarrann Poblacht na Polainne ar an gCúirt:

Airteagal 17(4)(b) de Threoir 2019/790 chomh maith le 17(4)(c) in fine di, is é sin le rá, i dtaobh na foclaíochta “agus go ndearna siad sárdhícheall chun aon uaslódálacha todhchaíocha a chosc i gcomhréir le pointe (b)”, a chur ar neamhní;

mar mhalairt rogha, Airteagal 17 a chur ar neamhní ina iomláine i gcás ina measann an Chúirt nach féidir na forálacha dá dtagraítear sa fhleasc roimhe seo a scaradh ó fhorálacha eile Airteagal 17 den Treoir sin, gan a substaint a athrú;

a ordú do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.

13

Iarrann an Pharlaimint ar an gCúirt an chaingean a dhiúltú ar an bhforas nach bhfuil aon bhunús léi agus a ordú do Phoblacht na Polainne na costais a íoc.

14

Iarrann an Chomhairle ar an gCúirt an t‐ordú atá á lorg go príomha, a dhiúltú ar an bhforas go bhfuil sé neamh-inghlactha nó an chaingean a dhiúltú ar an bhforas nach bhfuil aon bhunús léi agus a ordú do Phoblacht na Polainne na costais a íoc.

15

Le cinneadh ó Uachtarán na Cúirte an 17 Deireadh Fómhair 2019, tugadh cead idiragartha do Ríocht na Spáinne, do Phoblacht na Fraince, do Phoblacht na Portaingéile agus don Choimisiún Eorpach mar thaca leis an ordú atá á lorg ag an bParlaimint agus ag an gComhairle, i gcomhréir le hAirteagal 131(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais.

An chaingean

Inghlacthacht

16

Éilíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle, agus iad á dtacú ag Poblacht na Fraince agus ag an gCoimisiún, go bhfuil an t‐ordú atá á lorg go príomha neamh-inghlactha, toisc go bhfuil Airteagail 17(4)(b) agus (c) in fine de Threoir 2019/790 do-scartha ón gcuid eile d’Airteagal 17 úd.

17

I ndáil leis sin, ba cheart a choinneáil i gcuimhne nach féidir gníomh de chuid an Aontais a chur ar neamhní i bpáirt ach amháin sa mhéid is gurb inscartha ón gcuid eile den ghníomh na heilimintí arb ábhar d’iarratas le haghaidh neamhniú iad. Rialaigh an Chúirt go mion minic nach gcomhlíontar an ceanglas sin i gcás ina mbeadh sé d’éifeacht ag neamhniú páirteach gnímh a shubstaint a athrú (breithiúnas an 8 Nollaig 2020, an Pholainn v an Phairlimint agus an Chomairle, C‑626/18, EU:C:2020:1000, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear).

18

Ina theannta sin, is gá réim eilimintí gnímh de chuid an Aontais a scrúdú d’fhonn cineál inscartha na n‑eilimintí sin a fhíorú, d’fhonn measúnú a dhéanamh cibé an athrófaí spiorad agus substaint an ghnímh sin dá gcuirfí na heilimintí sin ar neamhní (breithiúnas an 8 Nollaig 2020, an Pholainn v an Phairlimint agus an Chomairle, C‑626/18, EU:C:2020:1000, mír 29 agus an cásdlí dá dtagraítear).

19

Thairis sin, is ionann an cheist cibé an athrófaí spiorad agus substaint gnímh de chuid an Aontais dá gcuirfí ar neamhní i bpáirt é, agus critéar oibiachtúil, ní critéar suibiachtúil atá nasctha le toil pholaitiúil na hinstitiúide a bhfuil an gníomh sin glactha aici (breithiúnas an 8 Nollaig 2020, an Pholainn v an Phairlimint agus an Chomairle, C‑626/18, EU:C:2020:1000, mír 30 agus an cásdlí dá dtagraítear).

20

Mar a tharraing an tAbhcóide Ginearálta aird air i mír 44 dá Thuairim agus mar a áitíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle, arna dtacú ag Poblacht na Fraince agus ag an gCoimisiún, le hAirteagal 17 de Threoir 2019/790 cruthaítear córas nua dliteanais i leith soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne, arb ionann na forálacha éagsúla de agus aon ní iomlán, agus mar is léir ó Aithrisí 61 agus 66 den Treoir sin, tá sé beartaithe leo cóimheá a bhaint amach idir cearta agus leasanna na soláthraithe, iadsan ar le húsáideoirí a seirbhísí iad, agus iadsan ar leis na sealbhóirí cirt iad. Go háirithe, chuirfí córas atá éagsúil go mór agus i bhfad níos fabhraí do na soláthraithe sin in ionad an chórais dliteanais sin dá gcuirfí Airteagail 17(4)(b) agus (c) in fine den Treoir sin ar neamhní. Mar sin, d’athrófaí substaint Airteagal 17 dá ndéanfaí neamhní i bpáirt dá leithéid sin.

21

Is léir mar sin go bhfuil Airteagal 17(4)(b) agus (c) in fine de Threoir 2019/790 do-scartha ón gcuid eile d’Airteagal 17 agus, uime sin, go bhfuil an t‐ordú atá á lorg go príomha, lena n‐éilítear nach ndéanfaí ach na forálacha sin a chur ar neamhní, neamh-inghlactha.

22

Os a choinne sin, ní chonspóidtear go bhfuil Airteagal 17(4) de Threoir 2019/790 a áirítear i gcaibidil ar leith de Theideal IV di, Teideal a bhaineann le bearta chun margadh dea-fheidhmithe le haghaidh cóipchirt a bhaint amach agus, uime sin, go bhfuil an t‐ordú atá á lorg ag Poblacht na Polainne mar mhalairt rogha, lena n‐éilítear go gcuirfí Airteagal 17 ar neamhní ina iomláine, inghlactha.

Substaint an cháis

23

Mar thaca leis an ordú atá á lorg aici, tarraingíonn Poblacht na Polainne saincheist dlí aonair anuas, lena líomhnaítear gur sáraíodh an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, arna ráthú in Airteagal 11 den Chairt.

24

Tá an tsaincheist dlí seo bunaithe ar an argóint nach foláir do sholáthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne faireachán coisctheach a dhéanamh ar an inneachar ar fad is mian lena n‑úsáideoirí a chur ar líne chun bheith díolmhaithe ó aon dliteanas maidir le rochtain phoiblí a thabhairt ar shaothair atá faoi chosaint cóipchirt nó ar aon ábhar eile atá faoi chosaint arna uaslódáil ag a n‑úsáideoirí de shárú ar an gcóipcheart faoi Airteagal 17(4)(b) agus (c) in fine de Threoir 2019/790. Chun é sin a dhéanamh, ní foláir dóibh úsáid a bhaint as uirlisí TF lena gcuirtear ar a gcumas an t‑inneachar sin a scagadh go huathoibríoch roimh ré. Agus bearta faireacháin coisctheacha dá leithéid á bhforchur, de facto, ar sholáthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne gan foráil a dhéanamh do ráthaíochtaí go n‑urramófar an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, is ionann na forálacha atá faoi chonspóid agus teorannú ar fheidhmiú an chirt bhunúsaigh sin nach n‑urramaítear a shubstaint nó prionsabal na comhréireachta leis, agus ní féidir, mar sin, a mheas go bhfuil údar cuí leis an teorannú sin.

25

Conspóideann an Pharlaimint agus an Chomhairle, arna dtacú ag Ríocht na Spáinne, ag Poblacht na Fraince agus ag an gCoimisiún, tuillteanas na saincheiste aonair sin.

An córas dliteanais arna thabhairt isteach in Airteagal 17 de Threoir 2019/790

26

Mar réamhphointe, ba cheart a choinneáil i gcuimhne, sular tháinig Airteagail 17 de Threoir 2019/790 i bhfeidhm, go raibh dliteanas na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne i leith rochtain phoiblí a thabhairt ar inneachar atá faoi chosaint arna uaslódáil ar a n‑ardáin ag úsáideoirí na n‑ardán sin de shárú ar an gcóipcheart, á rialú le hAirteagal 3 de Threoir 2001/29 agus Airteagal 14 de Threoir 2000/31.

27

I ndáil leis sin, ar thaobh amháin, chinn an Chúirt nach mór Airteagal 3(1) de Threoir 2001/29 a léirmhíniú amhail nach ndéanann oibreoir ardáin um chomhroinnt físeán nó ardáin um óstáil agus comhroinnt comhad, ar a bhféadfadh na húsáideoirí inneachar atá faoi chosaint a chur ar fáil don phobal go neamhdhleathach, nach ndéanann sé “cur i láthair don phobal” den inneachar sin de réir bhrí na forála sin, mura gcuireann sé, i dteannta an t‑ardán a chur ar fáil amháin, le rochtain ar a leithéid d’inneachar a thabhairt don phobal de shárú ar chóipcheart. Tá sé sin amhlaidh go háirithe i gcás inarb eol go hiarbhír don oibreoir sin go bhfuil inneachar atá faoi chosaint á chur ar a ardán agus go mainníonn sé é a léirscriosadh nó rochtain air a dhíchumasú go tapa, nó i gcás, cé gurb eol don oibreoir sin, nó gur cheart gurb eol dó, i gcoitinne, go bhfuil inneachar atá faoi chosaint á chur ar fáil don phobal trína ardán ag úsáideoirí an ardáin sin, go mainníonn sé na bearta teicneolaíocha iomchuí a mbeifí ag súil leo ó oibreoir a bheadh ag glacadh gnáth-aire sa chás céanna a chur chun feidhme, chun cur i gcoinne sáruithe ar chóipcheart ar an ardán ar bhealach inchreidte agus éifeachtach, nó i gcás go nglacann sé páirt i roghnú an inneachair atá faoi chosaint a bhíonn á chur i láthair don phobal go neamhdhleathach, go soláthraíonn sé uirlisí ar a ardán a beartaíodh go sonrach le haghaidh a leithéid d’inneachar a chomhroinnt go neamhdhleathach, nó go gcuireann sé a leithéid de chomhroinnt chun cinn go feasach, rud atá inchruthaithe le samhail ghnó arna glacadh ag an oibreoir lena spreagtar úsáideoirí an ardáin inneachar atá faoi chosaint a chur i láthair go neamhdhleathach don phobal air (breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, YouTube agus Cyando, C‑682/18 agus C‑683/18, EU:C:2021:503, mír 102).

28

Ar an taobh eile, chinn an Chúirt go dtagann gníomhaíocht oibreoir ardáin um chomhroinnt físeán nó ardán um óstáil agus comhroinnt comhad faoi raon feidhme Airteagal 14(1) de Threoir 2000/31, ar chuntar nach bhfuil ról gníomhach ag an oibreoir atá de chineál lena dtabharfaí eolas nó rialú dó ar an inneachar arna uaslódáil ar a ardán. Ina theannta sin, ionas nach bhféadfadh sé leas a bhaint, de réir Airteagal 14(1), as an díolúine ó dhliteanas dá bhforáiltear le hAirteagal 14(1)(a), ní mór don oibreoir sin a bheith ar an eolas faoi ghníomhartha neamhdhleathacha nithiúla a úsáideoirí a bhaineann leis an inneachar atá faoi chosaint arna uaslódáil ar a ardán (breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, YouTube agus Cyando, C‑682/18, agus C‑683/18, EU:C:2021:503, míreanna 117 agus 118).

29

Mar sin féin, is léir ó Aithrisí 61 agus 66 de Threoir 2019/790, gur mheas reachtas an Aontais, ag cur san áireamh go bhfuil feidhmiú an mhargaidh ábhair ar líne éirithe níos casta le roinnt blianta anuas agus go bhfuil borradh tagtha faoi sheirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne lena soláthraítear rochtain ar mhéid mór inneachair atá éirithe chun bheith ina bpríomhfhoinsí rochtana ar inneachar ar líne, gur ghá foráil a dhéanamh do shásra dliteanais sonrach do sholáthraithe na seirbhísí sin chun forbairt an mhargaidh ceadúnúcháin chothroim idir sealbhóirí cirt agus na soláthraithe sin a chothú.

30

D’fhoráil reachtas an Aontais do réim theoranta don sásra dliteanais sonrach nua sin, leis an gcéad abairt d’Airteagal 2(6) de Threoir 2019/790, lena sainítear soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne mar sholáthraí seirbhíse sochaí faisnéise arb é a phríomhchuspóir nó ceann dá chuid príomhchuspóirí lear mór de shaothair atá faoi chosaint chóipchirt nó ábhar cosanta eile, arna n‑uaslódáil ag a úsáideoirí, a stóráil nó rochtain phoiblí orthu a thabhairt, agus arb é féin a eagraíonn an tseirbhís agus a chuireann chun cinn í chun críocha brabús a dhéanamh. Mar sin, níl an sásra sin dírithe ar sholáthraithe seirbhíse sochaí faisnéise nach gcomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na critéir a áirítear san fhoráil lena mbaineann agus, ar an tslí sin, tá siad fós faoi réir an chórais ghinearálta dliteanais dá bhforáiltear in Airteagal 14 de Threoir 2000/31, dar teideal “Óstáil”, agus, más infheidhme, faoin gcóras dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Threoir 2001/29, i gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Threoir 2019/790.

31

Ina theannta sin, rinne an reachtas sin, i dtús báire, raon feidhme an tsásra dliteanais shonraigh nua arna chruthú le Treoir 2019/790 a laghdú leis an dara abairt d’Airteagal 2(6) di, agus ansin an réim de a theorannú le hAirteagal 17(6) den Treoir sin, lena staontar, i bprionsabal, ó chur i bhfeidhm fhorálacha na Treorach sin atá i gceist leis an gcaingean le haghaidh neamhniú, i leith soláthraithe nua áirithe.

32

Ó thaobh an tsásra dliteanais shonraigh nua seo de, foráiltear le hAirteagal 17(1) de Threoir 2019/790 go ndéanann soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne gníomh cur i láthair don phobal nó gníomh cur ar fáil don phobal chun críocha na Treorach sin nuair a thugann sé rochtain phoiblí ar shaothair atá faoi chosaint chóipchirt nó ar ábhar cosanta eile atá uaslódáilte ag a úsáideoirí agus nach mór dó, dá bhrí sin, údarú a fháil ó shealbhóirí cirt chuige sin, mar shampla trí chomhaontú ceadúnaithe a chur i gcríoch.

33

Ag an am céanna, de réir Airteagal 17(3) de Threoir 2019/790, ní féidir le soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar leas a bhaint as an díolúine ó dhliteanas dá bhforáiltear in Airteagal 14(1) de Threoir 2000/31 i ndáil lena leithéid de ghníomhaíochtaí.

34

Cruthaítear córas dliteanais sonrach le hAirteagal 17(4) de Threoir 2019/790 i gcás nach ndeonaítear aon údarú. Dá bhrí sin, sa chás sin, ní fhéadfaidh soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne an díolúine ó dhliteanas a fháil i leith gníomhaíochtaí cur i láthair agus cur ar fáil inneachar lena sáraítear an cóipcheart ach amháin faoi choinníollacha carnacha áirithe, coinníollacha a liostaítear i bpointe (a) go bpointe (c) den fhoráil seo. De réir na míreanna sin, ní foláir do na soláthraithe sin a léiriú go ndearna siad:

sárdhícheall chun údarú a fháil [pointe (a)]; agus

sárdhícheall, i gcomhréir le hardchaighdeáin an díchill ghairmiúil sa tionscal, a áirithiú nach bhfuil fáil ar shaothair agus ábhar eile ar leith a ndearna sealbhóirí cirt faisnéis ábhartha agus riachtanach ina dtaobh a sholáthar do na soláthraithe seirbhíse [pointe (b)]; agus in aon chás;

gníomhú go tapa, ar fhógra leor-réasúnaithe a fháil ó na sealbhóirí cirt, chun saothair nó ábhar a bhfuair siad fógra ina dtaobh a bhaint dá suíomhanna gréasáin nó rochtain orthu a dhíchumasú, agus go ndearna siad sárdhícheall chun aon uaslódálacha todhchaíocha a chosc i gcomhréir le pointe (b) [pointe (c)].

35

Déantar an córas dliteanais sonrach sin arna chruthú le hAirteagal 17(4) de Threoir 2019/790 a shonrú agus a fhorlíonadh le hAirteagal 17(5) go (10) den Treoir sin.

36

Dá bhrí sin, ar an gcéad dul síos, liostaítear in Airteagal 17(5) de Threoir 2019/790 na heilimintí atá le cur san áireamh chun a chinneadh, i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta, an bhfuil na hoibleagáidí atá air de réir Airteagal 17(4) den Treoir á gcomhlíonadh ag an soláthraí seirbhíse.

37

Ina dhiaidh sin, sonraítear le hAirteagal 17(7) de Threoir 2019/790 maidir leis an gcomhar idir soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne agus sealbhóirí cirt, nach bhfuil sé de thoradh air go gcoiscfear an fháil atá ar shaothair agus ar ábhar eile arna n‐uaslódáil ag úsáideoirí agus nach sáraíonn cóipcheart agus cearta gaolmhara, lena n‑áirítear i gcás ina bhfuil na saothair sin nó ábhar eile clúdaithe ag eisceacht nó teorainn. Liostaítear san fhoráil sin na heisceachtaí agus na teorainneacha nach mór a bheith ar fáil d’úsáideoirí sna Ballstáit go léir. Maidir le hAirteagal 17(8) den Treoir sin, foráiltear leis, inter alia, nach leanfaidh aon oibleagáid faireacháin ghinearálta as cur i bhfeidhm an Airteagail sin agus déantar foráil le hAirteagal 17(9) di, inter alia, go ndéanfaí sásra gearáin agus sásaimh atá éifeachtach agus tapa a chur ar bun do na húsáideoirí, amhail sásraí sásaimh lasmuigh den chúirt lena bhforlíontar réitigh bhreithiúnacha.

38

Ar deireadh, ceanglaítear le hAirteagal 17(10) de Threoir 2019/790 ar an gCoimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, idirphléite a eagrú leis na geallsealbhóirí chun dea-chleachtais a phlé, agus aird ar leith á tabhairt ar an ngá atá ann le cóimheá a choinneáil idir cearta bunúsacha agus úsáid na n‐eisceachtaí agus na dteorainneacha, agus le treoraíocht a eisiúint i gcomhchomhairle le soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne agus sealbhóirí cirt maidir le cur i bhfeidhm an chomhair eatarthu go háirithe, dá dtagraítear in Airteagal 17(4) den Treoir sin.

Teorainn ar fheidhmiú an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil a bheith ann a eascraíonn as an gcóras dliteanais a chruthaítear le hAirteagal 17 de Threoir 2019/790

39

Áitíonn Poblacht na Polainne, agus na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne á gcur faoi oibleagáid a sárdhícheall a dhéanamh, ar thaobh amháin, chun a áirithiú nach bhfuil fáil ar inneachar eile ar leith a ndearna sealbhóirí cirt faisnéis ábhartha agus riachtanach ina thaobh a sholáthar agus, ar an taobh eile, chun cosc a chur ar aon uaslódálacha todhchaíocha den inneachar atá faoi chosaint a bhfuarthas fógra leor-réasúnaithe ó na húsáideoirí ina dtaobh, go dteorannaítear le hAirteagal 17(4)(b) agus (c) in fine de Threoir 2019/790 feidhmiú an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil atá ag úsáideoirí na seirbhísí sin, arna ráthú in Airteagal 11 den Chairt.

40

Go deimhin, dar le hionadaithe Phoblacht na Polainne, chun bheith in ann na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh agus, sa chaoi sin, chun leas a bhaint as an díolúine ó dhliteanas dá dtagraítear Airteagal 17(4) de Threoir 2019/790, ní foláir do sholáthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne athbhreithniú a dhéanamh ar an inneachar go léir arna uaslódáil ag a n‐úsáideoirí roimh dó a bheith scaipthe i measc an phobail. Chun na críche sin, bheadh na soláthraithe sin ag baint úsáide as uirlisí scagtha uathoibríoch, mura bhfuil réitigh phraiticiúla eile ann.

41

Dhéanfaí cur isteach fíor thromchúiseach le hathbhreithniú coisctheach dá leithéid ar an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil atá ag úsáideoirí seirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne, ós rud é, ar thaobh amháin, go bhfuil baol ag gabháil leis go mbeadh inneachar dleathach á dhíchumasú, agus ar an taobh eile, ós rud é go mbeadh an neamhdhleathacht, agus dá bhrí sin, díchumasú an inneachair dhleathaigh á gcinneadh go huathoibríoch le halgartaim, fiú sula scaipfí an t‐inneachar lena mbaineann ar chor ar bith.

42

Ina theannta sin, áitíonn Poblacht na Polainne nach féidir le reachtas an Aontais a dhliteanas as an gcur isteach sin ar an gceart arna ráthú le hAirteagal 11 den Chairt a shéanadh, ós rud é gur iarmhairt dhosheachanta an chórais dliteanais a chruthaítear le hAirteagal 17(4) de Threoir 2019/790 atá ann, rud a raibh coinne ag institiúidí an Aontais ina leith fiú.

43

Conspóideann an Pharlaimint agus an Chomhairle, arna dtacú ag Ríocht na Spáinne, ag Poblacht na Fraince agus ag an gCoimisiún, go dteorannaítear an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil atá ag úsáideoirí seirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne de thoradh an chórais dliteanais sin agus áitíonn siad, ar aon chaoi, nach mbeadh teorannú féideartha ar an gceart sin, teorannú a eascraódh as cur chun feidhme an chórais sin, inchurtha i leith reachtas an Aontais.

44

Ba cheart a choinneáil i gcuimhne, de réir Airteagal 11 den Chairt, go bhfuil ag gach uile dhuine an ceart chun saoirse nochtaithe tuairime, lena bhfolaítear chun tuairimí a bheith ag duine agus faisnéis agus barúlacha a fháil agus a thabhairt gan cur isteach ó údarás poiblí agus ar neamhaird ar theorainneacha. Mar is léir ó na mínithe a tugadh maidir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha (IO 2007 C 303, lch. 17) agus i gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Chairt, is ionann brí agus réim na gceart arna ráthú in Airteagal 11 di agus brí agus réim na gceart arna ráthú in Airteagal 10 de CECD.

45

Chuige sin, is fíor go dtagann comhroinnt faisnéise ar an idirlíon trí ardáin um chomhroinnt inneachair ar líne faoi raon feidhme Airteagal 10 de CECD agus Airteagal 11 den Chairt.

46

Go deimhin, de réir chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, ráthaítear le hAirteagal 10 de CECD an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil do gach uile dhuine, agus baineann an tAirteagal sin ní hamháin le hinneachar na faisnéise sin, ach leis na modhanna lena scaiptear í chomh maith, agus déantar difear le haon srian ar na modhanna sin don cheart chun faisnéis a fháil agus a thabhairt. Mar a tharraing an chúirt sin ar aird, tá an t‐idirlíon tagtha chun bheith mar cheann de na príomh-mhodhanna atá ann do dhaoine aonair a gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil sa lá atá inniu ann a fheidhmiú. Is uirlis chun an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a fheidhmiú nach bhfacthas riamh roimhe atá sa deis atá ag daoine aonair iad féin a chur in iúl ar an idirlíon, agus cuirtear go mór le feabhsú rochtain an phobail ar an nuacht agus, i gcoitinne, le háis cur i láthair na faisnéise le suíomhanna gréasáin agus ardáin um chomhroinnt inneachair ar líne go háirithe, a bhuí leis an bhfáil atá orthu agus leis an gcumas atá iontu lear mór sonraí a choimeád agus a scaipeadh (féach, chuige sin, ECtHR, 1 Nollaig 2015, Cengiz agus páirtithe eile v an Tuirc, CE:ECHR:2015:1201JUD004822610, § 52, agus ECtHR, 23 Meitheamh 2020, Vladimir Kharitonov v an Rúis, CE:ECHR:2020:0623JUD001079514, § 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).

47

Dá bhrí sin, agus an córas dliteanais de réir Airteagal 3 de Threoir 2001/29 agus Airteagal 14 de Threoir 2000/31 á léirmhíniú aici, arbh infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne iad go dtí gur tugadh Airteagal 17 de Threoir 2019/790 i bhfeidhm, chuir an Chúirt béim ar an ngá atá ann aird chuí a thabhairt ar an tábhacht ar leith a ghabhann leis an idirlíon maidir leis an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, arna ráthú in Airteagal 11 den Chairt, agus, mar sin, ar an ngá lena áirithiú go n‑urramaítear an ceart sin le linn chur chun feidhme an chórais sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, YouTube agus Cyando, C‑682/18 agus C‑683/18, EU:C:2021:503, míreanna 64, 65 agus 113).

48

Chun a chinneadh an bhfuil teorainn ar fheidhmiú an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil atá ag úsáideoirí seirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne ag gabháil leis an gcóras dliteanais sonrach sin do sholáthraithe seirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne, a chruthaítear le hAirteagal 17(4) de Threoir 2019/790, is tábhachtach a lua, ar an gcéad dul síos, go bhfuil an fhoráil sin bunaithe ar an mbonn nár ghá go mbeadh na soláthraithe sin in ann údarú a fháil don inneachar go léir atá faoi chosaint a d’fhéadfadh a bheith uaslódáilte ar a n‐ardáin ag a n‐úsáideoirí. Mar thaca leis sin, is fíor go bhfuil saoirse ag sealbhóirí cirt cinneadh a dhéanamh maidir lena saothair agus a n‐ábhar eile atá faoi chosaint a bheith á n‑úsáid agus maidir leis na coinníollacha faoina n‐úsáidtear iad. Go deimhin, mar a chuirtear i dtreis in Aithris 61 den Treoir sin, ní dhéantar difear do shaoirse chonarthach léi agus dá bhrí sin, níl sé d’oibleagáid ar na sealbhóirí cirt údarú nó comhaontuithe ceadúnúcháin a dheonú do sholáthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne chun a saothair a úsáid.

49

Sna himthosca sin, chun dliteanas a sheachaint i gcás ina n‐uaslódálann úsáideoirí inneachar neamhdhleathach ar a n‐ardáin nár thug na sealbhóirí cirt údarú do na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne ina leith, ní foláir do na soláthraithe sin a thaispeáint go ndearna siad a sárdhícheall chun a leithéid d’údarú a fháil de réir bhrí Airteagal 17(4)(a) de Threoir 2019/790 agus go gcomhlíonann siad na coinníollacha eile maidir le díolmhú ina n‐iomláine, dá bhforáiltear in Airteagal 17(4)(b) agus (c) den Treoir sin.

50

De réir na gcoinníollacha eile sin, níl na hoibleagáidí atá ar na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne teoranta do na hoibleagáidí dá dtagraítear ag tús Airteagal 17(4)(c) de Threoir 2019/790, a chomhfhreagraíonn don oibleagáid atá orthu cheana féin de réir Airteagal 14(1)(b) de Threoir 2000/31, arb ionann í agus gníomhú go tapa ar fhógra leor-réasúnaithe a fháil ó shealbhóirí cirt chun rochtain ar shaothair agus ar ábhair a bhfaigheann siad fógra ina dtaobh a dhíchumasú nó chun iad a bhaint anuas dá n‐ardáin (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, YouTube agus Cyando, C‑682/18 agus C‑683/18, EU:C:2021:503, mír 116).

51

Go deimhin, i dteannta na hoibleagáide sin, tá sé d’oibleagáid, ar thaobh amháin, ar na soláthraithe sin a “sárdhícheall [a dhéanamh], i gcomhréir le hardchaighdeáin an díchill ghairmiúil sa tionscal, a áirithiú nach bhfuil fáil” ar an inneachar eile ar leith a ndearna sealbhóirí cirt faisnéis ábhartha agus riachtanach ina thaobh a thraschur, faoi réir Airteagal 17(4)(b) de Threoir 2019/790.

52

Ar an taobh eile, maidir le hinneachar atá faoi chosaint a bhfhaigheann soláthraithe fógra leor-réasúnaithe ina thaobh ó shealbhóirí cirt i ndiaidh dó a bheith curtha ar fáil don phobal, ní foláir do na soláthraithe sin, faoi réir Airteagal 17(4)(c) in fine de Threoir 2019/790, a “sárdhícheall [a dhéanamh] chun aon uaslódálacha todhchaíocha a chosc i gcomhréir le pointe (b)” den fhoráil sin.

53

Dá bhrí sin, is éard a thagann as foclaíocht agus leagan amach Airteagal 17(4)(b) agus (c) de Threoir 2019/790 ná, chun leas a bhaint as an díolúine ó dhliteanas agus faoi réir na heisceachta dá bhforáiltear do sholáthraithe nua de réir bhrí Airteagal 17(6) den Treoir sin, go bhfuil sé d’oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne, ní hamháin chun gníomhú go tapa chun deireadh a chur le sáruithe nithiúla ar chóipcheart ar a n‐ardáin tar éis dóibh tarlú agus tar éis do na soláthraithe fógra leor-réasúnaithe a fháil ina dtaobh ó na sealbhóirí cirt, ach chun a “lándícheall [a dhéanamh] i gcomhréir le hardchaighdeáin an díchill ghairmiúil sa tionscal” chun tarlú nó atarlú shárú a leithéide a sheachaint, tar éis dóibh a leithéid d’fhógra a fháil nó i gcás ina bhfuil an fhaisnéis ábhartha agus riachtanach tugtha ag na sealbhóirí cirt dóibh sula dtarlaíonn an sárú ar chóipcheart. Uime sin, forchuirtear leis na hoibleagáidí deireanacha sin, mar a dhearbhaigh Poblacht na Polainne, ar na soláthraithe sin athbhreithniú de facto a dhéanamh roimh ré ar an inneachar is mian le húsáideoirí a uaslódáil ar a n‐ardáin, ar an gcoinníoll go bhfuil an fhaisnéis nó na fógraí dá bhforáiltear in Airteagal 17(4)(b) agus (c) faighte acu ó shealbhóirí cirt.

54

Thairis sin, mar a tharraing an tAbhcóide Ginearálta aird air i bpointí 57 go 69 dá Thuairim, tá sé d’oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne dul i muinín uirlisí aitheanta agus scagtha uathoibríoch chun athbhreithniú dá leithéid a dhéanamh roimh ré, de réir líon na gcomhad arna n‐uaslódáil agus an chineáil ábhair atá faoi chosaint lena mbaineann agus laistigh de na teorainneacha atá leagtha amach in Airteagal 17(5) de Threoir 2019/790. Go háirithe, ní raibh na hinstitiúidí atá ina gcosantóirí ná na hidiragraithe in ann roghanna malartacha féideartha ar na huirlisí sin a lua le linn na héisteachta os comhair na Cúirte.

55

Chuige sin, tá athbreithniú agus scagadh roimh ré dá leithéid sin de chineál lena gcuirtear srian suntasach ar scaipeadh inneachair ar líne agus, mar sin, is éard atá iontu ná teorannú ar an gceart arna ráthú in Airteagal 11 den Chairt.

56

Ina theannta sin, murab ionann agus an méid a áitíonn na hinstitiúidí atá ina gcosantóirí, tá an teorannú sin inchurtha i leith reachtas an Aontais, ós rud é go bhfuil sé ina iarmhairt dhíreach ar an gcóras dliteanais sonrach a cruthaíodh do sholáthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne in Airteagal 17(4) de Threoir 2019/790.

57

Thairis sin, tagraítear go sainráite in Airteagal 17(5) den Treoir sin do na “[h]oibleagáidí faoi mhír 4” d’Airteagal 17 atá ar na soláthraithe sin agus liostaítear ann na heilimintí atá le cur san áireamh lena chinneadh an bhfuil ar na hoibleagáidí sin “comhlíonta” ag soláthraí dá leithéid i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta.

58

Ba cheart tátal a bhaint as an méid sin go bhfuil teorainn ar fheidhmiú an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil atá ag úsáideoirí seirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne, arna ráthú in Airteagal 11 den Chairt, ag gabháil leis an gcóras dliteanais sonrach sin do sholáthraithe na seirbhísí sin, a chruthaítear le hAirteagal 17(4) de Threoir 2019/790.

An t‑údar a thugtar le teorannú ar fheidhmiú an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil a eascraíonn as an gcóras dliteanais a chruthaítear le hAirteagal 17 de Threoir 2019/790

59

Áitíonn Poblacht na Polainne nach gcomhlíontar na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 52(1) den Chairt leis an teorannú ar fheidhmiú an chirt bhunúsaigh sin atá ag úsáideoirí seirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne, a eascraíonn as an gcóras dliteanais a chruthaítear in Airteagal 17 de Threoir 2019/790.

60

Go deimhin, dar le Poblacht na Polainne, níl aon ráthaíochtaí in Airteagal 17 lena n‑áiritheofaí go n‑urramófar inneachar sár-riachtanach an chirt bhunúsaigh sin agus phrionsabal na comhréireachta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 17(4)(b) agus (c) in fine de Threoir 2019/790 á gcur chun feidhme. Go háirithe, ní fhoráiltear sna forálacha sin d’aon rialacha soiléire mionsonraithe do sholáthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne maidir leis an gcaoi a gcaitheann siad na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, rud a fhágann go bhfuil “cead a gcinn” acu chun sásraí athbhreithnithe agus scagtha a chur ar bun lena sárófaí an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil atá ag úsáideoirí na seirbhísí sin. Ina theannta sin, le hAirteagal 17(7) go (9) den Treoir sin, níltear in ann cás a sheachaint ina mbeadh inneachar dleathach á dhíchumasú go huathoibríoch nó moill shuntasach ar a laghad á cur lena scaipeadh i measc an phobail agus na hoibleagáidí sin á gcur chun feidhme, agus baol ann go mbeadh leas iomlán agus luach faisnéise iomlán an inneachair sin caillte roimh dó a bheith scaipthe.

61

Rinne reachtas an Aontais an chothromaíocht cheart idir cosaint na sealbhóirí cirt agus cosaint úsáideoirí seirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne a shárú agus an córas dliteanais sin arna chruthú le hAirteagal 17 den Treoir sin á ghlacadh aige, go háirithe toisc gur féidir na hoibleagáidí atá i gceist leis an gcóras dliteanais sin a chomhlíonadh cheana féin leis na coinníollacha eile atá leagtha síos in Airteagal 17(4) den Treoir sin.

62

Conspóideann an Pharlaimint agus an Chomhairle, arna dtacú ag Ríocht na Spáinne, ag Poblacht na Fraince agus ag an gCoimisiún, an argóint atá á hagairt ag Poblacht na Polainne agus áitíonn siad, inter alia, gurb éard atá i gceist le hAirteagal 17 de Threoir 2019/790 ná córas cuimsitheach ráthaíochtaí lena gcaomhnaítear an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil atá ag úsáideoirí seirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne agus an chothromaíocht cheart idir na cearta agus leasanna lena mbaineann.

63

I gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt, is fíor nach mór foráil le dlí d’aon teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí arna n‐aithint sa Chairt agus nach mór inneachar sár-riachtanach na gceart agus na saoirsí sin a urramú. Faoi réir phrionsabal na comhréireachta, ní fhéadfar teorannú a dhéanamh ach amháin má tá gá leis agus má fhreagraíonn sé iarbhír do chuspóirí leasa ghinearálta arna n‐aithint ag an Aontas nó don ghá atá ann le cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.

64

I ndáil leis sin, chinn an Chúirt go dtuigtear leis an gceanglas nach mór foráil le dlí d’aon teorannú ar fheidhmiú na gceart bunúsacha go gcaithfear réim an teorannaithe ar fheidhmiú an chirt lena mbaineann atá ag gach cur isteach ar na cearta sin a leagan amach sa ghníomh lena gceadaítear é (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Iúil 2020, Facebook Ireland agus Schrems, C‑311/18, EU:C:2020:559, mír 175 agus an cásdlí dá dtagraítear).

65

Maidir le prionsabal na comhréireachta a urramú, ceanglaítear leis an bprionsabal sin nach rachaidh an teorannú is féidir a thabhairt isteach le gníomhartha dhlí an Aontais ar na cearta agus na saoirsí a chumhdaítear sa Chairt thar na teorainneacha i dtaobh a bhfuil iomchuí agus riachtanach chun na cuspóirí dlisteanacha atá á saothrú nó chun an gá le cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint a bhaint amach, ar an tuiscint, i gcás ina gcaithfear roghnú idir roinnt mhaith bearta iomchuí, gur cheart dul ar iontaoibh an bhirt lena mbaineann an t‑ualach is éadroime, agus ní foláir nach mbeadh na míbhuntáistí a eascródh as sin díréireach maidir leis na cuspóirí atá á saothrú (féach, chuige sin, breithiúnais an 13 Márta 2019, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑128/17, EU:C:2019:194, mír 94 agus an cásdlí dá dtagraítear agus an 17 Nollaig 2020, Centraal Israëlitisch Consistorie van België agus páirtithe eile, C‑336/19, EU:C:2020:1031, mir 64 agus an cásdlí dá dtagraítear ).

66

Thairis sin, i gcás ina bhfuil roinnt cearta bunúsacha agus prionsabal a chumhdaítear leis na conarthaí i gceist, caithfear measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabal na comhréireachta i gcomhréir leis an gcomhréiteach a bhfuil gá leis idir na ceanglais a bhaineann le cosaint na gceart agus na bprionsabal lena mbaineann agus le cothromaíocht cheart idir eatarthu (féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2020, Centraal Israëlitisch Consistorie van België agus páirtithe eile, C‑336/19, EU:C:2020:1031, mír 65 agus an cásdlí dá dtagraítear).

67

Ina theannta sin, chun ceanglas na comhréireachta a chomhlíonadh, caithfear foráil a dhéanamh, leis an reachtaíocht lena ndéantar cur isteach ar na cearta bunúsacha lena mbaineann, do rialacha soiléire mionsonraithe lena rialaítear réim agus raon feidhme an bhirt atá i gceist agus lena bhforchuirtear íoscheanglais, ionas go mbeadh ráthaíochtaí leordhóthanacha ag na daoine siúd a bhfuil feidhmiú a gceart á theorannú chun iad a chosaint go héifeachtach ar bhaol mí-úsáide. Caithfear a thabhairt le fios sa reachtaíocht sin, go háirithe, na himthosca agus na coinníollacha faoina bhféadfar a leithéid de bheart a dhéanamh, rud a d’áiritheodh go ndéanfar an cur isteach a theorannú don mhéid a bhfuil dianghá leis. Tá an gá le ráthaíochtaí dá leithéid sin níos suntasaí fós i gcás ina n‐eascraíonn an cur isteach as próiseas uathoibríoch (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Iúil 2020, Facebook Ireland agus Schrems, C‑311/18, EU:C:2020:559, mír 176 agus an cásdlí dá dtagraítear).

68

Maidir le teorannú ar fheidhmiú an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, amhail an teorannú atá i gceist sa chás seo, is éard a thagann as cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, cé nach gcuirtear toirmeasc díreach ar aon srian roimh an modh scaipthe le hAirteagal 10 CECD, ná go bhfuil baol mór ann, mar sin féin, le srianta dá leithéid do chomhréireacht an chirt bhunúsaigh sin go gcaithfear na srianta sin a chur faoi réir creat dlí atá an‑dian ar fad (féach, chuige sin, ECtHR, 18 Nollaig 2012, Ahmet Yildirim v an Tuirc, CE:ECHR:2012:1218JUD 000311110, § 47 agus 64 agus an cásdlí dá dtagraítear).

69

I bhfianaise na mbreithnithe sin, ba cheart a scrúdú an gcomhlíontar na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 52(1) den Chairt leis an teorannú ar fheidhmiú an chirt atá ag úsáideoirí seirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, a chumhdaítear in Airteagal 11 den Chairt, a eascraíonn as an gcóras dliteanais a chruthaítear le hAirteagal 17(4) de Threoir 2019/790 do sholáthraithe na seirbhísí comhroinnte sin. Chun críocha an scrúdaithe sin, ní hamháin go gcaithfear Airteagal 17(4) a chur san áireamh ina aonar, ach caithfear na forálacha lena sonraítear agus lena bhforlíontar an córas sin agus, go háirithe, Airteagal 17(7) go (10) den Treoir sin a chur san áireamh chomh maith. Ina theannta sin, ba cheart an cuspóir dlisteanach atá á shaothrú le cur ar bun an chórais sin, eadhon cosaint na ndaoine atá ina sealbhóirí ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara, agus na cearta sin á ráthú, mar chearta maoine intleachtúla, in Airteagal 17(2) den Chairt, a chur san áireamh.

70

Mar thaca leis seo, ba cheart a choinneáil i gcuimhne, de réir prionsabal ginearálta léirmhínithe, nach mór gníomh de chuid an Aontais a léirmhíniú, a mhéid is féidir, ar bhealach nach dtugtar a bhailíocht faoi cheist agus atá i gcomhréir leis an dlí príomha ina iomláine agus, go háirithe, le forálacha na Cairte. Dá bhrí sin, i gcás ina bhféadfaí níos mó ná léirmhíniú amháin a thabhairt ar théacs dlí de chuid an Aontais, ba cheart tús áite a thabairt don léirmhíniú a fhágann go bhfuil an fhoráil i gcomhréir leis an dlí príomha de rogha ar léirmhíniú as a dtiocfadh cinneadh go bhfuil sí ar neamhréir leis [breithiúnas an 14 Bealtaine 2019, M agus páirtithe eile (Stádas Dídeanaí a Chúlghairm), C‑391/16, C‑77/17 agus C‑78/17, EU:C:2019:403, mír 77 agus an cásdlí dá dtagraítear].

71

Ina theannta sin, i bhfianaise na gceanglas atá leagtha síos in Airteagal 52(1) den Chairt, baineann an scrúdú seo le córas dliteanais sonrach do na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne, a chruthaítear le hAirteagal 17(4) de Threoir 2019/790, agus ní dhéantar réamhbhreith leis sin ar aon scrúdú a d’fhéadfadh baint a bheith aige ina dhiaidh sin le forálacha arna nglacadh ag na Ballstáit chun an Treoir sin a thrasuí nó le bearta arna socrú ag na soláthraithe seo chun an córas sin a chomhlíonadh.

72

I gcomhthéacs an scrúdaithe seo, ar an gcéad dul síos, ba cheart a lua go ndéantar foráil le dlí don teorannú ar fheidhmiú an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil atá ag úsáideoirí seirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne, ós rud é go n‑eascraíonn sé as na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar sholáthraithe na seirbhísí sin le gníomh de chuid an Aontais, eadhon, mar a thugtar le fios i mír 321 den bhreithiúnas seo, Airteagal 17(4)(b) agus (c) in fine de Threoir 2019/790.

73

Go deimhin, ní shonraítear san fhoráil sin na bearta nithiúla nach mór do na soláthraithe seirbhíse sin a ghlacadh chun a áirithiú nach bhfuil fáil ar inneachar eile ar leith a ndearna sealbhóirí cirt faisnéis ábhartha agus riachtanach ina thaobh a sholáthar nó chun cosc a chur ar aon uaslódálacha todhchaíocha den inneachar atá faoi chosaint a bhfuarthas fógra leor-réasúnaithe ó na húsáideoirí ina dtaobh. Leis an bhforáil sin, ní cheanglaítear ar na soláthraithe seirbhíse sin ach a “lándícheall” a dhéanamh ina leith sin “i gcomhréir le hardchaighdeáin an díchill ghairmiúil sa tionscal”. Dá bhrí sin, de réir na mínithe a thug an Pharlaimint agus an Chomhairle, tá dréachtú na forála sin beartaithe lena áirithiú gur féidir leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear dul in oiriúint d’imthosca an cháis faoi leith faoina bhfuil na soláthraithe seirbhíse éagsula atá ag comhroinnt inneachar ar líne agus freisin d’fhorbairt na gcleachtas sa tionscal agus na dteicneolaíochtaí atá ar fáil.

74

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, áfach, ní chuirtear cosc, leis an gceanglas nach mór foráil le dlí d’aon teorannú ar fheidhmiú cirt bhunúsaigh, ar an reachtaíocht lena ngabhann an teorannú sin a dhréachtú i dtéarmaí atá oscailte a dhóthain chun bheith in ann dul in oiriúint d’athruithe ar imthosca (féach, chuige sin, ECtHR, 16 Meitheamh 2015. Delfi AS v an Eastóin, CE:ECHR:2015:0616JUD006456909, § 121 agus an cásdlí dá dtagraítear).

75

Ina theannta sin, ó thaobh oibleagáid lena bhforchuirtear ar sholáthraithe seirbhísí idirlín bearta a ghlacadh ar cuspóir dóibh a áirithiú go n‑urramófar an cóipcheart agus a seirbhísí á n‐úsáid, d’fhéadfadh sé, ag brath ar an gcás, go gcaithfí fiú an cinneadh maidir leis na bearta nithiúla atá le glacadh d’fhonn an toradh atá beartaithe a bhaint amach a fhágáil do na soláthraithe seirbhíse, ionas gur féidir leo rogha a dhéanamh na bearta is oiriúnaí dá n‐acmhainní agus dá gcumas agus atá i gcomhréir leis na hoibleagáidí agus leis na dúshláin eile a bhfuil orthu dul i ngleic leo i bhfeidhmiú a ngníomhaíochta a chur i bhfeidhm, ar mhaithe leis an tsaoirse chun gnó a sheoladh atá ag na soláthraithe seirbhíse sin a urramú, arna ráthú le hAirteagal 16 den Chairt, agus le hurraim a thabhairt don chothromaíocht cheart idir an Chairt, an ceart atá ag úsáideoirí a seirbhísí chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, a chumhdaítear in Airteagal 11 den Chairt, agus ceart maoine intleachtúla na sealbhóirí cirt, arna chosaint in Airteagal 17(2) den Chairt (féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Márta 2014, UPC Telekabel Wien, C‑314/12, EU:C:2014:192, mír 52).

76

Ar an dara dul síos, is tábhachtach a lua go n‐urramaítear inneachar sár‑riachtanach an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, arna ráthú in Airteagal 11 den Chairt, leis an teorannú ar fheidhmiú an chirt atá ag úsáideoirí seirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne, i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt.

77

Chuige sin, is fíor go sonraítear go sainráite sa chéad fhomhír d’Airteagal 17(7) de Threoir 2019/79 maidir leis an “[g]comhar idir soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne agus sealbhóirí cirt, [nach mbeidh sé] de thoradh air go gcoiscfear an fháil atá ar shaothair agus ar ábhar eile arna [uaslódáil] ag úsáideoirí agus nach sáraíonn cóipcheart agus cearta gaolmhara, lena n‐áirítear i gcás ina bhfuil na saothair sin nó ábhar eile clúdaithe ag eisceacht nó teorainn” ar na cearta sin.

78

De réir a téarmaí aonchiallacha, ní hamháin go gceanglaítear ar sholáthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne a “sárdhícheall” a dhéanamh ina leith sin leis an gcéad fomhír d’Airteagal 17(7) i gcomhréir le hAirteagal 17(4)(b) agus (c) in fine de Threoir 2019/790, ach forordaítear an toradh sonrach atá le baint amach inti chomh maith.

79

Thairis sin, cuirtear i dtreis sa tríú fomhír d’Airteagal 17(9) de Threoir 2019/790 nach ndéanfaidh “an Treoir [sin] difear ar aon slí d’úsáidí dlisteanacha, amhail úsáidí faoi eisceachtaí nó teorainneacha dá bhforáiltear i ndlí an Aontais”.

80

Dá bhrí sin, eascraíonn sé go soiléir as Airteagal 17(7) agus (9) de Threoir 2019/790 agus ó Aithrisí 66 agus 70 di, ar mhaithe le cosaint an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil atá ag úsáideoirí seirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne, a chumhdaítear in Airteagal 11 den Chairt, agus na cothromaíochta cirte idir na cearta agus na leasanna éagsúla lena mbaineann gur fhoráil reachtas an Aontais nach féidir, go háirithe, mar thoradh ar chur chun feidhme na n‑oibleagáidí a fhorchuirtear orthu le hAirteagal 17(4)(b) agus (c) in fine den Treoir sin, le soláthraithe na seirbhísí sin bearta a ghlacadh lena ndéanfaí difear d’inneachar sár-riachtanach cheart bunúsach na n‑úsáideoirí a chomhroinneann inneachar ar a n‐ardáin nach sáraíonn cóipcheart agus cearta gaolmhara.

81

Chuige sin, léirítear cásdlí na Cúirte Breithiúnais i dTreoir 2019/790 lena gcuirtear in iúl nach mór do bhearta arna nglacadh ag soláthraithe amhail na soláthraithe atá i gceist sna príomhimeachtaí an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil atá ag úsáideoirí idirlín a urramú agus nach mór, go háirithe, dóibh a bheith dírithe go dian, chun cosaint éifeachtach cóipchirt a chumasú gan difear a dhéanamh d’úsáideoirí a úsáideann seirbhísí na soláthraithe sin go dleathach (féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Márta 2014, UPC Telekabel Wien, C‑314/12, EU:C:2014:192, míreanna 55 agus 56).

82

Ar an tríú dul síos, i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar chomhréireacht dá dtagraítear in Airteagal 52(1) den Chairt, is fíor, i dtús báire, go bhfuiltear ag comhlíonadh, leis an teorainn ar fheidhmiú an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil atá ag úsáideoirí seirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne, dá dtagraítear i mír 69 den bhreithiúnas seo, an ghá atá le cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint de réir bhrí Airteagal 52(1) den Chairt, eadhon, an gá le maoin intleachtúil a chosaint arna ráthú in Airteagal 17(2) den Chairt sa chás seo. Go deimhin, féachtar leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear le hAirteagal 17 de Threoir 2019/790 ar sholáthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne, as a dtagann an teorannú sin agus mar is léir ó Aithrisí 2, 3 agus 61 de Threoir 2019/790 go háirithe, cearta maoine intleachtúla a chosaint ar bhealach a chuirfeadh le margadh dea‑fheidhmithe agus cothrom le haghaidh cóipcheart a bhaint amach. Chuige sin, i gcomhthéacs na seirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne, is gá go bhfuil teorannú ar fheidhmiú an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil atá ag úsáideoirí ag gabháil go pointe áirithe le cosaint an chóipchirt.

83

Mar sin, ní hamháin go bhfuil an sásra dliteanais dá dtagraítear in Airteagal 17(4) de Threoir 2019/790 oiriúnach, ach is cosúil go bhfuil gá leis freisin ar mhaithe leis an riachtanas a chomhlíonadh maidir le cearta maoine intleachtúla a chosaint. Go háirithe, cé go bhfuil sé cinnte gurb ionann an sásra malartach, arna bheartú ag Poblacht na Polainne agus ar a bhonn a bhforchuirfí na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 17(4)(a) agus ag tús (4)(c) amháin ar sholáthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne, agus beart nach bhfuil chomh ceangailteach ar fheidhmiú an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, ní bheadh an sásra malartach sin chomh éifeachtúil is atá an ceann arna roghnú ag reachtas an Aontais i dtéarmaí chosaint na gceart maoine intleachtúla mar sin féin.

84

Ar deireadh, caithfear a lua nach gcuirtear srian díréireach, leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear le hAirteagal 17(4) de Threoir 2019/790 maidir le soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne, ar an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil atá ag úsáideoirí na seirbhísí sin.

85

Go deimhin, ar an gcéad dul síos, mar a tharraing an tAbhcóide Ginearálta aird air i bpointí 164, 165 agus 191 go 193 dá Thuairim, is éard a eascraíonn as Airteagal 17(7) agus (9) de Threoir 2019/790 agus as Aithrisí 66 agus 70 di ná go leagann reachtas an Aontais teorainn shoiléir mhionsonraithe síos, de réir an chásdlí atá tugtha chun cuimhne i mír 67 den bhreithiúnas seo, ar bhearta atá inghlachta nó atá inchurtha de cheangal agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 17(4)(b) agus (c) in fine de Threoir 2019/790 á gcur chun feidhme, ag cur as an áireamh na bearta lena ndéantar inneachar dleathach a scagadh nó rochtain air a dhíchumasú agus iad á n‐uaslódáil, ar mhaithe le cosc a chur ar an mbaol a ghabhann le húsáid a bhaint as uirlisí aitheanta agus scagtha uathoibríoch don cheart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil atá ag úsáideoirí na seirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar line.

86

Mar thaca leis seo, is tábhachtach a choinneáil i gcuimhne go raibh an deis ann cheana féin ag an gCúirt a chinneadh go mbeadh córas scagtha, lena bhfuil baol nach ndéanfaí idirdhealú leordhóthanach idir inneachar neamhdhleathach agus inneachar dleathach agus é á úsáid ar bhealach lena ndíchumasófaí cur in iúl inneachair dhleathaigh dá bharr, ar neamhréir leis an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil arna ráthú in Airteagal 11 den Chairt agus nach n‑urramófaí an chothromaíocht cheart idir an ceart sin agus an ceart maoine intleachtúla leis. Chuir an Chúirt i dtreis, chuige sin, go mbraitheann an freagra ar an gceist faoi dhlíthiúlacht tarchurtha ar chur i bhfeidhm eisceachtaí dlíthiúla ar chóipcheart chomh maith, a athraíonn ó Bhallstát go chéile. Ina theannta sin, tá teacht ag an bpobal ar shaothair áirithe i mBallstáit áirithe nó is féidir leis na húdair lena mbaineann iad a chur ar fáil saor in aisce ar líne (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Feabhra 2012, SABAM, C‑360/10, EU:C:2012:85, míreanna 50 agus 51 agus an cásdlí dá dtagraítear).

87

Ar an dara dul síos, caithfear a lua, i leith eisceachtaí nó teorainneacha ar chóipcheart lena bhforáiltear do chearta ar mhaithe le húsáideoirí na saothar nó na n‐ábhar eile atá faoi chosaint arb é is aidhm dóibh cothromaíocht cheart a bhaint amach idir cearta bunúsacha na n‑úsáideoirí seo agus na sealbhóirí cirt (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Iúil 2019, Funke Medien NRW,C-469/17, EU:C:2019:623 mír 70 agus an cásdlí dá dtagraítear), go gcuirtear de cheangal leis an dara fomhír d’Airteagal 17(7) de Threoir 2019/790 ar na Ballstáit go léir a áirithiú go bhfuil cead ag úsáideoirí i ngach Ballstát inneachar arna ghiniúint acu a uaslódáil agus a chur ar fáil go sonrach ar mhaithe le hathlua, critic, léirmheas, scigmhagadh, scigaithris nó paistís a dhéanamh. Mar is léir ó Aithris 70 den Treoir sin, mheas reachtas an Aontais, go deimhin, i bhfianaise na tábhachta ar leith a bhaineann leis ó thaobh na saoirse cainte agus shaoirse na n‑ealaíon de agus, uime sin, ó thaobh na cothromaíochta cirte sin de, gur gá na heisceachtaí agus na teorainneacha sin, a n‐áirítear i measc iadsan dá bhforáiltear ar bhealach roghnach in Airteagal 5 de Threoir 2001/29, a chur de cheangal chun cosaint aonfhoirmeach na n‐úsáideoirí san Aontas ar fad a ráthú ina leith sin.

88

Ina theannta sin, ar aon dul leis an gcuspóir maidir le cearta na n‑úsáideoirí a ráthú, cuirtear de cheangal leis an gceathrú fomhír d’Airteagal 17(9) de Threoir 2019/790 ar sholáthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne na húsáideoirí a chur ar an eolas, ina gcuid téarmaí agus coinníollacha úsáide, go bhféadfadh siad úsáid a bhaint as na saothair agus na hábhair eile atá faoi chosaint faoi na heisceachtaí nó na teorainneacha ar chóipcheart agus ar na cearta gaolmhara dá bhforáiltear le dlí an Aontais.

89

Ar an tríú dul síos, cosnaítear feidhmiú an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil atá ag na úsáideoirí a mbíonn úsáid dhleathach á baint acu as na seirbhísí sin ós rud é nach féidir leis na soláthraithe seirbhíse dliteanas a thabhú maidir lena áirithiú nach bhfuil fáil ar inneachar áirithe, de bhun Airteagal 17(4)(b) agus (c) in fine de Threoir 2019/79,0 ach amháin ar choinníoll go ndéanann na sealbhóirí cirt lena mbaineann an fhaisnéis ábhartha agus riachtanach i leith an inneachair sin a thraschur dóibh. Go deimhin, ós rud é nach bhfuil aon amhras ann ach go bhfuil traschur na faisnéise ina réamhriachtanas chun a chruthú gur féidir gurbh ann don dliteanas sin i leith na soláthraithe seirbhíse, ní dhéanfaí na soláthraithe sin a ghríosú chun an t‑inneachar lena mbaineann a chur ó fháil murab ann d’fhaisnéis dá leithéid.

90

Ar an gceathrú dul síos, leagtar síos ráthaíocht bhreise maidir leis an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil ag úsáideoirí seirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne a urramú, le hAirteagal 17(8) de Threoir 2019/790 ina leagtar amach, ar an dul céanna le hAirteagal 15(1) de Threoir 2000/31, nach toradh de chur i bhfeidhm Airteagal 17 seo í aon oibleagáid faireacháin ghinearálta. Go deimhin, tugtar le tuiscint leis an soiléiriú sin nach féidir ceangal a chur ar sholáthraithe na seirbhísí sin cosc a chur ar uaslódáil agus cur ar fáil don phobal an inneachair, a bhfuil gá, ar mhaithe lena chinneadh gur de chineál neamhdhleathach an t‑inneachar sin, le measúnú neamhspleách a dhéanamh air i bhfianaise na faisnéise arna soláthar ag sealbhóirí cirt agus na n‑eisceachtaí agus na dteorainneacha ar chóipcheart a d’fhéadfadh a bheith ann (féach, mutatis mutandis, breithiúnas an 3 Deireadh Fómhair 2019, Glawischnig-Piesczek, C‑18/18, EU:C:2019:821, míreanna 41 go 46).

91

Go háirithe, mar a chuirtear i dtreis in Aithris 66 de Threoir 2019/790, ní féidir a chur as an áireamh nach bhféadfaí inneachar neamhúdaraithe a sheachaint i gcásanna áirithe ach amháin ar fhógra ina thaobh a bheith faighte ag na sealbhóirí cirt. Ina theannta sin, maidir lena leithéid d’fhógra, chinn an Chúirt nach mór faisnéis leordhóthanach a bheith ann chun go mbeadh an soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne in acmhainn a dheimhniú, gan tabhairt faoi mhionanailís dlíthiúil, go bhfuil cur i láthair an inneachair lena mbaineann neamhdhleathach, agus, dá mbainfí an t‑inneachar sin anuas, go mbeadh sé sin i gcomhréir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil (breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, YouTube agus Cyando, C‑682/18 agus C‑683/18, EU:C:2021:503, mír 116).

92

Mar thaca leis seo, ba cheart a choinneáil i gcuimhne nach bhfuil rud ar bith san fhoráil seo ná i gcásdlí na Cúirte faoina mbeadh ceart den sórt sin dosháraithe agus faoina gcaithfí é a chosaint go daingean mar sin, cé go gcumhdaítear cosaint an chirt maoine intleachtúla in Airteagal 17(2) den Chairt (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Iúil 2019, Funke Medien NRW, C‑469/17, EU:C:2019:623 mír 72 agus an cásdlí dá dtagraítear).

93

Ar an gcúigiú dul síos, tugtar isteach leis an gcéad fhomhír agus leis an dara fomhír d’Airteagal 17(9) de Threoir 2019/790 roinnt ráthaíochtaí nós imeachta sa bhreis orthusan dá bhforáiltear in Airteagal 17(7) agus (8) den Treoir sin agus lena gcosnaítear an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil atá ag úsáideoirí seirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne i gcásanna ina ndéanann soláthraithe na seirbhísí sin rochtain ar inneachar dleathach a dhíchumasú go hiomlán, trí earráid nó gan bhunús, in ainneoin na ráthaíochtaí atá leagtha síos sna forálacha sin.

94

Dá bhrí sin, is éard a thagann as an gcéad agus an dara fomhír d’Airteagal 17(9) agus as Aithris 70 de Threoir 2019/790 ná gur mheas reachtas an Aontais go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú go gcuirfeadh soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne sásraí láimhseála gearán agus sásaimh i bhfeidhm atá pras agus éifeachtach chun tacú le saothair nó ábhair eile atá faoi chosaint a úsáid de réir dlí agus, go háirithe, na sásraí sin i gcomhair le heisceachtaí agus teorainneacha ar chóipcheart atá dírithe ar an tsaoirse cainte agus ar shaoirse na n‑ealaíon a chosaint. De réir na bhforálacha sin, ní foláir d’úsáideoirí a bheith in ann gearán a dhéanamh i gcás ina measann siad go ndearnadh rochtain ar ábhar arna uaslódáil acu a dhíchumasú nó inneachar dá leithéid a bhaint anuas. Caithfear gach gearán a scrúdú gan mhoill mhíchuí agus de réir athbhreithniú atá déanta ag duine nádúrtha. Ina theannta sin, ní foláir fianaise chuí a bheith le hiarratais a dhéanann sealbhóirí cirt ar sholáthraithe seirbhíse chun bearta a dhéanamh maidir le hinneachar arna uaslódáil ag úsáideoirí, amhail rochtain ar an inneachar seo a dhíchumasú nó a bhaint anuas.

95

Thairis sin, i gcomhréir leis na forálacha sin, caithfidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag úsáideoirí ar shásraí sásaimh lasmuigh den chúirt lena gceadaítear réiteach neamhchlaon díospóidí chomh maith le réitigh bhreithiúnacha éifeachtúla. Go háirithe, ní foláir rochtain a bheith ag úsáideoirí ar chúirt nó ar údarás breithiúnach ábhartha eile chun úsáid eisceachta nó teorann ar chearta cóipchirt agus cearta gaolmhara a éileamh.

96

Ar an séú dul síos, forlíontar an córas ráthaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 17(10) de Threoir 2019/790 le hAirteagal 17(7) go (9) di leis an gCoimisiún a chur de cheangal i gcomhar leis na Ballstáit, idirphléite a eagrú leis na geallsealbhóirí chun dea-chleachtais don chomhar idir soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne agus sealbhóirí cirt a phlé, chomh maith le treoraíocht a eisiúint agus aird á tabhairt ar thorthaí na n‐idirphléite leis na geallsealbhóirí, lena n‐áirítear eagraíochtaí úsáideoirí maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 17 den Treoir sin agus, go háirithe, Airteagal 17(4) den Treoir sin.

97

Cuirtear i dtreis go sainráite ina leith sin in Airteagal 17(10) de Threoir 2019/790 go dtabharfar aird ar leith, i measc nithe eile, agus na dea-chleachtais atá á bplé, ar an ngá atá ann le cóimheá a aimsiú idir cearta bunúsacha agus úsáid na n‑eisceachtaí agus na dteorainneacha. Ina theannta sin, chun críocha na n‑idirphléite seo leis na geallsealbhóirí, beidh rochtain ag eagraíochtaí úsáideoirí ar fhaisnéis leormhaith ó sholáthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne maidir le feidhmiú a gcuid cleachtas i ndáil le hAirteagal 17(4) den Treoir sin.

98

Is éard a thagann as an méid a chinntear le míreanna 72 go 97 den bhreithiúnas seo, murab ionann agus an méid atá á áitiú ag Poblacht na Polainne, ná go ngabhadh roinnt ráthaíochtaí iomchuí de chuid an Aontais leis an oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne athbhreithniú a dhéanamh ar an inneachar is mian le húsáideoirí a uaslódáil ar a n‐ardáin roimh a scaipthe i measc an phobail, a eascraíonn as an gcóras dliteanais a chruthaítear le hAirteagal 17 de Threoir 2019/790 agus na coinníollacha maidir le díolúine ó dhliteanas dá bhforáiltear in Airteagal 17(4)(b) agus (c) in fine den Treoir sin chun a áirithiú go n‑urramaítear an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil ag úsáideoirí na seirbhísí, cearta atá á ráthú le hAirteagal 11 den Chairt chomh maith leis an gcothromaíocht cheart idir an ceart seo, ar thaobh amháin, agus an ceart maoine intleachtúla, arna chosaint in Airteagal 17(2) den Chairt, ar an taobh eile.

99

Is faoi na Ballstáit atá sé a áirithiú, agus Airteagal 17 de Threoir 2019/790 á thrasuí acu ina ndlí náisiúnta, go mbeidh an méid sin bunaithe ar léirmhíniú ar an bhforáil seo lena gceadaítear cothromaíocht cheart idir na cearta bunúsacha éagsúla atá faoi chosaint na Cairte. Ansin, agus bearta á gcur chun feidhme lena ndéantar an fhoráil sin a thrasuí, is faoi údaráis agus cúirteanna na mBallstát atá sé ní hamháin a ndlí náisiúnta a léirmhíniú ar bhealach atá i gcomhréir leis an bhforáil sin, ach a áirithiú chomh maith nach bhfuil siad ag brath ar léirmhíniú ar na forálacha sin a bheadh ar neamhréir leis na cearta bunúsacha sin nó le prionsabail ghinearálta eile dhlí an Aontais, amhail prionsabal na comhréireachta (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Eanáir 2008, Promusicae, C‑275/06, EU:C:2008:54, mír 68).

100

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, ba cheart an tsaincheist aonair dlí arna hardú ag Poblacht na Polainne mar thaca lena caingean a dhíbhe agus an chaingean a dhiúltú uime sin.

Costais

101

Faoi Airteagal 138(1) de na Rialacha Nós Imeachta, ní mór a ordú don pháirtí nár éirigh lena chuid foras na costais a íoc, má chineann an Chúirt amhlaidh. Ós rud é gur iarr an Pharlaimint agus an Chomhairle go n‐ordófar do Phoblacht na Polainne na costais sin a íoc, ní foláir a ordú di na costais a íoc.

102

I gcomhréir le hAirteagal 140(1) de na Rialacha Nós Imeachta, ní foláir do Ríocht na Spáinne, do Phoblacht na Fraince, do Phoblacht na Portaingéile agus don Choimisiún a gcostais féin a íoc.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór‐Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Diúltaítear don chaingean.

 

2.

Ordaítear do Phoblacht na Polainne na costais a íoc.

 

3.

Íocfaidh Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na Portaingéile agus an Coimisiún a gcostais féin.

 

Sínithe:


( *1 ) Teanga an cháis: an Pholainnis